2
Cad é soláthar príobháideach uisce neamh-rialaithe? ‘Seard is soláthar príobháideach uisce neamh-rialaithe na soláthar uisce nach dtagann ó Comhairle Contae nó Cathrach, nó aon soláthar nach bhfuil rialaithe ag Údarás Sláintíochta dá leithéid. Soláthar príobháideach is ea é a chuireann níos lú ná 10 méadar ciúbach ar fáil sa ló nó a fhreastalaíonn ar níos 50 duine (tobar aonair san áireamh) agus nach bhfuil gníomhaíocht tráchtála ná poiblí bainteach leis, mar shampla bialann nó tigh lóistín. Cad chuige an bhileog seo? go mbíonn soláthairtí príobháideacha uisce sábháilte don chuid is mó is féidir leo a bheith i mbaol truaillithe. Uaireanta scaiptear pataiginí mar E-coli 0157 agus Cryptosporidium agus leanann droch- ghalair iad siúd. Ar mhaithe le do shláinte féin agus sláinte do theaghlaigh mór duit do sholáthar príobháideach uisce a choimeád saor ó thruailliú. An Cúlra Dlíthiúil De réir Rialachán an Aontais Eorpaigh (Uisce Óil) (Uimh.2) 2007 (I.R. Uimh. 278 de 2007) tá sé de dhualgas ar Chomhairlí Contae agus Cathrach eolas ar an mbaol truaillithe a thabhairt d’úinéirí soláthairtí príobháideacha uisce agus dá lucht úsáide, agus comhairle a chur orthu Cad í an fhadhb? Tá uisce glan folláin riachtanach don dea- shláinte. Gan cosaint agus cóireáil ceart is féidir le soláthar príobháideach uisce do shláinte a chur i mbaol. D’fhéadfadh an truailliú teacht trí mhiocróib mar bhaictéir, nó trí cheimiceáin; cuid acu gan díobháil ach d’fhéadfadh droch-tinneas teacht ó chuid eile go háirithe i ndaoine aosta, leanaí óga, mná ag iompar clainne nó othair. Uaireanta ní athraíonn blas, boladh ná dath an uisce de bharr truallaithe agus gan sampláil ná anailís is deacair a rá an bhfuil do sholáthar uisce sábháilte mar Mínítear sa bhileog seo an méid is féidir a dhéanamh chun an soláthar a chosaint agus baol truaillithe a laghdú, mar aon le na saghsanna difriúla soláthairtí príobháideach uisce agus na fáthanna coitianta truaillithe. Conas a tharlaíonn truailliú ar sholáthairtí uisce? Fuaráin, toibreacha agus poill tóraíochta Thiocfadh ábhar truaillithe isteach i bhfuaráin, toibreacha agus poill tóraíochta san áit - mar a dtagann an fuarán os cionn talún mar a bhailíonn an t-uisce i bpoll tóraíochta nó i dtobar Is baol truaillithe d’uisce a tharraingítear as fuarán nó tobar éadoimhin atá gar do bharr na talún ná uisce atá go doimhin faoi thalamh. Ar fheirmeacha is iad na niotráití nó lotnaidicídí a chuirtear ar bharraí a théann isteach san uisce faoi thalamh. D’fhéadfadh pataiginí ó chac féaránach, nó ó aoileach agus sciodar a leagtar ar thalamh dul san uisce leis. Sruthanna, aibhnte, locháin agus lochanna De ghnáth bhíonn uisce ó sruthanna, aibhnte, locháin ná lochanna chomh maith leis an uisce i bhfuaráin, toibreacha agus i bpoill tóraíochta. Braitheann an caighdeán ar an aimsir agus ar na gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl san abhantrach. Bíonn baol truaillithe ina leithéid de sholáthar, go háirithe trí bhaictéir, le linn báisteach throm nó aimsir te. Is féidir le huisce a ritheann ón talamh isteach i sruthanna, aibhnte, locháin lochanna a bheidh truaillithe ó fhoinsí éagsúla mar ithir, barraí agus ó chac ainmhithe feirme nó allta, míolra agus éanlaithe. CAD IS CÓIR DUIT DÉANAMH? 