37
Innéacs 1.14: Comparáid a dhéanamh idir píosaí ceoil atá comhchosúil de réir ré agus stíle le cumadóirí éagsúla ó thíortha éagsúla. 2.6: ostinato rithimeach nó séise a chumadh agus sraitheanna fuaime a chur leis thar an bpatrún nuair a sheinntear arís é, an uigeacht a éagsúlú chun píosa mothaithe a chruthú chun gearrthán scannáin nó seicheamh íomhánna a thionlacan. 2.7: roinnt smaointe ceoil a chruthú agus a chur i láthair ag baint úsáide as uirlisí agus/nó fuaimeanna ar thángthas orthu chun mothú nó mothúcháin atá curtha in iúl i ndán, scéal nó alt nuachtáin a léiriú. 2.8: anailís a dhéanamh ar struchtúr cordúil sleachta ó réimse amhrán agus liosta amhrán a chur le chéile ina mbeidh struchtúir agus réimnithe corda comhchosúla. 3.10: plé a dhéanamh ar phrionsabal na gceart ceoil agus míniú a thabhairt maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige sin ar chomhroinnt agus ar fhoilsiú an cheoil.

COGG | An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus ... · Web viewRugadh Muzio Clementi sa bhliain 1752 sa Róimh, san Iodáil. Ba léir go raibh an-tallann sa cheol aige ó aois óg

  • Upload
    others

  • View
    1

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: COGG | An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus ... · Web viewRugadh Muzio Clementi sa bhliain 1752 sa Róimh, san Iodáil. Ba léir go raibh an-tallann sa cheol aige ó aois óg

Innéacs1.14: Comparáid a dhéanamh idir píosaí ceoil atá comhchosúil de réir ré agus stíle le cumadóirí éagsúla ó thíortha éagsúla.

2.6: ostinato rithimeach nó séise a chumadh agus sraitheanna fuaime a chur leis thar an bpatrún nuair a sheinntear arís é, an uigeacht a éagsúlú chun píosa mothaithe a chruthú chun gearrthán scannáin nó seicheamh íomhánna a thionlacan.

2.7: roinnt smaointe ceoil a chruthú agus a chur i láthair ag baint úsáide as uirlisí agus/nó fuaimeanna ar thángthas orthu chun mothú nó mothúcháin atá curtha in iúl i ndán, scéal nó alt nuachtáin a léiriú.

2.8: anailís a dhéanamh ar struchtúr cordúil sleachta ó réimse amhrán agus liosta amhrán a chur le chéile ina mbeidh struchtúir agus réimnithe corda comhchosúla.

3.10: plé a dhéanamh ar phrionsabal na gceart ceoil agus míniú a thabhairt maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige sin ar chomhroinnt agus ar fhoilsiú an cheoil.

Page 2: COGG | An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus ... · Web viewRugadh Muzio Clementi sa bhliain 1752 sa Róimh, san Iodáil. Ba léir go raibh an-tallann sa cheol aige ó aois óg

1.14: Comparáid a dhéanamh idir píosaí ceoil atá comhchosúil de réir ré agus stíle le cumadóirí éagsúla ó thíortha éagsúla.

Cumadóir Tír Píosa Ceoil Tréimhse stairiúil

Stíl

Clementi An Iodáil Sonáidín Pianó Clasaiceach Clasaiceach

Mozart An Ostair Téama agus Breachnuithe ar “Ah! vous dirai-je, Maman” Cumtha don phianó.

Clasaiceach Clasaiceach

Beethoven

An Ghearmáin

Pianó Sonáid Clasaiceach déanach

Clasaiceach

Tréithe an cheoil chlasaicigh

1. Tá na frásaí gearr – 4-bharr de ghnáth.2. Freagraíonn na frásaí a chéile a chéile, cosúil le ceist agus freagra.3. Bíonn an tséis simplí agus éasca cuimhniú air agus é a chanadh siar.4. Bíonn go leor athsheanma ann.5. Bíonn na cordaí simplí – cordaí I, IV agus V le mionchordaí ii agus vi.6. Bíonn modhnú ann go dtí gléas atá gaolta leis an bhunghléas.7. Bionn an uigeacht homafónach go minic – séis le tionlacan.8. Le ceol atá seinnte ag an cheolfhoireann, bíonn an tséis ag na téaduirlisí

agus gaothuirlisí an chuid is mó den am. Bíonn feidhm tacaíochta ag na práis, agus cuireann siad le teannas sa cheol.

9.

Page 3: COGG | An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus ... · Web viewRugadh Muzio Clementi sa bhliain 1752 sa Róimh, san Iodáil. Ba léir go raibh an-tallann sa cheol aige ó aois óg

Rugadh Muzio Clementi sa bhliain 1752 sa Róimh, san Iodáil. Ba léir go raibh an-tallann sa cheol aige ó aois óg. Bhog sé go Sasana sa bhliain 1766, áit ar tugadh oideachas sa cheol dó mar mhalairt ar cheol a sheinm. Bhí ard-mheas ag cumadóirí éagsúla eile ar a chuid ceoil, go háirithe ag Beethoven. Tugadh “Athair an Phianó” air, de bharr ardchaighdeán a chuid cumadóireachta don phianó. D’úsáid Mozart téama as píosa ceoil a chum Clementi i gceoldráma dá chuid – ba nós é ag an am ceol a thógáil ar iasacht ó chumadóirí eile. Ní raibh trácht ar chóipcheart na laethanta sin!

Tréithe an cheoil:

1. Tá uigeacht homafónach aige – séis le tionlacan cordúil. Seinntear an tséis leis an lámh dheas agus an tionlacan leis an lámh chlé.

Page 4: COGG | An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus ... · Web viewRugadh Muzio Clementi sa bhliain 1752 sa Róimh, san Iodáil. Ba léir go raibh an-tallann sa cheol aige ó aois óg

2. Tá na frásaí 4-bharra ar fhad.3. Freagraíonn na frásaí a chéile – ceann amháin oscailte, ceann dúnta.4. Tá an tséis simplí agus taitneamhach, tá sé éasca cuimhniú air.5. Tá na cordaí simplí – corda I agus V atá ann don chuid is mó.6. Tá modhnú ann go gléas a bhfuil dlúthcheangal aige leis an bhunghléas – D mór an

ceannasach.7. Tá go leor athsheanma ann.

Rugadh Mozart san Ostair sa bhliain 1756 (fuair sé bás in 1791). Ba léir go raibh ard-tallann sa cheol aige ó aois an-óg.

Page 5: COGG | An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus ... · Web viewRugadh Muzio Clementi sa bhliain 1752 sa Róimh, san Iodáil. Ba léir go raibh an-tallann sa cheol aige ó aois óg

Tréithe an cheoil:1. Tá uigeacht homafónach aige – séis le tionlacan cordúil.2. Tá na frásaí 4 bharra nó 8 mbarra ar fhad.3. Is féidir cosúlachtaí a fheiceáil idir na frásaí.4. Tá an tséis simplí agus taitneamhach, tá sé éasca cuimhniú air.5. Tá na cordaí simplí – corda I, IV agus V atá ann don chuid is mó. Úsáidtear cordaí ii agus vi

chomh maith.6. Tá modhnú ann go gléas a bhfuil dlúthcheangal aige leis an bhunghléas – A mion, an

mionghléas coibhneasta.7. Tá go leor athsheanma ann.

