8
CULTÚRLáN An Ghaeilge tríd na healaíona, na healaíona trí Ghaeilge Seo do sheans gáirí a bhaint asainn! YAHÚ! Seo chugainn Rís — rac-cheol as Gaeilge ag teacht chun na Cultúrlainne Agus an Chultúrlann ag cur na dlaoi mullaigh ar chlár na Féile, beidh go leor imeachtaí den scoth ar siúl san ionad. Cuirfear tús le himeacht úr i mbliana nuair a bheidh cabaret nua — An CultúrChlub — ar an ardán ar feadh dhá oíche le linn na Féile ag tús mhí Lúnasa. Beidh éagsúlacht ceoltóirí, scéalaithe is amhránaithe ar ardán don oíche shiamsaíochta a thabharfaidh blas de chultúr Gaelach ildánach Bhéal Feirste do chuairteoirí is do lucht na Féile araon ar 6-7 Lúnasa. I measc aíonna ar an ardán beidh an grúpa óg Athrú, Mary Ryan agus Dick Farrelly lena nGormachaí i nGaeilge agus tá aíonna eile le dearbhú. Beidh idir bhia agus deoch ar fáil do lucht freastail an Chluib agus biachlár ar leith de tapas Gaelacha á ullmhú dúinn ag sárbhialann na Cultúrlainne, Bia. “Bealach nua é seo lena léiriú do chuairteoirí go Béal Féirste go bhfuil cultúr beoga dúchasach anseo sa chathair,” arsa Eimear Ní Mhathúna, stiúrthóir na Cultúrlainne. “Ar ndóigh, beidh rud éigin anseo do gach duine – idir chuairteoirí agus phobal Gaeilge Bhéal Feirste.” Tá an Chultúrlann ag brath an CultúrChlub a reáchtáil ar bhonn rialta i ndiaidh na Féile. Iúil-Meán Fómhair 2015 www.culturlann.ie SAOR IN AISCE Cultúrlann McAdam Ó Fiaich Eispéireas Ealaíon Ghaeilge Bhéal Feirste 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste, Co. Aontroma, BT12 6AH Tel: 028 90964180 • oifi[email protected] • www.culturlann.ie Má cheapann tú go bhfuil féith an ghrinn ionat, beidh do sheans agat seasamh os comhair an phobail agus sin a thriail ag ceardlann na bhfuirseoirí a bheidh ar bun sa Chultúrlann le linn Fhéile an Phobail i mí Lúnasa. Tá GaelGÁIRÍ, club na bhfuirseoirí ó Bhaile Átha Cliath, ag teacht go Béal Feirste chun oíche ghrinn a chur ar fáil, Dé Máirt, 4 Lúnasa – agus an lá céanna, beidh ceardlann saor in aisce acu d’ábhar fuirseoirí sa Chultúrlann ag 2in. Here’s your chance to turn your jesting talents to a career opportunity. e Cultúrlann, in conjunction with Gael Gáirí, is running a comedy night on 4 August as part of our Féile an Phobail activities. Aspiring comedians will have an opportunity to learn the basics during a workshop that day and try out your routine on a live audience that night at the first event in our new Irish language comedy club. ere will be an open mic - and a bar! Comhghairdeas dár seanchara, Gráinne Mhic Cionnaith, ar saolaíodh mac di agus dá fear céile, Frainc, ag tús an tsamhraidh. Ach beidh Gráinne ag tabhairt babaí eile ar an saol gan rómhoill nó tá a dara halbam ar tí a bheith seolta. Eiseofar ar lipéad Ghael Linn é agus beidh an seoladh sa Chultúrlann ar 11 Meán Fómhair. Tá ticéid ar fáil anois trí shuíomh idirlín na Cultúrlainne. Gráinne Holland’s long awaited second album is to be launched during a concert in the Cultúrlann on 11 September. Tickets can be purchased through www.culturlann.ie. Babaí úr Ghráinne! Cultural cabaret set to be Cultúrlann’s hottest ticket Cultúr Chlub an ticéad te don Fhéile Move over Boy George as the Cultúrlann launches Cultúr Chlub, our own cultural cabaret, during Féile week. Featuring the best of traditional music, a Gaelic twist on the blues and Ireland’s best storyteller, be sure to get your ticket early for ‘Cultúr Chlub’ on 6 and 7 August. CultúrLán2_CEART••.indd 1 2015-07-09 09:57

Cultúrlán2 c

Embed Size (px)

DESCRIPTION

Clár Imeachtaí Cultúrlann McAdam Ó Fiaich Iúil go Meán Fómhair 2015. Programme of activties for Cultúrlann McAdam Ó Fiaich July - September 2015

Citation preview

Page 1: Cultúrlán2 c

CULTÚRLáN

An Ghaeilge tríd na healaíona, na healaíona trí Ghaeilge

Seo do sheans gáirí a bhaint asainn!