1 – Bí ar an eolas faoin soláthar Cé tá freagrach as obair chothabhála – mura bhfuil tú cinnte, smaoinigh ar theacht ar réiteach le húsáideoirí eile? Cá bhfuil an foinse uisce agus cén saghas é – fuarán,tobar, poll tóraíochta, sruth/abhain, lochán nó loch? Cén slí isteach ar d’áitreabh atá ag an uisce? An gcóirítear an t-uisce in aon slí – má chóirítear, an bhfuil an fearas cóireála i ndea-chaoi agus an guirtear caoi air go rialta? 2 – Cinntigh go bhfuil an soláthar sábháilte Dein scrúdú go rialta ar gach aon chuid den soláthar agus cinntigh go bhfuil dea-chaoi ar an córas iomlán, nach bhfuil aon rud tar éis cur isteach air ná díobháil a dhéanamh dó. Caithfear an fhoinse féin agus an abhantrach a scrúdú, an seomra cnuasaithe agus fearas cóireála más an dóibh, mar aon leis na píopaí a bheireann an t-uisce chugat. I gcás fuarán, toibreacha agus poll tóraíochta Cinntigh go bhfuil cosaint a dhóthain ar an soláthar chun uisce ar bharr talún a stopadh ag dul isteach sa bhfoinse, go háirithe le linn báisteach throm. Níor chóir d’aon uisce a bheith ina lochán gar don bhfoinse. Cinntigh go bhfuil ceann an tobair glan agus nach féidir le hainmhithe dul i ngiorracht dó ach go háirithe Cinntigh go bhfuil slánú déanta ar aon stóras sciodair nó sadhlais sna limistéir. Ná fágtar ola, aoileach, iotnaidicíd ná ceimiceáin eile sa tigh caidéalaithe ná gar don tobar. SOLÁTHAR PRÍOBHÁIDEACH UISCE A CHOIMEÁD SÁBHÁILTE Eolas maidir le Soláthar Príobháideach Uisce Neamh- Rialaithe I gcás sruthanna, aibhnte, lochán agus lochanna mór lochán bunaithe seomra cnuasaithe a bheith sa chóras cnuasaithe chun gráinníní móra a scagadh amach sula dtéann an t-uisce isteach sa tsoláthar. mór freisin scagaire gainimh gairbhéil a bheith sa chóras chun breith ar ábhar orgánach mar dhuilleoga, gráinníní nó ainmhithe beaga sula dtéann aon uisce isteach sa tsoláthar. cosaint iad na scagairí seo ó gach mionorgánach ná thruailliú ceimiceach. Cinntigh nach truaillítear an t-uisce níos faide suas an sruth ó oibreacha foraoiseachta, sciodar aon saghas eisiltigh eile, msh.ó dhabhach mhúnlaigh 7 rl. I gcás tailte feirme Cuir uisce báistí ar malairt slí ionas nach rithfidh sé i dtreo an tsoláthar, msh. go díog bheag atá ag imeacht ón bhfoinse. Cinntigh go bhfuil a fhios ag an bhfeirmeoir grub ann don soláthar agus nár chóir é a thruailliú tríd féaránaigh, aoileach nó sciodar a leathadh, ná trí leasú nó Iotnaidicídí. Seans go mbeidh gá le clathacha chun ainmhithe feirme agus fiáine a choimeád Page 1