Rugadh Beethoven in Bonn na Gearmáine sa bhliain 1770, agus fuair sé bás sa bhliain 1827.

Tréithe an cheoil:8. Tá uigeacht homafónach aige – séis le tionlacan cordúil.9. Tá na frásaí 4 bharra nó 8 mbarra ar fhad.10. Freagraíonn na frásaí a chéile, ach tá go leor éagsúlachtaí eatarthu.11. Tá an tséis simplí agus taitneamhach, tá sé éasca cuimhniú air.

Page 6: COGG | An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus ... · Web viewRugadh Muzio Clementi sa bhliain 1752 sa Róimh, san Iodáil. Ba léir go raibh an-tallann sa cheol aige ó aois óg

12. Tá na cordaí simplí, ach úsáidtear níos mó seachtráin (nótaí nach bhfuil sa ghléas) ná mar a fhaightear i gceol Mozart ná Clementi.

13. Tá modhnú ann go gléas a bhfuil dlúthcheangal aige leis an bhunghléas – F mion, an mionghléas coibhneasta.

14. Tá athsheinm ann.15. Tá an ceol níos casta ná mar a bhí na samplaí ó Mozart agus ó Clementi.

Ainneoin gurb as tíortha éagsúla do na triúr cumadóirí, tá an-chuid cosúlachtaí le sonrú ina gcuid ceoil.

Is léir go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leis an cheol seo mar gur úsáid Phil Collins téama ón phíosa le Clementi ina amhrán “Groovy kind o’ love”; is é “Twinkle, Twinkle” an ceol a chum Mozart, agus d’úsáid Billy Joel an ceol ó Beethoven ina amhrán siúd “This Night”. Is léir go maireann ceol maith i bhfad.

Page 7: COGG | An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus ... · Web viewRugadh Muzio Clementi sa bhliain 1752 sa Róimh, san Iodáil. Ba léir go raibh an-tallann sa cheol aige ó aois óg

2.6 & 2.72.6: ostinato rithimeach nó séise a chumadh agus sraitheanna fuaime a chur leis thar an bpatrún nuair a sheinntear arís é, an uigeacht a éagsúlú chun píosa mothaithe a chruthú chun gearrthán scannáin nó seicheamh íomhánna a thionlacan.

2.7: roinnt smaointe ceoil a chruthú agus a chur i láthair ag baint úsáide as uirlisí agus/nó fuaimeanna ar thángthas orthu chun mothú nó mothúcháin atá curtha in iúl i ndán, scéal nó alt nuachtáin a léiriú.

Nuair atá ceol á chumadh agat a bheas mar thacaíocht do scannán, sraith pictiúr, dán, scéal nó alt nuachtáin, is gá ar dtús scrúdú a dhéanamh ar an mhothú atá san fhoinse, ionas gur féidir an mothú sin a léiriú tríd an cheol.

Conas a léirítear mothúcháin tríd an cheol?

Gluaiseacht na séise: Le mothú suaimhneach a chruthú, bíonn an tséis ag gluaiseacht céim ar chéim den chuid is mó. Le crógacht, láidreacht, bród a chruthú bíodh léimeanna móra idir nótaí den chorda céanna in úsáid.

Na Frásaí (míreanna): Is féidir mothú míshocair a chruthú le frásaí gearra, briste, agus mothú suaimhneach le frásaí fada.

Seichimh: Má úsáidtear seicheamh ag dul suas is féidir leis sin sceitimíní a chruthú, agus seicheamh ag dul síos mothú de shuaimhneas.

Am-chomhartha: Socraíonn an t-amchomhartha rialtacht na rithime sa cheol. Má bhíonn an t-amchomhartha de shíor ag athrú, cruthóidh sé seo míshuaimhneas. Má bhíonn amchomhartha in easnamh agus rithim shaor dá bharr si féidir leis sin éifeacht aislingeach a chruthú, go háirithe má bhíonn an ceol mall.

Ostinato (ostinati): Cuidíonn an ostinato go mór le teannas agus aontacht a chruthú sa cheol.

Rithim phoncaithe: Má tá an píosa ceoil tapa chomh maith, cuireann an rithim phoncaithe leis an mbeocht sa phíosa.

Sioncóipiú: Cuirtear beocht agus brí speisialta sa cheol le sioncóipiú.

Tonúlacht: Go minic fuaimníonn ceol i ngléas mór sona, sásta, agus go minic fuaimníonn ceol atá i ngléas mion brónach. Bíonn fuaim saghas brónach nó smaointeach go minic ag ceol módúil. Bíonn mothú míshuaimhneach go minic ag ceol neamhthonúil.

Cordaí: Má úsáideann an cumadóir comhchordaí, beidh mothú suaimhneach, socair ann de ghnáth. Le mothú foiréigeanach a chruthú, bain úsáid as díchordaí.

Troime na huigeachta: Le ceol éadrom, aislingeach a chruthú, bain triail as nótaí arda a sheinm. Le láidreacht, doircheacht, gruamacht a chruthú, bain úsáid as nótaí ísle, troma.

Page 8: COGG | An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus ... · Web viewRugadh Muzio Clementi sa bhliain 1752 sa Róimh, san Iodáil. Ba léir go raibh an-tallann sa cheol aige ó aois óg

Dinimicí: Cuireann crescendo le teannas sa cheol, agus diminuendo le suaimhniú. Le mothú láidir feargach a chruthú, seinn ceol láidir. Le duine a chur ar a sháimhín só nó le hatmaisféar síochánta a chruthú seinn ceol ciúin.

Luas: Is féidir le ceol tapa sceitimíní a léiriú, agus ceol mall brón nó éadóchas a léiriú. Má éiríonn an ceol níos tapúla, is féidir leis seo teannas a chruthú. Má éiríonn sé níos moille is féidir leis díomá a léiriú.

Cé go n-oibríonn na gnéithe seo leo féin, ar ndóigh bíonn siad i bhfad níos éifeachtaí nuair a chuirtear le chéile iad le tionchar i bhfad níos mó agus níos láidre a bheith acu ar mhothúcháin an éisteora.

Page 9: COGG | An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus ... · Web viewRugadh Muzio Clementi sa bhliain 1752 sa Róimh, san Iodáil. Ba léir go raibh an-tallann sa cheol aige ó aois óg

2.8: anailís a dhéanamh ar struchtúr cordúil sleachta ó réimse amhrán agus liosta amhrán a chur le chéile ina mbeidh struchtúir agus réimnithe corda comhchosúla.