YAHÚ! Seo chugainn Rís — rac-cheol as Gaeilge ag teacht chun na Cultúrlainne

Agus an Chultúrlann ag cur na dlaoi mullaigh ar chlár na Féile, beidh go leor imeachtaí den scoth ar siúl san ionad. Cuirfear tús le himeacht úr i mbliana nuair a bheidh cabaret nua — An CultúrChlub — ar an ardán ar feadh dhá oíche le linn na Féile ag tús mhí Lúnasa. Beidh éagsúlacht ceoltóirí, scéalaithe is amhránaithe ar ardán don oíche shiamsaíochta a thabharfaidh blas de chultúr Gaelach ildánach Bhéal Feirste do chuairteoirí is do lucht na Féile araon ar 6-7 Lúnasa.

I measc aíonna ar an ardán beidh an grúpa óg Athrú, Mary Ryan agus Dick

Farrelly lena nGormachaí i nGaeilge agus tá aíonna eile le dearbhú.

Beidh idir bhia agus deoch ar fáil do lucht freastail an Chluib agus biachlár ar leith de tapas Gaelacha á ullmhú dúinn ag sárbhialann na Cultúrlainne, Bia.

“Bealach nua é seo lena léiriú do chuairteoirí go Béal Féirste go bhfuil

cultúr beoga dúchasach anseo sa chathair,” arsa Eimear Ní Mhathúna, stiúrthóir na Cultúrlainne. “Ar ndóigh, beidh rud éigin anseo do gach duine – idir chuairteoirí agus phobal Gaeilge Bhéal Feirste.”

Tá an Chultúrlann ag brath an CultúrChlub a reáchtáil ar bhonn rialta i ndiaidh na Féile.

Iúil-Meán Fómhair 2015 www.culturlann.ie SAOR IN AISCE

Cultúrlann McAdam Ó FiaichEispéireas Ealaíon Ghaeilge Bhéal Feirste

216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste, Co. Aontroma, BT12 6AH Tel: 028 90964180 • [email protected] • www.culturlann.ie

Má cheapann tú go bhfuil féith an ghrinn ionat, beidh do sheans agat seasamh os comhair an phobail agus sin a thriail ag ceardlann na bhfuirseoirí a bheidh ar bun sa Chultúrlann le linn Fhéile an Phobail i mí Lúnasa.

Tá GaelGÁIRÍ, club na bhfuirseoirí ó Bhaile Átha Cliath, ag teacht go Béal Feirste chun oíche ghrinn a chur ar fáil, Dé Máirt, 4 Lúnasa – agus an lá céanna, beidh ceardlann saor in aisce acu d’ábhar fuirseoirí sa Chultúrlann ag 2in.

● Here’s your chance to turn your jesting talents to a career opportunity. The Cultúrlann, in conjunction with Gael Gáirí, is running a comedy night on 4 August as part of our Féile an Phobail activities. Aspiring comedians will have an opportunity to learn the basics during a workshop that day and try out your routine on a live audience that night at the first event in our new Irish language comedy club. There will be an open mic - and a bar!

Comhghairdeas dár seanchara, Gráinne Mhic Cionnaith, ar saolaíodh mac di agus dá fear céile, Frainc, ag tús an tsamhraidh.

Ach beidh Gráinne ag tabhairt babaí eile ar an saol gan rómhoill nó tá a dara halbam ar tí a bheith seolta. Eiseofar ar lipéad Ghael Linn é agus beidh an seoladh

sa Chultúrlann ar 11 Meán Fómhair. Tá ticéid ar fáil anois trí shuíomh idirlín na Cultúrlainne.

● Gráinne Holland’s long awaited second album is to be launched during a concert in the Cultúrlann on 11 September. Tickets can be purchased through www.culturlann.ie.

Babaí úr Ghráinne!

Cultural cabaret set to be Cultúrlann’s hottest ticket Cultúr Chlub an ticéad te don Fhéile

● Move over Boy George as the Cultúrlann launches Cultúr Chlub, our own cultural cabaret, during Féile week. Featuring the best of traditional music, a Gaelic twist on the blues and Ireland’s best storyteller, be sure to get your ticket early for ‘Cultúr Chlub’ on 6 and 7 August.

CultúrLán2_CEART••.indd 1 2015-07-09 09:57

Page 2: Cultúrlán2 c

Cá bhfuil muid?Fáilte go Cultúrlann McAdam Ó Fiaich! Cuireann an Chultúrlann clár ealaíon d’imeachtaí beoga sultmhara ar fáil a chuireann an Ghaeilge agus cultúr na nGael chun cinn. Is áit í ina dtig le turasóirí agus muintir na háite bualadh le chéile. Tá réimse leathan de spásanna againn — orthu sin tá amharclann, trí dhánlann, seomraí ceardaíochta, ionad cuairteoirí, caifé, agus siopa leabhar agus ceardaíochta.