Cad é soláthar príobháideach uisce neamh-rialaithe? ‘Seard is soláthar príobháideach uisce neamh-rialaithe na soláthar uisce nach dtagann ó Comhairle Contae

  • View
    239

  • Download
    8

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: Cad é soláthar príobháideach uisce neamh-rialaithe? ‘Seard is soláthar príobháideach uisce neamh-rialaithe na soláthar uisce nach dtagann ó Comhairle Contae

Cad é soláthar príobháideach uisce neamh-rialaithe?‘Seard is soláthar príobháideach uisce neamh-rialaithe na soláthar uisce nach dtagann ó Comhairle Contae nó Cathrach, nó aon soláthar nach bhfuil rialaithe ag Údarás Sláintíochta dá leithéid. Soláthar príobháideach is ea é a chuireann níos lú ná 10 méadar ciúbach ar fáil sa ló nó a fhreastalaíonn ar níos lú ná 50 duine (tobar aonair san áireamh) agus nach bhfuil gníomhaíocht tráchtála ná poiblí bainteach leis, mar shampla bialann nó tigh lóistín.

Cad chuige an bhileog seo?Cé go mbíonn soláthairtí príobháideacha uisce sábháilte don chuid is mó is féidir leo a bheith i mbaol truaillithe. Uaireanta scaiptear pataiginí mar E-coli 0157 agus Cryptosporidium agus leanann droch-ghalair iad siúd. Ar mhaithe le do shláinte féin agus sláinte do theaghlaigh ní mór duit do sholáthar príobháideach uisce a choimeád saor ó thruailliú.

An Cúlra DlíthiúilDe réir Rialachán an Aontais Eorpaigh (Uisce Óil) (Uimh.2) 2007 (I.R. Uimh. 278 de 2007) tá sé de dhualgas ar Chomhairlí Contae agus Cathrach eolas ar an mbaol truaillithe a thabhairt d’úinéirí soláthairtí príobháideacha uisce agus dá lucht úsáide, agus comhairle a chur orthu ina leith. Is chuige sin atá an bhileog seo.

Cad í an fhadhb?Tá uisce glan folláin riachtanach don dea-shláinte. Gan cosaint agus cóireáil ceart is féidir le soláthar príobháideach uisce do shláinte a chur i mbaol. D’fhéadfadh an truailliú teacht trí mhiocróib mar bhaictéir, nó trí cheimiceáin; cuid acu gan díobháil ach d’fhéadfadh droch-tinneas teacht ó chuid eile go háirithe i ndaoine aosta, leanaí óga, mná ag iompar clainne nó othair. Uaireanta ní athraíonn blas, boladh ná dath an uisce de bharr truallaithe agus gan sampláil ná anailís is deacair a rá an bhfuil do sholáthar uisce sábháilte mar

Mínítear sa bhileog seo an méid is féidir a dhéanamh chun an soláthar a chosaint agus baol truaillithe a laghdú, mar aon le na saghsanna difriúla soláthairtí príobháideach uisce agus na fáthanna coitianta truaillithe.

Conas a tharlaíonn truailliú ar sholáthairtí uisce?

Fuaráin, toibreacha agus poill tóraíochtaThiocfadh ábhar truaillithe isteach i bhfuaráin, toibreacha agus poill tóraíochta san áit - mar a dtagann an fuarán os cionn talún mar a bhailíonn an t-uisce i bpoll tóraíochta nó i dtobar

Is mó baol truaillithe d’uisce a tharraingítear as fuarán nó tobar éadoimhin atá gar do bharr na talún ná uisce atá go doimhin faoi thalamh. Ar fheirmeacha is iad na niotráití nó lotnaidicídí a chuirtear ar bharraí a théann isteach san uisce faoi thalamh. D’fhéadfadh pataiginí ó chac féaránach, nó ó aoileach agus sciodar a leagtar ar thalamh dul san uisce leis.

