45
Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level by Triona Geraghty Sraith Pictiúr for Examination in 2013 Seo a leanas an 20 sraith pictiúr ar cheart duit a ullmhú roimh an scrúdú cainte. Roghnóidh an scrúdaitheoir sraith pictiúr amháin agus iarrfar ort comhrá a dhéanamh leis/léi faoi ábhar na bpictiúr sin. Chomh maith le cur síos a dhéanamh ar an tsraith pictiúr, ní mór duit trí cheist a chur ar an scrúdaitheoir agus ansin a bheith in ann trí cheist ón scrúdaitheoir a fhreagairt faoi ábhar na bpictiúr. Idirghníomhaíocht atá i gceist anseo. Is fiú 80 marc ar fad í an tsraith pictiúr – 70 marc a bhronnfar don chur síos agus 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san aimsir chaite, ach cibé ceann acu a phiocann tú, bí cinnte go gcloíonn tú leis an aimsir sin tríd síos. Tá na samplaí ar fad thíos déanta san aimsir chaite. Ádh mór oraibh go léir!

Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

  • Upload
    others

  • View
    1

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

Less Stress More SuccessIrish Leaving Cert HigherLevelby Triona Geraghty

Sraith Pictiúr for Examination in 2013Seo a leanas an 20 sraith pictiúr ar cheart duit a ullmhú roimh an scrúdú cainte.Roghnóidh an scrúdaitheoir sraith pictiúr amháin agus iarrfar ort comhrá a dhéanamhleis/léi faoi ábhar na bpictiúr sin.Chomh maith le cur síos a dhéanamh ar an tsraith pictiúr, ní mór duit trí cheist a chur aran scrúdaitheoir agus ansin a bheith in ann trí cheist ón scrúdaitheoir a fhreagairt faoiábhar na bpictiúr. Idirghníomhaíocht atá i gceist anseo.Is fiú 80 marc ar fad í an tsraith pictiúr – 70 marc a bhronnfar don chur síos agus 10 marc do na ceisteanna.Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san aimsir chaite,ach cibé ceann acu a phiocann tú, bí cinnte go gcloíonn tú leis an aimsir sin tríd síos. Tána samplaí ar fad thíos déanta san aimsir chaite.Ádh mór oraibh go léir!

Page 2: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

Sraith Pictiúr 1: Teip sa scrúdú tiomána

Pictiúr a haon� Maidin Dé Luain a bhí ann. Bhí Seán an-neirbhíseach mar bhí sé ag déanamh scrúdú

tiomána. � Fuair sé síob go dtí an t-ionad tástála lena athair. � Ansin, d’fhág Daid slán leis agus ghuigh sé ádh mór air. � Feicimid comhartha ar an doras: ‘Scrúdú Tiomána Anseo’. � Bhí an chuma ar Sheán bocht go raibh sé ag crith le heagla.

Pictiúr a dó� Ansin, bhuail Seán leis an scrúdaitheoir tiomána agus dúirt sé go raibh sé chun cúpla

ceist a chur ar Sheán ar dtús. � Scríobh an scrúdaitheoir síos na freagraí go léir agus ansin lean siad ar aghaidh go dtí

an scrúdú tiomána praiticiúil. � Nuair a shuigh Seán isteach sa charr bhí sé fós neirbhíseach.� Chuir sé air a chrios sábhála agus ar aghaidh leo leis an scrúdú.

LESS STRESS MORE SUCCESS2

Page 3: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

Pictiúr a trí� Nuair a thosaigh Seán ag tiomáint, chonaic sé a chairde ar thaobh an bhóthair. � D’fhéach sé orthu agus bheannaigh sé dóibh. Bheannaigh siadsan ar ais dó, ar ndóigh. � Bhí fearg ar an scrúdaitheoir, áfach, mar ní raibh Seán ag tabhairt airde ar an mbóthar. � Ba léir go raibh an scrúdaitheoir mífhoighneach.

Pictiúr a ceathair� Ansin, gan choinne, nuair nach raibh Seán ag féachaint os a chomhair, bhuail sé cúl an

chairr a bhí roimhe. � Baineadh geit mhór as gach duine sa phictiúr. � Níor thuig an tiománaí bocht sa charr eile céard a tharla. � Bhí scanradh an domhain ar Sheán. � Bhí eagla agus fearg ar an scrúdaitheoir. � Bhí an tiománaí sa charr eile sceimhlithe ina bheatha agus bhí cairde Sheáin ag crith le

heagla.

Pictiúr a cúig� Ansin, tháinig gach duine amach óna gcarranna. � Bhí fearg an domhain ar thiománaí an chairr eile ag an bpointe seo, mar rinneadh a

lán damáiste dá charr. � Chuir sé fios ar na Gardaí. � Nuair a tháinig an Garda ar an suíomh, labhair sé le gach duine. � Mhínigh an scrúdaitheoir don Gharda go raibh Seán ag foghlaim conas tiomáint. � Bhí an-bhrón ar Sheán, gan dabht.

Pictiúr a sé� Nuair a chuaigh Seán ar ais go dtí an t-ionad tástála, bhí an scrúdaitheoir fós crosta go

raibh Seán freagrach as an timpiste bhóthair seo. � Bhí aiféala ar Sheán. � Dúirt an scrúdaitheoir leis go mbeadh seans eile aige sa chéad scrúdú eile. � Mar sin, is léir gur theip air sa scrúdú! � Dúradh leis dul ag cleachtadh arís agus aire a thabhairt ar an mbóthar. � Dúirt Seán go raibh ceacht foghlamtha aige agus go mbeadh sé cúramach as sin

amach.

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa chéad phictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa chúigiú pictiúr?3. Cén sórt duine é an scrúdaitheoir tiomána, dar leat?

SRAITH PICTIÚR FOR EXAMINATION IN 2013 3

Page 4: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

Sraith Pictiúr 2: Ná húsáid an cárta creidmheasagan chead!

Pictiúr a haon� Bhí Seán agus Ciara ar an idirlíon agus bhí siad ag lorg eolais faoi cheolchoirm sa

Staid Aviva i mBaile Átha Cliath. � Chosain na ticéid caoga Euro. � Bhí fadhb acu, áfach; ní raibh aon airgead acu! � Ansin, dúirt Ciara go raibh cárta creidmheasa Dhaid ar an matal agus go raibh an

uimhir ar eolas aici. � Ba mhaith leo dul go dtí an cheolchoirm mar b’aoibhinn leo an grúpa a bhí le seinm

inti.

LESS STRESS MORE SUCCESS4

Page 5: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

Pictiúr a dó� Ansin, thóg Seán agus Ciara an cárta creidmheasa ó sparán Dhaid. � D’úsáid siad é chun ioc as na ticéid a bhí ar an idirlíon. Céad Euro a bhí orthu. � Ní raibh a fhios ag Daid go raibh an cárta á n-úsáid acu.

Pictiúr a trí� Bhí an cheolchoirm ar siúl sa Staid Aviva. Chuaigh Seán agus Ciara ann lena gcairde. � Bhí an áit dubh le daoine agus sheas na déagóirí díreach os comhair an stáitse ar chúl

na staide. � Bhí an t-atmaisféar leictreach agus bhí an-chraic acu! Bhí siad ag damhsa agus ag

caint. � Caithfidh go raibh an grúpa a bhí ag seinm ar fheabhas.

Pictiúr a ceathair� Sa cheathrú pictiúr, d’fhéach Daid ar a bhille Visa. Níor chreid sé a shúile! � Bhí fearg an domhain air nuair a chonaic sé go raibh a pháistí ag úsáid a chárta. � Bheadh na páistí i dtrioblóid mhór anois, gan dabht.

