8
iMúscraí iMúscraí Dé hAoine 26 Deireadh Fómhair 2012 http://www.imuscrai.com SAOR IN AISCE Nuachtlitir Chomharchumann Forbartha Mhúscraí Comharchumann Forbartha Mhúscraí Oifig Sheirbhísí Teanga Mhúscraí Ionad Óige Dónal Ó Liatháin Cúil Aodha Co. Chorcaí. Teil: 026 65781 085 8130777 http://www.imuscrai.com Oirniú an Athar Damien i mí Iúil - griangraf agus dán ar Lch 5 D’éirigh go seoigh leis na bailte ó Mhúscraí a chur isteach ar Chomórtas na mBailte Shlachtmhara i mbliana. Níor buadh aon duais, go fóill, ach tá dul chun cinn déanta ag Cúil Aodha agus Béal Atha’n Ghaorthaidh agus tá Baile Mhic Íre/Baile Mhúirne ar ais sa chomórtas arís. Seo thíos roinnt sleachta ó thuairiscí na moltóirí: A great performance again from the Múscraí villages who entered the Tidy Towns. No prizes were won but significant progress was made by Cúil Aodha and Béal Atha’n Ghaorthaidh and Baile Mhúirne/Baile Mhic Íre made a successful return to the competition. Here are some extracts from the adjudicators’ reports. Béal Atha’n Ghaorthaidh 286 – suas ó 284 anuraidh Bhí cuma breá gnóthach ar an áit le linn mo chuairte ann. Tá sé sóiléir go raibh bhur gcoiste gníomhach le tamall anois agus tá a rian sin le feiscint ag aon duine a thugann cuairt timpeall na há ite. Tuilleadh ar leathnach 2 Múscraí slachtmhar Tá dlús á chur faoin obair chun Ionad e- ghnó a bhunú i gCill na Martra tar éis do Chomhairle Contae Chorcaí a thabhairt le fios go raibh solas glas ‘i bprionsabal’ don iarra- tas ó Choiste Forbartha Chill na Martra agus an Comharchumann. Tá sé i gceist an Ionad nua a lonnú i sean tigh an tsagairt chúnta i gCill na Martra agus beidh roinnt oibre feabhsuit- he á dhéanamh ar an láthair san am atá amach romhainn. ’Séard atá i gceist leis an Ionad ná go mbeidh áis ann do lucht gnó atá ag iarraidh tús a chur le fiontar nua nó fiontar baile a bhogadh go láthair oifige le seirbhísí oifige. Beidh ceangal gasta idirlín ar an láthair, rud a chabhróidh le fiontraithe r-ghnó ach go háirithe. Anuas air sin beidh seirbhís rúnaíochta agus fáilt- ithe mar aon le clódóirí agus fótachóipeáil ar fáil chomh maith. “San aeráid eacnamaíochta seo, tá sé deacair d’iontraithe dul sa tseans agus aghaidh a thabhairt ar an mhargadh,” arsa Concubhar Ó Liatháin, Bainisteoir an Chomharchu- mainn. “’Séard a bheidh i gceist leis an ionad seo ná go mbeidh na seirbhisí riachtanacha a bhíonn ag teastáil ó ion- traithe ar fáil ar aon láthair agus ar chostas réasúnta nach mbrisfidh do bhanc!” Chuir Gearóid Ó hÉalaithe ón gCoiste Forbartha i gCill na Martra fáilte roimh an dul chun cinn chomh maith. “Beidh sé ina áis iontach don sráidbhaile agus tá áthas orainn go bhfuil an solas glas faighte.” Tá sé tábhachtach anois go mbeidh fiontraithe nua ann chun an spás a líonadh. “Tá an-áthas orainn ceann de na hionaid r-ghnó seo a lonnú i nGaeltacht Chorcaí,” a dúirtMaeve Bowen ón Ion- ad r-Fhiontraíochta i Maigh Chromtha a chabhraigh go mór leis aniarratas seo. Work is progressing on es- tablishing an e-commerce centre in Cill na Martra in early 2013. is follows the news from Cork County Coun- cil that a joint application from Coiste Forbartha Chill na Martra and the Comhar- chumann has received the green light. e centre will provide a one stop shop for budding entrepeneurs with secretarial services, a fast internet link and a recep- tion service. further info:concubhar.oli- [email protected] Naomh Abán Buaiteoirí Craobh Mionúr an Chontae 2012 Múscraí i mbun E-Ghnó! Cead tugtha ‘i bprionsabal’ le h-aghaidh ionad i gCill na Martra Aindrias Ó Múineacháin, Comhairleoir Contae ag bron- nadh teastais ar Helen de Gordún, Cathaoirleach Choiste Bhailte Shlachtmhara Chúil Aodha

iMúscraí

Embed Size (px)

DESCRIPTION

An Eagrán is déanaí de nuachtlitir Chomharchumann Forbartha Mhúscraí, iMúscraí. Scéalta, fógraí, pictiúir ó Ghaeltacht Mhúscraí

