Upload
others
View
2
Download
0
Embed Size (px)
Citation preview
© Gabhann Foilseacháin Gael Linn buíochas le Shutterstock.com as ucht cead a thabhairt dúinn pictiúir dá gcuid a fhoilsiú. ©
Staighre Caibidil 1 – 2021-2022
Trialacha léamhthuisceana breise, cleachtaí agus freagraí gramadaí, cluastuiscint Triail B agus C, obair bhreise agus crosfhocail, caint, litríocht, ceapadóireacht, filíocht
Briseann an dúchas! 1. Agus Cluichí Oilimpeacha 2020 ar siúl
sa tSeapáin le déanaí, bhí beirt ag faire go
géar ar laochra nua na lúthchleasaíochta,
idir fhir agus mhná. B’in iad Sonia
O’Sullivan agus a hiníon, Sophie Bideau.
Seans maith go raibh súil siar ag Sonia ar
an mbonn airgid a bhuaigh sí ag Cluichí
Oilimpeacha Sydney sa rás 5,000 méadar
sa bhliain 2000. Agus tá seans go raibh
súil chun tosaigh á caitheamh ag Sophie ar
Chluichí Oilimpeacha Pháras i gceann trí
bliana.
2. Deir an seanfhocal go mbriseann an dúchas trí shúile an chait, rud
atá fíor i gcás Sonia agus Sophie. Chuir Sophie suim sa spórt agus í
ar scoil. D’imríodh sí cispheil, sacar, eitpheil agus badmantan. Go
deimhin, spreagtaí an dúil sa spórt ar scoil, áit a raibh foireann
mhaith lúthchleasaíochta, mar aon le cóitseálaithe den scoth. Ar
ndóigh, níor chuir tuismitheoirí Sophie brú riamh uirth ó thaobh an
spóirt de. Bhain sí taitneamh as an taobh sóisialta de agus thaitin sé
sin go mór lena máthair.
3. Rugadh agus tógadh Sophie san Astráil, ach tá pas de chuid na
hÉireann aici chomh maith le ceann Astrálach. Astrálach agus
cóitseálaí lúthchleasaíochta is ea a hathair, Nick Bideau. Cuireann a
tuismitheoirí in iúl do Sophie go
bhfuil an sult a bhaineann sí as an
gcairdeas atá aici le lúthchleasaithe
eile chomh tábhachtach céanna leis
an iomaíocht. Ach tá taithí ag
Sophie ar a bheith ag buachan rásaí
ó bhí sí deich mbliana d’aois. Agus,
sa bhliain 2019, bhuaigh sí Craobh
na hAstráile faoi 20 don rás 800
méadar. Agus dathanna na hÉireann
á gcaitheamh aici, bhuaigh sí bonn
airgid ag Craobh na hEorpa faoi 18
sa rás céanna.
4. Beirt iníonacha atá ag Sonia agus ag Nick agus is í Ciara an duine
is sine. Tá taithí ag na páistí ar a bheith ag taisteal – go háirithe go
hionaid éagsúla ar fud an domhain nuair a bhíodh Sonia ag traenáil.
Ón gCóbh, Contae Chorcaí í féin ó dhúchas. Agus anuas ar an
mbonn airgid i gCluichí Oilimpeacha Sydney, bhuaigh Sonia trí
bhonn óir i gCraobh an Domhain agus tá ceithre churiarracht
dhomhanda bainte amach aici leis.
5. Na laethanta seo is comhairleoir í Sonia ag lúthchleasaithe óga
sna Stáit Aontaithe. Roineann sí a saineolas ar an spórt le mic léinn
óga in ollscoileanna sna Stáit – nó tugtar cuireadh di a bheith ina
© Gael Linn (ar lean thíos)
craoltóir ag comórtais lúthchleasaíochta ar fud an domhain. Agus
rinne Sophie agus a tuismitheoirí cinneadh go gcaithfeadh Sophie an
bhliain acadúil 2020-21 in Ollscoil Washington Seattle ag cur lena
cuid buanna mar lúthchleasaí. Cá bhfios ach go mbeidh Sophie i lár
an aonaigh ag Cluichí Oilimpeacha Pháras sa bhliain 2024?
Gluais
iomaíocht = coimhlint competition curiarracht record
saineolas expertise
Ceisteanna
(a) Cé acu ceann de na ráitis seo atá fíor maidir le Sophie Bideau? (Alt 1)
Cuir tic () leis an bhfreagra ceart.
Is iníon le Sonia O’Sullivan í.
Níl aon ghaol aici le Sonia O’Sullivan.
Ghlac siad beirt páirt i gCluichí Oilimpeacha Thóiceo.
(b) Cén abairt is fearr a léiríonn an dearcadh a bhí ag Sonua ar shaol
Sophie i ndomhan an spóirt? (Alt 2)
Cuir tic () leis an bhfreagra ceart.
Níor thaitin léi í a bheith ag imirt cluichí ar scoil.
Ní raibh sí sásta le cóitseálaithe na scoile.
Bhí sí sásta gur thaitin saol sóisialta an spóirt le Sophie.
(c) Lúthchleasaí den scoth is ea Sophie Bideau. Breac síos, i
d’fhocail féin, dhá phointe a léiríonn an méid sin.
(d) Luaigh gaisce amháin a rinne Sonia O’Sullivan i gcomórtais
lúthcleasaíochta(Alt 4)
Cuir tic () leis an bhfreagra ceart.