Page 10: COGG | An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus ... · Web viewRugadh Muzio Clementi sa bhliain 1752 sa Róimh, san Iodáil. Ba léir go raibh an-tallann sa cheol aige ó aois óg

Cearta Maoine Ceoil

Má thaitníonn píosa ceoil leat, cad a dhéanann tú chun éisteacht leis? An gceannaíonn tú ar

líne é? Nó an ndéanann tú iarracht é a íoslódáil saor in aisce ó leithéidí YouTube? Cad fút

féin mar chumadóir – má scríobhann tú amhrán nó píosa ceoil an ligeann tú do gach duine

éisteacht leis gan cur orthu íoc as? Nach mbeadh sé go deas dá bhfaighfeá airgead gach uair

a d’éist duine leis an amhrán a chum tú? Foghlaim anseo conas is féidir airgead a thuilleamh

as ceol a chumadh.

Mar is eol duit is dócha, gach uair a bhíonn ceart ag duine amháin bíonn freagracht ar

dhuine eile. Seo mar a oibríonn sé le ceol fosta. Tá sé de cheart ag cumadóir íocaíocht a fháil

dá shaothar, agus dá bharr sin tá sé de fhreagracht ar gach duine a éisteann leis íoc as.

Cad is brí le cóipcheart?

Ceart atá ag cruthaitheoir an tsaothair úrnua. San áireamh tá an ceart cóip a dhéanamh den

saothar, an saothar a sheinm go poiblí, é a dháileadh agus a leasú/chóiriú. Mar sin má

chumann tusa amhrán, tá sé de cheart agat cóip a dhéanamh de (ar pháipéar nó ar mheán

eile), é sheinm i do rang ceoil, é a sheinm ar líne agus é a athrú ar aon bhealach gur mian

leat. Níl an ceart ach ag an duine a chum é.

Is ceart maoin intleachtúil é an cóipcheart. Is féidir na cearta seo a cheadúnú (ceadúnas a

thabhairt do dhuine), a aistriú agus/nó a chur in ainm duine. Ligeann sé do chruthaitheoirí

saothar úrnua smacht a choinneáil ar úsáid a saothair, agus ligeann sé dóibh airgead a

shaothrú as a saothar. Más tusa a scríobh an t-amhrán, is féidir leat na cearta a thabhairt

d’éinne eile ionas go bhfaighidh siadsan an t-airgead.

Maireann an cóipcheart suas go 70 bliain i ndiaidh bás an chumadóra. Ina dhiaidh sin is

féidir le daoine an ceol a úsáid ar aon bhealach gan íoc as. Deirtear go bhfuil an ceol ansin

san fhearann poiblí. Mar shampla, má sheinntear ceol le Mozart ag ceolchoirm, ní chaithfidh

an seinnteoir íoc as. Oibrigh amach é: má scríobhann tú amhrán, agus má fhaigheann tú bás

ag aois 86, cén bhliain a rachaidh an cóipcheart in éag? I ndiaidh do bháis, gheobhaidh do

theaghlach an t-airgead don chóipcheart, nó aon duine eile a ainmníonn tú.

Clúdaíonn cóipcheart gach meán – mar shampla, ní féidir grianghraf a thógáil de phíosa

ceoil, ná é a scríobh amach, ná a chóipeáil, ná é a thaifeadadh gan íoc as.

Page 11: COGG | An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus ... · Web viewRugadh Muzio Clementi sa bhliain 1752 sa Róimh, san Iodáil. Ba léir go raibh an-tallann sa cheol aige ó aois óg

Ní chlúdaíonn cóipcheart smaointe – ní leor go mbeadh amhrán in intinn chumadóra –

caithfidh cóip chrua a bheith ann de – ar pháipéar nó ar thaifead. Mar sin, má thosaíonn tú

ag smaoineamh ar amhrán a chumadh agus má tá an chéad chúpla líne i do chloigeann, ní

leor sin le hairgead a fháil dó. Is gá duit é a scríobh síos nó a thaifeadadh, sular féidir leat

cóipcheart a chur air.

Cad is brí le bradaíl?

Is gadaíocht é an bhradaíl. I gcás an cheoil tarlaíonn sé nuair a deir duine amháin gur chum

sé/sí an píosa ceoil a chum duine eile. Leis seo a sheachaint, is féidir le cumadóir an píosa a

thaifeadadh agus a chur chuig dlíodóir, nó chuige/chuici féin sa phost cláraithe. Sa chas go

n-éiríonn easaontas faoin chumadóir, beidh an duine ábalta a chruthú gur ar an dáta áirithe

seo a chumadh agus a cláraíodh é.

Cad is brí le dleacht chumadóra?

Seo an íocaíocht atá dlite ag cruthaitheoir saothair úrnua. Tagann an t-airgead ó dhíolacháin

nó ó léiriú (sheinm) poiblí ar an cheol.

Cad é IMRO?

Is eagraíocht náisiúnta in Éirinn é IMRO a dhéanann riarachán ar chearta

léirithe (taibhithe) i gcás ceol a bhfuil cóipcheart air, agus a bhailíonn an t-airgead sin ar son

na mball. Is gá d’eagraíochtaí a úsáideann ceol, mar shampla craoltóirí, ionaid cheolchoirme

agus gnóthaí íoc as úsáid an cheoil trí cheadúnas a íoc.

Bailíonn IMRO teacht isteach ceadúnais ó chraoltóirí, soláthroirí ceoil ar líne, ionaid

cheolchoirme, tithe tábhairne, óstáin agus réimse leathan gnóthaí a úsáideann ceol. Nuair

atá anailís déanta ar an airgead sin ag IMRO, íoctar dleacht chumadóra don léiriú poiblí le

húinéir na saothair a seinneadh go poiblí.

Cén cearta atá ag cumadóirí?

Tá trí cheart ag cumadóirí:

1. Cearta léirithe (seanma)

2. Cearta meicniúla

3. Cearta sioncronaithe

Page 12: COGG | An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus ... · Web viewRugadh Muzio Clementi sa bhliain 1752 sa Róimh, san Iodáil. Ba léir go raibh an-tallann sa cheol aige ó aois óg

Cearta léirithe

Nuair a sheinntear amhrán ar RTÉ, íoctar cumadóir an amhráin sin. Íocann RTÉ ceadúnas

a thugann cead dóibh ceol a sheinm go poiblí. Ag ceolchoirm íocann an banna nó an t-ionad

ceadúnas le bheith in ann ceol a sheinm. Má dhéanann do scoil ceoldráma a chur ar an

ardán, is gá don scoil íoc as na cearta do na hoícheanta a mbíonn an ceoldráma ar siúl.

Cearta Meicniúla

Tugann na cearta seo cead ceol a thaifeadadh ar CD, DVD, céirnín nó téip. Le cearta

neamh-mheicniúla tá cead an ceol a chóipeáil ar pháipéar – íocann na foilsitheoirí dleacht

chumadóra sa chás seo.

Cearta sioncronaithe

Tugann na cearta seo cead an ceol a úsáid mar chúlra i scannán. Íocann léiritheoir an

scannáin ceadúnas, ar a dtugtar ceadúnas sioncronaithe.

Tógaimis anois cúpla sampla, le feiceáil conas a oibríonn sé seo sa saol mórthimpeall orainn.

Sampla 1:

Scríobhann Séamus píosa ceoil agus déantar taifead air. Anois tá an ceol á dhíol agus tá sé

de cheart ag Séamus, mar chumadóir, airgead a dhéanamh as an cheol sin. Conas a oibríonn

sé sin?