Pictiúr a cúig� Tar éis sin, ghlaoigh a dtuismitheoirí ar Sheán agus ar Chiara.� Thaispeáin Daid an bille dóibh agus bhí Mam agus Daid ag lorg míniú ar an scéal. � Bhí brón ar na páistí, ach cheap siad go mbeadh sé ceart go leor an cárta a úsáid. � Ní raibh aon amhras orthu sa deireadh, áfach, ach go ndearna siad botún mór. � Bhí a dtuismitheoirí ar deargbhuile.

Pictiúr a sé� Mar phíonós, bhí orthu an teach a ghlanadh ó bhun go barr agus bhí a dtuismitheoirí

ansin ag faire orthu. � Ghlan Seán na fuinneoga agus rinne Ciara an folúsghlanadh.� D’oibrigh siad go crua, gan dabht, ach ba léir go raibh ceacht foghlamtha acu. � Ní úsáidfidís cárta a dtuismitheoirí gan chead arís!

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa chúigiú pictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa tríú pictiúr?3. Cén sórt duine é an t-athair, dar leat?

SRAITH PICTIÚR FOR EXAMINATION IN 2013 5

Page 6: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

Sraith Pictiúr 3: Obair dhian – torthaí maithe sanArdteistiméireacht

Pictiúr a haon� Lá amháin chuaigh Úna go dtí an seomra gairmthreoraí chun comhairle a fháil ón

múinteoir gairmthreoraí. � Is dócha go raibh sí sa séú bliain. � Ba mhaith léi dul go dtí Ollscoil na Gaillimhe chun cúrsa Ceimice a dhéanamh. � Dúirt an múinteoir léi go mbeadh uirthi obair go dian mar bhí ceithre chéad pointe

ag teastáil uaithi. � D’aontaigh Úna leis, ar ndóigh.

Pictiúr a dó� Ansin, bhí Úna agus a cara Síle taobh amuigh den scoil agus iad ag caint.

LESS STRESS MORE SUCCESS6

Page 7: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

� Chuir Síle ceist ar Úna ar mhaith léi dul ag siopadóireacht ar a cúig a chlog. � Bhí brón ar Úna go raibh uirthi í a dhiúltú, ach dúirt sí go raibh a lán obair bhaile le

déanamh aici. � Bhí díomá ar Shíle, ach tá sé soiléir ón bpictiúr go raibh Úna faoi bhrú mór. � Feicimid buachaillí taobh thiar de na cailíní ag imirt cispheile.

Pictiúr a trí� Nuair a chuaigh Úna abhaile, thosaigh an fón ag bualadh. Bhí a cara Ciarán ar an

taobh eile den líne. � D’iarr sé ar Úna an mbeadh suim aici dul go dtí an phictiúrlann mar bhí scannán

iontach sa Savoy agus bhí sé ar siúl ar a hocht a chlog. � Dúirt Úna go raibh brón uirthi, ach go raibh aiste le déanamh aici. � Bhí díomá ar Chiarán nuair a chuala sé é sin.

Pictiúr a ceathair� Sa cheathrú pictiúr, bhí Úna ag staidéar go dian ina seomra leapa. Bhí sí ag scríobh

aiste. � Bhí Daid buartha, áfach, mar ní raibh Úna ag tógáil sosanna agus ní raibh sí ag fáil aer

úr. � Ar an lámh eile, ní raibh imní ar a máthair. Cheap sí go raibh Úna ciallmhar a bheith

ag staidéar. � Is léir go raibh tuairimí difriúla ag Mam agus Daid faoin staidéar!

Pictiúr a cúig� Cúpla mí ina dhiaidh sin, fuair Úna torthaí na hArdteiste ina scoil. � Bhí sí neirbhíseach go dtí go bhfaca sí iad. � Bhí a tuismitheoirí agus a beirt chara in éineacht léi mar thacaíocht. � Nuair a chonaic sí na torthaí, bhí sí go sona sásta mar fuair sí ceithre chéad caoga

pointe. � Dúirt Mam go raibh sé sin go hiontach ar fad agus bhí an-bhród ar na tuismitheoirí. � Dúirt a cairde go raibh na torthaí sin tuillte go maith aici toisc gur oibrigh sí go crua.

Pictiúr a sé� Faoi dheireadh, tá Úna ag clárú in Ollscoil na Gaillimhe agus tá sí thar a bheith sásta. � Beidh sí ag staidéar eolaíochta – b’shin an cúrsa a bhí uaithi. � Caithfidh go bhfuil sí ar bís faoin mbliain atá amach roimpi san ollscoil. � Seans maith go bhfuil sí beagán neirbhíseach chomh maith!

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa chúigiú pictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa cheathrú pictiúr?3. Cén sórt duine í Úna, dar leat?

SRAITH PICTIÚR FOR EXAMINATION IN 2013 7

Page 8: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

Sraith Pictiúr 4: An fhoireann ag cruthú gohiontach

Pictiúr a haon� Mí Meán Fómhair a bhí ann i gColáiste Eoin. Bhí Seán agus Pól i gclós na scoile agus

bhí siad ag caint. � Ansin, thug siad faoi deara fógra ar an mballa. Fógra a bhí ann faoi shraith iomána a

bhí chun tosú. � Bhí foireann na scoile ag lorg imreoirí agus is léir, ó na buachaillí, go raibh suim acu ann. � Dúirt Seán go mbainfidís triail as agus d’fhreagair Pól go labhróidís leis an Uasal Ó Sé.

Pictiúr a dó� An tráthnóna sin, phléigh na buachaillí arís é. Chuir Seán ceist ar Phól an mbeadh

aon suim aige ann agus d’fhreagair Pól go mbainfidís triail as.

LESS STRESS MORE SUCCESS8

Page 9: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

� Ar aghaidh leo ansin go dtí an traenálaí agus labhair siad leis. � Dúirt Seán leis gur mhaith leo imirt ar an bhfoireann agus mhínigh an traenálaí

dóibh go mbeadh traenáil acu dhá lá tar éis scoile. � Chuir Pól ceist air ansin cén t-am a bheadh sé ar siúl.

Pictiúr a trí� Cúpla lá ina dhiaidh sin, bhí na buachaillí ar an bpáirc imeartha ag traenáil. � Bhí an traenáil deacair, ach rinne na buachaillí an-iarracht. � Bhí an traenálaí ag faire orthu agus ag tabhairt treoracha dóibh.

Pictiúr a ceathair � Mí Aibreáin a bhí ann sa cheathrú pictiúr agus bhí an bainisteoir ag caint leis na

buachaillí arís. � Bhí sé ag labhairt faoin mbliain iontach a bhí acu agus an obair dhian a rinne siad.

Dúirt sé mar sin go raibh siad ag dul ar aghaidh go dtí an chraobh. � Bhí bród ar Sheán agus ar Phól, ach bhí siad neirbhíseach freisin. � Feicimid fógra ar an mballa faoin gcraobh. � Bhí na buachaillí ag imeacht ag a dó a chlog agus mhol an fógra do gach duine

tacaíocht a thabhairt don fhoireann.

Pictiúr a cúig� D’imir an fhoireann sa chraobh ansin agus bhuaigh siad. � Bhí Coláiste Eoin ag imirt in aghaidh Coláiste Phádraig. � Bhí sceitimíní áthais ar gach duine mar bhuaigh siad le dhá phointe. � Ghlac Pól an corn ar son na foirne. Is dócha go raibh sé ina chaptaen. D’ardaigh sé an

corn le bród. � An scór a bhí ann ag an deireadh ná Coláiste Eoin, dhá chúl, ocht gcúilín agus

Coláiste Phádraig dhá chúl, sé chúilín.