Tá súil againn go dtiocfaidh tú ar an eolas ar fad atá uait san fhoilseachán seo, ach ná bíodh moill ar bith ort dul i dteagmháil linn má bhíonn ceisteanna ar bith eile agat

Tá sé furasta taisteal go dtí Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i gcarr nó ar iompar poiblí

Sa charr ó lár na cathrach, is féidir leat dul síos Bóthar na bhFál nó síos an Westlink le teacht a fhad linn. Táimid ar an bhealach a leanann na tacsaithe dubha go dtí an Poll Glas, Cill Uaighe, Bóthar Seoighe, Bóthar an Ghleanna, Sruthán na Bantiarna agus an Charraig Bhán.

Nó is féidir leat taisteal go dtí an Chultúrlann ar aon cheann de na seirbhísí bus a leanas: 10a, 10b, 10c, 10d, 10e, 10f, 10g, 10h agus 10x.

● An Chultúrlann on its three floors, contains space for artistic and theatrical expression, a café, a tourist information office, book and gift shop. A new extension officially opened in September 2011 has added a brand new gall-ery space and a space in which to interact with the language through digital technology. The Cultúrlann is the dynamic heart of the Gael-

tacht Quarter. Live traditional and contemporary music sessions, exhibitions, poetry readings, céilís,concerts, workshops and the child-ren’s arts programme are just some of the reasons why the Chultúrlann is recognised as the Belfast Irish Experience. At Cultúrlann we celebrate our cultural traditions and foster them through classes, workshops and performance.

Cultúrlann McAdam Ó Fiaich is easily accessed via car or public transport.

By car from the City Centre, we can be accessed via the Falls Road or Westlink. We are on the Black Taxi routes going to: Poleglass, Twinbrook, Shaws Rd, Glen Rd, Ladybrook and Whiterock. We are on bus routes: 10a, 10b, 10c, 10d, 10e, 10f, 10g, 10h and 10x.

Eolas agus ticéidInformation and [email protected]: 028 90 964180

Luan - Aoine: 9-5inSatharn - Domhnach:11rn-4in

Monday - Friday: 9am-5pmSaturday-Sunday: 11am-4pm

Céad Míle Fáilte!Croí na Gaeilge

Croí na nEalaíonCroí na Ceathrún Gaeltachta

2 An Chultúrlann CULTÚRLáN www.culturlann.ie Iúil go Meán Fómhair 2015

Where are we?

CultúrLán2_CEART••.indd 2 2015-07-09 09:58

Page 3: Cultúrlán2 c

Ag athrú an chultúir

Athrú is ainm don bhanna óg agus nua atá ar tí tine a lasadh faoi shaol an cheoil thraidisiúnta agus a bheidh chun tosaigh go mór ag Cultúr Chlub na Cultúrlainne le linn na Féile.

Beidh an Cultúr Chlub ar siúl san Amharclann ar 6 agus 7 Lúnasa agus in éineacht le Athrú beidh na Gormachaí as Gaeilge le Mary Ryan is Dick Farrelly, agus amhráin thraidisiúnta le Diane Ní Chanainn.

“Oíche shiamsaíochta den scoth atáimíd ag geallúint do chuairteoirí go dtí an Chultúrlann, oíche a thabharfaidh blaiseadh dóibh ar ildánacht agus beogacht an chult-úir anseo i mBéal Feirste,” arsa Concubhar Ó Liatháin, Bainisteoir Imeachtaí na Cultúrlainne.

Beidh biachlar ar leith Tapas

Gaelach ar fáíl ón mbialann freisin chun a chinntiú go mbeidh sasamh ar gach goile ag na cuairteoirí.

Is é £8 an chostas a bheidh ar na ticéid — ach beidh bia sa bhreis ar sin.

● Athrú – meaning change – will be the headline act for the Cultúrlann’s new venture, Cultúr Chlub, two nights of cabaret set to take place dur-ing the upcoming Féile an Phobail.

Also due to appear in the

cabarets, scheduled for 6 and 7 August, are blues maestro Mary Ryan with guitarist Dick Farrelly, and traditional songs with Diane Ní Chanainn. Tickets can be booked at www.culturlann.ie.

Déanaigí gáire linn, a Ghaela!Gaels of laughterFuirse Feirste is ainm don chlub nua ‘Greann as Gaeilge’ a bheidh á reáchtáil ag an Chultúrlann i gcomhar le GaelGÁIRÍ le linn Fhéile an Phobail agus is liosta le háireamh na fir ghrinn a bheidh ar an ardán ar 4 Lúnasa.

Michael Mee, Ger Staunton agus fuirseoir Feirste féin, Paddy McDonnell, na príomhfhir ghrinn a bheas ar stáitse na Cultúrlainne, an oíche sin – ach tá go leor aíonna eile le teacht chun tosaigh go fóill. B’fheidir go mbeifeá féin

ina measc! Tá go leor le bheith gruama faoi na laethanta seo – ach bí cinnte is do thicéad a chur in áirithe don oíche ar leith seo.