Buaigh sí bonn óir i gCluichí Oilimpeacha Sydney.
Bhuaigh sí dhá bhonn óir i gCraobh an Domhain.
Bhain sí amach ceithre churiarracht dhomhanda,
(e) Cuntas gairid uait (dhá phointe) ar an gcineál saoil a bhíonn ag
Sonia O’Sullivan na laethanta seo.. (Alt 5)
(f) Bunaithe ar an eolas sa sliocht, conas a léirítear fírinne an
tseanfhocail, Briseann an dúchas trí shúile an chait, i dtaca le
Sonia agus le Sophie? Is leor dhá phointe i d’fhocail féin.
© Gael Linn (ar lean thíos)
Staighre|2021-2022| Gael Linn
Matt Damon i mBaile Átha Cliath 1. Agus daltaí scoile Mhainistir
Loreto Deilginis (Contae Bhaile
Átha Cliath) ar tí tabhairt faoi
Scrúdú na hArdteistiméireachta
2020, cúis iontais dóibh
teachtaireacht a fháil ó dhuine
de mhóraisteoirí Hollywood,
Matt Damon. A múinteoirí a
rinne an socrú seo dóibh agus
iad ag cuimhneamh ar na
deacrachtaí a bhain leis an
ardteist ag na cailíní le linn na
paindéime. Chuir an
éiginnteacht sa scoilbhliain
isteach go mór orthu agus thug
an scéal misnigh ó Matt Damon
ardú croí dóibh. Laoch na
scannán Saving Private Ryan,
The Bourne Identity agus
Manchester by the Sea é agus tá breis is $3.88 billiún dollar
saothraithe ag scannáin dá chuid!
2. Bhí teach ar cíos aige ar Bhóthar Vico, taobh leis an scoil, agus
an scannán The Last Duel á dhéanamh aige! Bhí a bhean ina
theannta agus thug siad a gcuid páistí go hÉirinn ar feadh sé
seachtaine, nuair a bheadh scannánaíocht á déanamh i gContaetha
Chill Mhantáin, na Mí agus Chill Chainnigh. Ach nuair a d’fhógair
an Taoiseach go mbeadh dianghlasáil iomlán i bhfeidhm sa tír, ní
raibh aon dul as ag an teaghlach ach fanacht in Éirinn.
3. Trí mhí a chaith siad i mBaile Átha Cliath. Théadh Damon
amach ag rith, ag dreapadh agus ag snámh. Ar ndóigh, ba bhreá le
muintir na háite é a fheiceáil agus é ag snámh, ag ól caife nó san
ollmhargadh. Tá cáil ar an mála siopadóireachta ó SuperValu ó shin!
B’in an ceann a bhí á iompar aige nuair a chonaic muintir na háite é
é ag dul ag snámh!
4. Deir sé go raibh sé féin, a bhean agus a thriúr iníonacha an-sásta
leis an tréimhse i mBaile Átha Cliath. Bhí Bono ar dhuine dá
gcomharsana i nDeilginis agus deirtear gurbh eisean a shocraigh go
ndéanfadh Matt teagmháil leis an gclár raidió Fully Charged ar an
stáisiún, Spin 103.8. Nárbh orthusan a bhí an t-áthas agallamh a chur
ar Damon!
5. Rugadh Matt in Cambridge
Massachusetts sa bhliain 1970 agus
tá sé ag aisteoireacht ó bhí sé 18
mbliana d’aois. Níorbh fhada gur
bhain sé cáil amach sa scannán Good
Will Hunting. É féin a chum an script
agus bhuaigh sé gradam Oscar don
scannán sin! Agus anois táthar ag súil
go mbeidh an scannán The Last Duel
sna pictiúrlanna go luath. Níl aon
dabht ach go mbeidh suim bhreise á
cur ag muintir na hÉireann ann,
muintir Dheilginse ach go háirithe!
Gluais
éiginnteacht = neamhchinnteacht uncertainty dianghlasáil lockdown
© Gael Linn (ar lean thíos)
Staighre|2021-2022| Gael Linn
Ceisteanna
(a) Bunaithe ar an eolas sa chéad alt, cé acu ceann de na ráitis seo atá
fíor maidir le scoileanna na hÉireann sa bhliain 2020? (Alt 1)
Cuir tic () leis an bhfreagra ceart.
Bhí amhras ar na múinteoirí.
Bhí lagmhisneach ar thuismitheoirí.
Bhí éiginnteacht ag baint le Scrúdú na hArdteistiméireachta.
(b) Dhá phointe eolais uait faoi shaol an teaghlaigh in Éirinn. (Alt 2)
(i)
(ii)
(c) Conas a tharla go raibh cáil ar an mála siopadóireachta ó
SuperValu? Is leor pointe amháin mar fhreagra. (Alt 3)
(d) Cé acu ceann de na ráitis thíos atá fíor maidir le Bono? (Alt 4)
Cuir tic () leis an bhfreagra ceart.
Ba eisean a chabhraigh le muintir Damon teach a fháil ar cíos.
Shocraigh sé agallamh do Matt ar stáisiún raidió.
Chuir sé agallamh ar Matt.
(e) Tabhair trí phointe eolas eolais faoi shaol Matt Damon. (Alt 5)
(i)
(ii)
(iii)
(f) Bunaithe ar an eolas sa sliocht, cén sórt duine é Matt Damon? Is
leor dhá phíosa eolais i d’fhocail féin.
