126
Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht, Míchumas agus Cúram 2020

Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

  • Upload
    others

  • View
    3

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht, Míchumas agus Cúram2020

Page 2: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

2

Maidir leis an treoir seo

Gheobhaidh tú achoimre sa treoir seo ar chuid de na príomhbhealaí ar féidir leis an Roinn cabhrú leat má fhaigheann tú breoite nó má thagann míchumas ort, is cuma más ar bhonn sealadach é nó ar bhonn seasta. Insíonn sé duit freisin faoi:

• scéimeanna a d'fhéadfadh cabhrú leat má tá tú ag tabhairt cúraim do dhuine éigin atá breoite nó faoi mhíchumas; agus

• conas rochtain a fháil ar thacaíochtaí má tá gá agat leo.

Tá go leor le rá ag an treoir seo faoi árachas sóisialta pá-choibhneasa (ÁSPC) agus faoi thástáil acmhainne, agus tugaimid míniú gearr duit orthu sin sa chuid seo 'Eolas a theastaíonn uait sula léifidh tú an treoir seo'. Cabhróidh sé leat na cúig phríomhchuid den Treoir seo a thuiscint:

1. Sochair Bhreoiteachta

2. Sochair Mhíchumais

3. Tacaíocht do Chúramóirí

4. Sochair agus Tacaíochtaí a bhaineann le hobair

5. Tacaíochtaí Teaghlaigh

Níl an cháipéis seo ceaptha ach mar threoir amháin. Ní léiriú dlithiúil ar eolas é.

Le haghaidh tuilleadh eolais féach le do thoil ar www.welfare.ie nó buail isteach ar d'oifig Intreo áitiúil, áit a mbeidh baill foirne in ann comhairle agus tacaíocht a thabhairt duit.

Page 3: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

1

Maidir leis an treoir seo

Gheobhaidh tú achoimre sa treoir seo ar chuid de na príomhbhealaí ar féidir leis an Roinn cabhrú leat má fhaigheann tú breoite nó má thagann míchumas ort, is cuma más ar bhonn sealadach é nó ar bhonn seasta. Insíonn sé duit freisin faoi:

• scéimeanna a d'fhéadfadh cabhrú leat má tá tú ag tabhairt cúraim do dhuine éigin atá breoite nó faoi mhíchumas; agus

• conas rochtain a fháil ar thacaíochtaí má tá gá agat leo.

Tá go leor le rá ag an treoir seo faoi árachas sóisialta pá-choibhneasa (ÁSPC) agus faoi thástáil acmhainne, agus tugaimid míniú gearr duit orthu sin sa chuid seo 'Eolas a theastaíonn uait sula léifidh tú an treoir seo'. Cabhróidh sé leat na cúig phríomhchuid den Treoir seo a thuiscint:

1. Sochair Bhreoiteachta

2. Sochair Mhíchumais

3. Tacaíocht do Chúramóirí

4. Sochair agus Tacaíochtaí a bhaineann le hobair

5. Tacaíochtaí Teaghlaigh

Níl an cháipéis seo ceaptha ach mar threoir amháin. Ní léiriú dlithiúil ar eolas é.

Le haghaidh tuilleadh eolais féach le do thoil ar www.welfare.ie nó buail isteach ar d'oifig Intreo áitiúil, áit a mbeidh baill foirne in ann comhairle agus tacaíocht a thabhairt duit.

Page 4: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

2

Chuir an tAonad um Chumarsáid agus Seirbhís do Chustaiméirí sa Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí an leabhrán seo ar fáil.

Nóta faoi na rátaí íocaíochta atá taispeánta sa treoir seo. Tá na rátaí atá taispeánta sa leabhrán seo ceart agus é á chur i gcló. D'fhéadfadh go n-athróidís. Le haghaidh rátaí íocaíochta reatha, iarrtar ort Leabhrán Rátaí Íocaíochta na Roinne (SW19) a léamh ar www.welfare.ie

Page 5: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

3

Clár

Eolas a theastaíonn uait sula léifidh tú an treoir seo 6

Cuid 1: Sochar Breoiteachta 10

Réamhrá 10

Cad is Sochar Breoiteachta ann? 10

Cuid 2: Sochair Mhíchumais 18

Réamhrá 18

Cad is Sochar Míthreorach ann? 18

Cad atá sa Liúntas Míchumais? 24

Cad is Sochar Cumais Pháirtigh ann? 27

Cad is Pinsean Easláine ann? 30

Cad é Pinsean na nDall? 33

Cad is Clár Cumais ann? 37

Cuid 3: Tacaíocht do chúramóirí 39

Réamhrá 39

Cad is Sochar Cúramóra ann? 39

Cad is Liúntas Cúramóra ann? 43

Cad atá sa Deontas Tacaíochta do Chúramóirí? 46

Cad atá sa Scéim Teaghlaigh? 50

Cad is Liúntas Cúraim Baile ann? 56

Page 6: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

4

Cuid 4: Sochair a bhaineann le hobair 61

Réamhrá 61

Cad is Sochar Díobhála ann? 61

Cad í an Scéim um Shochar Cóireála? 64

Cad é 'Make Work Pay'? 74

Cad é Obair le Míchumas? 76

Cad í an tSeirbhís Infhostaitheachta? 85

Cad í an Scéim Fóirdheontais Tuarastail? 86

Cad í an Scéim Tacaíochta um Fheasacht Mhíchumais? 87

Cad is Sochar Sláinte agus Sábháilteachta ann? 89

Cad is Ciste Freastail Réasúnta ann? 93

Cad is Deontas Trealaimh/Oiriúnaithe Ionaid Oibre ann? 93

Cad is Deontas Léitheoirí Pearsanta ann? 95

Cad is Deontas um Ateangaire ag Agallamh Poist ann? 96

Cad is Deontas um Fhostaí a Choinneáil ann? 98

Cuid 5: Tacaíocht teaghlaigh 100

Réamhrá 100

Cad atá i gceist leis an Scéim Saorthaistil? 100

Cad atá sa Phacáiste Sochair Teaghlaigh? 106

Page 7: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

5

Cuid 6: Tuilleadh eolais 110

Réamhrá 110

Cur síos ar cé a íocann na príomhaicmí ÁSPC atá luaite sa treoir seo 112

Níos mó eolais faoi ÁSPC 114

Gluais 115

Page 8: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

6

Eolas a theastaíonn uait sula léifidh tú an treoir seo

Ní gá duit an treoir iomlán a léamh. Ní gá ach na codanna a bhaineann leatsa a phiocadh ón leathanach ábhair. Ach is smaoineamh maith é an treoir a choimeád i gcás go mbeadh ort féachaint uirthi amach anseo.

Míniú ar roinnt focal

Nuair atá tú ag léamh na treorach seo, seans go bhfeicfeá focail nó frásaí nach bhfaca tú roimhe seo. Tá na focail sin aibhsithe agus mínithe i gcuid speisialta ag deireadh na treorach, cuid ar a dtugtar gluais. Sa ghluais tá liosta déanta againn d'fhocail ó A-Z.

Sampla:

Má fheiceann tú na focail ‘bliain ranníoca ábhartha’ aibhsithe le dath mar seo, beidh a fhios agat ansin go mbeidh sé mínithe sa ghluais.

An t-eolas a theastaíonn uait sula léifidh tú an treoir seo

Sula léifidh tú an treoir seo beidh roinnt eolais ag teastáil uait faoi:

• ÁSPC; agus

• tástáil acmhainne.

Féachaimis go gairid ar chúpla acu siúd, ceann amháin i ndiaidh a chéile.

Page 9: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

7

1. Roinnt eolais faoi ÁSPC

Beidh roinnt eolais faoi árachas sóisialta pá-choibhneasa (ÁSPC) uait chun oibriú amach ar íoc tú dothain ÁSPC (ar a dtugtar ranníocaíochtaí ÁSPC) le go gcáileodh tú le haghaidh roinnt tacaíochtaí a luaimid.

Mar is eol duit cheana, is dócha, ní mór do bheagnach gach duine ÁSPC a íoc cibé acu an bhfuilimid fostaithe nó féinfhostaithe. Ní mór do roinnt daoine a bhfuil ioncam neamhthuillte acu ÁSPC a íoc freisin.

An fáth go bhfuil ranníocaíochtaí ÁSPC tábhachtach

Chun cáiliú do roinnt íocaíochtaí, is gá neart ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith íoctha agat. Seans gur íoc nó go bhfuair tú:

• ranníocaíochtaí agus tú ag obair;

• ranníocaíochtaí creidiúnaithe — is é atá iontu siúd ná ranníocaíochtaí a deonaíodh duit ag an Stát nuair nach raibh tú in ann ranníocaíochtaí a íoc (tugtar ‘creidmheasanna’ orthu uaireanta);

• ranníocaíochtaí deonacha — is ranníocaíochtaí ÁSPC iad sin ar féidir leat a roghnú íoc go díreach leis an Roinn mura bhfuil tú ag íoc ÁSPC éigeantach a thuilleadh trí do phá ná do thuairisceán cánach;

• ranníocaíochtaí féinfhostaithe — is ranníocaíochtaí ÁSPC iad sin a íocann tú nuair atá tú féinfhostaithe.

Page 10: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

8

Tá cineálacha difriúla árachais sóisialta pá-choibhneasa ann chomh maith. Tugtar Aicmí ÁSPC orthu siúd. Inseoidh do dhuillín pá duit cén aicme de ranníocaíocht ÁSPC a íocann tú.

Má tá tú féinfhostaithe agus más fiú an t-aon ioncam atá agat €5,000 nó níos mó sa bhliain, íocfaidh tú Ranníocaíocht ÁSPC ag Aicme S.

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ar ÁSPC ar leathanach 110. Iarrtar ort an t-eolas ag an gcúl a léamh mar b'fhéidir go mbeadh freagraí ann ar aon cheisteanna atá agat faoi ÁSPC agus d'incháilitheacht do thacaíochtaí leasa shóisialaigh.

Is féidir leat cóip de do thaifead árachais shóisialta a iarraidh:

• ar líne ag mywelfare.ie, nó

• trí ghlaoch ar 01 471 5898 agus rogha 4 a roghnú.

2. Roinnt eolais faoi thástáil acmhainne

Seans go mbeadh roinnt eolais faoi thástáil acmhainne uait mar déantar 'tástáil acmhainne' maidir le roinnt íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Ciallaíonn 'tástáil acmhainne' go bhfaighimid amach cibé acu an gcáilíonn nó nach gcáilíonn tú do thacaíochtaí. Braitheann sé sin ar:

• d'ioncam;

• luach aon réadmhaoine atá agat (seachas do theach féin);

• aon airgead atá sábháilte agat; agus

• aon ioncam ó do chéile nó do pháirtí.

Page 11: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

9

Úsáidimid tástáil acmhainne chun oibriú amach an gcáilíonn tú i gcomhair íocaíochta agus cá mhéad a íocfaimid leat. Ní chuirimid san áireamh an t-ioncam agus an t-airgead go léir atá sábháilte agat sa tástáil acmhainne. Tabhair faoi deara le do thoil go bhféadfadh go bhfaighfeá íocaíocht fiú má tá airgead sábháilte agat.

Níl sa cháipéis seo ach treoir. Más mian leat do staid a phlé linn, iarrtar ort cuairt a thabhairt ar an ionad Intreo nó ar an oifig brainse leasa shóisialaigh i do cheantar áitiúil.

Page 12: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

10

Cuid 1: Sochar Breoiteachta

Réamhrá

Inseoidh an chuid seo duit cad is Sochar Breoiteachta ann, an chaoi le bheith incháilithe agus iarratas a chur isteach air, agus an ráta íocaíochta cuí.

Cad is Sochar Breoiteachta ann?

Is scéim é Sochar Breoiteachta chun tacú leat mura bhfuil tú in ann obair sa ghearrthéarma mar go bhfuil tú tinn nó breoite.

Is íocaíocht ar leith é seo ó pholasaí d'fhostóir maidir le pá ar saoire bhreoiteachta. Is cuma má íocann d'fhostóir tú nuair ata tú ar saoire bhreoiteachta ón obair nó nach n-íocann, ní mór duit cur isteach ar shochar breoiteachta laistigh de 6 seachtaine ó fhaigheann tú breoite.

Tá sé de rogha agat do shochar bhreoiteachta a fháil íoctha isteach i do bhanc, do chumann foirgníochta, do chomhar creidmheasa nó d'oifig poist áitiúil. Is féidir seiceanna a eisiúint i gcásanna áirithe. Má fhaigheann tú pá breoiteachta ón obair, ba chóir duit fiafraí de d'fhostóir ar cheart duit do Shochar Breoiteachta a aistriú isteach i gcuntas bainc d'fhostóra.

Page 13: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

11

Conas a cháilítear?

Chun cáiliú do Shochar Breoiteachta, ní mór duit na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh maidir le:

1. coinníoll aoise;

2. coinníollacha maidir le ranníocaíochtaí ÁSPC; agus

3. coinníollacha eile.

1. Coinníoll Aoise

Ní foláir duit a bheith faoi aois an phinsin (66 faoi láthair.)

2. Coinníollacha ranníocaíochta árachais shóisialaigh pá-choibhneasta

Ní mór duit 104 (ranníocaíocht ÁSPC) rang A, E, H nó P a bheith íoctha agat ó thosaigh tú ag obair agus (a) nó (b) nó (c) sa tábla thall.

Má tá d'ioncam ró-íseal chun freastal a dhéanamh ar do chuid riachtanas, is féidir leat Liúntas Leasa Forlíontach (LLF), íocaíocht a ndéantar tástáil acmhainne air, a fháil fad is atá tú ag fanacht le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil dóthain ioncaim acu chun freastal ar a gcuid riachtanas bhunúsacha agus ar riachtanais a gcéile nó a bpáirtí nó a leanbh nó leanaí.

Page 14: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

12

A Má dhéanann tú iarratas ar Shochar Breoiteachta in 2019, is í an bhliain ranníoca ábhartha ná 2017. Ní mór duit 39 seachtain le ranníocaíochtaí íoctha a bheith agat (d'aicmí A, E, H nó P) in 2017.

B Má dhéanann tú iarratas ar Shochar Breoiteachta in 2019, is í an bhliain ranníoca ábhartha ná 2017. Ní mór duit 39 ranníocaíocht ar an iomlán a bheith agat, ranníocaíochtaí íoctha ÁSPC (in aicmí A, E, H, P) nó ranníocaíochtaí creidiúnaithe san áireamh - ach caithfidh 13 ranníocaíocht íoctha ÁSPC a bheith agat ar a laghad.

Má tá 39 ranníocaíocht creidiúnaithe agat in 2017 ach nach bhfuil na 13 ranníocaíocht íoctha ÁSPC (in aicmí A, E, H, P) agat, is féidir leat cáiliú má tá 13 ranníocaíocht ÁSPC íoctha agat in aon cheann de na blianta seo – 2015, 2016, 2018 nó 2019.

C Má chuireann tú isteach ar Shochar Breoiteachta in 2019 agus tá 26 ranníocaíocht ÁSPC íoctha agat (ag aicme ÁSPC A, E, H nó P) ón mbliain ranníoca ábhartha - 2017

agus

26 ranníocaíocht ÁSPC (A, E, H, P) ón mbliain roimhe sin - 2016, is dócha go gcáileoidh tú do Shochar Breoiteachta.

Nóta: Go hiondúil, tosaíonn íocaíochtaí Sochair Breoiteachta ón seachtú lá den bhreoiteacht. Go hiondúil, ní íoctar aon sochar don chéad 6 lá.

Page 15: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

13

3. Coinníollacha eile

Caithfidh tú freisin:

• cuairt a thabhairt ar do dhochtúir freisin chun foirm Iarratais Sochair Breoiteachta (IB1) agus teastas neamhchumais oibre nó teastas neamhchumais leanúnach oibre a fháil. Is féidir le do dhochtúir na foirmeacha sin a chomhlánú ar líne nó is féidir iad a chur isteach tríd an bpost, féach seoladh ar leathanach 15.

• nuair atá ar do chumas filleadh ar an obair, cuir é sin in iúl dúinn. Is féidir leat é seo a dhéanamh trí iarraidh ar do dhochtúir do theastas a mharcáil mar theastas deiridh nó trí ghlao teileafóin a chur chugainn ar (01) 704 3300, nó trí r-phost a sheoladh chugainn ag [email protected] nó trí scríobh chugainn (tá an seoladh ar leathanach 15).

€ Cad é ráta an tSochair Bhreoiteachta?

Go hiondúil, ní thugann muid aon íocaíocht sa chéad sé lá den bhreoiteacht, agus ní íocaimid ar aon Domhnach le linn do chuid breoiteachta.

Íoctar rátaí Sochair Breoiteachta ag ceithre ráta dhifriúla. Déanamid amach cén ráta a íocann muid leat bunaithe ar do mheántuilleamh seachtainiúil sa bhlain ranníocaíochta ábhartha.

Oibrímid amach do mheántuilleamh seachtainiúil trí do thuilleamh iomlán (roimh cháin agus asbhaintí eile) sa bhliain ranníoca ábhartha a roinnt ar an líon seachtainí a d'oibrigh tú i ndáiríre.

Page 16: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

14

Sampla de mheántuilleamh seachtainiúil:

Tuilleamh a thógtar san áireamh sa bhliain ábhartha = €16,800

Líon na seachtainí oibre = 35

Meántuilleamh seachtainiúil = €480.00 (€16,800 roinnte ar 35)

Dá mba rud é gur oibrigh an custaiméir seachtain amháin sa bhliain sin agus gur thuill sé/sí €232.36 don tseachtain sin, ba é an tuilleamh iomlán a bheadh tógtha san áireamh don tseachtain sin ná €232.36.

Is iad na ceithre ráta sheachtainiúla íocaíochta ná:

Do mheánolltuilleamh seachtainiúil – tuilleamh seachtainiúil sula mbaintear aon cháin, ÁSPC nó aon asbhaintí eile as

Ráta pearsanta – Na ceithre ráta íocaíochta dhifriúla

Ráta do dhuine fásta cáilithe – sa chás go bhfuil ioncam do chéile nó do pháirtí faoi leibhéal áirithe agus faigheann tú ardú i do chuid íocaíochta dóibh

€300 nó níos mó €203.00 €134.70

€220-€299.99 €159.00 €87.20

€150-€219.99 €131.00 €87.20

Níos lú ná €150 €91.10 €87.20

Page 17: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

15

Chun tuilleadh eolais a fháil ar Shochar BreoiteachtaTabhair cuairt ar www.welfare.ie/IB

Conas a chuirfidh mé iarratas isteach ar Shochar Breoiteachta?

Bain úsáid as an bhfoirm éilimh breoiteachta (IB1) agus an teastas

Tabharfaidh do dhochtúir foirm éilimh Sochair Breoiteachta (IB1) chomh maith le teastas leighis leasa shóisialaigh (teastas neamhábaltachta oibre nó teastas leighis neamhábaltachta leanúnach oibre) duit le linn do chéad chuairte orthu. (Ní féidir leat na cáipéisí sin a fháil ón Roinn seo.)

Céim 1: Líon amach an fhoirm éilimh IB1.

Céim 2: Comhlánaíonn tú féin agus do dhochtúir an teastas leighis neamhábaltachta oibre nó an teastas leighis neamhábaltachta leanúnaí oibre.

Is féidir na teastais sin a chomhlánú ar líne nó iad a sheoladh tríd an bpost. Féach seoladh ar leathanach 15 le do thoil.

Má tá tú nó má bhí tú i d'othar cónaitheach in ospidéal, ba chóir duit féin nó do dhuine de do theaghlach litir ospidéil a fháil ó dhochtúir ospidéil i dtaobh do thinnis chun í a thabhairt do do dhochtúir teaghlaigh ar do chéad chuairt chucu chun éileamh a dhéanamh ar do Shochar Breoiteachta. Ansin tabharfaidh do dhochtúir teaghlaigh foirm éilimh agus teastas leighis (IB1 agus teastas neamhábaltachta oibre nó teastas neamhábaltachta leanúnaí oibre) duit.

Page 18: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

16

Déan iarratas ar shochar laistigh de 6 seachtaine

Ba chóir duit iarratas a chur isteach ar Shochar Breoiteachta laistigh de sé seachtaine ó d'éirigh tú breoite. Má tá moill de bhreis is sé seachtaine i gceist, d'fhéadfá cuid de d'íocaíocht a chailleadh.

