Upload
others
View
2
Download
0
Embed Size (px)
Citation preview
le Liz WeirLéaráidí le Corrina Askin
Éist agus Smaoinigh!
1
Féinbhainistiú
Tá ‘An bhFuilimid Ann Go Fóill?’ ar cheann de chúig leabhar i sraith scéalta spreagthacha a chuimsíonn Creatlach Scileanna Smaointeoireachta & Ábaltachtaí Pearsanta Thuaisceart Éireann. Feicimid teaghlach Áine agus Phóil agus iad ag déanamh réidh do na laethanta saoire acu. Tá cuid mhór le heagrú! Tá rudaí le déanamh ag gach duine. Beidh an scéal seo ina chuidiú ag páistí roghanna a dhéanamh agus bheith freagrach. Caith seal ina gcuideachta agus a iad ag tabhairt aghaidhe ar an Fhrainc, Bon Voyage!
An leabhar seo a úsáid leis na páistí:
• Léigh an leabhar seo do na páistí/déan é a roinnt leo;• Úsáid na pictiúir le cuidiú leis na páistí an téacs a thuiscint;• Bain feidhm as scileanna liteartha amhail réamhinsint, ciall a thuiscint, ceisteanna a chur, athinsint;• Feicfi dh tú in áiteanna áirithe. Is féidir gur mhaith leat stopadh anseo leis an smaointeoireacht a fhiosrú leis na páistí.
(Tá cuid mhór samplaí maidir leis an dóigh leis seo a dhéanamh luaite faoi Ceisteanna le Plé a Spreagadh agus Roinnt Gníomhaíochtaí Foghlama Molta ar chúl an leabhair seo).
• Lena chur ar chumas na bpáistí naisc a dhéanamh trasna an churaclaim, féach an léarscáil intinne ar chúl an leabhair seo.
Ba chóir duit an deis a thapú roinnt focal a bhaineann le Eolas a Bhainistiú a chur i láthair na bpáistí agus tú ag caint leo.
Tá roinnt samplaí anseo thíos:
Ba chóir fosta aird a dhíriú ar chuid den fhoclóir nó frásaí ar leith sa téasc féin má chuidíonn sin leo an scéal a leanúint. Mar shampla:
Féinbhainistiú
• eagrú• seiceáil• seiceáil faoi dhó• réamhsmaoineamh• réamhaithris• smaoineamh os ard• roghanna
• cinntí a dhéanamh• bheith freagrach• iarmhairtí• treoracha a leanúint• lean ort• déan iarracht eile• bain triail eile as
• cuidiú a iarraidh • liosta a dhéanamh• athbhreithniú• machnamh a dhéanamh• measúnú• is/ní maith liom
Tá tuilleadh eolais ar Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta ar fáil ar www.nicurriculum.org.uk
• ag déanamh réidh• laethanta saoire• gnóthach• cuisneoir• pas• eochair• tamall• ionad campála
• roimhe• deacair• aisteach• thug... barróg do• i gcogar• thiomáin• cheana féin• sparán
• tuirse• feicim le mo shúilín beag...• scannán• léarscáil• contráilte
2
Is maisitheoir, déantóir priontaí agus beochantóir í Corrina Askin a bhfuil dámhachtainí bainte aici. Ar na dámhachtainí seo tá an Bisto Merit le haghaidh maisiúcháin, dámhachtain Cle le haghaidh foilsitheoireachta agus dámhachtain White Ravens ag an Aonach Leabhair Páistí in Bologna. Tá coimisiúin curtha i gcrích aici do MTV, do Channel Four agus do S4C. Is é an tionscadal is déanaí aici sraith bheochana Castle
Farm le haghaidh páistí a bheidh á craoladh ar Channel Five in 2010. Nuair a bhí sí ar scoil ba mhinic na múinteoirí ag tabhairt amach di mar gheall ar bhreacaireacht agus aislingeacht ach is iad seo atá ar bun anois aici gach lá mar obair!
Is scríbhneoir agus scéalaí proifi siúnta í Liz Weir a théann fud fad an domhain uilig lena cuid scéalta a roinnt le daoine eile. Tá dhá chnuasach scéalta do pháistí scríofa aici: Boom Chicka Boom agus Here There and Everywhere a d’fhoilsigh O’Brien Press. Bhí Liz ar The Morbegs de chuid RTÉ agus tá scripteanna scríofa aici do na cartúin teilifíse Together in the Park. Tá sí ina cónaí in Ballyeamon Barn i nGlinntí Aontroma agus téann sí isteach i scoileanna lena scéalta a insint do na páistí agus le ceardlanna a reáchtáil do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí.
