8
81 CEISTEANNA & FREAGRAÍ CEISTEANNA & FREAGRAÍ www.nervecentre.org/teachingdividedhistories CEACHT 1 //ROIMH AN RÉABHLÓID 1. Mínigh an difear idir náisiúnachas bunreachtúil agus náisiúnachas réabhlóideach. Bhí náisiúnaithe bunreachtúla ag iarraidh an t-aontas a leasú le modhanna síochánta agus ba mhaith leo féinriail d’Éirinn taobh istigh den Aontas. Bhí náisiúnaigh réabhlóideacha ag iarraidh poblacht neamhspleách agus bhí siad toilteanach an lámh láidir a úsáid dá mba ghá leis sin a bhaint amach. 2. Mínigh spriocanna na dtrí fhórsa pholaitiúla - an IPP, an rialtas Liobrálach agus Aontachtaithe Uladh - a tháinig salach ar a chéile le géarchéim an Rialtais Dúchais a chruthú. Ba é Rialtas Dúchais an t-aon mhórsprioc amháin a bhí ag an IPP; bhí Comhairle Aontachtaithe Uladh (UUC) in éadan an Rialtais Dúchais nó chreid siad gur bagairt a bhí ann d’fhéiniúlacht chultúrtha na n-aontachtaithe; agus bhí an rialtas Liobrálach báúil le feachtas an IPP ar son an Rialtais Dúchais nó bhí tacaíocht an IPP de dhíth ar na Liobrálaigh le fanacht i gcumhacht. 3. Cuir síos ar an dá chineál frithbheartaíochta a rinne na haontachtaithe in éadan Rialtas Dúchais. Cad é mar a bhí na cineálacha seo frithbheartaíochta éagsúil? Reáchtáil an UUC feachtas in éadan an Rialtais Dúchais arbh é a bhuaicphointe Lá Uladh ar 28 Meán Fómhair 1912 – tháinig beagnach 500,000 duine le Cúnant Uladh nó le Dearbhú Uladh a shíniú. In Eanáir 1913, bunaíodh Óglaigh Uladh (UVF) mar mhílíste saoránach. Ba é cuspóir an UVF gníomhú mar fhórsa frithbheartaíochta armtha in éadan an Rialtais Dúchais. Bhí difear sna cineálacha frithbheartaíochta sin nó ba fhreasúra síochánta é an Cúnant nó an Dearbhú a shíniú ach bhí bagairt foréigin ag dul le bunú an UVF. 4. Pléigh an dóigh a ndearna géarchéim an Rialtais Dúchais an Náisiúnachas agus an tAontachas a radacú. Díreoidh freagraí na ndaltaí ar bhunú an UVF mar fhreagairt ar an Rialtas Dúchais agus ansin ar bhunú an ghrúpa mhíleata phoblachtaigh, Óglaigh na hÉireann. GNÍOMHAÍOCHT BHREISE 1 Nuair a tharla críochdheighilt sa deireadh, cad chuige a ndearnadh Tuaisceart Éireann de 6 chontae i gCúige Uladh, dar leat? Ba cheart do na daltaí a oibriú amach ón téacs go raibh an pobal Aontachtach sa tromlach i gCúige Uladh agus mura dtiocfadh le haontachtaithe Rialtas Dúchais a chosc, go n-iarrfadh siad go gcoinneofaí cuid mhór de chúige Uladh amach as. GNÍOMHAÍOCHT BHREISE 2 Samhlaigh gur Caitliceach thú atá ag obair sa longchlós i mBéal Feirste in 1912. Cad é a shíleann tú faoin fhéidearthacht go mbeadh Rialtas Dúchais ann? Cad é a shíleann tú faoi fhreagairt na n-aontachtaithe atá ina gcónaí in aon chathair leat? (1 pharagraf) Agus iad á samhlú féin mar Chaitliceach sa longchlós in 1912, smaoineoidh na daltaí ar an bharúil a bheadh ag Caitliceach a mhaireann agus a oibríonn i measc tromlach aontachach ar thabhairt isteach an Rialtais Dúchais. Seans go gcuirfidh cuid de na daltaí na hargóintí eacnamaíochta in éadan Rialtas Dúchais san áireamh. CEISTEANNA & FREAGRAÍ P R O NI