Má tá cúis mhaith agat faoin moill le cur isteach ar an tsochar, b'fhéidir go ndéanfaimis d'íocaíocht a shiardhátú suas le sé mhí. Ar an drochuair, ní féidir linn é sin a dhéanamh ach i gcúinsí teoranta.

Más mian leat éileamh siardhátaithe a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta, ní mór duit cuid 3 den fhoirm éilimh IB1 a chomhlánú.

Má bhíonn aon deacracht agat ó thaobh na foirmeacha a chomhlánú, beidh áthas ar bhaill foirne i d'Ionad Intreo nó d'oifig bhrainse leasa shóisialaigh áitiúil cabhrú leat.

Cé chomh fada agus is féidir liom a bheith deimhnithe mar neamhábalta chun obair a dhéanamh?

Braitheann sé. Is féidir le do dhochtúir teaghlaigh aon teastas amháin a sholáthar chun an tréimhse dóchúil iomlán a mbeidh tú as obair suas go 26 seachtain a chlúdach. Beidh gá agat le teastais bhreise má bhíonn tú as obair níos faide ná sé mhí. Tugtar deimhniú dúnta air seo go coitianta.

Page 19: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

17

Cén áit a seolfaidh mé na foirmeacha?

Ba chóir duit foirmeacha éilimh comhlánaithe (IB1) agus teastais leighis (teastas neamhábaltachta oibre nó teastas neamhábaltachta leanúnaí oibre ) a sheoladh le Saorphost chuig:

Saorphost

An Rannóg Sochair Breoiteachta

Seirbhísí Leasa Shóisialaigh

Bosca Poist 1650

Baile Átha Cliath 1

Page 20: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

18

Cuid 2: Sochair mhíchumais

Réamhrá

Insíonn an chuid seo duit faoi réimse sochar, liúntas agus pinsean maidir le conas a cháilíonn tú dóibh agus a ndéanann tú iarratas orthu, chomh maith lena rátaí íocaíochta.

Cad is Sochar Míthreorach ann?

Íocaimid Sochar Míthreorach má chailleann tú aon chumas fisiciúil nó meabhrach áirithe mar thoradh ar rud a tharla duit de bharr do chuid oibre, nó ag taisteal chuig an obair nó ag teacht ón obair.

Íocaimid é seo mar chnapshuim nó mar phinsean rialta, ag brath ar an gcineál míchumais atá i gceist - déine an mhíchumais - agus an fad ama is dócha go leanfaidh an gortú nó an bhreoiteacht.

Cuid de Scéim na Sochar Gortuithe Ceirde is ea an sochar seo freisin.

Conas a cháilítear?

Ní mór duit na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh le bheith incháilithe don sochar seo:

• is gá go raibh tú ag obair agus go bhfuil ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha agat ag Aicme A, B, D, J nó M;

• chaill tú cumas fisiciúil nó meabhrach de bharr:

1. timpiste ag an obair;

2. timpiste chomaitéireachta ar bhealach díreach idir do theach féin agus d'áit oibre, nó

Page 21: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

19

3. tholg tú galar liostaithe ag an obair.

€ Cad é ráta an tSochair Mhíthreoraigh?

Braitheann an íocaíocht ar dhéine an mhíchumais, rud a mheasaimid ó thaobh leighis de. Má mheastar gur fágadh faoi mhíchumas thú agus gurb ionann an míchumas sin agus níos lú ná 20% de ghnáthchumas, is cnapshuim a bhíonn go hiondúil sa Sochar Míthreorach. Bíonn méid na cnapshuime éagsúil agus braithfidh sé ar cé chomh dona is atá an míchumas agus ar a thréimhse. Sa chás go meastar gurb ionann an míchumas agus 20% nó os a chionn, íocfaimid pinsean leat.

Más míchumas 100% atá agat, is €234.00 a bheidh do phinsean pearsanta in aghaidh na seachtaine.

Más míchumas idir 20-90% atá agat, beidh do phinsean pearsanta mar seo a leanas:

Leibhéal míchumais % Íocaíocht sheachtainiúil

90 €210.60

80 €187.20

70 €163.80

60 €140.40

50 €117.00

40 €93.60

30 €70.20

20 €46.80

Ní bheidh aon íocaíocht le fáil maidir le gortuithe a tharla nó galair a tolgadh ón 1 Eanáir 2012 ach sa chás go bhfuil leibhéal an mhíchumais 15% ar a laghad.

Page 22: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

20

Cé atá in ann Forlíonadh Éagumais a éileamh?

Más rud é go bhfuil tú ag fáil Pinsean Míthreorach agus nach bhfuil ar do chumas obair a dhéanamh go buan mar thoradh ar ghortú nó ar ghalar a bhaineann le hobair, is féidir leat éileamh a dhéanamh ar Fhorlíonadh Éagumais. Íoctar é seo sa bhreis ar do phinsean.

Is feidir leat cáiliú d'Fhorlíonadh Éagumais más rud é nach gcáilíonn tú do Shochar Breoiteachta, do Phinsean Easláine nó Liúntas Míchumais. Ní mheastar an forlíonadh seo de réir tástáil acmhainne.

B'fhéidir go mbeifeá in ann ardú a éileamh do:

• dhuine fásta cáilithe, sa chás go bhfuil céile, páirtnéir sibhialta nó comhchónaitheoir agat agus

• ardú i leith leanbh cailithe a chónaíonn leat de ghnáth

Is mar seo a leanas atá rátaí seachtainiúla an fhorlíonaidh éagumais:

Page 23: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

21

Forlíonadh Éagumais de réir catagóirí

Rátaí seachtainiúla

Faoi bhun 66 bliain d'aois €203.00

66 bliain d'aois agus os a chionn

€222.30

80 bliain d'aois agus os a chionn

€232.30

Ardú i leith Duine Fásta Cáilithe faoi bhun 66 bliain d'aois

€134.70

Ardú i leith Duine Fásta Cáilithe atá 66 bliain d'aois nó os a chionn

€147.50

Ardú i leith Leanbh Cáilithe

€36.00Ráta iomlán

Leath-ráta €18.00

Má tá tú ag fáil Pinsean Míthreorach agus má tá éagumas chomh tromchúiseach ort de bharr gortú nó galar a bhain leis an obair go bhfuil gá agat le cabhair ó dhuine sa bhaile chun freastal ar do chuid riachtanas pearsanta, b'fhéidir go mbeifeá i dteideal Liúntas Síorfhreastail.

Íoctar an liúntas leis an té atá faoi mhíchumas agus is é a mhéid ná €220.00 sa tseachtain.

Má tá duine ar leith ag tabhairt cúraim duit is féidir leo a bheith i dteideal an Deontais Tacaíochta do Chúramóirí.

Chun breis eolas a fháil ar an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí féach leathanach 44 le do thoil.

Faoi bhun 12 Os cionn 12

€40.00

€20.00

Page 24: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

22

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an Sochar MíthreorachTabhair cuairt ar www.welfare.ie/DB

Conas a cháilítear?

Mura bhfuil tú ábalta obair a dhéanamh tar éis na timpiste nó tar éis don ghalar teacht ort

Ba chóir duit éileamh a dhéanamh ar dtús ar Shochar Díobhála. Is féidir linn Sochar Díobhála a íoc suas le 26 seachtain tar éis do thimpiste nó ó tháinig an galar ort. Má bhí tú ag íoc ÁSPC Aicme B, ní féidir leat Sochar Díobhála a éileamh. Mar sin féin, is féidir leat éileamh a dhéanamh ar Shochar Míthreorach ar an bpointe gan fanacht 26 seachtain.

Sula gcríochnaíonn an íocaíocht Sochair Díobhála

Ba chóir duit éileamh a dhéanamh ar Shochar Míthreorach, mura bhfuil tú fós in ann oibre mar gheall ar do thimpiste nó do ghalar, sula gcríochnaíonn do Shochar Díobhála. Má théann d'éileamh ar Shochar Díobhála in éag ar 1 Aibreán, ní mór duit éileamh a dhéanamh faoin 1 Iúil - laistigh de thrí mhí de dháta éaga, sin nó d'fhéadfadh go mbeadh tionchar ar d'éileamh.

Mura bhfuil tú ábalta obair a dhéanamh tar éis na timpiste nó ó tháinig an galar ort

Más rud é gur chaill tú cuid de do chumas de bharr na timpiste nó ó tháinig an galar ort, ach go bhfuil tú fós in ann obair a dhéanamh, is féidir leat fós éileamh a dhéanamh ar Shochar Míthreorach. Ba cheart duit iarratas a chur isteach chomh luath agus is féidir agus taobh istigh de 3 mhí ó dháta na timpiste nó ó tháinig an galar ort.

Page 25: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

23

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?

Chun iarratas a dhéanamh, líon isteach an fhoirm OB21.

Is féidir leat an fhoirm a fháil ó:

• d'ionad Intreo áitiúil;

• an oifig brainse leasa shóisialaigh i do cheantar áitiúil;

• an Oifig Eolais do Shaoránaigh i do cheantar áitiúil; nó

• ár láithreán gréasáin www.welfare.ie/forms agus cliceáil ar annasc ‘Míchumas agus Breoiteacht’

Cá háit ar féidir liom iarratas a dhéanamh?Seo d'fhoirm iarratais comhlánaithe in éineacht leis na cáipéisí tacaíochta ábhartha chuig:

Rannóg an tSochair Mhíthreoraigh

An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí

An Oifig Seirbhísí Leasa Shóisialaigh

Bóthar Bhéal Átha na Lao

An Longfort

N39 E4E0

Mar shampla, d’fhéadfadh go mbeadh laghdú ar shoghluaisteacht duine de bharr gortaithe ach nach bhfuil tionchar aige ar a gcumas a gcuid oibre a dhéanamh.

Íocfaimid tú ón gceathrú lá de do mhíchumas, chomh fada is nach ndéanann tú éileamh ar Shochar Díobhála. Mura gcuireann tú iarratas isteach in am, d’fhéadfá cuid den sochar a chailleadh.

Page 26: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

24

Cad atá sa Liúntas Míchumais?

Is liúntas seachtainiúil é an Liúntas Míchumais (LM) a íoctar le daoine atá faoi mhíchumas. Is féidir leat LM a fháil ó sé bliana déag d'aois ar aghaidh. Má tá tú in oideachas nuair a shroicheann tú 16, is féidir leat leanúint ag freastal ar scoil le linn duit a bheith ag fáil an liúntais seo.

Má cháilíonn tú do Liúntas Míchumais, b'fhéidir go bhfaighfeá sochair leasa shóisialaigh bhreise freisin le d'íocaíocht chomh maith le híocaíochtaí leasa forlíontacha eile.

Conas a cháilítear?

Chun cáiliú do LC, ní mór duit na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:

Riail aon bhliain

Ní mór duit gortú, galar nó míchumas fisiciúil nó meabhrach a bheith ort a mhair, nó gur dócha go mairfidh sé, ar feadh bliain amháin ar a laghad.

Caithfear go bhfuil srian suntasach ort

Mar thoradh ar an míchumas seo, caithfear go bhfuil srian mór ort ó thaobh obair a dhéanamh, obair a bheadh oiriúnach do dhuine ar d'aois agus a bhfuil do thaithí agus do cháilíochtaí aige/aici, murach sin.

Aois 16-66

Ní mór duit a bheith idir 16 agus 66 bliain d'aois. Nuair a shroicheann tú 66 bliain d'aois ní cháileoidh tú a thuilleadh do LM, ach déanfar tú a mheas i gcomhair pinsean Stáit.

Page 27: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

25

Ioncam agus cónaí

Caithfidh tú na nithe seo a leanas a shásamh:

• tástáil acmhainne (tástáil ar d'ioncam agus aon ioncam ó dochéile nó ó do pháirtí - torthaí a mbaintear úsáid astu chun doráta pá a oibriú amach); agus

• na coinníollacha a bhaineann le gnáthchónaí.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar na coinníollacha sin ag www.welfare.ie/HRC

Cad é uasmhéid an ráta Liúntais Míchumais?

Cineálacha rátaí Íocaíocht sheachtainiúilRáta pearsanta €203.00

Méadú i leith Duine Fásta Cáilithe

€134.70

Méadú i leith Leanbh Cáilithe

Faoi bhun 12 Os cionn 12

Ráta iomlán €36.00 €40.00

Leath-ráta €18.00 €20.00

Má tá tú pósta, i bpáirtíocht shibhialta nó in aontíos agus tá an bheirt agaibh cáilithe i gcomhair Liúntas Míchumais, gheobhaidh an bheirt agaibh Liúntas Míchumais ar ráta pearsanta seachtainiúil.

Más rud é go bhfuil tú féin nó do chéile, do pháirtí sibhialta nó an té atá in aontíos leat cáilithe do Liúntas Míchumais agus tá an duine eile ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh eile, mar shampla, Liúntas Cuardaitheora Poist, gheobhaidh gach duine díobh an ráta pearsanta seachtainiúil de bhur n-íocaíocht faoi seach.

Page 28: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

26

Chun tuilleadh eolais a fháil ar Liúntas Míchumais Tabhair cuairt ar www.welfare.ie/DA

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?

Chun iarratas a dhéanamh, líon isteach an fhoirm DA1.

Is féidir leat an fhoirm a fháil ó:

• d'ionad Intreo áitiúil;

• an oifig brainse leasa shóisialaigh i do cheantar áitiúil;

• an Oifig Eolais do Shaoránaigh i do cheantar áitiúil; nó

• ár láithreán gréasáin www.welfare.ie/forms agus cliceáil ar an nasc ‘Míchumas agus Breoiteacht’.

Cá háit ar féidir liom iarratas a dhéanamh?Seol d'fhoirm iarratais chomhlánaithe agus cáipéisí tacaíochta le do thoil chuig:

Rannóg an Liúntais MíchumaisAn Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí Oifig Láraithe Longfoirt Bóthar Bhéal Átha na Lao An Longfort N39 E4E0

Page 29: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

27

Cad is Sochar Cumais Pháirtigh ann?

Íocfaimid Sochar Cumais Pháirtigh leat mura bhfuil tú in ann obair ar do chumas iomlán, ach tá cead faighte agat ón Roinn filleadh ar an obair.

Tá an ráta íocaíochta bunaithe ar an measúnú leighis ar do éagumas ó thaobh oibre de.

Conas a cháilítear?

Más mian leat cáiliú le haghaidh Sochar Cumais Pháirtigh, ní mór duit a bheith ag fáil ceann acu seo a leanas faoi láthair:

• Sochar Breoiteachta (ar feadh tréimhse íosta 6 mhí); nó

• Pinsean Easláine.

Níl cead agat obair a dhéanamh go dtí go mbeidh cead scríofa faighte agat ón Roinn seo chun a leithéid a dhéanamh. Ba chóir duit cead do dhochtúra a fháil chomh maith sula nglacfaidh tú le fostaíocht áirithe.

Is féidir leat aon mhéid oibre agus na huaireanta oibre is mian leat a oibriú. Is féidir leat oibriú mar oibrí féinfhostaithe le linn duit a bheith ag fáil Sochar Cumais Pháirtigh.

An bhfuil a fhios agat?

Is féidir leat Sochar Cumais Pháirtigh agus Liúntas Cúramóra a fháil ar leathráta le chéile; ach

Ní féidir leat Sochar Cumais Pháirtigh agus Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht (ar a dtugtaí Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh roimhe seo) a fháil le chéile.

Page 30: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

28

€ Cad é ráta an tSochair Cumais Pháirtigh?

Déantar Sochar Cumais Pháirtigh a ríomh do gach duine. B'fhéidir go mbeadh arduithe ann le haghaidh do:

• duine fásta cáilithe; agus

• leanbh cáilithe.

Tá an ráta pearsanta íocaíochta bunaithe ar:

• cé chomh maith is atá tú in ann obair a dhéanamh bunaithe ar an measúnú leighis a rinneamar;

• an bhfuil tú ag fáil Sochar Breoiteachta nó Pinsean Easláine; agus

• do ráta íocaíochta faoi láthair.

Íocaíochtaí Sochair Cumais PháirtighLeibhéal damáiste maidir le do chumas oibre – de réir thorthaí do mheasúnaithe leighis

Íocaíocht má bhí tú ag fáil Sochar Breoiteachta roimhe seo

Íocaíocht má bhí tú ag fáil Pinsean Easláine cheana

Go measartha €101.50 €104.25

Go trom €152.25 €156.38

Go mór mór €203.00 €208.50

Page 31: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

29

Chun tuilleadh eolais a fháil ar Shochar Cumais PháirtighTabhair cuairt ar www.welfare.ie/PCB

Conas a chuirfidh mé iarratas isteach ar Shochar Cumais Pháirtigh?

Déan teagmháil le Rannóg Shochar Cumais Pháirtigh na Roinne trí ghlao a chur ar (01) 704 3300. Seolfaidh siad foirm iarratais chugat mar nach bhfuil siad sin le fáil ar líne faoi láthair.

Déanfaidh Measúnóir Leighis do chumas oibre a mheas. Seans go mbeidh ort freastal ar mheasúnú leighis. Ba chóir duit an fhianaise leighis chuí go léir a chur in éineacht le d'iarratas.

Má cháilíonn tú le haghaidh Sochar Cumais Pháirtigh, ní bheidh ort teastais leighis a sheoladh isteach go rialta.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Shochar Cumais Pháirtigh sula dtosaíonn tú ag lorg oibre. Má bhíonn laghdú le cur ar d'íocaíocht mar go bhfuil tú le dul i mbun oibre ní tharlóidh sé seo nó go dtosóidh tú ag obair.

Page 32: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

30

Cén áit a gcuirfidh mé iarratas isteach ar Shochar Cumais Pháirtigh?Seol d'iarratas, leis na cáipéisí tacaíochta ábhartha, ar ais chuig:

Rannóg an tSochair Cumais Pháirtigh

An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí

Urlár 2, Áras Mhic Dhiarmada

Sráid an Stórais

Baile Átha Cliath 1

D01 WY03

Cad is Pinsean Easláine ann?

Is íocaíocht sheachtainiúil é Pinsean Easláine a íoctar le daoine nach bhfuil in ann obair a dhéanamh de bharr breoiteacht nó míchumas fadtéarmach agus atá clúdaithe ag Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC). Má tá tú ag fáil Pinsean Easláine, agus tú 66, aistríonn tú go huathoibríoch chuig Pinsean Stáit (Ranníocach) ag an ráta iomlán. Tá Pinsean Easláine inchánach.

Tá tú i dteideal Pas Saorthaistil. B'fhéidir go bhfaighfeá sochair leasa shóisialaigh bhreise freisin, mar shampla an Pacáiste Sochair Teaghlaigh (féach leathanach 102).

Tá daoine féinfhostaithe a bhfuil dóthain ranníocaíochtaí ÁSPC aicme S íoctha acu i dteideal Pinsean Easláine a fháil.

Page 33: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

31

Conas a cháilítear?

Chun cáiliú, caithfidh siad seo a leanas a bheith agat:

• caithfidh tú 260 (cúig bliana) ranníocaíocht ÁSPC ar a laghad a bheith íoctha agat in aicmí A, E, H agus S ó thosaigh tú ag obair; agus

• 48 ranníocaíocht ar a laghad a bheith íoctha nó curtha chun sochair duit sa bhliain iomlán deiridh ranníocaíochta nó sa bhliain roimhe sin roimh dháta d'éilimh.

Sampla: Má dhéanann tú iarratas ar Phinsean Easláine in 2019, is í an bhliain iomlán deiridh ranníocaíochta ná 2018 agus an dara bliain iomlán deiridh ranníocaíochta ná 2017

Má íocann tú ranníocaíochtaí aicme S, ní cháilíonn tú i gcomhair creidmheasanna.

Ní féidir leat úsáid a bhaint as ranníocaíochtaí deonacha chun coinníollacha ÁSPC do Phinsean Easláine a chomhlíonadh. Chun cáiliú, caithfidh siad seo a leanas a bheith agat freisin:

• gan a bheith in ann obair a dhéanamh ar feadh dhá mhí dhéag ar a laghad;

• agus nach dócha go mbeidh tú in ann obair a dhéanamh go ceann dhá mhí dhéag eile ar a laghad; nó

• nach mbeidh tú in ann obair a dhéanamh ag aon am.

I gcásanna áirithe breoiteacht nó éagumas tromchúiseach leat, is féidir leat aistriú díreach ón obair nó ó íocaíocht leasa shóisialaigh eile chuig Pinsean Easláine.

Page 34: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

32

€ Cad é ráta íocaíochta Pinsean Easláine?