● A great night of comedy is promised for the first night of Belfast’s first Irish language comedy club – Fuirse Feirste – during Féile an Phobail on 4 August. Headline acts include Paddy McDonnell, Michael Mee and Ger Staunton. There will also be an open mic opportunity!

Ceoltóir, amhránaí agus cumadóir óg í Eithne Ní Chatháin (ar dheis) — nó INNI-K, mar is fearr aithne uirthi — atá ag mealladh dea léirmheasanna agus clú nach beag tar éis di albam nua de cheol leictreonach a éisiúint.

Beidh INNI-K ag teacht chun na Cultúrlainne ar 4 Meán Fómhair le deis a thabhairt dá lucht leanúna i mBéal Feirste cluas a thabhairt dá albam nua, The King Has Two Horses Ears. Mar is dual d’albam le macallaí ar an seanscéal faoi Labhraí Loinsigh, tá dornán rianta i nGaeilge ar

an albam seo.Tá ard mholadh tugtha

do The King Has Two Horses Ears ag an mblagadóir ceoil aitheanta Nialler 9. Dar leis is seod í Eithne ar aon chéim le St Vincent nó James Vincent McMorrow. Is féidir éisteacht le rianta ó Inni-K ar https://soundcloud.com/inni-k ● It will be the night mythic meets electronic as County

Kildare Gaeilgeoir, Eithne Ní Chatháin, gives a Belfast audience a first listen of her new album, The King has Two Horses Ears. The acclaimed singer/songwriter/composer will make her Cultúrlann debut on 4 September. She has received rave reviews from the likes of Nialler 9. You can listen to tracks from her album on https://soundcloud.com/inni-k/

Iúil go Meán Fómhair 2015 CULTÚRLáN www.culturlann.ie Siamsaíocht 3

Athrú: banna óg a bhfuil an-ghealladh fúthu

Belfast band set to be ‘young guns’ of trad

Paddy McDonnell

Inni-K

Tabhair cluas do Inni-KFriends, Gaels, lend Inni-Kyour ears!

CultúrLán2_CEART••.indd 3 2015-07-09 09:58

Page 4: Cultúrlán2 c

Beidh Lá Oscailte ag an Chultúrlann chun réimse iomlán na ranganna a bheidh ag tosú arís san fhómhar a fhógairt. Chomh maith le ranganna Gaeilge ag gach leibhéal, beidh cúrsaí líníochta agus ealaíne, tuiscint don fhíon, ranganna déanta seodra agus eile ar an churaclam ag an Chultúrlann san fhómhar chun cuidiú leat na tráthnónta a líonadh!

Táimid ag cur le réimse na ranganna go fóill, áfach, agus má tá fonn ortsa rang a mhúineadh, bí i dteagmháil linn gan mhoill ag

[email protected] chun do mholadh a phlé.

Beidh an lá oscailte ar siúl Dé Sathairn, 5 Meán Fómhair, óna 11rn go dtí a 3in. Bí linn.

● A range of Irish classes to suit all tastes and levels, wine appreciation evenings, arts and crafts including drawing and jewellery making are

among the night courses already being lined up for the coming autumn at the Cultúrlann.

The full range of classes isn’t yet complete as we go to print and if you have an idea for a class you could teach, we are all ears, especially if that class could be offered in Irish or bilingually. Please contact us at [email protected].

Below you can see a range of the classes already confirmed but the full range will be on show at the Cultúrlann’s open day on Saturday, 5 September, 11 am-3 pm, when we will have a fair to put the various offerings on display.

Though it’s too early to mention the ‘C’ word yet, those autumn evenings will be drawing in before long, so there’s no time like the present to give a little thought to how you might spend them!

Lá oscailte ag tús an tséasúirOpen Day to present range of Cultúrlann classes

Bunrang GaeilgeTéarma nua dár rang Gaeilge do thosaitheoirí le hAodán Mac Shéafraidh.10 rang/classes £35, lacáiste/discount £25Dé Céadaoin 16 Meán Fómhair ag 7inIrish for beginnersWednesday 16 September 7pm

Bunchomhrá GaeilgeRang a chuirfidh ag caint thú! Dé Céadaoin 16 Meán Fómhair 7in. Saor in aisce. Suitable for learners with basic grasp of Irish. Free. Wednesday 16 September 7pm

Na Saoithe Gan Locht– Rang na bPinsinéiríRang seachtainiúil ar chúrsaí teanga, litríochta, scéalaíochta, amhránaíochta agus a thuilleadh, le PhilStiúbhart. Dé Céadaoin 16/910rn-meánlaedheonacha.Gaeilge for Senior CitizensWeekly class with Phil Stuart. Wednesday 16/9 10am-12 (Voluntary contributions accepted)

Rang Gaeilge is tú ag fanachtDeis do thuismitheoirí cúpla frása a fhoghlaim agus snas a chur ar a gcuid cainte le

linn dá bpáistí a bheith ag freastal ar chlár Sathairn na Cultúrlainne.Fáilte roimh chách.Dé Sathairn. 1.30-3.30in Muinteoir: Diarmuid Breslin. Glactar le síntiúis dheonacha.Irish While You WaitWhile your child is attending the Saturday programme events, you can brush up on your cúpla focal! Saturday 1.30-3.30pmOpen to all. Voluntary subscriptions accepted.