Citation preview

Page 1: iMúscraí

iMúscraíiMúscraíDé hAoine 26 Deireadh Fómhair 2012 http://www.imuscrai.com SAOR IN AISCENuachtlitir Chomharchumann Forbartha Mhúscraí

Comharchumann Forbartha Mhúscraí

Oifig Sheirbhísí Teanga Mhúscraí Ionad Óige Dónal Ó LiatháinCúil AodhaCo. Chorcaí. Teil: 026 65781 085 8130777http://www.imuscrai.com

Oirniú an Athar Damien i mí Iúil - griangraf agus dán ar Lch 5

D’éirigh go seoigh leis na bailte ó Mhúscraí a chur isteach ar Chomórtas na mBailte Shlachtmhara i mbliana. Níor buadh aon duais, go fóill, ach tá dul chun cinn déanta ag Cúil Aodha agus Béal Atha’n Ghaorthaidh agus tá Baile Mhic Íre/Baile Mhúirne ar ais sa chomórtas arís. Seo thíos roinnt sleachta ó thuairiscí na moltóirí:

A great performance again from the Múscraí villages who entered the Tidy Towns. No prizes were won but significant progress was made by Cúil Aodha and Béal Atha’n Ghaorthaidh and Baile Mhúirne/Baile Mhic Íre made a successful return to the competition. Here are some extracts from the adjudicators’ reports.Béal Atha’n Ghaorthaidh 286 – suas ó 284 anuraidh

Bhí cuma breá gnóthach ar an áit le linn mo chuairte ann. Tá sé sóiléir go raibh bhur gcoiste gníomhach le tamall anois agus tá a rian sin le feiscint ag aon duine a thugann cuairt timpeall na háite. Tuilleadh ar leathnach 2

Múscraí slachtmhar

Tá dlús á chur faoin obair chun Ionad e-ghnó a bhunú i gCill na Martra tar éis do Chomhairle Contae Chorcaí a thabhairt le fios go raibh solas glas ‘i bprionsabal’ don iarra-tas ó Choiste Forbartha Chill na Martra agus an Comharchumann.

Tá sé i gceist an Ionad nua a lonnú i sean tigh an tsagairt chúnta i gCill na Martra agus beidh roinnt oibre feabhsuit-he á dhéanamh ar an láthair

san am atá amach romhainn.’Séard atá i gceist leis an

Ionad ná go mbeidh áis ann do lucht gnó atá ag iarraidh tús a chur le fiontar nua nó fiontar baile a bhogadh go láthair oifige le seirbhísí oifige.

Beidh ceangal gasta idirlín ar an láthair, rud a chabhróidh le fiontraithe r-ghnó ach go háirithe. Anuas air sin beidh seirbhís rúnaíochta agus fáilt-ithe mar aon le clódóirí agus fótachóipeáil ar fáil chomh maith.

“San aeráid eacnamaíochta

seo, tá sé deacair d’fhiontraithe dul sa tseans agus aghaidh a thabhairt ar an mhargadh,” arsa Concubhar Ó Liatháin, Bainisteoir an Chomharchu-mainn.

“’Séard a bheidh i gceist leis an ionad seo ná go mbeidh na seirbhisí riachtanacha a bhíonn ag teastáil ó fhion-traithe ar fáil ar aon láthair agus ar chostas réasúnta nach mbrisfidh do bhanc!”

Chuir Gearóid Ó hÉalaithe ón gCoiste Forbartha i gCill na Martra fáilte roimh an dul

chun cinn chomh maith.“Beidh sé ina áis iontach

don sráidbhaile agus tá áthas orainn go bhfuil an solas glas faighte.”

Tá sé tábhachtach anois go mbeidh fiontraithe nua ann chun an spás a líonadh.

“Tá an-áthas orainn ceann de na hionaid r-ghnó seo a lonnú i nGaeltacht Chorcaí,” a dúirtMaeve Bowen ón Ion-ad r-Fhiontraíochta i Maigh Chromtha a chabhraigh go mór leis aniarratas seo.

Work is progressing on es-tablishing an e-commerce centre in Cill na Martra in early 2013.

This follows the news from Cork County Coun-cil that a joint application from Coiste Forbartha Chill na Martra and the Comhar-chumann has received the green light. The centre will provide a one stop shop for budding entrepeneurs with secretarial services, a fast internet link and a recep-tion service. further info:[email protected]

Naomh Abán Buaiteoirí Craobh Mionúr an Chontae 2012

Múscraí i mbun E-Ghnó!Cead tugtha ‘i bprionsabal’ le h-aghaidh ionad i gCill na Martra

Aindrias Ó Múineacháin, Comhairleoir Contae ag bron-nadh teastais ar Helen de Gordún, Cathaoirleach Choiste Bhailte Shlachtmhara Chúil Aodha

