Upload
others
View
8
Download
0
Embed Size (px)
Citation preview
1 © Gaelchultúr 2012
Conas an Ghaeilge a Mhúineadh
go hÉifeachtach sa Seomra Ranga: Modúl 4
Ceacht 1: An Aimsir / Pleananna agus an Aimsir
Aidhmeanna: Cur ar chumas na ndaltaí labhairt faoi phleananna i gcomhthéacs na haimsire
Cuspóirí:
nasc a dhéanamh idir an aimsir agus gníomhaíochtaí faoi leith;
cluiche boird a imirt faoin aimsir agus faoi phleananna;
cleachtadh a dhéanamh ar an aimsir fháistineach
Feidhmeanna teanga:
eolas a thabhairt agus a lorg (ceisteanna a chur agus a fhreagairt)
Struchtúir: Céard a dhéanfaidh tú ag an deireadh seachtaine?
Rachaidh mé ag snámh má bhíonn sé te.
Imreoidh mé cluichí boird … /
Imreoidh mé cluichí ríomhaire … /
Péinteálfaidh mé pictiúr ... /
Glanfaidh mé mo sheomra … má bhíonn sé fliuch.
Glanfaidh mé an carr … /
Rachaidh mé ar shiúlóid leis an madra … /
Rachaidh mé ag rothaíocht … /
Gearrfaidh mé an féar … má bhíonn sé tirim.
Rachaidh mé ag seoltóireacht … /
Rachaidh mé ag eitleogaíocht … /
Rachaidh mé ag surfáil … má bhíonn sé gaofar.
Rachaidh mé ag scátáil má bhíonn sé ag reo.
Déanfaidh mé fear sneachta má bhíonn sé ag cur sneachta.
An rachaidh tú ag __________?
Rachaidh./Ní rachaidh.
Stór focal: Gníomhaíochtaí: cluichí boird, cluichí ríomhaire, seoltóireacht, eitleogaíocht,
surfáil, rothaíocht, fear sneachta
Aimsir: te, gaofar, fliuch, tirim, ag cur sneachta, ag reo
2 © Gaelchultúr 2012
Gramadach: Aimsir fháistineach an bhriathair:
Féachfaidh mé ar an ar an teilifís.
An bhféachfaidh tú ar an teilifís?
Féachfaidh./Ní fhéachfaidh.
Ábhar: Na cártaí ar an leathanach “An aimsir”;
Na cártaí ar an leathanach “Cad a dhéanfaidh tú?: Cártaí”;
An cluiche boird “Cad a dhéanfaidh tú?: Cluiche” ar leathanach A3;
An bhileog “Ceithre cinn i líne”
3 © Gaelchultúr 2012
A. Réamhchumarsáid
1. Plé ar phleananna don deireadh seachtaine
(a) Tarraing an tábla thíos ar an gclár.
An Deireadh Seachtaine
maidin Dé hAoine
maidin Dé Sathairn
maidin Dé Domhnaigh
i rith an lae Dé hAoine
i rith an lae Dé Sathairn
i rith an lae Dé Domhnaigh
tráthnóna Dé hAoine
tráthnóna De Domhnaigh
tráthnóna Dé Domhnaigh
(b) Bain úsáid as na pictiúir atá le fáil ar an leathanach “Cad a dhéanfaidh tú...?: Cártaí” chun
na pleananna atá agat don deireadh seachtaine a chur in iúl do na daltaí. Cuir na pictiúir
chuí faoi na codanna éagsúla den deireadh seachtaine de réir mar atá tú ag labhairt faoi do
chuid pleananna.
(c) Cuir ceist ar na daltaí ansin cad iad na pleananna atá acusan do thréimhsí difriúla le linn
an deireadh seachtaine. Déan iad a spreagadh le tagairt a dhéanamh don aimsir chomh
maith.
Múinteoir: Cad a dhéanfaidh tusa maidin Dé Sathairn, a Sheáin?
Dalta: Beidh mé ag imirt peile le mo chairde.
Múinteoir: Beidh, má bhíonn sé tirim!
2. Stór focal faoi aimsir agus na himeachtaí a oireann do chineálacha éagsúla aimsire
(a) Cuir na pictiúir ón leathanach “An Aimsir” a léiríonn cineálacha éagsúla aimsire ar thaobh amháin den chlár agus cuir na pictiúir ón leathanach “Cad a dhéanfaidh tú...?:
Cártaí” a bhaineann le gníomhaíochtaí éagsúla ar an taobh eile.
(b) Iarr ar na daltaí a rá cad iad na cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí a oireann d’aimsir the, d’aimsir ghaofar, d’aimsir fhliuch, etc.
Cad iad na rudaí éagsúla is féidir linn a dhéanamh má bhíonn sé gaofar?
(c) Spreag na daltaí le gníomhaíochtaí éagsúla a mholadh a oireann d’aimsir ghaofar.
Daltaí: Is féidir linn dul go dtí an trá.
