View
0
Download
0
Category
Preview:
Citation preview
Cá bhfuil Aoibheann? Cá bhfuil
Aoibheann?
Áine Ní ShioradáinPeter Donnelly a mhaisigh
Cá bhfuil Aoibheann.indd 1 02/10/2006 13:50:12
Ca� bhfuil Aoibheann.indd 2 20/09/2006 14:47:38
Baile Átha Cliath
Cá bhfuil Aoibheann?
Áine Ní ShioradáinPeter Donnelly a mhaisigh
Ca� bhfuil Aoibheann.indd 1 20/09/2006 14:47:39
An chéad eagrán 2006
© An Roinn Oideachais agus Eolaíochta / Foras na Gaeilge, 2006
Athchló 2013
Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála, ná a tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe
ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile, gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.
Baineann an saothar seo le scéim Dhearthóirí Áiseanna Teagaisc na Roinne Oideachais agus Eolaíochta atá ann chun áiseanna Gaeilge a sholáthar do na bunscoileanna Gaeltachta agus do na
bunscoileanna lán-Ghaeilge.
Dearthóirí Áiseanna Teagaisc na Gaeilge a scríobh
Dearadh agus leagan amach: Designit
Obair ealaíne: Peter Donnelly
PB Print a chlóbhuail in Éirinn
An Gúm, 24–27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1
Ca� bhfuil Aoibheann.indd 2 20/09/2006 14:47:40
Lá breá samhraidh a bhí ann.
‘Níor cheart a bheith istigh lá breá
mar seo,’ arsa Daidí. ‘Tabharfaidh
mé Aoibheann amach ag siúl.’3
Ca� bhfuil Aoibheann.indd 3 20/09/2006 14:47:41
‘Ach caithfidh tusa fanacht anseo,’
arsa Daidí le Glic.
‘Glic bocht!’ arsa Aoibheann.
‘Ba mhaith leis dul amach ag siúl.’
‘Caithfidh sé fanacht anseo,’
arsa Daidí. ‘Bíonn sé ag troid
le madraí eile.’
‘Bhuf! Bhuf!’ arsa Glic.
4
Ca� bhfuil Aoibheann.indd 4 20/09/2006 14:47:43
5
Ca� bhfuil Aoibheann.indd 5 20/09/2006 14:47:45
‘Isteach leat sa bhugaí,’ arsa Daidí
le hAoibheann.
Ach ní mó ná sásta a bhí Aoibheann.
‘Ní maith liom an bugaí,’ ar sise
agus thosaigh sí ag béiceadh.6
Ca� bhfuil Aoibheann.indd 6 20/09/2006 14:47:47
Rug Daidí ar Aoibheann agus chuir
sé isteach sa bhugaí í.7
Ca� bhfuil Aoibheann.indd 7 20/09/2006 14:47:48
‘Cá bhfuilimid ag dul?’
a d’fhiafraigh Aoibheann
tar éis tamaill.
‘Go dtí an siopa,’ arsa Daidí.
‘Caithfidh mé an páipéar
a cheannach.’
Bhí Aoibheann breá sásta nuair
a chuala sí é sin.
‘Is maith liomsa an siopa,’ ar sise.
8
Ca� bhfuil Aoibheann.indd 8 20/09/2006 14:47:50
9
Ca� bhfuil Aoibheann.indd 9 20/09/2006 14:47:52
Nuair a chonaic Aoibheann
na milseáin ar fad thosaigh sí
ag béiceadh arís.
‘Tá milseáin uaim,’ ar sise, ‘ceann
acu sin agus ceann acu sin agus
ceann acu sin!’
‘Ná bac leo sin. Níl siad go maith
duit,’ arsa Daidí agus amach an
doras leo.
10
Ca� bhfuil Aoibheann.indd 10 20/09/2006 14:47:54
11
Ca� bhfuil Aoibheann.indd 11 20/09/2006 14:47:56
‘Cá bhfuilimid ag dul anois?’
a d’fhiafraigh Aoibheann
tar éis tamaill.
‘Ag siúl sa pháirc,’ arsa Daidí.
Bhí Aoibheann breá sásta nuair
a chuala sí é sin.
‘Is maith liomsa an pháirc,’ ar sise.
12
Ca� bhfuil Aoibheann.indd 12 20/09/2006 14:47:58
13
Ca� bhfuil Aoibheann.indd 13 20/09/2006 14:48:00
Nuair a shroich siad an pháirc
scaoil Daidí Aoibheann amach
as an mbugaí.