Page 2: iMúscraí

Nuacht Dé hAoine 26 Deireadh Fómhair 2012iMúscraí2

Tá www.litríocht.com ag tabhairt lascaine 10% ar gach ordú i rith Seachtain na Gaeilge 2012 ón 5ú go dtí an 17ú Márta. Tá idir r-leabhair, leabhair athláimhe, leabhair as cló agus leabhair nua againn mar aon le breis is míle leabhar do pháistí.Na trí leabhair is mó éilimh dár gcuid ná ‘Fiche Blian ag Fás’, ‘Ecstasy agus Scéalta eile’ agus ‘Gafa’. I measc na leabhar nua atá ar fáil tá ‘Sean, Nua agus Síoraíocht’ Féilscríbhinn in ómós do Dháithí Ó hÓgáin a foilsíodh i mbliana.Tá r-leabhar nua foilsithe ag cló litríocht, ‘Údarás na Gaeltachta, An Lár agus an tImeall, Léargas Eatramhach’, agus leabhar dánta agus amhráin foilsithe acu chomh maith dar teideal ‘Gleanntán an Aoibhnis’ le Seán Ó Muimhneacháin.Téir go dtí www.litriocht.com anois chun do leabhar a ordú agus leas a bhaint as an lascaine 10%.

Slacht ar Mhúscraí Ar lean ó Lch 1u Baineann Béal Átha’n Ghaorthaidh an tairbhe as an suíomh breá cois abhann agus tá a rian sin le feiscint go forlea-than. Tá roinnt de na droichid an-taithneamhach. u Dhein sibh planndaí geala a chur ar bhóthar Bheanntraí lámh le Casadh na Spride agus in áiteanna eile cosúil leis an crósbhóthar. u Is breá leis an moltóir seo an chaoi ina bhfuil an ghlúin óg á spreagadh agaibh le suim a chur sa tsaibhreas fiadhúlra atá mórthimpeall orthu i mBéal Átha’n Ghaorthaidh a fheiscint. An cruthú is fearr air sin ná Casadh na Spride, an gairdín leath-chiorclach ina bhfuil saibhreas dúlra de mhórán sa-ghsanna éagsúla. Bhí fógraí soiléire dátheangacha le feis-cint agus iad maisithe le hobair lámh-dhéanta.u Tríd is tríd ní raibh dram-hail le feiscint san áit ar lá na cuairte. Tá sé soiléir go bhfuil sibh tar éis an-obair a dheá-namh le haird an phobail a dhíriú ar an ngá atá le laghdú agus áthchúrsáil brúscair.

Cúil Aodhau Tá sé rí-shoiléir go raibhbhur gcoiste gníomhach ar feadh na bliana ag réiteach scé-imeanna agus gnéithe éagsúla, agus ansin á gcur i bhfeidhm. Tá rian maith le feiscint ar an saothar in alán áiteanna. Mo-laim sibh. Bhí an léarscáil a she-ol sibh chughainn an-úsáideach agus muid ag gabháil ó shuíomh amháin go suíomh eile.u Is iontach go deo an áis agus an áileacht a bhronnann sé sin oraibh agus tá sibh tar éis leas nach beag a bhaint as an saibhreas aiceanta sin. Rinne an cumadóir ceoil Seán Ó Riada ceiliúradh ar an ábhar sin agus cuireann a dhealbh cuimh-neacháin leis an áit anois.u Tá rian bhur gcuid oibre maidir le tírdhreachú le feiscint go forleathan san áit. Tugadh suntas don bhrat glas a bron-nadh ar an scoil agus sin cruthú go raibh toradh le brath ar ph-landáil chuí.u Mar atá ráite cheana, ta an t-ádh le Cúil Aodha maidir le saibhreas aiceanta agus a bhfuil de fhiadhúlra thartoraibh. Is cinnte go bhfaighe-

ann morán saghas éan agus fei-thidí foscadh agus dídean faoin sean droichead cloiche. Ar lá na cuairte thugamar faoi deara na boscaí neide atá crochta agaibh ar mhaithe leis na héin. An-

smaoineamh é sin cé go bhfuil roinnt acu ró-íseal.u Ta cuma bhreá néata ar fhormhór na bhfoirgneamh. San áireamh tá an séipéal mar-aon leis an gclós thart air ina bhfuil deablh spreagúil cuimh-neachaín Uí Riada. Tá chomh maith, Áras Eamonn Mhic Shuibhne agus Ionad Óige Dhónail Uí Liatháin (leis an eadanchlár cloiche).u Ní raibh aon bhruscar le feiscint againn thart ar an linn snámha- bhí an carrchlós gan smál agus é lonraithe agmúrmhaisiú soilseach. u Bhí an-chuma freisin ar na leithris poiblí- go cinnte is eisceacht iad maidir leis an árd-chaighdeán atá sroichte acu.Baile Mhúirne Baile Mhic Íreu I dtosach báire ba mhaith liom fáilte a chur roimh Baile Mhúirne/Baile Mhic Ire chuig comórtas na bliana 2012.u Is iontach an rud é a fheis-cint cé chomh gníomhach atá an pobal áitiúil sa ghnó seo agus iad ag déanamh andícheall le snas agus cuma