1. Ar dtús is gá do Shéamus clárú mar bhall d’IMRO. Ansin cuireann sé sonraí an phíosa

ceoil chucu. Díoltar an ceol ar an idirlíon agus faigheann Séamus íocaíocht. Tugtar

dleacht chumadóra air sin.

2. Seinntear an ceol i siopaí nó ar an raidió agus íocann na craoltóirí nó úinéirí an tsiopa

ceadúnas. Téann cuid den airgead seo go Séamus, trí IMRO.

Sampla 2: Scríobhann Síle píosa ceoil d’fhógra ar an raidió. Conas a dhéanann sí airgead as?

Is cuma cad dó a úsáidtear an ceol atá cumtha – faigheann Síle airgead as an cheol a bheith

in úsáid ar an raidió nó ar an teilifís. Pléann Síle le hIMRO agus cuireann siadsan na sonraí

faoin cheol chuig an stáisiún raidió nó teilifíse. De ghnáth tugann siad an t-eolas seo a leanas

Page 13: COGG | An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus ... · Web viewRugadh Muzio Clementi sa bhliain 1752 sa Róimh, san Iodáil. Ba léir go raibh an-tallann sa cheol aige ó aois óg

– ainm an táirge san fhógra, teideal an cheoil, an cumadóir agus fad an phíosa ceoil san

fhógra. Sa dóigh seo gheobhaidh Síle an méid ceart airgid dá saothar.

Sampla 3: Cloiseann tú amhrán álainn ar an raidió agus ba mhaith leat éisteacht leis arís

agus arís. Cad ba chóir duit a dhéanamh?

Smaoinigh gur chum duine éigin an t-amhrán seo agus go bhfuil sé de cheart acu airgead a

fháil uait. Is gá duit an ceol a “cheannach” uathu. Ba chóir duit íoc as an amhrán a íoslódáil,

nó cóip chrua de a cheannach. Ní cóir é a íoslódáil saor in aisce.

Sampla 4: Tá iomann cumtha agat d’aifreann dheireadh na bliana, agus beidh an t-aifreann

sin á chraoladh beo ar RTÉ. Cad ba chóir duit a dhéanamh?

Ar dtús ba chóir duit an t-amhrán a chlárú, le taispeáint gur chum tú é. Is féidir taifead de a

chur sa phost cláraithe chugat féin – ainm an amhráin scríofa ar an chlúdach. Nuair a

fhaigheann tú sa phost é ní cóir duit é a oscailt. Ansin abair le RTÉ gur chum tú an ceol. Má

tá tú cláraithe le hIMRO gheobhaidh tú an t-airgead uathu sin.

Téarmaí le Foghlaim

Bradaíl = gadaíocht ar smaointe, focail nó saothar duine eile agus iad a úsáid gan aitheantas

a thabhairt don duine sin.

Cóipcheart = cearta atá ag cruthaitheoir saothar úrnua.

Dleacht chumadóra: an íocaíocht atá dlite don chumadóir as saothair úrnua.

Léiriú = seinm = taibhiú = performance. Cearta léirithe.

Pléigh sa rang

Ar chóir go mbeadh cóipcheart ann? Cén fáth. “Ba chóir go mbeadh sé de cheart agam ceol a íoslódáil saor in aisce ón idirlíon.”

Pléigh. “Ba chóir go mbeinn ábalta airgead a shaothrú as ceol a chumadh agus a sheinm. Ní

maith liom go mbíonn daoine ag íoslódáil mo chuid ceoil gan íoc as.” Cad a deir tú leis an chumadóir a dúirt é seo?

“Is ceoltóir é mo dheartháir agus seinneann sé le banna. Is beag airgid a dhéanann sé as an obair.” An bhfuil sé seo ceart, an dóigh leat?

“Tá sé ceart go n-íocfainn dochtúir as a chuid seirbhísí ach níl sé ceart go mbeadh orm íoc as éisteacht le ceol ar an idirlíon.” An aontaíonn tú leis an dearcadh seo?

Page 14: COGG | An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus ... · Web viewRugadh Muzio Clementi sa bhliain 1752 sa Róimh, san Iodáil. Ba léir go raibh an-tallann sa cheol aige ó aois óg

CUID 3

Page 15: COGG | An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus ... · Web viewRugadh Muzio Clementi sa bhliain 1752 sa Róimh, san Iodáil. Ba léir go raibh an-tallann sa cheol aige ó aois óg

Conas cur síos a dhéanamh ar phíosa ceoilIs gá go mbeifeá ábalta cur síos a dhéanamh ar cheol agus úsáid a bhaint as stór focal faoi leith. Chuige seo, tá sé inmholta tabhairt faoi ghnéithe (eilimintí) éagsúla den cheol, agus cur síos a dhéanamh orthu ceann ar cheann.

Fonn/Tiúin/SéisGluaiseacht na séise:

Is féidir leis an cheol gluaiseacht céim ar chéim den chuid is mó suas nó síos an scála. Bíonn an tséis socair, réidh agus cuireann sé ar do shuaimhneas tú. Go minic bíonn séis mar seo le fáil i gceol diaga/cráifeach. Samplaí: Frère Jacques; Be Still my Soul; By the Waters of Babylon.

Fonn a bhfuil an-chuid léimeanna ann. Bíonn na séiseanna seo níos láidre ná séiseanna a ghluaiseann céim ar chéim. Ní bhíonn siad socair, réidh ach is minic a léiríonn siad crógacht nó misneach. Sampla: ceol ón tsraith scannán Indiana Jones.

Meascán de ghluaiseacht céim ar chéim agus léimeanna. Seo an cineál is coitianta.

Réimse na Séise

Má ghluaiseann an ceol céim ar chéim den chuid is mó, gach seans nach bhfuil réimse ró-leathan ag an cheol. Má tá go leor léimeanna ann tá gach seans go bhfuil réimse níos leithne aige.

In amhráin is réimse cúng é níos lú ná ochtach a bheith in úsáid. Deirtear go bhfuil réimse measartha in amhrán a bhfuil idir ochtach agus ochtach go leith ann. Tugtar réimse leathan ar amhrán ina bhfuil réimse de dhá ochtach nó cóngarach dó ann.

De ghnáth, bíonn réimse níos leithne ag ceol uirlise, go háirithe ceol uirlise ina n-úsáidtear réimse leathan uirlisí.

Na Frásaí (míreanna)

Fad na bhfrásaí: An bhfuil siad fada nó gairid? De ghnáth, bíonn siad 4 bharra ar fhad. Le hamhráin go minic freagraíonn na frásaí don méid a chanfá in aon anáil amháin. Má tá níos mó ná 4 bharra sna frásaí is féidir a rá go bhfuil siad fada, agus níos lú ná 4 bharra tá siad gearr.

An bhfuil na frásaí soiléir nó an dtrasnaíonn siad a chéile? Mura bhfuil ach guth/uirlis amháin ann beidh na frásaí an-soiléir. Le ceol cuntraphointeach (le rothlaim mar shampla) seinntear trasna a chéile iad, ní bhíonn aon bhriseadh soiléir sa cheol go dtí an deireadh.