‘Seo anois. Tabharfaimid bia do na
lachain ar dtús,’ arsa Daidí.14
Ca� bhfuil Aoibheann.indd 14 20/09/2006 14:48:02
Siúd leo go dtí an loch. Thug
Aoibheann arán do na lachain.
‘Is maith liomsa na lachain,’ ar sise.15
Ca� bhfuil Aoibheann.indd 15 20/09/2006 14:48:04
Faoin am seo bhí Daidí bocht
tuirseach.
‘Bí ag rith leat ansin,’ ar seisean
le hAoibheann, ‘agus léifidh mise
an páipéar. Maith an cailín.’16
Ca� bhfuil Aoibheann.indd 16 20/09/2006 14:48:06
Bhí Aoibheann breá sásta léi féin.
Chonaic sí féileacán agus rith sí
ina dhiaidh. Chonaic sí beach agus
rith sí ina diaidh.
‘Is maith liom an pháirc,’
arsa Aoibheann.17
Ca� bhfuil Aoibheann.indd 17 20/09/2006 14:48:08
Is ansin a chonaic Aoibheann
an madra.
‘A Dhaidí,’ ar sise. ‘Tá Glic anseo.
Tá Glic anseo!’
Ach níor chuala Daidí í. Bhí sé
ag léamh an pháipéir.18
Ca� bhfuil Aoibheann.indd 18 20/09/2006 14:48:10
‘Tar anseo, a Ghlic,’ arsa Aoibheann
leis an madra. ‘Tar anseo.’
Ach rith an madra uaithi.
Rith Aoibheann ina dhiaidh.19
Ca� bhfuil Aoibheann.indd 19 20/09/2006 14:48:11
Tar éis tamaill leag Daidí uaidh
an páipéar.
‘A Aoibheann,’ arsa Daidí. ‘Tá sé in
am againn a bheith ag dul abhaile.’
Ach tásc ná tuairisc ní raibh
ar Aoibheann.
‘A Aoibheann!’ ar seisean arís.
Ach tásc ná tuairisc ní raibh
ar Aoibheann.
20
Ca� bhfuil Aoibheann.indd 20 20/09/2006 14:48:13
21
Ca� bhfuil Aoibheann.indd 21 20/09/2006 14:48:15
Léim Daidí ina sheasamh. Bhí
a chroí ina bhéal aige.
‘Cá bhfuil tú, a Aoibheann?
Cá bhfuil tú?’ ar seisean.22
Ca� bhfuil Aoibheann.indd 22 20/09/2006 14:48:17
Daidí bocht! Rith sé go dtí an loch
agus a chroí ina bhéal aige.
‘Cá bhfuil tú, a Aoibheann?
Cá bhfuil tú?’ ar seisean.
Ach tásc ná tuairisc ní raibh
ar Aoibheann.23
Ca� bhfuil Aoibheann.indd 23 20/09/2006 14:48:19
Rith Daidí go dtí an fhaiche
imeartha. Bhí a chroí ina bhéal
aige. Ansin chuala sé madra
ag tafann. Chuala sé cailín beag
ag gáire.
‘A Aoibheann!’ arsa Daidí.
‘An tusa atá ansin?’
24
Ca� bhfuil Aoibheann.indd 24 20/09/2006 14:48:21
An tusa atá ansin?
25
Ca� bhfuil Aoibheann.indd 25 20/09/2006 14:48:23
‘Is mé,’ arsa Aoibheann. ‘Agus,
a Dhaidí, fuair mé deartháir nua
do Ghlic! Ceolán an t-ainm atá air.’
26
Ca� bhfuil Aoibheann.indd 26 20/09/2006 14:48:25
27
Ca� bhfuil Aoibheann.indd 27 20/09/2006 14:48:27
‘Ó, a Aoibheann!’ arsa Daidí. ‘Tá tú
slán sábháilte. Buíochas le Dia!’
‘Bhuf! Bhuf!’ arsa Ceolán.28
Ca� bhfuil Aoibheann.indd 28 20/09/2006 14:48:28
Ca� bhfuil Aoibheann.indd 29 20/09/2006 14:48:28
‘Níor cheart a bheith istigh lá breá
mar seo,’ arsa Daidí. ‘Tabharfaidh
mé Aoibheann amach ag siúl.’
Ca� bhfuil Aoibheann.indd 30 20/09/2006 14:48:29
Recommended