Pictiúr a sé� Díreach tar éis an cluiche, tháinig an príomhoide ar an suíomh. � Dúirt sé comhghairdeachas leis an bhfoireann agus an traenálaí.� Mhol sé go hard iad agus an obair iontach a rinne siad. Dar leis, bhí siad ar fheabhas. � Ansin dúirt sé go mbeadh cóisir acu chun an bua a cheiliúradh. � Bhí áthas an domhain ar na buachaillí, gan dabht. Caithfidh go raibh siad sásta gur

ghlac siad páirt sa tsraith.

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa séú pictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa chúigiú pictiúr?3. Cén sórt duine é an traenálaí, dar leat?

SRAITH PICTIÚR FOR EXAMINATION IN 2013 9

Page 10: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

Sraith Pictiúr 5: Post samhraidh

Pictiúr a haon� Mí an Mheithimh a bhí ann. Bhí Seán agus Pól ar a laethanta saoire ón scoil agus ní

raibh mórán le déanamh acu. � Chuaigh siad ar an idirlíon chun postanna samhraidh a lorg. � Dúirt Seán go raibh a lán ama saor aige agus d’fhreagair Pól go raibh airgead uaidh

chun éadaí a cheannach chun dul ar saoire agus don choláiste. � Is léir go raibh laethanta saoire leadránach ag na buachaillí agus go raibh airgead ag

teastáil go géar uathu.

Pictiúr a dó� Bhí na buachaillí ag lorg eolais ar an idirlíon faoi obair pháirtaimseartha. � Ba mhaith leo postanna a fháil as baile.

LESS STRESS MORE SUCCESS10

Page 11: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

� Bhí airgead uathu mar bhí a fhios acu go mbeidís ag tógáil árasáin ar cíos nuair abheidís sa choláiste.

� Ansin, chonaic siad fógra faoi phostanna in óstán i mBaile Átha Cliath agus thug siadfaoi deara go raibh an pá go maith freisin.

� Bhí áthas ar na buachaillí. � Dúirt Pól go raibh a dheartháir ag obair ansin, ach go raibh sé imithe don samhradh

agus mar sin go mbeadh spás saor san óstán.

Pictiúr a trí� Ansin, chuaigh na buachaillí go dtí Óstán Uí Néill agus bhí agallamh acu. � Labhair an bainisteoir faoi na dualgais agus na huaireanta oibre a bheadh acu. � Dúirt sé leo freisin go bhfuil sé tábhachtach i gcónaí a bheith béasach ag an obair. � Mhínigh sé dóibh go mbeadh orthu éide oibre a chaitheamh agus ansin thug sé seans

dóibh ceisteanna a chur. � Bhí na buachaillí an-sásta, ar ndóigh, agus ba mhaith leo tosú láithreach.

Pictiúr a ceathair� I bpictiúr a ceathair, feicimid go raibh na buachaillí ag obair sa bhialann. � Bhí Seán taobh thiar den bheár ag freastal ar na custaiméirí. � Bhí Pól ag freastal ar na boird agus thaispeáin sé do na custaiméirí go raibh rogha

speisialta ar an mbiachlár an lá sin. � Is cosúil gur thaitin an obair leo.

Pictiúr a cúig� Ag deireadh an tsamhraidh, labhair an bainisteoir leis na buachaillí arís. � Dúirt sé go raibh sé an-sásta lena gcuid oibre. D’iarr sé orthu obair ag an Nollaig agus

an samhradh ina dhiaidh sin. Dúirt sé leo glaoch a chur air. � D’fhreagair na buachaillí go raibh an obair spéisiúil agus go raibh siad an-bhuíoch

don bhainisteoir.

Pictiúr a sé� Ansin, feicimid na buachaillí ag caint lena dtuismitheoirí. � Is léir go raibh tuismitheoirí Phóil an-bhródúil as. � Dúirt a thuismitheoirí le Seán go raibh sé iontach mar go mbeadh airgead aige don

choláiste. Mhol siad dó rud éigin deas a cheannach dó féin freisin.

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa tríú pictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa cheathrú pictiúr?3. Cén sórt duine é an bainisteoir, dar leat?

SRAITH PICTIÚR FOR EXAMINATION IN 2013 11

Page 12: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

Sraith Pictiúr 6: Fadhbanna ar saoire

Pictiúr a haon� Bhí Mam, Daid, Seán agus Aoife ina suí ag an mbord sa chistin ag labhairt faoi dhul

ar laethanta saoire. � Dúirt Mam go raibh sí féin agus Daid ag sábháil airgid chun dul ar saoire áit éigin. � Dúirt sí go raibh sé i gceist acu dul i mbliana, toisc nach ndeachaigh siad aon áit an

bhliain roimhe sin agus, chomh maith leis sin, bheadh Seán ag déanamh nahArdteiste an bhliain ina dhiaidh sin.

� Dúirt Daid go raibh sé féin ag déanamh taighde ar an idirlíon agus go rachaidís go dtían gníomhaire taistil ag an deireadh seachtaine.

� Is léir go raibh gliondar croí agus sceitimíní áthais ar na páistí.

LESS STRESS MORE SUCCESS12

Page 13: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

Pictiúr a dó� Chuaigh an teaghlach go léir go dtí an gníomhaire taistil le chéile ag an deireadh

seachtaine. � Dúirt na tuismitheoirí leis an ngníomhaire taistil go raibh a rogha déanta acu cheana

féin, toisc go raibh na páistí ag cuardach ar an idirlíon. Theastaigh uathu dul goMalaga.

� Bhí an gníomhaire taistil an-chabhrach agus dúirt sí leo go raibh rogha leathan óstánar fáil san áit sin agus, anuas air sin, go raibh ionadaí ag an gcomhlacht i Malaga.

� Thaispeáin sí na roghanna óstáin dóibh agus, ar deireadh thiar, roghnaigh anteaghlach ceann amháin.

� Is léir gur thaitin cuma na háite leo. Dar leo, bhí na háiseanna ar fheabhas san óstán,bhí sé compordach agus bhí an suíomh go hálainn freisin.

Pictiúr a trí� Ansin, shroich an teaghlach Malaga. Bhí an ghrian go hard sa spéir agus mhothaigh

gach duine an teas nuair a thuirling an t-eitleán i Malaga. � Bhí gach duine ag caitheamh éadaigh samhraidh agus spéaclaí gréine. � Díreach tar éis dóibh tuirlingt, bhuail siad leis an ionadaí taistil. � Chuir sé fáilte mhór rompu go Malaga agus thug sé a uimhir fóin dóibh. Dúirt sé leo

fios a chur air dá mbeadh fadhb ar bith acu. � Caithfidh go raibh áthas an domhain ar gach duine agus go raibh siad ag tnúth go

mór leis na laethanta a bhí le teacht.

Pictiúr a ceathair� Bhí scéal difriúil ann, áfach, nuair a shroich siad an t-óstán. Hotel Sol an t-ainm a bhí

air. � Bhí déistin ar Mham nuair a chonaic sí an seomra leapa. Bhí sé an-salach, ní raibh an

leaba cóirithe fiú amháin agus bhí éadaí caite ar fud na háite. � Gan a thuilleadh moille, chuaigh Mam agus Daid ar ais go dtí an deasc fáilte. � Dúirt Daid leis an bhfáilteoir nach raibh siad sásta in aon chor. Bhí an t-óstán salach,

dar leis, agus d’éiligh sé air óstán eile a fháil dóibh. � Lena linn sin, chuir Mam fios ar an ionadaí taistil agus d’inis sise an scéal céanna dó.� Bhí díomá agus fearg ar an mbeirt acu.

