Lá Fhéile Pádraig

Preview:

DESCRIPTION

Lá Fhéile Pádraig. Rugadh Pádraig sa Bhreatain Bheag sa bhliain 387. Cúnamh! Cúnamh!. Nuair a bhí Pádraig 16 bliana d’fhuadaigh ionsaitheoirí é…. Agus do dhíol siad é mar sclábhaí do thaoiseach darbh ainm Meliuc. Dúirt Pádraig a phaidreacha sé huaire sa lá. - PowerPoint PPT Presentation

Citation preview

Lá Fhéile Pádraig

Rugadh Pádraig sa Bhreatain Bheag sa bhliain 387.

Nuair a bhí Pádraig 16 bliana d’fhuadaigh ionsaitheoirí é…

Cúnamh! Cúnamh!

Agus do dhíol siad é mar sclábhaí do thaoiseach darbh ainm Meliuc.

Dúirt Pádraig a phaidreacha sé huaire sa lá.

Oíche amháin bhí brionglóid ag Pádraig…

Sa bhrionglóid, dúirt Dia leis go raibh long ag feitheamh lena thabhairt abhaile

Bhí áthas ar Phádraig go raibh sé ar ais sa bhaile ach bhí athrú mór tagtha air.

Ní mór dom an Chríostaíocht a thabhairt chuig an oileán glas lá éigin!

Chuaigh Pádraig go dtí an Róimh.

Rinne an Pápa Celestine easpag de Phádraig

Sheol an Pápa go hÉirinn é chun Briathar Dé a scaipeadh i 432.

Tá a lán scéalta faoi Phádraig

Deirtear gurb é Pádraig a chuir ruaig ar na nathracha in Éirinn

Lá amháin, tháinig an fiach, Morigan, bandraoi chumhachtach chuig Pádraig….

…agus thug sí Pádraig ó thuaidh go Bun Cranncha

“Má tá do Dhia ina Dhia uilechumhachtach, sábhálfaidh sé thú roimh mo chúnna nimhe!”

D’ardaigh Pádraig a mhítéar Easpaig… agus tháinig suaimhneas ar na cúnna.

…ansin thug Morigan Pádraig siar go Sliabh Cor i gcontae na Gaillimhe

“Má tá do Dhia ina Dhia uilechumhachtach, fanfaidh tú tirim in ndíle na stoirme”

D’oscail Pádraig a bhéal agus shlog sé uiscí na díleann gan stró..

“Tá tart orm fós!

Ansin thug Morigan Naomh Pádraig ó dheas go Mullach an Aitinn i gCiarraí.

“Má tá do Dhia ina Dhia uilechumhachtach, ní ligfear thú a bheith dóite sa tine”

Fadaíonn Morigan stoirm de lasracha a loisceann gach duine in Éirinn

ach amháin Pádraig nach bhfuil fiú ribe gruaige ar a cheann barrdhóite ag an tine.

“Téimis síos as seo.. táim pas beag fuar ar bharr an tsléibhe!

Ar deireadh is ar siar tugann Morigan Pádraig go hardán i mBaile Átha Cliath

Tagann nathracha Mhorigan ag ionsaí faoin Naomh… agus ordaíonn sé iad in ainm Íosa imeacht ón tír

Leis sin imíonn siad as Éirinn go deo.

Tháinig uafás ar Mhorigan agus rinneadh crann darach di.

Tháinig uafás ar Mhorigan agus rinneadh crann darach di.

Tá scéal eile faoi mar a rinne Pádraig tine Cásca ar bharr Sláine sula raibh tine an rí lasta ar chnoc na Teamhrach

Bhí fearg ar an rí agus d’ordaigh sé do Phádraig a rá leis cén fáth a bhí leis.

Ach d’inis Pádraig faoin Chríostaíocht dó…níor thuig an rí an Tríonóid.

Chonaic Pádraig seamróg ag fás in aice leis agus phioc sé suas í.

“Tá trí dhuilleog ar an bhláth seo ach níl ach bláth amháin ann.”

I scéal eile, bhí nathair mhór amháin nár theastaigh uaithi imeacht…

Rinne Pádraig bosca mór ach dúirt an nathair go raibh sé ró-bheag dise..

Dúirt Pádraig nár chreid sé sin agus chuaigh an nathair isteach le taispeáint dó go raibh an ceart aici.

Nuair a chuaigh sí isteach, chuir an Naomh clár ar an mbosca agus chaith sé isteach san fharraige é.

Fuair Naomh Pádraig bás i nDún Pádraig ar 17ú Márta 461

Tá naomh Pádraig ina éarlamh do mhuintir na hÉireann.

Is féile náisiúnta agus idirnáisiúnta é.

Bíonn mórshiúlta galánta ar siúl i mBaile Átha Cliath agus thall…

i Meiriceá freisin…

Beannachtaí na Féile Pádraig ort!

Gurab amhlaidh duit!

Recommended