Admhálacha
Ba mhaith le CCEA aitheantas agus buíochas a thabhairt do na daoine seo a leanas as an chuidiú mhór iontach a thug siad leis an áis seo a fhorbairt:
• Carol Weatherall, Belfast Education and Library Board
• Ruth Stevens, South Eastern Education and Library Board
• Marie Mullan, St Mary’s Primary School, Dunsford
• Paula Rafferty, Cloughoge Primary School, Newry
Deartha agus táirgthe ag CCEA | Multimedia
3
4
Bhí áthas mór ar Áine go cinnte. Bhí sí ag déanamh réidh do na laethanta saoire.
Bhí gach duine iontachgnóthach!
5
6
“Cá háit a bhfuilimid ag dul sa Fhrainc, a Dhaidí?” arsa Pól. “Taispeáin dom é.”
7
“Ba mhaith liom dul goDisneyland!”
“Ba mhaith liomsa dul go dtí an trá!”
8
“Ní bheimid ag dul áit ar bith nó níl rud ar bith réidh againn go fóill,”arsa Mamaí.
“Tá liosta déanta agam. Amharc, tá sé ar an chuisneoir.”
9
“Beimid ag dul ar an bhád,” arsa Daidí.
10
“Agus ansin beidh turas fada sa charr againn. Beimid ar an bhóthartamall fada. Seo an t-ionad campála, in aice le loch mór.Tá trá ann fosta.”
11
12
“Tá rud beag Fraincise agamsa,” arsa Pól. “Bonjour, sin Dia duit agus merci, sin go raibh maith agat.”
“Agus thig liomsa cuntas godtí cúig,” arsa Áine.
“Beimid ceart go leor agusan bheirt seo ag cuidiú linn,” arsa Daidí agus é ag gáire.
13
“A Áine, An bhfuil do chuid éadaigh réidh agat?. Beimid ann seachtain, tá a fhios agat,” arsa Mamaí.
“An mbeidh geansaí de dhíth orm? An mbeidh sé te sa Fhrainc?”
14
“Beidh sé te go leor ach rud beag fuar san san oíche b‛fhéidir.”
“Cuir do chulaith oíche i do mhála fosta. Beimid oíche amháin ar an bhád,” arsa Mamaí.
Scairt Daidí, “Agus uachtar gréine agus na hataí gréine fosta!”
15
“Cad é faoi Rua agus Órga? An mbeidh siad ceart go leor?” arsa Áine.
“Tabharfaidh Daideo aire dóibh,” arsa Pól.
“Tabharfaidh sé bia dóibh gach lá. Tá nóta ar an chuisneoir dó.
16
17
“Maith thú, a Phóil,” arsa Mamaí. “Caithfi dh sé an post a thógáil fosta agus aire a thabhairt don teach nuair a bheimid ar shiúl. Beidh go leor le déanamh aige.”
18
“Tá áthas orm go bhfuil Mamó ag teacht linn,” arsa Áine.
“An raibh sí sa Fhrainc roimhe?” arsa Pól.
“Ní raibh. Tá áthas mór uirthi anois! Anois an bheirt agaibhse, gabhaigí a luí. Beimid ag tosú go luath ar maidin. Caithfi dh mé an teach a ghlanadh go fóill agus tá Daidí ag cur rudaí sa charr.”
19
Bhí sé deacair ag Áine codladh an oíche sin. Bhí sí ag súil go mór leis na laethanta saoire.
20
21
22
An mhaidin dár gcionn bhí Áine agus Pól ag ithe bricfeasta nuair a bhuail cloigín an dorais.
23
24
“Sin Mamó!” arsa Áine. “Amharc ar na héadaí aisteacha atá uirthi!”
“Bí deas!” arsa Mamaí. “Ná habair sin, ní minic a théann sí ar saoire.”
25
26
Thug Daideo barróg dóibh uilig agus isteach sa charr leo.“Slán libh! Bíodh am maith agaibh!”