CEACHT 1 //ROIMH AN RABHI

  • Upload
    others

  • View
    7

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: CEACHT 1 //ROIMH AN RABHI

81CEISTEANNA & FREAGRAÍ

CEISTEANNA & FREAGRAÍ

www.nervecentre.org/teachingdividedhistories

CEACHT 1 //ROIMH AN RÉABHLÓID1. Mínigh an difear idir náisiúnachas bunreachtúil agus náisiúnachas réabhlóideach. Bhí náisiúnaithe bunreachtúla ag iarraidh an t-aontas a leasú le modhanna síochánta agus ba mhaith leo féinriail d’Éirinn taobh istigh den Aontas. Bhí náisiúnaigh réabhlóideacha ag iarraidh poblacht neamhspleách agus bhí siad toilteanach an lámh láidir a úsáid dá mba ghá leis sin a bhaint amach.

2. Mínigh spriocanna na dtrí fhórsa pholaitiúla - an IPP, an rialtas Liobrálach agus Aontachtaithe Uladh - a tháinig salach ar a chéile le géarchéim an Rialtais Dúchais a chruthú.Ba é Rialtas Dúchais an t-aon mhórsprioc amháin a bhí ag an IPP; bhí Comhairle Aontachtaithe Uladh (UUC) in éadan an Rialtais Dúchais nó chreid siad gur bagairt a bhí ann d’fhéiniúlacht chultúrtha na n-aontachtaithe; agus bhí an rialtas Liobrálach báúil le feachtas an IPP ar son an Rialtais Dúchais nó bhí tacaíocht an IPP de dhíth ar na Liobrálaigh le fanacht i gcumhacht.

3. Cuir síos ar an dá chineál frithbheartaíochta a rinne na haontachtaithe in éadan Rialtas Dúchais. Cad é mar a bhí na cineálacha seo frithbheartaíochta éagsúil? Reáchtáil an UUC feachtas in éadan an Rialtais Dúchais arbh é a bhuaicphointe Lá Uladh ar 28 Meán Fómhair 1912 – tháinig beagnach 500,000 duine le Cúnant Uladh nó le Dearbhú Uladh a shíniú. In Eanáir 1913, bunaíodh Óglaigh Uladh (UVF) mar mhílíste saoránach. Ba é cuspóir an UVF gníomhú mar fhórsa frithbheartaíochta armtha in éadan an Rialtais Dúchais. Bhí difear sna cineálacha frithbheartaíochta sin nó ba fhreasúra síochánta é an Cúnant nó an Dearbhú a shíniú ach bhí bagairt foréigin ag dul le bunú an UVF.

4. Pléigh an dóigh a ndearna géarchéim an Rialtais Dúchais an Náisiúnachas agus an tAontachas a radacú.Díreoidh freagraí na ndaltaí ar bhunú an UVF mar fhreagairt ar an Rialtas Dúchais agus ansin ar bhunú an ghrúpa mhíleata phoblachtaigh, Óglaigh na hÉireann.

GNÍOMHAÍOCHT BHREISE 1 Nuair a tharla críochdheighilt sa deireadh, cad chuige a ndearnadh Tuaisceart Éireann de 6 chontae i gCúige Uladh, dar leat?Ba cheart do na daltaí a oibriú amach ón téacs go raibh an pobal Aontachtach sa tromlach i gCúige Uladh agus mura dtiocfadh le haontachtaithe Rialtas Dúchais a chosc, go n-iarrfadh siad go gcoinneofaí cuid mhór de chúige Uladh amach as.