Lyra an cheoil 1. As Droichead na Bandan,
Contae Chorcaí Laura Brophy –
nó Lyra. Bhí dúil sa cheol aici ó
bhí sí óg. D’fhreastail sí ar
ranganna urlabhra agus
drámaíochta agus bhíodh sí ag
canadh sa chór eaglaise áitiúil.
Dar léi féin, chothaigh sé sin a
cuid suime sa chumadóireacht
agus sa cheol. Thug sí ansin
faoi na drumaí agus faoin
mbodhrán a fhoghlaim agus a
sheinm leis. D’éistesdh sí leis
na hamhránaithe Kate Bush,
Enya agus Sinéad O’Connor.
Deir sí go bhfuil an-mheas aici
orthu agus go bhfuil tionchar
acu ar a cuid ceoil. É sin ráite,
tá sí ag obair go dian ag iarraidh
stíl phearsanta dá cuid féin a fhorbairt.
2. Sa bhliain 2014 chuir Lyra isteach ar an gcomórtas teilifíse
You’re a Star. Níor éirigh léi teacht trí na babhtaí tosaigh, áfach.
Ach tugadh a guth mór láidir agus a cur i láthair ar an stáitse faoi
deara. Bhí an t-amhránaí Linda Martin an-tógtha leis an nguth aibí a
bhí aici agus mhol sí go bhfaigheadh sí an dara seans. Mar sin a
tharla, ach tháinig Lyra sa seachtú háit agus, creid nó ná creid, bhí sí
thar a bheith sásta leis sin!
© Gael Linn (ar lean thíos)
Staighre|2021-2022| Gael Linn
3. Bheartaigh sí ansin dul go Sasana
agus dul ag obair ar a cuid amhrán.
D’eisigh sí a céad EP, WILD, sa
bhliain 2016 agus bhí an t-amhrán
Emerald ar an EP sin. Chualathas an
t-amhrán sin ar go leor cláir
theilifíse agus scannán agus, dá
thoradh sin, díríodh aird ar cheol
Lyra arís. Chualathas Falling,
amhrán eile dá cuid, ar an gclár
teilifíse, Grey’s Anatomy. Bhí ainm Lyra in airde anois i saol an
phopcheoil. D’éirigh léi conradh a shíniú le Polydor sa bhliain 2017
aguss, faoin mbliain 2018, ainmníodh í ar Liosta Amhránaithe 2FM
ar chóir a bheith ag faire amach dóibh as sin amach.
4. Chaith Lyra cúig bliana i Sasana. Bhí tacaíocht aici óna muintir
féin – agus deis aici díriú ar a cuid ceoil thall. Deir sí gur tháinig sí
faoi anáil Adele agus amhránaithe eile den sórt sin. Cúrsaí grá agus
cúrsaí pearsanta is mó a bhíonn ina cuid lirici, ach deir sí nach bhfuil
aon eagla uirthi a míshuaimhneas ná a cuid feirge a nochtadh ina
cuid amhrán – go háirithe, má dhéantar éagóir uirthi féin nó ar
dhaoine nach bhfuil go maith as. Tá stíl éadaigh ar leith aici chomh
maith. Éadaí maisithe galánta a chaitheann sí ar stáitse. Chaith sí
gúna leis an dearthóir Helen Cody ar an gclár The Late Late Show i
mbliana agus chuir an lucht féachana in iúl ar Twitter go raibh an
gúna go hálainn.
5. Is breá le Lyra a bheith ag amhrán ag féilte agus bhí sí ag súil le
dul ar stáitse ar fud Shasana le linn 2021. Chuir COVID-19 deireadh
leis na féilte sin agus le seisiúin bheaga i gclubanna sa bhliain 2020,
áfach. Cé go raibh díomá uirthi, bhí sceitimíní uirthi nuair a ligeadh
di dul ar The Tommy Tiernan Show agus The Late Late Show le linn
2020. Ar nós mórán ealaíontóirí agus amhránaithe eile, tá Lyra ag
súil leis go gceadófar ceolchoirmeacha agus gigeanna go luath.
Gluais
urlabhra = cumas cainte maisithe decorated
Ceisteanna
(a) Conas a cothaíodh suim Lyra sa cheol, dar léi féin? (Alt 1)
Cuir tic () leis an bhfreagra ceart.
➢ Bhíodh sí ag canadh i gcór eaglaise.
➢ D’fhoghlaim sí na drumaí agus an bodhrán.
➢ Bhí tionchar mór ag Sinéad O’Connor uirthi.
(b) Cen ráiteas is fearr a chuireann síos ar chumas ceoil Lyra? (Alt 2)
Cuir tic () leis an bhfreagra ceart.
➢ Tá guth mór láidir agus cur i láthair den scoth aici.
➢ Níl a guth rómhaith.
➢ Níor éirigh léi sa chomórtas amhránaíochta.
(c) Breac síos, i d’fhocail féin, dhá phointe, a léiríonn an chaoi ar
chabhraigh an tréimhse i Sasana le ceol Lyra. (Alt 3)
(a)
(b)
(d) Scríobh dhá abairt faoi ábhar an cheoil a bhíonn ag Lyra. (Alt 4).
