View
0
Download
0
Category
Preview:
Citation preview
Polasaithe agus
Nósanna Imeachta
Naíolann na nOileán &
Cúram Iar Scoile
2
Clár
1. Riarachán
1.1 Polasaí Cláraithe & Foirmeacha 4 1.2 Táillí / Costais 5 1.3 Ag déileáil le gearáin 6 1.4 Uaireanta oscailte Naíolann na nOileán 7 1.5 Ionadú Foirne 7 1.6 Taifid a choinneáil 8 1.7 Árachas 8 1.8 Rúndacht 9
2. An Fhoireann
2.1 Earcaíocht/Roghnú/Imréiteach Gardaí 10 2.2 Coibhneas foirne/leanaí 11 2.3 Cáilíochtaí foirne 12 2.4 As láithreachas/tinneas foirne 13 2.5 Comhdheiseanna 14 2.6 Oibrithe Deonacha 15 2.7 Mic léinn/taithí oibre 16 2.8 Oiliúint 17 2.9 Ionduchtú 18
3. Cosaint Leanaí
3.1 Cosaint Leanaí 19 3.2 Teagmhálaí Ainmnithe chun faillí nó drochúsáid a thuairisciú 20 3.3 Líomhaintí nó amhras faoi dhrochúsáid leanaí 21 3.4 Líomhaintí drochúsáide i leith ball den fhoireann 22 3.5 Tuairisciú i gcás amhras faoi leas nó cosaint linbh 23 3.6 Cód Iompraíochta idir oibrithe agus leanaí 25 3.7 Cuairteoirí 26
4. Sláinte & Sábháilteacht 4.1 Bia 27 4.2 Garchabhair 28 4.3 Riachtanais speisialta 29 4.4 Galair Thógálacha 30 4.5 Srian ar Thinneas agus Ionfhabhtaithe 31 4.6 Ag déileáil le timpiste/gortú 32 4.7 Ráiteas Sábháilteachta 33 4.8 Míolta gruaige 33 4.9 Srian ar inmhíolú 34
3
4.10 Polasaí dóiteáin 35 4.11 Sláinteachas Ionad agus trealamh 37 4.12 Bainistiú Dramhaíola 39
5. Comhpháirtíocht le tuismitheoirí
5.1 Rannpháirtíocht/eolas do thuismitheoirí 40 5.2 Rannpháirtíocht/eolas do pháiste 41 5.3 Leanaí a shocrú síos 42 5.4 Leanaí a fhágáil agus a bhailiú 43
6. Forbairt an Linbh
6.1 Polasaí Teanga 43 6.2 Curaclam Luathoideachais 44 6.3 Trealamh & Bréagáin 45 6.4 Bainistiú Iompraíochta 46 6.5 Bainistiú Fadhbanna Iompraíochta Dúshlánacha 47
7. Cúram an Linbh
7.1 Codladh go Sábháilte/Tógáil Scíthe 49 7.2 Athrú clúidíní 50 7.3 Úsáid an leithris/traenáil leithris 51 7.4 Ag tabhairt leanaí ar thurais 52 7.5 Cosaint ón ngrian 52 7.6 Cógas leighis a dháileadh 53 7.7 Grianghraif/Físthaifeadadh/Taifeadadh 54 7.8 Spraoi taobh amuigh 55
8. Aguisíní
8.1 Tábla maidir le Galair Thógálacha 56 8.2 Clár Glantachán do Bhréagáin 58 8.3 Clár Glantachán Naíolann na nOileán 60 8.4 Nósanna imeachta glaineachta/sláinteachas 65 8.5 Bosca garchabhrach 70 8.6 Cúiseanna a gcuirfí tuairisc chuig FSS/An Garda Síochána 71 8.7 Sainmhíniú ar chineálacha drochúsáide 72
4
1.1 Polasaí Cláraithe & Foirmeacha
Glacfar le leanaí i Naíolann na nOileán de réir na gcoinníollacha seo a leanas:
Caithfidh gach leanbh a bheith cláraithe le Naíolann na nOileán agus na foirmeacha cláraithe cuí a bheith líonta isteach sula dtosaíonn an leanbh ag freastal ar an tseirbhís.
Glacfar le leanaí idir 3 mhí d’aois agus 12 bliain d’aois ag brath ar an tseirbhís atá ag teastáil uathu (e.g. suas go 5 mbliana sa naíolann agus suas go 12 bliain d’aois sa chúram iarscoile).
Caithfidh tuismitheoirí/caomhnóirí an pháiste iad féin a chur ar an eolas ó thaobh polasaithe agus nósanna imeachta an Naíolann. (Cuirfear cóip de na polasaithe agus nósanna imeachta ar fáil do gach tuismitheoir / caomhnóir.)
Coinneofar an fhoirm cláraithe ar chomhad san Naíolann agus déileálfar leis an eolas de réir mar atá leagtha síos i bpolasaí rúndachta an Naíolann.
Ní ghlacfar le haon pháiste i Naíolann na nOileán gan an fhoirm chláraithe a bheith líonta isteach go hiomlán agus aontú faighte ón tuismitheoir/caomhnóir ar Pholasaithe agus Nósanna Imeachta an Naíolann. Má bhíonn an Naíolann / Curam Iar Scoile lán cuirfear an leanbh ar liosta feithimh agus cuirfear na tuismitheoirí ar an eolas nuair a thagann áit saor.
Ní mór an fhoirm cláraithe a líonadh go cruinn agus go hionraic.
5
1.2 Táillí / Costais Is é seo a leanas polasaí Naíolann na nOileán maidir leis na táillí a ghearrfar maidir leis na seirbhís a chuirtear ar fáil san Naíolann:
Beidh na táillí atá bheidh leagtha síos bunaithe ar an meán náisiúnta do sheirbhísí cúram leanaí agus de réir aon choinníollacha atá leagtha síos ag eagraíochtaí a chuireann maoiniú ar fáil don tseirbhís, e.g. Pobal, Oifig an Aire Leanaí.
Caithfidh an Bainisteoir a chinntiú go bhfuil an ráta cuí á bhaint amach má tá tuismitheoirí i dteideal fóirdheontas. Caithfidh an tuismitheoir cruthúnas a chur ar fáil don Bhainisteoir maidir leis an bhfóirdheontas atá siad i dteideal a fháil.
Tabharfar liosta de na táillí do na tuismitheoirí nuair a dhéanann siad fiosrú maidir le háit a chur in áireamh i Naíolann na nOileán.
Caithfear na táillí a íoc ag deireadh gach seachtain, mura bhfuil socrú éigin eile déanta le Bainisteoir na Naíolainne.
Má tá áit curtha in áireamh san Naíolann agus mura mbíonn an leanbh i láthair ar chúis éigin, caithfear an Naíolann a chur ar an eolas.
6
1.3 Ag déileáil le gearáin
Is é polasaí Naíolann na nOileán maidir le gearáin go mbeidh fáilte i gcónaí roimh aon mholadh nó tuairim ó na leanaí nó a gcuid tuismitheoirí maidir leis an tseirbhís atá á cur ar fáil. Déanfar déileáil le haon ghearán ar bhealach oscailte de réir na nósanna imeachta seo a leanas.
Ba chóir aon ghearán a chur in iúl do Bhainisteoir na Naíolainne, agus más gá, socrófar cruinniú idir na páirtithe atá i gceist ag am a bheidh feiliúnach do na páirtithe ar fad.
Caithfear Leas Príomh Oifigeach Cúnta Mhuintearas a chur ar an eolas maidir le haon ghearán. Tabharfaidh Leas Príomh Oifigeach Cúnta Mhuintearas gach tacaíocht don Bhainisteoir an gearán a bhainistiú.
Ní mór an gearán a mhíniú, ag tabhairt gach uile eolas/sonraí maidir leis an ngearán atá i gceist.
Coinneoidh an Bainisteoir tuairisc ar gach cruinniú.
Déanfar gach uile iarracht an cheist a réiteach chomh discréideach agus chomh hionraic agus is féidir chun sástacht na bpáirtithe ar fad.
Is cúig lá an tréimhse a bheidh i gceist le teacht ar réiteach.
Mura bhfuil réiteach ar an gcás laistigh den tréimhse sin, ní mór don ghearánaí gearán oifigiúil a chur i scríbhinn, cóip a thabhairt do Bhainisteoir Naíolainne agus do Leas Phríomh Oifigeach Cúnta Mhuintearas.
Cuirfidh Leas Phríomh Oifigeach Cúnta Mhuintearas Bainisteoir Mhuintearas ar an eolas faoin ngearán ag an tráth seo agus déanfar iarracht teacht ar réiteach ag an leibhéal seo. Tabharfar 7 lá eile don phróiseas seo.
Cuirfear an duine atá ag déanamh an ghearáin ar an eolas gur féidir leo teagmháil a dhéanamh le foireann cigireachta réamhscolaíochta FSS maidir leis an ngearán chomh maith.
Mura mbeidh an gearánaí sásta leis an toradh, is féidir leis/léi iarratas a dhéanamh dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile. Sa chéad chéim eile, beidh painéal neamhspleách de thriúr i gceist agus déanfar iarracht an cheist a réiteach ag an staid sin. Roghnóidh an painéal seo agus beidh ball den Choiste Stiúrtha Mhuintearas agus ionadaí ó Údarás na Gaeltachta air.
Tiocfaidh an painéal neamhspleách ar chinneadh tar éis an t-eolas ar fad a bheith cíortha go mion agus déanfaidh siad moltaí dá réir.
Cuirfear an gearánaí agus an té a bhfuil an gearán curtha ina leith ar an eolas maidir leis an moladh.
Más faoi Bhainisteoir a dhéantar an gearán leanfar de na nósanna imeachta atá luaite thuas ach gur leis an Leas Phríomh Oifigeach Cúnta a dhéantar an gearán.
Más faoi chosaint leanaí atá an gearán caithfear dul de réir polasaí agus nósanna imeachta maidir le cosaint leanaí (Ár nDualgas Cúraim, Children First – féach an polasaí maidir le cosaint leanaí).
7
1.4 Uaireanta Oscailte Naíolann na nOileán
Beidh an Naíolann na nOileán ar oscailt ón 8.00 am go dtí 5:30 pm. Má theastaíonn
uaidh aon tuismitheoir an tseirbhís a usáid go dtí 6:00pm aon tráthnóna teasaíonn
uathu Bainisteoir na Naíolainne a chur ar an eolas roimh 3:00 i.n. an tráthnóna roimh ré.
Seo chun a chinntiú go mbeidh foireann ar fáil don ám sin a chlúdú.
Ar mhaithe le sláinte agus sábháilteacht caithfidh áit a bheith curtha in áirithe roimh ré
chun a chinntiú go bhfuil an coibhneas ceart foireann/leanaí i bhfeidhm.
Má bhíonn ar an Naíolann dúnadh ar chúis éigin nach bhfuil aon smacht againn air e.g.
fadhb sláinte agus sábháilteacht , easpa teasa and mar sin de cuirfear tuismitheoirí ar an
eolas chomh luath agus is féidir trí ghlaoch gutháin nó téacs agus crochfar fógra ar an
doras.
1.5 Ionadú Foirne
Is é seo a leanas an polasaí atá leagtha síos maidir le hionadú foirne i Naíolann na nOileán:
Beidh ar a laghad bunchúrsa FETAC Léibhéal 5 i gCúram Leanaí déanta ag gach duine a oibríonn mar ionadaí san Naíolann más féidir.
Is de réir na nósanna imeachta seo a leanas a fhan an Naíolann ionadaí chun seasamh isteach thar ceann an duine d’fhoireann san Naíolann:
1. A fháil amach ar dtús an bhfuil duine ó phainéal ionadaithe ar fáil chun ionadaíocht a dhéanamh.
2. Caithfidh Gaeilge líofa a bheith ag gach ionadaí. 3. Beidh an Bainisteoir ar an eolas maidir le haon ionadaí a bheidh á thabhairt
isteach san Naíolann. 4. Beidh ar gach ionadaí foirm iarratais a chomhlánú. 5. Beidh foirm dhearbhaithe foirne um chosaint leanaí líonta ag gach uile ionadaí. 6. Ní mór ainm, seoladh agus uimhir theileafóin beirt mholtóir a bheith curtha ar
fáil ag gach ionadaí. 7. Ní mór do gach ionadaí fianaise a thabhairt lena (h)aitheantas a dheimhniú. 8. Caithfidh Imréiteach an Gharda Síochána a bheith acu. 9. Caithfidh gach ionadaí a bheith ar an eolas maidir le polasaithe agus nósanna
imeachta an Naíolann.
8
1.6 Taifid a choinneáil
Is é seo a leanas polasaí an Ionaid Cúram Leanaí maidir le taifid a choinneáil:
Caithfear gach uile chuntas a choinneáil go cruinn agus de réir na Rialachán Um Chúram Leanaí (Seirbhísí Réamhscoile 2006).
Coinneofar gach eolas faoi rún in áit shábháilte agus ní roinnfear eolas le heagraíochtaí eile e.g. FSS ach ar bhonn riachtanais amháin.
Beidh ar thuismitheoirí/chaomhnóirí na foirmeacha atá luaite thíos a chomhlánú agus a shíniú i leith cuntas ar shláinte, ar fhadhbanna sláinte a leanbh agus i gcás timpistí nó gortú a tharlaíonn san Naíolann na nOileán:
1. Foirm Iontrála a thugann cuntas ar shláinte a leanbh. 2. Foirm Aire Speisialta/Cúram Leighis (má bhíonn aire speisialta ag teastáil ó
pháiste m.sh. ailléirge/asma) 3. Foirm Cuntais ar Thimpiste. Sa chás go dtarlódh timpiste do pháiste san
Naíolann na nOileán, beidh síniú tuismitheora/caomhnóra/cúramóra agus Bainisteoir an Ionaid Cúram Leanaí/an duine a bhí i gceannas an Naíolann na nOileán ag an am ar tharla an timpiste le síniú ar an bhfoirm timpiste.
Beidh gach uile thuairisc a bhaineann le gach uile pháiste ionraic, neamhchlaonta agus faoi rún, ach amháin i gcás go mbeadh imní maidir le cosaint leanaí. Féach Polasaí Rúndachta an Ionaid Cúram Leanaí.
1.7 Árachas
Is é an polasaí atá ag Naíolann na nOileán maidir le hárachas ná:
Caithfidh an t-árachas cuí a bheith ar an bhfoirgneamh agus ar na seirbhísí éagsúla a
bhíonn ar siúl san Naíolann sula dtosaíonn aon seirbhís cúram leanaí ann.
Má bhíonn aon ghníomhaíochtaí ar siúl san Ionad nach bhfuil clúdaithe faoi pholasaí
árachais an Ionaid, caithfidh siad a gcuid árachais féin a bheith acu agus cruthúnas dó
seo a chur ar fáil do Bhainisteoir an Naíolann sula leanann an ghníomhaíocht ar aghaidh.
Caithfidh an Bainisteoir cóip den arachas sin a choiméad ar chomhd.
Caithfear an comhlacht árachais a chuir ar an eolas maidir le haon eachtra a tharlaíonn
a bhféadfadh éileamh árachais teacht as.
Tá freagracht ar an mBainisteoir a chinntiú go bhfuil an t-árachas cuí acu.
Nuair a bhíonn athnuachan le déanamh ar an árachas tá sé de dhualgas ar an
mBainisteoir a chinntiú go bhfuil an polasaí oiriúnach don Naíolann agus má tá aon
athruithe le déanamh air.
9
1.8 Rúndacht Coinneofar faoi rún aon eolas pearsanta atá ar thaifead a bhaineann leis na leanaí a fhreastalaíonn ar an Naíolann, a bhaineann leis an bhfoireann, leis na tuismitheoirí agus le duine/daoine a oibríonn go deonach leis an Naíolann. Seo a leanas na nósanna imeachta a leanfar:
Osclófar comhad do gach leanbh a fhreastalaíonn ar an Naíolann / Curam Iar Scoile agus coinneofar na comhaid sin faoi ghlas agus faoi rún.
Osclófar comhad do gach duine a oibríonn san Ionad idir oibrithe buan, oibrithe páirtaimseartha, oibrithe deonacha, daoine ar thaithí oibre agus coinneofar gach eolas a bhaineann leo seo faoi rún agus faoi ghlas.
Beidh Bainisteoir na Naíolainne freagrach as na comhaid agus beidh fáil ag baill ainmnithe d’fhoireann an Naíolann ar an eolas má bhíonn an Bainisteoir as láthair.
Beidh teacht ag foireann chigireachta Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar na foirmeacha cláraithe. Beidh na foirmeacha cláraithe i gcomhad dóibh féin agus ní roinnfear aon eolas eile faoin leanbh ach ar bhonn riachtanais amháin.
Sa chás go mbeadh aon eolas maidir le leas linbh ag an Naíolann, bheadh sin coinnithe faoi ghlas in áit dó féin agus ní bheadh teacht air ach amháin dá mbeadh sé ag teastáil de réir an pholasaí a bhaineann le cosaint leanaí.
Glacfaidh foireann iomlán an Naíolann - oibrithe deonacha agus daoine a dhéanann cleachtadh oibre san Naíolann san áireamh - nach féidir eolas a bhaineann le leanaí/tuismitheoirí nó le foireann an Naíolann a phlé in aon áit ach amháin ag cruinniú foirne.
Beidh fáil ag tuismitheoirí ar aon eolas maidir lena leanbh féin atá ar chomhad san Naíolann (seachas i gcás go bhfuil imní maidir le cosaint leanaí agus go bhféadfaí an leanbh a chur i mbaol).
Beidh an fhoireann oibre ar fad ar an eolas maidir leis an bpolasaí rúndachta a bhaineann leis an Naíolann.
Cuirfear baill nua foirne ar an eolas faoi pholasaí rúndachta mar chuid dá gclár ionduchtaithe.
Sa chás go gcuirfeadh leanbh in iúl d’aon bhall foirne san Naíolann go bhfuil dochar á dhéanamh dó/di, ní féidir an t-eolas sin a choinneáil faoi rún mar go gcaithfear na húdaráis chuí a chur ar an eolas de réir Pholasaí Cosaint an Linbh. Caithfear an leanbh a chur ar an eolas go ndéileálfaidh na húdaráis chuí go hionraic, go cúramach agus go discréideach le haon eolas a roinneann an leanbh.