Sruthanna, aibhnte, locháin agus lochannaDe ghnáth ní bhíonn uisce ó sruthanna, aibhnte, locháin ná lochanna chomh maith leis an uisce i bhfuaráin, toibreacha agus i bpoill tóraíochta. Braitheann an caighdeán ar an aimsir agus ar na gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl san abhantrach. Bíonn baol truaillithe ina leithéid de sholáthar, go háirithe trí bhaictéir, le linn báisteach throm nó aimsir te. Is féidir le huisce a ritheann ón talamh isteach i sruthanna, aibhnte, locháin nó lochanna a bheidh truaillithe ó fhoinsí éagsúla mar ithir, barraí agus ó chac ainmhithe feirme nó allta, míolra agus éanlaithe.

CAD IS CÓIR DUIT DÉANAMH?

1 – Bí ar an eolas faoin soláthar Cé tá freagrach as obair chothabhála – mura bhfuil tú cinnte, smaoinigh ar theacht ar réiteach le húsáideoirí eile? Cá bhfuil an foinse uisce agus cén saghas é – fuarán,tobar, poll tóraíochta, sruth/abhain, lochán nó loch? Cén slí isteach ar d’áitreabh atá ag an uisce? An gcóirítear an t-uisce in aon slí – má chóirítear, an bhfuil an fearas cóireála i ndea-chaoi agus an guirtear caoi air go rialta?

2 – Cinntigh go bhfuil an soláthar sábháilteDein scrúdú go rialta ar gach aon chuid den soláthar agus cinntigh go bhfuil dea-chaoi ar an córas iomlán, nach bhfuil aon rud tar éis cur isteach air ná díobháil a dhéanamh dó. Caithfear an fhoinse féin agus an abhantrach a scrúdú, an seomra cnuasaithe agus fearas cóireála más an dóibh, mar aon leis na píopaí a bheireann an t-uisce chugat.

I gcás fuarán, toibreacha agus poll tóraíochta Cinntigh go bhfuil cosaint a dhóthain ar an soláthar chun uisce ar bharr talún a stopadh ag dul isteach sa bhfoinse, go háirithe le linn báisteach throm. Níor chóir d’aon uisce a bheith ina lochán gar don bhfoinse. Cinntigh go bhfuil ceann an tobair glan agus nach féidir le hainmhithe dul i ngiorracht dó ach go háirithe Cinntigh go bhfuil slánú déanta ar aon stóras sciodair nó sadhlais sna limistéir. Ná fágtar ola, aoileach, iotnaidicíd ná ceimiceáin eile sa tigh caidéalaithe ná gar don tobar.

SOLÁTHAR PRÍOBHÁIDEACH

UISCE A CHOIMEÁD

SÁBHÁILTE

Eolas maidir le Soláthar Príobháideach

Uisce Neamh-Rialaithe

I gcás sruthanna, aibhnte, lochán agus lochanna Ní mór lochán bunaithe nó seomra cnuasaithe a bheith sa

chóras cnuasaithe chun gráinníní móra a scagadh amach sula dtéann an t-uisce isteach sa tsoláthar.

Ní mór freisin scagaire gainimh nó gairbhéil a bheith sa chóras chun breith ar ábhar orgánach mar dhuilleoga, gráinníní nó ainmhithe beaga sula dtéann aon uisce isteach sa tsoláthar. Ní cosaint iad na scagairí seo ó gach mionorgánach ná thruailliú ceimiceach.

Cinntigh nach truaillítear an t-uisce níos faide suas an sruth ó oibreacha foraoiseachta, sciodar ná aon saghas eisiltigh eile, msh.ó dhabhach mhúnlaigh 7 rl.

I gcás tailte feirme Cuir uisce báistí ar malairt slí ionas nach rithfidh sé i dtreo an tsoláthar, msh. go díog bheag atá ag imeacht ón bhfoinse. Cinntigh go bhfuil a fhios ag an bhfeirmeoir grub ann don soláthar agus nár chóir é a thruailliú tríd féaránaigh, aoileach nó sciodar a leathadh, ná trí leasú nó Iotnaidicídí. Seans go mbeidh gá le clathacha chun ainmhithe feirme agus fiáine a choimeád amach ón bhfoinse uisce..