Pinsean Easláine Íocaíocht sheachtainiúil

Faoi bhun 66 bliain d'aois €208.50

Duine fásta cáilithe €148.90

Leanbh cáilithe Faoi Bhun 12 Os cionn 12

Ráta iomlán €36.00 €40.00

Leath-ráta €18.00 €20.00

Chun tuilleadh eolais a fháil ar Phinsean EasláineTabhair cuairt ar www.welfare.ie/Invalidity

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?

Chun iarratas a dhéanamh, líon isteach an fhoirm iarratais ar a dtugtar INV1.

Is féidir leat an fhoirm a fháil ó:

• d'ionad Intreo áitiúil;

• an oifig brainse leasa shóisialaigh i do cheantar áitiúil;

• an Oifig Eolais do Shaoránaigh i do cheantar áitiúil; nó

• ár láithreán gréasáin www.welfare.ie/forms agus cliceáil ar annasc ‘Míchumas agus Breoiteacht’.

Page 35: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

33

Cá háit ar féidir liom iarratas a dhéanamh?Fill d'iarratas leis na cáipéisí tacaíochta ábhartha chuig an:

Rannóg Pinsean Easláine

RGFCS

An Oifig Seirbhísí Leasa Shóisialaigh

Foirgnimh Rialtais

Bóthar Bhéal Átha na Lao

An Longfort

N39 E4E0

Cad é Pinsean na nDall?

Is íocaíocht de réir tástála acmhainne é Pinsean na nDall a íoctar le daoine atá dall nó lagamhairc a bhfuil gnáthchónaí orthu in Éirinn. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar ghnáthchónaí ag www.welfare.ie/HRC

Conas a cháilítear?

Chun cáiliú don phinsean, ní mór duit tástáil súl a fháil déanta ag máinlia oftalmach chun do lagamhairc a dheimhniú.

Is éard atá i gceist le d'íocaíocht ná ráta pearsanta duit féin agus méideanna sa bhreis do dhuine fásta cáilithe agus do leanaí cáilithe.

Más rud é go bhfaighidh tú Pinsean na nDall, b'fhéidir go mbeifeá freisin i dteideal

Liúntas Leasa na nDall a íocann Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte (FSS). Gheobhaidh tú na nithe seo a leanas go huathoibríoch:

Page 36: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

34

• Pas Saorthaistil – a ligean duit taisteal in aisce ar iompar poiblí Stáit in Éirinn (féach leathanach 96); agus

• Pas Saorthaistil Compánaigh – a cheadaíonn do do chompánach atá in aois 16 nó os a chionn taisteal saor freisin nuair atá sé/sí in do chuideachta (Féach leathanach 97).

B'fhéidir go mbeifeá i dteideal sochair eile freisin amhail Méadú Maireachtála Aonair agus an Pacáiste Sochair Teaghlaigh. (Féach leathanach 102)

Faoi Bhun 18

Má tá tú dall nó má tá lagamhairc trom ort roimh aois a 18, ba chóir duit iarratas a dhéanamh ceithre mhí roimh an 18ú lá breithe.

Aois 16-18

Má tá tú idir 16-18, b'fhéidir go mbeifeá i dteideal liúntas míchumais freisin.

Aois a 18+

Má fhaigheann tú dall nó le lagamhairc trom tar éis aois a 18, ba chóir duit iarratas a dhéanamh chomh luath agus is féidir leat. Tá sé seo tábhachtach mar nach féidir íocaíocht a dhéanamh ach ón dáta a bhfaighimid d'iarratas. D'fhéadfadh an duine atá ag tabhairt aire duit Liúntas nó Sochar Cúramóra a fháil, más gá duit cúram agus aire lánaimseartha a fháil.

Má tá tú faoi 66 bliain d'aois agus má shásaíonn tú na coinníollacha bainteacha, d'fhéadfá a bheith cáilithe do na híocaíochtaí seo a leanas chomh maith:

• Sochar Uchtaíoch;

• Liúntas Cúramóra ar leathráta;

• Sochar Sláinte agus Sábháilteachta;

• Sochar Breoiteachta;

Page 37: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

35

• Sochar Díobhála;

• Sochar Cuardaitheora Poist;

• Sochar Máithreachais;

• Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora (nó go mbeidh an leanbhis óige 16); nó

• Pinsean (Ranníocach agus Neamh-ranníocach) Baintrí, BaintríFir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh.

Is féidir leat Pinsean na nDall a fháil le linn duit a bheith ag fáil Sochar Cumais Pháirtigh. Ní thógamid san áireamh d'ioncam ó Shochar Cumais Pháirtigh nuair a dhéanaimid an tástáil acmhainne do Phinsean na nDall, ach cuirimid tuilleamh ó aon fhoinse eile san áireamh.

66 bliain d'aois nó níos sine

Ní íoctar Pinsean na nDall tar éis duit aois a 66 a shroicheadh. Tar éis 66, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Phinsean Stáit, nó Pinsean Baintrí nó aon phinsean ábhartha eile ag brath ar do chúinsí.

€ Cad é ráta íocaíochta Phinsean na nDall?

Pinsean na nDall Íocaíocht sheachtainiúil (uasmhéid)

Ráta Pearsanta €203.00

Méadú i leith duine fásta cáilithe

€134.70

Méadú i leith leanbh cáilithe Faoi bhun 12 Os cionn 12

Ráta iomlán €36.00 €40.00

Leath-ráta €18.00 €20.00

Page 38: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

36

Chun tuilleadh eolais a fháil ar Phinsean na nDallTabhair cuairt ar www.welfare.ie/BP

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?

Chun iarratas a dhéanamh, líon isteach an fhoirm iarratais ar a dtugtar BP1. Is féidir leat an fhoirm a fháil ó:

• d'ionad Intreo áitiúil;

• an oifig brainse leasa shóisialaigh i do cheantar áitiúil;

• an Oifig Eolais do Shaoránaigh i do cheantar áitiúil; nó

• ár láithreán gréasáin www.welfare.ie/forms agus cliceáil ar annasc ‘Míchumas agus Breoiteacht’.

Tá leaganacha braille agus téipe caiséid den iarratas seo le fáil ó Chomhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill. Beidh áthas ar bhaill foirne i d'Ionad Intreo nó d'oifig brainse leasa shóisialaigh áitiúil cabhrú leat an fhoirm seo a chomhlánú agus beidh siad in ann aon cheist atá agat a fhreagairt.

Cá háit ar féidir liom iarratas a dhéanamh?Seol d'iarratas le do thoil, in éineacht leis na cáipéisí tacaíochta ábhartha, chuig:

Rannóg Phinsean na nDall

RGFCS

Seirbhísí Leasa Shóisialaigh

Bóthar Shligigh

F91 T384

Page 39: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

37

Cad is Clár Cumais ann?

Cuireann an Clár Cumais maoiniú ar fáil do thionscadail áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta i bPoblacht na hÉireann. Tá sé dírithe ar dhaoine óga idir 15 agus 29 bliain d'aois atá faoi mhíchumas a thabhairt níos gaire d'obair.

Déanann Ciste Sóisialta na hEorpa (CSTE) agus an Roinn comhaoiniú ar an gClár Cumais. Is é Pobal, atá ag obair thar ceann an Rialtais, a dhéanann é a riaradh, i gcomhar le pobail agus gníomhaireachtaí áitiúla, chun tacú le hionchuimsiú sóisialta agus le forbairt áitiúil agus pobail.

Spriocanna an Chláir Cumais

Páirt a ghlacadh

Tá sé mar aidhm ag Cumas (nó 'Ability' i mBéarla) cabhrú le daoine óga atá faoi mhíchumas an muinín agus an neamhspleáchas a bhfuil gá acu leis a fhorbairt chun páirt a ghlacadh san aistriú ó:

• oideachas;

• oiliúint agus

• fostaíocht;

Tá sé mar aidhm ag an gClár Cumais tacú le daoine óga faoi mhíchumas nach bhfuil in oideachas, in oiliúint ná i bhfostaíocht rochtain a fháil orthu agus páirt a ghlacadh iontu.

Page 40: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

38

Tógáil ar acmhainneacht

Tá sé mar aidhm ag an gClár Cumais cabhrú le seirbhísí fostaíochta príomhshrutha agus le soláthróirí oideachais agus oiliúna a bheith níos ábalta chun:

• Tacú le dul ar aghaidh daoine óga atá faoi mhíchumas; agus

• daoine óga faoi mhíchumas a earcú agus iad a choinneáillaistigh dá lucht saothair nó dá n-ionad oiliúna.

Fostaíocht a chur chun cinn

Cuirfear chun cinn leis an gClár Cumais deiseanna fostaíochta agus róil fhiúntacha shóisialta do dhaoine óga faoi mhíchumas.

Má tá tuilleadh eolais uait Déan iarratas ar líne le do thoil ag www.pobal.ie/programmes/Ability- Programme

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?

Déan iarratas le do thoil ag www.pobal.ie/programmes/Ability-Programme

Page 41: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

39

Cuid 3: Tacaíochtaí do Chúramóirí

Réamhrá

Insíonn an chuid seo duit faoi thacaíochtaí (sochair agus liúntais) do chúramóirí daoine atá breoite nó faoi mhíchumas. Insíonn sé duit an chaoi ar féidir le cúramóir cáiliú agus iarratas a dhéanamh ar na tacaíochtaí sin agus na rátaí íocaíochta. Is iad na cúig thacaíocht a chlúdaímid: Sochar Cúramóra, Liúntas Cúramóra, Deontas Tacaíochta Cúramóra, Scéim um Chúramaí Baile agus an Liúntas Cúraim Baile.

Cad is Sochar Cúramóra ann?

Is é atá i Sochar Cúramóra ná íocaíocht a dhéantar le duine a imíonn ón bhfórsa oibre chun aire a thabhairt do leanbh nó do dhuine fásta a dteastaíonn cúram agus aird lánaimseartha uathu.

Conas a cháileoidh mé do Shochar Cúramóra?

D'fhéadfadh go gcáileofá don Sochar Cúramóra má chomhlíonann tú na riachtanais seo.

Aois

Tá tú 16 bliana d'aois nó níos sine.

Page 42: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

40

Riachtanais oibre

• Bhí tú fostaithe le hocht seachtaine ar a laghad, cibé acu anraibh nó nach raibh na seachtainí sin i ndiaidh a chéile, satréimhse 26 seachtain roimhe seo.

• Tá tú ag obair ar feadh 16 huaire an chloig ar a laghad inaghaidh na seachtaine nó ar feadh 32 uair an chloig in aghaidhna coicíse. Ní gá duit an coinníoll seo a shásamh má bhí tú ag fáilSochar Cúramóra sna 26 seachtain roimhe sin.

• Má éiríonn tú as an obair le bheith i do chúramóirlánaimseartha. Is éard atá i gceist le bheith i gcúramóirlánaimseartha ná go gcaithfeadh go mbeadh cónaí ort le duinea dteastaíonn cúram agus aird lánaimseartha uaidh/uaithi agusnach bhfuil cónaí orthu in institiúid, nó go bhfuil tú in ann cúramagus aird lánaimseartha a thabhairt dóibh.

Staid chónaithe

• Níl tú ag obair, féinfhostaithe, i mbun cúrsa oiliúna ná in oideachas lasmuigh den bhaile ar feadh níos mó ná 18.5 huaire an chloig in aghaidh na seachtaine, agus is é an t-uasmhéida thuilleann tú ná €332.50 in aghaidh na seachtaine tar éis cánacha. Nóta: ní mór duit taispeáint dúinn go bhfuil dóthain cúraim ag an duine a bhfuil tú ag tabhairt aire dóibh agus tú ag obair.

• Níl cónaí ort in ospidéal, ionad téarnaimh ná institiúid eile dá leithéid. Ach d'fhéadfadh go measfaí fós go bhfuil tú ag tabhairt cúram agus aird lánaimseartha má tá tusa, nó an duine a bhfuil tú ag tabhairt aire dóibh, ag fáil cóireáil leighis nó cóireáil eile in ospidéal ar feadh níos lú ná 13 seachtaine.

Page 43: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

41

• Ní mór duit na coinníollacha maidir le ranníocaíocht árachaissóisialta páchoibhneasta (ÁSPC) a shásamh.

Cé chomh fada agus is féidir liom Sochar Cúramóra a fháil?

Is féidir leat Sochar Cúramóra a fháil ar feadh suas go 104 seachtain le haghaidh gach duine a dtugann tú aire dóibh.

Is féidir leat d'íocaíocht a éileamh i dtréimhse shingil nó i dtréimhsí ar leith ar feadh suas le 104 seachtain. Ach má éilíonn tú Sochar Cúramóra ar feadh níos lú ná sé seachtaine i ndiaidh a chéile i dtréimhse ar bith, ní mór duit fanacht ar feadh sé seachtaine eile sular féidir leat Sochar Cúramóra a éileamh chun aire a thabhairt don duine céanna arís.

Má tá tú ag tabhairt aire do níos mó ná duine amháin, féadfaidh tú íocaíocht a fháil le haghaidh 104 seachtain le haghaidh gach duine a dtugann tú aire dóibh. Is é an toradh a d'fhéadfadh a bheith air sin ná go mbeadh na tréimhsí cúraim ar siúl ag an am céanna.

€ Cad é ráta an tSochair Cúramóra?

Is é méid an tSochair Cúramóra ná €220.00 sa tseachtain.

Is féidir le ráta aon íocaíochta athrú. Le haghaidh rátaí íocaíochta reatha, iarrtar ort féachaint ar Leabhrán Rátaí Íocaíochta na Roinne (SW19) ar www.welfare.ie.

Le haghaidh níos mó eolais faoin Sochar CúramóraTabhair cuairt ar www.welfare.ie/Carers-Benefit nó glaoigh ar (071) 919 3302.

Page 44: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

42

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?

Chun iarratas a dhéanamh, líon isteach an fhoirm CARB1. Cuir léi tuairisc leighis dochtúra agus í sínithe freisin ag an duine a mbeidh tú ag tabhairt aire dóibh. Ach ní theastaíonn tuairisc leighis uait má tá tú ag tabhairt aire do leanbh agus má íoctar LCB ina leith.

Molaimid duit iarratas a dhéanamh ar Shochar Cúramóra 10 seachtaine sula n-imíonn tú ón obair.

Cá háit ar féidir liom iarratas a dhéanamh?Chun an fhoirm a fháil, tabhair cuairt ar www.welfare.ie/forms agus cliceáil an nasc 'Cúramóirí’.

Seol d'fhoirm iarratais chuig:

Rannóg an tSochair Cúramóra

An Oifig Seirbhísí Leasa Shóisialaigh

Foirgnimh Rialtais

Bóthar Bhéal Átha na Lao

An Longfort

N39 E4E0

Page 45: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

43

Cad is Liúntas Cúramóra ann?

Is é atá sa Liúntas Cúramóra ná íocaíocht de réir tástála acmhainne le daoine atá ag tabhairt aire go lánaimseartha do dhuine atá faoi mhíchumas nó atá breoite. Ní mór go mbeadh cúram agus aird lánaimseartha ag teastáil ón duine a bhfuil aire á tabhairt dóibh.

Conas a cháilítear?

D'fhéadfadh go gcáileofá don Liúntas Cúramóra má shásaíonn tú na riachtanais seo.

Riachtanas aoise

Tá tú 18 mbliana d'aois nó níos sine.

Riachtanais oibre

Níl tú ag obair, féinfhostaithe, i mbun cúrsa oiliúna nó oideachais lasmuigh den teach ar feadh níos mó ná 18.5 huaire sa tseachtain.

Nóta: ní mór duit taispeáint dúinn go bhfuil dóthain cúraim ag an duine a bhfuil tú ag tabhairt aire dóibh agus tú ag obair.

Staid chónaithe

• Tá tú i do ghnáthchónaí i Stát na hÉireann

• Tá cónaí ort le duine a bhfuil gá acu le cúram agus nach bhfuilgnáthchónaí orthu in institiúid nó tá tú in ann cúram agus airdlánaimseartha a thabhairt don duine sin.

Page 46: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

44

• Níl tú i do chónaí in ospidéal, in ionad téarnaimh ná in institiúid eile dá leithéid. Ach d'fhéadfadh go measfaí fós go bhfuil túag tabhairt cúram agus aird lánaimseartha má tá tusa, nó an duine dá bhfuil tú ag tabhairt aire, ag fáil cóireáil leighis nó cóireáil eile in ospidéal nó in institiúid eile ar feadh níos lú ná 13 seachtaine.

• Níl bhfuil tú ag obair, féinfhostaithe, i mbun chúrsa oiliúna nó oideachais lasmuigh den teach ar feadh níos mó ná 18.5 huaire sa tseachtain.

Clúdach má tá tú imithe ón mbaile

Má tá tú amach ón mbaile, ní mór go mbeifeá in ann cúram agus aird lánaimseartha leordhóthanach a shocrú don duine a dtugann tú aire dóibh.

Ní mór go sásódh an duine a bhfuil tú ag tabhairt aire dóibh na coinníollacha seo:

• tá siad 16 nó níos sine agus teastaíonn cúram agus airdlánaimseartha uathu, nó

• tá siad faoi bhun 16 agus tá an LCB á íoc ina leith.

Meastar duine mar dhuine a bhfuil gá acu le cúram agus aird lánaimseartha:

• nuair a theastaíonn maoirseacht leanúnach uathu chun nachmbeidís i gcontúirt; nó

• nuair a theastaíonn maoirseacht leanúnach agus cúnamh uathugo minic i rith an lae i ndáil le gnáthfheidhmeanna an choirp;agus

Page 47: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

45

• nuair is dócha go mbeidh cúram agus aird lánaimseartha uathuar feadh 12 mhí ar a laghad.

Cad é ráta seachtainiúil an Liúntais Cúramóra?

Aois cúramóra Ráta seachtainiúil an liúntais

Cúramóir faoi bhun 66 €219.00

Cúramóir atá 66 nó níos sine €257.00

Cúramóir atá 80 nó níos sine €267.00

D'fhéadfadh go n-athródh ráta íocaíochta ar bith. Le haghaidh rátaí íocaíochta reatha, iarrtar ort féachaint ar Leabhrán Rátaí Íocaíochta na Roinne (SW19) ar www.welfare.ie.

Le haghaidh níos mó eolais faoin Liúntas CúramóraTabhair cuairt ar www.welfare.ie/Carers-Allowance nó glaoigh ar (043) 334 0000.

Page 48: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

46

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?

Chun iarratas a dhéanamh, líon isteach an fhoirm iarratais ar a dtugtar CR1. Cuir léi tuairisc leighis dochtúra agus í sínithe freisin ag an duine a mbeidh tú ag tabhairt aire dóibh. Ach ní theastaíonn foirm leighis uait má tá tú ag tabhairt aire do leanbh agus má íoctar LCB ina leith.

Chun an fhoirm CR1 a fháil, tabhair cuairt ar www.welfare.ie/forms agus cliceáil an nasc 'Cúramóirí’.

Cá háit ar féidir liom iarratas a dhéanamh?Seol d'iarratas, in éineacht leis na cáipéisí tacaíochta ábhartha, chuig an Roinn seo:

An Rannóg Liúntais Cúramóra

An Oifig Seirbhísí Leasa Shóisialaigh

Foirgnimh Rialtais

Bóthar Bhéal Átha na Lao

An Longfort

N39 E4E0

Cad atá sa Deontas Tacaíochta do Chúramóirí?

Is é atá sa Deontas Tacaíochta do Chúramóirí ná íocaíocht bhliantúil le cúramóirí a fhaigheann Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra nó Liúntas CúraIm Baile (LCB). Is féidir é a íoc freisin le cúramóirí áirithe eile a thugann cúram lánaimseartha. Is féidir le cúramóirí an deontas a úsáid cibé bealach ar mian leo.

Page 49: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

47

Is minic a bhaineann cúramóirí úsáid as an deontas chun íoc as cúram faoisimh. Tá tuilleadh eolais faoi áiseanna cúraim faoisimh le fáil ar ár láithreán gréasáin, www.welfare.ie

Conas a cháilítear?

Cáilíonn tú go huathoibríoch don Deontas Tacaíochta do Chúramóirí má fhaigheann tú Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra, nó Liúntas Cúraim Baile.

Mura bhfuil tú ag fáil aon cheann de na híocaíochtaí sin, is féidir leat cáiliú fós má chomhlíonann tú na coinníollacha thíos.