TGMO GaeilgeDé Sathairn 19 Meán Fómhair 10-12.30Cúrsa creidiúnaithe dírithe 30 seachtain a phléann leis an Ghaeilge i gcomhthéacs na héisteachta, na cainte, na léitheoireachta agus na scríbhneoireachta. Fóir-steanach d’fhoghlaimeoirí a bhfuil dó nó trí de bhlianta de ranganna oíche déanta acu. Múinteoir: Diarmuid Breslin, arna eagrú ag Gaelchúrsaí.GCSE GaeilgeFocused and accredited. 30 week course - listening, speaking, reading, writing. Suitable for students who have completed 2/3 years of night classes. Organised by Gaelchúrsaí. Saturday 19 September 10am-12.30pm.

Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na GaeilgeCúrsa páirtaimseartha dírithe orthu siúd ar mian leo iarratas a chur isteach ar chúrsa iarchéime Gaeilge nó do dhaoine a bhíonn ag obair trí mheán na Gaeilge go laethúil ar mhian leo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna scríofa Gaeilge.Chriochnaigh an chúrsa seo ar 9 Bealtaine ach táimíd ag súil é a reachtáíl arís amach anseo. Má tá spéis agat, seol riomhphost chuig [email protected] Course - Accuracy in Irish (in co-operation with Gaelchultúr)Please email [email protected] if you’re interested.

Rang Amhránaíochta do Dhaoine FástaRanganna seachtainiúla amhránaíochta le Doimnic Mac Giolla Bhríde. £5 in aghaidh na seachtaine.Déardaoin 16 Aibreán 6-7inSean-Nós Singing for AdultsWeekly classes with Corn Uí Riada winner, Doimnic Mac Giolla Bhríde. £5 per week.Thursday 16 April 6-7pmRang Amhránaíochta do Pháistí

Ranganna dírithe ar pháistí. Saor in aisce.Déardaoin 17 Meán Fómhar 4-5inSinging Classes forchildrenFree. Thursday 17 September 4-5pm

Fraincís (meán rang)Rang Comhrá le cainteoir dúchais. Dé Máirt 15 Meán Fómhair7.15-8.45inMedium levelconversational French with native speakerTuesday 15 September7.15-8.45 pm

Ciorcal Comhrá Fraincise Eolas: 07521367824

Rang IógaDaoine Fásta - bunleibhéal agus meánleibhéal.£4/£3 in aghaidh an ranga.Dé Máirt 15 Meán Fómhair 6.30-7.30inYoga Class: Beginner/intermediate level£4/£3 per class. Tuesday 15 September6.30-7.30pm

Cór Loch LaoCór do dhaoine fásta, cleachtadh gach Déardaoin. Fáílte roimh bhaill nua.Déardaoin, 17 Meán Fómhair

Thursday, 16 April, 7-9pm

PotaireachtDo thosaitheoirí. Cuirtear ábhar ar fáil.Déardaoin 17 Meán Fómhair, 7-9inPottery for beginners. Materials provided.Thursday, 16 September, 7-9pm

Rang CláirsíRanganna ar an chláirseach leis an teagascóir iomráiteach, Bronagh Muldoon. Déan teagmháil leis an Chultúrlann chun am cuí a shocrú.Harp Classes taught by accomplished harpist, Bronagh Muldoon.Contact Cultúrlann for appointments.

Cór Ban na FéileNí gá duit ach canadh! Dé Céadaoin, 16 Meán Fómhair, 7inFéile Womens’ ChoirAll you have to do is sing!Wednesday, 16 September

An Ciorcal Comhrá Spáinnisele cainteoir dúchaisDé Céadaoin, 16 Meán Fómhair 5-6pmSpanish ConversationWednesday, 16 September 5-6pm

Ranganna Classes

4 Ranganna CULTÚRLáN www.culturlann.ie Iúil go Meán Fómhair 2015

Daltaí ó Choláíste Feirste ag baint suilt as ceardlann le Breochloch

CultúrLán2_CEART••.indd 4 2015-07-09 09:58

Page 5: Cultúrlán2 c

Beidh ealaín suiteála den sórt nach bhfacthas roimhe i nDánlann Dillon le linn Féile an Phobail nuair a osclófar an taispeántas nua le Pól Murphy, buaiteoir Ghradam Gerard Dillon na bliana seo caite, ar 30 Iúil.

Ionchur>Aschur is teid-eal don tsuiteáil, a bheidh ar an mhórscála.

Sa saothar seo tá an t-ealaíontóir ag fiosrú próisis theicniúla le saothar a chruthú a sheachnaíonn an fheidhm a ceapadh do na hábhair a úsáideann sé.

Mar thoradh air seo, cuirtear casadh ar scéal an phróisis tógála agus, go deimhin, déantar léiriú den scéal i nganfhios.