Page 1

Page 2: Cad é soláthar príobháideach uisce neamh-rialaithe? ‘Seard is soláthar príobháideach uisce neamh-rialaithe na soláthar uisce nach dtagann ó Comhairle Contae

5 - Na píopaí a mheasIs minic aigéad nádúrtha i soláthar neamh-rialaithe, rud a díscaoilfidh an luaidhe as píopaí (nó umair) luaidhe. Má tá píopaí luaidhe laistigh nó lasmuigh agat, d’fhéadfadh leibhéal ard luaidhe a bheith sa chóras, rud atá ana-olc do naíonáin agus leanaí óga. Ba chóir duit alcaile a chur ann chun an aigéad a mhaolú nó píopaí phlaisteacha a chur isteach ina n-ionad.

Más cuí, cinntigh go bhfuil fallaí agus clúdach uisce- dhíonach ar an bhfoinse.

Cinntigh go mbeidh barr an tseomra nó an umair os cionn leibhéal na talún chun uisce ón talamh a stopadh ag sileadh isteach ann.

Cinntigh go bhfuil píopaí sceite nó poill déanta i gceart ionas nach féidir le haon smionagar na le hainmhithe beaga dul isteach.

Níor chóir don bhfoinse a bheith gar do dhiúscairt, sú na draein.

Más feirmeoir tú De réir Rialachán an Aontais Eorpaigh (Dea-chleachtas

Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint) (I.R. 788 2005) níl cead agat leasú a leathadh gar don phointe tógála. (Tá leabhrán speisialta faoi na Rialacháin ag an Roinn Talmhaíochta agus Bia).

De réir rialacha an Scéim um Chaomhnú Chomhshaol na Tuaithe (REPS) caithfidh ainmhithe a bheith laistiar de chlaí gar do chúrsa/corr uisce. (Tá leahrán speisialta faoin Scéim REPS ag an Roinn Talmhaíochta agus Bia)

3 – Smaoinigh ar an gcóras a sheiceáilMoltar duit an tobar a sheiceáil go bliantúil do thruailliú baictéarach is gach trí bliana do thruailliú ceimiceach nó miotail.Má cheapann tú go bhfuil aon truailliú sa chóras scrúdaigh é láithreach. Ar dtús dein teagmháil leis an gComhairle Contae no Cathrach, nó d’fhéadfá sampla a chur chuig saotharlann phríobháideach. Cuimhnigh go mbaineann tástáil le caighdeán an uisce ag an am tástála, agus gur féidir leis athrú ó am go ham.

Má cheapann tú nó má tá a fhios agat go bhfuil an soláthar truaillithe, b’fhiú an t-uisce a chóireáil chun an truailliú a bhaint as. Má bhaineann an soláthar le háitribh eile is fearr go mór, agus is saoire, an córas iomlán a chóireáil, má tá úinéirí eile sásta sin a dhéanamh. Caithfidh an chóireáil a bheith oiriúnach don soláthar atá agat agus don truailliú atá i gceist. Cuimhnigh áfach, nach leor díghalrú a dhéanamh uair amháin agus má bhíonn sé ag teastáil go rialta go mba cheart córas iomlán cóireála a chur isteach.

Ná pléigh na cúramaí seo le héinne ach amháin le Conraitheoirí Cóireála Uisce atá láncháilithe agus taithí mhaith acu ar an obair chéanna.

6 – Cad eile is féidir a dhéanamh?Más bac ort an costas a bhaineann le soláthar príobháideach neamh-rialaithe a chóiriú nó a fheabhsú, tá seans ann go bhféadfá ceangal le soláthar rialaithe poiblí. Labhair leis an t-údarás (sonraí thíos) féachaint an fiú seo a dhéanamh ach má bhíonn an soláthar poiblí tamall fada uait b’fheidir nach fiú.