Pictiúr a cúig� Tháinig an t-ionadaí taistil ar ais chucu gan mhoill. � Dúirt sé leo go raibh an-bhrón air. Mhínigh sé go raibh stailc ar siúl san óstán agus go

raibh fadhbanna acu dá bharr. � Dúirt sé go raibh óstán nua faighte aige dóibh, darbh ainm Salles Central. � Dheimhnigh sé dóibh go raibh na háiseanna ar fheabhas san óstán agus go raibh

suíomh an óstáin go deas feisin.

SRAITH PICTIÚR FOR EXAMINATION IN 2013 13

Page 14: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

� Dúirt sé leo go raibh uasghrádú i gceist leis an óstán seo. � Déarfainn gur chuir sé seo an teaghlach ar a shuaimhneas arís.

Pictiúr a sé� Ar deireadh thiar, feicimid an teaghlach ar a sháimhín só sa Salles Central. Is cinnte

go raibh gach duine ar mhuin na muice ag an bpointe seo. � Bhí na páistí sa linn snámha agus bhí na tuismitheoirí ina luí faoin ngrian. � Cheap siad go raibh an áit seo go hiontach ar fad agus smaoinigh Daid ar an

seanfhocal ‘gur olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin’. � Cé go raibh droch-thús leis an saoire, bhí gach rud go breá ag an deireadh agus bhain

gach duine an-taitneamh as a dtréimhse i Malaga.

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa tríú pictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa chúigiú pictiúr?3. Cén sórt duine é an t-ionadaí taistil, dar leat?

LESS STRESS MORE SUCCESS14

Page 15: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

Sraith Pictiúr 7: Obair dheonach

Pictiúr a haon� Bhí Seán agus Liam ar scoil agus bhí siad ag féachaint ar fhógra ar an mballa. � Fógra a bhí ann faoi Chlann Síomóin ag lorg cabhrach ó dhaltaí scoile. � Dúirt Seán go bhfiosródh sé an scéal agus d’fhreagair Liam go mbainfidís triail as. � Thug siad faoi deara ar an bhfógra go mbeadh orthu labhairt leis an bpríomhoide.

Pictiúr a dó� Ar aghaidh leo ansin go dtí Oifig an Phríomhoide. � An cúigiú lá ’s fiche de mhí Meán Fómhair a bhí ann agus chuir na buachaillí roinnt

ceisteanna ar an bpríomhoide faoin bhfógra.

SRAITH PICTIÚR FOR EXAMINATION IN 2013 15

Page 16: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

� Mhínigh sé dóibh go mbeadh orthu málaí a phacáil san ollmhargadh áitiúil an Aoineina dhiaidh sin ón a ceathair go dtí a hocht a chlog.

� Ní raibh fadhb ar bith ag na buachaillí leis sin agus dúirt siad go ndéanfaidís é sin ganaon agó.

Pictiúr a trí� Ansin ar an Aoine, an naoú lá ’s fiche de mhí Meán Fómhair, chuaigh na buachaillí go

dtí an t-ollmhargadh. � Bhí siad ag caitheamh t-léinte le Clann Síomóin scríofa orthu. � Bhuail siad leis an mbainisteoir san ollmhargadh agus labhair siad leis faoin obair a

bhí le déanamh acu. � Dúirt sé leo cuidiú leis na custaiméirí na málaí a phacáil agus bosca bailiúcháin a

fhágáil in aice leo. � Dúirt sé leo freisin gan airgead a iarraidh ar aon duine, ach a bheith néata sa phacáil

agus a bheith béasach, deas agus fáiltiúil le gach duine.

Pictiúr a ceathair� Feicimid ansin bean a bhí ag siopadóireacht san ollmhargadh an lá sin. � Chuala sí fógra ag teacht amach ar an idirchum faoi na déagóirí áitiúla a bhí ag cabhrú

leis an bpacáil an lá sin ar son Chlann Síomóin. � Iarradh ar na custaiméirí a bheith fial agus flaithiúil sa bhailiúchán a bhí ar siúl. � Lean an bhean ar aghaidh go dtí an cuntar ansin agus dúirt Seán go ndéanfadh sé an

phacáil di. � Is léir go raibh an bhean an-tógtha le béasa na mbuachaillí agus cheap sí gurbh an-

smaoineamh é i ndáiríre. � Feicimid Liam sa chúlra agus bhí an rud céanna ar siúl aige. Bhí seisean go deas

cneasta leis na custaiméirí freisin, ar ndóigh. � Bhí an buicéad bailiúcháin ag na buachaillí in aice láimhe.

Pictiúr a cúig� Isteach leis na buachaillí ansin go dtí oifig an bhainisteora chun an t-airgead a

chomhaireamh. � Bhí siad thar a bheith sásta mar bhailigh siad dhá chéad caoga Euro ar fad. � Mhol an bainisteaoir go hard iad as an obair a rinne siad. � Dúirt sé leo go raibh siad an-chneasta leis na custaiméirí agus, dá bhrí sin, thairg sé

post páirtaimseartha san ollmhargadh dóibh.

Pictiúr a sé� Faoi dheireadh, ar an Luan, an dara lá de mhí Deireadh Fómhair, tháinig ionadaí ó

Chlann Síomóin isteach sa scoil agus bhronn an príomhoide seic dhá chéad caogaEuro uirthi.

� Bhí na daltaí go léir i láthair don bhronnadh agus bhí Seán agus Liam chun tosaigh.

LESS STRESS MORE SUCCESS16

Page 17: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

� Dúirt an príomhoide gur bhailigh Seán agus Liam an t-airgead seo tar éis ceithrehuaire a’chloig oibre agus go raibh sé féin agus an scoil go léir an-bhródúil astu.

� Ghlac an bhean leis an seic go fonnmhar agus mhínigh sí dóibh go mbeadh an t-airgead an-úsáideach chun bia, fothain agus seirbhísí eile a chur ar fáil do luchtChlann Síomóin.

� Rinne na buachaillí an-obair gan aon dabht!

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa chúigíú pictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa séú pictiúr?3. Cén sórt duine é an bainisteoir, dar leat?

SRAITH PICTIÚR FOR EXAMINATION IN 2013 17

Page 18: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

Sraith Pictiúr 8: Timpiste sa choláiste samhraidh

Pictiúr a haon� Bhí Seán, Eoin agus Liam ag tosú ar chúrsa Gaeilge i gcoláiste samhraidh sa Ghaeltacht. � D’fhág a dtuismitheoirí slán leo i gclós an choláiste agus ghuigh siad ádh mór orthu.

Dúirt siad leo taitneamh a bhaint as an gcúrsa agus a bheith cúramach. � Feicimid na buachaillí ag fanacht taobh amuigh den choláiste leis na málaí taistil. � Is dócha go raibh siad chun trí sheachtain a chaitheamh sa Ghaeltacht.

Pictiúr a dó� Ansin, feicimid fógra le himeachtaí an lae. � Bhí ranganna Gaeilge acu ó leathuair tar éis a naoi go dtí leathuair tar éis a dó dhéag. � Ina dhiaidh sin, ó leathuair tar éis a dó dhéag go dtí leathuair tar éis a haon, bhí lón

acu sa choláiste. � Ansin, bhí cluichí acu sa pháirc, ar an trá nó taobh istigh, go dtí leathuair tar éis a cúig.

LESS STRESS MORE SUCCESS18

Page 19: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

� Bhí dinnéar acu sna tithe ón a sé a chlog go dtí leathuair tar éis a seacht, agus arleathuair tar éis a hocht, bhí céilí nó seó tallainne acu.

� Faoi dheireadh, glaodh rolla sna tithe ag leathuair tar éis a deich. � Is léir mar sin go raibh lá an-ghnóthach ag na daltaí gach lá den chúrsa.