Iúil go Meán Fómhair 2015 CULTÚRLáN www.culturlann.ie Ealaíon 5

Tá Gradam Gerard Dillon 2015 bronnta ar chéimí ó Ollscoil Uladh as ucht suiteáil ealaíne ar leith a rinne sí dá scrúdú céime.Susannah Wilson is ainm don ealaíontóir óg agus beidh sí anois ag cur taispeántas le chéile le haghaidh Dhánlann Dillon, taispeántas a bheidh le feiceáil go luath san athbhhliain.Bronnann an Chultúrlann Gradam Gerard Dillon gach aon bhliain ar chéimí ón Choláiste Ealaíne in Ollscoil Uladh agus i mbliana, bhí iomaíocht an-ghéar ann don duais.

Tá béim i saothar Susannah ar an té atá ag féachaint a chur san áireamh sa taispeántas agus tá féith an ghrinn le tabhairt faoi deara sa taispeántas a shaothraigh an gradam di.● Susannah Wilson, a graduate this year of Belfast’s College of Art at the University of Ulster, has been awarded the prestigious Gerard Dillon Prize.

She will now be preparing to mount a solo exhibition at the Cultúrlann’s premier gallery. The exhibition will be opened early in the new year.

Insealbhú nua le nochtadh le linn Fhéile an Phobail

Gradam Dillon bronnta ar Susannah WilsonWinning artist targets viewer involvement in work

Colúnaí agus a cheamaraTá an colúnaí géarchúiseach, Malachi O’Doherty, ag teacht chun na Cultúrlainne le léiriú a thabhairt ar

a shaothar grianghrafadóireachta le linn Fhéile an Phobail.

Taispeántas de thírdhreacha a bheidh á nochtadh sna Ballaí Bána, Déardaoin, 30 Iúil. An grianghrafadóir Bobby Hanvey a sheolfaidh an taispeántas ar leith seo.

Beidh caint ann ón cholúnaí – Cad chuige an Ghrianghrafadóireacht? – Dé Sathairn, 1 Lúnasa, ag 2in.

● Provocative columnist Malachi O’Doherty will display his artistic side when he exhibits some of his photographic works in Na Ballaí Bána during Féile an Phobail. The exhibition entitled ‘Back to the Landscape’ features scenes from Donegal and Belfast.

● Various found materials and objects are assembled in a large scale installation as the artist explores technical processes to create work that circumvents the intended function of the materials and serves as a narrative for the construction process which becomes a sort of unseen performance. Pól Murphy (b. 1991) allows his sculptures to unfold with no predetermined form; exploiting the idiosyncrasies and imperfections in each ‘sculptural component’ and allowing them to dictate their own relationship with one another. The composition is carefully considered through a range of possible outcomes, but the final realisation is a response to the space in which it is situated.

Input>Output

CultúrLán2_CEART••.indd 5 2015-07-09 09:58

Page 6: Cultúrlán2 c

Abhainn na Feirste beo beathach 6 Abhainn na Feirste CULTÚRLáN www.culturlann.ie Iúil go Meán Fómhair 2015

Tá céad séasúr imeachtaí Abhainn Bheo na Feirste tagtha chun deiridh anois is nach againn a bhí an spórt! D’fhoghlaim muid go leor faoi oidhreacht na Feirste ón tsraith chainteanna, bhaineamar triail as teilgean cré-umha, agus bhí muid ag amhránaíocht i gCeol na Feirste. Chun críoch a chur leis an cheiliúradh, bhí picnic ollmhór againn.

Táimid thar a bheith buíoch d’achan duine a thacaigh linn go dtí seo – go háirithe ár maoinitheoirí: Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus Ciste Oidhreachta an Chrannchuir.

Coinnígí oraibh ag seiceáil an leathanach Facebook s’againn d’imeachtaí agus do ghníomhaíochtaí agus chun níos mó a fháil amach faoinár mórimeacht ealaíne in 2016 agus faoi cheardlanna is

imeachtaí ealaíon agus oidhreachta.

Togra ealaíon agus pobail é Abhainn Bheo na Feirste nó The Farset Project a chuireann roimhe na pobail a chónaíonn faoi chúrsa na habhann a nascadh trí mheán na n-ealaíon. Faoi láthair, tá ceardlanna agus eile ar bun i measc an phobail agus in 2016, beidh ceiliúradh spleodrach uilechathrach ann.

Tá dhá eagras, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus Ionad Spectrum Bhóthar na Seanchille, ar chúl an togra seo atá tar éis maoiniú a fháil ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus ó Chiste Oidhreachta an Chrannchuir. Roghnaíodh Abhainn na Feirste mar cheann de leathdhosaen tograí ildánacha a shaothraigh tacaíocht faoin lipéad ‘Béal Feirste

Cruthaitheach’.’. ● The first season of Farset events and workshops is now complete. We learned a lot about the Farset’s heritage from our series of talks, tried our hands at a bit of bronze casting, had a go at singing for Ceol na Feirste and rounded it off with a picnic!

