Upload
minty
View
192
Download
2
Embed Size (px)
DESCRIPTION
CÓRAS DÍLEÁ AN DUINE. Aistear an bhia. Aistear an Bhia. Mórchodanna an chórais díleá, an béal, an t-éasafagas, an goile, an t-ae, an paincréas, an caolán agus an stéig mhór san áireamh, agus bíodh a fhios agat na feidhmeanna atá leo. An Béal. Briseann na fiacla an bia ina phíosaí beaga. - PowerPoint PPT Presentation
Citation preview
http://www.sciencefinder.co.uk
CÓRAS DÍLEÁ AN DUINE
Aistear an bhia
http://www.sciencefinder.co.uk
Aistear an Bhia
Mórchodanna an chórais díleá, an béal, an t-éasafagas, an goile, an t-ae, an paincréas, an caolán agus an stéig mhór san áireamh, agus bíodh a fhios agat na feidhmeanna atá leo.
http://www.sciencefinder.co.uk
An Béal Briseann na fiacla an
bia ina phíosaí beaga. Déantar seile sa bhéal
fiú sula dtosaíonn tú ag ithe.
Measctar an bia coganta le seile.
Tá einsímí sa seile a bhriseann síos na ceimicí sa bhia beagán.
Brúnn an teanga an bia siar sa scornach.
http://www.sciencefinder.co.uk
An tÉasafagas. Is píopa fada (25cm) an
t-éasafagas Tugann sé an bia síos go
dtí an goile. Tá matáin chiorclacha i
mballa an éasafagais. Brúnn na matáin sin an bia
ar aghaidh go dtí an goile. Tá an epiglottis ann chun
déanamh cinnte nach dtéann bia isteach sa phíobán (aeir)!
http://www.sciencefinder.co.uk
An Goile Tá an goile cosúil le
hinneall níocháin. Is mála é a choimeádann 2
lítear bia. Déantar (táirgtear) aigéad
anseo . Déantar súlach gastrach a
mharaíonn baictéir anseo freisin.
Caitheann na ballaí matánacha an bia timpeall ag cinntiú go mbíonn sé go léir measctha.
Tar éis 2-3 uaire is leacht a bhíonn ann réidh le bogadh ar aghaidh go dtí an caolán.
http://www.sciencefinder.co.uk
An Stéig Bheag
Níl aon rud beag faoin stéig bheag – bíonn sí thart ar 6.7m ar fad i nduine fásta!
Bíonn sí 3.5cm - 5cm trasna. Bíonn an stéig bheag brúite
isteach faoi do ghoile. Bristear síos an bia anseo
ionas gur féidir le do chorp na próitéin agus na mianraí a shú isteach.
Bíonn an bia anseo suas go ceithre huaire!
http://www.sciencefinder.co.uk
Ionsú
Caithfidh bia díleáite dul isteach san fhuil trí bhalla na putóige.
Deartha go maith – líneáil thanaí, soláthar maith fola agus achar dromhchla AN-MHÓR.
Tá líneáil istigh fillte aige, na milliúin de villis bhídeacha
http://www.sciencefinder.co.uk
An Paincréas Déanann
(táirgeann) an paincréas einsímí a chuidíonn le briseadh síos an bhia.
Tá sé taobh thiar den bholg.
Táirgeann sé insulin atá tábhachtach chun an méid ceart siúcra a choimeád sa chorp.
http://www.sciencefinder.co.uk
Ae Tar éis an bia a bheith
ionsúite san fhuil, tugtar an bia go dtí an t-ae.
Próiseálann an t-ae cuid den bhia sula dtéann sé níos faide.
Tugtar an bia a bhíonn tuaslagtha i bplasma go dtí codanna eile den chorp.
Cosnaíonn sé an corp ar rudaí a dhéanfadh damáiste dó.
http://www.sciencefinder.co.uk
An Stéig Mhór Téann an bia atá fágtha ar
aghaidh go dtí an stéig mhór.
Tá sí seo níos raimhre ná an stéig bheag (7-10cm) ach níos giorra (1.5m).
Is sa drólann a bhíonn an seans deireanach an t-uisce agus na mianraí a shú isteach san fhuil.
Brúitear an faecas ar aghaidh go dtí an reicteam.
Brúitear amach as an gcorp é seo faoi dheireadh, thart ar 24-48 uaire tar éis ithe.
Tá an aipindic ceangailte leis an stéig mhór.
http://www.sciencefinder.co.uk
Éasafagas
Aipindic
Ae
Paincréas
An Stéig Mhór
An Stéig Bheag
Máilín an Domlais
Goile
Liathán
http://www.sciencefinder.co.uk
Éasafagas
Aipindic
Ae
Paincréas
An Stéig Mhór
An Stéig Bheag
Máilín an Domlais
Goile
Liathánspleen