GNÍOMHAÍOCHT BHREISE 2 Samhlaigh gur Caitliceach thú atá ag obair sa longchlós i mBéal Feirste in 1912. Cad é a shíleann tú faoin fhéidearthacht go mbeadh Rialtas Dúchais ann? Cad é a shíleann tú faoi fhreagairt na n-aontachtaithe atá ina gcónaí in aon chathair leat? (1 pharagraf)Agus iad á samhlú féin mar Chaitliceach sa longchlós in 1912, smaoineoidh na daltaí ar an bharúil a bheadh ag Caitliceach a mhaireann agus a oibríonn i measc tromlach aontachach ar thabhairt isteach an Rialtais Dúchais. Seans go gcuirfidh cuid de na daltaí na hargóintí eacnamaíochta in éadan Rialtas Dúchais san áireamh.

CEISTEANNA & FREAGRAÍ

PRONI

Page 2: CEACHT 1 //ROIMH AN RABHI

82 CEISTEANNA & FREAGRAÍ

CEISTEANNA & FREAGRAÍ

CEACHT 2 // AIDHMEANNA AGUS IDÉIL NA REIBILIÚNACH1. Cé a bhunaigh faoi rún Comhairle Mhíleata taobh istigh den IRB le hÉirí Amach na Cásca a phleanáil.Ba iad Tomás Ó Cléirigh agus Seán Mac Diarmada a bhunaigh faoi rún Comhairle Mhíleata taobh istigh den IRB le hÉirí Amach na Cásca a phleanáil.

2. Cad chuige nár thaitin tuairimí an Phiarsaigh le haontachtaithe?Ba é an aisling a bhí ag an Phiarsach Éire a bheith Caitliceach agus Gaelach – idéil nach mbeadh tarraingteach ag formhór na n-aontachtaithe.

3. Liostaigh na heagraíochtaí agus na daoine ba mhó a raibh baint acu le pleanáil Éirí Amach na Cásca.Nuair a rachaidh na daltaí tríd an Eochairfhaisnéis, aithneoidh agus liostóidh siad na rudaí a leanas:

Eagraíochtaí Bráithreachas Phoblacht na hÉireann

Óglaigh na hÉireann (nach raibh ar aon intinn faoin éirí amach)

An tArm Cathartha

4. Mínigh cad chuige a raibh roinnt náisiúnaithe réabhlóideacha in éadan an Éirí Amach.Aimseoidh na daltaí grúpaí agus daoine aonair a bhí in éadan an Éirí Amach agus míneoidh siad cad chuige a raibh baill áirithe san IRB in éadan an Éirí Amach ach amháin dá mbeadh bunús mhuintir na hÉireann i bhfách leis agus go mbeadh seans réadúil ann go n-éireodh leis. Ainneoin go raibh Óglaigh na hÉireann go fíochmhar in éadan riail na Breataine, bhí scoilt ann maidir le fiúntas an Éirí Amach. Mheas Eoin Mac Néill agus Bulmer Hobson, ar cheannairí tábhachtacha in Óglaigh na hÉireann iad, go mbeadh Éirí Amach idir mhímhorálta agus neamhphraiticiúil cionn is gur bheag an seans go mbeadh rath air.

GNÍOMHAÍOCHT BHREISE 1Mínigh go hachomair cad chuige ar thacaigh Bráithreachas Phoblacht na hÉireann agus Arm Cathartha na hÉireann leis an Éirí Amach. Cad chuige a raibh scoilt in Óglaigh na hÉireann faoin Éirí Amach?Léifidh na daltaí an fhaisnéis a bhaineann leis na grúpaí a bhí páirteach san Éirí Amach agus míneoidh siad cad chuige ar thacaigh siad leis an Éirí Amach nó, i gcás na nÓglach, cad chuige nach raibh siad ar aon intinn faoin Éirí Amach. Ba cheart do na daltaí a mhíniú an dóigh...