(a)
(b)
© Gael Linn (ar lean thíos)
Staighre|2021-2022| Gael Linn
(e) Cur síos gairid uait (dhá phointe) ar an gcineál saoil a bhí ag Lyra
sna blianta 2020 agus 2021. (Alt 5)
(a)
(b)
(f) Cén fáth a luaitear (a) Linda Martin (b) Sinead O’Connor agus (c)
Helen Cody sa sliocht, dar leat?.
(a)
(b)
(c)
Saibhreas na Gaeilge
1. Is deacair uaireanta, an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge a
thuiscint, go háirithe nuair nach bhfuil taithí againn uirthi ach mar
theanga imeallach a fhoghlaimímid ar scoil. Ach dá mbeimis inár
gcónaí in Éirinn 800 bliain ó shin (nó fiú 500 bliain ó shin) bheadh
Gaeilge líofa againn ar fad.
2. Sa lá atá inniu ann, labhraíonn thart ar 1.35 billiún duine Béarla
ar domhan, ach 1500 bliain ó shin níor labhair ach milliún é. Ag an
am sin freisin, labhair thart ar leathmhilliún an Ghaeilge. Is mór an
t-athrú atá tagtha ar an domhan ó shin i leith, go háirithe maidir le
cúrsaí teanga. Is mórtheanga domhanda é an Béarla anois agus is
mionteanga í an Ghaeilge.
3. Ceistítear, uaireanta, an chúis ar chóir dúinn
bacadh le mionteangacha. Conas is fiú iarracht a
dhéanamh Gaeilge a mhúineadh do dhaoine óga?
Cén fáth ar chóir tacaíocht ar bith a thabhairt don
teanga? Cad chuige nach ligfimis di bás a fháil?
Ceann de na freagraí ar na ceisteanna sin ná go
mbaineann saibhreas cultúrtha le mionteangacha
– agus is mór an tábhacht a bhaineann le cultúr tíre,
náisiúin nó pobail ar bith.
4. Léiríonn ár dteanga an bealach a smaoinímid ar an saol, ár
ndearcadh ar a chéile agus an chaoi a ndéanaimid cumarsáid le
daoine agus leis an domhan thart orainn. Smaoinigh, mar shampla,
ar an gcaoi a n-insímid scéal. Tá an t-eolas is suimiúla agus is
riachtanaí ar fad le fáil sna briathra. Tugann siad creatlach an scéil
dúinn, cuireann siad beocht sa scéal; agus gan iad thitfeadh an scéal
as a chéile. Chuaigh, chonaic, rith … Cheana féin tá eolas
ríthábhachtach faighte ag an éisteoir. Anois, sa Ghaeilge tugtar an
t-eolas sin ag tús na habairte. Sa Bhéarla, sa Fhraincis agus sa
Ghearmáinis, is sa dara háit a thagann an t-eolas sin – agus is ag na
daoine a bhíonn an phríomháit – mé, sé, sí. I 45% de theangacha an
domhain, is ag deireadh na habairte a chuirtear an briathar. Bheadh
foighne ag teastáil chun éisteacht le scéalta spleodracha sna
teangacha sin!
© Gael Linn (ar lean thíos)
Staighre|2021-2022| Gael Linn
5 B’fhéidir gur thug tú faoi deara cheana féin agus Fraincis,
Gearmáinis nó Spáinnis á foghlaim agat ar scoil, go mbaineann
tábhacht faoi leith leis na briathra avoir, haben agus tener.Ní
hamháin go mbaineann ciall leis na briathra sin iontu féin, ach tá
siad tábhachtach chun an aimsir chaite a chur le chéile freisin. Cén
Ghaeilge atá ar an mbriathar sin to have? Ar ndóigh, ceist
mhíchothrom atá ann mar nach bhfuil aon bhriathar mar sin againn
sa Ghaeilge. Ní ann dá leithéid! Gan amhras, tá bealaí ann chun a
léiriú go bhfuil rud agam, gur liomsa rud, nó go bhfuil rud i mo
sheilbh, ach níl briathar ann chuige. Agus, gan dabht ardaítear an
cheist – conas a mhair na seanGhaeil gan an briathar sin? Mhair siad
gan mhaoin phearsanta – nó sin an míniú atá agamsa air. Nach deas
an coincheap é sin anois, do lucht an ábharachais i saol an lae inniu!
Gluais
creatlach = fráma, cnámha spleodrach = croíúil cheerful
Ceisteanna
(a) Cén taithí atá ag daoine óga an lae inniu ar an nGaeilge? (Alt 1)
Cuir tic () leis an bhfreagra ceart.
➢ Tá Gaeilge líofa ag gach duine.
➢ Tá taithí acu uirthi mar theanga imeallach.
➢ Aithníonn siad gur ábhar í a thaitníonn le gach duine.
(b) Cén t-athrú is mó a luaitear in Alt 2?
➢ Labhraíonn 1,500 duine Béarla sa lá atá inniu ann.
➢ Labhraíonn leathmhilliún daoine Gaeilge faoi láthair.
➢ Tháinig méadú mór ar líon na mBéarlóirí.
(c) Cén tábhacht a luaitear leis an nGaeilge in Alt 3?
Cuir tic leis an bhfreagra ceart.
➢ Múintear í do dhaltaí i scoileanna ar fud na tíre.
➢ Is mór an tábhacht a bhaineann le cultúr tíre.
➢ Tugtar tacaíocht di mar theanga.
(d) Cén teanga ina dtagann an t-eolas is riachtanaí sa chéad áit in
abairt?