bhreá a chur ar an timpeallacht atá thart orthu. Tá sé soiléir anois go bhfuil rath ar bhur gcuid saothair mar tá dea-thoradh le feiscint sna tionscnaimh éagsúla. u Rud eile, tá creidiúint ag dul don phobal go bhfuil an oiread sin daoine sásta feidh-miú ar an gcoiste atá agaibh.u Thar aon rud eile tugtar suntas do’n ionad stairiúil ag Reilig Ghobnatan mar a bhfuil oilithrigh ag triall leis na céad-ta. Tá diagacht, ciúnas agussuaimhneas le brath san áit. Is deas mar atá na suíocháin leagtha amach.Gné suntasach atá agaibhse ná an éagsúlacht tithe atá le feis-cint timpeall na háite. Tá a bh-formhór curtha i láthair go pai-teanta i dtreo’s go mbeannaíonn siad dá chéile. Mar a bheadh duine ag súil, tithe aonair anchuid is mó acu agus tugann an leagan amach seo neart scóip do ‘na húinéirí gáirdín maisithe a chruthú thart orthu féin.Molaim iad go léir.

Seán Ó Riada: Spreagúil

Siopa de Róiste

Siopa Búistéara - Butchers Shop

Feoil áitiúil d’ard chaighdeánPutóg baile dubh agus bán

Ispiní baile gan ghlútan

Home-made Hot FoodTake-away Breakfasts, Dinners

Tea and Coffee

An Muileann, Baile Mhúirne

Page 3: iMúscraí

NuachtDé hAoine 26 Deireadh Fómhair 2012 iMúscraí 3

Tar éis Samhradh fada agus fliuch, tá aghaidh á thabhairt againn ar an nGeimhreadh a bheidh fada, fliuch agus, ní foláir, fuar! Seo chugaibh an eagrán is déanaí de chuid iMúscraí agus tá súil agam go mbaineann sibh taithneamh agus tairbhe as.

Táimíd ana bhuíoch do na comhlachtaí áitiúla atá ag tacú leis an bhfoilseachán lena gcuid fógraí. Ní cabhair go cabhair na gcarad agus ní neart go cur le chéile.

Mar is eol daoibh, tá an Com-harchumann anois ag feidhmiú trí lá sa tseachtain mar gheall ar an riachtanas cloí leis an mbuiséad ciorruithe. Ag an am céanna, beidh iarracht á dhéanamh againn leanúint ag obair ar son an chean-tair ar bharr ár maitheasa.

Is féidir libhse páirt a ghlacadh in obair an Chomharchumainn trí bheith gníomhach ar an gcoiste. Tá fáilte roimh ghrupaí pobail clarú linn agus ionadaithe a ainmniú ar an gcoiste. Déan teagmháil leis an mbainisteoir, Concubhar Ó Liatháin, ag 085 8130777 nó 026 65781 nó [email protected].

Beidh an chéad eagrán eile ar fáil in am don Éigse agus chun tús a chur le ceiliúradh na Nollag. Ní bhionn an t-am i bhfad ag ime-acht!

Faigheann Comharchumann Forbartha Mhúscraí tacaíocht ó:

Cúpla Focal

Ag damhsa sa bháisteach!

Ní bheadh a shárú le fáil ar scannán de chuid Gene Kelly! Tháinig an rinceoir sean nóis agus ceoltóir aitheanta, Cutb-hert Aratura nó ‘Tura’, go Taispeántas Bhaile Mhúirne/Chúil Aodha le dé-anaí.

D’éirigh leis an slua a chur faoi gheasa lena mheanma ag rince agus ag canadh a leaganacha ‘hip nós’ féin d’amhráin ar nós ‘Óró Sé Do Bheatha Abhaile’.

Bhí sé i láthair ar chuireadh ón gCom-harchumann agus le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta agus ghlac sé páirt i gclár siamsaíochta de cheol Gaelach, amhráin traidisiúnta i mBéarla agus i nGaeilge agus spreag sé go leor rannpháirtíochta ón lucht féachana, idir óg agus aosta!

Cé go raibh an aimsir ghruama ag amanntaí le linn an Taispeántais, d’éirigh go geal leis. Cuireadh ar athló an Taispeántas i mí Lúnasa mar gheall ar Pháirc an Choláiste a bheith ana bhog tar éis baisteach an tSamhraidh. Bhí an fód tirim go maith nuair a cuireadh é ar siúl faoi dheireadh ar 23 Meán Fómhair

ach thit roinnt ceathanna troma baistí le linn imeachtaí an lae.

Bhí go leor páirteach sna comórtais eagsúla, taispeántais chapall, bheithíoch, chaorach agus ghadhar’, agus, gan am-hras, na comórtais cheardaíochta, chó-carála agus ealaíne freisin.