...nach raibh an IRB ar aon intinn faoina dtacaíocht – bhí baill a raibh dearcadh measartha acu in éadan Éirí Amach ach amháin dá mbeadh formhór mhuintir na hÉireann i bhfách leis agus go mbeadh seans réadúil ann go n-éireodh leis. Beirt bhall den IRB a bhí níos radacaí - Ó Cléirigh agus Mac Diarmada - chonaic siad gur deis a bheadh san Éirí Amach comhartha drámata a dhéanamh a spreagfadh an chúis náisiúnach in Éirinn. Ba mhaith leo fosta tacaíocht an phobail don Rialtas

Daoine AonairTomás Ó Cléirigh

Seán Mac Diarmada

Séamas Ó Conghaile

Pádraig Mac Piarais

Tomás Mac Donncha

Seosamh Máire Pluincéad

Page 3: CEACHT 1 //ROIMH AN RABHI

83CEISTEANNA & FREAGRAÍ

CEISTEANNA & FREAGRAÍ

www.nervecentre.org/teachingdividedhistories

Dúchais a scriosadh cionn is go mbeadh Éire ag fanacht sa Ríocht Aontaithe dá bharr.

.. a raibh an tArm Cathartha i bhfách le hÉirí Amach míleata mar gur eagraíocht shóisialach phoblachtach iad. D’easaontaigh siad leis na daoine a bhí ag iarraidh moill a chur ar an Éirí Amach.

(Beidh sé níos deacra ag cuid de na daltaí na fáthanna a raibh an tArm Cathartha i bhfách leis an Éirí Amach a mhíniú. Siocair gur ghlac siad le tuairimí sóisialacha Uí Chonghaile, bhí siad ag troid ní hamháin ar son neamhspleáchais, ach in éadan an chaipitleachais agus neamhionannais shóisialta fosta.)

... a raibh scoilt ann in Óglaigh na hÉireann maidir le fiúntas an Éirí Amach. Mheas Eoin Mac Néill agus Bulmer Hobson, ar cheannairí tábhachtacha in Óglaigh na hÉireann iad, go mbeadh Éirí Amach idir mhímhorálta agus neamhphraiticiúil de réir dearcadh polaitiúil cionn is gur bheag an seans go mbeadh rath air. Bhí siad ag iarraidh fanacht go mbeadh tuilleadh den phobal i bhfách le foréigean; mar shampla, dá gcuirfeadh údaráis na Breataine coinscríobh i bhfeidhm.

GNÍOMHAÍOCHT BHREISE 2Pléigh na príomhdhifríochtaí sna smaointe a bhí ag Mac Piarais agus Ó Conghaile.Léifidh na daltaí nótaí beathaisnéise an Phiarsaigh agus Uí Chonghaile agus pléifidh siad an difear a bhí idir na tuairimí agus na dearcthaí a bhí acu. Is féidir le daltaí tagairt a dhéanamh do shleachta i rannán na nDearcthaí den Eochairfhaisnéis. Ba cheart go sainaithneodh na daltaí gurb é an príomhdhifear an fhís a bhí acu do Phoblacht na hÉireann – bhí an Piarsach ag iarraidh Éire Fhorásach, Ghaelach, Chaitliceach ach bhí Ó Conghaile ag iarraidh stát sóisialach a mbeadh a fhócas ar aontacht na n-aicmí agus ní ar easaontas idir na reiligiúin.

TASC 1Cé a dúirt gach sliocht, dar leat? Mínigh an dóigh a dtéann gach sliocht le hidéil Mhic Phiarais nó Uí Chonghaile le do rogha a chosaint."Shil siad gur rud í náisiúntacht a ndéanfaí idirbheartaíocht fúithi mar a dhéanfadh fir idirbheartaíocht faoi tharaif nó faoi thrádbhealach, seachas mar sheoid faoi do shúil ba chóir a chaomhnú ainneoin na contúirte, rud chomh naofa sin nach mbeadh sé ceadmhach í a thabhairt isteach chun aonaigh ar chor ar bith nó labhairt air in áit a mbíonn fir ag trádáil."

Mac Piarais"'An té a ghlacann an claíomh is leis an chlaíomh a thitfidh sé' arsa na scrioptúir, agus tá gach seans ann de réir mar a théann imeachtaí chun cinn go mbeidh ar lucht oibre na hÉireann aghaidh a thabhairt ar an ghá dhosheachanta leis an chlaíomh (nó an raidhfil) a thógáil in éadan lucht an rachmais..."