- Sa Ghaeilge
- Sa Fhraincis
- Sa Bhéarla
(e) Cén fáth nach bhfuil an briathar ‘to have’ sa Ghaeilge, dar leis an
údar? Alt 5)
(f) Bunaithe ar an eolas sa sliocht, scríobh nóta gairid ar an léargas a
thugann an Ghaeilge ar mheon na nGael.
Obair bhreise bunaithe ar an
dlúthdhiosca.
Leathnú foclóra. Chuala na daltaí na focail agus na nathanna seo ar an
dlúthdhiosca: Corca Dhuibhne
cruthanta
locht
masc
dabht
uile
le bhur dtoil
cloí go daingean
seomra feistis
crannchur
braithim
taitneamh
taoide
suimiúil
© Gael Linn (ar lean thíos)
Staighre|2021-2022| Gael Linn
• deis a thabhairt dóibh iad a mheaitseáil leis na cinn seo thíos go léir, ar fad
más é bhur dtoil é
seasamh go docht
milleán
sult, pléisiúr
amhras
spéisiúil
aghaidh fidil, clúdach don aghaidh
airím, mothaím
corpanta, amach is amach
lató
líonadh agus trá na farraige
Gaeltacht Chiarraí thiar
seomra gléasta
• deis a thabhairt dóibh iad a chur in abairtí dá gcuid féin
Aidiachtaí
Chuala na daltaí na haidiachtaí faoi chló iodálach thíos ar an
dlúthdhiosca. Bíodh orthu an bhreischéim agus an tsárchéim a
rá os ard agus a scríobh san aimsir (ghnáth)láithreach agus
san aimsir chaite. (Téidís chuig roinn na gramadaí in
www.teanglann.ie más gá.)
Sampla: Aimsir láithreach → deas – níos deise – is deise
Aimsir chaite → deas – ní ba dheise – ba dheise
cruthanta deas maith daingean úr mór beag
breá ceart sásta díreach suimiúil aoibhinn
Réamfhocail
Chualathas na réamhfhocail seo ar an dlúthdhiosca –
i ar leis ag do ó
• Tugtar deis do na daltaí na bearnaí a líonadh sna habairtí seo
a leanas:
1 Ní raibh Deirdre __ scoil inné.
2 Fuair mé bronntanas deas __ mo dheartháir.
3 Bhuail mé lo mo chairde __ an gcluiche inné.
4 Ar labhair tú __ an bhfear sin go fóill?
5 Chaitheamar cúpla lá __ gCorcaigh anuraidh.
6 Gheall mé roinnt airgid __ Sheán an tseachtain seo caite.
Deachtú agus bearnaí le líonadh
• Ceist 1 Triail B a chasadh arís
• Léigh amach an sliocht sin, ag fágáil bearnaí faoi mar atá
thíos. Tugadh na daltaí na freagraí cuí ó bhéal. Ansin
d’fhéadfaí deachtú a bhunú orthu.
Is mise Tomás _____ Ó Conghaile agus _____ anseo i mBaile
na _____, Contae na _____, gar do _____ TG4. Is _____ iad
mo _____, Jenny agus Orla. Tá siad trí bliana déag _____ agus
iad díreach tosaithe sa _____ ar an _____. Athrú mór é sin don
_____ acu tar éis _____ a bheith ag _____ ar bhunscoil bheag
_____. Tá suim mhór agam féin i _____ spóirt agus is _____
liom an _____ ach go háirithe. Bhí _____ an-mhór orm nuair a
chaill _____ na Gaillimhe in _____ Phort Láirge sa _____ le
linn an tsamhraidh.
Sámhchodladh – ar leanúint ó leathanach 12 Déan cur síos ar na mothúcháin atá le sonrú sa dán seo. Luaigh i
do fhreagra an bealach a ndeachaigh na mothúcháin sin i
bhfeidhm ort féin.
Tá go leor mothúchán sa dán seo – ina measc brón, grá, fuath,
ciapadh, ciontacht. Ach gan aon amhras, is é aiféala an ceann is láidre
ann. Ag tús an dáin, feicimid go bhfuil an file ina sheasamh ag uaigh a
athar agus é ag smaoineamh ar a athair atá curtha sa talamh.
Tánn tú anois
thíos fúm…
© Gael Linn (ar lean thíos)
Staighre|2021-2022| Gael Linn
Baineann an fhoclaíocht sin
siar asam, mar le linn ár saoil,
smaoinímid ar ár dtuismitheoirí
a bheith os ár gcionn agus muid
inár bpáistí. Fiú agus muid
fásta suas, smaoinímid ar an
údarás a bhaineann leo agus
samhlaímid iad os ár gcionn ar
bhealach éagsúil. Is cosúil go
mbaineann an file sásamh éigin
as an lámh in uachtar a bheith
aige ar a athair, go bhfuil sé os
a chionn anois. Ach ní fada a
mhaireann an sásamh sin, mar
go leanann mothúcháin chasta
an chéad mhothúchán.
Cuireann an chéad íomhá eile
iontas orm, mar ba bheag a shíl mé riamh go mbeadh duine ina chúis
péine ag a athair, ach is léir gur mar sin a bhi an scéal i gcás an fhile
seo.