B’é an Comharchumann i bpáirt le Claude Jennequin a chur Clár an Taispeántais le cheile, foilseachán dáthe-angach lándaite. You wouldn’t get the beating of it for singing and dancing in the rain in a Gene Kelly movie. Sean nós dancer and hip nós musician, Tura Aratura, was the star attraction at this year’s Ballyvour-ney/Coolea Show where he held a danc-ing workshop and sang some songs from his new album, Tír agus Teanga. While the weather was gloomy with oc-casional heavy downpours, the mood was good at the Show and there was a good turnout for the various competi-tions. Torthaí : www.taispeantas.com

Spleodar Tura ina bhuaic-phointe ag an Taispeántas

Tura Aratura ar an ardán le dalta óg ag an gceardlann rínce ar an sean nós ag Taispeántas Bhaile Mhúirne-Chúil Aodha. Ceoltóirí ó Chraobh Lachtaín CCÉ atá i mbun ceoil. Pic le Mairéad Ní Thuama

Page 4: iMúscraí

4 Pobal Mhúscraí iMúscraí Dé hAoine 26 Deireadh Fómhair 2012

Mól an óige! Na buaiteoirí faoi aois i Reigiúin na Gaeltachta ar a bronnadh gradaim agus duaiseanna éagsúla ag ocáid in Ostán Ghobnatan Bhaile Mhúirne le déanaí. Grianghraf le Joan McLoughlin

Colceathracha le chéile: Ghlac muintir Uí Shuibhne agus Uí Dhuinnín páirt sa Champa Samhraidh a reáchtáil an Comharchumann i gCill na Martra. Grianghraf le Joan McLoughlin

Ceoltóirí ó Chraobh Naomh Lachtaín Comhaltas Ceoltóirí Éireann ag seinnt ag an Taispeántas i bPáirc an Choláiste, Baile Mhúirne, Grianghraf le Mairéad Ní Thuama

Ar do rothar! Ghlac go leor rothaithe páirt i rothaíocht charthanachta ar an Domhnach, 7 Déireadh Fómhair. Na Valley Wheelers a reáchtáil an ocáid Griangraf le Joan McLoughlin

Ba mhór an scléip a bhí ag páistí ó fud fad Mhúscraí ag an gCampa Samhraidh a reáchtáil Comharchumann For-bartha Mhúscraí Teo le linn mí Lúnasa. Ghlac siad páirt i gcluichí, ranganna ealaíne is eile agus bhí ceardlann acu i Monarcan Prince August i ndéantús saighdiúirí.

Pic: Joan McLoughlin

Pútóg Dhubh agus Bhán déanta anseo i mBaile Mhúirne

i nGaeltacht Mhúscraí

Bain taitneamh as eispéireas ar leith. Dé-antar na putóga dubha agus bána ag baint úsáide as comhábhair aimsithe go háitiúil agus cócaráilte de réir oidis thraidisiúnta.

100% bia nádúrtha100% áitiúil

100% muiceoil

Page 5: iMúscraí

5iMúscraíDé hAoine 26 Deireadh Fómhair 2012 Pobal Mhúscraí

Cúis athais is bróid do mhuintir Chúil AodhaGur faisceadh inár measc an sagart óg DamienMac Gerard agus Nóra, tuistí an mhórtaisA shaol á thabhairt anois do Dhia in Eaglais a GhlóireAn rud annamh is íontach, sagart á óirniúI ré seo an tsoinicis is lag spiorad ar mhóramh.An é seo rial na bpéindlithe tar éis filleadh ar FhódhlaNó céasadh na gCríostaí i Coliseum na Róimhe?S’iad crógacht is calmacht tréithe an óglaighIn Arm Chríost a throidfidh, sí sin an chúis fóntaTá Damien ann liostáilte, is é anois ina óglachI gcathalán atá ar thóir a chabhair is a chomhairle.Go raibh rath ort a Mhisinéir, is ar do pharóistíGo raibh do cheol ina spreagadh don shean agus don óigeFuil nua don Eaglais chun é a chur arís ar fónamhIs aisce sna Flaithis faoi sholas shuthain A GhlóireGo raibh Gobnait is Abán id choi-mirce i gcónaíFionnbarra is Laictín is gach Naomh sa deoiseDo mhuintir is comharsain a sheas-faidh leat i dtólamhTáimid bródúil asat Damien, ár sagart nua óirnithe.