Ó ConghaileBa cheart do na daltaí a bhfreagraí a bhunú ar an méid atá i ngach sliocht agus ar an rud a seasann gach idé-eolaíocht dó. Léiríonn an chéad sliocht smaointeoireacht náisiúnach, idé-eolaíocht ar ghlac Pádraig Mac Piarais léi. Léiríonn an dara sliocht tuairimí sóisialacha, idé-eolaíocht ar ghlac Séamas Ó Conghaile léi.

CEACHT 3 // SEACHTAIN NA CÁSCA1. Cuir síos an dóigh ar áitíodh ar Eoin Mac Néill stopadh de chur in éadan an Éirí Amach. Áitíodh ar Mhac Néill dearmad a dhéanamh go raibh sé in éadan an Éirí Amach nuair a chuala sé go ndearna Ruairí Mac Easmainn iarracht airm ón Ghearmáin

Page 4: CEACHT 1 //ROIMH AN RABHI

84 CEISTEANNA & FREAGRAÍ

CEISTEANNA & FREAGRAÍ

a smuigleáil isteach ar bhord na loinge, an Aud. Bhí tionchar fosta ar MacNeill ag ‘Doiciméad an Chaisleáin’ – litir a dúradh a smuigleáladh amach as Caisleán Bhaile Átha Cliath a chuir in iúl go raibh rún ag na Briotanaigh Mac Néill agus Óglaigh eile a ghabháil.

2. Déan achoimre ar na fáthanna nár nocht mórán Óglach don Éirí Amach. Ní raibh mórán ann mar gheall ar an mhearbhall a bhí ann faoi na horduithe agus faoin athrú sna dátaí, agus mar gur coinníodh na pleananna chomh rúnda sin go raibh mórán daoine nár thuig fiú gur pleanáladh an tÉirí amach sa chéad dul síos. Bhí Óglaigh ann a raibh a fhios acu go raibh Éiri Amach le bheith ann ach nach raibh toilteanach a mbeatha a chur i mbaol do rud a bheadh in aisce, dar leo.

3. Mínigh na cúinsí ba chúis le mearbhall dheireadh seachtaine na Cásca.Nuair a bhí Mac Néill in éadan an Éirí Amach, úsáideadh cleas le go mbeadh sé i bhfách leis an Éirí Amach. Nuair a thuig Mac Néill gur bualadh bob air, d’eisigh sé ordú d’Óglaigh na hÉireann an lá roimh an Éirí Amach nach dtarlódh paráidí, máirseálacha ná gluaiseachtaí ar bith. Bhréagnaigh na horduithe sin pleananna na Comhairle Míleata. Bhí mearbhall anois ar na hÓglaigh a bhí go dtí sin toilteanach gníomhú agus ní raibh a fhios acu cad é ba cheart dóibh a dhéanamh.

4. Cuir síos ar thuairimí an phobail ar na reibiliúnaigh agus ar an Éirí Amach le linn Sheachtain na Cásca.Ní raibh bunús na sibhialtach i mBaile Átha Cliath i bhfách leis an Éirí Amach ná leis na reibiliúnaigh. Mar gheall ar chreachadóireacht agus ainriail bhí coimhlintí ar na sráideanna idir na sibhialtaigh agus an dá arm. Ba shibhialtaigh bunús na ndaoine a leonadh agus maraíodh 250 sibhialtach sa troid agus scriosadh codanna móra de lár Bhaile Átha Cliath – bhí freagairt dhiúltach ag bunús na ndaoine mar gheall ar thionchar an Éirí Amach a bhí i ndiaidh cruatan agus cur isteach mór a tharraingt ar mhuintir Bhaile Átha Cliath. Bhreathnaigh daoine eile ar an Éirí Amach mar fheall ar na hÉireannaigh a bhí ag troid ar an Fhronta Thiar.