7 – Cothabháil na Píblíne Sruthlaigh an córas píopaí ar a laghad 4 huaire sa bhliain agus go hairithe má bhristear an píblíne. Sa chás go mbíonn an gréasán píopaí idirnascaithe, úsáid comhlaí neamhchúlaithe chun soláthar d’uisce óil a chosaint ó sholáthar gan chóireáil (msh. soláthar uisce do chúraimí eile seachas ól).

8 – Ceisteanna pHCinntigh go ndeinfear monatóireacht ar an leibhéal pH i bhfoinsí uisce talún óir is féidir le substaintí áirithe síothlú isteach sa soláthar dá bharr (mar shampla téann pH íseal i bhfeidhm ar phíopaí copair). Tá cóireáil oriúnach ar fáil do leibhéil isle pH.

Foinsí agus saghsanna truaillithe

BaictéirFoinse amháin is ea cac ainmhithe. Is ar fheirmeacha is mó atá an baol seo ar ndóigh, san áit ina mbíonn ainmhithe ar féarach nó ina mbíonn aoileach nó sciodar ar an dtalamh. Tarlaíonn a leithéid go háirithe má ritheann uisce báistí ón bhfeirm isteach sa bhfoinse uisce. Cúis eile is ea dabhach mhúnlaigh nach mbíonn ag oibriú i gceart. Ba chóir iad siúd a chothú i gcónaí agus caoi mhaith a chur orthu go rialta. Is iad cuairteoirí nach n-ólann an t-uisce go rialta is mó atá i mbaol ó phataiginí sa soláthar uisce agus is minic a leanann aicíd nó galrú a leithéid de thruailliú

CeimiceáinD’fhéadfadh ceimiceáin dul isteach i soláthar uisce ó thionscail, ceardlann, mianach, cairéal (bídís ag oibriú nó tréigthe) nó ó uisce a ritheann anuas ón mbóthar nó ó shlí an tí. Thiocfadh ceimiceáin freisin ón bhfeirmeoireacht nó ón bhforaoiseacht (leasú, lotnaidicídí agus dip caorach). Bíonn nítrigin istigh i leasú saorga agus i sciodar. Is minic nach mbíonn leibhéal ard nítrigin oiriúnach do mhná atá ag iompar clainne, do naíonáin ag ól as buidéal ná do leanaí óga.

Miotail

D'fhéadfadh leibhéal ard luaidhe a bheith sa chóras ó phíopaí luaidhe. Rud é sin atá ana-olc do naíonáin agus do leanaí óga.

Is féidir arsanaic a aimsiú go nádúrtha mar riandúil i soláthairtí uisce talún. Tá díobháil le beagán arsanaic a thógáil thar tréimhsi fada agus ní mór é a ruaigeadh trí chóras ceart cóireála a chur isteach.

Bíonn radón agus úráiniam san uisce de dheasca an chineál carraige san abhantrach go mór mhór i gcás an eibhir. Bíonn leibhéil arda go dona. Tá comhairle le fáil ón Institiúid Éireannach un Chosaint Raideolaíoch. (Fón: 01-2697766).

Bíonn larann agus Mangainéis ana-choitianta i soláthairtí uisce talún i gCiarraí agus gan cóireáil beidh ;

Blas agus boladh gránna ar an soláthar uisce

Salú ag teacht ar leithris, folcadáin, báisiní lámha agus tráidirí

cithfholctha.

Dríodar ar na píopaí pluiméireachta laistigh.

Is féidir soláthar uisce a chóireáil chun iarann agus maingainéis a bhaint amach ach tá mórchóireáil ana-dhaor. Dá mbeadh seans teacht ar fhoinse éigin eile bheadh sé sin níos fearr mar réiteach.

Cá bhfuil comhairle le fáil?Má bhíonn aon cheist eile agat nó comhairle ag teastáil uait dein teagmháil leis an gComhairle seo [Oifig Uisce Tuaithe], Fón: 066 7183513 4 – Smaoinigh ar an gcóras a chóireáil

Page 2