An bhfuil na frásaí ag freagairt a chéile?

i. ceann amháin ag dul suas, ceann eile ag teacht anuas. Mar shampla Groovy Kind of Love le Phil Collins, bunaithe ar cheol a chum Clementi.

ii. frása amháin oscailte ag an deireadh, ceann eile dúnta. Mar shampla: Away in a Manger, an dá fhrása deireanacha.

Page 16: COGG | An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus ... · Web viewRugadh Muzio Clementi sa bhliain 1752 sa Róimh, san Iodáil. Ba léir go raibh an-tallann sa cheol aige ó aois óg

iii. an rithim chéanna sa dá fhrása ach na nótaí rud beag difriúil. Sampla: Eine Kleine Nacht Musik, an chéad ghluaiseacht.

Seichimh

Go minic déantar athsheinm ar phátrún nótaí céim níos airde nó níos ísle, le tuilleadh béime agus cothromaíochta a thabhairt don fhrása sin. Tugtar seicheamh air seo, nó seicheamh séiseach nuair a bhaineann sé leis an tséis amháin. Sampla: By the Waters of Babylon, tá gach frása san amhrán seo bunaithe ar sheicheamh a athdhéantar céim amháin níos ísle gach uair.

Le Foghlaim:

Seicheamh: Pátrún nótaí a athsheinntear suas nó síos céim nó dhó.

Rothlaim: Amhrán simplí a chantar i bpáirteanna a thosaíonn i ndiaidh a chéile agus a dhéanann aithris ar a chéile. Sampla: Frère Jacques

Cuntraphointe: Uigeacht cheoil ina dtrasnaíonn na páirteanna a chéile, ag déanamh aithris ar a chéile.

Frása: Cothrom le habairt sa cheol; an chuid den cheol a chanfá in aon anáil amháin.

Idirchéim: An spás idir dhá nóta.

Aon-nóta: C – C

Déach: C – D

Tréach: C – E

Ceathrach: C – F

Cúigeach: C – G

Séach: C – A

Seachtach: C – B

Ochtach: C – C’

Rithim

Am-chomhartha

Socraíonn an t-amchomhartha rialtacht na rithime sa cheol. Ba chóir an t-amchomhartha a chur san áireamh in aon chur síos ar rithim an cheoil.

Page 17: COGG | An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus ... · Web viewRugadh Muzio Clementi sa bhliain 1752 sa Róimh, san Iodáil. Ba léir go raibh an-tallann sa cheol aige ó aois óg

I roinnt stíleanna ceoil is féidir amchomhartha a bheith in easnamh ar fad. Tugann sé seo saoirse don rithim, agus ní bhíonn buile rialta le cloisteáil. Is féidir leis an stíl seo a bheith aislingeach ní míshocair ag brath ar luas an cheoil. Sampla: fonn mall i stíl an tsean-nóis nó i gceol uirlise.

I stíleanna áirithe is féidir leis an amchomhartha a bheith ag athrú go minic agus tugann sé seo mírialtacht don cheol. Más ea bíonn sé deacair do chos a bhuaileadh leis an gceol mar go n-athraíonn an buille. Léirítear mothúcháin de mhíshuaimhneas. Sampla: Damhsa Marc-Chlaíomh (Sabre Dance) le Khachaturian.

Ceol Damhsa

Bíonn rithim an-láidir ag ceol damhsa (ballet, traidisiúnta agus pop) le cuidiú leo sin atá ag damhsa coinneáil in am. Bíonn rithim an-láidir fosta, ag máirseáil agus ceol míleata. De ghnáth, bíonn an cineál seo ceoil lán le fuinneamh, áthasach agus bíonn buillí rialta ann. Samplaí: Cornphíopa agus Minit le Handel; an válsa ó Symphonie Fantastique le Berlioz; ceol ó Star Wars.

Ostinato (ostinati)

Uaireanta úsáidtear ostinato rithimeach i gceol damhsa. Is éard atá i gceist leis seo ná an pátrún rithime céanna a bheith in úsáid tríd an cheol ar fad. Cuidíonn an ostinato go mór le teannas agus aontacht a chruthú sa cheol. Sampla: Bolero le Ravel. Tá an píosa ceoil ar fad bunaithe ar an phátrún rithime a thosaíonn ag an tús, agus de réir a chéile fásann an dinimic agus an teannas go dtí go mbristear ar an phátrún ag deireadh an phíosa agus críochnaíonn sé go gairid ina dhiaidh sin.

Rithim phoncaithe

Má bhíonn nótaí poncaithe in úsáid go rialta in aon phíosa ceoil bíonn fuaim mhí-chothrom nó mhíshocair ag baint leis. Má tá an píosa ceoil tapa chomh maith, cuireann an rithim phoncaithe leis an mbeocht sa phíosa. Sampla: Aon chornphíopa sa cheol traidisiúnta.

Ceol Cráifeach/Ceol Tréadach

Má bhíonn na nótaí uile cothrom agus an luas mall, bíonn mothú suaimhneach, réidh leis an cheol. Sampla: Cantaireacht Ghréagórach.

Ní bhíonn an tábhacht chéanna ag baint le rithim i gceol cráifeach mar gurb é aidhm an cheoil ná fonn guí a chur ar an éisteoir. Mar sin tá sé níos tábhachtaí go mbeadh an ceol suaimhneach agus go seasfadh an tséis amach. Sampla: Deus Meus.

Tugtar ceol tréadach ar aon cheol nach ceol cráifeach é.

Ceol Damhsa

Page 18: COGG | An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus ... · Web viewRugadh Muzio Clementi sa bhliain 1752 sa Róimh, san Iodáil. Ba léir go raibh an-tallann sa cheol aige ó aois óg

Ceanglaítear amchomharthaí éagsúla le damhsaí éagsúla.

Máirseáil: 4/4 le buillí an-láidir. Ríl: 4/4 agus an-tapa ar fad. Téann na focail “fite fuaite” leis an rithim. Cornphíopa: 4/4 measartha tapa le rithim phoncaithe. Minit: 3/4 Measartha tapa, mothú uasal, maorga ag baint leis. Válsa: 3/4 Tapa, luascach. Port: 6/8 tapa, rithimiúil. Téann na focail: “rithim na farraige” leis an rithim. 9/8 Port luascach. Téann na focail “Rithim na farraige goirme” leis an rithim. Má úsáideann píosa ceoil an luas agus an t-amchomhartha céanna le haon chineál ceoil

thuas, is féidir a rá go bhfuil sé scríofa i stíl máirseála nó stíl phoirt agus mar sin de. Is féidir chomh maith, a rá go bhfuil píosa ceoil seinnte nó cumtha i stíl thréadach nó i stíl

damhsa. Bíonn ceol tréadach níos moille ná ceol damhsa agus bíonn an tséis chun tosaigh níos mó. Seasann an rithim amach sa cheol damhsa, bíonn sé níos tapúla agus bíonn níos mó béime ar an rithim ná ar an tséis.