Marcshlua na bpian
ag satailt ort…
Is é an file féin atá i gceist le marcshlua na bpian. Ciallaíonn sé sin
gurbh eisean a scaoil piléir na péine lena athair arís agus arís eile,
gurbh eisean ba chúis le go leor péine i saol a athar. Is uafásach an
íomhá é sin – agus tugann an file léargas níos doimhne dúinn ar an
gcaidreamh a bhí eatarthu sna línte a leanann. Insíonn sé dúinn go
raibh fuath aige dá athair ar feadh na mblianta – agus is léir nár
cheistigh sé an fuath sin, nár thug sé aghaidh air ná nach ndearna sé
tochailt faoin bhfuath. I bhfolach faoin bhfuath sin, áfach, tá grá, agus
tagann an grá sin aníos as doimhneacht agus dubhachas a anama;
cuireann sé iontas ar an bhfile agus tugann sé mothúchán eile leis –
aiféala.
Is cosúil go bhfuil an t-athair marbh le tamall anois, agus gur ghlac sé
am ar an mac teacht ar an tuiscint sin go raibh grá aige dá athair i rith
an ama.
Tánn tú imithe rófhada,
Ní thuigfeá anois
m’aithrí…
Tá aithreachas tagtha ar an mac
anois gurbh eisean cúis na péine ar
fad, go raibh fuath chomh láidir sin
aige dá athair. Tuigeann sé anois
freisin, go bhfanfaidh an t-aiféala sin
leis go deireadh a shaoil féin – agus
go mbeidh sé ina ualach air. Dá
mbeadh breith ar a aithreachas aige,
ghuífeadh sé suaimhneas dá athair le
focail nár tháinig as a bhéal riamh nuair a bhí an t-athair beo.
‘Sámhchodladh,
a Dhaid.’
Suaimhneas ag dul a luí dó agus suaimhneas síoraí agus é ar leaba a
bháis atá i gceist.
© Gael Linn (ar lean thíos)
Staighre|2021-2022| Gael Linn
Lá Buí Bealtaine (ar lean ó lch 13)
Ceisteanna
Freagairt phearsanta ar ábhar
litríochta
1. Déan cur síos gairid ar
bhuaicphointe an dráma. (Féach
thall.)
Feasacht teanga
2. Pioc amach seacht gcinn
d’aidiachtaí ón dráma nach raibh
ar eolas agat roimhe seo. Cuir i
do leabhar nótaí shaibhreas
teanga iad agus bain úsáid astu i
do chuid scríbhneoireachta.
3. Pioc amach roinnt samplaí de
chanúint an deiscirt sa dráma seo.
Don phunann teanga
4. Samhlaigh gur iriseoir thú.
Cuir agallamh ar Nóinín faoina hóige agus í ina seanbhean.
Cumarsáid ghníomhach
5. I mbeirteanna, glacadh duine agaibh ról Nóinín agus an duine eile
ról Pheadair. Labhraígí faoinar tharla eadraibh na blianta
ó shin.
Freagra samplach (Ceist 1) Déan cur síos gairid ar bhuaicphointe an dráma.
Is é buaicphointe an dráma seo ná an nóiméad a aithníonn Nóinín gurb
é Peadar Mac Fhlannchadha an seanfhear cantalach atá sa chathaoir
rothaí eile taobh léi. Ní hamháin go n-aithníonn sí gurb é a chéad ghrá
é, ach aithníonn sí go bhfuil grá aige di go fóill, agus leis an tuiscint
sin, tagann an tuiscint gur caillteanas mór a bhí sna blianta fada sin
agus iad scartha ó chéile. Tagann cumha uirthi de bharr gach a bhfuil
caillte aici agus aigesean – agus de bharr an róil a bhí aici féin sna
himeachtaí a tharla ar an lá cinniúnach sin, Lá Buí Bealtaine.
Tarlaíonn buaicphointe eile sa dráma seo, sa chuid den scéal a tharla
na blianta ó shin. Is é sin an lá a maraíonn Peadar Páid. Is eachtra
thragóideach é, a scarann an lánúin óg ó chéile, agus a chuireann
casadh ina scéal grá. Ba é an marú sin an cor cinniúnach – agus
buaicphointe eile sa dráma.
© Gael Linn (ar lean thíos)Staighre|2021-2022|
Gael Linn
Script 1 – Triail A Ceist a hAon – Cainteoir
Mise Sibéal Nic Amhlaoibh. Rugadh agus tógadh mé i gCorca
Dhuibhne, in iarthar Chiarraí. Deartháir amháin atá agam. Páidí is
ainm dó agus tá sé ocht mbliana d’aois. Tá sé ag freastal ar an
mbunscoil áitiúil agus is pleidhce cruthanta é! Ar Mham atá an
locht, mar ligeann sí dó a rogha rud a dhéanamh i gcónaí. Tháinig a
lán cuairteoirí go dtí an ceantar le linn an tsamhraidh – agus
b’Éireannaigh iad den chuid is mó. Daoine deasa iad agus ghlac siad
go hiomlán leis na rialacha a bhaineann le CÓIVID a Naoi Déag.
Mar shampla, bhí maisc á gcaitheamh ag gach uile dhuine acu.