GNÍOMHAÍOCHT BHREISE 1Cad chuige, dar leat, a raibh freagairt dhiúltach ag bunús mhuintir na hÉireann ar an Éirí Amach? Míneoidh na daltaí cad chuige go díreach a shíleann siad go raibh freagairt dhiúltach ag bunús an phobail don Éirí Amach. Tarraingeoidh na daltaí aird ar an scrios i lár Bhaile Átha Cliath, ar an easpa bia agus ar bhás sibhialtach le linn na troda.

GNÍOMHAÍOCHT BHREISE 2Samhlaigh gur sibhialtach i mBaile Átha Cliath thú Luan Cásca. Déan cur síos ar eachtra a chonaic tú. (1 pharagraf)Scríobhfaidh na daltaí cuntas pearsanta ar eachtra trí shúile sibhialtaigh le linn Éirí Amach na Cásca. Ba cheart do na daltaí tuairimí a nochtadh ina bhfreagraí a bheadh ag teacht le tuairimí bhunús na sibhialtach le linn an Éirí Amach.

CEACHT 4 // CUR FAOI CHOIS AGUS IARMHAIRT AN ÉIRÍ AMACH1. Luaigh fáth amháin, dar leat, a raibh tuairim phobal na hÉireann ag athrú i ndiaidh an Éirí Amach.Luafaidh na daltaí ceann de na fáthanna ón rannán “Freagairt na hÉireann: Ó fhearg go hadhradh” san Eochairfhaisnéis.

Linen Hall Librar

y

Page 5: CEACHT 1 //ROIMH AN RABHI

85CEISTEANNA & FREAGRAÍ

CEISTEANNA & FREAGRAÍ

www.nervecentre.org/teachingdividedhistories

2. Críochnaigh an abairt: “I ndiaidh an Éirí Amach, a lán tacadóirí de chuid Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann ...”Críochnóidh na daltaí an abairt le míniú ar an dóigh a ndeachaigh mórán de lucht tacaíochta an IIP le Sinn Féin. Léireoidh na daltaí an dóigh ar thosaigh iarthacadóirí an IIP a éirí níos radacaí agus níos poblachtaí i ndiaidh an Éirí Amach.

3. Mar ghníomh míleata theip ar an Éirí Amach, ach cad chuige ar mheas roinnt daoine go raibh rath air?Míneoidh na daltaí gur éirigh go siombalach leis an Éirí Amach, sa mhéid is gur éirigh leis maidir le bolscaireacht agus gur mheall sé níos mó daoine le tacú leis an chúis phoblachtach.

4. Liostaigh trí chúinse ba chúis leis an athrú thobann ar dhearcadh phobal na hÉireann ar an Éirí Amach.Liostóidh daltaí trí chúinse ba chúis leis an athrú dearcaidh faoin Éirí Amach ón rannán “Freagairt na hÉireann: Ó fhearg go hadhradh” san Eochairfhaisnéis.

5. Cuir síos ar éifeacht fhadtéarmach an Éirí Amach ar náisiúnachas na hÉireann.Léifidh na daltaí na rannáin san Eochairfhaisnéis, “An Tionchar ar Náisiúnachas na hÉireann” agus “Tosca Eile” agus cuirfidh siad síos ar an dóigh a ndearna an tÉirí Amach poblachtaigh réabhlóideacha de mhórán de na náisiúnaigh bhunreachtúla.

GNÍOMHAÍOCHT BHREISE 1Déan achoimre ar na fáthanna a mbeadh daoine - a bhí in éadan an Éirí Amach roimh ré - ag tosú a éirí níos radacaí ina dtuairimí ina dhiaidh.Luafaidh na daltaí na fáthanna a liostaítear sa rannán “Freagairt na hÉireann: Ó fhearg go hadhradh” san Eochairfhaisnéis.

GNÍOMHAÍOCHT BHREISE 2Samhlaigh gur saighdiúir Éireannach thú sa Chogadh Mhór, agus tú ag léamh faoin Éirí Amach sa bhaile. Cad iad na hábhair imní nó na mothúcháin atá agat? (1-2 pharagraf). Scríobhfaidh na daltaí cuntas pearsanta trí shúile saighdiúir Éireannach a throid sa Chéad Chogadh Domhanda. Smaoineoidh na daltaí ar na tuairimí a bheadh ag saighdiúir Éireannach ar a raibh ar siúl in Éirinn - m.sh. cad é atá na reibiliúnaigh ag iarraidh a bhaint amach? Cad chuige nach bhfuil siad ag troid sa Chogadh Mhór?