A big thanks to everyone who has supported us to date, not to mention our funders at Belfast City Council, Arts Council NI and Heritage Lottery Fund.

Keep checking our Face-book Page for upcoming events and activities and to learn more about the development of our Spectacle Event and Art piece and heritage events and workshops.

Abhainn Bheo na Fears-aide/The Living River Farset Project is an arts and cultural project aimed at connecting communities to the River Farset through the arts. It is

one of seven Creative Belfast projects funded by Belfast City Council and the Arts Council of Northern Ireland.

Farset Project is an um-brella term representing two projects that are a partnership lead by Cultúrlann McAdam Ó Fiaich and The Spectrum Centre.

For further information on either organisation see www.culturlann.ie or www.spectrumcentre.com

The Farset Heritage Project is aimed at connecting communities to the rich local heritage of the River Farset and surrounding areas and to promote this heritage by creating a tourism product that will benefit the local community. It is funded by the Heritage Lottery Fund.

For further information on projects funded by Heritage Lottery please see www.hlf.org.uk

Teachtaireacht ó Aisling Ní Labhraí,

Bainisteoir Abhainn na Fearsaide

CultúrLán2_CEART••.indd 6 2015-07-09 09:58

Page 7: Cultúrlán2 c

Ná lig do d’iníon dul ar an ardán, a Bhean Uasal Worthington!

B’shin an chomhairle a tugadh fadó – ach ná bac le sin anois nó tá an Chultúrlann ag beartú tús a chur in athuair leis an chumann drámaíochta, Aisteoirí Aon Dráma, san fhómhar.

Is iomaí leiriú a chuir an grúpa ildánach ar an ardán agus is as a d’fhás Aisling Ghéar, compántas amharc-lainne gairmiúil na Cultúrlainne agus com-pántas a bheidh ag comóradh 20 bliain ar

an ardán in 2017.Na Dóiteoirí, In ainm

an Rí, Bás Taismeach Ainrialaí agus An Buirgléir Béasach – níl ansin ach cuid de na léirithe a chuir Aisteoirí Aon Dráma ar stáitse. Má tá suim agat tús a chur le caitheamh aimsire taitneamhach nó fiú le saol ar an ardán, seo do dheis. Beidh cruinniú in Amharclann Shiobhán Nic Cionnaith ar 8in, Dé Céadaoin, 9 Meán Fómhair, agus beidh ionadaí ón Chomhlachas Náisiúnta Drámaíochta i láthair ann. Beidh sé mar sprioc againn

dráma a ullmhú do na Féilte Áitiúla agus don Fhéile Náisiúnta in 2016.● Aisteoirí Aon Dráma (literally Actors who will try any play) was the amateur fore runner of the Culturlann’s resident professional theatre company, Aisling Ghear.

As we prepare to celebrate 25 years of the Cultúrlann, we want to revive Aisteoirí Aon Dráma. Any aspiring actors/actresses/back stage workers should join us in the Siobhan McKenna Theatre at 8pm on Wednesday 9 September when full details will be revealed.

Cuirfear tús i mí Lúnasa le scéim nua a bheidh mar thacaíocht agus spreagadh d’amhránaithe óga ó Bhéal Feirste tabhairt faoi chur isteach ar chomórtais sean-nóis Oireachtas na Gaeilge. Le tacaíocht ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó dheas agus i gcomhpháirt leis an Oireachtas, tá an Chultúrlann ag tabhairt cuireadh d’amhránaithe cur isteach ar áit ar an chúrsa oiliúna ar leith seo a bheidh á thabhairt ag Doimnic Mac Giolla Bhríde, buaiteoir Chorn Uí Riada 2009.

Beidh suas le ceathrar amhránaithe ón tuaisceart páirteach sa scéim seo agus i dteannta na ranganna gach seachtain le Doimnic, beidh siad le clos agus iad faoi oiliúint, ar chlár na Cultúrlainne ar Raidió Fáilte, 107.1

FM. Craoltar iCultúr gach Aoine idir 5-6in.

Cuirfear turas saor go dtí an tOireachtas, a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair, ar fáil do na daoine a roghnófar don scéim, anuas ar an deis páirt a ghlacadh sna comórtais.

“Tá an-áthas orainn gur roghnaíodh an Chultúrlann le bheith páirteach sa scéim seo,” arsa Eimear Ní Mhathúna, stiúrthóir na Cultúrlainne. “Tá sé mar aidhm againn rannpháirtíocht phobal Gaeilge Bhéal Feirste san Oireachtas agus i bhféilte náisiúnta eile a fhás agus cá bhfios ná go mb’fhéidir go mbeadh an tOireachtas ag teacht ar ais chun na cathrach amach anseo!”

Seol iarratais chuig [email protected] roimh 14 Lúnasa.