Peadar Ó Riada agus Cór Chúil Aodha in éineacht leis an Athair Damien Ó Loingsigh ag a oirniú i mí Iúil. Beidh albam nua Peadar Ó Riada agus Cór Chúil Aodha, Naomh Gobnait, á sheoladh ag coirmcheol i Séipéal Chúil Aodha ar 16 Samhain ag 7in. Craolfar an ocáid beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Joanne Ní Chéilleachair, Joan Russell(CGO), Olive Loughnane,Roibeard Ó Briain, Eibhlín Ní Thórain & Seán Óg Ó Duinnín tar éis ardú an Bhrait Ghlais ag Scoil Mhuire, Béal Átha’n Ghaorthaidh le déanaí. Grianghraf: Nóirín

An Triúr “Mary’” ó Bhanna Phíobaireachta Bhéal Átha ag ardú an Bhrait Ghlais ag Scoil Mhuire le déanaí -Máirín Uí Thuama, Máire Uí Choncubhair & Máire Uí hÚrdail. Grianghraf: Nóirín Uí Thuama

Page 6: iMúscraí

6 Dé hAoine 26 Deireadh Fómhair 2012iMúscraíNuacht

Múscraí ag ullmhú don Fleadh Cheoil!

Ranganna Gaeilge i gCúil Aodha

Irish classes in Coolea

Cuireadh tús oifigiúil le déanaí le hullmhucháin don chéad fhleadh cheoil Ghaeltachta riamh le tionól i gCo Chorcaí.

D’fhreastail oifigigh ó Bhord Chontae Chorcaí de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ar chruinniú oscailte a d’eagraigh craobh Chill na Martra de chuid na heagraíoch-ta, Craobh Lachtaín Naofa, atá ceaptha chun Fleadh Cheoil Chontae Chorcaí a óstáil ar 10-12 Bealtaine an bhliain seo chugainn.

Beidh an fhéile bhliantúil ceoil, am-hránaíochta agus Gaoluinne ar siúl i sráidbhailte Bhaile Mhúirne agus Bhaile Mhic Íre, le suas le 1,500 iomaitheoir ag glacadh páirte in os cionn 40 catagóir comórtas, agus

na mílte eile ag tuir-lingt ar na sráidbhailte i gcaitheamh deireadh seachtaine na fleidhe.

Tá sé mar aidhm leis an gcraobh áitiúil teanga agus traidisiúin an che-antair a chur chun cinn agus tá oíche Ghaelach agus céilí á bpleanáil cheana féin, mar aon le ‘gig rig’ ceoil traidisiúnta

amuigh faoin aeir.Chuir Con McCar-

thy, Cathaoirleach de Bhord Chontae Chor-caí an Chomhaltais, fáilte croíúil roimh an gcinneadh an fhleadh a chur ar siúl i nGaeltacht Mhúscraí.

“Mar chathaoirleach ar bhord an chontae tá áthas an domhain orm

go bhfuil an fhleadh á reáchtáil sa Ghaeltacht,” a dúirt sé.

“Tá sé á lua agam le roinnt blianta anuas gur bhreá liom go dtionól-faí fleadh an chontae sa Ghaeltacht agus is rí-oiriúnach é go dtar-lódh sé le linn Bliain na Gaeilge.

“Tá 26 craobh an Chomhaltais againn ar fud an chontae agus tá an fhleadh reáchtáilte ag 90% acu ag am amháin nó am eile, ach ní raibh sí ar siúl sa Ghaeltacht sa chontae seo riamh che-ana.

“Is craobh bheag í seo ach craobh fíorghníom-hach i ndáiríre, le sárthraidisiún am-hránaíochta, ceoil agus rince agus gan dabht an Ghaoluinn, mar sin beimid ar fad ag súil go

mór le fleadh Ghael-tachta a dhéanfaidh ceil-iúradh ar an gcultúr sin.

“Tá spéis mhéadaithe i ngnéithe uile ár dtraid-isiúin; Tá an líon io-maitheoirí ag méadú i gcomórtais fhleadh an chontae bliain i ndiaidh bliana agus bhí thart ar 1,500 rannpháirtí againn anuraidh nuair a bhí sí ar siúl i Maigh Chromtha.”

Toghadh coiste na fleaidhe, ag cuimsiú: Cathaoirleach - Seán Ó Muimhneacháin; Leas-chathaoirleach - Gearóid Ó hÉalaithe; Rúnaí - Máire Uí Mhurchú; Rúnaí Cúnta - Bridie de Búrca; Cisteoirí - The-resa Dennehy (Bord an Chontae), Máire Uí Ríordáin; OCP - Pet Uí Chonaill.

Dul fé láimhEasbaig i mBéal Átha’n Ghaorthaidh

Cén cruth atá ar do sheomra codla-ta? An dtaitníonn na dathanna atá ann leat? An seomra compórdach é? An bhfuil fonn ort é a athrú?

Bhuel, seo roinnt tuairimí. Faigh cuirtíní nua ar phola oiriúnach dod' fhuinneog. Cuir péint úr ar an bhfalla in oiriúnt don bhfabric sna cuirtíní.

Cuir péint ar an adhmad, é a dhé-anamh níos gile, Athruigh an troscán mórthimpeall, , bfhéidir dath éagsúil a chur ar an troscán.

Bain úsáid as páipéar falla, ar fhalla amháin nó an seomra go léir.

Tá an t-úafás rogha ar fáil anois mai-dir le páipéar falla .