CEACHT 5 // MNÁ AGUS AN ÉIRÍ AMACH1. Cad é a chiallaigh “Ceart Vótála do Mhná”?Is é is ceart vótála do mhná ann ná an ceart a bheith ag mná vóta a chaitheamh ar bhonn cothrom le fir.

2. Cad é an difear a bhí idir Inghinidhe na hÉireann agus Cumann na mBan?B’eagraíocht chultúrtha go bunúsach í Inghinidhe na hÉireann a bhí ag iarraidh cultúr agus teanga na hÉireann a chur chun cinn agus a bhí níos tógtha faoi scarúnachas ná feimineachas ná ceart vótála. B’eagraíocht pharaimíleata ban é Cumann na mBan arbh é a n-aidhm tacú leis na fir in Óglaigh na hÉireann.

3. Cuir síos ar na róil a tugadh do mhná le linn an Éirí Amach. Ón Eochairfhaisnéis, cuirfidh na daltaí síos ar na róil éagsúla a bhí ag mná san Éirí Amach. Ba cheart do na daltaí róil amhail trodaíocht, teachtaire, cócaireacht, banaltracht agus glanadh suas a lua.

Maude Gonne McBride nd" by Bain New

s Service

Page 6: CEACHT 1 //ROIMH AN RABHI

86 CEISTEANNA & FREAGRAÍ

CEISTEANNA & FREAGRAÍ

4. Liostaigh na trí phríomhéagraíocht a bhunaigh mná poblachtacha sna blianta roimh an Éirí Amach. Cén dóigh ar chuir gach ceann acu le heachtraí Sheachtain na Cásca?Ba iad na trí phríomheagraíocht Inghinidhe na Éireann, Na Fianna Éireann agus Cumann na mBan. Radacaigh Inghinidhe na hÉireann codanna de shochaí na hÉireann, chuir siad chun cinn cultúr agus teanga na hÉireann agus rinneadh iad a chónascadh le Cumann na mBan in 1914. Thug Na Fianna Éireann traenáil, éide agus fearas míleata dá gcuid ball (buachaillí a mbunús). Ghlac Na Fianna Éireann páirt in oibríochtaí smuigléireacht gunnaí, agus d’imir cuid acu páirt san Éirí Amach: bhí cuid de na buachaillí ina dteachtairí le linn Éirí Amach na Cásca agus throid cuid acu fiú sna garastúin reibiliúnacha. Bunaíodh Cumann na mBan in 1914. B’eagraíocht pharaimíliteach ban iad arbh é a n-aidhm tacú leis na fir in Óglaigh na hÉireann. Chuaigh cuid de na reibiliúnaigh ban féin chun troda, ina measc an Chuntaois Markievicz, ach ba mar chócairí nó teachtairí a chuidigh an mhórchuid acu.

GNÍOMHAÍOCHT BHREISE 1Cad é a bhí difriúil faoin dóigh ar chaith Arm Cathartha na hÉireann le mná?Ba é tuairim choitianta na reibiliúnach gur chóir mná a theorannú do róil a síleadh a bheith fóirsteanach dá n-inscne. Thug Arm Cathartha na hÉireann ról míleata níos mó dá mhná: bhí gunnaí ag bunús na mban san ICA, cé gur bheag acu a bhí páirteach sa chomhrac. Ba é ról an teachtaire an ról ba shuntasaí a bhí ag reibiliúnaigh ban: d’iompair mná orduithe, airm agus armlón trí shráideanna Bhaile Átha Cliath le linn an troda – ba thasc contúirteach é.