Doimnic Mac Giolla Bhríde

Cúrsa Sean-nóis le buaiteoir Chorn Uí RiadaOireachtas/Cultúrlann project to give unique opportunityto aspiring sean nós singers

Iúil go Meán Fómhair 2015 CULTÚRLáN www.culturlann.ie Imeachtaí eile 7

Aisling Óg ar ais sa bhFómharStars of the future wow in end of term performanceCuireadh clabhsúr caithréimeach ar shéasúr 2014-15 Aisling Óg le seó den scoth

sa Chultúrlann le déanaí. Bhí mireanna den Gharbhán, de Dancing at Lughnasa agus eile sa taispeántas a rinneadh os comhair lán tí de thuismitheoirí, cairde agus gaolta sa Chultúrlann ar 13 Meitheamh.

Aisteoireacht den scoth, rince, amhráin agus teacht i láthair muiníneach na saintréithe a luafaí leis an seó.

Cuirfear tús le Aisling Óg 2015-16 ar 12/09/15.

● The curtain was brought down triumphantly on Aisling Óg’s 2014/15 season with a gala performance which wowed parents, relatives and friends in a packed Siobhán McKenna Theatre recently. Top class

acting, dance, singing and confident presentation were the hallmarks of excellent excerpts from Dancing at Lughnasa, the Gruffalo and others. Aisling Óg returns for 2015-16 at 1.30pm on 12 September next.

Réaltaí óga Aisling Óg ar an ardán le déanaí

Aiséirí Aisteoirí Aon Dráma

CultúrLán2_CEART••.indd 7 2015-07-09 09:58

Page 8: Cultúrlán2 c

Dánlann DillonNa Cuimhní Luatha/Early MemoriesGo dtí 23 Iúil/Until 23 JulyInput>Output Pól MurphyAg oscailt 30 Iúil/Opening 30 July ▶5

Na Ballaí BánaAr ais chun an Tírdhreacha/Back to the Landscape Malachi O’Doherty Ag oscailt 30 Iúil/Opening 30 July ▶5

Ranganna/ClassesLá Oscailte/Open Day 5 Meán Fomhair/5 SeptemberTéarma nua ranganna ag tosú an seachtain dár tús 14 Meán Fómhair 2015 New term begins week commencing 14 September ▶4

Sean NósDáta druidte le haghaidh iontrálacha do Scéim Shean-Nóis an Oireachtais: 14 LúnasaClosing date for Oireachtas Sean-NósScheme: 14 August ▶7

Aisteoirí Aon DrámaCruinniú athbhunaithe (Revival Meeting) - Amharclann Shiobhán Nic Cionnaith 8in 9 Meán Fómhair ▶7

Féile an Phobail @ An Chultúrlann(Buaicphointí/Highlights)Na Cleamairí/Armagh Rhymers (Ceardlann agus taispáantas) 2in 1 Lúnasa 1 AugustTwo Sore Legs: 8pm (Theatre) 2 Lúnasa/2 August800 Years of Annoying the English: 8pm 3 Lúnasa/3 AugustFuirse Feirste (Comedy Night as Gaeilge) 8in 4 Lúnasa 8pm 4 August ▶1&3Hounds of Ulster/Andersonstown School of MusicCeolchoirm/Concert 8in/8pm 5 Lúnasa/August.Cultúr Chlub - cultural cabaret 7.30in/pm 6/7 Lúnasa ▶1&3

CéilitheCéilí Mór na Féile 8in/pm 9 LúnasaCéilí 8in/pm 13 Meán Fómhair

Liú LúnasaCeolchoirm agus dianchúrsaí 28/29 LúnasaTuilleadh eolais: Facebook

CeolchoirmeachaThe Van Morrison Songbook - Amhráin VanMorrison as Gaeilge agus as Béarla le Mary Ryanagus aíonna 3in/3pm, 30 LúnasaEithne Ní Chatháin (INNI-K)Ceolchoirm Dé Sathairn, 5 Meán Fómhair, 8in.Gráinne Holland in éineacht le Donal O’Connor, Neil Martin, John McSherry, Eamon Murray, Brendan Mulholland agus Mickey McCloskey Ceolchoirm agus seoladh albaim 8in/pm 11 Meán Fómhair. ▶1

8 Clár Imeachtaí CULTÚRLáN www.culturlann.ie Iúil go Meán Fómhair 2015

In Aon Amharc AmháinClár na Cultúrlainne

Iúil - Meán Fómhair 2015

Bia@ AN CHULTÚRLANN

216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste, BT12 6AH +44 2890 964184

[email protected]

Is túisce bia ná scéalA meal comes before a story

SIOPA LEABHAIR GHAEILGE BHÉAL FEIRSTE

Fón: 028 9032 2811r-phost: [email protected]

Ag teacht go luath – suíomh gréasáin úrnua: www.anCeathruPoili.com

Seoladh:1in Dé Sathairn, 25 Iúil, Dánlann Gerard Dillon, An Chultúrlann

CultúrLán2_CEART••.indd 8 2015-07-09 09:58