Sioncóipiú

Baineann ceol áirithe úsáid as rithimí ina mbaintear an bhéim de na príomhbhuillí chun an bhéim a chur áit éigin eile sa bharra. Mar sin in áit pátrún rialta a bheith ann tá an pátrún doiléir agus cuirtear beocht agus brí speisialta sa cheol. Is féidir an bhéim a bhogadh ón bpríomhbhuille ar thrí bhealach:

i. is féidir sos a chur ar an gcéad bhuille den bharra. ii. is féidir an chéad nóta den bharra a cheangal leis an nóta deireanach sa

bharra roimhe agus iii. Is féidir nóta gairid a chur ar an bpríomhbhuille agus nóta fada díreach ina

dhiaidh. Tá sioncóipiú le fáil go rialta i gceol pop. Sampla: Streets of London.

Le Foghlaim:

Máirseáil: 4/4 le buillí an-láidir.

Ríl: 4/4 agus an-tapa ar fad.

Cornphíopa: 4/4 measartha tapa le rithim phoncaithe.

Minit: 3/4 Measartha tapa, mothú uasal, maorga ag baint leis.

Válsa: 3/4 Tapa, luascach.

Port: 6/8 tapa, rithimiúil.

Sioncóipiú: rithim ina mbaintear an bhéim de na príomhbhuillí chun an bhéim a chur áit éigin eile sa bharra

Ostinato: Pátrún sa rithim, séis nó cordaí a athsheinntear tríd an bpíosa ceoil ar fad.

Comhcheol / Armóin

Page 19: COGG | An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus ... · Web viewRugadh Muzio Clementi sa bhliain 1752 sa Róimh, san Iodáil. Ba léir go raibh an-tallann sa cheol aige ó aois óg

Tonúlacht

Is féidir le ceol a bheith i ngléas mór nó i ngléas mion nó is féidir leis a bheith módúil. Go minic fuaimníonn ceol i ngléas mór sona, sásta, agus go minic fuaimníonn ceol atá i ngléas mion brónach. Ar ndóigh, bíonn eisceachtaí ann! Sampla de cheol i ngléas mór: Ceol ón scannán Indiana Jones. Sampla de cheol i ngléas mion: Téama ón cheol scannáin Schindler’s List.

Bíonn ceol módúil má chríochnaíonn sé ar nóta den scála taobh amuigh de dó nó só. Go hiondúil is iad ceol traidisiúnta agus sean-cheol eaglasta an dá chineál ceoil is minice a bhíonn módúil. Bíonn fuaim saghas brónach nó smaointeach go minic ag ceol módúil. Sampla de cheol atá módúil: She Moved Through the Fair (mód soh).

Is féidir le ceol a bheith neamhthonúil chomh maith. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil gléas ná lárnóta tonúlachta faoi leith aige. Tá sé deacair an cineál ceoil seo a chanadh siar. Bíonn mothú míshuaimhneach go minic ag ceol neamhthonúil. Sampla: Cuid mhaith de cheol Berg agus Schoenberg.

Simplíocht:

Is féidir leis an armóin a bheith simplí nó casta. Má tá sé simplí ní rachaidh sé amach as gléas an phíosa féin, nó b’fhéidir go rachaidh sé go gléas an-chóngarach do ghléas an phíosa.

Má tá an armóin casta beidh sé deacair an ceol a leanúint ó ghléas go gléas.

Cordaí

Is féidir leis an gcumadóir comhchordaí a úsáid sa cheol. Is cordaí iad seo a bhfuil fuaim dheas ag baint leo. Úsáideann Handel comhchordaí sa Chornphíopa agus Minit.

Is féidir leis an gcumadóir díchordaí a úsáid ina chuid ceoil. Is cordaí iad seo nach bhfuil deas le héisteacht leo. Bíonn siad foréigneach go minic, nó uaireanta mothaíonn an t-éisteoir go bhfuil rud éigin “mícheart” sa cheol. Úsáideann Carl Orff díchordaí ag tús a phíosa ceoil O Fortuna as Carmina Burana.

Is féidir leis na cordaí athrú go minic nó go mall. Ní gá go n-athrófaí go mall iad i gceol mall, agus go tapa i gceol atá gasta.

Page 20: COGG | An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus ... · Web viewRugadh Muzio Clementi sa bhliain 1752 sa Róimh, san Iodáil. Ba léir go raibh an-tallann sa cheol aige ó aois óg

Le Foghlaim:

Tonúlacht: An gaol atá idir nótaí agus an lárnóta tonúlachta i bpíosa ceoil. Is féidir le ceol tonúil a

bheith mór, mion nó modúil. Is féidir le ceol a bheith neamhthonúil chomh maith.

Gléas Mór: Go minic fuaimníonn ceol i ngléas mór sona, sásta. Is é dó an lárnóta tonúlachta.

Gléas Mion: Go minic fuaimníonn ceol atá i ngléas mion brónach. Is é lá an lárnóta tonúlachta.

Ceol Módúil: Bíonn ceol módúil má chríochnaíonn sé ar nóta den scála taobh amuigh de dó nó lá.

Díchordaí: Is cordaí iad seo nach bhfuil deas le héisteacht leo. Bíonn siad foréigneach go minic, nó

uaireanta mothaíonn an t-éisteoir go bhfuil rud éigin “mícheart” sa cheol.

Page 21: COGG | An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus ... · Web viewRugadh Muzio Clementi sa bhliain 1752 sa Róimh, san Iodáil. Ba léir go raibh an-tallann sa cheol aige ó aois óg

Uigeacht

Monafóine

Líne amháin cheoil. Bíonn uigeacht mhonafónach sa cheol nuair nach bhfuil ann ach líne amháin, gan aon tionlacan ná comhcheol. Má tá níos mó ná duine amháin ag canadh nó níos mó ná uirlis amháin ag seinm, bíonn gach duine ag canadh/seinm an ruda chéanna ag an am céanna.

Homafóine Séis le tionlacan. Bíonn uigeacht homafónach ag an gceol nuair atá séis amháin le cloisteáil agus tionlacan ag dul leis an tséis sin.

Cuntraphointe/Ilfhónacht

Bíonn uigeacht chuntraphointeach nó ilfhónach ag an gceol nuair atá níos mó ná líne amháin ann agus na línte sin ar chomhthábhacht. Is féidir leis na línte éagsúla aithris a dhéanamh ar a chéile ach ní gá. Ní bhíonn deireadh na bhfrásaí soiléir mar go dtrasnaíonn siad a chéile. Más canadh atá i gceist ní ghlacfaidh gach duine anáil ag an am céanna. Bíonn uigeacht chuntraphointeach ag rothlaim. Sampla: Three Blind Mice.

Troime na huigeachta

Is féidir le huigeacht an cheoil a bheith trom nó éadrom ag brath ar an líon uirlisí atá ag seinm nó na cineálacha uirlisí atá ag seinm. Bíonn uigeacht throm ann nuair a bhíonn na práis ag seinm leo féin, nó nuair atá an cheolfhoireann iomlán ag seinm. Go minic bíonn uigeacht i bhfad níos éadroime ag baint leis na gaothuirlisí leo féin.