GNÍOMHAÍOCHT BHREISE 2Samhlaigh gur ball de Chumann na mBan thú atá ag teacht ar dualgas Luan Cásca. Cuir síos ar do thaithí nuair a thagann tú isteach (1 pharagraf). Scríobhfaidh na daltaí cuntas pearsanta trí shúile ball de Chumann na mBan Luan Cásca. Ina gcuntas, ba cheart do na daltaí cur síos ar rudaí mar: an méid a chonaic siad, na daoine a chonaic siad, an bharúil atá acu ar atá ag titim amach, an ról a tugadh dóibh agus an bharúil atá acu ar an ról sin.

CEACHT 6:// CUIMHNEACHÁN1. Cad é a chiallaíonn an focal “Cuimhneachán”? Smaoinigh ar shampla ar bith de chuimhneachán a tharla ar na mallaibh.Is é an rud is cuimhneachán ann cuimhne phoiblí ar an am atá thart. Is féidir an téarma cuimhneachán a úsáid le cur síos ar réada, léirithe nó deasghnátha. I ndiaidh sainmhíniú a dhéanamh ar Chuimhneachán, déanfaidh na daltaí iarracht sampla de chuimhneachán a chonaic siad ar na mallaibh a lua.

2. Luaigh 3 chineál de chuimhneacháin. Tabhair sampla a chonaic tú de gach ceann acu in úsáid.Ón léaráid san Eochairfhaisnéis, luafaidh na daltaí trí chineál de chuimhneacháin agus tabharfaidh siad sampla den dóigh a bhfaca siad an cineál sin cumarsáide in úsáid.

3. Cad chuige a raibh an cuimhneachán oifigiúil níos lú ná mar a pleanáladh ar 25ú Cuimhneachán an Éirí Amach?Bhí an cuimhneachán níos lú ná mar a pleanáladh ar dtús mar gheall ar neodracht Dheisceart na hÉireann agus níos mó teannais i dTuaisceart Éireann.

4. Pléigh an dóigh a ndearnadh cuimhneachán ar Éirí Amach na Cásca le céad bliain anuas, agus an dóigh ar athraigh an cuimhneachán.Bunaithe ar an liosta d’ócáidí cuimhneacháin, déanfaidh na daltaí achoimre agus plé ar an dóigh a ndearnadh an tÉirí Amach a cheiliúradh agus ar an dóigh ar fhorbair na hócáidí le himeacht na mblianta.

Page 7: CEACHT 1 //ROIMH AN RABHI

87CEISTEANNA & FREAGRAÍ

CEISTEANNA & FREAGRAÍ

www.nervecentre.org/teachingdividedhistories

GNÍOMHAÍOCHT BHREISE 1An ritheann fáthanna ar bith leat a mbeadh conspóid ag baint le cuimhneachán a dhéanamh ar ócáidí mar Éirí Amach na Cásca?Léifidh na daltaí an Eochairfhaisnéis agus an liosta d’ócáidí cuimhneacháin agus tarraingeoidh siad aird ar fháthanna ar bith a mbeadh conspóid ag baint le hócáidí cuimhneacháin. Ba cheart do na daltaí a bhfreagra a cheangal leis na cuimhneacháin chiúine a tharla de bharr na dTrioblóidí.

GNÍOMHAÍOCHT BHREISE 2 Smaoinigh ar eachtra nó ar dhuine a ndéantar cuimhneachán air i do theach féin (seans gur eachtra poiblí atá ann nó duine ón stair, nó eachtra teaghlaigh nó duine muinteartha). Cad é mar a chuimhnítear ar an eachtra nó ar an duine sin? An úsáidtear searmanais, íomhánna nó réada ar bith le cuidiú le cuimhneamh an teaghlaigh? (1 pharagraf) I ndiaidh do na daltaí staidéar a dhéanamh ar an rud is cuimhneachán ann, agus ar chineálacha de chuimhneacháin ón Eochairfhaisnéis, déanfaidh siad cur síos ar dhuine nó eachtra a ndéantar cuimhneachán air sa bhaile.

Page 8: CEACHT 1 //ROIMH AN RABHI

An Bord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha CliathCity of Dublin Education and Training Board

www.nervecentre.org/teachingdividedhistories