Ceist a Dó – Fógra
Deirdre Uí Mháille, an príomhoide, anseo. Fáilte romhaibh ar ais ó
laethanta saoire an tsamhraidh. Níl aon dabht faoi ach go bhfuil dath
na gréine agus cuma na maitheasa oraibh uilig. Tabharfar tús áite do
chúrsaí sláinte agus sábháilteachta sa scoil arís i mbliana. Beidh
seomra ar leith ag chuile rang agus ní mór do gach duine fanacht ag
an mbinse céanna do na hábhair éagsúla. Fanaigí le bhur ngrúpaí
féin, a fhad agus is féidir, ag am sosa agus ag am lóin, le bhur dtoil.
Ar ndóigh, tuigeann sibh go maith go bhfuil cosc iomlán ar ghuma
coganta, ar bhulaíocht agus ar chaitheamh tobac sa scoil – agus
iarraim oraibh cloí go daingean leis na rialacha a bhaineann leo sin.
Agus thar aon ní eile, tugaigí aire mhaith dá chéile.
Ceist a Trí – Píosa Nuachta
D’oscail Mícheál D. Ó hUiginn, Uachtarán na hÉireann, ionad úr
pobail i nGleann Cholm Cille maidin inné. Bhí scaifte mór i láthair
don ócáid agus cuireadh scaradh sóisialta i bhfeidhm. Tá halla
pobail, halla spóirt, seomraí feistis agus bialann bheag san ionad
nua. Tógadh an t-ionad breá seo le cuidiú ón Chranncur Náisiúnta
agus ó Chomhairle Contae Dhún na nGall. Ba cheart go mbeadh
muintir óg an cheantair an-sásta anois, a dúirt an tUachtarán le linn
dó duais speisialta a bhronnadh ar chaptaen fhoireann peile Naomh
Columba.
Ceist a Ceathair – Comhrá
An Chéad Mhír
Liam Conas tánn tú, a Cháit? An maith leat a bheith ar ais ar
scoil?
Cáit Is maith, a Liam. Tá saol na scoile ceart go leor agus tá
suim mhór agam i roinnt de na hábhair a bheidh á
ndéanamh agam.
Liam Braithimse díreach mar an gcéanna, a Cháit – ach beidh
dúshlán mór i gceist maidir le Scrúdú na Sraithe
Sóisearaí.
Cáit Is fíor sin, a Liam. Táim féin ag tnúth leis an dúshlán
sin. Bhain mé taitneamh as na laethanta saoire, ach
casann an taoide, mar a deirtear.
An Dara Mír
Liam An ndearna tú aon ní suimiúil le linn an tsamhraidh?
Cáit Rinne, ambaist’. Chuaigh an teaghlach ar fad ar saoire go
Cloich na Coillte in iarthar Chorcaí ar feadh seachtaine.
Bhí teach saoire ar cíos againn cois farraige – agus
bhaineamar súp as atmaisféar na háite.
Liam Ar éirigh leat mórán a dhéanamh?
Cáit D’éirigh, gan dabht. Is breá liom féin dul ag snámh, ag
rothaíocht agus ag siúl le mo mhadra – agus bhí neart
deiseanna agam iad sin a dhéanamh.
© Gael Linn (ar lean thíos)
Staighre|2021-2022| Gael Linn
Liam Cloisim go bhfuil Trá Inse Duine go deas.
Cáit Tá sí go haoibhinn, a Liam. Is cinnte go rachaidh mé ar ais
arís an samhradh seo chugainn.
Triail B Ceist a hAon – Cainteoir
Is mise Tomás Óg Ó Conghaile agus cónaím anseo i mBaile na
hAbhann, Contae na Gaillimhe – gar do cheanncheathrú TG4. Is
cúpla iad mo dheirfiúracha, Jenny agus Orla. Tá siad trí bliana déag
d’aois – agus iad díreach tosaithe sa phobalscoil ar an Spidéal. Athrú
mór é sin don bheirt acu tar éis dóibh a bheith ag freastal ar
bhunscoil bheag tuaithe. Tá suim mhór agam féin i gcúrsaí spóirt
agus is breá liom an iomáint ach go háirithe. Bhí díomá an-mhór
orm nuair a chaill iománaithe na Gaillimhe in aghaidh Phort Láirge
sa chraobh le linn an tsamhraidh.
Ceist a Dó – Fógra
Seo fógra ó Raidió na Gaeltachta, Gaoth Dobhair. Beidh sraith nua
den quizchlár ‘Tabhair freagra’ ag tosú i mí na Samhna. Clár é seo
do dhaltaí meánscoile faoi chúig bliana déag d’aois. Ba mhaith linn
foireann ó achan mheánscoil sa chontae a bheith ar an chlár. Triúr
scoláirí, mar aon le hionadaí amháin, a bheidh de dhíth. Fáilteofar
roimh lucht tacaíochta fosta, ach ní cheadófar níos mó ná cúig
dhuine dhéag de bharr sranta CÓIVID a Naoi Déag. Rachaidh achan
chlár amach beo ar an raidió agus cuirfear duaiseanna luachmhara ar
fáil do na buaiteoirí.
Ceist a Trí – Píosa Nuachta
Tá ag éirí go geal le Lató Chumann Lúthchleas Gael Luimnigh i
láthair na huaire. Fear ó Mhainistir na Féile a bhuaigh an duais mhór
ag an deireadh seachtaine. Baileoidh sé a charr nua leictreach Dé
Céadaoin seo chugainn! Beidh lúcháir air, gan dabht. Ba sa chlub
áitiúil a cheannaigh sé an ticéad. Tá an-éileamh ar na ticéidí seo le
bliain anuas, dar le rúnaí an chlub – toisc go bhfuil ag éirí thar barr
le foireann iomána Luimnigh.
