Upload
heman
View
47
Download
1
Embed Size (px)
DESCRIPTION
Dearadh agus Déantúsaíocht. Tionscadail 1 & 2 - Gaothrán Deisce. Dearadh Déantúsaíochta. Tasc Dearaidh: Dear agus Táirg Mionsamhail Oibríoch de Ghaothrán Leictreach. Rogha Tionscadail 1. Rogha Tionscadail 2. - PowerPoint PPT Presentation
Citation preview
Dearadh agus DéantúsaíochtDearadh agus Déantúsaíocht
Tionscadail 1 & 2 - Gaothrán DeisceTionscadail 1 & 2 - Gaothrán Deisce
Manufacturing & Vacuum Forming
Dearadh Déantúsaíochta
Tasc Dearaidh: Dear agus Táirg Mionsamhail Oibríoch de Ghaothrán Leictreach
Rogha Tionscadail 1 Rogha Tionscadail 2
Seo tionscadail Chomhthaáite a chlúdaíonn raon próiséas agus scileanna déantúsaíochta arna áirítear Dearadh, Meicníochtaí, Rialú Leictreonach, Meaisíniú CNC, Folúsfhoirmiú srl.
Manufacturing & Vacuum Forming
Ní mór an dearadh seo a tháirgeadh leis na hábhair tugtha agus ba cheart go n-áireofaí ann na gnéithe seo a leanas:
• Bonn folúsfhoirmithe a thacóidh leis an ngaothrán agus a
thabharfaidh cumhdach don chiorcad Leictreonach, don Lasc & don cheallra V3
• Brac taca práis 8Ø a shuífidh an mótar agus an bonn taca sa suíomh ceart.
• Caithfidh ciorcad rialaithe le luas leictreonach inathraithe a bheith ag an ngaothrán.
• Ní mór gach ceangal leictreach a shádráil. • Ba chóír go ndéanfadh gach dalta iarracht a rian pearsanta a fhagáil ar
a d(h)earadh féin.
Dearadh Déantúsaíochta. - Rogha Tionscadail 1
Is é is bunús leis an dTionscadal seo ná go gceadóidh sé don mhúinteoir an Próíseas Dearaidh & Déantúsaíochta a Riaradh taobh istigh de shrianta thimpeallacht an tseomra ranga/na ceardlainne. M.sh., Ábhair, Costaisí, Meaisíní & Trealamh, Am, Dramhaíl Laghdaithe, Sláinte & Sábháilteacht.
Manufacturing & Vacuum Forming
Le bloc MDF 125 x 75 x 20 mm, dear múnla bunúsach a imchochlóidh na comhpháirteanna, a thacóidh leis na meicníochtaí agus a chumhdóidh na rialtáin leictreonacha.
Déantúsaíocht Mhúnla – 1 Éagsúlacht na nDearaí
Samplaí de na sé phátrún dearaidh ón mbloc bán MDF
Is féidir an múnla a mhioncheartú le compháirteanna a bhfuil fáil réidh orthu sa cheardlann m.sh. Boinn, leicneáin, seamanna, cruthanna forbartha polaistiréine srl.
Manufacturing & Vacuum Forming
Déantúsaíocht Mhúnla - 2
Muna bhfuil fána cheart ann, ní féidir an múnla a bhaint den chás folúsfhoirmithe gan damáiste a dhéanamh dó.
Má dhéantar an bord a chlaonadh ar scrollsábh nó ar chrios-sábh, tabharfar an uillinn éilithe ach beidh gá le bloc greanála don bhailchríoch
Tugann Plána Adhmaid DraftBord socraithe ag 5º ar
Chriosghreanóir
Éileamh rí-thábhachtach sa dearadh múnla ná an DRAFT/Fána arb éigean di a bheith idir 3 agus 5 º ar a laghad.
Tugann Síséal Adhmaid Draft
Manufacturing & Vacuum FormingDeantúsaíocht Mhúnla - 3
I gcás phoill inmheánacha nó cuasanna i múnla, ní mór dóibh a bheith druileáilte 2Ø mm tríd go dtí bonn an mhúnla chun gur féidir leis an bhfolúschaidéal an t-aer go léir a bhaint amach.
• Is féidir bonn an mhúnla a dhruileáil agus a réitiú do bholta M6, rud a cheadóidh duit lámh a chur ann. Cabhróidh sí seo leat chun an múnla a tharraingt ón gcruth foirmithe.
• Is féidir an múnla a phúdráil le talcphúdar a chabhróidh le scaoileadh an mhúnla ón gcruth foirmithe
Meaisín Folúsfoirmithe
Cuir an Folúsfhoirmiú ar siúl 30 nd. ar a laghad roimh úsáid
Socraigh na Zóin Teochta seachtracha go lánchumhacht
Socraigh na Zóin Teochta lárnacha ar chumhacht 75% .
Ná ró-théigh an leathán polaistiréin mar go stangfaidh sé.
Manufacturing & Vacuum Forming
Déantar bonn bailchríochnaithe, déanta as Polaistiréin 2 mm, a bhearradh de réir crutha le:
• Crios-Sábh.
•Stándeimheas.