27
28
“Táimid réidh. Au revoir!”
“Sin slán,” arsa Pól i gcogar.
“Tabhair aire do Rua agus do Órga!” a scairt Áine.
“Anois, a Áine, cuir ort an crios sábhála. An bhfuil crios ortsa a Phóil? Cad é faoi do chrios sábhála féin, a Mhamó?” arsa Daidí.
29
30
Thiomáin Daidí síos an tsráid agus amach ar an bhóthar.
“Táimid ar an bhealach anois,” arsa Mamaí.
“Agus táimid in am fosta...mar athrú!!” arsa Daidí.
“Tá tart orm,” arsa Áine.
“Cheana féin? Tá uisce sa mhála agam,” arsa Mamaí.
31
32
“Cá háit a bhfuil mo sparán?” arsa Áine.
“Ar chuir tú isteach é? Bhí sé sa chistin nuair a chonaic mise é,” arsa Mamaí.
“Níl sé anseo!”
33
34
“Níl an t-am againn dul ar ais,” arsa Daidí, “beimid mall don bhád.”
“Is babaí mór í!”
35
36
“Ní hea!”
“Ná bígí ag troid anois,” arsa Mamaí.
“Is leor sinanois!”
37
Ní raibh an turas sa charr go dona. D‛imir siad ‘Feicim le mo shúilín beag‛ le Mamó. Ansin chuntais siad cá mhéad bó a chonaic siad sa pháirc. Bhain Áine an cluiche sin.
38
Nuair a tháinig tuirse orthu d‛éist siad le ceol agus thit Áine ina codladh.
39
Thaitin an bád go mór le hÁine agus le Pól. Bhí sé iontach mór.
40
D‛ith siad dinnéar, d‛amharc siad ar scannán agus isteach sa chábán leo ansin. Nuair a mhúscail siad ar maidin bhí siad sa Fhrainc.
41
42
43
44
Thiomáin Mamaí an carr amach as an bhád agus d‛amharc Daidí ar an an léarscáil.
D‛amharc Áine amach ar an fhuinneog.
“Amharc ar na carranna uilig ag dul an bealach contráilte!”
“Ní hea, a Áine, sin an bealach ceart sa Fhrainc. Caithfi mid dul ar an taobh eile den bhóthar anseo,” arsa Daidí.
45
46
“Agus caithfi mid euro a úsáid anseo,” arsa Mamó.
“Níl airgead ar bith ag Áine! Ní bheidh sí ábalta rud ar bith a cheannach!” arsa Pól agus é ag gáire.
“Ná bí buartha, a thaisce. Tabharfaidh mise aire duit,” arsa Mamó.
47
48
“An itheann siad bia aisteach?” arsa Áine.
“Beidh tú i gceart, a Áine. Thig linn go leor torthaí blasta agus glasraí úra a cheannach,” arsa
Mamaí agus í ag gáire.
49
50
“Tá na laethanta saoire seo ag dul a bheith iontach maith ar fad,” arsa Áine.
51
“Tá!” arsa gach duine.
52
Ceisteanna le Plé a Spreagadh.Beidh ar an mhúinteoir na ceisteanna a mholtar thíos a chur in oiriúint do na daltaí de réir a gcumas.
Roinnt Gníomhaíochtaí Foghlama Molta (is féidir nach mbeidh siad seo ag teacht go díreach leis na ceisteanna ar clé).
Leathanach 8 Cad é a chaithfi dh tú a dhéanamh sula dtéann tú ar saoire?
Cad é atá de dhíth ort le dul ar saoire? Mar shampla, uachtar gréine, hata gréine, srl.
Cineálacha éagsúla saoire a mholadh: sciáil, campáil, cois farraige, safari, saoire fantaisíochta (an ghealach, mar shampla). Liosta a dhéanamh de na rudaí a bheidh de dhíth ort le haghaidh gach cineál saoire.
Éadaí agus rudaí eile a shórtáil, agus málaí a phacáil le haghaidh cineálacha éagsúla saoire.
Treoracha a scríobh don duine a thabharfaidh aire do do pheata agus tú ar saoire. Abair gur fhág duine peata le do theaghlach - cén dóigh a dtabharfadh sibh aire dó?Pictiúir ‘déan/ná déan’ a chur leis na treoracha.