Caith ruga teolaí ar an úrlár. Cuir dath breise sa seomra le cuisíní nó sciorta ar an leaba.

Dein deimhin cuilt te compordach a chur ar an leaba don Gheimhreadh.

Caithimid ana chuid dár saol sa seomra codlata agus is fiú é a bheith tarraingeach. Buail isteach chugainn agus tabharfaimid cabhair duit cinntí a dhéanamh.

Fáilte romhat - cuireadh ó Fabraic Fíor Álainn

Aonach na Nollag go luath

Tá na hullmhúcháin faoi lán seoil cheana féin do Aonach na Nollag in Áras Éamon Mac Suibhne, Cúil Aodha, ag tús mhí na Nollag.

D’éirigh go geal leis an Aonach seo anuraidh agus bhí go leor díoltóirí - agus ceannaitheoirí - i láthair chun seans a thabhairt do mhuintir na háite bronnta-nais áitiúla ó Mhúscraí a cheannach.

Beidh an ócáid ar bun arís i mbliana, ar an 2ú Nol-laig, sa Halla agus tá fearadh na fáilte á chur roimh dhíoltóirí chun a gcuid earraí a dhíol.

Ar an lá beidh Daidí na Nollag ag teacht ar ch-uairt agus beidh ceoltóirí áitiúla ann chun cur leis an atmaisféar shéasúrach. Mairfidh an margadh óna 10.30 rn ar maidin go dtí 2in.

Má tá suim agatsa áit a chur in áirithe do sheas-tán ag an Aonach, dein teagmháil le [email protected] nó 085 8130777. Níl sé ró luath ná baol air.

Idir an dá linn beidh aonach eile ann ar an 28ú Deireadh Fómhair agus, arís, ar 25ú Samhain. Tá fáilte roimh dhíoltóirí nua i gcónaí. Bionn an mar-gadh ar siúl díreach tar éis Aifrinn i gCúil Aodha ó 10.30rn-meánlae.

The second annual Christmas Market will be held in the hall in Coolea on 2 December next and prepa-rations are well underway for this festive event.

The inaugural market was a tremendous success and attracted many vendors - and purchasers - to avail of the opportunity to buy and sell locally pro-duced items to give as presents.

We are reliably informed that Santa will be calling during the market - which takes place from 10.30am to 2pm on the day - and we will also be joined by lo-cal musicians to add to the atmosphere. If you would like to reserve a place for your stall at this event, please contact [email protected] as soon as possible. It’s never too early! In the mean-time, there’ll also be markets on 28/10 and 25/11.

Beidh ranganna Gaeilge á reáchtáil i mbliana i gCúil Aodha. Is féidir freastal ar na ranganna Dé Máirt 5ú Samhain agus gach Máirt ina dhiaidh sin go dtí 18 Nollaig.

Tá na ranganna seo dírithe sa chéad dul síos ar thosnaitheoirí agus beidh rang ar leith ann chomh maith dóibh siúd ar mhaith leo tabhairt faoi cháilíocht Teastas Eorpach na Gaeilge a bhaint amach.

Ar an Máirt a bheidh na ranganna san Ionad Óige i gCúil Aodha. Idir 7-8rn, beidh rang comhrá ann do thosnaitheoirí ach go háirithe. Idir 8.15-9.15 beidh rang ann do dhaoine ar mhaith leo tabhairt faoi scrúdú TEG a dhéanamh.

Beidh táille €5 gach oíche nó is féidir cúrsa 10 oíche a cheannach ar €40 ach an t-airgead sin a dhíol roimh an triú oíche.

Dóibh siúd a bheidh ag tabhairt faoi Theastas Eor-pach na Gaeilge, beidh or-thu táille a ioc ar an scrúdú. Le haghaidh leibhéil A1-A2 is é €100 an táille. haghaidh leibhéil B1-2, is é €150 an táille. Má eiríonn leat sa scrúdú, is féidir iarratas a dhéanamh ar Údarás na Gaeltachta chun leath den táille a fháil ar ais.

Coolea is the place to be for Irish language classes this coming Winter. By the time you read this Irish classes will have commenced in the Ionad Óige but there is plenty of time and a warm welcome for new beginners to take up the challenge.

There will be a specific conversational Irish class directed at beginners every Tuesday night at 7pm. This will last an hour. Following that class at 8.15pm, there will be a class for those in-terested in attempting the Teastas Eorpach na Gaeilge/European Irish Certificate exams.

The fee for each class is €5 or €40 for ten classes to be paid before your third class.

Further information is available from [email protected] or 026 65781.

Coiste CCÉ Naomh Lachtaín

Page 7: iMúscraí

Is i nGaeltacht Mhúscraí atá an feabhas is mó tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge de réir anailíse atá déanta ar thorthaí Dhaonáireamh 2011.

De réir na bhfigiúirí a foil-síodh le déanaí, tháinig fás sa bhreis ar 2% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i Múscraí idir Daonáireamh 2006 agus Daonáireamh 2011.

