9
I gceann tamaill, beidh tú ag éisteacht le hÓigí Ó Sé ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, ag cur síos ar a bheith ag cabhrú sa bhaile. Sula n-éisteann tú leis, bain triail as an gcleachtadh seo... Ag cabhrú timpeall an tí

Ag cabhrú timpeall an tí

Embed Size (px)

DESCRIPTION

Ag cabhrú timpeall an tí. I gceann tamaill, beidh tú ag éisteacht le hÓigí Ó Sé ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, ag cur síos ar a bheith ag cabhrú sa bhaile. Sula n-éisteann tú leis, bain triail as an gcleachtadh seo. Ag cabhrú timpeall an tí Réamhobair. - PowerPoint PPT Presentation

Citation preview

Page 1: Ag cabhrú timpeall an tí

I gceann tamaill, beidh tú ag éisteacht le hÓigí Ó Sé ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, ag cur síos ar a bheith ag cabhrú sa bhaile.

Sula n-éisteann tú leis, bain triail as an gcleachtadh seo...

Ag cabhrú timpeall an tí

Page 2: Ag cabhrú timpeall an tí

Conas a déarfá na rudaí seo as Gaeilge? Scríobh i do chóipleabhar iad agus bí cúramach leis an litriú!

1. cleaning: ____________________

2. washing: ____________________

3. drying: ____________________4. tidying: ____________________5. polishing:

____________________6. sweeping:

____________________7. setting the table: ____________________8. putting things away:

____________________9. making the bed: ____________________10. ironing: ____________________11. organising:

____________________12. preparing:

____________________13. peeling (glasraí): ____________________14. boiling: ____________________

Ag cabhrú timpeall an tí Réamhobair

Page 3: Ag cabhrú timpeall an tí

Éist le hÓigí agus freagair na ceisteanna seo:

1. Cén fáth a mbeadh cabhair ag teastáil ó thuismitheoirí Óigí sa bhaile?

2. Cé chomh minic a chóiríonn Óigí a leaba?

3. Cathain is mó a bhíonn Óigí ag cabhrú ar an bhfeirm?

4. An maith leis obair feirme?5. Cén míbhuntáiste a

bhaineann le bheith ag obair le caoirigh?

Ag cabhrú timpeall an tí Éisteacht

Page 4: Ag cabhrú timpeall an tí

Cén chanúint atá ag Óigí?Conas atá a fhios agat? Luaigh

cúis amháin.

Deir Óigí rudaí cosúil le ‘Bíonn na háraistí le glanadh agus le triomú.’

Cén focal eile atá agatsa ar ‘áraistí’?

Agus an ceann seo?‘...téann siad tríd na fallaí.’

Cén focal eile atá agatsa ar ‘fallaí’?

Ag cabhrú timpeall an tí Iarphlé 1

Abair ar shlí eile é...

Page 5: Ag cabhrú timpeall an tí

(a) Tarraing na boscaí thíos i do chóipleabhar agus líon iad le do chuid tuairimí féin. Ní gá go mbeadh taithí phearsanta agat ar an bhfeirmeoireacht chun é sin a dhéanamh.

(b) An bhfuil peata agat sa bhaile? Má tá, déan cur síos air. Mura bhfuil, abair ar mhaith leat peata a bheith agat nó nár mhaith agus cén fáth?

Scríobh do chuid tuairimí i do chóipleabhar.

Ag cabhrú timpeall an tí Scríobh

Rudaí a thaitníonn / a thaitneodh liom faoi obair feirme

Rudaí nach dtaitníonn / nach dtaitneodh liom faoi obair feirme

Page 6: Ag cabhrú timpeall an tí

Déagóirí boga!Féach an méid atá le rá ag déagóir Éireannach faoi thuras a thug sí ar theaghlach sa Fhrainc:

