Upload
others
View
7
Download
0
Embed Size (px)
Citation preview
Dúnfaidh an scoil ar an Déardaoin 22ú Nollaig ag 12 a chlog. Athosclóidh sί ar an Luan 9ú Eanáir ag 8.50r.n. School will close for the Christmas holidays at
12 noon on Thursday, December 22nd and
will re-open on Monday January 9th at
8.50a.m.
Fáilte go heagrán na Nollag do Nuachtlitir na Gaelscoile.Tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as a bheith ag léamh faoin raon agus éagsúlacht d’imeachtaí a bhíonn ar siúl sa Ghaelscoil fhuinniúil seo. Táimid go mór faoi chomaoin ag an bhfoireann go léir as ucht a ndícheall, a bproifisiúntacht agus a ndíograis buaine. Ina theannta sin, táimid thar a bheith buíoch do Chumann na dTuismitheoirí agus Baill an Bhoird Bainistíochta as ucht a gcuid tacaíochta leanúnach. Guímid beannachtaí na Nollag agus gach rath don
Athbhliain ar mhuintir Ghaelscoil na Dúglaise uile.
Welcome to our December Newsletter. We hope you find
it enjoyable and informative regarding events in the
school over the next few weeks. At this time of the year
we would like to acknowledge our dedicated school staff,
Cumann na dTusimitheoirí and Board of Management for
their continuing commitment to our school.
We wish you all a very Happy and Peaceful Christmas and
Best Wishes for 2017.
Go mBeirimid Beo ag an am seo arís
Andrias Ó Foghlú
Teachtaireacht ón bPríomhoide
Le coinnle na n-aingeal tá an spéir amuigh breactha, Tá fiacail an tseaca sa ghaoith ón gcnoc, Adaigh an tine is téir chun na leapan, Luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht Fágfaidh an doras ar leathadh ina coinne, An mhaighdean a thiocfaidh is a naí ar a hucht, Deonaigh do shuaimhneas a ligint, a Mhuire, Luíodh Mac Dé ins an tigh seo anocht Bhí soilse ar lasadh i dtigh sin na haíochta, Cóiriú gan caoile, bia agus deoch, Do cheannaithe olla, do cheannaithe síoda, Ach luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht Máire Mhac an tSaoi
Oíche Nollag
Laethanta Saoire na Nollag
Cumann na dTuismitheoirí
Ba mhaith liom tréaslú le Cumann na
dTuismitheoirí as an obair iontach atá
déanta acu an téarma seo. Is liosta le
háireamh na himeachtaí atá curtha i
gcrích acu.
I would like to congratulate Cumann na
dTuismitheoirí on their outstanding work
this term. They contributed hugely to
school life. I thank them on your behalf
most sincerely.
.
Lego Collection
Léirionn an grianghraf an tacaíocht a tugadh don bhailiúchán lego i gcóir Fondúireacht Jack and Jill. Ba mhaith le Cumann na dTuismithoirí fíorbuíochais a ghábháil le gach duine. The photograph shows the great support given to the lego collection in aid of the Jack and Jill foundation. Míle buíochas ó Chumann na dTuismitheoirí.
Déanfaidh ranganna Naíonáin Bheaga agus Naíonáin Mhóra cur i láthair sa halla ar an gCéadaoin 15ú Nollaig. Naíonáin Bheaga ag 11.00 r.n.agus Naíonáin Mhóra ag 11.45 r.n. Tosnóidh an taispeantas láithreach ag 11.00r.n. Fáilte roimh thuismitheoirí na Naionáin Bheaga chuig an halla ó 10.30 ar aghaidh. Iarraimid ar thuismitheoirí gan aon pháiste eile dá gcuid a thógaint ón seomra ranga. Beidh deis faighte ag an scoil ar fad feachaint ar an gcleachtadh deiridh. Children from Junior and Senior Infants will perform in the school hall on Wednesday 15th December: Junior Infants at 11a.m. and Senior Infants at 11.45a.m. The show will begin promptly at 11.00a.m. with Naíonáin Bheaga followed by Naíonáin Mhóra. Junior Infant parents are welcome in the hall from 10.30 onward. We request that parents of junior infants leave the hall once their child’s class has performed as the hall has limited capacity excluding parents with children in Senior Infant classes also. Senior infant parents are welcome to the hall from 11.30 . Parents are requested not to take siblings from class as they will have had the opportunity to see the show earlier in the week.