Réimse an Cheoil:

Bíonn tionchar ag réimse an cheoil ar an uigeacht chomh maith. Má bhíonn nótaí arda sa cheol bíonn an uigeacht níos éadroime nó níos gile. Má bhíonn an chuid is mó de na nótaí an-íseal beidh uigeacht níos dorcha agus níos troime sa cheol.

Le Foghlaim

Monafóine: Bíonn uigeacht mhonafónach sa cheol nuair nach bhfuil ann ach líne amháin, gan aon

tionlacan ná comhcheol

Homafóine Bíonn uigeacht homafónach sa cheol nuair atá séis amháin le cloisteáil agus tionlacan ag

dul leis an tséis sin

Cuntraphointe/Ilfhónacht: Bíonn uigeacht chuntraphointeach nó ilfhónach sa cheol nuair atá níos

mó ná líne amháin ann agus na línte sin ar chomhthábhacht

Uigeacht: Saibhreas fuaime.

Page 22: COGG | An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus ... · Web viewRugadh Muzio Clementi sa bhliain 1752 sa Róimh, san Iodáil. Ba léir go raibh an-tallann sa cheol aige ó aois óg

Mothúcháin

Is gá éisteacht leis an gceol agus anailís a dhéanamh ar na mothúcháin a mhúsclaíonn an ceol ionat. Má tá an ceol ard, callánach, láidir, foréigneach b’fhéidir go spreagann sé fearg nó dóchas nó cumhacht ionat. Má bhíonn an ceol suaimhneach, ciúin b’fhéidir go bhfuil sé cosúil le suantraí agus go gcuireann sé suaimhneas ort. B’fhéidir go gcuireann sé brón ort má bhíonn sé i ngléas mion, nó áthas má tá sé i ngléas mór.

Dinimicí

An bhfuil an ceol ard nó ciúin? An athraíonn sé i rith an phíosa? Conas? An bhfuil crescendo nó diminuendo sa cheol? Conas a chuireann sé seo le mothú an cheoil? An éiríonn an ceol níos láidre, níos feargaí nuair atá crescendo ann? An éiríonn sé níos suaimhní nuair a bhíonn diminuendo ann?

Luas An bhfuil an ceol tapa nó mall nó measartha? An éiríonn sé níos tapúla, níos moille nó an bhfanann sé mar an gcéanna tríd an bpíosa ar fad? Conas a chuireann an luas leis an mothú ann? Má tá sé tapa an bhfuil sé áthasach chomh maith? Má tá sé mall an bhfuil sé suaimhneach, nó brónach nó éadóchasach?

Le Foghlaim:

Accelerando: Éirigh níos tapúla

Adagio: Go mall

Al fine: go dtí an deireadh

Allegretto: Éadrom agus bríomhar

Allegro: Tapaidh

Andante: Ag luas siúil

Animato: Go bríomhar

Arco: Seinneann téaduirlisí leis an mbogha (úsáidte tar éis pizzicato)

A tempo: ar ais go dtí an chéad luas (úsáidte tar éis ritardando nó accelerando)

Cantabile: I stíl chanta

Page 23: COGG | An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus ... · Web viewRugadh Muzio Clementi sa bhliain 1752 sa Róimh, san Iodáil. Ba léir go raibh an-tallann sa cheol aige ó aois óg

Crescendo: Éirigh níos láidre Decrescendo: éirigh níos ciúine

Con brio: Le spiorad, go bríomhar

Da capo: Téigh ar ais go dtí an tús

Diminuendo: Éirigh níos ciúine

Dolce: Go binn

Forte (f): Láidir. Fortissimo (ff): An-láidir Mezzo forte (mf): measartha láidir

Largo/Lento: go mall

Meno mosso: níos lú gluaiseachta (níos moille)

Moderato: Ag luas measartha

Molto: an- (molto allegro = an-tapaidh)

Piano (p): ciúin Pianissimo (pp): an-chiúin Mezzo piano (mp): measartha ciúin

Piu: níos mó (piu mosso – níos mó gluaiseachta = níos tapúla)

Pizzicato: Seinneann téaduirlisí gan an bogha, stoitear na sreanga.

Poco: beagán

Presto: An-tapaidh

Ritardando/Ritenuto: Éirigh níos moille

Senza: Gan

Tutti: Gach duine le chéile

Vivace: Bríomhar

Page 24: COGG | An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus ... · Web viewRugadh Muzio Clementi sa bhliain 1752 sa Róimh, san Iodáil. Ba léir go raibh an-tallann sa cheol aige ó aois óg

Gnéithe (Eilimintí) Ceoil – príomhchodanna an cheoilIs bunriachtanais iad seo i bpíosa ceoil

Buille An chuid den cheol a mbuailtear le cos. Bíonn sé rialta. Baineann sé le rithim.

Dinimic Cé chomh ciúin nó láidir is atá an ceol.

Comhcheol (Armóin) Na cordaí a sheinntear mar thacaíocht don cheol.

Fad Líon na mbuillí atá ag nóta faoi leith. Baineann sé leis an rithim.

Luas (Tempo) Cé chomh tapa nó mall is a théann an ceol.

Rithim Meascán de bhuillí fada agus gearra a dhéanann suas an ceol. Is féidir é a bhualadh le lámha.

Séis Fonn, tiún an cheoil. Nótaí le meascán airde curtha le chéile le fuaim tarraingteach a dhéanamh.

Stíl Tréithe ceoil éagsúla atá grúpáilte le chéile le faisean faoi leith a dhéanamh, bunaithe ar ré stairiúil faoi leith, tír/ceantar faoi leith, seánra faoi leith, cumadóir faoi leith, léiritheoir faoi leith. Tá stíleanna éagsúla ag rac-cheol, ceol clasaiceach, ceol traidisiúnta, ceol na Beatles agus mar sin de.

Timbre/tondath Cáilíocht fuaime a ligeann dúinn an difríocht idir veidhlín agus trumpa a aithint, nó idir cantóir fireann agus baineann.

Tonúlacht An gléas ina bhfuil píosa ceoil. Is féidir leis a bheith mór nó mion, nó módúil. Bíonn ceol módúil níos coitianta sa tseanam nó i gceol traidisiúnta.

Tuinairde (nó airde) Cé chomh hard nó íseal is atá nóta.

Page 25: COGG | An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus ... · Web viewRugadh Muzio Clementi sa bhliain 1752 sa Róimh, san Iodáil. Ba léir go raibh an-tallann sa cheol aige ó aois óg

Gnéithe struchtúrtha (Teicnící cumadóireachta)Is gnéithe iad seo a úsáidtear chun píosaí ceoil a chumadh agus a chruthú

Aithris Cóipeáil dhíreach nó chomhchosúil ar fhrása nó mír cheoil.

Athsheinm Seinntear téama nó séis arís, de ghnáth le hathruithe ann.

Canóin Píosa ceoil nó stíl chumadóireachta ina dtosaíonn na páirteanna ceann i ndiaidh a chéile agus iad ag déanamh aithrise ar a chéile.

Mír frása, nó abairt sa cheol.

Móitíf Téama an-ghearr a úsáidtear tríd an bpíosa ceoil. Is cosúil le síol é a úsáidtear le forbairt a dhéanamh ar an cheol. Má úsáidtear go rialta tríd an cheol é, tugann sé aontacht don cheol.