Pictiúr a trí� Sa tríú pictiúr ansin, bhí na buachaillí amuigh ar an bpáirc (gar don trá) ag imirt peile. � Bhí Liam ag rith leis an liathróid agus bhí buachaill ón bhfoireann eile ag rith ina

dhiaidh. � B’fhéidir gur bhuail an t-imreoir eile é mar ina dhiaidh sin feicimid Liam bocht ina luí

ar an talamh agus pian uafásach aige ina chos. � Bhí sé ag screadaíl leis an bpian. Ba chosúil go raibh a chos briste.

Pictiúr a ceathair� Tógadh Liam go dtí an t-ospidéal díreach ansin. � Chuaigh sé go dtí carr an mhúinteora le cabhair ón múinteoir. Bhí an príomhoide

agus múinteoir eile ansin freisin. � Dúirt an príomhoide leo glaoch a chur air ón ospidéal. Níl aon dabht ach go raibh na

múinteoirí go léir an-bhuartha faoi Liam. � Bhí an coláiste suite caoga míle ón ospidéal. � Feicimid go raibh trua ag na múinteoirí dó freisin mar thuig siad go maith an dúil

mhór a bhí ag Liam sa spórt.

Pictiúr a cúig� Cuireadh Liam ar shínteán san ospidéal agus rinne an dochtúir scrúdú ar a chos. � Ansin labhair an dochtúir leis an múinteoir agus d’inis sé an dea-scéal dó. Buíochas le

Dia, ní raibh an chos briste. `� Dúirt sé le Liam, áfach, go mbeadh air sos gearr a thógáil agus go mbeadh maidí

croise aige ar feadh seachtaine, ach tar éis sin go mbeadh sé go breá. � Bhí faoiseamh mór ar gach duine, gan amhras. � Nuair a d’inis an múinteoir an scéal don phríomhoide ina dhiaidh sin, chuir sé fios ar

mháthair Liam. � Is dócha go raibh áthas uirthi a chloisteáil nach raibh an chos briste agus go mbeadh a

mac ceart go leor sár i bhfad.

Pictiúr a sé� Faoi dheireadh, an oíche sin, chuaigh Liam agus a mhúinteoir ar ais go dtí an coláiste. � Bhí sé fiche tar éis a deich agus bhí céilí ar siúl sa halla. Bhí gach duine ag damhsa. � Bhí siad sásta Liam a fheiceáil ar ais sa choláiste agus chuir siad fáilte mhór roimhe. � Bhí maidí croise ag Liam agus, mar sin, ní bheadh sé ábalta aon rince a dhéanamh ar

feadh na seachtaine. � Is dócha go raibh faoiseamh mór air, áfach. D’fhéadfadh cúrsaí a bheith i bhfad níos

measa.

SRAITH PICTIÚR FOR EXAMINATION IN 2013 19

Page 20: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa chéad phictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa séú pictiúr?3. Cén sórt duine é Liam, dar leat?

LESS STRESS MORE SUCCESS20

Page 21: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

Sraith Pictiúr 9: Tine sa seomra eacnamaíochtbhaile

Pictiúr a haon� Bhí Seán, Liam agus Aoife ag cócaireacht sa seomra eacnamaíocht bhaile ar scoil lá

amháin agus bhí an múinteoir eacnamaíocht bhaile ag faire orthu. � Bhí na daltaí ag caitheamh naprúin agus bhí an múinteoir ag caitheamh cóta bán. � Bhí an friochtán ar an sorn acu agus bhí na buachaillí i bhfeighil air. � Is cosúil go raibh an teas an-ard acu, áfach, mar bhí ola ag dul in airde ón bhfriochtán.

Pictiúr a dó� Go tobann, thosaigh lasracha ag éirí ón bhfriochtán. � D’fhan Seán ansin ag stánadh air agus ag iarraidh na lasracha a mhúchadh. � Níor thuig sé cén fáth a ndeachaigh sé trí thine, ach cheap sé gurbh é an t-ola ba chúis

leis.

SRAITH PICTIÚR FOR EXAMINATION IN 2013 21

Page 22: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

� Bhí scanradh an domhain ar an múinteoir agus scread sí ar gach duine rith amach óngcistin láithreach.

� Bhí sé dainséarach fanacht sa chistin ag an bpointe seo.

Pictiúr a trí� Sa tríú pictiúr, feicimid aláram dóiteáin agus painéal gloine a bhí le briseadh i gcás

dóiteáin. � Rith an múinteoir chuig an t-aláram, bhris sí an ghloine agus bhrúigh sí ar an gcnaipe

éigeandála. � Bhí rírá agus ruaille buaille san áit ansin, mar thosaigh an t-aláram ag bualadh go hard.

Pictiúr a ceathair� Ina dhiaidh sin, chuala daltaí na scoile fógra práinneach ag teacht amach ar an

idirchum ón bpríomhoide. � D’ordaigh an príomhoide do phobal na scoile ar fad siúl amach go dtí an clós go mall,

mar a bhí foghlamtha acu cheana féin. � Ansin, shiúil na daltaí go deas réidh go dtí an t-ionad tionóil sa chúirt chispheile. � Sheas dhá rang ón tríú bliain le chéile agus ghlaoigh na múinteoirí an rolla le cinntiú

go raibh gach duine amuigh ón scoil. � Bhí cuma dháiríre ar na múinteoirí.

Pictiúr a cúig� Lena linn sin, chuaigh beirt mhúinteoirí eile isteach sa chistin le múchtóirí dóiteáin. � Ag an bpointe seo, bhí lasracha agus deatach i ngach áit agus ba dheacair an tine a

mhúchadh. � Rinne siad a seacht ndicheall, áfach, agus sa deireadh d’éirigh leo.

Pictiúr a sé� Nuair a bhí ord agus eagar ar gach rud sa scoil, chuaigh na daltaí isteach i línte. � Bhí an t-ádh ar phobal na scoile go raibh an tine faoi smacht agus nár leath sé amach

ón gcistin. � Bhí náire an domhain ar na daltaí nuair a labhair an múinteoir leo sa deireadh. � D’iarr sí orthu an raibh ceacht foghlamtha acu ón timpiste a tharla sa chistin agus

d’fhreagair siad go raibh gan amhras. � Thuig siad go mbeadh orthu a bheith aireach agus ullamh an chéad uair eile. � Ní dóigh liom gur tharla sé seo dóibh arís!

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa dara pictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa séú pictiúr?3. Cén sórt duine í an múinteoir eacnamaíocht bhaile, dar leat?

LESS STRESS MORE SUCCESS22

Page 23: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

Sraith Pictiúr 10: Gadaíocht ar an traein

Pictiúr a haon� Bhí Aoife agus Áine ag dul go dtí Gaillimh ar an traein. � D’fhág a dtuismitheoirí slán leo ag an stáisiún traenach agus dúirt siad leo a bheith

cúramach. Ghuigh siad ádh mór orthu. � Ní raibh aon duine eile le feiceáil ar an ardán, ach feicimid go raibh traein eile ag dul

go dtí Corcaigh. � Dúirt na cailíní go mbeidís ar ais Dé Luain.

Pictiúr a dó� Ansin, fuair na cailíní a gcuid suíocháin agus shuigh siad síos in aice le fear. � Ní raibh aithne acu ar an bhfear. Bhí sé ag caitheamh spéaclaí gréine, geansaí le stríoca

air agus bhí croiméal aige.� Thóg Aoife amach a leabhar agus thosaigh sí ag léamh.

SRAITH PICTIÚR FOR EXAMINATION IN 2013 23

Page 24: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

� Ansin, thóg Áine amach a ríomhaire glúine agus bhí sí ag obair air. � Bhí mála taistil agus sparán ar an mbord freisin.