Má tá cónaí ort leis an duine a bhfuil tú ag tabhairt aire dóibh

Má tá tú i do chónaí leo agus má ta tú:

• 16 nó níos sine;

• má tá gnáthchónaí ort in Éirinn - in éineacht leis an duine;

• má thugann tú aire don duine go lánaimseartha; agus

• má tá tú ag tabhairt aire don duine ar feadh sé mhí ar a laghadagus cuimsíonn an tréimhse sin an chéad Déardaoin i mí anMheithimh.

Mura bhfuil cónaí ort leis an duine a bhfuil tú ag tabhairt aire dóibh

Mura bhfuil cónaí ort leis an duine sin, ní mór go mbeifí in ann teagmháil a dhéanamh leat trí chóras díreach eile um chumarsáid go tapa, mar shampla ar an nguthán nó ar aláram.

Ní cháileoidh tú don Deontas Tacaíochta do Chúramóirí má tá tú:

Page 50: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

48

• ag obair níos mó ná 18.5 huaire an chloig lasmuigh den teach;

• ag gabháil do chúrsa oideachais nó oiliúna ar feadh níos mó ná 18.5 huaire an chloig in aghaidh na seachtaine;

• ag fáil Liúntas Cuardaitheora Poist nó Sochar Cuardaitheora Poist;

• ag síniú i gcomhair ranníocaíochtaí creidiúnaithe; nó

• ag cónaí in ospidéal, ionad téarnaimh nó in institiúid eile dá leithéid.

Má tá tú ag tabhairt aire do níos mó ná duine amháin, gheobhaidh tú deontas le haghaidh gach duine.

€ Cad é ráta an Deontais Tacaíochta do Chúramóirí?

Is ionann an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí agus €1,700 le haghaidh gach duine a dtugann tú aire dóibh. Íoctar é uair amháin sa bhliain, ar an gcéad Déardaoin i mí an Mheithimh de ghnáth.

D'fhéadfadh go n-athródh ráta íocaíochta ar bith. Le haghaidh rátaí íocaíochta reatha, iarrtar ort féachaint ar Leabhrán Rátaí Íocaíochta na Roinne (SW19) ar www.welfare.ie.

Le haghaidh níos mó eolais faoin Deontas Tacaíochta do ChúramóiríTabhair cuairt ar www.welfare.ie/CarersSupport nó glaoigh ar (01) 673 2222.

Page 51: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

49

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?

Má tá tú ag fáil Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra nó Liúntas Cúraim Baile, ní gá duit iarratas a dhéanamh ar an Liúntas Tacaíochta do Chúramóirí. Íocfaimid go huathoibríoch thú gach Meitheamh.

Mura bhfuil tú ag fáil aon cheann de na híocaíochtaí sin líon isteach an fhoirm CSG1 do gach duine a bhfuil tú ag tabhairt aire dóibh.

Cá ndéanfaidh mé iarratas ar an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí?Is féidir foirm iarratais a fháil do Dheontas Tacaíochta do Chúramóirí ó:

• d'ionad Intreo áitiúil;

• an oifig brainse leasa shóisialaigh i do cheantar áitiúil;

• an Oifig Eolais do Shaoránaigh i do cheantar áitiúil; nó

• ag ár láithreán gréasáin www.welfare.ie/forms agus cliceáilar an nasc 'Cúramóirí'.

Seol d'iarratas comhlánaithe, in éineacht leis na cáipéisí tacaíochta ábhartha, chuig:

Rannóg an Deontais Tacaíochta do Chúramóirí

An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí

Bosca Poist 10085

Baile Átha Cliath 2

Page 52: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

50

Cad atá sa Scéim Teaghlaigh?

Tugadh isteach an Scéim Teaghlaigh ar an 6 Aibreán 1994 chun tacú le daoine a éiríonn as an obair chun aire a thabhairt do leanbh faoi aois a 12 nó do dhuine fásta atá ar éagumas. Ní féidir ach tréimhsí tar éis an dáta seo a chur san áireamh, suas go huasmhéid 20 bliain.

Déanann an Scéim um Chúramaí Baile níos éasca é do chúramaí baile cáiliú do ráta níos airde sa Phinsean Stáit (Ranníocach) nuair a shroicheann tú aois an phinsin. Má chaitheann tú bliain iomlán ranníocaíochta amháin mar chúramaí baile, b'fhéidir go bhfágfaí amach an bhliain sin nuair a bheifear ag oibriú amach an mheán bliantúil don Phinsean Stáit (Ranníocach). Féach an sampla ar leathanach 49.

Cad is cúramaí baile ann?

Is fear nó bean an cúramaí baile a thugann aire lánaimseartha do:

• leanbh faoi bhun 12; nó

• do dhuine breoite nó faoi mhíchumas atá in aois a 12 nó os achionn.

Is féidir bliain chánach iomlán a caitear mar chúramaí baile a fhágáil amach nuair atáthar ag ríomh an mheáin bhliantúil don Phinsean Stáit (Ranníocach).

Page 53: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

51

Conas a cháilítear?

Chun cáiliú, caithfidh siad seo a leanas a bheith agat:

• a bheith i do chónaí go buan sa Stát (ach amháin nuair a bhíonnfeidhm le rialacháin AE nó oibrí postáilte mar go bhfuil dophríomhfhostaíocht bunaithe in Éirinn, ach go gcuirtear thúchuig tír eile go sealadach agus go mbeidh tú fós faoi dhliteanasranníocaíochtaí ÁSPC a íoc in Éirinn);

• a bheith faoi bhun 66 bliain d'aois;

• gur thosaigh tú ar fhostaíocht inárachais nó ar fhéinfhostaíochtag aois a 16 nó ina dhiaidh agus faoi aois a 56;

• gan a bheith ag obair go lánaimseartha ach, is féidir leat abheith ag obair agus níos lú ná €38 comhlán a thuilleamh inaghaidh na seachtaine; agus

• cúram lánaimseartha a thabhairt do leanbh faoi 12 nó dodhuine atá breoite nó faoi mhíchumas.

Mura bhfuil tú i do chónaí leis an té atá faoi do chúram, caithfidh tú:

• córas cumarsáide díreach a bheith idir do bhaile agus an té atáfaoi do chúram, mar shampla guthán nó córas aláraim; agus

• caithfear nach bhfuil an té atá faoi do chúram ag fáil cúram nóaire fadtéarmach ina b(h)aile féin ó aon duine eile.

Caithfidh an duine atá faoi chúram a bheith chomh míchumasach sin go mbíonn na rudaí seo a leanas de dhíth air/uirthi:

• maoirseacht leanúnach chun nach mbeidh sé nó sí ina ábharcontúirte dó nó di féin, nó

Page 54: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

52

• maoirseacht agus cúnamh leanúnach i rith an lae uaidh/uaithi idtaobh a ngnáthriachtanais pearsanta.

Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird nach féidir ach le haon duine amháin a bheith ina chúramaí baile ag aon am amháin. Má éiríonn tú as a bheith i do chúramaí baile agus má ghlacann do chéile nó do pháirtí sibhialta le dualgais an chúramóra baile, ba chóir duit é sin a chur in iúl don Roinn láithreach chun a dhéanamh cinnte nach gcaillfídh tú aon teidlíocht faoi Scéim an Chúramaí Baile.

Blianta cúramóra baile agus an taifead ÁSPC

Is ionann bliain mar chúramóir baile agus bliain a bhfuil tú as an bhfórsa oibre ar feadh bliain chánach iomlán. Ní thógann do thaifead ÁSPC an bhliain seo san áireamh - fágtar amach é. I ndáiríre, ní thógann sé suas le huasmhéid 20 bliain mar chúramóir baile san áireamh. Mar gheall air sin, cabhraítear leat cáiliú don Phinsean Stáit (Ranníocach). Taispeánann an sampla thíos duit conas a dhéantar sin.

Sampla:

Má thosaigh tú ag obair ag 16 agus sroicheann tú aois an phinsin ag 66 bliain, is ionann é sin agus gairm oibre 50 bliain. Cuirtear na 50 bliain ar fad san áireamh chun críche pinsin. Nuair a oibrítear amach do phinsean, déanfar meán do na ranníocaíochtaí ÁSPC iomlán thar do shaol oibre thar na 50 bliain sin a dhéanamh amach.

Ach:

Ach más rud é gur fhág tú an fórsa oibre ar feadh 16 bliana agus má bhí tú mar chúramaí baile ceadaithe i rith an ama sin, oibreofar amach do phinsean ar bhealach difriúil. Roinnfear do chuid ranníocaíochtaí iomlána thar 34 seachtain (50 bliain lúide 16 bliana

Page 55: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

53

as an bhfórsa oibre). Mar sin, ní bheidh aon mhíbhuntáiste agat de bharr an ama a raibh tú ag tabhairt cúraim do leanbh nó do dhuine fásta ar éagumas.

Creidmheasanna cúramaí baile

Is féidir Creidmheasanna cúramaí baile a bhronnadh ar chuid de bhliain ón dáta a dtosaíonn tú mar chúramaí baile go deireadh na bliana cánach. Mar an gcéanna, is féidir creidmheasanna cúramaí baile a bhronnadh ar chuid de bhliain ina gcríochnaíonn tréimhse an chúramaí baile, ó thús na bliana cánach go dtí an dáta a gcríochnaíonn tú ag obair mar chúramaí baile.

Page 56: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

54

Conas a chuirfidh mé iarratas isteach ar an Scéim Teaghlaigh?

Ní gá duit iarratas a dhéanamh ar an scéim má tá tú ag fáil:

• Sochar Leanaí (Liúntas Leanaí roimhe seo)

• Liúntas Cúramóra

• Deontas Tacaíochta do Chúramóirí

Féachfaimid ar éileamh ar na scéimeanna sin mar iarratas ar Chúramaí Baile.

Ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar an scéim seo go díreach má tá tú ag cur cúram lánaimseartha ar fáil do:

• leanbh faoi 12 agus mura bhfuil tú ag fáil Sochar Leanaí donleanbh seo; nó

• do dhuine fásta ar éagumas agus ní bhfuair tú LiúntasCúramóra, Sochar Cúramóra nó Deontas Tacaíochta Cúramóraina leith.

Sna cúinsí sin, ba chóir duit iarratas a dhéanamh le bheith i do Chúramaí Baile roimh dheireadh na bliana cánach tar éis na bliana ar thosaigh tú mar chúramaí baile.

Is féidir leat d'iarratas a shiardhátú má tá cúis mhacánta agat maidir le cén fáth ar cuireadh moill le d'éilimh a dhéanamh.

Page 57: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

55

Conas a chuirfidh mé iarratas isteach ar an Scéim Teaghlaigh?Is féidir leat an fhoirm HM1 a fháil ó:

• d'ionad Intreo áitiúil;

• an oifig brainse leasa shóisialaigh i do cheantar áitiúil;

• an Oifig Eolais do Shaoránaigh i do cheantar áitiúil; nó

• tabhair cuairt ar www.welfare.ie/forms agus cliceáil ar annasc 'Cúramóirí'.

Seol d'iarratas leis na cáipéisí tacaíochta ábhartha chuig:

Rannóg na gCúramaithe Baile

An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí

Bóthar Mhic Artúir

Bun Cranncha

Dún na nGall

F93 CH79

Guthán: (01) 471 5898

Page 58: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

56

Cad is Liúntas Cúraim Baile ann?

Íocaíocht mhíosúil atá sa Liúntas Cúraim Baile (LCB) le haghaidh linbh ar a bhfuil míchumas trom.

Nil íocaíocht an LCB bunaithe ar an gcineál míchumais; tá sé bunaithe ar thionchar an mhíchumais.

Tá tuilleadh eolais, a chuimsíonn sainmhíniú ar 'tromchúiseach' agus 'mór', le fáil i dTreoirlínte Míochaine an Liúntais Chúram Baile (DCA) ar ár láithreán gréasáin, www.welfare.ie/DCA.

Úsáidimid na treoirlínte sin agus muid ag measúnú iarratas ar LCB.

Conas a cháilítear?

Chun cáiliú do LCB:

• ní mór go mbeadh do leanbh faoi bhun 16 bliana d'aois;

• ní mór go mbeadh míchumas meabhrach nó fisiciúil do linbhtromchúiseach;

• ní mór gur dócha go mairfidh an míchumas ar feadh aon bhliainamháin ar a laghad;

• ní mór go mbeadh gá le cúram agus aird leanúnach ag do leanbhatá i bhfad níos mó ná an cúram agus an aird a bhíonn ag teastáiló leanbh den aois chéanna de ghnáth;

• ní mór go mbeadh gnáthchónaí ar do leanbh in Éirinn; agus

• ní mór go mbeadh cónaí ar do leanbh sa bhaile leis an duine atáag éileamh an liúntais ar feadh cúig lá nó níos mó in aghaidh naseachtaine.

Page 59: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

57

Chomh maith leis sin, ní mór don té a éilíonn an liúntas ar son an linbh:

• cúram a sholáthar don leanbh; agus

• gnáchchónaí a bheith air/uirthi sa Stát.

€ Cad é ráta an Liúntais Cúraim Baile?

Liúntas Cúraim Baile Ráta míosúilRáta iomlán - nuair a thugann tú cúram do do leanbh ar feadh idir cúig agus seacht lá sa tseachtain.

€309.50

Leathráta - nuair a thugann tú cúram do do leanbh ar feadh idir dhá lá agus ceithre lá sa tseachtain.

€154.80

Má thugann tú aire do níos mó ná leanbh amháin a cháilíonn do LCB, féadfaidh tú an liúntas a éileamh do gach leanbh.

D'fhéadfadh go n-athródh ráta íocaíochta ar bith. Le haghaidh rátaí íocaíochta reatha, iarrtar ort féachaint ar Leabhrán Rátaí Íocaíochta na Roinne (SW19) ar www.welfare.ie.

Page 60: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

58

An bhfaighidh mé íocaíocht má tá mo leanbh i gcúram cónaithe?

Má tá do leanbh i gcúram cónaitheach lánaimseartha, ní cháileoidh tú don LCB.

Má tá do leanbh i gcúram cónaitheach, ach bíonn sé/sí sa bhaile ar feadh dhá lá no níos mó sa tseachtain, b'fhéidir go bhfaighfeá leathráta. Mar shampla, d'fhéadfadh go gcáileofá má fhreastalaíonn do leanbh ar sheirbhísí cónaithe ó Luan go hAoine agus má théann siad abhaile ag an deireadh seachtaine.

Cén uair ar cheart iarratas a dhéanamh?

Ba chóir duit iarratas a dhéanamh chomh luath is a cheapann tú go gcomhlíonann tú féin agus do leanbh na coinníollacha cáilithe.

Má tá neamhord forleatach forbraíochta (NFF) ar nós uathachas ar do leanbh, d'fhéadfá an fhoirm DomCare3 a chur isteach freisin. Cuir tuairisc leis ó gach speisialtóir a thugann aire do do leanbh. Is féidir leat an fhoirm DomCare3 a fháil ag: www.welfare.ie/forms

Ní gá duit DomCare3 a chur isteach, ach bheadh níos mó sonraí ann faoi riocht do leanbh agus faoi na riachtanais chúraim ar leith atá acu.

Page 61: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

59

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?

Chun iarratas a dhéanamh, líon isteach an fhoirm DomCare1. Déan cinnte go líonann do dhochtúir teaghlaigh nó do speisialtóir leighis isteach Codanna 6 agus 7 den fhoirm.

Ba chóir duit aon tuairisc eile atá agat ar mhíchumas do linbh agus an chaoi a bhfuil tionchar aige sin ar a gcúram a chur isteach freisin.

Is féidir leat an fhoirm iarratais a fháil ó:

• d'ionad Intreo áitiúil;

• an oifig brainse leasa shóisialaigh i do cheantar áitiúil;

• an Oifig Eolais do Shaoránaigh i do cheantar áitiúil; nó

• ag ár láithreán gréasáin www.welfare.ie/forms agus cliceáil aran nasc ‘Linbh agus Teaghlaigh’.

Cá háit ar féidir liom iarratas a dhéanamh?Seol d'iarratas leis na cáipéisí tacaíochta ábhartha chuig an Roinn seo:

Liúntas Cúraim Baile

An Oifig Seirbhísí Leasa Shóisialaigh

An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí

Bóthar an Choláiste

Sligeach

F91 T384

Page 62: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

60

Conas a dhéantar measúnú ar m'iarratas?

Nuair a fhaigheann muid d'iarratas, déanfaidh measúnóir leighis an t-eolas a chuireann tú ar fáil a mheas chun cabhrú leis an Roinn socrú an gcomhlíonann do leanbh na critéir leighis don LCB. Áirítear leis seo:

• stair cháis do linbh;

• na tuairiscí leighis ar fad a chuireann tú ar fáil, a áiríonntuairisc leighis ó do Dhochtúir Teaghlaigh agus aon tuairisc atáagat ó speisialtoirí ábhartha; agus

• do chur síos ar an gcúram agus an aird a theastaíonn ó doleanbh.

Ní fheicfidh an té atá ag measúnú do leanbh i bpearsa, agus mar sin tá sé tábhachtach an oiread eolais agus is féidir a chur san áireamh le d'iarratas.

Cad a tharlóidh nuair a bhainfidh mo leanbh 16 amach?

Nuair a shroichfidh do leanbh 16, stopfaidh d'íocaíocht LCB. Déanfar an íocaíocht dheireanach le haghaidh na míosa ina sroichfidh siad 16.

Scríobhfaimid chugat trí mhí roimh lá breithe do linbh, chun meabhrú duit go dtiocfaidh deireadh le LCB do linbh go luath agus chun thú a chur ar an eolas faoi na roghanna atá ar fáil.

Is féidir le do leanbh iarratas a dhéanamh ar Liúntas Míchumais ina gceart féin.

Page 63: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

61

Cuid 4: Sochair a bhaineann le hobair

Réamhrá

Cuireann an chuid seo eolas úsáideach ar fáil a bhaineann le sochair, scéimeanna, tionscnaimh agus cláir. Insíonn sé duit freisin faoi dheiseanna suimiúla agus faoi dheontais eile (a bhaineann leis an ionad oibre go príomha).

Cad is Sochar Díobhála ann?

Tá Sochar Díobhála ar cheann de na sochair atá ar fáil faoin Scéim na Sochar Gortuithe Ceirde.

Tá Sochar Díobhála inchánach ach ní dócha go n-íocfaidh tú cáin más é an t-aon ioncam amháin atá agat.

Conas a cháilítear?

Chun cáiliú, is gá nach mbeidh tú i riocht oibre ar feadh níos mó ná sé lá (gan an Domhnach nó saoire íoctha a chur san áireamh). Ba chóir go mbeadh sé seo mar thoradh ar:

• timpiste ag an obair;

• timpiste le linn duit a bheith ag taisteal díreach chuig nó ónobair (gan aon stad ar an mbealach) nó

• galar ceirde, a tholg tú mar thoradh ar do chuid oibre.

Page 64: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

62

Ina theannta sin, nuair a tharla an timpiste, nó nuair a tholg tú an galar ceirde, ní mór go raibh tú fostaithe faoi cheann de na conarthaí seirbhíse nó printíseachtaí atá inárachaithe ag aicmí A, D, J nó M de chuid ÁSPC.

Mar sin féin, fiú mura bhfuil tú i riocht oibre ar feadh sé lá nó níos lú, is féidir leat fos éileamh a chlárú mar fhianaise gur tharla timpiste ceirde. Cosnaíonn sé sin do chearta amach anseo maidir le sochair faoi Scéim na Sochar Gortuithe Ceirde mar d'fhéadfadh breoiteacht nó míchumas a theacht chun cinn níos deireanaí.

€ Cad é ráta an tSochair Díobhála?

Sochar Díobhála Ráta seachtainiúil

Ráta Pearsanta €203.00

Méadú i leith Dhuine Fásta Cáilithe

€134.70

Méadú i leith Leanbh Cáilithe Faoi bhun 12 Os cionn 12

Ráta iomlán €36.00 €40.00

Leath-ráta €18.00 €20.00

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an Sochar DíobhálaTabhair cuairt ar www.welfare.ie/Injury

Page 65: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

63

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?

Ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar Shochar Díobhála laistigh de 6 seachtaine tar éis an ghortaithe, agus mura ndéanann tú d'fhéadfá an sochar seo a chailleadh.

Beidh gá agat le foirm éilimh Sochar Díobhála (IB1) agus teastas dochtúra (teastas neamhábaltachta ó thaobh oibre). Gheobhaidh tú an fhoirm agus an Teastas ó do Dhochtúir Teaghlaigh.

Comhlánaíonn tú féin an fhoirm éilimh IB1 agus comhlánaíonn tú féin agus do dhochtúir an teastas neamhábaltachta oibre nó an teastas neamhábaltachta leanúnaí oibre.