Nóta troitheánach

Nóta troitheánach aisiompaithe

Nóta fada marthanach (go minic ar an tonach nó an ceannasach) nó nóta athsheinnte de réir mar a athraíonn na cordaí os a chionn. Cruthaíonn sé teannas sa cheol.

Nóta ard marthanach (nó athsheinnte) agus cordaí ag athrú faoi.

Ostinato Pátrún athsheinnte séise nó rithime nó cordaí a úsáidtear le haontacht a thabhairt don cheol. De ghnáth, seinntear an pátrún arís agus arís eile tríd an phíosa ceoil ar fad.

Seicheamh Pátrún nótaí a athsheinntear suas nó síos céim. Is sampla é clingthon Nokia de sheicheamh.

Téama Mír nó frása so-aitheanta a úsáidtear go minic trí phíosa ceoil. Bíonn sé níos faide ná móitíf, go minic roinnt barraí ar fhad.

Téama agus breachnuithe

Píosa ceoil ina seinntear séis uair amháin ar bhealach simplí, agus ansin athsheinntear roinnt uaireanta é, le hathruithe simplí nó casta gach uair. Is féidir an bhunséis a aithint i gcónaí.

Page 26: COGG | An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus ... · Web viewRugadh Muzio Clementi sa bhliain 1752 sa Róimh, san Iodáil. Ba léir go raibh an-tallann sa cheol aige ó aois óg

Aguisín B: Gluais de théarmaí ceoil

Cuireadh an ghluais seo leis an tsonraíocht chun brí théarmaí an Cheoil a mhíniú mar a fheictear iad

sa tsonraíocht seo le cuidiú leat í a thuiscint.

Téarma Léirmhíniú

Aisfhuaimniú Éifeacht phróiseála sa chás go n-

aisfhuaimnítear fuaim a chruthaítear le huirlis

cheoil aimplithe; éifeacht mhacalla a úsáidtear

chun éifeachtaí nádúrtha an aisfhuaimnithe sa

seomra a athchruthú.

Ceol Teagmhasach Ceol a úsáidtear i scannán, dráma, cluiche

ríomhaire, ionad siopadóireachta nó meáin eile

mar chúlra nó chun atmaisféar faoi leith a

chruthú nó a fheabhsú.

Cnagadh coirp Fuaimeanna a dhéantar ag úsáid codanna den

chorp (e.g. greadadh cos, bualadh na leise)

Comhbhrú Éifeacht phróiseála a úsáidtear i meascadh agus

nó taifeadadh chun raon dinimiciúil an cheoil a

rialú nó a laghdú.

Corda Dhá nóta nó níos mó ag fuaimniú ag an am

céanna.

Dul chun cinn cordaí (Réimniú cordaí an téarma

is fearr)

Sraith cordaí ag fuaimniú ceann i ndiaidh a

chéile.

Éifeachtaí próiseála Sraith oibríochtaí meicniúla nó teicneolaíocha

ar phróiseas taifeadta trína modhnaítear an

bhunfhuaim a cuireadh isteach.

Foinse fuaime An meán ina gcruthaítear fuaim (e.g. ar uirlis, trí

ghuth a úsáid, rud sa timpeallacht, gléas

leictreonach).

Fuaimeanna ar thángthas orthu Fuaimeanna a chruthaítear as gnáthnithe

laethúla (e.g. bataí, clocha, troscán).

Gléasanna (Gnéithe) struchtúracha Gléasanna nó teicnící a úsáidtear chun píosaí

ceoil a chumadh agus a chruthú (m.sh.. móitíf,

mír, seicheamh, canóin, aithris, téama agus

Page 27: COGG | An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus ... · Web viewRugadh Muzio Clementi sa bhliain 1752 sa Róimh, san Iodáil. Ba léir go raibh an-tallann sa cheol aige ó aois óg

leagan difriúil).

Gligín (Ceoilín) Mana, véarsa nó fonn gairid a gcoinneofar

cuimhne go héasca air, go háirithe lena úsáid i

bhfógraíocht.

Gnéithe ceoil Príomh-chomhábhair an cheoil (buille, fad, luas,

tuinairde, dinimic, tondath, stíl agus tonúlacht).

Méadar Grúpáil buillí ina ngrúpaí dhá bhuille, trí bhuille

agus ceithre bhuille.

Móitíf Smaoineamh ceannasach nó athfhillteach i

bpíosa ceoil.

Nodaireacht ghrafach Nodaireacht ina gcuirtear fuaim nó ceol i láthair

trí chruthanna nó línte nó íomhánna.

Ostinato Patrún tionlacain a sheinntear arís agus arís a

bhíonn rithimeach nó séiseach agus a

choimeádtar tríd an bpíosa ceoil go leanúnach.

Píosa mothaithe Píosa ceoil ina dtugtar le fios nó ina léirítear

mothúchán nó giúmar nó atmaisféar faoi leith.

Prótacail Chultúr/ Chultúrtha Smaointe, gnásanna, cleachtais, luachanna agus

iompraíochtaí sóisialta daoine nó sochaí faoi

leith.

Réimniú cordaí Sraith cordaí ag fuaimniú ceann i ndiaidh a

chéile.

Samhlaigh Smaoineamh a chruthú; é a chumadh nó a

shamhlú.

Saobhadh Athrú ar fhoirm comhartha leictrigh nó tonna

fuaime le linn próiseála; athrú ar fhuaim uirlisí

ceoil leictreacha aimplithe agus a bhaineann

den chuid is mó leis an ngiotár leictreach.

Seánra Catagóir leathan ceoil nó foirmeacha ceoil (e.g.

rac, snagcheol, ceol tíre).

Sondas Cáilíocht fuaime nó tondatha (timbre) atá ag

foinse fuaime faoi leith.

Spreagthach Rud éigin a spreagann, nó a thugann inspioráid

don scoláire le smaoineamh ceoil a chruthú; is

Page 28: COGG | An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus ... · Web viewRugadh Muzio Clementi sa bhliain 1752 sa Róimh, san Iodáil. Ba léir go raibh an-tallann sa cheol aige ó aois óg

féidir leis an spreagthach teacht as, mar

shampla, eispéireas pearsanta, píosa ceoil atá

ann cheana, íomhá nó grafaic, nó saothar

ealaíne, rud, nó focal.

Stíl An dóigh ina ndéantar an ceol a eagrú i dtaca le

coinbhinsiúin áirithe; baineann sé go minic le

ré, seánra, léiritheoir nó cumadóir faoi leith.

Tabhair breithmheas Measúnú a dhéanamh ar luach nó ar cháilíocht

rud éigin

Tondath (timbre) Cáilíocht toin nó fuaime faoi leith uirlise nó

gutha, nó bailiúcháin uirlisí agus guthanna.

Uigeacht ‘Dlús’ nó saibhreas fuaime i bpíosa ceoil;

d’fhéadfadh sé sin a bheith caol/tanaí (líne

aonair shéise) nó tiubh/saibhir (cúpla sraith

séiseanna, armóiní nó tondathanna).