10
2.1 Earcaíocht/Roghnú/Imréiteach Gardaí Is é an polasaí earcaíochta atá ag Naíolann na nOileán ná a chinntiú go bhfuil ár gcuid nósanna imeachta i leith earcaíochta cothrom, oscailte agus trédhearcach. Seo a leanas na nósanna imeachta a gcloífear leo maidir le hearcaíocht:
Beidh teacht ag iarrthóirí a bheidh ag cur isteach ar phost san Naíolann ar shonraí an phoist sin ó Bhainisteoir na Naíolainne.
Déanfar gach post a fhógairt go háitiúil agus go náisiúnta.
Déanfar gearrliosta más gá. Beidh triúr ar an bpainéal a chuirfidh an gearrliosta le chéile: o Bainisteoir Naíolann na nOileán o Duine de Choiste Stiúrtha Mhuintearais o Leas Phríomh Oifigeach Mhuintearais
Is é an painéal céanna a dhéanfaidh an gearrliosta agus a bheidh ar an mBord Agallaimh.
Gheobhaidh gach duine ar an bpainéal na hiarratais agus na Curriculum Vitae roimh ré.
Beidh liosta ceisteanna réitithe bunaithe ar shonraí an phoist. Socróidh an painéal roimh ré cé a chlúdóidh gach réimse. Cuirfear na ceisteanna céanna ar gach iarrthóir. Ag deireadh an agallaimh tabharfar deis don iarrthóir ceisteanna a chur nó aon eolas breise a iarraidh.
Beidh bileog scórála, chun scór an iarrthóra a mharcáil uirthi, ag gach duine den phainéal agus líonfaidh siad isteach go haonarach an bhileog sin.
Tar éis an agallaimh, réiteoidh an painéal tuairisc iomlán ar an bpróiseas agallaimh. Síneoidh gach ball den phainéal an tuairisc agus coinneofar an tuairisc sin ar chomhad in oifigí Naíolann na nOileán ar feadh bliana, chomh maith leis an tuairisc ar an ngearrliosta agus an bhileog scórála.
Tairgfear an post don iarrthóir a mbeidh an marc is airde acu ar an leathanach scórála, tar éis teistiméireachtaí a dheimhniú, ach an painéal agallamh a bheith sásta go bhfuil an duine sin feiliúnach don phost.
Iarrfar teistiméireacht ón bhfostóir reatha nó ón bhfostóir is déanaí. Déanfar teagmháil teileafóin leis an mbeirt fhostóir agus iarrfar teistiméireacht scríofa ina dhiaidh sin.
Seolfar litreacha leithscéil chuig na hiarrthóirí ar fad nár éirigh leo laistigh de sheachtain tar éis an agallaimh.
Iarrfar ar an iarrthóir dearbhú a shíniú, ag cur in iúl nach bhfuil aon taifead coiriúil aige/aici a bheadh mar bhaol do pháistí.
Caithfidh gach fostaí nua fianaise a chur ar fáil lena (h)aitheantas a dheimhniú.
Caithfidh teastas réamhscrúdaithe an Gharda Síochána a bheith ag an té a cheapfar agus caithfidh siad imréiteach garda lasmuigh den dlínse a fháil má chaith siad seal ag cónaí i limistéar eile.
11
2.2 Coibhneas Foirne/Leanaí Is é an polasaí atá ag Naíolann na nOileán maidir leis an gcoibhneas cuí foirne ná go mbeidh an
líon foirne oilte atá molta ag Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte (mar atá léirithe sa tábla
thíos) i láthair chun aire a thabhairt do na leanaí.
Aois Ghrúpa Coibhneas Foirne/Leanaí
0 – 1 bliain 1:3
1 – 2 bliain 1:5
2 – 3 bliana 1:6
3 – 6 bliana 1:8
Má bhíonn duine den fhoireann tinn nó as láthair caithfear ionadaí a fháil isteach ina n-
áit ón bpainéal ionadaithe oilte atá ag Naíolann na nOileán.
Ar mhaithe le sláinte agus sábháilteacht an pháiste, tá sé de chead ag an Naíolann gan
glacadh le leanaí sa chás nach bhfuil an coibhneas ceart foirne ann le haire cuí a
thabhairt dóibh.
12
2.3 Cáilíochtaí Foirne Is é seo a leanas an polasaí atá ag Naíolann na nOileán maidir leis na buncháilíochtaí a bhfuil gá
leo do na poist seo a leanas:
Bainisteoir
Taithí / Cáilaíocht bainistíochta;
Cáilíocht sa réimse cúram leanaí nó a choibhéis;
Eolas ar na rialacháin a bhaineann leis an réimse cúram leanaí;
Scileanna maithe cumarsáide agus idirphearsanta;
A bheith ábalta treoir a thabhairt agus oiliúint a chur ar an bhfoireann;
Oibrí Sinsearach Cúram Leanaí
Cáilíocht sa réimse cúram leanaí (FETAC Leibhéal 5 nó níos airde);
Taithí dhá bhliain ar a laghad sa réimse cúram leanaí;
A bheith ábalta treoir agus comhairle a chur ar an bhfoireann oibre;
Scileanna maithe cumarsáide agus idirphearsanta;
A bheith ábalta déileáil go gairmiúil le tuismitheoirí;
A bheith ábalta comhoibriú leis an mBainisteoir chun seirbhís cúram leanaí den scoth a
chur ar fáil;
Oibrí Cúram Leanaí
Cáilíocht sa réimse cúram leanaí nó a bheith sásta cáilíocht a bhaint amach sa réimse
seo laistigh de thréimhse áirithe;
Taithí ag obair le leanaí;
Scileanna maithe cumarsáide agus idirphearsanta;
A bheith sásta oibriú mar chuid d’fhoireann agus treoir agus comhairle a ghlacadh.
13
2.4 As láithreachas/tinneas foirne Is é seo an polasaí atá ag Naíolann na nOileán maidir le as láithreachas nó le tinneas duine den
fhoireann:
As láithreachas:
Má bhíonn duine den fhoireann le bheith as láthair ar chúis éigin ní mór é seo a chur in iúl don
Bhainisteoir/an duine atá i gceannas chomh luath agus is féidir chun go mbeidh siad in ann
ionadaí a fháil dóibh.
Má bhíonn ball foirne as láthair go rialta ar chúiseanna éagsúla caithfear athbhreithniú a
dhéanamh ar ról an duine sin san tseirbhís mar go bhféadfadh impleachtaí tromchúiseacha a
bheith ag as láithreachas ar an gcoibhéis foirne/leanaí agus go bhféadfadh sé sláinte agus
sábháilteacht na leanaí atá san tseirbhís a chur i mbaol.
Tinneas:
Má bhíonn ball den fhoireann tinn ní mór é sin a chur in iúl don Bhainisteoir chomh
luath agus is féidir mar go mbeidh orthu ionadaí a fháil isteach ina áit.
Má tá aon tinneas/galar tógálach ar an mball foirne caithfidh siad cloí leis na moltaí atá
in Aguisín 1 maidir leis an tréimhse feabhais don tinneas/galar sin agus gan teacht
isteach san Naíolann go dtí go bhfuil siad cinnte go bhfuil an tinneas caite acu.
Caithfidh siad teastas dochtúra a thabhairt don Bhainisteoir chomh luath agus is féidir
leo.
Galair thógálacha:
Má bhíonn aon tinneas nó galar tógálach ar dhuine den fhoireann caithfidh siad an
Bainisteoir/duine ainmnithe a chur ar an eolas láithreach agus caithfidh siad fanacht
amach as an Naíolann go dtí go bhfuil an tinneas/galar caite acu.
Caithfidh siad teastas dochtúra a thabhairt don Bhainisteoir chomh luath agus is féidir
leo.
14
2.5 Comhdheiseanna
Is é seo a leanas an polasaí atá ag Naíolann na nOileán maidir le comhdheiseanna:
Caithfear le hómós leis na leanaí, tuismitheoirí, an fhoireann agus le gach duine atá rannpháirteach san Naíolann i gcónaí.
Tá gach leanbh éagsúil agus speisialta agus caithfear leis/léi mar phearsa gan aon idirdhealú a dhéanamh maidir le cine, gnéas, máchail an pháiste, cultúr agus creideamh, grúpaí mionlaigh agus baill den lucht siúil.
Cuirfear cúrsaí oiliúna/oiliúint ar fáil do bhaill foirne an Naíolann go mbeidh ar a gcumas na deiseanna agus an timpeallacht foghlamtha is fearr a chothú agus a chur ar fáil do na leanaí a fhreastalaíonn ar Naíolann na nOileán.
Déanfar leanaí a spreagadh le go mbeidh an tuiscint acu gan aon idirdhealú a dhéanamh idir leanaí nó daoine eile.
Beidh imeachtaí ilchultúrtha clúdaithe i gcuraclam Naíolann na nOileán chun leanaí a spreagadh agus chun foghlaim faoi agus aithne a chur ar chultúir eile.
15
2.6 Oibrithe Deonacha Is é polasaí Naíolann na nOileán ná go dtabharfar tús áite i gcónaí do shábháilteacht agus do leas an pháiste agus oibrithe deonacha, tuismitheoirí nó daoine eile nach iad, á n-earcú ag an tSeirbhís chun dul i mbun oibre leis na leanaí san Naíolann. Seo a leanas na nósanna imeachta a gcloífear leo maidir le hoibrithe deonacha :
Beidh Gaeilge líofa ag gach oibrí deonach a bheidh ag obair san tseirbhís.
Beidh ar gach oibrí deonach foirm iarratais a líonadh a thabharfaidh an t-eolas seo a leanas:
1. Ainm agus seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist má tá a leithéid aici/aige.
2. An chúis a bhfuil siad sásta obair dheonach a dhéanamh. 3. Réamhthaithí 4. Ainm, seoladh agus uimhir theileafóin beirt mholtóir. 5. CV agus dhá litir mholta.
Cuirfidh Bainisteoir Naíolann na nOileán agus Leas Phríomh Oifigeach Mhuintearas agallamh ar gach oibrí deonach.
Caithfidh an t-oibrí deonach dearbhú sínithe a thabhairt nach bhfuil aon taifead coiriúil aici/aige a bheadh mar bhac orthu obair le leanaí.
Caithfidh teastas réamhscrúdaithe an Gharda Síochána a bheith ag an oibrí deonach.
Caithfidh gach fostaí deonach cruthúnas a thabhairt maidir lena (h)aitheantas a dheimhniú.
Beidh ról an oibrí dheonaigh leagtha amach go mion agus go soiléir sula dtosaíonn siad ag obair san tseirbhís;
1. Láthair oibre 2. Dualgais agus freagrachtaí oibre 3. Beidh an t-oibrí deonach freagrach do Bhainisteoir Naíolann na nOileáin/nó an
duine atá i gceannas ag an am a mbíonn siad ann.
Déanfar ionduchtú leo de réir an pholasaí ionduchtú atá ag an Naíolann na nOileán.
16
2.7 Mic Léinn/Taithí Oibre Is é an polasaí maidir le mic léinn/daoine ar thaithí oibre ná tacaíocht agus cúnamh a thabhairt dóibh i Naíolann na nOileán chun scileanna i bhforbairt an pháiste agus sa luathoideachas a fhoghlaim agus a thuiscint. Beidh mic léinn a nglacfar leo i Naíolann na nOileán ag obair go dlúth leis an bhfoireann sa chaoi agus go mbeidh cur chuige proifisiúnta dírithe ar an leanbh agus iad ar thaithí oibre. Is iad seo a leanas na nósanna imeachta maidir le mic léinn/taithí oibre:
Nósanna imeachta
Caithfidh Gaeilge líofa a bheith ag gach mac léinn agus ag gach duine a bheidh ar thaithí oibre.
Caithfidh an mac léinn CV agus dhá theistiméireacht/litir mholta ón gcoláiste ar a bhfuil siad ag freastal a chur ar fáil don tseirbhís, ag tabhairt le fios go bhfuil an mac léinn atá i gceist feiliúnach chun oibriú le leanaí.
Caithfidh gach mac léinn a bheith os cionn sé bliana déag d’aois .
Caithfidh an choláiste réamhscrúdú an Gharda Síochána a chur ar fáil do gach mac léinn atá os cionn ocht mbliana déag d’aois.
Tabharfaidh Bainisteoir Naíolann na nOileán cóip de pholasaithe agus de nósanna imeachta an tseirbhís dóibh le léamh mar chuid dá n-ionduchtú.
Ní ghlacfar le mac léinn in áit duine fásta i bhfeighil na leanaí agus ní oibreoidh mac léinn in áit ball foirne ag am ar bith.
Ní fhágfar mic léinn gan duine den fhoireann a bheith leo, in éineacht le grúpa ná le leanbh aonair ag am ar bith.
Tabharfaidh an fhoireann gach tacaíocht do mhic léinn le gur féidir leo an leas is fearr a bhaint as an gcleachtadh oibre i Naíolann na nOileán.
Má theastaíonn ón gcoláiste monatóireacht a dhéanamh ar an mac léinn sa láthair oibre is féidir é seo a eagrú ach, caithfidh an choláiste socrú a bheith déanta roimh ré.
Is é/í Bainisteoir Naíolann na nOileáin a bheidh i dteagmháil leis an gcoláiste a bhfuil an mac léinn ag freastal air nuair is gá sin a dhéanamh.
Caithfidh gach mac léinn dearbhú a shíniú nach bhfuil aon taifead coiriúil acu a chuirfeadh bac orthu oibriú le leanaí.
17
2.8 Oiliúint
Is é seo a leanas an polasaí atá ag Naíolann na nOileán maidir le hoiliúint a chuir ar an bhfoireann i Naíolann na nOileán:
Beidh deis ag an bhfoireann go léir oiliúint leanúnach a fháil agus a gcuid scileanna sa luathoideachas a fhorbairt.
Cuirfear an t-eolas a bheidh ag teastáil ó gach ball foirne/oibrí deonach agus mac léinn ar fáil sula socróidh siad isteach sa phost. Cuirfidh Bainisteoir Naíolann na nOileán cóip de lámhleabhar Polasaithe agus Nósanna Imeachta an tseirbhís ar fáil dóibh.
Beidh ar an bhfoireann freastal ar chomhdhálacha/cheardlanna agus ar sheimineáir de réir mar a mholann Bainistíocht an tseirbhís dóibh sin a dhéanamh.
Déanfar athbhreithniú go bliantúil ar riachtanais oiliúna na foirne chun fáil amach cén cineál oiliúna atá ag teastáil.
Tá sé tábhachtach go mbeadh foireann iomlán na Naíolainne oilte i gcúrsaí cosaint an linbh.
Cinnteofar go ndéantar athnuachan ar na teastais éagsúla (garchabhair etc.) atá ag an bhfoireann de réir mar is gá.
18
2.9 Ionduchtú
Is é an polasaí atá ag Naíolann na nOileán maidir le hionduchtú ná go gcuirfear tréimhse ionduchtaithe ar fáil do gach fostaí nua, do gach mac léinn a thógtar isteach ar thaithí oibre agus do gach oibrí deonach a bheidh fostaithe i Naíolann na nOileán. Tabharfar an t-eolas seo a leanas do gach fostaí:
Sonraí iomlán maidir le Polasaithe agus Nósanna Imeachta an tseirbhís;
Eolas maidir le Naíolann na nOileán agus an tseirbhís a chuirtear ar fáil;
Tuilleadh eolais maidir le ról an fhostaí;
Eolas ar ról na bhfostaithe eile;
Conradh fostaíochta;
Míniú ar an gconradh fostaíochta;
Eolas maidir le Polasaí Cosaint Leanaí na heagraíochta;
Caithfidh gach oibrí glacadh leis an bPolasaí Cosaint Leanaí atá ag an eagraíocht.
19
3.1 Cosaint Leanaí
Is é polasaí Naíolann na nOileán ná go dtabharfar cosaint do gach leanbh agus go gcoinneofar sábháilte ó gach cinéal dochar/dhíobháil iad. Tabharfar tús áite i gcónaí do leas an linbh thar aon ní eile. Déanann muid é seo tríd na nósanna seo a leanas:
Tabharfaidh Bainisteoir agus foireann Naíolann na nOileán an eolas do thuismitheoirí, do pháistí agus don fhoireann oibre maidir leis na polasaithe agus leis na nósanna imeachta atá ag Naíolann na nOileán maidir le cosaint leanaí.
Glacfaidh an fhoireann/oibrithe deonacha san tseirbhís leis na freagrachtaí atá orthu agus na róil atá acu maidir le leas an pháiste.
Freastalóidh an fhoireann agus an bhainistíocht ar chúrsaí oiliúna a chuireann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Comhar Naíonraí na Gaeltachta nó Coiste Chúram Leanaí agus Chathair agus Contae na Gaillimhe ar fáil sa réimse cosaint leanaí.
Déanfar Foirm Imréitigh an Gharda Síochána a chomhlánú do gach ball den fhoireann lena n-áirítear oibrithe deonacha.
Tá nósanna imeachta tuairiscithe i bhfeidhm ii Naíolann na nOileán agus tá duine ar leith ainmnithe chun déileáil le haon ábhar imní maidir le leas aon pháiste atá ag freastal ar an tseirbhís.
Cinnteofar go bhfuil an fhoireann ar fad ar an eolas maidir leis na nósanna imeachta tuairiscithe sin.
Tá Cód Iompraíochta idir an fhoireann agus na leanaí i bhfeidhm chun a chinntiú go mbíonn an iompraíocht sin cuí agus oiriúnach.
Tá nósanna imeachta leagtha amach maidir le céard a dhéanfar má dhéantar aon líomhain i gcoinne ball den fhoireann nó i leith oibrí deonach.
Déanfar athbhreithniú ar na polasaithe agus ar na nósanna imeachta go rialta chun a chinntiú go gcuirfear aon fhorbairt nua a bheidh ag tarlú i réimse cúram leanaí san áireamh.