Is féidir leat an teastas Dochtúra agus an Fhoirm IB1 a sheoladh tríd an bpost (féach thíos le do thoil), nó sin is féidir le do dhochtúir é a chomhlánú ar líne agus sa chás sin tabharfaidh an dochtúir admháil duit.

Cén fhad ar féidir liom a bheith deimhnithe neamhábalta ó thaobh oibre de?

Is féidir le do dhochtúir teaghlaigh aon teastas amháin a sholáthar chun an tréimhse dóchúil iomlán a mbeidh tú as obair a chlúdach. Tugtar deimhniú dúnta air seo go coitianta. I gcúinsí áirithe b'fhéidir go ndéanfadh an Roinn teagmháil leat chun athbhreithniú a dhéanamh ar do theidlíocht leanúnach do Shochar Díobhála.

Page 66: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

64

Cá háit ar féidir liom iarratas a dhéanamh ar Shochar Díobhála?Seol d'iarratas comhlánaithe agus do theastais dochtúra le do thoil trí Shaorphost chuig:

Rannóg an tSochair Díobhála An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí Bosca Poist 1650 Baile Átha Cliath 1

Cad í an Scéim um Shochar Cóireála?

Cuireann an Scéim um Shochar Cóireála seirbhísí déadach, optúil agus cluas ar fáil d'fhostaithe a bhfuil árachas acu, do dhaoine féinfhostaithe agus do dhaoine atá ar scor ó obair agus a bhfuil an líon ranníocaíochtaí ÁSPC acu a bhfuil gá leo.

Faoin Scéim um Shochar Cóireála b'fhéidir go mbeadh tú cáilithe do:

• Sochar Déadach;

• Sochar Optúil; agus

• áiseanna éisteachta.

Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le do sholáthóir cóireála le seiceáil an bhfuil tú cáilithe sula bhafigheann tú aon chóir leighis. Sula bhfaigheann tú cóir leighis, caithfidh tú Foirm Toilithe a shíniú agus glacadh leis go mbeidh an t-eolas seo ag do sholáthóir agus ag toiliú an t-eolas seo a thabhairt don Roinn Gnóthaí Fostaíochta gus Coimirce Sóisialaí. Tá gá leis seo chun d'éileamh a íoc.

Page 67: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

65

Sochar Cóireála san AE

Má roghnaíonn tú cóir leighis a fháil i mballstát eile den AE, íocfaidh an Roinn méid a bheidh cothrom leis an ráta a íoctar do chóir leighis cosúil leis a dhéantar in Éirinn nó an méid díreach a íocadh ar an gcóir leighis - pé acu is ísle. Caithfidh tú fós na ranníocaíochtaí cáilithe ÁSPC a bheith agat.

Déan teagmháil leis an Rannóg Sochair Cóireála (féach ‘Cá háit a ndéanaim iarratas?’ leathanach 69) sula dtéann tú ag taisteal chun foirm iarratais a fháil agus sonraí de na méideanna a íocfaidh an Roinn.

Conas a cháilítear?

Chun cáiliú, ní mór go mbeadh ranníocaíochtaí árachais sóisialta in aicme A, E, P, H nó S íoctha agat.

Braitheann an méid árachais shóisialta a theastaíonn uait ar d'aois. Tá ceithre raon aoise liostaithe thíos. Faigh do raon aoise agus léigh an t-eolas ábhartha.

Faoi bhun 21 bliain d'aois

Má tá tú faoi bhun 21, b'fhéidir go gcáileofá má tá ar a laghad 39 ranníocaíocht íoctha agat ag aon am.

Aois 21-24

Idir na haoiseanna sin b'fhéidir go gcáileofá má bhíonn 39 ranníocaíocht ar a laghad íoctha agat agus go bhfuil:

• ar a laghad 39 ranníocaíocht íoctha nó mar chreidmheas agat sa bhliain ranníoca ábhartha (Sampla: Is í 2017 an bhliain ranníoca ábhartha d'éilimh a rinneadh in 2019.); nó

Page 68: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

66

• 26 ranníocaíocht íoctha sa dara agus sa tríú bliain ranníoca deiridh (Sampla: I gcás éileamh a rinneadh in 2019, ba í 2017 an dara bliain ranníoca deiridh agus ba í 2016 an tríú bliain ranníoca deiridh.)

Aois 25-65

Ó aois a 25 ar aghaidh, ní mór duit:

• 260 ranníocaíocht íoctha ar a laghad a bheith agat; agus

• 39 ranníocaíocht íoctha nó creidiúnaithe ar a laghad a bheith agat sa bhliain ranníoca ábhartha (Is í 2017 an bhliain ranníoca ábhartha i gcás éileamh in 2019); nó

• 26 ranníocaíocht íoctha sa dara agus sa tríú bliain ranníoca deiridh. I gcás éileamh a rinneadh in 2019, ba í 2017 an dara bliain ranníoca deiridh agus ba í 2016 an tríú bliain ranníoca deiridh.

66 bliain agus níos sine

Tá rialacha speisialta ann do dhaoine in aois a 66 agus os a chionn - agus tá eisceachtaí ann.

Chun cáiliú i gcomhair Sochar Cóireála, ní mór duit a bheith i gceann den dá staid seo a leanas.

Staid 1:

Tá 260 ranníocaíocht ÁSPC íoctha agat ag aon am agus 39 ranníocaíocht íoctha nó creidiúnaithe agat sa bhliain ranníoca ábhartha nó sa bhliain díreach roimhe sin. Is í an bhliain cánach ábhartha ná an dara bliain cánach a chríochnaigh tú sular shroich tú 66 bliain d'aois.

Page 69: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

67

Sampla 1: Má bhí tú 66 in 2010, is í an bhliain chánach ábhartha ná 2008.

Sampla 2: Má bhí tú 66 in 2012, is í an bhliain chánach ábhartha na 2010.

Staid 2:

Tá 260 ranníocaíocht ÁSPC íoctha agat ag aon am agus 26 ranníocaíocht íoctha sa bhliain ranníoca ábhartha agus sa bhliain díreach roimhe sin.

Tá roinnt eisceachtaí ag baint leis seo. Is féidir leat eolas a fháil ag www.welfare.ie/TB.

Mura gcáilíonn tú do Shochar Cóireála ar do thaifead ÁSPC in Éirinn agus má bhí tú i bhfostaíocht inárachais roimhe seo i dtír a bhí faoi chlúdach Rialacháin an AE, b'fhéidir go mbeifeá in ann úsáid a bhaint as do thaifead árachais shóisialta sa tír eile de chuid an AE chun cabhrú leat cáiliú, ach caithfidh aon ranníocaíocht ÁSPC amháin ar a laghad a bheith íoctha agat in aicme A, E, H, P nó S ó d'fhill tú ar Éirinn.

Má shásaíonn tú na coinníollacha seo nuair a shroichfidh tú aois pinsin, fanfaidh tú cáilithe go deireadh do shaoil.

Page 70: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

68

Cáilithe ag 60 nó os a chionn

Má cháilíonn tú don sochar ag aois 60-65, fanfaidh tú cáilithe go deireadh do shaoil.

Má chuaigh tú ar scor de bharr drochshláinte nó go nglactar leis go bhfuil tú dífhostaithe, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta nó ar Shochar Cuardaitheora Poist, má chomhlíonann tú coinníollacha áirithe. Má cháilíonn tú do na sochair sin, b'fhéidir go mbronnfaí ranníocaíochtaí creidiúnaithe ort freisin, agus d'fhéadfadh go gcuirfí san áireamh iad chun clúdach a leathnú maidir le Sochair Chóireála.

Céile, páirtnéir sibhialta nó comhchónaitheoir

D'fhéadfadh céile, páirtí sibhialta nó comhchónaitheoir, ar ndóigh, cáiliú ina gceart féin má tá dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialta acu.

Mura bhfuil dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialta pá-choibhneasta ag do chéile, páirtí sibhialta nó comhchónaitheoir, b'fhéidir go gcáileoidís fós do Shochair Chóireála ar do thaifead árachais shóisialta. Chun é sin a dhéanamh, ní mór duit a bheith cáilithe do Shochair Chóireála agus caithfidh do chéile, páirtí sibhialta nó comhchónaitheoir a bheith mar chleithiúnaí agat.

Caithfidh céile, páirtí sibhialta nó comhchónaitheoir, atá mar chleithiúnaí:

• ioncam comhlán €100 nó níos lú (roimh asbhaintí) a bheith acu in aghaidh na seachtaine. Má thuill siad níos mó ná €100 sa tseachtain, ní mór go raibh siad mar chleithiúnaí agat sular thosaigh siad nó go ndeachaigh siad ag obair athuair i bhfostaíocht inárachais (ag Aicme A, E, H, P, nó S).

Page 71: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

69

• nach bhfuil siad ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh (seachas Pinsean Mítheorach, Liúntas Leasa Forlíontach, Liúntas Cúramóra nó Sochar Linbh). Má ta siad ag fáil Pinsean Stáit (Neamhranníocach), is féidir leo cáiliú má bhi siad mar chleithiúnaí agat díreach sula bhfuair siad an liúntas nó an pinsean.

Má fhaigheann an duine atá faoi árachas bás agus má bhí an céile nó an páirtí sibhialta a bhí mar chleithiúnaí i dteideal sochar a fháil ag am an bháis, coinneoidh siad a dteidlíocht fad is a fhanann siad mar bhaintreach nó mar pháirtí sibhialta marthanaigh.

Sochar Déadach

Faoin scéim seo, íocann an Roinn as costas iomlán scrúdú béil uair amháin gach bliain féilire.

Ón 28 Deireadh Fómhair 2017, cuirimid íocaíocht de €42 ar fáil le haghaidh:

• Sciúr agus snasaigh nó

• cóireáil phearódóntach - má tá gá chliniciúil leis (tá cóireáil phearódóntach le fáil freisin uair amháin gach bliain féilire).

Más rud é go gcosnaíonn sé níos mó ná €42

Más rud é go gcosnaíonn costas glanta no costas cóireála pearódóntaí os cionn €42, caithfidh tú an chuid eile a íoc. Tá uasteorainn de €15 le haghaidh sciúr agus snasaigh. Níl aon uasteorainn ar an iarmhéid a ghearrtar ar chóireáil phearódóntach.

Page 72: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

70

Is féidir leat na cóireálacha sin a fháil ó fhiaclóirí príobháideacha atá ar phainéal na Roinne. Tá formhór na bhfiaclóirí ar an bpainéal, agus mar sin ba chóir go mbeadh sé éasca agat fiaclóir a fháil. Seiceálfaidh an fiaclóir má cháilíonn tú don chóireáil. Beidh sonraí ag teastáil uathu fút amhail:

• d'Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (Uimhir PSP);

• Do dháta breithe agus

• do shíniú.

Más céile nó páirtí sibhialta cleithiúnach thú

Más céile nó páirtí sibhialta cleithiúnach thú, ba chóir duit uimhir PSP an árachaí a thabhairt. Caithfidh siad an fhoirm éilimh a shíniú freisin.

Faoiseamh cánach

B'fhéidir go bhfaighfeá faoiseamh cánach ar chóireálacha déadacha áirithe nach gnáthchóireálacha iad.

Sochar Optúil

Tá tú i dteideal tástáil saor ar radharc na súl uair amháin gach dara bliain leis an Scéim um Shochar Cóireála. Ach, níl tástáil radharc na súl d'aonaid fístaispeána ar nós scáileáin ríomhaire, ceadúnais tiomána agus mar sin clúdaithe.

Is féidir leat íocaíocht a fháil uair amháin gach dara bliain féilire i leith ceann díobh seo a leanas:

• péire spéaclaí léitheoireachta agus péire spéaclaí fadraoin; nó

Page 73: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

71

• péire amháin délionsaí nó lionsaí fócais chéimnithigh; nó

• péire amháin lionsaí tadhaill (lionsaí aonuaire san áireamh).

Tá frámaí bunúsacha saor in aisce. Má phiocann tú frámaí atá níos daoire, íocfaidh an Roinn €42.00 i leith an chostais fhoriomláin agus íocfaidh tusa an t-iarmhéid.

Ní féidir ach le radharceolaithe, optaiméadraithe nó oftailmeolaithe a bhfuil conradh acu leis an Roinn an chóireáil seo a chur ar fáil. Seiceáil le do sholáthróir.

Lionsaí leighis

Más rud é go bhfuil gá agat le lionsaí tadhaill ar chúiseanna leighis, íocfaidh an Roinn leath an chostais suas go dtí uasmhéid €500, chomh fada is go bhfuil moladh dochtúra agat.

Ní féidir leat lionsaí tadhaill a fháil ar bhonn cúinsí cosmaideacha amháin faoin Scéim um Shochar Cóireála.

Is féidir leat lionsaí tadhaill a fháil chun críche optúla (feiceála) tríd an Scéim Sochair Optúil.

Áiseanna éisteachta

B'fhéidir go gcuirfeadh soláthróirí áiseanna éisteachta ar fáil má tá conradh acu leis an Roinn. Sa chás sin, íocfaidh an Roinn:

• leathchostas na háise éisteachta suas go €500 do gach áis éisteachta; nó

• leath an chostais ar dheisiúcháin ar áiseanna éisteachta, suas go €100.

Page 74: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

72

Chun tuilleadh eolais a fháil ar Shochar Cóireála

Tabhair cuairt ar www.welfare.ie/TB

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?

Is féidir leat éileamh a dhéanamh trí do sholáthróir (fiaclóir, optaiméadraí dáiliúcháin, radharceolaí oftalmach, oftailmeolaí nó éisteolaí). Seiceálfaidh siad an gcáileoidh tú sula bhfaighidh tú cóireáil agus is féidir leo íocaíocht a éileamh ina dhiaidh sin.

Beidh roinnt eolais ag teastáil ón soláthróir chun tú a aithint ar nós:

• d'uimhir PSP; agus

• do dháta breithe.

Sula bhfaigheann tú cóir leighis, caithfidh tú Foirm Toilithe a shíniú ag glacadh leis go mbeidh an t-eolas seo ag do sholáthóir agus ag toiliú an t-eolas seo a thabhairt don Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí chun a chinntiú gur féidir linn d'éileamh a íoc.

Más rud é go bhfuil tú ag déanamh an éilimh faoi thaifead ÁSPC do chéile, do pháirtí sibhialta nó do chomhchónaitheora, caithfidh tú féin agus do chéile nó do chomhchónaitheoir an Fhoirm Toilithe a shíniú.

Page 75: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

73

Cá háit ar féidir liom iarratas a dhéanamh?Ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg um Sochar Cóireála ag an seoladh thíos lena dheimhniú go gcáilíonn tú más rud é go bhfuair tú cóireáil in aon bhallstát eile de chuid an AE. Má dhéanann tú sin, seol do chuid fáltas chuig Rannóg an tSochair Cóireála chomh maith le litir ina bhfuil d'eolas teagmhála agus sonraí maidir le do chuntas bainc (ainm an chuntais, uimhir agus cód sórtála) chun go gcuirfear íocaíocht isteach ann.

Rannóg an tSochair Cóireála An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí Bóthar Naomh Oilibhéar Pluincéid Leitir Ceanainn Dún na nGall F92 T449 Éire Guthán: 074 916 4480

Page 76: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

74

Cad é 'Make Work Pay'?

Ba mhaith le roinnt mhaith daoine atá faoi mhíchumas a bheith ag obair ach is lú an seans go mbeidís ag obair ná duine gan mhíchumas. Ba mhaith leis an Rialtas go mbeadh daoine faoi mhíchumas ag obair dá mbeidís ag iarraidh. Íocann obair níos fearr ná íocaíocht leasa shóisialaigh don chuid is mó de na daoine a fhaigheann íocaíocht mhíchumais.

Tá sé níos éasca do dhaoine faoi mhíchumas aireachtáil sabháilte anois agus iad ag cinneadh roghanna oibre a scrúdú agus príomhshochair a choinneáil agus iad ag obair mar thoradh ar na hathruithe a tugadh isteach faoin tionscnamh 'Make Work Pay' in 2017.

Samplaí:

Sa chás: ansin:Gurb é an Liúntas Míchumais (LM) an príomhioncam atá agat agus go bhfuil tú in ann tosú ag obair

is féidir leat suas le €120.00 sa tseachtain a shaothrú agus d'íocaíocht iomlán a choinneáil.

Más rud é: ansin:go dtuilleann tú idir €120.00 agus €350.00 ó do phost

ní thógfaimid ach leath an mhéid seo san áireamh nuair a bheimid ag measúnú d'íocaíocht LM.

Page 77: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

75

Má shocraíonn tú glacadh le hobair:

ansin:

1) Má ghlacann tú le hobair agus cáilíonn tú do LM;

2) Mura mbíonn tú cáilithe do Liúntas Míchumais níos deireanaí;

is féidir leat do phas saorthaistil a choinneáil chomh fada is a cháilíonn tú do LM.

is féidir leat do phas saorthaistil a choinneáil go ceann cúig bliana.

Cuimhnigh: Má ghlacann tú le haon chineáil oibre, is féidir leat do Chárta Leighis a choinneáil go ceann trí bliana.

Conas a cháilítear?

Chun cáiliú, ní mór duit a bheith ag fáil Liúntas Míchumais, nó Pinsean na nDall, nó a bheith ar Phinsean Easláine nó Sochar Breoiteachta, agus gur mian leat iarratas a dhéanamh ar Shochar Cumais Pháirtigh.

Page 78: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

76

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?

Déan teagmháil leis an ionad Intreo i do cheantar áitiúil chun coinne a shocrú le duine dár gcuid oifigeach cáis, más rud é go gceapann tú go mbeadh suim agat ann.

Má théann tú chomh fada le hoifigeach cáis, ní thiocfaidh aon athrú ar mhéid na híocaíochta leasa shoisialaigh atá á fháil agat, agus ní dhéanfar athbhreithniú ar d'íocaíocht toisc go ndeachaigh tú chuig oifigeach cáis.

Tá sé tábhachtach a fheiceáil gur fútsa atá sé an rogha a dhéanamh faoi obair agus oiliúint. Táimid anseo chun cabhrú leat féachaint ar na roghanna atá ar fáil.

Cá háit ar féidir liom iarratas a dhéanamh?Déan teagmháil leis an ionad Intreo i do cheantar áitiúil chun coinne a shocrú le duine dár gcuid oifigeach cáis.

Chun fáil amach cá bhfuil an tIonad Intreo is gaire duit, tabhair cuairt arwww.welfare.ie/FindUs

Chun tuilleadh eolais a fháil ar Bain Leas as an Obair tabhair cuairt le do thoil ar www.welfare.ie/MakeWorkPay

Cad é Obair le Míchumas?

Más rud é go bhfuil tú ag fáil íocaíochtaí míchumais áirithe amhail Liúntas Míchumais agus Pinsean na nDall, b'fhéidir go mbeadh cead agat obair nó oiliúint a dhéanamh a mheasann do dhochtúir gurb obair athshlanúcháín nó teiripeach atá i gceist. Ach, má tá tú ag fáil Sochar Breoiteachta nó Pinsean Easláine, ansin ní féidir

Page 79: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

77

leat obair (ach amháin obair dheonach gan íoc). Caithfidh tú aistriú chuig scéim Sochair Cumais Pháirtigh más mian leat dul ag obair.

Má tá tú ag fáil íocaíocht de réir tástála acmhainne, déanfar d'ioncam ó obair a mheas sa tástáil acmhainne. Mar sin féin, ní dhéanfar ach cuid d'ioncam ó obair a mheas.

Uirlis nua chun cabhrú leat

Tá uirlis Mheasúnóir Leas Oibre curtha ar fáil againn (atá ar fáil ag www.mywelfare.ie/BenefitOfWork) do dhaoine atá ag fáil Liúntas Míchumais, Pinsean na nDall, Pinsean Easláine nó Sochar Breoiteachta. Cabhróidh sé seo leat chun na hiarmhairtí airgeadais a bheadh ann dá nglacfá le hobair nó le hiarratas a dhéanamh ar Shochar Cumais Pháirtigh a mheas.

Conas a cháilítear?

Breathnaíonn an chuid seo ar an gcaoi le cáiliú do 2 chineál íocaíochta:

1. Cúnamh sóisialta - íocaíochtaí de réir tástála acmhainne – ar nós Liúntas Míchumais, Pinsean na nDall agus Sochar Dhíobhálacha Ceirde agus

2. Íocaíochtaí árachais shóisialta ar nós Pinsean Easláine agus Sochar Breoiteachta (agus Sochar Cumais Pháirtigh).