Pictiúr a trí� Níos déanaí ar an turas, tháinig tuirse ar na cailíní agus thit siad ina gcodladh. � Caithfidh go raibh áthas ar an bhfear, mar bhí sé ag faire orthu le tamall anuas. � Go discréideach, chuir sé a lámh trasna agus ghoid sé an sparán a bhí ar an mbord. � Níor thug na cailíní faoi deara é in aon chor, ar ndóigh, agus d’éirigh an gadaí agus

d’imigh sé gan mhoill.

Pictiúr a ceathair� Nuair a dhúisigh na cailíní tar éis sin, baineadh geit mhór astu. � Ní raibh an sparán le feiceáil in aon áit. Níor thuig siad cad a tharla. � Cheap Aoife go mb’fhéidir gur thit sé agus dúirt sí le hÁine féachaint timpeall dó. � Bhí cuma an-bhuartha ar an mbeirt chailíní. Ní raibh siad ag súil leis seo ar chor ar

bith.

Pictiúr a cúig� Chuaigh na cailíní díreach ansin go dtí an cigire traenach agus d’inis siad an scéal dó. � Ag an bpointe seo, bhí a fhios acu gur ghoid an fear an sparán mar ní raibh sé le

feiceáil in aon áit. � D’iarr an cigire orthu cur síos a dhéanamh ar an bhfear agus ar an sparán, agus rinne

na cailíní amhlaidh. � Gan aon mhoill, chuir sé fios ar na Gardaí agus dúirt sé leo a bheith ag an gcéad

stáisiún eile ag fanacht leo. � Rinne sé cur síos ar an bhfear a bhí á lorg acu.

Pictiúr a sé� Faoi dheireadh, nuair a shroich an traein stáisiún na Gaillimhe, bhí na Gardaí ag

fanacht taobh amuigh den traein. � Nuair a chonaic siad an gadaí ag teacht anuas den traein, ghabh siad é agus thóg siad

leo é. Baineadh geit as an ngadaí na Gardaí a fheiceáil. � Tháinig duine de na Gardaí ar ais go dtí na cailíní leis an sparán. Chonaic siad go

raibh a gcuid airgid fós ann agus bhí faoiseamh mór orthu. � Ghabh siad buíochas mór leis an nGarda. Bhí an t-ádh dearg orthu cinnte!

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa cheathrú pictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa dara pictiúr?3. Cén sórt duine é an gadaí, dar leat?

LESS STRESS MORE SUCCESS24

Page 25: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

Sraith Pictiúr 11: Bua sa seó tallainne

Pictiúr a haon� Chonaic na buachaillí fógra faoi sheó tallainne áitiúil a bhí ar siúl i mí Bealtaine i

Halla an Phobail. � Nuair a thug siad faoi deara go raibh míle Euro le buachan sa chomórtas, bhí an-suim

acu ann. � Dúirt siad go mbainfidís triail as toisc go raibh siad go léir sa ghrúpa ceoil céanna.

Pictiúr a dó� An Criú Craiceáilte an t-ainm a bhí ar an ngrúpa agus chaith siad mí Feabhra, Márta

agus Aibreán ag cleachtadh don chomórtas. � Bhí Seán ag seinm na fidile, sheinn Liam na drumaí, bhí Eoin ag canadh agus sheinn

Peadar an giotár. � Is léir go raibh siad go léir dáiríre faoin gcleachtadh.

SRAITH PICTIÚR FOR EXAMINATION IN 2013 25

Page 26: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

Pictiúr a trí� Cúpla lá roimh an gcomórtas, d’éist an múinteoir ceoil leis an ngrúpa. � Cheap sé go raibh feabhas mór tagtha orthu agus thug sé cúpla moladh dóibh freisin. � Ansin, tháinig oíche an chomórtais agus feicimid scuaine ag dul isteach sa halla.

Pictiúr a ceathair� Nuair a sheinn gach grúpa eile, tháinig an láithreoir amach ar an ardán agus mhol sé

an ceol an-mhaith a bhí cloiste acu go dtí sin. � D’iarr sé ar an lucht féachana ansin bualadh bos a thabhairt don ghrúpa deiridh, An

Criú Craiceáilte. � Nuair a tháinig na buachaillí amach ar an ardán, chuir an slua mór a bhí i láthair fáilte

mhór rompu.

Pictiúr a cúig� Ag deireadh an chomórtais, tháinig an láithreoir amach ar an stáitse arís agus

d’fhógair sé go raibh an bua ag an gCriú Craiceáilte. � Ghabh sé buíochas le gach duine agus dúirt sé go raibh caighdeán ard ceoil cloiste

acu. � Gan mhoill ansin, bhronn sé an seic ar na buachaillí agus bhí gliondar croí orthu. � B’fhiú go mór an obair dhian a chur said isteach roimh an gcomórtas.

Pictiúr a sé� Lá arna mhárach, thug na buachaillí cuairt ar an siopa ceoil áitiúil, An Fonn Mall. � Dúirt an siopadóir comhghairdeachas leo agus thaispeáin sé dóibh go raibh cúpla rud

ar leathphraghas sa siopa an lá sin toisc go raibh sladmhargadh acu. � Bhí na buachaillí ciallmhar, áfach, agus lean siad ar aghaidh uaidh sin go dtí an banc. � Feicimid Liam ag dul isteach an doras chun an seic lóisteáil ar son an ghrúpa.

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa chúigiú pictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa dara pictiúr?3. Cén sórt duine é an múinteoir ceoil, dar leat?

LESS STRESS MORE SUCCESS26

Page 27: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

Sraith Pictiúr 12: Ag téacsáil sa rang

Pictiúr a haon� Maidin Dé Luain a bhí ann agus bhí rang Mata ar siúl. � Bhí Iníon Ní Shé ag múineadh ailgéabair agus bhí na daltaí ag féachaint ar an gclár

agus ag éisteacht léi. � Ní raibh aon duine ag pleidhcíocht sa phictiúr seo agus bhí cuma dháiríre ar an

múinteoir agus í ag múineadh.

Pictiúr a dó� Nuair a bhí gach duine eile ag obair, fuair Seán téacs ó Liam agus thóg sé amach an

fón. � Cuireadh a bhí ann faoi chóisir a bhí ar siúl i dteach Liam Dé hAoine. � Dúirt Liam go mbeadh a thuismitheoirí imithe agus is léir go raibh áthas mór ar

Sheán an téacs sin a léamh.

SRAITH PICTIÚR FOR EXAMINATION IN 2013 27

Page 28: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

� Ní fhaca Eoin agus Aoife, a bhí os a chomhair, é seo ar chor ar bith mar bhí siad agstaidéar go dian.

Pictiúr a trí � D’athraigh an scéal, áfach, nuair a shiúil an múinteoir Matamaitice síos chuig Seán. � Chonaic sí an fón agus ní mó ná sásta a bhí sí. Rug sí ar an bhfón agus thóg sí léi é. � Bhí fearg ar Sheán agus bhí náire an domhain air freisin mar bhí gach duine sa rang ag

stánadh air. � Ní raibh an dara rogha aige ach an fón póca a thabhairt don mhúinteoir.

Pictiúr a ceathair � Ina dhiaidh sin, bhí ar Sheán dul go dtí Oifig an Phríomhoide. � Chonaic sé a fhón póca ar an mbord agus thóg an príomhoide amach cóip de Rialacha

na Scoile. � Labhair sí leis faoi mheas agus mhínigh sí dó gur chuir a chuid iompair isteach ar gach

duine eile sa rang. � D’admhaigh Seán go ndearna sé botún agus go raibh sé ina amadán. � Thuig sé gur tharraing sé trioblóid air féin, agus bhí brón agus náire air.