20
3.2 Teagmhálaithe Ainmnithe chun faillí nó drochúsáid a thuairisciú Is é an duine atá ainmnithe laistigh den Naíolann na nOileán chun déileáil le haon ábhar imní
maidir le cosaint leanaí Máirín Ní Chonghaile, Bainisteoir Naíolann na nOileán. Mura bhfuil an
duine seo ar fáil is é seo an duine atá ainmnithe ina n-áit ná Caitríona Uí Ghríofa, Oibrí
Sinsearach nó Bridie Nic Dhonncha, Oibrí Sinsearach. Is é an ról atá ag na daoine seo ná:
A bheith ar an eolas maidir le cén duine i bhFheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte atá
freagrach as cosaint leanaí sa cheantar a bhfuil an Naíolann ag feidhmiú ann i.e. Oibrí
Sóisialta Sinsearach/Oibrí Sóisialta ar Dualgas agus a gcuid sonraí teagmhála a bheith
acu;
Feidhmiú mar fhoinse eolais i leith nithe a bhaineann le cosaint leanaí;
Cinntiú go bhfuiltear ag cloí leis an bpolasaí cosaint leanaí atá ag an tseirbhís agus leis na
nósanna imeachta;
Taifead a choinneáil maidir le haon chúis imní maidir le leanbh atá ag freastal ar an
tseirbhís agus a bheith ar an eolas maidir le haon chúiseanna imní nach raibh gá a chur
in iúl do FSS ag an am i.e. teip ar fhorbairt an leanbh, éadach míchuí.
Dul i gcomhairle leis an Oibrí Sóisialta ar Dualgas chun a sheiceáil an bhfuil dóthain
eolais ann chun cás a chur ar aghaidh chuig FSS.
Cinntiú go bhfuil dóthain eolais ar fáil ag an am a gcuirtear tuairisc ar aghaidh agus a
chinntiú go gcuirtear an tuairisc i scríbhinn, faoi rún;
Dul i dteagmháil le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte/An Garda Síochána agus aon
ghníomhaireacht eile, de réir mar is gá i gcás drochúsáid leanaí;
A chinntiú go gcoinnítear gach duine lena mbaineann sé laistigh den tseirbhís suas chun
dáta maidir le haon chás a bhaineann le cosaint leanaí i.e. Bainisteoir/Oibrí Sinsearach;
Cinntiú go gcoinnítear taifead suas chun dáta ar gach cás, mar aon le gach gníomh a
rinne Naíolann na nOileán;
Comhairle a chur maidir leis na riachtanais oiliúna atá ann i leith cosaint leanaí.
21
3.3 Ag déileáil le hAmhras faoi Dhrochúsáid Leanaí Is é seo a leanas an polasaí atá ag Naíolann na nOileán maidir le déileáil le hamhras faoi
dhrochúsáid leanaí:
Má insíonn leanbh do bhall foirne i Naíolann na nOileán go bhfuil díobháil á dhéanamh dó/di
leanfar na nósanna imeachta seo:
Glacfar leis an scéala go dáiríre.
Éisteoidh an ball foirne go cúramach leis an leanbh agus tabharfar am don pháiste an scéal a insint.
Ní chuirfear aon treoir ná ceisteanna ar an leanbh ná ní thabharfar moltaí.
Cuirfear an leanbh ar a s(h)uaimhneas.
Déanfar taifead chomh cruinn agus is féidir ar an bplé. (Féach foirm taifid)
Cuirfear an t-eolas ar aghaidh chuig an duine atá ainmnithe chuige seo sa tseirbhís agus rachaidh sise/seisean i dteagmháil le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte/An Garda Síochána.
Cuirfear an Teagmhálaí Ainmnithe ar an eolas maidir leis an amhras láithreach.
Sa chás go dtugann oibrithe faoi deara go bhfuil díobháil á dhéanamh do pháiste, mar shampla
má bhíonn comharthaí, marcanna nó gortú nach féidir a mhíniú go réasúnta, nó má bhíonn
iompraíocht neamhghnách ag an leanbh:
Déanfar an t-eolas a thaifead, mar aon le dátaí, amanna agus aon eolas eile faoi na marcanna nó faoin iompraíocht;
Cuirfear an t-eolas ar aghaidh chuig an Teagmhálaí Ainmnithe.
22
3.4 Líomhaintí drochúsáide i leith ball den fhoireann
Is é seo a leanas an polasaí atá ag Naíolann na nOileán maidir le haon líomhaintí a chuirtear i
leith duine d’fhoireann an Naíolann:
Cuirfear an Teagmhálaí Ainmnithe ar an eolas láithreach maidir leis an líomhaint.
Leanfar an dá nós imeachta seo – déanfaidh an Teagmhálaí Ainmnithe an tuairisciú thar ceann an leanbh, lena n-áirítear comhairliúchán neamhfhoirmiúil. Déileálfaidh Leas Phríomh Oifigeach Cúnta Mhuintearais leis ngné foirne den chás.
Caithfear mar is cóir le gach duine atá páirteach. Beidh aon bheart cosantach a ghlactar i gcomhréir leis an mbaol atá ann don pháiste i.e. an gá an t-oibrí a chur ar fionraí fad agus atá an cás á fhiosrú, mar shampla. Má chinntear nach gá an t-oibrí a chur ar fionraí, caithfear maoirseacht bhreise a dhéanamh ar an oibrí fad agus atá an fiosrúchán ar siúl.
Tabharfar tús áite do leas an pháiste i gcónaí i gcásanna mar seo agus cinnteofar nach bhfuil an leanbh atá i gceist i mbaol a thuilleadh.
Cloífear le conradh fostaíochta an bhall foirne.
Coinneofar taifead cruinn ar gach gné den phróiseas.
Beidh comhoibriú idir Naíolann na nOileán agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag gach staid den fhiosrúchán.
Cuirfear tuismitheoirí/caomhnóirí an pháiste ar an eolas.
Tá sé de cheart ag an duine a bhfuil líomhaint curtha ina leith, fios a bheith acu maidir leis an gcineál líomhaint atá déanta agus tá sé de cheart acu freagra a thabhairt i leith an líomhain sin. Caithfidh siad a bheith ar an eolas chomh maith gur féidir aon eolas a thugann siad a roinnt le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte/An Garda Síochána.
23
3.5 Tuairisciú i gcás amhras faoi leas nó cosaint linbh
Seo a leanas na nósanna imeachta a leanfar i Naíolann na nOileán maidir le haon amhras faoi leas nó
cosaint linbh a thuairisciú:
Caithfidh aon bhall den fhoireann a bhfuil aon chúis imní acu faoi aon ghné a bhaineann le leas
nó sábháilteacht leanbh i Naíolann na nOileán é sin a phlé leis an Teagmhálaí Ainmnithe.
Tá an duine atá ainmnithe freagrach as ucht taifead scríofa a choinneáil maidir le haon ábhar
imní a chuirtear faoina mbráid.
Is féidir leis an duine atá ainmnithe dul i gcomhairle le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
maidir leis an eolas atá faighte acu a chur ar aghaidh nó is féidir leo díreach an t-eolas sin a chur
ar aghaidh chuig FSS.
I gcás práinneach cuirfear glaoch ar na Gardaí agus beidh na huimhreacha seo ar fáil
d’fhoireann an Naíolann.
Caithfear aon eolas a fhaigheann an fhoireann faoi dhrochúsáid nó aon amhras réasúnach atá ar
an bhfoireann go bhfuil drochúsáid ag tarlú do pháiste a thuairisciú d’Fheidhmeannacht na
Seirbhíse Sláinte nó don Gharda Síochána laistigh de 24 uair a chloig.
Tá Foirm Chun Drochúsáid/Amhras faoi leas leanbh le líonadh isteach ag an duine atá ainmnithe
nuair atá tuairisc le cur ar aghaidh chuig an Oibrí Sóisialta/An Garda Síochána agus coinneofar an
fhoirm seo ar chomhad nach mbeidh teacht ach ag an mBainisteoir/duine ainmnithe air.
Coinneofar an t-eolas seo faoi rún agus ní roinnfear é ach leis na daoine ar gá é a roinnt leo.
Is é polasaí Naíolann na nOileán ná tuismitheoirí/caomhnóirí an pháiste a chur ar an eolas
maidir le haon líomhaint atá déanta nó aon amhras atá ar an bhfoireann faoi leas an pháiste,
seachas amháin i gcás go gcuirfeadh an t-eolas sin an leanbh i dtuilleadh baol nó contúirt.
De réir an Achta um Chosaintí do Dhaoine a Thuairisceoidh Drochúsáid Leanaí, 1988, tá
cead ag aon fhostaí nó duine deonach tuairisciú a dhéanamh iad féin má tá imní fós
orthu faoi chosaint nó leas leanaí agus cuirfear gach fostaí ar an eolas go bhfuil sé de
chead acu é seo a dhéanamh.
Ag déileáil le nochtadh eolais siarghabhálach ó dhaoine fásta:
I gcás go nochtann duine fásta (e.g. tuismitheoir, oibrí) eolas gur déanadh
drochúsáid orthu nuair a bhí siad óg caithfear an t-eolas sin a mheas go
cúramach maidir le haon bhaol a d’fhéadfadh a bheith ann do leanaí atá i
dteagmháil leis an duine a rinne an drochúsáid faoi láthair.
D’fhéadfadh go gcaithfí na nósanna tuairisciú thuasluaite a leanúint agus an t-
eolas a chur chuig Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte/An Garda Síochána gan
mhoill.
Moltar dul i gcomhairle le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
Mínítear an teorainn atá le rúndacht i gcásanna mar seo i gcónaí.
24
I gcás éigeandála amháin, nó mura mbeidh foireann Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar
fáil, cuirfear an tuairisc díreach chuig na Gardaí.
Níl sé suas do Naíolann na nOileán ná a fhoireann cinneadh a dhéanamh maidir lena bhfuil
drochúsáid déanta ar pháiste. Is faoi Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte/An Garda
Síochána atá sé an cinneadh sin a dhéanamh bunaithe ar an eolas atá acu.
*Féach aguisín 7 maidir le sainmhínithe ar chineálacha drochúsáide.
25
3.6 Cód Iompraíochta idir Oibrithe agus Leanaí
Tá Naíolann na nOileán tiomnaithe do chód iompraíochta a chur i bhfeidhm san tseirbhís atá
oiriúnach agus cuí do na haoisghrúpaí a bhfuiltear ag déileáil leo. Tá cultúr leanbhlárnach ag an
tseirbhís agus cuirfear é seo i bhfeidhm trí:
Éisteacht le céard atá le rá ag an leanbh i gcónaí;
Ómós agus meas a thaispeáint do gach leanbh mar dhuine ann féin;
Na leanaí a bheith páirteach i gcinntí a bhaineann leo, chomh fada agus is féidir;
Tabharfar moladh d’iompraíocht dhearfach. Seo a leanas na treoirlínte atá ag an tseirbhís maidir leis an gcineál iompraíochta atá inghlactha
idir an fhoireann agus na leanaí:
Aithnítear go bhfuil gá le teagmháil chorpartha (barróg, mar shampla) uaireanta chun
sólás a thabhairt do pháiste ach níor cheart go ndéanfaí é seo ach amháin má tá an
leanbh sásta leis.
Ní ghearrfar pionós corpartha riamh ar aon pháiste san tseirbhís agus ní ghlacfar le
drochíde mhaslach bhéil a thabhairt dóibh ná scéalta gáirsiúla grinn a insint i láthair
leanaí.
Caithfidh na hoibrithe a bheith cúramach nach dtarlóidh fabhraíocht i gcás aon pháiste,
nach n-éireoidh siad ró-cheanúil ar aon pháiste, agus nach gcaithfidh siad níos mó ama
le leanbh amháin seachas leanbh eile.
Caithfear mar a chéile le gach leanbh san Ionad beag beann ar inscne, cine, cultúr nó
míchumas.
Caithfidh na hoibrithe i Naíolann na nOileán aitheantas a thabhairt do spás pearsanta,
do shábháilteacht agus do phríobháideachas gach uile dhuine agus spreagfar na leanaí
chun é sin a dhéanamh freisin.
Tá nósanna imeachta leagtha amach maidir le dlúthchúram a thabhairt do pháistí (e.g.
clúidíní a athrú) agus cuirfear traenáil ar fáil don fhoireann maidir leis an mbealach is
fearr chun an cúram seo a chomhlíonadh.
Níl cead ag duine den fhoireann aon pháiste a thabhairt ar thuras cairr mura bhfuil cead
faighte roimh ré i scríbhinn ó thuismitheoirí/caomhnóirí an pháiste sin agus más gá
leanbh a thabhairt áit éigin i gcarr ní mór go mbeadh duine eile den fhoireann leo.
26
3.7 Cuairteoirí
Fáiltíonn an tseirbhís roimh chuairteoirí ach ar mhaithe le sábháilteachta na bpáistí caithfear
cloí leis na nósanna imeachta seo a leanas:
Sa chás agus go mbíonn cuairteoir ag caitheamh tréimhse ama i measc na bpáistí i Naíolann na nOileán caithfear teagmháil a dhéanamh roimh ré le Bainisteoir na Naíolainne.
Caithfidh an cuairteoir síniú isteach agus síniú amach sa Leabhar Cuairteoirí.
Cuirfear gach cuairteoir ar an eolas roimh ré maidir leis an gCód Iompraíochta idir Daoine Fásta agus Páistí atá i bhfeidhm sa tseirbhís agus caithfidh siad cloí leis an gCód sin.
Ní fhágfar cuairteoir astu féin le páistí ag am ar bith. Caithfidh duine den fhoireann a bheith i láthair ag gach am.
Tá sé de chead ag an mBainisteoir diúltú d’aon chuairteoir a cheapann sí a mbeadh tionchar diúltach acu ar aon pháiste atá ag freastal ar an tseirbhís.
Is Gaeilge amháin a labhróidh an cuairteoir ag gach am sa tseirbhís.
27
4.1 Bia Tá sé mar aidhm ag Naíolann na nOileán bia folláin, sláintiúil a chur ar fáil do na leanaí a
fhreastalaíonn ar an tseirbhís. Chun a chinntiú go bhfuil an caighdeán is airde á bhaint amach
maidir le stóráil agus réiteach bia leanfar an polasaí seo:
Cinnteofar go gcloítear go docht leis na rialacháin atá leagtha síos ag Feidhmeannacht
na Seirbhísí Sláinte maidir le bia a réiteach, a stóráil agus a thabhairt do pháistí;
Cinnteofar go bhfuil caighdeán ard glaineachta ag baint le gach gné de chóiriú bia
laistigh den tseirbhís;
Cinnteofar go bhfuil an t-ionad cóirithe bia ar ardchaighdeán glaineachta;
Cinnteofar go bhfuil taithí ag an bhfoireann ar bhia a réiteach agus go bhfuil siad eolach
ar na rialacháin sláinte agus sábháilteachta a bhaineann leis an réimse seo;
Má tá aon ailléirge ag leanbh d’aon chineál bia, cinnteofar go bhfuil an fhoireann ar an
eolas faoi seo agus nach dtabharfar an bia sin don pháiste;
Cinnteofar go bhfuil an bia a chuirtear ar fáil oiriúnach don aoisghrúpa agus leanfar
treoracha FSS maidir leis seo;
Cuirfear cúrsaí oiliúna sa réimse seo ar fáil don fhoireann ar bhonn rialta (e.g. an cúrsa
HACCP);.
Sa chás go dtugann leanaí a gcuid bia féin nó sneaiceanna isteach chuig Naíolann na nOileán:
Cinnteofar go bhfuil an bia sin stóráilte ar bhealach cuí i.e. i gcuisneoir más gá.
Tabharfar moltaí do thuismitheoirí maidir leis an gcineál bia gur féidir le leanaí a
thabhairt chuig Naíolann na nOileán i.e. torthaí, iógairt, bainne nó sú oráiste. Ní
cheadófar deochanna súilíneacha, milseáin, criospaí agus mar sin de.
Ní cheadaítear grán rósta a thabhairt do pháistí faoi cúig bhliana d’aois.
28
4.2 Garchabhair Is é an polasaí atá ag Naíolann na nOileán maidir le garchabhair san Naíolann ná:
Go mbeidh gach duine den fhoireann buan oilte i gcúrsaí garchabhrach agus go mbeidh
teastas suas chun dáta acu.
Caithfidh ar a laghad duine amháin le hoiliúint garchabhrach a bheith san fhoirgneamh i
gcónaí fad agus a bhíonn leanaí i láthair.
Beidh bosca garchabhracha lonnaithe san bhfoirgneamh a mbeidh sé éasca teacht air.
Déanfar iniúchadh rialta ar an mbosca (Rialacháin um Chúram Leanaí (Seirbhísí
Réamhscoile) (Uimh. 2) 2006 Ag. C lth. 82) seo chun a chinntiú go bhfuil gach rud a
theastaíonn a bheith ann agus go bhfuil sé suas chun dáta.
Caithfear lóiseanna/uachtair/ungthaí/leachtanna a choinneáil in áit dóibh féin.
Cuirfear cúrsaí oiliúna ar fáil go rialta don fhoireann sa réimse seo.
*Féach Aguisín 5 maidir le nithe a theastaíonn sa bhosca garchabhrach
29
4.3 Riachtanais Speisialta
Tá Naíolann na nOileán tiomanta do chúram leanaí uileghabhálach d’ardchaighdeán a chur ar
fáil do gach leanbh a dteastaíonn an tseirbhís uathu, lena n-áirítear leanaí le riachtanais
speisialta fad agus go bhfuil sé d’acmhainn acu é sin a dhéanamh. Glacfar le leanaí le
riachtanais speisialta sna seirbhísí éagsúla laistigh den tseirbhís de réir na ngnáth nósanna
imeachta cláraithe agus de réir na gcoinníollacha seo a leanas:
Caithfidh Gaeilge líofa a bheith ag aon chúntóir Riachtanais Speisialta a bheidh fostaithe ag aon seirbhís ar leith i Naíolann na nOileán.
Caithfidh tástáil a bheith déanta ag na heagraíochtaí cuí m.sh. Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Bráithre na Carthanachta srl. a léiríonn go bhfuil riachtanas speisialta faoi leith ar an leanbh agus diagnóis déanta dá réir.
Go dtacódh an eagraíocht, a rinne an diagnóis ar an leanbh, le duine atá cáilithe chun déileáil leis an saghas riachtanas speisialta atá i gceist chomh maith le maoiniú a chur ar fáil le hoibriú leis an leanbh i Naíolann na nOileán; is é sin más gá duine breise don chineál riachtanais speisialta atá ag an leanbh.