Tá mionsonraithe go leor sa chuid seo, mar sin léigh go cúramach é le do thoil.

Más mian leat obair athshlánúcháin a dhéanamh, ní mór duit iad seo a chur ar fáil dúinn:

• Litir ó do dhochtúir a dheimhníonn gur obair athslánúcháin í an obair a dhéanann tú; agus

Page 80: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

78

• cruthúnas ar do thuilleamh (duillín pá a fuair tú le déanaí, do chonradh fostaíochta nó litir ó d'fhostóir).

B'fhéidir go bhféadfá do Liúntas Míchumais nó Pinsean na nDall a choinneáil má tá d'ioncam faoi €350.00 sa tseachtain.

Ioncam ó obair

Chun go gcáileoidh tú d'íocaíocht atá tástáilte ó thaobh acmhainne, déanann an Roinn scrúdú ar d'ioncam le feiceáil an bhfuil sé faoi bhun leibhéal áirithe.

Ní thógaimid tuilleamh suas go €120 ó obair (mar dhuine atá fostaithe nó féinfhostaithe) san áireamh do Liúntas Míchumais agus Pinsean na nDall.

Déanann an Roinn d'ioncam ó obair a mheas sa tástáil acmhainne bunaithe ar:

• d'olltuilleamh lúide ÁSPC;

• aon ranníocaíocht pinsin; agus

• aon dleachtanna ceardchumainn a íocann tú.

Is féidir leat cáin ioncaim nó aon tobhach ioncaim a bhaint as d'olltuilleamh. Má shaothraíonn tú os cionn €120.00 sa tseachtain ó obair, ní thógfar san áireamh leath den mhéid a thuilleann tú idir €120.00 agus €350.00 sa tástáil ó thaobh acmhainne don Liúntas Míchumais nó do Phinsean na nDall.

:Liúntas Míchumais : Deantar tuilleamh iomlán os cionn €350.00 ó obair athshlánúcháin a mheas mar ioncam agus ísleofar do theidlíocht do Liúntas Míchumais ar aon dul leis na rátaí íocaíochta íslithe cuí do Liúntas Míchumais.

Page 81: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

79

Mura bhfuil aon teacht isteach agat ach an Liúntas Míchumais, is é an t-uasmhéid ar féidir leat a thuilleamh sa tseachtain ná €437.50 má tá tú chun an t-íosmheid íocaíochta pearsanta de €3.00 a choinneáil.

Má tá tú ag fáil íocaíochtaí do dhuine fásta cáilithe nó do leanbh cháilithe, bainfear d'acmhainn ó obair athshlánúcháin (asbhaintear é) ón ráta teaghlaigh atá i bhfeidhm duit.

SamplaIs athair singil é Martin atá ar Liúntas Míchumais de €203.00 sa tseachtain faoi láthair. Tá leanbh amháin aige atá os cionn 12 bliain d'aois agus tá sé ag fáil liúntas €37.00 do leanbh cáilithe. Is é an t-iomlán a fhaigheann sé ná €240.00 sa tseachtain.

Tá Martin tosaithe ar phost páirtaimseartha. Faigheann sé ioncam seachtainiúil de €150.00 sa tseachtain. Ní thógtar san áireamh an chéad €120.00 dá ioncam seachtainiúil. Breathnaítear ar an méid bhreise de €30.00 ón ioncam seachtainiúil seo mar íocaíocht atá tástáilte ó thaobh acmhainne. Mar sin, is é an ráta íslithe íocaíochta a fhaigheann Martin ná €225.00 (€240.00-€15.00). Nóta: Is é €15 leath an tuillimh (leath €30) idir €120.00 agus €150.00.

Pinsean na nDall : déantar tuilleamh iomlán a íocann os cionn €350.00 ó obair a mheas mar ioncam agus ísleofar do theidlíocht do Phinsean na nDall ar aon dul leis na rátaí íocaíochta íslithe cuí do Phinsean na nDall.

Mura bhfuil aon teacht isteach agat ach an Liúntas Míchumais, is é an t-uasmhéid ar féidir leat a thuilleamh sa tseachtain ná €442.60 má tá tú chun an t-íosmhéid íocaíochta pearsanta de €3.00 a choinneáil. Is féidir leat an méid uaireanta oibre is mian leat a oibriú.

Page 82: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

80

Íocaíochtaí Árachais Shóisialta: Is íocaíochtaí árachais shóisialaigh páchoibhneasta (ÁSPC-bhunaithe) iad Pinsean Easláine agus Sochar Breoiteachta. Taobh amuigh d'obair dheonach agus neamhíoctha, ní féidir leat a bheith ag obair agus ag fáil na n-íocaíochtaí sin.

Má tá tú ag fáil Pinsean Easláine nó Sochar Breoiteachta (ar feadh 6 mhí ar a laghad) is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Shochar Chumais Pháirtigh, mura bhfuil an oiread cumais oibre agat is a bhí. Ní gá gur obair athshlánúcháin a bheadh i gceist. B'fhéidir go mbeadh ort cáin ioncaim a íoc ar d'ioncam fhoriomlán. Níl díolúintí ó obair athshlánúcháin le fáil a thuilleadh.

Scéim na Sochar Gortuithe Ceirde agus obair athshlánúcháin

Sochar Díobhála: seo ceann de na sochair atá ar fáil faoi Scéim na Sochar Gortuithe Ceirde. Má tá tú ag fáil Sochar Díobhála, is féidir leat:

• obair dheonach éadrom; agus

• obair pháirtaimseartha atá mar chuid de chóireáil nó a bhfuil nádúr carthanachta léi a dhéanamh (fad is nach dtuileann tú os cionn €50.00 sa tseachtain).

Ach, más mian leat obair athshlánúcháin eile nó cúrsa oiliúna a dhéanamh, caithfidh tú cead scríofa a fháil ón Roinn (ar a dtugtar díolúine) sula dtosaíonn tú. Ní thugaimid díolúintí go hiondúil chun cead a thabhairt do dhuine obair a dhéanamh laistigh de na chéad 26 seachtain ar Shochar Díobhála.

Íoctar Forlíonadh Éagumais le daoine atá ag fáil Pinsean Míthreorach agus nach gcáilíonn d'aon íocaíocht míchumais eile.

Page 83: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

81

Má fhaigheann tú Forlíonadh Éagumais, is féidir leat a bheith ag obair chomh fada is nach dtuileann tú os cionn €33 sa tseachtain ar an meán. Mar sin féin, más mian leat aon obair athshlánúcháin eile nó cúrsa oiliúna a dhéanamh ní mór duit cead scríofa a fháil ón Roinn sula dtosaíonn tú. Tugann an Roinn cead don chéad iarratais chun cúrsaí oiliúna a dhéanamh ach má dhéanann tú tuilleadh iarratais, caithfimid iad a chur ar aghaidh chuig oifigeach leighis na Roinne.

Mas mian leat páirt a ghlacadh i Scéim Fostaíochta Pobail, ní féidir leat d'Fhorlíonadh Éagumais a choinneáil ach is féidir leat do Phinsean Míthreorach a choinneáil.

Is féidir le daoine nach bhfuil ach ag fáil Pinsean Mithreorach - gan aon íocaíocht eile - obair go lánaimseartha. Ní gá dóibh cead a fháil ón Roinn.

Scéimeanna fostaíochta agus íocaíochtaí eile

Má tá tú ag fáil Liúntas Míchumais, is féidir leat:

• cáiliú don Scéim Sóisialta Tuaithe má tá tú gníomhach i bhfeirmeoireacht nó in iascaireacht.

Is féidir le daoine atá ag fáil Sochar Breoiteachta, Pinsean Míchumais, Liúntas Míchumais agus Pinsean na nDall cáiliú don:

• Clár Socrúcháin Oibre agus don Scéim Fostaíochta Pobail.

Ach níl daoine atá ag fáil íocaíochtaí míchumais incháilithe do scéim TÚS nó do scéimeanna Gateway.

Is féidir le daoine atá ag fáil Liúntas Míchumais agus Pinsean na nDall cáiliú don:

Page 84: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

82

• Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht (WFP) má shásaíonn siad na critéir.

Ach, níl cead oibre ag daoine atá ag fáil Pinsean Easláine nó Sochar Breoiteachta, agus mar sin, níl siad cáilithe do WFP. Ní cháilíonn daoine atá ag fáil Sochar Míchumais Pháirtigh do WFP ach oiread.

Sochair bhreise

Má bhíonn tú ag obair agus tú ag fáil Liúntas Míchumais nó Pinsean na nDall, is féidir leat aon sochar breise a bhí á fháil agat a choinneáil. Mar sin féin, b'fhéidir go n-ísleofaí an méid Forlíonaidh Cíosa atá á fháil agat.

Go ginearálta, is féidir leat aon sochar breise a bhí á fháil agat a choinneáil má bhíonn tú ag glacadh páirt i scéim fostaíochta.

Do theidlíocht do Saorthaisteal a choinneáil

Faoin tionscnamh 'Make Work Pay, má aistríonn tú ó íocaíocht míchumais fhadtéarmach (féach leathanach 70) chun glacadh le post, is féidir leat do theidlíocht do Saorthaisteal a choinneáil ar feadh cúig bliana, fad is gur chláraigh tú le haghaidh Cárta Seirbhísí Phoiblí.

• Liúntas Míchumais

• Pinsean Easláine

• Sochar Cumais Pháirtigh (ó Phinsean Easláine)

• Sochar Míthreorach íoctha chomh maith le Forlíonadh Éagumais

• Aistriú ó Liúntas Míchumais nó ó Phinsean Easláine chuig scéim Fostaíochta Pobail, SOLAS nó scéim um Fhilleadh ar an Obair.

Page 85: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

83

Cúrsaí Breisoideachais agus Oiliúna (FET)

Má tá tú ag fáil Liúntas Míchumais nó Pinsean na nDall agus go nglacann tú áit ar chúrsa Breisoideachais agus Oiliúna (FET), faigheann tú liúntas oiliúna in ionad d'íocaíochta leasa shóisialaigh, ach faigheann tú an méid céanna. Cuirfear stop le d'íocaíocht leasa shóisialaigh nuair a théann tú ar chúrsa oiliúna. Is féidir leat filleadh ar d'íocaíocht leasa shóisialaigh nuair a fhágann tú an cúrsa oiliúna, mura bhfaigheann tú obair.

Má bhí tú ag fáil Pinsean Easláine nó Sochar Breoiteachta, agus go nglacann tú le áit ar chúrsa FET, gheobhaidh tú d'íocaíocht iomlán leasa shóisialaigh i gcónaí, aon ardú a fhaigheann tú do do chleithiúnaithe san áireamh ach ní fhaigheann tú aon liúntas oiliúna nó aon bhónas oiliúna. Caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar chead scríofa ón Roinn i gcónaí sular féidir leat glacadh le cúrsa oiliúna.

Coinneoidh tú aon sochar breise a bhí agat sular ghlac tú leis an gcúrsa.

Má tá tuilleadh eolais uait maidir le obair faoi

mhíchumas, tabhair cuairt arwww.welfare.ie/makeworkpay

Page 86: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

84

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?

Déan teagmháil leis an ionad Intreo i do cheantar áitiúil chun coinne a shocrú le duine dár gcuid oifigeach cáis, más rud é go gceapann tú go mbeadh suim agat ann.

Fanfaidh d'íocaíocht leasa shóisialaigh reatha mar atá sé. Ní dhéanfar aon athbhreithniú air toisc gur bhuail tú le oifigeach cáis.

Tá sé tábhachtach a fheiceáil gur fútsa atá an rogha a dhéanamh faoi obair agus oiliúint. Táimid anseo chun cabhrú leat féachaint ar na roghanna atá ar fáil.

Cá háit ar féidir liom iarratas a dhéanamh?Déan teagmháil leis an ionad Intreo i do cheantar áitiúil chun coinne a shocrú le duine dár gcuid oifigeach cáis.

Chun fáil amach cá bhfuil an tIonad Intreo is gaire duit, tabhair cuairt ar www.welfare.ie/FindUs

Page 87: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

85

Cad í an tSeirbhís Infhostaitheachta?

Cuireann an tSeirbhís Infhostaitheachta ('EmployAbility') atá i ngach cearn den tír seirbhís tacaíochta ar fáil do dhaoine a bhfuil:

• bail sláinte;

• gortú;

• breoiteacht; nó

• míchumas orthu.

Is seirbhís chomhairle earcaíochta é freisin don phobal gnó.

Tabharfaidh do sheirbhís Infhostaitheachta áitiúil cúnamh fostaíochta duit. Tabharfaidh sé rochtain d'fhostóirí freisin ar stór fostaithe féideartha a bhfuil leibhéil éagsúla scileanna, cumais agus oiliúna acu.

cuireann an tseirbhís Infhostaitheachta:

• tacaíocht leanúnach ar fáil don fhostóir agus don fhostaí le linn na fostaíochta;

• seirbhís meaitseála poist ar fáil chun cabhrú le hearcaíocht rathúil a chinntiú; agus

• comhairle agus eolas ar thacaíochtaí fostaíochta breise.

Page 88: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

86

Cad í an Scéim Fóirdheontais Tuarastail?

Tugann an Scéim Fóirdheontas Tuarastal (WSS) dreasachtaí airgeadais d'fhostóirí ón earnáil phríobháideach a fhostaíonn daoine faoi mhíchumas. Caithfidh siad 21 uair sa tseachtain nó níos mó a oibriú, suas go dtí 39 uair sa tseachtain.

Tá na coinníollacha fostaíochta céanna ag fostaí faoi mhíchumas ar an WSS le fostaithe eile. Áirítear leo siúd:

• Ranníocaíochtaí ÁSPC;

• asbhaintí cánach;

• saoire bhliantúil; agus

• teidlíochtaí saoire eile.

Caithfidh an fostóir an fostaí atá faoi mhíchumas a íoc ag an ráta atá ann faoi láthair don phost. Caithfidh sé seo a bheith ar an bpá ar an íosmhéid reachtúil ar a laghad. Ba chóir na téarmaí agus na coinníollacha fostaíochta sin a bheith leagtha amach i gconradh an fhostaí.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Scéim Fóirdheontas Tuarastail?Tabhair cuairt ar www.welfare.ie/Wage-Subsidy-Scheme

Page 89: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

87

Cad í an Scéim Tacaíochta um Fheasacht Mhíchumais?

Cuireann an Scéim Tacaíochta um Fheasacht Mhíchumais maoiniú ar fáil d'fhostóirí san earnáil phríobháideach chun Oiliúint um Fheasacht Mhíchumais a shocrú agus a íoc do bhall foirne a bheidh ag obair le comhghleacaí atá faoi mhíchumas.

Ba chóir go gcuirfeadh an oiliúint eolas soiléir agus cruinn ar fáil faoi mhíchumas agus go bhfreastalódh sé ar cheisteanna agus ar chúis imní a bheadh ag fostóirí agus ag fostaithe a bheadh ag obair le daoine faoi mhíchumas.

Ba chóir go dtabharfadh an oiliúint tuiscint agus feasacht dóibh siúd atá ag glacadh páirt i gceisteanna a bhaineann le míchumas, agus go dtugann sé achoimre ar reachtaíocht ábhartha i gcoinne an idirdhealaithe agus comhdheiseanna san áireamh.

Ba chóir go gcuirfeadh sé eolas mionsonraithe freisin ar:

• mhíchumais;

• cleachtadh feasachta aireachtála (amhail siúl i líne dhíreach); agus

• prótacal míchumais.

Ba chóir go gcuimseodh an oiliúint eolas ar an mbealach le déileáil le ceisteanna a bhaineann le sláinte mheabhrach sa láthair oibre.

Page 90: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

88

Deontais atá ar fail do chuideachtaí príobháideacha

An chéad bhliain a ndéanann cuideachta iarratas

90% de na costais oiliúna incháilithe suas go €20,000.

An dara bliain agus blianta ina dhiaidh sin a ndéanann cuideachta iarratas

80% de na costais oiliúna incháilithe suas go €20,000 in aon bhliain féilire amháin.

Cuimsíonn costais incháilithe táillí:

• a íoctar ar chláir nó ar chúrsaí oiliúna míchumais sheachtracha;

• ar oiliúint feasachta míchumais inmheánach a thugann traenálaithe seachtracha agus

• ar chláir oiliúna feasachta míchumais foghlaim oscailte, ríomhaire nó oiliúint bunaithe ar an ngréasán.

Costais eile a chuirtear san áireamh sa scéim ná ábhair foghlama a bhaineann go soiléir leis an gclár oiliúna ábhartha, go huasmhéid €650.00

Áirítear leis seo:

• lámhleabhair;

• leabhair; agus

• DVDanna.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an Scéim Tacaíochta um Fheasacht Mhíchumais?Tabhair cuairt ar www.welfare.ie/Workplace-Supports

Page 91: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

89

Cad is Sochar Sláinte agus Sábháilteachta ann?

Is é atá i Sochar Sláinte agus Sábháilteachta ná íocaíocht sheachtainiúil le mná fostaithe:

• atá ag iompar nó ag beathú páiste le cíoch;

• ar thug a bhfostóir saoire sláinte agus sábháilteachta dóibh; agus

• a bhfuil clúdach árachais shóisialta (ÁSPC) acu.

Tugtar saoire sláinte agus sábháilteachta duit murar féidir le d'fhostóir:

• riosca a bhaint a bhaineann le do shláinte agus tú ag iompar nó ag beathú páiste le cíoch; nó

• dualgais mhalartacha atá 'saor ó riosca' a thabhairt duit.

Le linn saoire sláinte nó sábháilteachta, meastar go bhfuil tú fostaithe fós. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, go leanfaidh tú ar aghaidh ag carnadh saoire bhliantúil. Ach níl tú i dteideal íocaíochta ar laethanta saoire poiblí, fad is atá tú ar an gcineál seo saoire.

Má tá tú ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe ar nós Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora, b'fhéidir go bhfaighfeá Sochar Sláinte agus Sábháilteachta ar leathráta.

Page 92: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

90

Conas a cháilítear?

Le cáiliú, ní mór go mbeadh saoire sláinte agus sábháilteachta bronnta ort faoi Alt 18 den Acht um Chosaint Mháithreachais, 1994 agus caithfidh tú coinníoll amháin a chomhlíonadh i ngach ceann den dá liosta coinníollacha thíos.

Liosta 1

Caithfidh tú:

1. na ranníocaíochtaí árachais sóisialta páchoibhneasta ÁSPC cearta a bheith agat.

Liosta 2

Ba chóir freisin go mbeadh tú ar cheann de na trí rogha seo a leanas:

2. gur fostaí tú atá ag iompar agus tá tú nochta do rioscaí áirithe sa láthair oibre nó tá tú ag obair san oíche; nó

3. gur fostaí tú a shaolaigh le linn na gceithre seachtaine déag atá imithe thart agus déanann tú obair oíche; nó

4. má bhíonn cothú cíche ar siúl agat (suas le 26 seachtain tar éis na breithe) agus tá tú nochta do bhaol áirithe san áit oibre. (is féidir sonraí a fháil faoi na rioscaí atá i gceist ón Údarás Sláinte agus Sábháilteachta.)

€ Cad é ráta an tSochair Sláinte agus Sábháilteachta?

Is é ráta caighdeánach an tSochair Sláinte agus Sábháilteachta ná €203.00 sa tseachtain, ach braitheann an ráta seachtainiúil a fhaigheann tú ar an méid a thuill tú sa bhliain chánach ábhartha.

Page 93: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

91

Chun cáiliú don ráta caighdeánach, ní mór go mbeadh do mheántuilleamh €300.00 nó níos mó sa tseachtain. Má bhí tú ag tuilleamh níos lú ná €300.00 sa tseachtain, gheobhaidh tú ráta laghdaithe.

Nuair a théann tú ar saoire sláinte agus sábháilteachta, caithfidh d'fhostóir do ghnáthphá a íoc don chéad trí seachtaine (21 lá) de do shaoire. Íocfaidh an Roinn do Shochar Sláinte agus Sábháilteachta ina dhiaidh sin.

Cá fhad a n-íoctar Sochar Sláinte agus Sábháilteachta?

Íoctar do Shochar Sláinte agus Sábháilteachta go dtí:

• an lá a dtagann tú i dteideal Sochar Máithreachais, má tá tú ag iompar;

• 14 ón dáta ar shaolaigh tú leanbh más fostaí thú a dhéanann obair oíche; nó

• 26 seachtain ón dáta ar shaolaigh tú, má tá tú ag cothú le cíoch.