Pictiúr a cúig� Ansin, chuir an príomhoide fios ar mháthair Sheáin. � Mhínigh sí an scéal di agus bhí ionadh an domhain ar Mham. Níor chreid sí a cluasa! � Dúirt sí leis an bpríomhoide go dtiocfadh sí isteach sa scoil láithreach. � Bhí Seán bocht i dtrioblóid mhór anois, gan amhras.

Pictiúr a sé � Sa phictiúr deireanach, bhí gach duine in Oifig an Phríomhoide. � Bhí Mam míshásta le Seán, ar ndóigh. Luaigh sí an obair a bhí le déanamh aige do na

scrúduithe. Dúirt sí leis go raibh súil aici gur fhoghlaim sé ceacht uaidh seo agus nachdtarlódh a leithéid seo arís.

� Labhair an príomhoide arís faoi rialacha na scoile agus faoin tábhacht a bhain le dea-shampla a léiriú do na daltaí eile. Bhí uirthi Seán a chur ar fionraí ansin.

� Ghabh Seán a leithscéal leis an mbeirt bhean agus gheall sé nach dtarlódh sé seo arís.Bhí brón agus áiféala air, gan amhras.

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa tríú pictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa cheathrú pictiúr?3. Cén sórt duine í an príomhoide, dar leat?

LESS STRESS MORE SUCCESS28

Page 29: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

Sraith Pictiúr 13: Taithi oibre san idirbhliain

Pictiúr a haon� Maidin Dé Luain a bhí ann agus bhí cruinniú ar siúl sa scoil don idirbhliain faoi

thaithí oibre. � Bhí liosta de na hionaid oibre ar an mballa agus bhí an ceannaire bliana os comhair an

ranga ag labhairt leis na daltaí. � Dúirt sí leo féachaint ar an liosta agus go mbeidís in ann labhairt léi faoi na socruithe

an chéad la eile. Bhí na daltaí ag éisteacht go géar léi. � Scoil bhuachaillí a bhí inti dar liom, mar ní fheicim aon chailín sa phictiúr.

Pictiúr a dó� Sa dara pictiúr, labhair an múinteoir faoi na hionaid oibre agus go háirithe faoin taithí

oibre a bhí ar fáil i mBunscoil an Chlochair agus i nGaráiste Uí Néill.

SRAITH PICTIÚR FOR EXAMINATION IN 2013 29

Page 30: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

� Chuir Seán a lámh in airde chun a rá go raibh suim aige dul ag obair sa bhunscoil, marba mhaith leis a bheith ag obair le páistí.

� Ba mhaith lena chara Liam dul ag obair sa gharáiste.� Bhí an múinteoir sásta é seo a chloisteáil.

Pictiúr a trí� Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, thosaigh na buachaillí a dtaithí oibre. � Bhí an bhunscoil agus an garáiste in aice láimhe agus d’fhág na buachaillí slán ag a

chéile ag na doirse. Is dócha go raibh siad ar bís agus iad ag dul isteach. � Bhí Seán ag dul isteach sa bhunscoil agus bhí Liam ag dul isteach sa gharáiste. � Caithfidh go raibh siad sásta mar fuair siad an taithí oibre a bhí uathu. � Nuair a chuaigh Seán isteach doras na scoile, bhuail sé leis an bpríomhoide ag a oifig

agus chuir an príomhoide fáilte mhór roimhe.

Pictiúr a ceathair� Isteach le Seán sa seomra ranga ansin. Bhí sé i seomra na naíonán. � Phioc sé leabhar ón seilf leabhar agus d’inis sé scéal do na páistí le pictiúir. � Bhí na páistí an-tógtha le Seán. Bhí siad ag éisteacht go géar leis agus ag féachaint ar

na pictiúir. � Ansin, bhí smaoineamh eile aige agus chuir sé na páistí ag tarraingt. Bhain na páistí

an-taitneamh as sin, gan amhras.

Pictiúr a cúig� Feicimid Liam ansin ag obair sa gharáiste. Bhí an meicneoir ag deisiú carranna agus ag

déanamh seirbhíse ar charr amháin. � Bhí Liam ag faire go géar air agus is cinnte go raibh suim mhór aige in obair an

mheicneora. � Scuab sé an t-urlár agus chabhraigh se leis an nglanadh sa gharáiste ag deireadh an lae.

Pictiúr a sé� Sa phictiúr deiridh, bhí na buachaillí ar ais ar scoil agus bhí seisiún aiseolais faoin

taithí oibre ar siúl sa rang. � Dúirt na buachaillí gur bhain siad an-taitneamh as an obair agus gur fhoghlaim siad

go leor as an taithí a fuair siad. � Bhí an múinteoir thar a bheith sásta é seo a chloisteáil agus dúirt sí leo go bhfuair sí

féin aiseolas iontach ó na hionaid oibre. � Bhí gach duine go sona sásta sa deireadh.

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa séú pictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa cheathrú pictiúr?3. Cén sórt duine í an múinteoir, dar leat?

LESS STRESS MORE SUCCESS30

Page 31: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

Sraith Pictiúr 14: Baile slachtmhar

Pictiúr a haon� Sa chéad phictiúr, feicimid íomhá de shráid sa Charraig Óir. � Feicimid tithe agus Coláiste na Carraige Óire agus gan amhras bhí an baile

míshlachtmhar agus salach. � Bhí bruscar caite ar an mbóthar agus ar thaobh na sráide, agus bhí fiailí ag fás timpeall

na háite. � Ní raibh an baile ró-dheas ar dtús.

Pictiúr a dó� Sa dara pictiúr, bhí daltaí an choláiste agus a múinteoir sa rang Gaeilge. � Bhí gach duine ag léamh ailt sa nuachtán áitiúil Caint na Carraige. � Chonaic Seán alt amháin faoin gCarraig Óir. Ní raibh sé sásta nuair a chonaic sé an

cheannlíne: ‘Fadhb an bhruscair níos measa’.

SRAITH PICTIÚR FOR EXAMINATION IN 2013 31

Page 32: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

� Níor chreid aon duine acu a súile. Bheadh orthu rud éigin a dhéanamh faoin scéalscannalach seo!

Pictiúr a trí� Feicimid ón tríú pictiúr nach raibh aon mhoill orthu rud éigin a dhéanamh. I

bpreabadh na súl, bhí fógra thuas ag fógairt go raibh coiste nua glantacháin le bunú. � D’eagraigh siad cruinniú ar leathuair tar éis a trí an lá céanna. Bhí triúr daltaí, an

múinteoir Gaeilge agus an príomhoide i láthair ag an gcruinniú. � Bhí gach duine acu lán dáiríre faoin bhfadhb seo a réiteach. � Mhol an príomhoide dóibh tosú sa scoil féin agus ansin dul ar aghaidh go dtí na

sráideanna taobh amuigh. � Mhol sí dóibh freisin plean cinnte a bheith acu agus cúpla rud a thabhairt do gach

duine le déanamh.

Pictiúr a ceathair� Thosaigh an obair dhian i bpictiúr a ceathair. Fuair Seán agus Liam boscaí bruscair

nua agus thosaigh said córas athchúrsála sa scoil. � Bhí boscaí faoi leith ann do ghloiní, páipéir agus earraí crua. � Chuir siad fógra os comhair na mboscaí ag moladh do dhaoine an bruscar a laghdú,

rudaí a athúsáid agus athchúrsáil a dhéanamh. � Chuir Áine péint nua ar bhallaí na scoile agus rinne Eoin amhlaidh ar na ráillí taobh

amuigh den scoil.

Pictiúr a cúig� Ansin, Dé Sathairn, bhí glanadh suas áitiúil ar siúl sa bhaile mór. � Bhí daoine amuigh ag péinteáil, ag piocadh suas bruscair agus ag glanadh na háite. � Taobh istigh de lá amháin, bhí cuma i bhfad níos glaine ar an mbaile agus is dócha go

raibh na déagóirí an-bhródúil as.