De réir an daonáirimh i 2011, tá 982 cainteoir laethúil Gaeilge i Múscraí. B’é 867 an méid a tuairiscíodh i 2006.

Tagann na figiúirí seo leis an bhfás atá luaite leis an nGael-tacht seo san anailís atá déanta ar na torthaí deireannacha de Scéim Labhairt na Gaeilge níos luaithe i mbliana. De réir na bhfigiúirí sin fuair 106 teaghlach an deontas iomlán anuraidh, ardú ó 76 teaghlach ssa bhliain 2006. Tá an t-ardú níos súntasaí nuair a chuireann tú i gcomparáid iad le figiúirí 1993/4 nuair nár bhfuair ach 31 teaghlach an deontas iomlán.

Is cinnte go mbeidh lón machnaimh sna figiúirí seo don

mheitheal pleanála teanga atá ag teacht le cheile i Múscraí le tamall anuas. Beidh dlús brei-se leis an obair seo anois, fiú is nach bhfuil Múscraí luaite i measc an sé cheantar pleanála teanga a treoraíodh le plean teanga a ullmhú níos túisce i mbliana.

Tá 19 gceantar pleanála te-

anga ann ina iomláine. Tá Múscraí agus Oileán Cléire le chéile i gCorcaigh. Tugadh soiléiriú ag cruinniú le linn an tSamhraidh a chinntíonn go mbeidh pleananna teanga ar leith á réiteach i Múscraí agus i gCléire faoi seach, seachas ceann amháin don dá cheantar scartha seo.

Tá fáilte i gcónaí roimh ion-adaithe nua ar an mheitheal pleanála teanga. Má tá suim agat bheith páirteach san obair seo, dein teagmháil le [email protected] nó ag 085 8130777/026 65781.

Gaoluinn MhúscraíiMúscraíDé hAoine 26 Deireadh Fómhair 2012 7

Gaelainn Mhúscraí

The increase of daily Irish speakers in the Múscraí Gaeltacht was greater than that in any other Gaeltacht area, the official figures from the 2011 Census illustrate. This and other data gives a firm foundation to further efforts to enhance the use of Irish in this Gaeltacht and to protect our Gaeltacht status. The group working on lan-guage planning in Múscraí will be able to further build on the progress being achieved to date as their work continues. The figures show that there is an overall increase of daily Irish speakers in the Gaeltacht, which contradicts perceptions that the lan-guage was dying out in the Gaeltacht areas.

Figiúirí Dhaonáireamh 2011 ag léiriú dul chun cinn i labhairt na Múscraí - an Ghaeltacht is mó feabhais

Óstán GhobnatanBaile Mhúirne

Lóistín den ScothBia den Scoth

Comhluadar den ScothTop class Accommodation

Excellent FoodGreat Craic

Ná caill an seisiún Ceoil gach oíche ShatharnDon’t Miss our

Saturday Sessionwww.theabbeyHotel.ie

Tel:026 45324

Page 8: iMúscraí

Eolas/imeachtaí8 Dé hAoine 26 Deireadh Fómhair 2012iMúscraí

D’ardaíodh an Brat Glas ag Scoil Mhuire i mBéal Átha’n Ghaorthaidh tar éis ocáide fíor thaithneamhaí le déanaí.

Sa phictiúr seo ó Nóirín Uí Thuama léiritear an brat á ardú ag daltaí, Joanne Ní Cheilleachair agus Roi-beard Ó Briain, in éineacht le Joan Russell, Príom-hfheidhmheannach an Choiste Gairm oideachais, Olive Loughnane, an lúthchleasaí Oilimpeach, agus Eibhlín Ní Thoráin. Seoladh suaitheantas agus manna nua ar an lá freisin. Is é ‘Céim ar Chéim’ an manna nua. Thug na haoi chainteoirí agus Príom-hoide na Scoile, Seán Ó Duinnín, ard mholadh do na daltaí as a dteacht i láthair muiníneach.

“Tá údar bróid agaibh go léir,” dúirt an Príomhf-heidhmeannach Russell.

Scoil Mhuire ag ardú an bhrait

Naomh Abán Curaithe an Chontae 2012

Diarmuid Ó Liatháin, Captaen na foirne, ag tabhairt oráide.

Imreoirí Naomh Abán ag ceiliúradh a mbua stairiúil.

Curaithe Domhanda: Bhuaigh daltaí Cumann Tae Kwon Do Bhaile Mhúirne go leor boinn óir ag Craobh an Domhain i Flor-ida. In éineacht leis an Maistir Dalton, tá na buaiteoirí Péigí Nic Suibhne, Jordan agus Julian Dalton le déanaí.

Bhuaigh Naomh Abán ar Phobal Uí Chaoimh, 4-14/1-10

Aisteoirí Chúil Aodha, a bheidh ag cur dramaí ó pheann Chonchub-hair Uí Dheasmhumhna ar an ardán anocht san Ionad Chultúrtha.