Beidh an leanbh le riachtanas speisialta lárnach i ngach gníomhaíocht de chuid Naíolann
na nOileán agus ní aireoidh siad ag aon am go bhfuil siad scartha amach ar aon bhealach ó ghnáthimeachtaí/ghníomhaíochtaí an Ionaid.
Ag cruinniú idir tuismitheoirí/caomhnóir an pháiste, ionadaí ón eagraíocht a rinne diagnóis ar an leanbh agus Bainisteoir Naíolann na nOileán, déanfar plé ar na bealaí is éifeachtúla chun an freastal is fearr a dhéanamh ar na riachtanais atá ag an leanbh.
Leagfaidh Bainisteoir Naíolann na nOileán, i gcomhar le foireann na seirbhíse a bhfuil an leanbh ag freastal air, clár oibre amach chun an freastal is fearr a dhéanamh ar an leanbh agus a chinntiú go mbeidh siad páirteach i ngníomhaíochtaí/imeachtaí na seirbhíse i gcomhluadar na leanaí eile.
Beidh Naíolann na nOileán feiliúnach do pháistí le riachtanais speisialta agus beidh na háiseanna cuí ar fáil do na leanaí sin.
Coinneoidh Bainisteoir Naíolann na nOileán agus an fhoireann taifead ar dhul chun cinn an pháiste agus beidh cruinnithe rialta acu le tuismitheoirí agus leis na heagraíochtaí cuí maidir le dul chun cinn an pháiste.
Moltar modúil FETAC leibhéal a cúig i gcúram leanaí le haghaidh leanaí le riachtanais speisialta nó a chomhionann a bheith déanta ag duine amháin, ar a laghad, d’fhoireann Naíolann na nOileán.
Sa chás agus go mbíonn imní ar fhoireann Naíolann na nOileán maidir le leanbh/í san tseirbhís, déanfaidh siad teagmháil le tuismitheoirí an pháiste agus leis an eagraíocht chuí.
30
4.4 Galair Thógálacha
Tá Naíolann na nOileán tiomanta do thimpeallacht sábháilte a chothú do pháistí agus d’fhoireann an tseirbhís. Is é seo a leanas an polasaí atá ag Naíolann na nOileán má tholgaíonn leanbh atá ag freastal ar an tseirbhís, nó duine den fhoireann, galar tógálach a d’fhéadfaí a scaipeadh:
Má thagann an tinneas/galar tógálach chun cinn fad agus atá an leanbh ag freastal ar an tseirbhís cuirfear glaoch ar thuismitheoirí/caomhnóirí an pháiste láithreach chun iad a chur ar an eolas faoi agus treoir a ghlacadh uathu maidir leis an gcéad chéim eile.
I gcás nach mbeidh teacht ar thuismitheoirí/caomhnóirí, cuirfear glaoch ar an dochtúir áitiúil agus cuirfear ar an eolas é/í maidir leis na comharthaí atá ar an leanbh agus glacfar comhairle maidir leis an gcéad chéim eile.
Más ar dhuine den fhoireann atá an galar/tinneas tógálach iarrfar orthu gan teacht isteach san tseirbhís go dtí go bhfuil an galar/tinneas glanta agus go bhfuil an tréimhse bhisigh chuí mar atá leagtha síos sa Tábla ar Ghalair Thógálacha in Aguisín 1 comhlíonta acu.
Cuirfear tuismitheoirí ar an eolas go bhfuil galar tógálach san tseirbhís agus crochfar fógra ar chlár na bhfógraí / doras chomh maith.
Molfar do na leanaí agus na baill foirne freastal ar a ndochtúir féin chun a chinntiú nach bhfuil an galar tolgtha acu.
Tabharfar eolas cruinn suas chun dáta do na tuismitheoirí agus don fhoireann maidir leis an ngalar atá i gceist.
Ní ligfear aon duine, idir pháistí agus baill foirne, isteach san tseirbhís go dtí go mbeidh an galar glanta agus go bhfuil an tréimhse bhisigh chuí mar atá leagtha síos sa Tábla ar Ghalair Thógálacha in Aguisín 1 comhlíonta acu.
31
4.5 Srian a choinneáil ar scaipeadh tinnis agus ionfhabhtuithe
Cuirfear na dea chleachtais sláinteachais seo a leanas i bhfeidhm sna réimsí éagsúla chun srian a choinneáil ar scaipeadh tinnis agus ionfhabhtuithe nó iad a sheachaint ar fad.
Tuairisciú/taifeadadh ar thinnis laistigh den tseirbhís;
As láithreachas i gcás tinnis
Sláinteachas lámha
Modh nite lámha
Leithris agus áraisíní
Athrú clúidíní
Doirteadh sreabháin coirp
Sláinteachas bia agus cistine
Glanadh bréagáin agus trealamh
Glanadh an Ionaid
Peataí *Féach Aguisín 4 do na nósanna imeachta seo.
32
4.6 Ag déileáil le timpiste/gortú Déanfar gach iarracht timpistí agus gortaithe a sheachaint i Naíolann na nOileán trí mhaoirseacht shásúil agus measúnú baol a dhéanamh go rialta. I gcás go dtarlódh timpiste nó gortú do pháiste agus iad ag freastal ar an tseirbhís leanfar na nósanna imeachta seo a leanas:
Déanfar measúnú maidir le cé chomh dona agus atá an gortú go tapa. 1. Lorgófar comhairle agus aire dochtúra láithreach más gá. 2. Tabharfaidh an ball foirne atá i gceannas an leanbh chuig dochtúir/ospidéal má
tá an gortú chomh dona agus go bhfuil gá leis, ach an fhoirm cláraithe cuí maidir le cás éigeandála a bheith sínithe ag tuismitheoir/caomhnóir an pháiste.
3. Cuirfear glaoch ar thuismitheoirí/caomhnóirí an pháiste láithreach. 4. Má thógtar cinneadh gan teagmháil láithreach a dhéanamh le
tuismitheoirí/caomhnóirí an pháiste ar an mbunús nach raibh aon ghortú mór ar an leanbh, déanfar gach uile thimpiste, beag nó mór, a insint do thuismitheoirí/chaomhnóirí an pháiste sula bhfágann an leanbh an Naíolann agus iarrfar orthu an foirm timpistí a shíniú.
Déileálfar leis an timpiste go sciobtha agus go ciúin, ag déanamh cinnte go bhfuil an leanbh compordach agus ar a s(h)uaimhneas.
Déanfar cinnte go bhfuil maoirseacht á dhéanamh ar na leanaí eile san Naíolann ag an am céanna.
Beidh foirm cláraithe comhlánaithe i leith gach uile pháiste ar chomhad san Naíolann a thugann cuntas iomlán ar shláinte agus ar aon fhadhbanna sláinte atá ag an leanbh agus caithfear é seo a thabhairt leat chuig an dochtúir/ospidéal.
Coinneofar cuntas cruinn ar gach timpiste nó gortú a tharlaíonn san Naíolann.
Má bhíonn cúram dochtúra/ospidéil ag teastáil ó pháiste tar éis gortaithe san Naíolann, cuirfear é sin in iúl do Leas Phríomh Oifigeach Cúnta Mhuintearais. Caithfear é seo a chur in iúl don chuideachta árachais chomh maith.
Chomh maith leis sin:
Beidh bosca garchabhrach ar fáil san Naíolann ina mbeidh an trealamh/ábhar cuí chun dul i ngleic le timpiste san Naíolann.
Scrúdóidh an Bainisteoir nó ball foirne ainmnithe ábhar an bhosca garchabhrach ar bhonn rialta agus déanfar athnuachan ar an ábhar de réir mar is gá.
Beidh cúrsa garchabhrach déanta ag foireann buan Naíolann na nOileán agus déanfaidh siad é in athuair de réir mar a bhíonn molta ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
Beidh leabhar taifead ar thimpistí san Naíolann ar a gcoinneofar cuntas ar gach timpiste nó gortú a tharlaíonn. Cabhróidh sé seo chun minicíocht agus leanúnachas timpistí a léiriú.
33
4.7 Ráiteas Sábháilteachta
Forbróidh Naíolann na nOileán Ráiteas Sábháilteachta chun aon bhaol sábháilteachta atá san
tseirbhís a aithint agus a bhainistiú nó a bhaint as:
Na contúirtí agus baoil a bhaineann leis an tseirbhís a aithint.
Na gníomhaíochtaí a chuirfear i bhfeidhm chun na contúirtí nó na baoil a laghdú nó a
chealú.
An oiliúint a chuirfear ar fáil don fhoireann maidir leis an réimse seo.
An chaoi a gcothófar córas oibre sláintiúil sábháilte.
4.8 Míolta Gruaige
Leanfaidh Naíolann na nOileán na nósanna imeachta seo a leanas i gcás go mbíonn ráig míolta gruaige san tseirbhís:
Cuirfidh an Bainisteoir gach tuismitheoir/caomhnóir, a bhfuil leanbh leo san Naíolann, ar an eolas go bhfuil ráig míolta gruaige i Naíolann na nOileán.
Tabharfar bileog ón Aonad um Chothú Sláinte do gach uile thuismitheoir/caomhnóir.
Má thugtar faoi deara míolta gruaige i ngruaig leanbh, cuirfear tuismitheoir/caomhnóir an pháiste sin ar an eolas go rúnda agus míneoidh an Bainisteoir go stuama cé chomh héasca agus atá sé ag leanaí, nó go deimhin ag aon duine, míolta gruaige a phiocadh suas óna chéile.
Moltar do thuismitheoirí breathnú i ngruaig a gcuid leanaí go cúramach agus an chóir leighis atá molta ag an Altra Sláinte Poiblí, ag an dochtúir nó ag an gcógaiseoir a úsáid má tá míolta gruaige i ngruaig a gcuid leanaí.
34
4.9 Srian ar inmhíolú
Déanfar gach iarracht srian a chur ar mhíolra san Naíolann agus mórthimpeall trí nósanna maithe glaineachta a chothú agus dramhaíl a bhainistiú go héifeachtach chun an fhadhb seo a sheachaint.
Cuirfear fuílleach bia, cannaí folmha bia agus fuílleach eile, a d’fhéadfadh lucha agus francaigh a mhealladh, in araidí a bhfuil cláir dhaingne orthu.
Coinneofar an áit timpeall ar na haraidí glan agus ní fhágfar aon bhruscar ar an talamh.
Ní fhágfar bia d’éanlaith in áit ar bith ina bhféadfadh lucha nó francaigh teacht air.
Ní chuirfear aon ábhar a tharraingeodh lucha agus francaigh in aon charn múirín a bheidh ag an tseirbhís. Ní chuirfear feoil i gcarn múirín ag am ar bith.
Coinneofar an áit timpeall ar Naíolann na nOileán glan agus cinnteofar nach bhfuil aon salachar ná bruscar sa ghairdín ná sa chlós spraoi.
Coinneofar an féar gearrtha go rialta agus glanfar aon salachar a bhíonn ag fás timpeall an tseirbhís.
Ní fhágfar aon bhia taobh amuigh do pheataí thar oíche mar go meallann sé sin míolra.
Déanfar cothabháil rialta ar na nithe seo a leanas chun cosc a chur ar fhrancaigh agus ar lucha
ó bheith ag teacht isteach san fhoirgneamh:
Poill na bpíopaí uisce agus an innill níocháin.
Poill na gcáblaí leictreacha agus teileafóin, agus na bpíopaí teasa.
Poill an aeir faoin urlár.
An spás idir íochtar doirse sráide agus an tairseach.
Déanfaidh francaigh a mbealach aníos as píopaí séarachais agus dúnphoill atá briste. Dá bhrí sin caithfear poill francach a fheictear sna háiteanna sin a scrúdú láithreach.
Déanfar scrúdú ar fhoirgneamh Naíolann na nOileán uair sa mhí le déanamh cinnte nach bhfuil francaigh, lucha ná plá feithidí ann.
Moltar boscaí baoite a chur taobh istigh agus taobh amuigh den fhoirgneamh le taobh ballaí.
Sa chás go mbeadh míolra i Naíolann na nOileán ba cheart cloí leis na nósanna imeachta seo a
leanas:
Cuirfidh an Bainisteoir, nó an té atá i bhfeighil Naíolann na nOilean ar an lá, tuismitheoirí/caomhnóirí na leanaí ar an eolas láithreach.
Dúnfar Naíolann na nOileán más gá.
Is féidir comhairle a ghlacadh ó Oifigeach Sláinte Comhshaoil FSS.
Déanfaidh an Bainisteoir teagmháil le cuideachta atá aitheanta leis an fhadhb a réiteach.
Nuair a bheifear cinnte go bhfuil Naíolann na nOileán saor ó mhíolra, déanfar an tseirbhís a dhíghalrú sula n-athosclófar é.
35
4.10 Polasaí Dóiteáin Tabharfar tús áite i gcónaí do shláinte agus do shábháilteacht na leanaí, na foirne agus d’aon duine eile a thagann isteach i Naíolann na nOileán. Chuige sin leanfaidh an tseirbhís na treoirlínte náisiúnta atá leagtha síos maidir le múchadh dóiteáin agus cinnteofar go mbeidh trealamh múchta dóiteáin oiriúnach agus de réir chaighdeán an Achta um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 2005, ar fáil i Naíolann na nOileán.
Déanfaidh Bainisteoir Naíolann na nOileán teagmháil le soláthraithe trealamh múchta dóiteáin an tseirbhís chun iniúchadh bliantúil a dhéanamh ar an trealamh sin.
Caithfidh foireann Naíolann na nOileán a bheith ar an eolas maidir le cén chaoi an trealamh múchta dóiteáin a úsáid i gceart.
Beidh an troscán agus an trealamh a bheidh in úsáid i Naíolann na nOileán déanta as ábhar atá dódhíonach agus de réir chaighdeán C.E.
Beidh an bealach/doras éalaithe marcáilte go soiléir.
Coinneofar gach uile dhoras agus an bealach éalaithe gan ghlas agus saor ó bhac nó de réir mar atá molta ag oifigeach de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte de réir na Rialachán Um Chúram Leanaí (Seirbhísí Réamhscoile 2006).
Coinneofar taifead ar gach uile pháiste agus duine fásta de réir mar a bhíonn siad ag teacht isteach i Naíolann na nOileán gach uile mhaidin sa chaoi agus go mbeidh cuntas ar gach duine i gcás dóiteáin nó éigeandála ón bpointe go dtagann siad chuig Naíolann na nOileán.
Déanfaidh an Bainisteoir iniúchadh rialta ar an trealamh m.sh. bosca garchabhrach, múchtóirí dóiteáin, pluid dóiteáin, aláram deataigh chun a chinntiú go bhfuil siad ag obair i gceart.
Beidh pointe tionóil marcáilte go soiléir taobh amuigh de Naíolann na nOileán de réir mar a mholann Oifigeach ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
Déanfar druil dóiteáin a chleachtadh uair sa mhí mar a bhíonn molta ag oifigeach de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
Coinneofar cuntas scríofa ar gach uile dhruil dóiteáin agus cuirfear ar chomhad Naíolann na nOileán é.
Caithfidh cóip den druil dóiteáin a bheith crochta in áit fheiceálach san tseirbhís.
Caithfidh plean urláir den fhoirgneamh a bheith crochta ar bhalla sa tseirbhís, le seomraí an tseirbhís, an bealach/doras éalaithe, agus an pointe tionóil marcáilte go soiléir air.
Druil Dóiteáin
1. Rabhadh a thabhairt: Séidfidh an Bainisteoir/an duine atá i gceannas feadóg faoi thrí nó cuirfear air
an t-aláram tine agus crochfar brat dearg chun an fhoireann agus na leanaí a
chur ar an airdeall go bhfuil dóiteán san fhoirgneamh. Tógfaidh an
Bainisteoir/an duine atá i gceannas liosta áirimh an lae chomh maith leis an
36
leabhar rolla. Tá sé rí-thábhachtach nach n-úsáidfí an fheadóg/aláram ná an
brat dearg le haon rud eile ach amháin le haghaidh an druil dóiteáin.
2. An foirgneamh a thréigean:
Siúlfaidh na leanaí agus an fhoireann i líne chuig an bpointe tionóil atá taobh amuigh den fhoirgneamh. Siúlfaidh an Bainisteoir/an duine atá i gceannas ag ceann an líne agus duine eile den fhoireann ag deireadh an líne. Seiceálfaidh an Bainisteoir/an duine atá i gceannas go bhfuil na leanaí agus an fhoireann i láthair de réir liosta áirimh an lae agus de réir an leabhair rolla.
Déanfaidh an Bainisteoir/an duine atá i gceannas cinnte go bhfuil gach uile pháiste tugtha amach as an bhfoirgneamh.
3. Glaoch ar an mbriogáid dóiteáin Cuirfidh duine den fhoireann glaoch ar an mbriogáid dóiteáin agus fanfaidh
an Bainisteoir/an duine atá i gceannas in éineacht leis na leanaí.
4. An dóiteán a mhúchadh: Mura bhfuil an dóiteán mór, agus má tá sé sábháilte agus gan aon chontúirt a
bheith ann, is féidir le ball den fhoireann, nach bhfuil ag teastáil le haire a
thabhairt do na leanaí, na múchtóirí dóiteáin chuí a úsáid chun smacht a fháil
ar an dóiteán nó go dtiocfaidh an bhriogáid dóiteáin ach, tá sé thar a bheith
tábhachtach nach gcuirfeadh aon duine iad féin ná aon duine eile i gcontúirt
ag aon am.
37
4.11 Sláinteachas Ionaid agus Trealaimh
Tá Naíolann na nOileán tiomanta do shláinte agus sábháilteacht na leanaí a fhreastalaíonn ar an
tseirbhís, an fhoireann agus gach duine a thugann cuairt ar an tseirbhís a choinneáil slán agus
chuige seo cuirfear an caighdeán is airde i bhfeidhm maidir le sláinteachas agus glaineacht an
tseirbhís féin agus an trealamh/bréagáin a úsáidtear ann.
1. Cuirfidh Bainisteoir an tseirbhís, i gcomhar leis an bhfoireann oibre, an clár atá leagtha amach le haghaidh glanadh an ionaid, an trealaimh agus na bréagáin i bhfeidhm ar mhaithe le sláinte, sláinteachas agus sábháilteacht na leanaí, na foirne agus na ndaoine a bhaineann úsáid as an tSeirbhís.