“Chaith mé trí seachtaine le teaghlach thall sa Fhrainc an samhradh seo caite agus bhí siad an-deas ar fad. Bhí buachaill ceithre bliana déag ann agus cailín sé bliana déag. Rud amháin a chuir iontas orm ná é seo: Ní dhearna na déagóirí sa teach rud ar bith. Rinne an mháthair an chócaireacht ar fad agus ba é an t-athair a nigh na gréithe – ní thugadh na leanaí na plátaí ón mbord go dtí an doirteal fiú amháin. Shuídís siar mar a bheadh prionsa agus banphrionsa ann agus ní deirtí rud ar bith leo. Agus dá bhfeicfeá na seomraí leapa a bhí acu! Bhí siad bréan salach agus éadaí caite ar fud na háite. Ó, is ea, tar éis dóibh cith a thógáil chaithidís na tuáillí ar an urlár agus is í an mháthair a phiocadh suas ina ndiaidh iad. Tá beagán imní orm mar beidh siad ag teacht go dtí mo theach féin i gceann cúpla seachtain agus níl aon slí go gcuirfidh mo mháthair ná m’athair suas leis sin! Beidh siad ag iarraidh ar na Francaigh gach rud a dhéanamh!”

Ag cabhrú timpeall an tí Léamh

Page 7: Ag cabhrú timpeall an tí

Pléigh na ceisteanna seo a éiríonn as an bpíosa Déagóirí Boga:

1. An bhfuil tusa cosúil leis na déagóirí Francacha a bhí sa phíosa atá díreach léite agat? Cén tslí?

2. Cén saghas polasaí atá agaibhse sa bhaile maidir leis an obair tí? Cé a dhéanann na jabanna éagsúla timpeall an tí?

3. An dóigh leatsa go bhfuil saol níos éasca ag déagóirí anois ná mar a bhíodh? Cén fáth?

4. An dóigh leatsa go bhfuil sé ceart nó mícheart go ndéanfadh déagóirí méid áirithe obair tí? Cén fáth?

Ag cabhrú timpeall an tí Iarphlé 3

Page 8: Ag cabhrú timpeall an tí

Cé chomh cabhrach is atá tú?

Do scór: 1-3 Fíor: Níl tú róchabhrach ar chor ar bith, ná níl? Tarraing amach an folús ghlantóir ó am go chéile nó cuimil éadach den bhord anois is arís. Ní mharóidh sé tú!4-6 Fíor: Níl tú olc, is dócha. Níl tú go hiomlán gan úsáid! Foghlaim cúpla scil nua agus beidh tú ar fheabhas ar fad.7-10 Fíor: Bhuel, ní bheidh aon fhadhb agatsa nuair a fhágfaidh tú an baile! Beidh gach duine ag iarraidh a bheith ina gcónaí leatsa. Abair le duine éigin braon tae a dhéanamh duit – tá sé tuillte agat!

Ag cabhrú timpeall an tí Iarphlé 4

Fíor nó Bréagach?

1. Ullmhaím mo bhricfeasta féin ar maidin.

2. Ullmhaím mo lón féin le haghaidh scoile.

3. Bíonn mo sheomra deas glan den chuid is mó.

4. Déanaim mo chuid iarnála féin.

5. Ní bhíonn ar mo thuismitheoirí na gréithe a ní i mo dhiaidh, de ghnáth.

6. Glanaim an seomra folctha ó am go chéile.

7. Cabhraím le mo thuismitheoirí an teach a ghlanadh.

8. Réitím an dinnéar don chlann ó am go chéile.

9. Tá a fhios agam conas cúpla rud a bhácáil.

10. Táim in ann tine a lasadh.

Page 9: Ag cabhrú timpeall an tí

Cuir na frásaí beaga thíos in abairtí lena mbrí a léiriú.

Thuas staighreThíos staighre

Suas an staighreSíos an staighre

Anuas an staighreAníos an staighre

Seo nod chun cabhrú leat:Nuair a thosaíonn an focal le ‘t’ ní bhíonn aon ghluaiseacht i gceist (e.g. thuas).Nuair a thosaíonn an focal le ‘s’ tá an duine ag dul áit éigin (e.g. suas).Nuair a thosaíonn an focal le ‘a’ tá an duine ag teacht ó áit éigin (e.g. anuas).

Ag cabhrú timpeall an tí Iarphlé 5