Ceist a Ceathair – Comhrá
An Chéad Mhír
Neasa Ceist agam ort, a Mham.
Mam Céard, a Neasa?
Neasa Beidh cóisir bheag i dteach Orla oíche Shathairn. An
bhfuil cead agam dul ann?
Mam Níl a fhios a’am anois, a Neasa. Cén t-am a bheidh sí ag
tosú?
Neasa Thart ar a hocht a chlog, déarfainn. Tiocfaidh mé abhaile
go luath, geallaimse duit!
Mam Tabharfaidh mé cead duit ar choinníoll amháin – go
mbeidh tú ar ais sa bhaile roimh uair an mheán oíche.
Neasa Tá go maith, a Mham. Níl aon fhadhb agamsa leis sin.
Mam Céard a beidh ar siúl agaibh, pé scéal é?
Neasa Beimid ag éisteacht le ceol, ag damhsa agus ag plé
cúrsaí an cheantair. Sin an méid.
Mam Nach breá an saol a bhíonn ag déagóirí na laethanta seo!
Is maith is cuimhin liom féin…
Neasa Ná tosaigh, a Mham. Tá sé sin uilig cloiste go minic
agam cheana féin! Oíche mhaith!
© Gael Linn (ar lean thíos)
Staighre|2021-2022| Gael Linn
Triail C Ceist a hAon
Fógraí an lae chugaibh anois. Tá rothar sléibhe ar díol ag Seosamh
de Búrca, a bhfuil cónaí air i gCúil Aodha. Rothar é nár úsáideadh
riamh – agus dath gorm ar an bhfráma. Bronntanas dá bhreithlá ba
ea é, ach tá seanrothar de dhéantús Raleigh aige cheana féin, ná
scarfaidh sé leis ar ór ná ar airgead. Céad caoga euro atá á lorg aige
– praghas an-réasúnta, a deir sé féin. Níl Seosamh ag iarraidh a
uimhir ghutháin a chur amach ar an aer. Mar sin, más mian leat an
rothar a fheiceáil, buail isteach chuige ina theach féin aon oíche tar
éis a sé a chlog. Neosfaidh aon duine i gCúil Aodha duit cá bhfuil
teach Sheosaimh.
Fógraítear, leis, go n-osclóidh an comhlacht Aldi siopa nua i mBaile
an Fheirtéaraigh go luath. Tá suíomh ceannaithe ag an gcomhlacht
cheana féin – agus cead pleanála faighte acu ó Chomhairle Contae
Chiarraí. Tuairiscítear go bhfuil muintir na háite idir dhá chomhairle
faoin scéal. Cé go bhfáiltíonn daoine áirithe roimh an bhfiontar, is
eagal le cuid eile acu go ndúnfar siopaí agus go gcaillfear poist sa
cheantar a luaithe is a osclófar an siopa.
Ceist a Dó
Beidh Coiste Chlub Óige Naomh Cholmcille ag teacht le chéile go
luath chun imeachtaí an fhómhair a phlé – agus chun spriocanna a
chur in áit do na laethanta atá le teacht. Clárófar baill úra agus
seanbhaill i halla an pharóiste, idir a seacht agus a hocht a chlog,
oíche Mháirt seo chugainn. Deich euro an duine an táille do dhaoine
fásta agus cúig euro do dhéagóirí. Praghsanna an-réasúnta, dar le
rúnaí an chlub, Áine Ní Ghallchóir. D’éirigh go han-mhaith le
dráma na bliana seo caite – agus an t-ádh orainn go raibh sé ar siúl
díreach sular bhris an coróinvíreas amach. Táimid an-dóchasach
anois go n-éireoidh linn ceann eile a chur ar an stáitse um Nollaig –
ag brath ar chomhairle Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. An
dráma a bheidh againn i mbliana ná leagan nua-aimseartha den
seanscéal Rúraíochta ‘Clann Uisnigh’. Beidh neart imeachtaí eile ar
siúl le linn na bliana fosta, is cosúil. Bígí ag clárú, mar sin.
Ceist a Trí
Tá na gardaí i Sligeach ag lorg eolais i dtaobh eachtra a tharla i lár
an bhaile mhóir aréir. Bhris robálaithe isteach i siopa poitigéara thart
ar uair an mheán oíche agus goideadh airgead ón taisceadán.
Sciobadh drugaí dainséaracha amach as an áit freisin agus deir an
Ceannfort, Micheál Mac Mathúna, go bhfuil fadhb na ndrugaí ar fud
an chontae ag dul in olcas le tamall anuas – go háirithe i measc
daoine gan dídean. Feictear andúiligh ainnise ar na sráideanna, a
deir sé – agus is léir go mbaineann mangairí buntáiste astu. Fáinne fí
atá ann, dar leis, mar go bhfuil fadhb na coiriúlachta ag méadú i
gcoitinne, a bhuí le fadhb na ndrugaí.
Bhí go leor daoine ar na sráideanna nuair a tharla an eachtra áirithe
seo – agus níl aon dabht faoi ach go bhfaca duine éigin an carr
éalaithe ag éalú ón áit, dar leis an gCeannfort. Iarrtar ar dhaoine
glaoch ar na gardaí láithreach má tá aon eolas acu faoin scéal.
© Gael Linn (ar lean thíos)
Staighre|2021-2022| Gael Linn