Taispeántas na Nollag
Tá sé de phribhléid ag Gaelscoil na Dúglaise
gur roghnaíodh Múinteoir Denise le bheith
páirteach i bhfeachtas nua ‘sna healaíona. 21
scoil amháin sa tír a bhfuair an deis iontach
seo. Mar chuid den obair seo tá Múinteoir
Denise ag obair i bpáirtnéireacht le Helga. Is
speisialtóir sa rince í Helga.Tá Rang 3 ag
baint mórán taitnimh as an dtionscnaimh seo.
Táid ar bís faoin gcur i láthair poiblí a bheidh
ar siúl ar an Luan 12ú Nollaig ag 1.20-1.45
. Gabhaimid buíochas leis an Ionad
Oideachais áitiúil (CESC ) as ucht a gcuid
tacaíochta.
We are privileged to have been selected to partake
in an arts project organised throughout the country .
Only 21 schools were fortunate to receive places .
Múinteoir Denise is working with Helga a dance
instructor and Rang 3 are benefiting from this project
We are looking forward to their first public
performance and we would like to thank The Cork
Education Centre for their support.
Maidin Caifé
Reachtálfaidh Cumann na dTuismitheoirí Maidin Caife na Nollag ar an Máirt 20ú Nollag ó 10.30 – 1.30i.n. Canfaidh Ranganna 1-2, seinnfidh an Banna Ceoil faoi stiúir Síothmhaith agus seinnfidh an grúpa Suzuki faoi stiúir Úna Daly le linn an chéad leath. Cloisfear an Cór agus Ranganna 3-4 sa dara leath. Beidh Tramore ar fáil i gcóir páirceáil. Tá fáilte mhór roimh gach éinne. The Parents Association are organising their annual Christmas Coffee morning on Tuesday 20th December. The Banna Ceoil accompanied by Síothmhaith and the Suzuki group accompanied by Úna Daly will perform and Ranganna 1-2 will sing during the first half of the coffee morning. Cór na Scoile and Ranganna 3-4 will perform during the second half of the morning.
Crannchur na Nollag
Déanfar na ticéid a tharraingt do Chrannchur na Nollag ag an maidin caifé ar an 20ú Nollaig. Tá móran duaiseanna bailithe ag Cumann na dTuismitheoirí fén dtráth seo. Christmas raffle will take place at the coffee morning on Tuesday 20th December. Cumann na dTuismitheoirí wish to thank most sincerely all those who contributed.
Scoil Cheoil na Cathrach
Cuirfidh páistí scoile atá ag foghlaim uirlisí le Scoil Cheoil na Cathrach (piano, veidhlín, feadóg agus giotar san áireamh) ceolchoirm ar siúl ar an 13ú Nollaig ag 7.30i.n City Music College students will give a musical presentation of piano, violin, whistle and guitar at 7.30p.m. on 13th December in the school hall.
Scoil Phobal na Dúglaise
Táimid an-bhuíoch do bhainistíocht Scoil Phobal na Dúglaise a thug cuireadh do Ranganna 4-6 féachaint ar a ngeamaireacht ar gCéadaoin, 30ú Samhain. Children from 4th to 6th class were invited to Douglas Community School to view their annual Christmas Panto on Wednesday, 30th November. Bhaineadar taitneamh nach beag as! Go raibh míle maith agaibh.
Oíche Scannánaíochta
Bhain na daltaí taitneamh as tairbhe nach beag as an scannán a taispeánadh ar an Aoine Buíochas le Cumann na dTuismitheoirí as ucht é a eagrú agus do Mhúinteoir Fiona a chabhraigh leo. The pupils really enjoyed the Movie Night. Buíochas le Cumann na dTuismitheoirí for organising the event and to Múinteoir Fiona for helping at the event.
Tráth na gCéist Sciath na Scol
Glacfaidh Conchúr Mac Gafraidh, Ryan Ó Néill, Seán Ó Laoire agus Cathal Ó hÁileacháin páirt i Tráth na gCeist Sciath na Scol ar an 7ú Nollaig ar son na scoile . Guímid gach rath oraibh a bhuachaillí!
Conchúr Mac Gafraidh, Ryan Ó Néill, Seán Ó Laoire agus Cathal Ó hÁileacháin will represent the school in a Sciath na Scol quiz on the 7th of December go n-éirí go geal libh!