• Gearrthóir GERBIL.
•(Is meaisín il-fheidhmeach é an GERBIL sa ghearradh folúsfoirmithe agus sa bhailchríochnú).
•Úsáidtear uirlis ghearrtha as cairbíd tungstain chun feire 10mm a chruthú timpeall chiumhais na gcruthanna folúsfhoirmithe . Tugann siad seo neart nach beag don Chruth.
•Is féidir criosghreanoir, líomhán nó bloc greanála a úsáid chun na cruthanna a bhailchríochnú.
Bailchríoch a chur ar Oibiacht Fholúsfoirmithe
Déantar an bonn gaothráin bailchríochnaithe a dhruileáil ansin chun slí a sholáthar do Lasca, Friotóir inathraithe, LED agus meicníocht taca ulóige srl.
Manufacturing & Vacuum Forming
Gaothrán Deisce 2
Parts and Dimensioned drawings for Desk Fan 2
Bonn Folúsfhoirmithe Páirteanna Tugtha Ciorcad rialaithe luais & Mótar
Toisí Boinn Seastán Gaothráin & Dearadh Malartach
Leicneán Práis
Manufacturing & Vacuum Forming
Déantús an Bhraic Taca Phráis
Fásáil sa Deil Druileáil sa Deil Tapáil Chruinn sa Deil
Áireofar, bhféidir, ar na hArd-Roghanna Dearaidh:
•Treo inathraithe ag an nGaothrán
•Meicníocht a ligifdh don ghaothrán ascalú a dhéanamh
Manufacturing & Vacuum Forming
Mionsamhail chríochnaithe de ghaothrán le luas inathraithe
Úsáidtear ciorcad leictreonach suite ar CCP le sliseog TIP 121 chun raon luas a sholáthar.
Tabhair faoi deara go bhfuil péint spraeála curtha faoi choinneálaí an mhótair.
Tá an mhionshamhail ghaothráin tarraingthe agus rindreáilte go hiomlán i Solid Works.
Tionscadal Cóimeáilte 2
Manufacturing & Vacuum FormingTionscadal Críochnaithe 1.
Mionsamhail Ghaothráin cóimeáilte le páirteanna tugtha
Tá an mhionsamhail ghaothráin tarraingthe
agus rindreáilte go hiomlán i Solid Works
Déanfaidh lián le trastomhas níos mó agus Mótar Gréine an tionscadal seo a athrú go Gineadóir . Cuir dhá LED leis chun ionchur reatha a léiriú
Manufacturing & Vacuum Forming
Déantús an Bhraic- Tionscadal 1
•Tá an Brac marcáilte amach, dealbhaithe, druileáilte agus snasaithe ansin roimh é a lúbadh.
•Caithfidh an Brac a bheith lúbtha go cruinn le Meaisín Lúbtha nó le Barraí Fillte.
Toisí na Foirme Folúis don Bhonn.
Manufacturing & Vacuum Forming
Dearadh an Bhraic - Tionscadal 2
Le stiall Phráis 30 x 165 x 1 mm, déan bracanna taca malartacha a dhearadh a bheidh ábalta;
1. Tacú leis an seafta tiomána.
2. An mótar a choinneáil sa suíomh.
3. Soláthar a dhéanamh don bhrac chun go gceanglófar leis an mbonn é.
Manufacturing & Vacuum Forming
Ard-Rogha 3 don Tionscadal seo.
•Is féidir giarthiomáint nó slabhrathiomáint a úsáid.
•Tá an mheicníocht deartha ar mhodh a thugann cumas ascalaithe don ghaothrán.
•Déantar Lasc Inchúlaithe DPDT (Centre “Off”) a oiriúnú.
• Déantar LED Dearg/Glas a oiriúnú chun Ar Aghaidh/Ar Ais a léiriú.
•Féadtar an rialtán luais a athchúrsáil le húsáid in aon mhótarthionscadal.
• Dear agus déan rótar gaothráin práis
• Féadtar an cón a dhéanamh ar dheil CNC.
• Déantar an gaothrán a shádráil ar chón práis .
• Déantar Scriúáil & Tapáil ar an gcón práis M5.
Cón Práis sádráilte leis an Rótar
Manufacturing & Vacuum Forming
AchoimreFéadtar roinnt de na haonaid seo nó na haonaid seo go léir a chomhtháthú agus a thabhairt isteach sa tionscadal deiridh,
1. Teoiric Dearaidh agus Cleachtas
2. Roghnú Ábhar Cuí
3. Scileanna sa Mharcáil Amach & sa bhFeistiú
4. Próisis Chóimeála agus Fheistithe
5. Teoiric agus Cleachtas um Dhearadh Ciorcaid Leictreonaigh
6. PCB Wizard & Solid Works
7. Teoiric agus Cleachtas sa Déantús Múnla
8. Bailchríochnú, snasú, spréphéinteáil an dromchla.
9. Bainistíocht Tionscadal
10. Gnéithe Sábháilteachta sa Cheardlann
Cuimhnigh gur tábhachtaí go mór is go fada an obair chruaidh ná an inspioráid i gcúrsaí Dearaidh