Leathanach 28 Cad chuige a bhfuil sé tábhachtach crios sábhála a úsáid?
Amharc ar an fhéilire faoi shábháilteacht ar bhóithre.
Amharc ar an suíomh gréasáin faoi shábháilteacht ar bhóithre.
Leathanach 34 Ní dheachaigh athair Áine ar ais chuig an teach lena sparán a fháil. An síleann tú go raibh seo cothrom? Cad chuige?
Na roghanna a rinne carachtair i scéalta eile agus na torthaí a bhí orthu a fhiosrú.
Leathanach 39 Cad é atá i gceist le bheith ag dul ar thuras fada? Cad é mar a dhéanann tú tú féin réidh? Cad é mar a dhéanann tú cinnte go bhfuil gach rud leat?
Na rudaí is féidir a dhéanamh leis an am a chur isteach ar thuras fada a phlé.
Turas cairr a chur i gcomparáid le turas ar bhád... cé acu ab fhearr leat?
Dramhábhair a úsáid le bád a dhéanamh.
Roinnt cluichí don turas a phlé/imirt amhail Feicim le mó shúilín beag, carranna a chuntas, caoirigh a chuntas, buzz, cluichí cuimhne (mar shampla, chuaigh mé ar turas agus chonaic mé....), srl.
53
Leathanach 42 An bhfuil a fhios agat rud ar bith faoin Fhrainc?
Cad iad na leideanna sa ghrianghraf a insíonn dúinn nach bhfuil an Fhrainc cosúil leis an tír seo?
Cad é mar is féidir linn tuilleadh eolais a fháil amach faoin Fhrainc?
D’fhéadfadh na páistí a fháil amach cad é atá ar eolas ag na múinteoirí agus ag na daoine fásta eile sa scoil faoin Fhrainc. Déanfaidh siad an t-eolas a thaifeadadh agus a chur in iúl don chuid eile den rang.
Caife Francach a chur ar bun san áit súgartha.
Lá Francach a reáchtáil – bia/amhráin/frásaí/cluichí Francacha srl.
Euro a bhailiú.
Labhairt faoi bhia na Fraince.
Bratach na Fraince a dhéanamh.
Amharc ar leárscáil shimplí den Fhrainc.
Leathanach 51 An síleann tú go raibh an teaghlach ullmhaithe go maith don tsaoire? Cad chuige?
An ndéanfá féin rud ar bith ar bhealach difriúil?
Taispeántas ranga a dhéanamh dar teideal ‘Na Laethanta Saoire Is Fearr Linn’, le cártaí poist/grianghraif ó thíortha éagsúla.
Cártaí poist a dhéanamh agus a scríobh.
An Fhraincis atá ar fhocail/fhrásaí simplí amhail Dia duit, le do thoil agus go raibh maith agat a fháil amach. An dóigh a ndeirtear na frásaí seo i dteangacha eile a fhiosrú, teangacha na bpáistí sa rang nach as an tír seo iad san áireamh.
Bratacha na dtíortha seo a fhiosrú agus na bratacha a mheaitseáil leis na tíortha.
Suímh Ghréasáin Mholta
www.frenchspanishonline.com/beginnersfrench
www.bbc.co.uk/schools/primaryfrench/index
www.ambafrance-uk.org
www.abcteach.com/directory/language/french
www.teachingideas.co.uk
www.primaryresources.co.uk
www.bbc.co.uk/languages/french/family
www.bbc.co.uk/schools/primaryfrench/games
www.enchantedlearning.com/themes/French.shtml
www.jedessine.com
www.hello-world.com/french
www.roadsafetyni.gov.uk/index/education/kidzone
www.nicurriculum.org.uk/pl (French, German, Spanish, Irish.)
www.learningni.net (Encarta: Children/France.)
An maith leat bheith ag dul ar saoire?
Tá Áine agus Pól ag déanamh réidh le dul ar turas chun na Fraince, ach ar phacáil siad gach rud a bheidh de dhíth orthu?
Léigh an scéal agus faigh amach. Bonnes Vacances!
Smaointeoireacht, Fadhbréiteach, Cinnteoireacht
An Chreatlach Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta
Eolas a Bhainistiú A Bheith Cruthaitheach
Obair le daoine eile Féinbhainistiú
ScileannaSmaointeoireachta
agusÁbaltachtaí Pearsanta