2. Coinneofar cuntas ar an gclár glantacháin trí túslitreacha ainm an té atá freagrach as an nglanadh a líonadh isteach ar an bhfoirm scrúdaithe glantacháin seachtainiúil/míosúil . Síneoidh an Bainisteoir an fhoirm, ag dearbhú go bhfuil an glantachán atá i gceist déanta.
3. Caithfear an trealamh/bréagáin agus an áit spraoi a ghlanadh le héadach tais agus iad a thriomú go maith gach uile lá.(Tum éadach in uisce te sobalach, fáisc, agus glan na bréagáin agus an áit spraoi. Sruthlaigh an t-éadach go minic san uisce te sobalach.)
4. Caithfear an trealamh/bréagáin agus an áit spraoi a ní go maith uair amháin sa tseachtain ar a laghad. B’fhéidir go gcaithfí é a dhéanamh faoi dhó sa tseachtain nó gach uile lá má bhíonn siad á n-úsáid go minic, (m.sh. b’fhéidir go mbeadh roinnt bréagán á n-úsáid go seasta), agus de bharr aois na leanaí (b’fhéidir go mbeadh prislíní le leanaí óga).
5. Caithfear an trealamh/bréagáin a thriomú go maith sula gcuirtear i leataobh iad mar gur féidir le taise frídíní a chothú. Is féidir na bréagáin a thriomú faoin aer nó le héadach ach a chinntiú go mbíonn siad triomaithe ceart. B’fhéidir go mbeadh triomú faoin aer níos feiliúnaí do bhréagáin bheaga nó do chinn a bhfuil go leor poill agus prochóga iontu.
6. Ní mór gach uile bhréagán a chuireann leanaí óga ina mbéal a steiriliú tar éis gach úsáid. Is féidir steiriliú a dhéanamh le gal nó iad a chur ar bogadh i dtuaslagán fochlóirít /ábhar tuartha (Milton, mar shampla) ar feadh 20 nóiméad ar a laghad. Mura féidir iad a chur ar bogadh ba chóir iad a ghlanadh le héadach tais agus díghalrán.
7. Tá gnáthmhiotóga rubair ceart go leor do ghlantachán rialta. 8. Caithfear éadaí a ní de réir threoracha an déantóra. Mura féidir iad a ní ach ag 40°C ba
chóir iad a ní faoi dhó, sin nó díghalrán (ábhar tuartha) ceimiceáin a chur san uisce. Tá sé seo tábhachtach go háirithe nuair atá ionfhabhtú éigin ar pháiste nó nuair a shalaítear éadach. (Nóta: b’fhéidir go mbainfeadh ábhar tuartha an dath den éadach) Nuair a bhíonn fuil, fual, cac nó cuir amach ar bhréagáin nó in áit spraoi ba chóir déileáil leis mar
seo:
Caithfear é a ghlanadh láithreach.
38
Caithfear na leanaí a choinneáil amach ón mbréagán/áit go dtí go mbíonn sé glanta agus díghalraithe go hiomlán.
Ba chóir miotóga a chaitheamh.
Ba chóir fuil a ghlanadh le tuáillí páipéar agus fochlóirít.
Ba chóir ábhar tuartha neamhchaolaithe a chur ar an lorg agus é a fhágáil ar feadh 3 nóiméad.
Is féidir cuir amach nó fual a ghlanadh le tuáillí páipéir sula gcuirtear an fhochlóirít air, mar gur féidir le fochlóirít droch bholadh a fhágáil má chuirtear anuas díreach air é.
Ba chóir bréagáin a bhfuil fuil, fual, cac, nó cuir amach orthu a chur ar bogadh i bhfochlóirít neamhchaolaithe ar feadh 3 nóiméad.
Ba chóir bréagáin éadaigh a thógáil as an áit spraoi agus a ní de réir threoracha an déantóra.
Is féidir na bréagáin agus an áit a ní le huisce te sobalach agus a thriomú go maith chun boladh na fochlóiríte/an ábhair thuartha a bhaint díobh.
Riachtanais sláinteachais do bhréagáin agus trealamh san Ionad:
Cinnteofar gur bréagáin atá éasca le glanadh atá ann..
Cinnteofar gur féidir bréagáin bhoga, mataí spraoi agus éadaí bréige a bhíonn ag an Ionad a níochán. Murar féidir iad a chur san inneall níocháin níor chóir iad a bheith ann!
Seiceálfar na bréagáin go rialta ar eagla coirnéal géar nó scoilteanna bheith iontu agus gheofar réidh le haon cheann nach bhfuil slán.
Glanfar an dusta gach lá mar gur féidir leis asma a thabhairt chun cinn agus maireann frídíní galair ann chomh maith.
Nífear bréagáin chrua/phlaisteacha in uisce te sobalach, sruthlaigh agus triomaigh go maith.
Díghalraigh bréagáin chrua/phlaisteacha nach féidir a ní.
Nífear bréagáin bhoga shalacha san inneall níocháin de réir threoracha an déantóra.
Glanfar agus díghalrófar bréagáin a theagmhaigh le fuil, fual, cac nó cuir amach láithreach.
Gheofar réidh le bréagáin bhoga atá salaithe go dona.
Nífear lámha i gcónaí tar éis a bheith ag láimhseáil bréagáin shalaithe.
Glanfar agus díghalrófar gach uile bhréagán agus trealamh spraoi nuair a bhíonn ráig tinnis san Ionad.
Gheofar ábhair múnlála agus taos nua go rialta.
Stórálfar na bréagáin i mboscaí glana nó i gcófraí.
Ní stórálfar bréagáin má bhíonn siad salach.
Ní fhágfar bréagáin taobh amuigh thar oíche.
Ní thabharfar cead do na leanaí bréagáin a thabhairt isteach sa leithreas.
39
4.12 Bainistiú Dramhaíola Déanfaidh an tseirbhís aon dramhaíl a bhainistiú go héifeachtach agus go cúramach agus de réir mar atá leagtha síos san Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996 ar na bealaí seo a leanas:
Bainfear úsáid as na haraidí cuí chun dramhaíl a stóráil;
Déanfar scagadh ar ábhar gur féidir a athchúrsáil agus cuirfear é seo in araid dó féin;
Déanfar socrú le bailitheoir bruscair údaraithe chun na haraidí seo a fholmhú go rialta;
Cothófar dea chleachtais laistigh den tseirbhís maidir le hathchúrsáil;
Cinnteofar go bhfuil na haraidí éagsúla stóráilte in áit atá oiriúnach dóibh agus leanfar polasaí an ionaid maidir le míolra agus foirgeacht a sheachaint trí dhramhaíl a stóráil go sábháilte agus go cúramach.
Caithfear lámha a níochán gach uair a mbítear ag plé le dramhaíl.
Féach an Clár Glantachán Naíolann na nOileán (8.3) maidir leis na haraidí a níochán.
40
5.1 Rannpháirtíocht Tuismitheoirí/Eolas do Thuismitheoirí Is é an polasaí atá ag Naíolann na nOileán maidir le rannpháirtíocht tuismitheoirí agus le h-eolas
a chur ar fáil do thuismitheoirí ná:
Go dtugtar gach eolas a theastaíonn ó thuismitheoirí dóibh chun cabhrú leo an rogha
cúram leanaí is fearr dá leanbh a roghnú;
Go dtabharfar léargas dóibh ar pholasaithe an tseirbhís agus go háirithe an polasaí
cosaint leanaí atá i bhfeidhm ann;
Go gcoinneofar taifead ar ghníomhaíochtaí an pháiste i rith an lae i.e. méid codladh,
méid a d’ith siad agus tabharfar an t-eolas seo do na tuismitheoirí nuair a bhailíonn siad
an leanbh;
Go nglacfar le haon mholtaí nó tuairimí atá ag tuismitheoirí maidir leis an tseirbhís agus
déanfar gach iarracht aon rud a chuirfeadh leis an tseirbhís cúram leanaí a chur i
bhfeidhm.
Cuirfear lámhleabhar ar fáil do thuismitheoirí (féach Aguisín 8.8) nua ina gclúdófar an t-eolas
seo a leanas:
Uaireanta Oscailte an Ionaid
Táillí
Polasaithe an Ionaid (Polasaí Cosaint Leanaí, Polasaí Teanga agus mar sin de)
Céard a theastaíonn ón leanbh gach lá
Cén cineál bia a chuireann an tseirbhís ar fáil
Cén cineál bia gur féidir leis an leanbh a thabhairt isteach
Galair agus tinnis
As láithreachas
Foireann an tseirbhís agus a gcuid cáilíochtaí
Curaclam
41
5.2 Rannpháirtíocht Leanaí/Eolas do Pháistí Tabharfaidh Naíolann na nOileán aitheantas don tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht na
leanaí féin i gcinntí a bhaineann leis an tseirbhís agus déanfar gach iarracht an rannpháirtíocht
seo a chothú bunaithe ar aois agus cumas na leanaí.
Leanaí os cionn 5 bhliana d’aois
Nuair a thosaíonn siad ag freastal ar an tseirbhís tabharfar eolas dóibh maidir leis na
cineálacha polasaithe atá ag an tseirbhís agus cé leis ar chóir dóibh labhairt má tá
fadhbanna acu. Tabharfar an t-eolas seo dóibh ar bhealach atá éasca le tuiscint agus atá
ábhartha dá n-aois.
Iarrfar orthu comhaontú a tharraingt suas ina measc féin maidir leis an gcineál
iompraíocht a mhaith leo a fheiceáil laistigh den ghrúpa (e.g. leanaí a bheadh ag freastal
ar an gcúram iarscoile mar shampla).
Leanaí faoi 5 bhliana d’aois
Úsáidfear cluichí agus rólimirt leis an aoisghrúpa seo chun cabhrú leo a gcuid
mothúcháin a aithint agus a chur in iúl e.g. tá olc orm mar……; tá áthas orm mar…… agus
mar sin de.
42
5.3 Leanaí a Shocrú Síos
Tabharfar gach cúnamh agus gach tacaíocht don pháiste agus do na tuismitheoirí/caomhnóirí chun an t-athrú ón mbaile go dtí an Naíolann a dhéanamh chomh compordach agus chomh héasca agus is féidir don pháiste.
Molfar don tuismitheoir an leanbh a thabhairt isteach le haghaidh tréimhsí gearra sula dtosaíonn siad ag freastal ar an tseirbhís chun aithne a fháil ar an tseirbhís agus ar an bhfoireann. Caithfidh sé seo a bheith socraithe leis an bhfoireann roimh ré chun a chinntiú go bhfuil dóthain foirne ann ar an lá.
Líonfar isteach foirm maidir le nósanna an pháiste sa bhaile, cosúil le ham codlata, bréagán nó pluid a thugann siad a chodladh leo agus mar sin de, agus déanfar gach iarracht cloí leis na nósanna sin san Naíolann.
Molfar do thuismitheoirí labhairt go rialta agus go dearfach leis an leanbh faoin Naíolann sula dtosaíonn siad ann sa chaoi go mbeidh dearcadh dearfach acu ar an taithí atá amach rompu.
Ba chóir do thuismitheoir/chaomhnóir a bheith réidh le fanacht leis an leanbh ar feadh achar gearr ar an gcéad lá, más gá. Beidh scaradh dearfach ón tuismitheoir i gceist ar feadh achar gearr gach lá go dtí go mbeidh an leanbh socraithe síos san Naíolann.
Mura socraíonn leanbh síos thar thréimhse coicíse, pléifidh an Bainisteoir/Oibrí Sinsearach an cás leis na tuismitheoirí/caomhnóirí agus déanfar cinneadh maidir le cén rud is fearr don pháiste.
Ní chuirfear brú ar aon pháiste páirt a ghlacadh in aon ghníomhaíocht murar mian leo sin a dhéanamh.
Tá sé tábhachtach go mbeadh eolas ag foireann na Naíolainne ar ghníomhaíochtaí a thaitníonn leis an leanbh sa bhaile. Cuideoidh an t-eolas seo leis an bhfoireann chun an leanbh a chur ar a gcompord san Naíolann.
Tabharfaidh an fhoireann eolas don tuismitheoir go laethúil maidir le cén chaoi a bhfuil an leanbh ag socrú síos san tseirbhís.
43
5.4 Leanaí a fhágáil agus a bhailiú
Is é seo a leanas an polasaí maidir le leanaí a thabhairt chuig Naíolann na nOileán agus iad a
bhailiú:
Nuair atá an leanbh á dtabhairt chuig Naíolann na nOileán, ní mór don tuismitheoir/caomhnóir an leanbh a thabhairt ar lámh do dhuine d’fhoireann an Naíolann na nOileán.
Ní cheadófar d’aon duine leanbh a bhailiú ón Naíolann ach amháin an duine/daoine atá ainmnithe ar an bhfoirm cláraithe. Más bhíonn duine nach bhfuil ainmnithe ag bailiú do leanbh ón tseirbhís caithfear an teolas seo a chur in iúl don bhainisteoir/oibrí sinsearach an Naíolann roimh ré.
6.1 Polasaí Teanga Is é polasaí teanga Naíolann na nOileán ná gurb í an Ghaeilge teanga na seirbhíse. Is Gaeilge amháin a labhrófar i Naíolann na nOileán i gcónaí leis na leanaí, leis na tuismitheoirí agus idir baill foirne an tseirbhís. Is nGaeilge a reáchtálfar cruinnithe uile na seirbhíse, ach amháin nuair nach bhfuil tuiscint ag duine éigin ar an teanga; sa chás sin déanfaidh an té a d’eagraigh an cruinniú míniú a thabhairt ag deireadh an chruinnithe. Molfar do thuismitheoirí/chaomhnóirí atá ag tógáil a leanaí le Béarla/teanga eile iarracht a dhéanamh suim agus spéis a léiriú sa dara teanga i.e. an Ghaeilge:
Bíonn ranganna Gaeilge do thosaitheoirí agus ranganna Gaeilge meán léibhéal ar fáil ag Muintearas uair sa tseachtain. Is féidir tuilleadh a fháil faoi na ranganna ach teagmháil a dheanamh le 091-551145.
44
6.2 Curaclam Luathoideachais
Cuirfear curaclam luathoideachais i bhfeidhm san Naíolann na nOileán chun cabhrú le forbairt fhisiceach, intleachtúil agus sóisialta an pháiste. Beidh an curaclam seo curtha in oiriúint d’aois agus do chumas an pháiste agus is trí mheán an spraoi a chuirfear an curaclam seo i gcrích. I measc na ngnéithe a mbeidh forbairt á dhéanamh orthu beidh: Forbairt Theangeolaíoch:
Beidh rannta, scéalta agus amhráin mar dhlúth chuid den churaclam.
Beidh réimse leathan leabhar agus ábhar foghlama trí Ghaeilge ar fáil do na leanaí.
Spreagfar gach leanbh páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí cosúil le scéalaíocht, amhráin,
drámaíocht agus rannta.
Forbairt Fhisiceach:
Beidh deis ag na leanaí a gcuid scileanna mór-ghluaiseachta agus mion-ghluaiseachta a
fhorbairt trí ghníomhaíochtaí istigh san Ionad Cúram Leanaí agus taobh amuigh sa chlós
spraoi.
Forbrófar mór-ghluaiseacht trína bheith ag rith, ag léim, ag dreapadh, ag tarraingt agus
ag gleacaíocht.
Forbrófar mion-ghluaiseacht trí ábhar oiriúnach a chur ar fáil cosúil le brící, cré, taos
agus mar sin de.
Forbairt Mhatamaiticiúil:
Cuirfear réimse leathan ábhar agus bréagáin ar fáil a thabharfaidh deis do na leanaí
rangú, comhaireamh, meaitseáil agus cur in eagar.
Beidh deis acu dul i dtaithí ar chruthanna dé thoimhseach agus trí thoimhseach.
Tabharfar deis dóibh dul i dtaithí ar théarmaíocht maidir le spás e.g. faoi, os cionn srl.
Forbairt Eolaíochta agus Theicneolaíochta:
Tabharfar deis do pháistí breathnóireacht a dhéanamh ar feiniméan, ábhar agus nithe
taobh amuigh agus taobh istigh ag úsáid a gcéadfaí.
Spreagfar iad chun ceisteanna a chur agus comparáidí/cosúlachtaí a dhéanamh.
Tabharfar tuiscint dóibh ar an mbealach a n-oibríonn rudaí áirithe.
Forbairt Chruthaitheach:
Spreagfar leanaí iad féin a chur in iúl trí phictiúir a tharraingt, péinteáil, múnlaí marla srl.
Tabharfar deis dóibh iad féin a chur in iúl trí mheán na drámaíochta, an cheoil, damhsa,
scéalaíocht srl.
45
6.3 Trealamh agus Bréagáin Beidh an trealamh agus na bréagáin a bheidh in úsáid i Naíolann na nOileán sábháilte agus
feiliúnach d’aoisghrúpa na leanaí a bheidh á n-úsáid agus tacóidh sé le forbairt an pháiste.
Tá an Bainisteoir agus foireann Naíolann na nOileán freagrach as trealamh agus bréagáin an tseirbhís agus déanfaidh siad cinnte go bhfuil:
an trealamh agus na bréagáin coinnithe glan agus i gcaoi mhaith;
córas cuí glantachán agus seiceála trealaimh agus bréagáin socraithe leis an bhfoireann agus á chur i bhfeidhm go laethúil/seachtainiúil i Naíolann na nOileán;
an Bainisteoir agus ball den fhoireann ag déanamh iniúchadh bliantúil ar threalamh agus ar bhréagáin an tseirbhís;
athnuachan á dhéanamh ar threalamh mar a theastaíonn sin a dheanamh;
An Bainisteoir, i gcomhar le foireann shinsearach an tseirbhís, a dhéanfaidh cinneadh maidir leis an trealamh agus na bréagáin atá ag teastáil do na seirbhísí éagsúla san tseirbhís.
Ní bheidh cead ag leanaí a gcuid bréagáin féin a thabhairt isteach san tseirbhís mar ní féidir leis an bhfoireann a bheith cinnte go bhfuil na bréagáin sin sábháilte agus go gcloíonn siad leis na caighdeáin chuí.