Tiocfaidh do shaoire sláinte agus sábháilteachta chun críche nuair:

• nach bhfuil tú i mbaol san áit oibre a thuilleadh;

• go bhfuil an riosca bainte ag d'fhostóir nó go bhfuil obair eile tugtha acu duit; nó

• má tá conradh téarma sheasta agat agus tagann deireadh leis an gconradh sin.

Page 94: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

92

Conas a íocfar mé?

Íoctar Sochar Sláinte agus Sábháilteachta díreach isteach i do chuntas reatha nó taisce ag do bhanc nó ag do cumann foirgníochta.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an Sochar Sláinte agus SábháilteachtaTabhair cuairt ar www.welfare.ie/HealthAndSafety nó glaoigh ar (01) 471 5898

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?

Déan iarratas ar Shochar Sláinte agus Sábháilteachta chomh luath is a dheonaíonn d'fhostóir saoire sláinte agus sábháilteachta duit.

Chun iarratas a dhéanamh, líon isteach an fhoirm HSB1: Sochar Sláinte agus Sábháilteachta. Is féidir leat an fhoirm a fháil ó:

• d'ionad Intreo áitiúil;

• an oifig brainse leasa shóisialaigh i do cheantar áitiúil;

• an Oifig Eolais do Shaoránaigh i do cheantar áitiúil; nó

• Tabhair cuairt ar www.welfare.ie/forms agus cliceáil Leanaí agus Teaghlaigh chun foirm a íoslódáil.

Page 95: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

93

Conas a cháileoidh mé le haghaidh Sochar Sláinte agus Sábháilteachta?Seol ar ais d'fhoirm iarratais chomhlánaithe chuig an seoladh thíos:

An Rannóg Sochar Sláinte agus Sábháilteachta An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí Bóthar Mhic Artúir Bun Cranncha Dún na nGall F93 CH79

Cad is Ciste Freastail Réasúnta ann?

Cuireann an Roinn seirbhísí láthair oibre ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas. Cabhraíonn sé leo chun fostaíocht íoctha a fháil nó chun iad a ullmhú d'fhostaíocht trí chlár oiliúna nó fostaíochta.

Is féidir leis an Roinn cabhrú le fostóirí bearta cuí a ghlacadh faoin gCiste Freastail Réasúnta chun cur ar chumas dhuine faoi mhíchumas nó a bhfuil lagú orthu rochtain a bheith acu ar fhostaíocht. Déanann sé é sin trí na ceithre dheontas agus scéim seo a leanas a chur ar fáil.

Cad is Deontas Trealaimh/Oiriúnaithe Ionaid Oibre ann?

Má tá gá agat le hionad oibre níos inrochtana nó le trealamh oiriúnaithe chun do chuid oibre a dhéanamh, b'fhéidir go mbeadh tú féin nó d'fhostóir in ann deontas a fháil i leith na gcostas a bhaineann leis na hathruithe sin a dhéanamh.

Page 96: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

94

Seo iad samplaí ar oiriúnuithe arbh fhéidir deontais a thabhairt ina leith:

• mionathruithe beaga foirgnimh amhail rampaí nó leithris mhionathraithe;

• córais aláraim le soilse gealánacha; agus

• trealamh oiriúnaithe amhail sintéiseoirí gutha do ríomhairí nó aimplitheoirí do ghutháin.

Tá deontas le huasmhéid €6,350 le fáil i leith na gcostas sin.

D'fhéadfaí an deontas a úsáid chun:

• trealamh oiriúnaithe a fuair maoiniú roimhe seo a uasghrádú; nó

• chun oiliúint a thabhairt d'fhonn an trealamh deontasmhaoinithe a úsáid.

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?

Is féidir leat iarratas a dhéanamh tríd an bhfoirm Iarratais ar Chiste Freastail Réasúnta um Fhostú Daoine Faoi Mhíchumas a íoslódáil. Is féidir leat an fhoirm a fháil ó www.welfare.ie/Adaptation-Grant

Caithfidh tú féin nó d'fhostóir:

• Cuid 1 le mionsonraí an fhostaí agus an fhostóra a chomhlanú;

• Cuid 2 – Iarratas ar Dheontas do Threalamh Ionaid Oibre/Foirm Scéime Dheontas Oiriúnaithe a chomhlánú, ag insint cén trealamh/oiriúniú a bhfuil gá leis agus údar a thabhairt leis an ngá.

Page 97: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

95

Nuair a bheidh an fhoirm comhlánaithe, ní mór duitse agus do d'fhostoir coinne a shocrú le hoifigeach cáis i d'Ionad Intreo áitiúil chun an deontas a phlé.

Cuimhnigh: Seol d'fhoirm comhlánaithe chuig an oifigeach cáis ag d'Ionad Intreo áitiúil chomh maith le fianaise leighis a thaispeánann go bhfuil gá leis an trealamh/oiriúnú chun dualgais oibre a dhéanamh de bharr nádúr an mhíchumais.

Cad is Deontas Léitheoirí Pearsanta ann?

Má tá tú dall nó ar lagamharc agus má theastaíonn cúnamh uait le léamh a bhaineann leis an bpost, b'fhéidir go mbeifeá i dteideal deontais a thabharfadh cead duit Léitheoir Pearsanta a úsáid. Ní íoctar é seo ach sa chás go bhfuil tú fostaithe san earnáil phríobháideach.

Íocfaidh an Roinn táille uaire, ag teacht leis an íosphá reatha. Íocfar é i gcomhair tréimhse chomhaontaithe suas go 640 uair sa bhliain.

Conas a cháilítear?

Is féidir leat cáiliú má:

• tá tú fostaithe san earnáil phríobháideach agus má theastaíonn cúnamh uait le léamh a bhaineann leis an obair mar gheall ar lagú radhairc;

• tháinig lagú ar d'amharc le gairid agus tá baol ann go gcaillfidh tú do phost mar gheall ar an lagamharc seo;

• bheidh tú ag déanamh obair nua nó obair dhifriúil do d'fhostóir mar gheall gur tháinig lagú ar d'amharc; nó

• tá srian ar d'ionchais ardaithe céime mar gheall ar dheacracht léitheoireachta a tharla de bharr lagamhairc.

Page 98: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

96

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ag d'Ionad Intreo áitiúil. Gheobhaidh tú na foirmeacha iarratais a bhfuil gá agat leo ansin nó is féidir leat iad a íoslódáil ag www.welfare.ie/PRG

caithfidh tú an dá fhoirm a chomhlánú agus iad a thabhairt nó a sheoladh chuig d'Ionad Intreo áitiúil.

Caithfidh tú féin agus d'fhostóir bualadh le hoifigeach cáis agus teacht ar chomhaontú maidir leis an líon uaireanta seachtainiúil agus iomlán a mbeidh gá agat le léitheoir pearsanta.

Má dhéantar an t-iarratas a cheadú, gheobhaidh tú deontas chun costais comhaontaithe do léitheoir a íoc.

Ní fhéadfaidh an léitheoir pearsanta cabhair léitheoireachta a thabhairt in ionad aon chabhair léitheoireachta a thugann comhghleacaithe, daoine gaolmhara nó cairde go hiondúil.

Cad is Deontas um Ateangaire ag Agallamh Poist ann?

Más cuardaitheoir poist tú atá bodhar, nach bhfuil an éisteacht go maith agat nó tá lagú cainte agat agus má tá tú ag freastal ar agallamh poist le fostóirí san earnáil phríobháideach, d'fheadfá cur isteach ar mhaoiniú chun:

• ateangaire comharthaíochta a bheith agat; nó

• ateangaire eile chun freastal ar agallamh in éineacht leat.

Íocfaidh an Roinn táille do thréimhse trí huaire an chloig. Braithfidh an táille ar rudaí ar nós cé chomh cáilithe is atá d'ateangaire agus fachtóirí eile. Íocaimid costais taistil leis an ateangaire ag ráta

Page 99: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

97

socraithe. Is féidir leat cur isteach ar mhaoiniú chun ateangaire a fhostú do gach agallamh a ndéanann tú freastal air.

Is féidir leat maoiniú a fháil freisin chun na costais a bhaineann le hateangaire a fhostú a chlúdach chun cabhrú leat nuair a thosaíonn tú ag obair (le linn d'ionduchtaithe) le fostóir san earnáil phríobháideach.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar Dheontas um Ateangaire ag Agallamh PoistTabhair cuairt ar www.welfare.ie/JIIG

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?

Is féidir foirm iarratais a fháil ó:

• d'ionad Intreo áitiúil;

• an oifig brainse leasa shóisialaigh i do cheantar áitiúil;

• an Oifig Eolais do Shaoránaigh i do cheantar áitiúil; nó

• ár láithreán gréasáin: www.welfare.ie/ERS

Seol d'fhoirm iarratais líonta chuig Bainisteoir Ceantair d'Ionad Intreo áitiúil nó an oifig brainse leasa shóisialaigh i do cheantar féin.

Chun fáil amach cén t-ainm atá ar do Bhainisteoir Ceantair áitiúil, téigh le do thoil chuig www.welfare.ie/ERS

Page 100: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

98

Cad é an Deontas um Fhostaí a Choinneáil?

Tá sé mar aidhm leis an Scéim Deontais um Fhostaí a Choinneáil cabhrú le fostóirí san earnáil phríobháideach fostaithe a choinneáil a dtagann breoiteacht, riocht nó lagú (gairme nó eile) orthu a mbíonn tionchar aige ar a gcumas lena gcuid oibre a dhéanamh. Cabhraíonn an deontas le fostóirí scrúdú a dhéanamh ar chumas leanúnach fostaí chun leanúint air/uirthi oibriú mar bhall den fhórsa oibre.

Cuireann an scéim maoiniú ar fáil chun:

• oiriúnuithe nó oiliúint nó an dá rud a aithint, chun a chur ar chumas an fhostaí fanacht sa phost reatha; nó

• an fostaí a choinneáil chun go mbeidh siad in ann post eile a fháil laistigh den chuideachta.

Tá cead ag aon chuideachta san earnáil phríobháideach leas a bhaint as an Scéim Deontais um Fhostaí a Choinneáil. Tá maoiniú le fáil chun aon fhostaí atá ann faoi láthair a choinneáil, ag aon leibhéal nó in aon phost laistigh den chuideachta.

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?

Is féidir foirm iarratais a fháil ó:

• d'ionad Intreo áitiúil;

• an oifig brainse leasa shóisialaigh i do cheantar áitiúil;

• an Oifig Eolais do Shaoránaigh i do cheantar áitiúil; nó

• ár láithreán gréasáin: www.welfare.ie/ERS

Page 101: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

99

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas ar an Deontas um Fhostaí a Choinneáil?Seol d'fhoirm iarratais líonta chuig Bainisteoir Ceantair d'Ionad Intreo áitiúil nó an oifig brainse leasa shóisialaigh i do cheantar féin.

Chun fáil amach cén t-ainm atá ar do Bhainisteoir Ceantair áitiúil, téigh le do thoil chuig www.welfare.ie/ERS

Page 102: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

100

Cuid 5: Tacaíocht teaghlaigh

Réamhrá

Insíonn an chuid seo duit cé a cháilíonn, agus conas is féidir iarratas a dhéanamh ar:

• An Scéim Saorthaistil (faoina bhfaigheann tú cárta chun taisteal má cháilíonn tú agus cáilíonn an chuid is mó de na daoine);

• Pas Saorthaistil Compánaigh; agus

• An Pacáiste Sochair Teaghlaigh.

Cad atá i gceist leis an Scéim Saorthaistil?

Ligeann an Scéim Saorthaistil duit taisteal saor in aisce ar an iompar poiblí go léir leis an Stát é. Áirítear leis sin an bus, an traein agus LUAS Bhaile Átha Cliath, ach tá roinnt eisceachtaí ann.

Tá gach duine atá 66 bliain d'aois nó níos sine, agus a bhfuil cónaí dlíthiúil buan orthu sa Stát, i dteideal an Scéim Saorthaistil. Cáilíonn roinnt daoine faoi bhun 66 chomh maith.

Má cháilíonn tú do Shaorthaisteal, faigheann tú cárta a ligeann duit taisteal saor in aisce ar iompar poiblí. Ní mór duit an cárta a thaispeáint chun an scéim seo a úsáid.

Page 103: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

101

Pas Saorthaistil Compánaigh

I roinnt cásanna bíonn Pas Saorthaistil Compánaigh ar fáil. Is cárta é seo a ligeann do chompánach taisteal in éineacht leat saor in aisce. Níl cead ag aon duine eile do Phas Saorthaistil a úsáid; is duitse amháin é.

Bíonn saorthaisteal ar fáil ar líon teoranta seirbhísí a oibríonn cuideachtaí príobháideacha bus. Glacann oibreoirí príobháideacha bus a roghnaigh páirt a ghlacadh sa Scéim Saorthaistil le cártaí taistil saor in aisce. Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an Roinn chun fáil amach an nglacann d'oibritheoir bus príobháideach le Pasanna Saorthaistil. Féach ar leathanach 101 le do thoil chun sonraí teagmhála a fháil. Is féidir leo comhairle a chur ort freisin faoi na rialacha atá i bhfeidhm maidir leis an gcineál iompair a

úsáideann tú.

Conas a cháilítear le haghaidh saorthaistil?

D'fhéadfadh go mbeifeá i dteideal saorthaistil má tá cónaí dlíthiúil buan ort sa Stát. Tá feidhm ag na rialacha seo a leanas freisin.

Aois

Tá tú 66 bliain d'aois nó níos sine, tá tú i dteideal Saorthaistil.

Sochar a fháil

D'fhéadfadh freisin go mbeifeá i dteideal saorthaistil má tá tú ag fáil:

• Liúntas Míchumais;

• Pinsean na nDall;

• Liúntas Cúramóra; nó

Page 104: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

102

• Pinsean Easláine ón Roinn.

Íocaíochtaí san áit oibre

Bíonn Saorthaisteal ar fáil freisin má bhí tú ag fáil Forlíonadh Éagumais nó Cúiteamh don Lucht Oibre le Pinsean Míthreorach ar feadh dhá mhí dhéag ar a laghad.

Pinsean na nDall

Má tá tú dall nó má tá lagú radhairc ort agus má shásaíonn tú na coinníollacha leighis maidir le Pinsean na nDall, d'fhéadfadh go mbeifeá i dteideal an Scéim Saorthaistil a fháil chomh maith.

Cúramóir sonraithe

Bíonn an Scéim Saorthaistil ar fáil freisin más cúramóir sonraithe tú do dhuine a fhaigheann:

• Liúntas Síorfhreastail; nó

• Liúntas Gaoil Forordaithe ón Roinn.

Íocaíocht ón thíortha thar lear

D'fhéadfadh go mbeifeá i dteideal an Scéim Saorthaistil a fháil má tá tú ag fáil íocaíocht easláine slándála sóisialaí nó íocaíocht dá leithéid ó:

• ballstát eile de chuid an AE; nó

• ó thír a raibh Comhaontú Déthaobhach Slándála Sóisialaí ag Éirinn léi ar feadh dhá mhí dhéag ar a laghad. Is idir Éire agus tír eile atá an comhaontú seo. Cosnaíonn sé teidlíochtaí pinsin na nÉireannach a théann ag obair sa tír sin agus, ar an mbealach céanna, teidlíochtaí na ndaoine a thagann go hÉirinn chun obair a dhéanamh.

Page 105: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

103

Baintreach nó Baintreach fir

D'fhéadfadh go mbeifeá i dteideal an Scéim Saorthaistil más baintreach nó baintreach fir nó páirtnéar sibhialta marthanach tú atá 60 bliain d'aois nó níos sine. Sa chás seo ba chóir go raibh Pas Saorthaistil ag do chéile nó ag do pháirtí sibhialta, agus go bhfuil tú ag fáil ceann de na híocaíochtaí seo a leanas:

• Pinsean Baintrí;

• Pinsean Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach);

• Pinsean Baintrí, Baintrí Fir, nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamhranníocach);

• Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora;

• Gnáthphinsean Baintrí nó Baintrí Fir Garda; nó

• Pinsean Sochair Báis faoi Scéim na Sochar Gortuithe Ceirde. Nóta: d'fhéadfadh go mbeadh an pinsean seo cosúil le pinsean nó sochar slándála sóisialaí ó bhallstát an AE nó ó thír lena bhfuil comhaontú déthaobhach slándála sóisialaí ag Éirinn léi.

Tá d'aitheantas deimhnithe agat trí SAFE

Chun úsáid a bhaint as an Scéim Saorthaistil, caithfidh tú d'aitheantas a dheimhniú freisin tríd an bpróiseas clárúcháin SAFE má iarrtar ort sin a dhéanamh.

Page 106: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

104

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?

Má tá tú 66 bliain d'aois nó níos sine

Seolfaidh an Roinn do Chárta Saorthaistil chugat go huathoibríoch:

• má tá tú 66 bliain d'aois nó níos sine;

• má tá tú ag fáil pinsean leasa shóisialaigh; agus

• má dheimhnigh tú d'aitheantas tríd an bpróiseas clárúcháin SAFE nuair a iarradh ort é sin a dhéanamh.

Mura bhfuil tú cláraithe trí SAFE iarrfaidh an Roinn ort é sin a dhéanamh, agus seolfaidh siad do Phas Saorthaistil chugat ansin.

Má tá tú faoi bhun 66

Má tá tú faoi bhun 66 agus má dheimhnigh tú d'aitheantas tríd an bpróiseas clárúcháin SAFE, gheobhaidh tú Pas Saorthaistil go huathoibríoch má tá tú ag fáil:

• Pinsean Easláine;

• Pinsean na nDall;

• Liúntas Míchumais; nó

• Liúntas Cúramóra.

Mura bhfuil tú cláraithe trí SAFE, iarrfar ort é sin a dhéanamh sula seolfaidh an Roinn do Phas Saorthaistil chugat.

Page 107: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

105

Is féidir leat foirm iarratais ar a dtugtar FT1 a fháil ó:

• d'ionad Intreo áitiúil;

• an oifig brainse leasa shóisialaigh i do cheantar áitiúil;

• an Oifig Eolais do Shaoránaigh i do cheantar áitiúil; nó

• tabhairt cuairt ar www.welfare.ie/forms agus cliceáil an nasc 'Tacaíochtaí Eile’.

Cá háit a gcuirfidh mé iarratas isteach ar an Scéim Saorthaistil?Seol d'iarratas, in éineacht leis na cáipéisí tacaíochta ábhartha, chuig an Roinn seo:

An Rannóg Saorthaistil

An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí Seirbhísí Leasa Shóisialaigh Bóthar an Choláiste Sligeach F91 T384

Guthán: (071) 915 7100

Page 108: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

106

Cad atá sa Phacáiste Sochair Teaghlaigh?

Is é atá sa Phacáiste Sochar Teaghlaigh ná pacáiste liúntas a chabhraíonn leat leis na costais as do theaghlach a rith. Tá an pacáiste ar fáil do gach duine os cionn 70 agus do dhaoine áirithe faoi bhun 70 i gcúinsí áirithe. Caithfidh tú:

• a bheith i do chónaí go dlíthiúil sa Stát ar bhonn seasta - go lánaimseartha - ar feadh na bliana ar fad, agus

• d'aitheantas a chruthú trí thabhairt faoin bpróiseas clárúcháin SAFE nuair a iarrann an Roinn ort é sin a dhéanamh.

Nuair atá tú cláraithe trí SAFE, seolfaidh an Roinn Pas Saorthaistil (PSC) chugat.

Ní féidir ach le duine amháin i dteaghlach cáiliú don phacáiste ag am ar bith. Ní mór duit a thaispeáint gur tusa an tomhaltóir cláraithe ag an seoladh dá bhfuil tú ag déanamh iarratais ar an bPacáiste Sochar Teaghlaigh, mar shampla trí bhille fóntais a chur ar fáil.

Má tá tú ag íoc cíosa, caithfidh do thiarna talún deimhniú scríofa a chur ar fáil gur tionónta thú, lena n-áirítear an MPRN (uimhir thagartha mhéadarphointe) nó GPRN (uimhir thagartha gásphointe) an tseolta ag a bhfuil tú i do chónaí. Caithfidh siad a dheimhniú freisin go bhfuil tú ag íoc do bhillí fuinnimh féin.

Conas a cháilítear?

Bíonn na coinníollacha chun cáiliú don Phacáiste Sochar Teaghlaigh difriúil agus braitheann sé ar an aois atá tú agus an íocaíocht atá tú ag fáil ón Roinn. Féach le do thoil na coinníollacha atá níos ábhartha duit i gcodanna 1 go 5.