Daltaí: Is féidir linn dul ag snámh.
4 © Gaelchultúr 2012
Daltaí: Is féidir linn dul ar shiúlóid.
(d) Déan na cártaí gníomhaíochta a mheaitseáil leis na cártaí aimsire de réir mar a dhéanann
na daltaí na moltaí.
(e) Tabhair pictiúrchárta de chuid an leathanaigh “Cad a dhéanfaidh tú...?: Cártaí” do dhalta
ansin agus iarr air a rá leat cén ghníomhaíocht a bheidh ar siúl aige agus tagairt a
dhéanamh don aimsir chomh maith. Cuir ceist air cosúil leis an gceann thíos.
Múinteoir: Cad a dhéanfaidh tú maidin Dé Sathairn, a Liam?
Dalta: Rachaidh mé ag seoltóireacht má bhíonn sé gaofar.
(f) Scríobh na tréimhsí éagsúla seo ar am gclár ansin:
tar éis na scoile Dé Céadaoin
maidin Déardaoin, roimh an scoil
(g) Cuir ceisteanna mar an ceann seo thíos ar dhaltaí éagsúla sa rang agus luaigh tréimhsí
ama mar na cinn thuas.
Múinteoir: Cad a dhéanfaidh tú tar éis na scoile Dé Máirt, a Thomáis?
Dalta: Déanfaidh mé m’obair bhaile agus ansin rachaidh mé amach ag imirt
peile má bhíonn sé tirim.
5 © Gaelchultúr 2012
An aimsir
gaofar
te
fliuch
ag cur sneachta
ag reo
tirim
6 © Gaelchultúr 2012
Cad a dhéanfaidh tú?: Cártaí
Rachaidh mé ag
seoltóireacht.
Rachaidh mé ag
eitleogaíocht.
Rachaidh mé ag scátáil.
Imreoidh mé cluichí boird.
Imreoidh mé cluichí
ríomhaire.
Glanfaidh mé an carr.
Glanfaidh mé mo sheomra.
Rachaidh mé ar shiúlóid
leis an madra.
Gearrfaidh mé an féar.
7 © Gaelchultúr 2012
Rachaidh mé ag surfáil.
Féachfaidh mé ar
an an teilifís.
Déanfaidh mé fear
sneachta.
Rachaidh mé ag snámh.
Rachaidh mé ag rothaíocht.
Péinteálfaidh mé pictiúr.
8 © Gaelchultúr 2012
B. Fíorchumarsáid
Cluiche boird
(a) Déan cóipeanna den chluiche “Cad a dhéanfaidh tú?” do gach triúr, mar aon le cóipeanna den tsraith cártaí “Cad a dhéanfaidh tú?: Cártaí”.
(b) Abair leis na daltaí go mbeidh siad ag imirt cluiche boird.
(c) Léirigh, le cabhair ó ghrúpa amháin, conas a imrítear an cluiche.
Rialacha
i. Beidh triúr i ngach grúpa.
ii. Ba cheart do gach duine sa ghrúpa an dísle a chaitheamh le fáil amach cé a thógfaidh an chéad seal. Bogfaidh sibh go dtí na spásanna cuí ar an mbord. Ansin,
beidh sibh réidh le tosú. Is é an duine a gheobhaidh an scór is airde a thógfaidh an
chéad seal.
iii. Ba cheart d’Imreoir 1 an dísle a chaitheamh ar dtús agus cárta a thógáil. Caithfidh sé ceist agus freagra a chumadh agus úsáid a bhaint as an tréimhse ama atá luaite
ar an gcearnóg a mbeidh sé uirthi agus as an bpictiúr atá ar an gcárta.
iv. Má éiríonn leis an dalta an cheist agus an freagra a rá i gceart is féidir leis bogadh ar aghaidh an méid spásanna is a bhí ar an dísle. Mura n-éiríonn leis an cheist agus
an freagra ceart a rá, fanfaidh sé ar an spás céanna.
v. Ba cheart d’Imreoir 2 an dísle a chaitheamh an dara huair agus tarlóidh an rud céanna.
vi. Beidh an bua ag an gcéad duine a bhainfidh deireadh an chláir amach. Ba cheart leanúint ar aghaidh leis an gcluiche le feiceáil cé a thiocfaidh sa dara háit agus sa
tríú háit.
9 © Gaelchultúr 2012
Tús
tar éis
na scoile
Dé Máirt
maidin
Dé Sathairn
Bog ar
aghaidh
3 spás.
tráthnóna
Dé
Domhnaigh
Bog ar
aghaidh.
tráthnóna
Dé hAoine
Bog ar ais
3 spás.
tar éis
na scoile
Déardaoin
maidin Dé
Domhnaigh
am lóin
amárach
Fan amach
ó bhabhta
amháin.
maidin
Dé Luain,
roimh
an scoil
do lá
breithe
maidin
Dé hAoine,
roimh
an scoil
i rith an lae
Dé Sathairn
tar éis
na scoile
Dé Luain
Téigh
ar ais.