46
6.4 Bainistiú Iompraíochta
Cuireann Naíolann na nOileán polasaí dearfach iompraíochta i bhfeidhm ar fud an tseirbhís. Is é
príomhaidhm an pholasaí seo ná cód iompraíochta dearfach a chur chun cinn agus
féinfheasacht maidir lena n-iompar a chothú sna leanaí. Déantar é seo trí:
Dea-iompar agus féinmheas an pháiste a mholadh agus a chothú.
Gan díspeagadh ná beag is fiú a dhéanamh d’aon pháiste i Naíolann na nOileán.
Rialacha simplí a bheith in úsáid agus a bheith seasmhach i gcur i bhfeidhm na rialacha sin.
Úsáid a bhaint as gníomhaíochtaí an churaclaim m.sh. puipéid nó cluichí atá oiriúnach d’aois/do staid forbartha an pháiste.
Iompraíocht na ndaoine fásta/fhoireann an tseirbhís a bheith mar eiseamláir do na leanaí.
Cuirfear é seo i bhfeidhm trí:
Polasaí dearfach iompraíochta a chur i bhfeidhm i Naíolann na nOileán ag cur aois, staid forbartha agus cumas gach leanbh san áireamh.
Cinntiú nach ngearrfar aon phionós corpartha ar aon pháiste i Naíolann na nOileán.
Dianbhreathnóireacht a bheith mar chuid lárnach den pholasaí bainistiú iompair.
Déanfaidh foireann shinsearach oilte Naíolann na nOileán dianbhreathnóireacht ar iompraíocht iomlán an pháiste a bhíonn á mhí-iompar féin thar thréimhse cúig lá, chun iarracht a dhéanamh a fháil amach: 1. Céard iad na hamanna nó cé mhéad uair sa lá a thagann frustrachas ar an
leanbh san tseirbhís? 2. Céard a bhíonn ar bun/cén gníomhaíocht a bhíonn ar siúl nuair a thagann an
frustrachas? 3. An bhfuil aon phátrún le feiceáil maidir le hiompar/mí-iompar an pháiste?
Coinneofar aon eolas a bhailítear ar chomhad an pháiste agus tá teacht ag na tuismitheoirí/caomhnóirí ar an eolas sin.
Déanfaidh foireann Naíolann na nOileán staidéar ar an eolas a bhailítear ón dianbhreathnóireacht agus tógfar na céimeanna cuí chun an cúnamh/tacaíocht is oiriúnaigh a chur ar fáil don pháiste chun a chinntiú go mbaineann siad lán tairbhe as a n-am san Ionad.
Eagróidh an Bainisteoir cruinniú le tuismitheoirí/caomhnóirí an pháiste chun iad a chur ar an eolas maidir le cén chaoi a bhfuil ag éirí leis an leanbh i Naíolann na nOileán.
47
6.5 Ag Bainistiú Fadhbanna Iompraíochta Dúshlánacha
Is é seo a leanas an polasaí atá ag Naíolann na nOileán maidir le fadhbanna iompraíochta
dúshlánacha a thagann chun cinn i Naíolann na nOileán a bhainistiú:
Pléifidh an fhoireann an fhadhb le Bainisteoir na Naíolainne. Leagfaidh Bainisteoir
an Naíolann i gcomhar le Leas Phríomh Oifigeach Cúnta Mhuintearas gnímh amach
chun dul i ngleic leis an iompraíocht seo.
Baileofar le chéile aon eolas atá ann go dtí sin faoin bpáiste, ag cur san áireamh aon
bhreathnóireacht a rinneadh le gairid agus an bealach a bhfuil an fhadhb
iompraíochta ag teacht chun cinn.
Déanfar tréimhse gearr eile mionbhreathnóireachta ar an bpáiste chun níos mó
eolais a fháil maidir le céard a spreagann iompraíocht dhearfach agus céard a
spreagann freagairtí diúltacha. Bunaithe ar an eolas a thagann ón
mbreathnóireacht sin, d’fhéadfadh go ndéanfaidh na hathruithe cuí maidir leis an
trealamh spraoi agus leis an gcaoi a gcuirtear gníomhaíochtaí i bhfeidhm don
pháiste sin.
Úsáidfear an bhreathnóireacht seo chomh maith chun iarracht a dhéanamh
deiseanna a aimsiú nuair a bhíonn iompraíocht an pháiste go maith chun go
mbeifear in ann é/í a mholadh.
Pléifear an phlean atá á chur i bhfeidhm leis an tuismitheoir chun a chinntiú go
bhfuil an iompraíocht á bhainistiú ar an mbealach céanna sa bhaile agus san
Naíolann sa chaoi go mbeifear ag déileáil leis an bpáiste ar bhealach intuartha
comhsheasmhach.
Nuair atá amhras ann go bhfuil fadhb iompraíochta fíordhúslánach ag páiste,
léirítear go bhfuil gá é a chur ar aghaidh chuig gairmí cuí. Pléifidh an ball foirne a
bhfuil an fhreagracht orthu maidir le bainistiú iompraíochta an t-ábhar go rúnda le
tuismitheoirí an pháiste (seachas i gcás go bhfuil imní faoi leas an pháiste – féach an
Polasaí Cosaint an Linbh maidir leis seo).
Molfar don tuismitheoir an páiste a thabhairt chuig an Altra Sláinte Poiblí áitiúil nó
chuig an dochtúir teaghlaigh chun aon bhunchúis eile don fhadhb iompraíochta a
chur as an áireamh nó chun iad a chur ar aghaidh chuig seirbhísí níos sainiúla (e.g.
teiripeoir urlabhra, measúnú riachtanas, síceolaí).
48
Aithneoidh an tseirbhís go bhféadfadh sé a bheith an-deacair ar thuismitheoirí
glacadh leis agus go mbeidh siad trína chéile má tá fadhbanna iompraíochta a
bpáiste ag teacht as bunchúis éigin, go háirithe an fhéidearthacht gur riocht sláinte
fadtéarmach é. Déanfar gach iarracht an oiread tacaíochta agus is féidir a thabhairt
dóibh.
Nuair a fhaigheann páiste diagnóis go bhfuil riachtanais bhreise aige/aici, déanfaidh
an tseirbhís iarratas ar chúntóir riachtanais speisialta le comhaontú an
tuismitheora, chun go mbeidh siad in ann tacaíocht bhreise a thabhairt, ach ní
dhéanfar é seo ach amháin i gcás go bhfuil gá leis. Déanfar teagmháil leis an
ngairmí cuí tríd an tuismitheoir chun treoir a fháil maidir le cén chaoi le déileáil leis
na fadhbanna iompraíochta atá ag an bpáiste.
Cuirfear straitéis bainistiú iompraíochta le chéile bunaithe ar bhreathnóireacht agus
ar an treoir ghairmiúil. San áireamh sa straitéis seo beidh treoir maidir le céard atá
le déanamh nuair a thaispeánann an páiste aon chomhartha go bhfuil iompraíocht
dhúshlánach ar tí tarlú, an bealach is fearr chun an iompraíocht a choinneáil faoi
smacht nuair a tharlaíonn sé, an chaoi chun an tionchar diúltach a bheas ag an
iompraíocht seo ar pháistí eile a laghdú agus na gníomhaíochtaí nó na straitéisí atá
le múineadh don pháiste chun cabhrú leo smacht a choinneáil ar a n-iompraíocht
féin.
Nuair a bheas treoir nó ceartúchán á thabhairt don pháiste, déanfar an ball foirne
cinnte go bhfuil aird an pháiste acu agus go bhfuil siad ag leibhéal súl an pháiste.
Déanfar gach iarracht a chinntiú go gcoinnítear aon rialacha, ceartúcháin nó
treoracha a thugtar gearr agus simplí agus go n-úsáideann an fhoireann agus na
tuismitheoirí an fhoclaíocht chéanna sa chaoi go mbeidh a fhios ag an bpáiste
díreach céard atá á lorg uathu.
Nuair atá diagnóis déanta go bhfuil riachtanais speisialta ag páiste atá ag freastal ar
an tseirbhís, tabharfar spreagadh agus tacaíocht do na páistí eile atá i ngrúpa an
pháiste sin a bheith mar pháirt den fhoireann cúraim timpeall orthu, agus foghlaim
conas tacaíocht a thabhairt do dhaoine eile nach bhfuil chomh hábalta leo féin.
49
7.1 Codladh go Sábháilte/Tógáil Scíthe
Seo a leanas an polasaí atá ag Naíolann na nOileán maidir le codladh go sábháilte agus ag tógáil
scíthe do na leanaí atá ag freastal ar an tseirbhís:
Caithfidh seomra ar leith le haeráil chuí a bheith ar fáil do pháistí chun codladh/scíth a
bheith acu i rith an lae.
Déanfar gach iarracht cloí leis an bpatrún codlata a bhíonn acu sa bhaile.
Caithfidh a gcliabhán féin a bheith ag gach leanbh faoi 2 bhliain d’aois chun codladh ann
agus beidh mataí scíth atá oiriúnach dá n-aoisghrúpa ar fáil do pháistí níos sine.
Caithfear éadach leapa oiriúnach a úsáid i.e. pluideanna ceallach agus soláthar éadaí
leapa glan.
Déanfar seiceáil rialta ar na leanaí nuair atá siad ina gcodladh chun a chinntiú go bhfuil
siad ceart go leor.
Coinneofar loga codlata do pháistí faoi 2 bhliain chun taifead a choinneáil ar an seiceáil a
rinneadh orthu agus iad ina gcodladh. Scríobfar an t-am ar seiceáladh an leanbh, an té a
sheiceáil é/í agus síneoidh siad é. Seiceálfar an aoisghrúpa seo gach 5 nóiméad.
Déanfar cinnte go gcuirtear leanaí óga ina gcodladh ar bhealach atá sábháilte mar atá
molta ag na húdaráis sábháilteachta (i.e. go gcuirtear ar a ndroim iad agus ní ar a
mbolg).
Beidh monatóir leanbh ar siúl sa seomra i gcónaí fad agus a bhíonn leanbh ina
c(h)odladh ann agus beidh freagracht ar dhuine den fhoireann don mhonatóir sin.
Déanfar cinnte go bhfuil an teocht ceart sa seomra codlata (idir 16C agus 20C) agus
seiceálfar é seo i rith an lae.
Cinnteofar go bhfuil an fhoireann ar an eolas maidir le bás cliabháin agus crochfar eolas
maidir leis seo sa seomra codlata.
Déanfar cinnte go bhfuil na háiseanna codlata ar fad ag cloí leis na rialacháin
sábháilteachta atá i bhfeidhm do na háiseanna agus don trealamh seo.
50
7.2 Athrú Clúidíní
Chun sláinte agus sábháilteachta na leanaí a fhreastalaíonn ar an tseirbhís a chinntiú, leanfaidh foireann Naíolann na nOileán na nósanna imeachta chuí maidir le clúidíní a athrú agus beidh caighdeán ard sláinteachas i gceist ag gach am:
Caithfidh tuismitheoirí a gcuid clúidíní féin, ciarsúir agus aon uachtair/ungthaí a chur ar fáil. Stórálfar iad seo in áit dóibh féin le hainm an pháiste air, agus ní úsáidfear iad ach don pháiste sin.
Úsáidfear tuáillí páipéir aon uaire ar an mata nuair a bhíonn clúidín á athrú ar pháiste agus cuirfear sa bhruscar iad díreach ina dhiaidh sin.
Úsáidfear miotóga aon uair nuair a bhíonn clúidín á athrú. Caithfear lámha a ní agus a thriomú le tuáillí páipéir aon uaire tar éis gach clúidín a athrú (fiú má chaitear miotóga).
Caithfear clúidíní salach a chur i mála plaisteach agus fáil réidh leis ar bhealach sláinteach i.e. aonad sláintíochta nó araid dó féin agus caithfear é seo a fholmhú go rialta.
Caithfear an mata athraithe a dhíghalrú tar éis gach úsáid.
Ní fhágfar leanbh leo féin riamh agus clúidín á athrú orthu.
Coinneofar Loga Athrú Clúidín, ina gcoinneofar taifead ar na hamanna ar athrú clúidín agus cuirfidh an duine a d’athraigh an clúidín a gceannlitreacha lena thaobh chun a chinntiú go n-athraítear clúidíní go rialta agus nach ndéantar dearmad ar aon pháiste.
Beidh sceideal glantacháin i bhfeidhm chun a chinntiú go bhfuil an áit a n-athraítear clúidín coinnithe glan agus sláintiúil ag gach am.
Chun a chinntiú gur taithí dearfach a bhíonn san am seo don pháiste, bainfidh an fhoireann úsáid as an am seo chun am a chaitheamh leis an leanbh agus chun aird a dhíriú orthu féin amháin.
51
7.3 Ag Úsáid an Leithris/Traenáil Leithris
Is é polasaí Naíolann na nOileán maidir le húsáid an leithris ná a chinntiú go bhfuil ardchaighdeán sláinteachais i bhfeidhm ar mhaithe le sláinte agus sábháilteacht na leanaí agus iad ag úsáid an leithris nó ag foghlaim conas an leithreas a úsáid. Léireofar meas ar dhínit gach leanbh nuair a bhíonn cúram pearsanta a thabhairt dó/di.
Ag úsáid an leithris
Cuirfear béim ar an tábhacht a bhaineann le suí ar an leithreas i gceart, an leithreas a fholmhú agus na lámha a ní agus a thriomú i gceart. Déantar é seo chun leanaí a chur ar an eolas maidir le dea-chleachtais sláinteachais ar mhaithe lena sláinte agus sábháilteacht féin.
Caithfear gallúnach frithbhaictéarach agus tuáillí páipéir aon uaire a úsáid nuair a nitear agus nuair a thriomaítear na lámha.
Beidh sceideal glantacháin i bhfeidhm chun a chinntiú go mbíonn na leithris glan agus sláintiúil i gcónaí.
Beidh duine den fhoireann ar lámh chun cúnamh a thabhairt don pháiste más gá. Tá sé tábhachtach nach dtabharfar cúnamh do pháiste ach amháin má theastaíonn cúnamh uaidh/uaithi.
Ag traenáil leanaí ar an leithreas
Pléifear an staid a bhfuil an leanbh maidir le traenáil leithris leis an tuismitheoir agus glacfar le comhairle uathusan maidir le céard a theastaíonn uathu a dhéanamh fad agus atá an leanbh ag freastal ar Naíolann na nOileán.
Tá foireann an tseirbhís sásta leanúint ar aghaidh le haon traenáil leithris atá tosaithe ag
na tuismitheoirí agus déanfar gach iarracht leanúint leis an nósmhaireacht a bhfuil
cleachtadh ag an leanbh air (i.e. ag úsáid áraisín, ag caitheamh clúidíní nuair a théann
siad a chodladh agus mar sin de).
Beidh na cleachtais sláinteachais a bhaineann le húsáid an leithris i bhfeidhm agus má
bhíonn áraisíní a n-úsáid cinnteofar go bhfuil siad nite agus díghalraithe tar éis gach
úsáid.
52
7.4 Ag tabhairt leanaí ar thurais
I gcás go mbeadh leanaí á dtabhairt ar thurais lasmuigh de Naíolann na nOileán leanfar na
nósanna seo a leanas:
Cinnteofar go bhfuil an clúdach árachais chuí ann chun na leanaí a thabhairt ar thurais
lasmuigh de Naíolann na nOileán.
Cinnteofar go bhfuil an t-ionad/áit a bhfuil siad ag dul ar thuras ann feiliúnach do pháistí
i gcoitinne agus don aoisghrúpa sin go háirithe. Tabharfaidh duine den fhoireann
réamhchuairt ar an ionad/áit más gá chun a chinntiú go bhfuil sé oiriúnach. Pléifear na
polasaithe cosaint leanaí atá ag an Ionad más ann dóibh.
Cinnteofar go bhfuil an cóimheas ceart daoine fásta ann don líon leanaí a bheidh ag dul
ar an turas chun a chinntiú go mbeidh maoirseacht chuí déanta ar na leanaí.
Cinnteofar go bhfuil an modh iompair sábháilte agus oiriúnach do na leanaí.
Cinnteofar go bhfuil cead faighte ó thuismitheoirí/caomhnóirí an pháiste le dul ar an
turas.
Cinnteofar go leanfar na nósanna imeachta atá ag an Ionad maidir le Sláinte agus
Sábháilteacht agus le Timpistí agus Éigeandála.
7.5 Cosaint ón nGrian
Déanfaidh Naíolann na nOileán gach iarracht leanaí a chosaint ón ngrian agus iad ag spraoi
taobh amuigh lá te. Seo a leanas na nósanna a leantar maidir leis seo:
Beidh cead scríofa ó thuismitheoirí/caomhnóirí go bhfuil cead ag an bhfoireann leacht cosanta gréine a chur ar a leanbh.
Bíonn leacht cosanta gréine ar fáil ag an Naíolann, ach más mian le tuismitheoirí/caomhnóirí na leanaí an leacht cosanta gréine, a úsáideann siad ar a leanbh féin de ghnáth, a chur ar fáil don Naíolann is féidir leo é seo a dhenamh.
Sa chás nach bhfuil aon leacht cosanta gréine ann don pháiste, beidh cead scríofa ó thuismitheoirí/chaomhnóirí ag deimhniú gur féidir le foireann an Naíolann leacht cosanta gréine dá rogha féin a chur ar an leanbh.
Má bhíonn leacht cosanta gréine le cur ar pháiste déanfar sin de réir an chóid iompraíochta.
Molfar do thuismitheoirí hata gréine a chur ar fáil dá leanbh agus caithfidh siad é seo a chaitheadh fad agus a bhíonn siad taobh amuigh.
53
7.6 Cógais leighis Is iad seo a leanas na polasaithe atá ag Naíolann na nOileán maidir le cógas leighis a thabhairt
do pháistí san Ionad:
Caithfidh an tuismitheoir/caomhnóir “Foirm Ceadaithe chun Cógas a thabhairt” a shíniú.
Is duine sinsearach den fhoireann a thabharfaidh an cógas i.e. níl cead ag daoine atá ar thaithí oibre/oibrithe deonacha cógas a thabhairt, agus caithfidh duine eile an cógas a sheiceáil chun a chinntiú go bhfuil an méid ceart á thabhairt.