Page 109: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

107

Caithfidh gach duine coinníollacha ginearálta an phacáiste a shásamh agus is iad sin ná:

• ní mór duit a bheith i do chónaí go dlíthiúil agus go buan sa Stát;

• ní féidir ach le duine amháin i ngach teaghlach an sochar seo a éileamh;

• caithfidh gur tusa an tomhaltóir cláraithe leictreachais nó gáis má tá iarratas á dhéanamh agat ar Liúntas Leictreachais nó Gáis Nádúrtha agus

• caithfidh tú d'aitheantas a chruthú trí thabhairt faoin bpróiseas clárúcháin SAFE nuair a iarrann an Roinn ort é sin a dhéanamh.

Is féidir leat cáiliú don Phacáiste Sochar Teaghlaigh freisin má shásaíonn tú ceann de na coinníollacha seo a leanas thíos:

1. Tá tú níos sine ná 70 bliain d'aois.

2. Tá tú ag fáil Liúntas Cúramóra. Caithfidh tú a bheith ag tabhairt cúram lánaimseartha agus a bheith i do chónaí leis an té a bhfuil tú ag tabhairt aire dó/di.

3. Tá tú idir 66 agus 70 agus tá tú ag fáil:

• Pinsean Stáit (Ranníocach);

• Pinsean Stáit (Neamh-ranníocach);

• Pinsean Baintrí, Baintrí Fir, nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh;

• Sochar nó Liúntas Banchéile Tréigthe; agus

• Gnáthphinsean Baintrí nó Baintrí Fir Garda ón Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais; nó

Page 110: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

108

• Pinsean/Sochar Slándála Sóisialta comhionann ó thír eile atá clúdaithe ag Rialacháin an AE, nó ó thír lena bhfuil Comhaontú Déthaobhach Slándála Sóisialaí ag Éirinn.

4. Tá tú faoi 66 agus ag fáil:

• Liúntas Míchumais;

• Pinsean Easláine;

• Pinsean na nDall;

• Forlíonadh Éagumais nó Cúiteamh don Lucht Oibre le Pinsean Míthreorach (ar feadh dhá mhí dhéag ar a laghad); nó

• Pinsean/Sochar Slándála Sóisialta comhionann ó thír eile atá clúdaithe ag Rialacháin an AE, nó ó thír lena bhfuil Comhaontú Déthaobhach Slándála Sóisialta ag Éirinn.

5. Tá tú ag tabhairt cúraim do dhuine atá ag fáil Liúntas Síorfhreastail.

€ Cad é ráta na Sochar Teaghlaigh?

Liúntas Ráta

Leictreachas nó Gás €35.00 sa mhí

Ceadúnas teilifíse Chomh luath is a cháilíonn tú do Phacáiste Sochar Teaghlaigh, cáilíonn tú do Cheadúnas Teilifíse saor ón gcéad dáta eile a mbeidh sé le hathnuachan. Déanfaidh tú iarratas air seo ar d'fhoirm Sochar Teaghlaigh.

Page 111: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

109

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?

Is féidir leat foirm iarratais ar a dtugtar HB1 a fháil ó:

• d'ionad Intreo áitiúil;

• an oifig brainse leasa shóisialaigh i do cheantar áitiúil;

• an Oifig Eolais do Shaoránaigh i do cheantar áitiúil; nó

tabhairt cuairt ar www.welfare.ie/forms agus cliceáil an nasc ‘Tacaíochtaí Eile’

Cá háit a gcuirfidh mé iarratas isteach ar an bPacáiste Sochar Teaghlaigh?Seol d'iarratas leis na cáipéisí tacaíochta ábhartha ar ais chuig:

Rannóg na Sochar Teaghlaigh An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí Seirbhísí Leasa Shóisialaigh Bóthar an Choláiste Sligeach F91 T384

Page 112: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

110

Cuid 6: Tuilleadh eolais

Réamhrá

Má tá tú fostaithe nó féinfhostaithe íocfaidh tú aicme áirithe d'ÁSPC.

Tá dhá thábla sa chuid seo, agus tá súil againn go mbeidh siad ina gcabhair duit.

Taispeánann Tábla 1 cén aicme ÁSPC a íocann oibrithe difriúla. Inseoidh do dhuillín pá duit cén aicme de ranníocaíocht ÁSPC a íocann tú. Má tá tú féinfhostaithe, is dócha go n-íocann tú ranníocaíochtaí Aicme S ÁSPC. Tá tábla 1 ar leathanach 108.

I dTábla 2, taispeántar cad iad na tacaíochtaí leasa shóisialaigh a d'fhéadfadh go gcáileodh tú lena n-aghaidh ag brath ar an aicme ÁSPC a íocann tú. Tá tábla 2 ar leathanach 110.

Chun cáiliú do na sochair sa treoir seo, is gá go mbeadh líon áirithe ranníocaíochtaí ÁSPC agat. Sa phríomhchuid den treoir seo, féachaimid le míniú a thabhairt ar líon na ranníocaíochtaí ÁSPC a theastaíonn chun cáiliú do shochair áirithe leasa shóisialaigh ach tá sé seo casta agus lasmuigh de scóip na treorach seo.

Molaimid duit cóip de do thaifead árachais shóisialta a lorg ar líne ag www.mywelfare.ie nó trí ghlaoch ar (01) 471 5898 agus rogha 4 a ghlacadh. Inseoidh an taifead seo duit cá mhéad ranníocaíocht atá íoctha agat gach bliain a raibh tú ag obair. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil freisin ag d'Ionad Intreo áitiúil nó d'oifig brainse leasa shóisialaigh.

Page 113: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

111

Conas is féidir liom rochtain a fháil ar mo thaifead árachais shóisialta ar líne?

Chun rochtain a fháil ar sheirbhísí ar MyWelfare.ie, teastaíonn cuntas fíoraithe MyGovID uait.

Faigh rochtain ar MyWelfare trí logáil isteach agus do MyGovID á úsáid – d'Ainm Úsáideora (seoladh ríomhphoist) agus do phasfhocal.

Foghlaim conas clárú agus foghlaim níos mó faoi MyGovID ar www.mygovid.ie.

An gcuirtear san áireamh árachas sóisialta a d'íoc mé i dtír eile?

Is féidir leat aon ranníocaíochtaí árachais shóisialta eile a úsáid a d'fhéadfadh a bheith íoctha agat i mBallstát AE eile nó i dtír lena bhfuil Cruinniú Déthaobhach Slándála Sóisialta ag Éirinn chun líon na ranníocaíochtaí ÁSPC a bhaint amach a theastaíonn uait chun pinsean leasa shóisialaigh nó sochar eile a fháil.

I gcás roinnt scéimeanna (mar Shochar Cuardaitheora Poist), tá roinnt coinníollacha breise nach mór duit a shásamh sular féidir linn do thaifead ÁSPC ó thír eile a chur áireamh.

Page 114: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

112

Tábla 1: Cur síos ar cé a íocann na príomhaicmí ÁSPC atá luaite sa treoir seo

Aicme ÁSPC Cur síos ar dhaoine atá clúdaithe ag gach ceann de na príomhaicmí ranníocaíochta ÁSPC atá luaite sa treoir seo.

Aicme A • �Fostaithe�i�mbun�fostaíochta�de�chineál�tionscail,�gnó agus seirbhíse a thuilleann níos mó ná €38.00 in aghaidh na seachtaine roimh aon déaduchtuithe

• Státseirbhísigh agus fostaithe sa tseirbhís phoiblí a earcaíodh ar nó tar éis an 6 Aibreán 1995

• Oibrithe Fostaíochta Pobail a earcaíodh ar nó tar éis an 6 Aibreán 1996

Aicme B • Státseirbhísigh bhuana agus Gardaí a earcaíodh roimh an 6 Aibreán 1995

• �Dochtúirí�agus�fiaclóirí�a�fostaíodh�ag�an�státseirbhís�roimh an 6 Aibreán 1995

Aicme D • �Fostaithe�buana�agus�inphinsin�sa�tseirbhís�phoiblí,�a�earcaíodh roimh an 6 Aibreán 1995

Aicme E • �Ministir�Creidimh�atá�fostaithe�ag�Comhlacht�Ionadaíoch Eaglais na hÉireann

Aicme H • Baill foirne Óglaigh na hÉireannAicme J • Daoine a mbíonn a n-íocaíocht sheachtainiúil ó gach

cineál oibre faoi bhun €38.00. Tá líon beag fostaithe inárachais�faoi�Aicme�J,�áfach,�is�cuma�cá�mhéad�a�thuilleann�siad,�amhail�fostaithe�os�cionn�66�bliain�d'aois�nó�daoine�atá�i�bhfo-fhostaíocht.�Is�fostaíochtaí�iad�fo-fhostaíochtaí�a�mheastar�a�bheith�tánáisteach�don�phríomhfhostaíocht�chun�críche�árachais.

Page 115: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

113

Aicme M • �Daoine�ar�nós�fostaithe�faoi�16,�daoine�atá�66�nó�os�a�chionn,�daoine�atá�ag�fáil�pinsin�cheirde�nó�íocaíochtaí�scoir cnapshuime agus daoine atá fostaithe san earnáil phoiblí le hioncam faoi €100.00 sa tseachtain.

Aicme P • �Iascairí�féinfhostaitheAicme S • �Daoine�féinfhostaithe,�lena�n-áirítear�roinnt�stiúrthóirí�

cuideachta,�trádálaithe�aonair�agus�roinnt�daoine�a�thuilleann�níos�mó�ná�€5,000�ó�infheistíochtaí,�cíosanna�agus cothabháil

Tábla 1: Cur síos ar cé a íocann na príomhaicmí ÁSPC atá luaite sa treoir seo

Page 116: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

114

Tábla 2: Aicmí ÁSPC a íocadh agus na sochair dá gcáilíonn tú

Aicmí ÁSPC: A B C D E H J M P SSochair:Sochar Breoiteachta

Sea Ní hea

Ní hea

Ní hea

Sea Ní hea

Ní hea

Ní hea

Sea Ní hea

Liúntas Míchumais

Sea Sea Sea Sea Sea Ní hea

Ní hea

Ní hea

Sea Ní hea

Sochar�Cumais�Pháirtigh*

Féach leathanach 15 le do thoil

Pinsean Easláine

Sea Ní hea

Ní hea

Ní hea

Sea Ní hea

Ní hea

Ní hea

Ní hea

Sea

Pinsean na nDall

Féach leathanach 22 le do thoil

Sochar Cúramóra

Sea Sea Sea Sea Sea Sea Ní hea

Ní hea

Ní hea

Ní hea

Liúntas Cúramóra

Féach leathanach 40 le do thoil

Liúntas Cúraim Baile

Féach leathanach 52 le do thoil

Nóta: Íocann baill d'Óglaigh na hÉireann ranníocaíochtaí Aicme H agus níl siad ach i dteideal Pinsean Baintrí, Sochar Cóireála, agus Sochar Cúramóra fad is atá siad i mbun seirbhíse.

Cuimhnigh: Níl sa choinníoll ÁSPC ach cuid amháin de na coinníollacha cáilithe. Iarrtar ort féachaint ar an gcuid faoin sochar ábhartha chun féachaint cad iad na coinníollacha eile a d'fhéadfadh a bheith i gceist.

*Chun cáiliú le haghaidh Sochar Cumais Pháirtigh, ní mór duit a bheith ag fáil

ceann acu seo a leanas faoi láthair: Sochar Breoiteachta (ar feadh tréimhse íosta

6 mhí) nó Pinsean Easláine.

Page 117: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

115115

Gluais

Comhaontú Déthaobhach Slándála Sóisialta

Is comhaontú é seo idir Éire agus tír eile. Cosnaíonn sé teidlíochtaí pinsin na nÉireannach a oibríonn i dtíortha eile. Freisin, oibríonn sé ar an mbealach eile thart do dhaoine a thagann go hÉirinn le hobair a dhéanamh.

Dearbhú Dúnta:

Ciallaíonn sé seo go ndéanfaidh do Dhochtúir Teaghlaigh tú a mheas agus do neamhláithreacht ón obair a dheimhniú go dtí an dáta is dócha go mbeidh ar do chumas filleadh ar an obair. Ní bheidh aon chall duit ansin cuairt a thabhairt ar do Dhochtúir Teaghlaigh gach seachtain le linn duit a bheith tinn.

Scéim Fostaíochta Pobail:

Is é aidhm an Chláir Fostaíochta Pobail (CE) cabhrú le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach (nó atá faoi mhíbhuntáiste ar bhealach eile) chun iad a chur ar ais ag obair trí shocrúcháin pháirtaimseartha agus shealadacha a chur ar fáil dóibh i bpoist atá bunaithe i bpobail áitiúla.

Liúntas Síorfhreastail

Is féidir an liúntas seo a íoc go seachtainiúil mar mhéadú ar Phinsean Míthreorach i gcás go bhfuil an oiread míchumais ort gur gá go mbíonn duine (gaol nó duine éigin eile) ag cabhrú leat sa bhaile gach lá le do riachtanais phearsanta ar feadh tréimhse 6 mhí ar a laghad. Ní bhfaighidh tú an liúntas seo ar feadh aon tréimhse a chaitheann tú in ospidéal nó in institiúid cosúil leis.

Page 118: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

116116

Scéim Gateway:

Is scéim gníomhaíochta oibre de chuid an údaráis áitiúil é seo a chuireann obair ghearrthéarmach agus deiseanna oiliúna ar fáil do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach atá ar Shochar Cuardaitheora Poist nó ar Liúntas Cuardaitheora Poist ar feadh os cionn 2 bhliain.

Bliain Ranníoca Ábhartha:

Is í an bhliain ranníoca ábhartha an dara bliain chánach iomlán dheireanach roimh an mbliain ina ndéanann tú d'éileamh. Mar shampla, má dhéanann tú d'éileamh in 2018, is í an bhliain ranníoca ábhartha ná 2016.

Ioncam comhlán:

Is ionann ioncam comhlán agus an méid airgid a thuill tú sular tógadh (asbhaineadh) aon airgead as i gcomhair cánacha nó asbhaintí eile.

Gnáthchónaí

Ciallaíonn gnáthchónaí go bhfuil cónaí ort in Éirinn agus gur féidir leat a chruthú go bhfuil dlúthnasc agat leis an Stát – mar shampla rugadh agus tógadh in Éirinn thú, tá garghaolta leat ina gcónaí anseo, agus mar sin de. Déanaimid ceithre phríomhfhachtóir a mheas chun cinneadh cibé acu an bhfuil gnáthchónaí ort sa Stát. Is iad seo:

1. ceart chun cónaí in Éirinn;

2. cé chomh fada is atá cónaí ort in Éirinn;

3. cibé acu an raibh cónaí ort go leanúnach in Éirinn; agus

Page 119: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

117117

4. do ghnáthstaid chónaithe in Éirinn.

Is féidir go mbeadh gnáthchónaí ort agus go gcaithfeá am lasmuigh d'Éirinn fós ar laethanta saoire gearra, ag taisteal nó i mbun staidéir. Má tá sé mar choinníoll le haghaidh d'íocaíochta, ní mór go mbeadh gnáthchónaí ort fós in Éirinn agus tú á íoc.

Fostaíocht Inárachais

Seo fostaíocht daoine idir sé bliana déag agus 66 bliain d'aois i gcás a lán cineálacha fostaíochta atá faoi dhliteanas ranníocaíochtaí ÁSPC a íoc.

Galar liostaithe

Galar atá liostaithe ar an leathanach seo: www.welfare.ie/prescribed-occupational-diseases

Tástáil acmhainne

Ciallaíonn sé sin go bhfaighimid amach cibé acu an gcáilíonn nó nach gcáilíonn tú le haghaidh sochar agus liúntas. Braitheann sé sin ar d'ioncam, ar luach aon réadmhaoine atá agat (seachas do theach) agus aon airgead atá sábháilte agat. Sa tástáil acmhainne cuirtear san áireamh d'ioncam féin agus aon ioncam ó do chéile nó do pháirtí.

MyGovID:

Is cuntas singil é sin a ligeann duit seirbhísí ar líne a úsáid ó go leor Ranna Rialtais. Chun clárú do MyGovID fíoraithe, beidh Cárta Seirbhísí Poiblí agus fón póca ag teastáil uait. Chun níos mó a fhoghlaim agus MyGovID a chruthú tabhair cuairt ar www.MyGovID.ie.

Page 120: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

118118

MyWelfare:

Is é seo an áit a mbíonn seirbhísí leasa ar líne. Tugann sé rochtain ar líne duit ar na seirbhísí sin, lena n-áirítear coinní a dhéanamh agus iarratais a chur isteach ar chuid de na sochair sa treoir seo. Tá sé sábháilte, slán agus inrochtana ar gach gléas. Má tá tuilleadh eolais uait tabhair cuairt ar:www.mywelfare.ie.

Galar ceirde

Ciallaíonn sé seo aon ghalar a tholg tú mar thoradh ar nochtadh d'fhachtóirí riosca mar gheall ar ghníomhaíocht oibre.

Ranníocaíochtaí (ÁSPC) íoctha:

Is ionann ranníocaíochtaí íoctha agus íoc isteach i do chiste Árachas Sóisialta Pá-Choibhneasa (ÁSPC).

Árachas Sóisialta Pá-Choibhneasa (ÁSPC):

Is ranníocaíocht é seo a íocann tusa isteach sa chiste árachais shóisialta.

Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP)

Is uimhir thagartha uathúil í seo a chabhraíonn leat teacht ar shochair leasa shóisialaigh agus ar sheirbhísí agus eolas poiblí in Éirinn.

Cárta Seirbhísí Poiblí:

Is cárta é seo a chruthaíonn agus a fhíordheimhníonn d'aitheantas chun go mbeidh tú in ann rochtain iomlán a bheith agat ar sheirbhísí poiblí go héasca agus go sábháilte.

Page 121: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

119119

Duine fásta cáilithe

Ciallaíonn sé sin go bhfuil ioncam do chéile nó do pháirtnéara faoi bhun leibhéal áirithe agus go bhfaigheann tú méadú ar d'íocaíocht ina leith.

Leanbh cáilithe

Is féidir leat méid breise ar a dtugtar Méadú i leith Leanbh Cáilithe a fháil do do leanbh. Chun an méadú seo a fháil ní mór maidir le do leanbh:

• go mbeidís ina gcónaí leatsa sa Stát;

• go mbeidís ag an aois cheart don íocaíocht atá a héileamh agat (bíonn an aois difriúil ag brath ar an scéim); agus

• nach mbeidís faoi choimeád dlíthiúil.

Clárúchán SAFE

Is próiseas é seo a úsáideann an Roinn chun aitheantas duine a shocrú agus a fhíorú ionas gur féidir léi a bheith cinnte gurb é/í an duine céanna an duine atá ag úsáid na seirbhíse agus an duine a mhaíonn siad gurb é/í. Nuair a chláraíonn tú don tseirbhís seo ar líne, iarrfar ort freastal ar Ionad Intreo chun Cárta Seirbhísí Poiblí a fháil (féach thuas). Cabhróidh d'Ionad Intreo áitiúil leat leis an bpróiseas seo de réir mar is gá.

TÚS

Scéim um shocrúchán oibre don phobal is ea é seo a chuireann deiseanna gearrthéarmacha oibre ar fáil do dhaoine dífhostaithe. Is chun tairbhe an phobail na deiseanna oibre agus is iad eagraíochtaí pobail agus deonacha i gceantair uirbeacha agus tuaithe araon a chuireann na deiseanna oibre ar fáil.

Page 122: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

120120

Ioncam neamhthuillte:

I measc samplaí den chineál seo ioncaim, tá: ioncam cíosa, ioncam infheistíochta, díbhinní (airgead íoctha le scairshealbhóirí cuideachta) agus ús ar thaiscí agus coigealtas. Íoctar ÁSPC i ndáil leis an ioncam sin.

Clár Socrúcháin Oibre

Is clár é seo a thugann taithí oibre ar feadh naoi mí do chéimithe agus do dhaoine eile atá dífhostaithe sna hearnálacha príobháideacha, poiblí, pobail agus deonacha.

Page 123: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil
Page 124: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

122

Page 125: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

123

Page 126: Do Threoir ar ár Scéimeanna agus Seirbhísí: Breoiteacht ... · le cinneadh ar d'éileamh ar Shochar Breoiteachta. Is íocaíocht sheachtainiúil é seo do dhaoine nach bhfuil

124