Lá Nollag maidin Dé
Céadaoin,
roimh
an scoil
Bog ar
aghaidh
2 spás.
tráthnóna
Dé Sathairn
maidin
Déardaoin,
roimh
an scoil
Téigh ar ais
go dtí an
tús!
tar éis
na scoile
Dé
Céadaoin
maidin Dé
hAoine,
roimh
an scoil
i rith an lae
Dé
Domhnaigh
Lá Fhéile
Pádraig
Cad a
dhéanfaidh tú?
Rialacha 1) Caith an dísle
agus tóg cárta.
2) Má chuireann
tú agus má
fhreagraíonn tú
an cheist i gceart,
is féidir leat
bogadh ar
aghaidh an méid
spásanna is atá
ar an dísle
3) Is féidir le níos
mó ná imreoir
amháin a bheith
ar an spás
céanna.
4) Leanaigí ar
aghaidh go dtí go
dtiocfaidh an
chéad duine go
dtí an críoch agus
ansin féachaigí cé
a thiocfaidh sa
dara háit, sa tríú
háit, etc.
Críoch
10 © Gaelchultúr 2012
C. Iarchumarsáid
Cluiche gramadaí: Ceithre cinn i líne
(a) Abair leis na daltaí go mbeidh siad ag imirt cluiche go luath ina mbeidh siad ag freagairt ceisteanna san aimsir fháistineach.
(b) Téigh siar ar roinnt samplaí de bhriathair san aimsir fháistineach.
Scríobh na ceisteanna seo thíos ar an gclár agus iarr ar na daltaí cabhrú leat na freagraí a
chur ar fáil. Déan do cheann a chromadh nó a chroitheadh le nod a thabhairt dóibh.
An mbeidh tú ag féachaint ar an teilifís?
An nglanfaidh tú an carr?
An rachaidh tú go dtí an trá?
Scríobh na freagraí seo ar an gclár de réir mar a chuirfidh na daltaí ar fáil iad:
Beidh./Ní bheidh.
Glanfaidh./ Ní ghlanfaidh.
Rachaidh./Ní rachaidh.
(c) Abair leis na daltaí aird a thabhairt ar an urú agus ar an séimhiú agus iad ag úsáid na
haimsire fáistiní.
(d) Scaip an bhileog “Ceithre cinn i líne” ar an rang agus mínigh do na daltaí conas a imrítear an cluiche.
i. Ba cheart do na daltaí an leathanach a fhilleadh in dhá leath agus bheith ag breathnú ar chuid A amháin. Abair leo na huimhreacha 1-12 a scríobh go
randamach sna boscaí beaga atá in aice leis na pictiúir. Ba cheart go mbeadh na
huimhreacha 1–12 ar an leathanach anois.
ii. Ansin, iarr ar na daltaí breathnú ar an leath eile den bhileog (cuid B) agus 6 X agus 6 O a chur in aice leis na huimhreacha 1–12. Ciallaíonn na Xnna freagra
diúltach agus ciallaíonn na Onna freagra dearfach.
iii. Cuir na daltaí ag obair i mbeirteanna ansin: Dalta A agus Dalta B. Ba cheart do Dhalta A breathnú ar chuid A den leathanach ar dtús agus ba cheart do Dhalta B
breathnú ar chuid B dá leathanach siúd.
iv. Déarfaidh Dalta A uimhir idir 1–12 (e.g. 6) agus cuirfidh sé ceist a bhaineann leis an íomhá atá sa bhosca sin (e.g. bosca uimhir a 6): “An rachaidh tú ag surfáil?”
v. Breathnóidh Dalta B ar uimhir 6 ar chuid B dá leathanach siúd agus freagróidh sé an cheist ag brath ar cén chomhartha atá in aice le huimhir 6 (e.g. “Ní rachaidh”,
má tá X in aice le huimhir 6). Cuirfidh Dalta A X nó O in aice leis bpictiúr sin ar a
11 © Gaelchultúr 2012
leathanach siúd ag brath ar an bhfreagra a thabharfaidh Dalta B.
vi. Ba cheart do Dhalta A agus Dalta B breathnú ar an taobh eile dá leathanaigh anois ionas go mbeidh Dalta A ag breathnú ar chuid B den bhileog agus go mbeidh
Dalta B ag breathnú ar chuid A (na pictiúir). Tarlóidh na rudaí ceanna anois a
luadh i gcéimeanna 1–4 thuas.
vii. Leanfaidh an cluiche ar aghaidh mar seo go dtí go bhfaighidh duine amháin 4 X nó 4 O i líne.
12 © Gaelchultúr 2012
Ceithre cinn i líne
1. _________ 2. _________ 3. _________ 4. _________
5. _________ 6. _________ 7. _________ 8. _________
9. _________ 10. _________ 11. _________ 12. _________