Beidh ainm iomlán an pháiste, an méid cógais leighis atá le tabhairt ag aon am amháin, agus na hamanna a bhfuil an cógas le tabhairt, marcáilte go soiléir ar an mbosca/buidéal cógas leighis.
Más cógas é atá ordaithe ag dochtúir, is don pháiste atá ainmnithe ar an chógas amháin a thabharfar é.
Caithfidh an dáta ar dáileadh an cógas leighis a bheith scríofa ar an mbosca/ar an mbuidéal.
Caithfidh an dáta a mbeidh an cógas leighis as feidhm a bheith marcáilte ar an mbuidéal/bosca agus ní dháilfidh an fhoireann aon chógas atá as dáta.
Caithfidh treoracha scríofa dochtúra a bheith ag dul le haon chógas leighis a bhíonn á riar go rialta ar nós análóirí nó leacht leighis nach bhfuil treoracha scríofa ón gcógaslann orthu. Beidh na treoracha ábhartha sa nóta scríofa dochtúra chomh maith le sonraí faoi aon réamhchúram speisialta a bheadh i gceist, ag tabhairt san áireamh aon fho-iarsmaí a d’fhéadfadh tarlú. Ba chóir an t-eolas seo a thabhairt suas chun dáta gach sé mhí.
Cinnteofar go riarfar an cógas leighis de réir na dtreoracha atá scríofa ar an gcógas leighis.
Beidh treoracha sonracha tugtha maidir leis an gcógas leighis a riar, a stóráil agus conas fáil réidh leis.
Beidh an cógas leighis i mbuidéal/bosca nach féidir leis an leanbh a oscailt.
Cloífidh an fhoireann leis an bpolasaí glaineachta m.sh. lámha a ní, spúnóg ghlan a úsáid gach uair.
Riarfar an cógas leighis díreach de réir na n-amanna atá leagtha amach ar bhuidéal/bhosca an chógais leighis agus mar a bhíonn aontaithe leis an tuismitheoir/caomhnóir san fhoirm cheadaithe.
Riarfar an cógas leighis i láthair finné.
Fanfar leis an leanbh go mbeidh an cógas leighis slogtha aige/aici.
Cuirfear an cógas leighis ar ais sa chófra cógas faoi ghlas.
Má bhíonn cógas leighis le coinneáil i gcuisneoir, caithfidh an cógas leighis a bheith i gcúinne nó seilf dó féin agus Ainm an pháiste ar leis/léi an Cógas Leighis a bheith le feiceáil go soiléir air agus gan é a bheith in aice le bia.
Taifead ar chógas leighis
54
Caithfidh an fhoireann a riarann cógas leighis taifead a choinneáil ar an fhoirm “Cead Cógais
Leighis” de gach uile am a tugadh an cógais don pháiste. Ní mór do dhuine den fhoireann a
chinntiú go gcomhlánaíonn agus go síníonn tuismitheoir/caomhnóir an fhoirm “Cead Cógais
Leighis” nuair a thagann an leanbh isteach i Naíolann na nOileán ag tús an tseisiúin le go
mbeidh cruinneas ag foireann Naíolann na nOileán ar an am ar tógadh an cógas leighis go
deireanach agus arís go síníonn an tuismitheoir/caomhnóir an fhoirm sula bhfágann an
leanbh an tseirbhís ag deireadh an lae le go mbeidh an tuismitheoir/caomhnóir ar an eolas
maidir leis an gcógas atá tógtha ag an leanbh le linn an lae.
7.7 Grianghrafadóireacht/Físthaifeadadh/Taifeadadh
Is é polasaí Naíolann na nOileán ná go gcaithfear cead a fháil ó thuismitheoirí/caomhnóirí maidir le haon ghrianghrafadóireacht/físthaifeadadh nó taifeadadh a dhéantar ar a gcuid leanaí i Naíolann na nOileán.
Beidh foirm ghinearálta le líonadh ag tuismitheoirí/caomhnóirí nuair a thosaíonn a leanbh ag freastal ar an Naíolann maidir le grianghrafadóireacht neamhfhoirmiúil a thógtar le linn imeachtaí an tseirbhís agus a úsáidfear le bheith ar crochadh san Naíolann ach nach mbeidh ainm an pháiste luaite ann.
Sa chás go mbeidh ócáid fhoirmiúil ar siúl agus go mbeidh grianghraif nó taifeadadh ar siúl agus go bhféadfadh na pictiúir a bheith i nuachtán nó ar shuíomh idirlíon caithfear tuismitheoirí a chur ar an eolas faoi seo agus cead breise a fháil uathu.
Má bhíonn ainm an pháiste á úsáid in aon fhoilseachán caithfidh an cead seo a bheith faighte ón tuismitheoir roimh ré.
Beidh duine den fhoireann i láthair leis na leanaí i gcónaí agus aon ghrianghraif/ físthaifeadadh/taifeadadh á dhéanamh leo.
55
7.8 Spraoi Taobh Amuigh
Aithníonn an tseirbhís an tábhacht a bhaineann le spraoi taobh amuigh d’fhorbairt an pháiste
agus déanfar gach iarracht spraoi taobh amuigh a bheith mar chuid lárnach de churaclam agus
d’am spraoi na seirbhíse ag brath ar an aimsir. Leanfar na nósanna imeachta seo a leanas
maidir le spraoi taobh amuigh:
Cinnteofar go bhfuil an spás spraoi taobh amuigh sábháilte, feiliúnach agus glan don
aoisghrúpa atá i gceist; déantar cinnte go bhfuil geataí dúnta.
Seiceálfar an spás go rialta chun a chinntiú nach bhfuil aon bhruscar, salachar ainmhithe
ná plandaí nimhneacha ann.
Beidh an trealamh spraoi taobh amuigh sábháilte agus feiliúnach don aoisghrúpa atá i
gceist agus seiceálfar é go rialta chun a chinntiú go bhfuil sé i gcaoi mhaith agus tirim.
Cinnteofar go bhfuil an cóimheas cuí daoine fásta leis na páistí chun maoirseacht a
dhéanamh orthu;
Déanfar cinnte go bhfuil gach páiste páirteach sa spraoi taobh amuigh agus go bhfuil
gach páiste ag fáil deis an trealamh a úsáid.
Úsáidfear an áis spraoi taobh amuigh chun tacú leis na gníomhaíochtaí foghlama a
dhéantar laistigh den tseirbhís e.g. ag déanamh sealaíocht ar na háiseanna spraoi agus
ag roinnt.
Cinnteofar go bhfuil na páistí gléasta go hoiriúnach don aimsir atá ann ag an am e.g. sa
samhradh go mbeidh hata gréine agus uachtar gréine orthu (féach an polasaí maidir le
cosaint ón ngrian) agus sa gheimhreadh go mbeidh cótaí, caipíní, bróga feiliúnach agus
miotóga orthu.
Leanfar polasaí glaineachta na seirbhíse ag gach am agus cinnteofar go níonn gach duine
a gcuid lámha tar éis spraoi taobh amuigh.
56
8.1 Tábla maidir le galair thógálacha Seo cuid de na galair thógálach is coitianta, na réamh-chomharthaí a bhíonn leo agus an
tréimhse bisigh a theastaíonn uathu.
Galar Luathchomharthaí Tréimhse ghoir Tréimhse nuair
atá sé tógálach
Íostréimhse le
bheith as láthair
An Bhruitíneach
(Measles)
Slaghdán, casacht,
fiabhras, fuacht, súile
tinne, spotaí bána sa
bhéal (lá nó dhó),
gríos ar an aghaidh
tar éis 2 nó 3 lá,
cliabhrach lag
8-15 lá Cúpla lá sula
mbíonn an srón ag
sileadh agus an
slaghdán sa
cheann go dtí 7 lá
tar éis don ghríos
imeacht
7 lá ón am a
dtagann an ghríos
ar an gcraiceann
An Bhruitíneach
Dhearg
(German Measles)
D’fhéadfadh fiabhras
a bheith i gceist,
chomh maith le
scornach thinn,
muineál dolúbtha,
gríos a thosaíonn go
hiondúil ar an
aghaidh tar éis lá nó
dhó
14-21 lá
Ó 7 lá sula
dtagann an ghríos
go dtí ar a laghad
4 lá tar éis di
imeacht
4 lá tar éis don
ghríos teacht ar an
gcraiceann
An Deilgneach
(Chicken Pox)
Fiabhras beag,
tinneas cinn, fonn
cuir amach, tagann na
spotaí ar an dara lá –
ag tosú ar an droim
11-21 lá Ó 5 lá roimh
theacht na
mbalscóidí go dtí 6
lá tar éis do na
balscóidí
deireanacha
imeacht
6 lá tar éis don
ghríos teacht ar an
gcraiceann
Leicneach
(Mumps)
Fiabhras, scornach
thinn, béal tirim, pian
le linn cogainte
12-25 lá Ó 7 lá sula
dtarlaíonn an t-at
go 9 lá ina dhiaidh
9 lá tar éis don at
tarlú
Triuch
(Whooping Cough)
Fiabhras agus catarra
ar feadh thart ar
seachtain sula
dtagann an chasacht
mhór
7-14 lá Ó 7 lá tar éis é a
thógáil go 21 lá tar
éis don triuch tosú
21 lá tar éis don
triuch tosú
Galar an Tochais
(Scabies)
Tochas uafásach,
balscóidí, crústaí
pointíní fola
Roinnt laethanta Scaipeann na
fíneoga go tapaigh
nuair a bhíonn
teagmháil le duine
eile, le héadaí nó
le héadach leapa
Go dtosaíonn an
chóir leighis
57
Míolta Gruaige
(Hair Lice)
Tochas sa cheann Tógálach go
gcuirtear cóireáil
air
Go dtí go mbíonn
cóireáil curtha air
agus iad imithe.
Toinníteas
(Conjunctivitis)
Súile tinn, uisce nó
sileadh, athlasta
1-3 lá Tógálach nó go
gcuirtear cóir
leighis air
Go dtí go gcuirtear
cóir leighis air agus
é glanta suas
Borrphéist
(Ringworm)
Ciorcail dhearga ar an
gcraiceann (ar an
gcolainn) le himeall
ardaithe
10-11 lá Tógálach,
scaiptear trí a
bheith ag tochas
agus ag coinneáil
ábhar faoi na
hingne
Go dtí go gcuirtear
cóir leighis air
Drochshlaghdán Casacht nó
sraothartach
Fad agus atá an
páiste ag casacht
nó ag sraothartach
D’fhéadfadh
casacht agus
sraothartach
frídíní a thabhairt
do pháistí eile.
Gaistreintríteas
(Gastroenteritis)
Buinneach agus cuir
amach
Braitheann sé ar
an orgánach
Braitheann sé 48 uair tar éis den
ghnáthnós
folmhaithe filleadh
agus/nó an cuir
amach stopadh
(d’fhéadfadh an
tréimhse a bheith
níos faide
d’orgánaigh ar
leith e.g. E.coli
0157)
58
8.2 Clár Glantacháin do Bhréagáin an tSeirbhís
Áit/Earra le
Glanadh
Ábhar Glantacháin Modh Minicíocht Déanta ag:
Ábhair Ealaíne Uisce te sobalach Nigh gach uile scuab,
siosúr agus soitheach .
Tar éis iad a
úsáid
Naprúin Nigh naprúin agus
triomaigh go maith.
Uair sa
tseachtain
Bloicíní, Brící,
Bréagáin Tógála
Uisce te sobalach Nigh bréagáin
phlaisteacha le huisce
te sobalach agus
triomaigh go maith. Is
féidir éadach tais
sobalach a chuimilt de
bhloicíní adhmaid.
Uair sa
tseachtain
Leabhair Uisce te sobalach Cuimil éadach tais de
leabhair faoi chlúdach
crua agus triomaigh. Is
féidir leabhair
phlaisteacha agus
éadaigh a ní in uisce te
sobalach agus a
thriomú go maith. Ní
mór leabhair éadaigh
nach gcuirtear san
inneall níocháin a chur
ar bogadh in uisce te
sobalach ar feadh 15
nóiméad ar a laghad.
Uair sa
choicís
Bréagáin Bheaga,
Mataí Spraoi,
Éadaí
Bréagraíochta
Nigh de réir
threoracha an
déantóra.
De réir threoracha an
déantóra.
Uair sa
tseachtain
Míreanna Mearaí Uisce te sobalach Nigh le huisce te
sobalach más féidir
agus mura féidir cuimil
le héadach tais.
Uair sa
tseachtain
Soithigh Spraoi Uisce te sobalach Glan le héadach tais
agus triomaigh iad gach
Nuair is gá
ach uair sa
tseachtain ar
59
Áit/Earra le
Glanadh
Ábhar Glantacháin Modh Minicíocht Déanta ag:
Siopa/Baile srl.
lá.
Nigh le huisce te
sobalach agus
triomaigh go maith.
a laghad.
Taos/ábhair agus
Trealamh
Múnlaithe (m.sh.
Marla)
Uisce te sobalach Nigh an trealamh le
huisce te sobalach agus
triomaigh go maith.
Uair sa
tseachtain
Bréagáin
Tráidire agus
Bréagáin Uisce
Uisce te sobalach Folmhaigh tráidire an
uisce, nigh in uisce te
sobalach agus
triomaigh go maith.
Nigh gach
bréagán/soitheach in
uisce te sobalach agus
triomaigh go maith.
Tar éis gach
seisiún agus
cuir uisce
glan sa
tráidire tar
éis gach
seisiún.
Tar éis gach
seisiún
Gaineamh Ábhar
frithbhaictéarach ar
nós Milton
Ba chóir an gaineamh a
chur trí chriathar agus
é a dhíghalrú trí é a
spraeáil le 2 pháirt
uisce agus 1 pháirt
Milton nó a
mhacasamhail. Ní mór
an gaineamh a athrú
uair sa mhí mura féidir
seo a dhéanamh.
Uair sa mhí
murar féidir
é a dhí
ghalrú.
60
8.3 Clár Glantacháin don tSeirbhís
Áit/Earra le
Glanadh
Ábhar Glantacháin Modh Minicíocht Déanta ag:
Boird, Cosa agus
Íochtair san
áireamh
Ábhar
frithbhaictéarach gan
lagú nó ábhar a
chaithfear a lagú, m.sh.
1 pháirt ábhair i 4
pháirt uisce(an t-ábhar
agus an lagú de réir
threoracha an
déantóra).
Glan an barr leis an
ábhar. Sruthlaigh le
huisce glan agus
triomaigh le tuáillí
páipéir.
Gach lá tar
éis úsáide
agus roimh
béile.
Dromchlaí oibre
agus spraoi
Ábhar
frithbhaictéarach agus
uisce
Glan leis an ábhar,
sruthlaigh le huisce glan
agus triomaigh go
maith.
Gach lá tar
éis úsáide
Plátaí, Cupáin,
Gréithe agus eile
Uisce te sobalach agus
ábhar
frithbhaictéarach
Nigh leis an ábhar,
sruthlaigh le huisce te
agus triomaigh go
maith.
Tar éis gach
úsáide
Doirse, murláin
san áireamh
Ábhair
fhrithbhaictéaracha
agus uisce
Nigh leis an ábhar,
sruthlaigh le huisce te
agus triomaigh.
Uair sa
tseachtain
Cófraí Ábhar
frithbhaictéarach agus
uisce
Nigh leis an ábhar,
sruthlaigh le huisce te
agus triomaigh.
Uair sa
tseachtain
Seilfeanna Ábhar
frithbhaictéarach agus
uisce
Nigh leis an ábhar,
sruthlaigh le huisce te
agus triomaigh.
Uair sa
tseachtain
Cuisneoir Ábhair
fhrithbhaictéaracha
agus uisce
Nigh leis an ábhar,
sruthlaigh le huisce agus
triomaigh.
Uair sa
tseachtain
nó níos
minice má
dhoirtear
dada ann
61
Áit/Earra le
Glanadh
Ábhar Glantacháin Modh Minicíocht Déanta ag:
Urláir Ábhair
fhrithbhaictéaracha
agus uisce
Urláir a
scuabadh/fholúsghlana
dh agus iad a ní leis an
ábhar, sruthlaigh le
huisce agus triomaigh.
Ag deireadh
gach lá
Báisíní láimhe Tuáillí
Ábhair
fhrithbhaictéaracha
agus uisce
Cinntigh go bhfuil
soláthar tuáillí páipéir in
áit
Nigh leis an ábhar agus
sruthlaigh le huisce agus
triomaigh.
Ag deireadh
gach lá
Ag deireadh
gach lá
Leithris Páipéar
Ábhair
fhrithbhaictéaracha,
uisce agus sobal
Miotóga aon uair
amháin
Cinntigh go bhfuil
soláthar páipéir leithris
in áit
Doirt an t-ábhar síos
iontu agus nigh leis an
scuab leithris.
Nigh na leithris taobh
amuigh agus ar barr leis
an ábhar, sruthlaigh le
huisce te agus
triomaigh.
Tá sé tábhachtach nach
n-úsáidfí an t-éadach a
nglantar an leithreas leis
in aon áit eile seachas sa
leithreas. Is féidir dath
dá chuid féin a bheith ar
an éadach sin sa chaoi
agus go mbeidh
cinnteacht ann gur don
leithreas amháin é.
Ag deireadh
gach lá
Ag deireadh
gach lá
Ag deireadh
gach lá
62
Áit/Earra le
Glanadh
Ábhar Glantacháin Modh Minicíocht Déanta ag:
Mapa urláir
Buicéad don mhapa
Tá sé tábhachtach go
mbeadh mapa urláir ar
leith ann don leithreas
agus nach ndéanfaí é a
úsáid in aon áit eile san
Naíolann na nOileán.
Ag úsáid buicéid agus
mapa, nigh an t-urlár
leis an ábhar agus uisce
te. Sruthlaigh le huisce
agus triomaigh. Stóráil
an mapa agus an
buicéad don mhapa in
áit eile, m.sh. seomra
acraí nó seomra stórais.
Níor cheart mapa agus
buicéad an mhapa a
stóráil taobh amuigh ar
fhaitíos go ndéanfadh
éanlaith, péisteanna,
lucha, francaigh nó
ainmhithe baile iad a
thruailliú.
63
Áit/Earra le
Glanadh
Ábhar Glantacháin Modh Minicíocht Déanta ag:
Fuinneoga Ábhar glanta fuinneog
ar an ngloine
Ábhar
frithbhaictéarach agus
uisce ar na frámaí
Lean treoracha an
déantóra.
Nigh leis an ábhar,
sruthlaigh le huisce agus
triomaigh
Uair sa mhí
Uair sa mhí
Leaca fuinneog /
doirse
Ábhar
frithbhaictéarach agus
uisce
Nigh leis an ábhar agus
sruthlaigh le huisce agus
triomaigh.
Uair sa mhí
Ballaí Ábhar
frithbhaictéarach agus
uisce
Glan ballaí arda le scuab
fhada ag déanamh
cinnte nach bhfuil
neadacha damhán alla
orthu.
Nigh leis an ábhar agus
sruthlaigh le huisce agus
triomaigh
Uair sa mhí.
Ballaí ísle, a
mbíonn na
leanaí i
dteagmháil
leo, uair sa
tseachtain
Fearais soilse agus
clúdaigh
Uisce te sobalach Nigh le huisce te
sobalach.
Uair sa mhí
Síleálacha Uisce te sobalach Glan le scuab fhada ag
déanamh cinnte nach
bhfuil neadacha
damhán alla ar na
síleálacha agus nigh le
huisce te sobalach ag
úsáid mapa urláir le cos
fhada atá coinnithe do
shíleálacha amháin.
Uair sa mhí
Bosca Bruscair Ábhar
frithbhaictéarach agus
uisce.
Nigh leis an ábhar,
sruthlaigh le huisce agus
triomaigh.
Ag deireadh
gach lá agus
bainfear
úsáid as
córas
bailithe
64
Áit/Earra le
Glanadh
Ábhar Glantacháin Modh Minicíocht Déanta ag:
bruscair
lena
chinntiú go
mbaileofar
an bruscar
uair sa
tseachtain.
65
8.4 Nósanna Imeachta maidir le caighdeáin glaineachta/sláinteachas
Tá galair thógálacha in ann cur as go mór do shláinte naíonán agus pháistí óga. Tá roinnt bealaí ina n-aistrítear ionfhabhtuithe:
teagmháil dhíreach le daoine nó le hainmhithe fabhtaithe
ag tógáil ionfhabhtú ó fhrídíní na colainne féin
tarchur ó lámh go béal
san aer
tarchur indíreach e.g. bréagáin, murláin doirse, leithris, urláir, boird, srl.
ó fheithide, lotnaide, ainmhithe
trí aistriú díreach ó dhuine amháin go duine eile
Is féidir ionfhabhtaithe a choinneáil faoi smacht ar na bealaí seo a leanas:
Is é an fáth go nglactar le nósanna imeachta chun srian a chur ar ionfhabhtaithe ná chun an líon
frídíní a laghdú go leibhéal nach bhfuil ina bhagairt don tsláinte phoiblí. Is iad na príomhbhealaí
ar féidir le bainisteoir/soláthraí cúram leanaí é seo a dhéanamh ná a chinntiú go gcuirtear
oiliúint leanúnach agus chuimsitheach ar an bhfoireann maidir le conas srian a choinneáil ar
ionfhabhtuithe (e.g. beartais bhunúsacha sláinteachais cosúil leis an tábhacht a bhaineann le ní
lámha, sláinteachas bia, glanadh, srl.). Cinnteoidh an Polasaí chun Srian a Choinneáil ar
Ionfhabhtuithe go gcuirfear bearta sláinteachais i bhfeidhm i gceart agus go laghdófar an baol ó
ionfhabhtuithe do pháistí agus don fhoireann.
Ní mór doirteal agus uisce te a bheith i ngach seomra i gcónaí i gcomhair cúrsaí glantacháin.
Tuairisciú/Taifeadadh ar thinneas:
Ba cheart plean teagmhasach a bheith i bhfeidhm chun déileáil le galair thógálacha. Ba cheart go mbeadh na réimsí freagrachta sonraithe go soiléir agus ní mór na bealaí cumarsáide a bheith leagtha amach idir na daoine a bhfuil baint acu leis an scéal, lena n-áirítear Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i.e. an tOifigeach Sláinte Chomhshaoil Réamhscoile agus/nó an Rannóg Sláinte Phoiblí.
Ní mór do Bhainisteoir an Naíolann na sonraí ar fad, a thug na baill foirne nó tuismitheoirí an pháiste dóibh maidir leis an tinneas, a chur ar taifead.
Má fhaigheann leanbh tinn i Naíolann na nOileán déanfar teagmháil leis an tuismitheoir/caomhnóir láithreach.
66
As láithreachas i gcás tinnis:
Ní mór leanaí atá tinn, i.e. iad siúd a bhfuil teocht ard acu agus/nó aon chomharthaí eile tinnis, a choinneáil amach ón Naíolann go dtí go bhfuiltear ar an eolas faoi céard atá orthu agus go dtí go bhfuil an tréimhse oiriúnach caite as láthair acu do cibé tinneas atá orthu.
Ba cheart do pháistí fanacht sa bhaile, go dtí go mbíonn comharthaí a dtinnis curtha díobh acu le 48 n-uair a chloig, má tá gnáthbhuinneach nó gnáth chuir amach orthu.
Sláinteachas Lámha:
Is é an gné is tábhachtaí a bhaineann le srian a choinneáil ar ionfhabhtuithe ná na lámha a ní ar bhealach éifeachtach.
Ní mór báisín láimhe a chur ar fáil, ina bhfuil soláthar leanúnach uisce te agus fuar, leacht gallúnaí agus tuáillí páipéir.
Ní mór báisíní láimhe a bheith i ngach seomra sláintíochta, i ngach áit ina n-athraítear clúidíní, i gcistineacha agus i seomraí leanaí.
Ní mór leanaí a spreagadh chun a gcuid lámha a ní agus maoirsiú a dhéanamh orthu agus iad á
dhéanamh seo:
tar éis dul chuig an leithreas
roimh ithe, lena n-áirítear sneaiceanna
tar éis bheith ag súgradh taobh amuigh
Ní mór do bhaill foirne a gcuid lámha a ní:
roimh bia a ullmhú nó a leagan amach
roimh bia a thabhairt do na leanaí
roimh ithe nó ól
tar éis dul chuig an leithreas
tar éis cuidiú le leanaí ag an leithreas
tar éis clúidíní a athrú
tar éis aon sreabhán coirp a láimhseáil
tar éis gnásanna glantacháin
tar éis cúram a thabhairt do pháistí atá tinn
tar éis éadaí nó earraí atá salach a láimhseáil
tar éis bheith ag déileáil le dramhaíl
tar éis miotóga agus/nó naprúin aon uaire a bhaint díobh
67
Modh nite lámha
Fliuch na lámha faoi uisce te (ná bíodh sé níos teo ná 43ºc do pháistí ar fhaitíos go scólfaí iad). Cuir leacht gallúnaí ar na lámha agus cuimil go bríomhar isteach sa chraiceann é. Dírigh ach go háirithe ar na bosa, cúl na lámha, na rostaí, na hingne agus na méara. Cuimil idir gach méar agus timpeall ar na hordóga. Sruthlaigh na lámha agus triomaigh go hiomlán iad le tuáillí páipéir aon uaire. Cas as na sconnaí leis an tuáille páipéir.
Leithris agus áraisíní:
Ní mór seomraí leithris a ghlanadh go minic i rith an lae de réir an sceidil ghlantacháin agus ar an bpointe má tá siad salach. Ní mór díriú ach go háirithe ar lámhghreim an leithris, ar an doras, ar shuíochán an leithris agus ar na báisíní láimhe, go háirithe na sconnaí.
Ba cheart áraisíní a fholmhú go cúramach isteach sa leithreas, iad a ní le huisce te agus le glantach agus iad a dhíghalrú agus a thriomú go cúramach.
Ba cheart go mbeadh a n-áraisín féin ag gach leanbh nó sin iad a ghlanadh agus a dhíghalrú go han-chúramach tar éis iad a úsáid.
Nuair a úsáidtear suíochán cleachtadh, ní mór é a ghlanadh agus a dhíghalrú go cúramach gach uair a úsáidtear é.
Polasaí maidir le clúidíní a athrú:
Níor cheart clúidíní a athrú ach amháin san áit atá leagtha amach go speisialta d’athrú clúidíní.
Nigh do chuid lámha tar éis clúidín a athrú.
Níor cheart go mbeadh ungthaí ná lóiseanna á roinnt idir leanaí.
Glan an mata athraithe agus an spás timpeall air le huisce te agus le glantach tar éis gach athrú agus ansin déan díghalrú air agus triomaigh go cúramach é.
Ba cheart don fhoireann miotóga aon uaire a úsáid nuair atá clúidíní á n-athrú.
Ní mór an clúidín salach a chur i mála dophollta, an mála a cheangal agus é a chur isteach i mbosca bruscair a bhfuil clár air.
Ní mór gach dromchla a ghlanadh agus a dhíghalrú gach lá.
Ní mór na mataí athraithe a sheiceáil go rialta agus iad a chaitheamh amach má tá an clúdach scoilte nó stróicthe.
68
Doirteadh sreabháin choirp:
Má dhoirtear fuil, cuir amach, fual nó eisfhearadh, ní mór é a ghlanadh suas a luaithe is féidir. Ní mór daoine eile a choinneáil as an mbealach fad is atá sé seo á dhéanamh agat.
Ní mór miotóga aon uaire plaisteacha a úsáid agus tú ag glanadh suas aon doirteadh dá leithéid. Úsáid tuáillí páipéir chun aon leacht breise a shú suas agus cuir iad seo, agus aon ábhar soladach eile, isteach díreach i mála plaisteach.
Ba cheart gnáth-thuarthóir teaghlaigh – 1 go 10 bpáirt uisce – a úsáid agus tú ag glanadh agus ag díghalrú (níor cheart ligean don leacht seo dul i dteagmháil le do chraiceann. Má tharlaíonn sé sin, ba cheart an craiceann, na súile nó an béal a ní le huisce fuar. Tá tuarthóir in ann miotal a chreimeadh agus éadach a mhilleadh, go háirithe má úsáidtear an méid mícheart de).
Más féidir é a dhéanamh, doirt an tuarthóir caolaithe os cionn an doirteadh go mall réidh. Clúdaigh é le tuáillí páipéir agus glan suas é le tuilleadh tuáillí páipéir.
Is féidir fáil réidh le tuáille páipéir amháin trína chur síos sa leithreas. Ach, má tá níos mó ná ceann amháin úsáidte agat, ní mór iad a chur isteach i mála plaisteach le do chuid miotóga agus an mála plaisteach a dhúnadh.
Moltar tuarthóirí agus málaí plaisteacha a choinneáil in éindí i gcomhair eachtraí mar seo (coinnigh soláthar díobh i ngach aon seomra).
Nuair atá a leithéid d’obair curtha i gcrích, nigh agus triomaigh do chuid lámh go maith.
Sláinteachas bia agus cistine:
Níor cheart i ndáiríre go mbeadh aon bhaint ag baill foirne a bhíonn ag tabhairt leanaí chuig an leithreas nó ag athrú clúidíní le láimhseáil bia. Nuair atá baill foirne i mbun cócaireachta, níor cheart go mbeadh aon bhaint acu le haon ghné eile de chúram leanaí sa tréimhse seo.
Ní mór do bhaill foirne an duine atá i gceannas a chur ar an eolas má tá aon tinneas orthu go bhféadfadh nimhiú bia teacht as.
Dearbhófar an tréimhse le fanacht as láthair tar éis babhta cuir amach nó buinní, go hiondúil 48 n-uair a chloig gan aon chomharthaí tinnis (Aguisín 2).
Bréagáin:
Cloígh leis na sceidil agus an clár glantacháin bréagán atá in Aguisín 2.
69
Glanadh:
Ní mór gach áit a ghlanadh go rialta de réir róta agus polasaí scríofa glantacháin. Ba cheart leithris agus dromchlaí teagmhála crua (boird sa seomra spraoi) a ghlanadh go minic.
Ba cheart go mbeadh fearas ar leith glantacháin i ngach seomra difriúil agus é le haithint go héasca e.g. é a bheith dathchódaithe.
Ní mór na boird sa seomra spraoi a ghlanadh sula leagtar bia orthu.
Turais chuig feirmeacha nó zúnna:
Ní mór do pháistí a gcuid lámha a ní tar éis teagmháil a dhéanamh le hainmhithe, le cléibh ainmhithe, roimh ithe agus nuair atá siad ag fágáil na feirme nó an zú.
Ba cheart gach briseadh i gcomhair bia a thógáil in áit atá scoite amach ó aon áit ina bhfuil ainmhithe coinnithe.
Ní mór súil a choinneáil i gcónaí ar pháistí le linn cuairte chuig feirm nó zú. Ba cheart don fhoireann an tábhacht a bhaineann le níochán lámha a áitiú ar pháistí le linn na cuairte.
70
8.5 Bosca Garchabhrach
Is iad seo a leanas na hábhair a mholtar bheith i mbosca garchabhrach do pháistí:
Ábhair Ábhair an Bhosca Gharchabhraigh
1-5 leanbh 6-25 leanbh 26-50 leanbh
Greimlíní hiopailléirgineacha 12 20 20
Púicíní steiriúla (le bindealán
greamaithe leo)
2 6 6
Bindealáin triantánacha i mbeartáin
aonair
2 6 6
Cóiriúcháin steiriúla créachta gan
íocleasú, i mbeartáin aonair
1 2 4
Cóiriúcháin steiriúla créachta
neamhghreamaitheacha gan
íocleasú, i mbeartáin aonair
1 2 4
Ciarsúir antaiseipteacha i mbeartáin
aonair
8 8 10
Deimheas paraimhíochaine 1 1 1
Lámhainní laitéise – laitéis gan púdar
nó lámhainní Nitril (gan laitéis)
bosca amháin bosca amháin bosca amháin
Uiscealach steiriúil súl freisin, mura
bhfuil aon uisce reatha ann
1 2 2
Chomh maith le bosca garchabhrach, d’fhéadfá teirmiméadar fiabhrais agus siosúr láidir a
bheith agat.
In áit ina bhfuil níos mó ná 50 leanbh, níor mhór soláthar ábhar ar bhonn pro rata bheith ann. Nuair nach bhfuil uisce reatha ar fáil ón sconna chun súile a ghlanadh, ba cheart go mbeadh
uisce steiriúil nó gnáthshailíne steiriúil (0.9%) ar fáil i ngabhdáin shéalaithe aonuaire. Ba cheart
go mbeadh gach gabhdán ábalta 30ml a choinneáil agus níor cheart é a úsáid arís tar éis don
séala a bheith briste. Ba cheart go mbeadh 90ml ar a laghad ar fáil.
Níor cheart cupaí súl/gabhdáin a athlíontar a úsáid chun súile a ghlanadh amach.
71
8.6 Cúiseanna a gcuirfí tuairisc chuig Feidhmeannacht na
Seirbhíse Sláinte/An Garda Síochána
Seo a leanas cuid de na cúiseanna a gcuirfí tuairisc chuig Feidhmeannacht na Seirbhíse
Sláinte/An Garda Síochána:
Má léiríonn leanbh go bhfuil drochúsáid déanta orthu;
Tuairisc ó dhuine a chonaic drochúsáid á dhéanamh ar pháiste;
Go bhfuil fianaise ann, cosúil le gortú nó iompraíocht, atá comhsheasmhach le
drochúsáid a bheith tarlaithe agus nach bhféadfadh sé tarlú ar aon bhealach eile ach trí
dhrochúsáid;
Má tá gortú nó iompraíocht ar siúl a thugann le fios go bhfuil drochúsáid ar bun agus go
bhfuil míniú neamhurchóideach tugtha faoi, ach go bhfuil comharthaí eile ann a thugann
cúis imní go bhfuil drochúsáid ar bun. Mar shampla, dá mbeadh gortaithe rialta ar
pháiste agus míniú nach ndéanann ciall tugtha faoi na gortaithe sin agus go bhfuil
comharthaí eile do dhrochúsáid ann nó go bhfuil iompraíocht mífheidhmiúil ar siúl;
Go bhfuil comharthaí seasmhach ann thar tréimhse ama go bhfuil faillí mhothúchánach
nó chorpartha á dhéanamh ar pháiste.
72
8.7 Sainmhíniú ar chineálacha drochúsáide
Tá cineálacha éagsúla drochúsáide ann gur féidir tarlú do leanaí. Is iad na príomhchineálacha ná:
Faillí
Drochúsáid mhothúchánach
Drochúsáid chorpartha
Drochúsáid ghnéasach
Faillí
Is féidir faillí a shainmhíniú mar neamhghníomh, sé sin nuair a dhéantar dochar suntasach nó go
gcuirtear as ar bhealach éigin d’fhorbairt an pháiste má bhíonn rudaí cosúil le bia, éadaí, teas,
glaineacht, spreagadh intleachta, maoirseacht agus sábháilteacht, ceangal le daoine fásta agus
cion uathu, cúram leighis in easnamh ina saol.
Drochúsáid mhothúchánach
Is sa chaidreamh idir cúramóir agus leanbh a tharlaíonn drochúsáid mhothúchánach go hiondúil.
Tarlaíonn sé nuair nach dtugtar an chion, an fhormheas, an comhsheasmhacht agus an mothú
go bhfuil siad sábháilte a theastaíonn ó pháistí dóibh. Mura bhfuil cineálacha eile drochúsáide
ag tarlú, ní bhíonn aon chomharthaí dó seo le feiceáil go hiondúil.
Drochúsáid chorpartha
Is é is drochúsáid chorpartha ann ná aon chineál gortú neamhthimpisteach nó aon ghortú a
tharlaíonn de bharr gur teipeadh nó gur déanamh faillí toiliúil an leanbh a chosaint.
Drochúsáid ghnéasach
Is é atá i gceist le drochúsáid ghnéasach ná nuair a úsáideann duine eile leanbh ar mhaithe le
múscailt ghnéasach nó sásamh gnéasach a fháil dóibh féin nó do dhaoine eile.
(Tá breis eolais le fáil ar an ábhar seo sa lámhleabhar Tús Áite do Leanaí (2011) lth. 8 - 13)
Recommended