Pictiúr a sé� Faoi dheireadh, nuair a d’fhill siad ar an rang Gaeilge, bhí áthas an domhain orthu

nuair a d’oscail siad an nuachtán áitiúil. � Bhí cinnlínte difriúla ann an uair seo: ceann amháin ag rá go raibh Brat Glas faighte

ag an scoil agus ceann eile i Nuacht an Chontae ag taispeáint go raibh ceacht lefoghlaim ag an bpobal i gcoitinne ó dhaoine óga an bhaile.

� Bhí an múinteoir Gaeilge thar a bheith sásta go raibh tús maith curtha acu leis antionscadal agus go raibh comhoibriú iontach eatarthu go léir.

� Caithfidh go raibh an-bhród ar na daltaí an lá áirithe seo.

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa séú pictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa cheathrú pictiúr?3. Cén sórt duine í an múinteoir Gaeilge, dar leat?

LESS STRESS MORE SUCCESS32

Page 33: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

Sraith Pictiúr 15: Ag toghadh scoláire na bliana

Pictiúr a haon� Bhí an múinteoir ag labhairt le daltaí na scoile faoin toghchán, Scoláire na Bliana, a

bhí le teacht go luath. � Mhínigh sí dóibh an tábhacht a bhain leis an vóta a bhí acu agus dúirt sí leo a bheith

ag smaoineamh ar thréithe an duine agus ar na dualgais a bheadh aige/aici. � Dar léi, bhí sé tábhachtach go mbeadh an duine sin cairdiúil, freagrach agus cabhrach

i gcoitinne le gach duine eile sa scoil. Ansin, d’fhág sí an cinneadh leis na daltaí.

Pictiúr a dó� Lá arna mhárach, bhí an toghchán ar siúl sa scoil. Tháinig na daltaí isteach i ngrúpaí

agus chuir siad a gcuid vótaí isteach sa bhosca. � Bhí an múinteoir ansin ag bailiú na vótaí agus ag feitheoireacht ar an vótáil.

SRAITH PICTIÚR FOR EXAMINATION IN 2013 33

Page 34: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

� Níl aon amhras ach go raibh gach duine sa scoil lán dáiríre faoi agus gur thuig siadtábhacht an toghcháin do phobal na scoile ar fad.

Pictiúr a trí� Nuair a bhí an toghchán thart, chuaigh beirt de na múinteoirí go dtí an oifig

ghinearálta sa scoil. � Chaith siad na vótaí go léir amach ar an mbord agus rinne siad iad a chomhaireamh. � Bhí clár fógra taobh thiar díbh chun na torthaí a thaifeadadh. � Is dócha go mbeidís in ann na torthaí a thaifeadadh ar an ríomhaire chomh maith.

Pictiúr a ceathair� Sa cheathrú pictiúr, bhí gach duine i Halla na Scoile. � Bhí beirt mhúinteoirí agus príomhoide na scoile ar an ardán agus bhí daltaí na scoile

ciúin agus iad ag fanacht go foighneach leis an toradh. � Feicimid an corn in aice leo agus bhí cíor na scoile le feiceáil ar an seastán. � Is dócha go raibh na daltaí ar bís ag an bpointe seo.

Pictiúr a cúig� Gan mórán moille ansin, ghlaoigh an príomhoide amach an toradh. Bhí an bua ag

Sandra Ní Cheallaigh. � Duirt sé le Sandra teacht aníos ar an stáitse agus an corn a ghlacadh. � Bhí an halla lán go doras agus is dócha gur baineadh geit as Sandra nuair a chuala sí a

hainm.

Pictiúr a sé� Bhí sceitimíní áthais ar lucht na scoile ar fad nuair a chuaigh Sandra suas ar an ardán.

Bhí siad go léir ag bualadh bos agus ag screadaíl. � Ghlac Sandra an corn agus is léir go raibh ionadh an domhain uirthi. Níor chreid sí a

súile ná a cluasa! � Nuair a bhí an príomhoide ag rá comhghairdeachais léi, dúirt sé go raibh an gradam

seo tuillte go maith aici mar gheall ar a cuid dea-iompair, a cuid oibre sa scoil agus ancuidiú a thug sí dó féin, dá mhúinteoirí agus do phobal na scoile ar fad.

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa séú pictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa chúigiú pictiúr?3. Cén sórt duine í Sandra, dar leat?

LESS STRESS MORE SUCCESS34

Page 35: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

Sraith Pictiúr 16: Seó faisin sa scoil

Pictiúr a haon� Bhuail Iníon Ní Shé le daltaí na séú bliana sa Seomra Caidrimh ag am lóin. � Labhair sí leo faoin nganntanas airgid sa scoil. Dúirt sí leo go raibh ríomhairí nua ag

teastáil, ach nach raibh an scoil in ann iad seo a cheannach mar gheall ar na ciorraithei gcúrsaí oideachais.

� D’iarr sí orthu a gcuid smaointe a thabhairt di agus go labhródh sí leo níos déanaí. � Dúirt Aoife go mbeadh siúlóid nó ceolchoirm go maith. Cheap Áine go mbeadh

airgead maith le déanamh as crannchur nó seó faisin.

Pictiúr a dó� Níos déanaí an lá sin, tháinig Iníon Ní Shé ar ais chuig na daltaí leis an socrú a bhí

déanta aici. � Tar éis di smaoineamh faoi agus an scéal a mheas, shocraigh sí gurbh é an seó faisin an

smaoineamh ab fhearr.

SRAITH PICTIÚR FOR EXAMINATION IN 2013 35

Page 36: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

� Ghabh sí buíochas le gach duine as na smaointe iontacha agus ansin dúirt sí go raibhsé in am tosú ar an bpleanáil.

� Dúirt Áine go mba cheart dóibh socruithe a dhéanamh faoin áit a mbeadh sé ar siúl,na héadaí a bheadh ar taispeáint agus an t-am a bheadh sé ar siúl.

� Bhí Aoife sásta cabhair a iarraidh ar thuismitheoirí agus ar na siopaí áitiúla.

Pictiúr a trí� Sa tríú pictiúr, bhí grúpa cailíní ón scoil ag breathnú ar fhógra faoin seó faisin. � Chonaic siad go mbeadh sé ar siúl i Halla na Scoile Dé hAoine, an cúigiú lá de mhí

Feabhra ar a hocht a chlog. � Deich Euro a bheadh mar chead isteach. � Bhí an-suim ag na cailíní san fhógra mar bhí siad ag féachaint go géar air.

Pictiúr a ceathair� Ar aghaidh le hAoife agus le hÁine ansin go dtí siopa éadaigh darbh ainm Scoth na

bhFaisean. � D’iarr siad ar an siopadóir an mbeadh sí sásta páirt a ghlacadh sa seó faisin agus éadaí

óna siopa a chur ar taispeáint ann. D’fhreagair an siopadóir go mbeadh an-spéis aiciann cinnte.

� Chuaigh Róisín agus Niamh go dtí an siopa galánta darbh ainm Teach Faisin agusrinne siad amhlaidh.

� Bhí an siopadoir seo sásta a bheith páirteach sa seó freisin, ar ndóigh, agus bhí áthas arna cailíní é seo a chloisteáil.

Pictiúr a cúig� Ansin, feicimid na mainicíní ag siúl amach ar an ardán taispeána. � Bhí gúnaí agus bróga deasa galánta ar an mbeirt mhainicíní sa phictiúr seo, agus bhí a

gcuid éadaigh agus smideadh déanta go foirfe don ócáid. � Ar ámharaí an tsaoil, bhí an halla lán go doras. � Feicimid fógra ar an mballa freisin faoi chrannchur ag an sos. Dar leis an bhfógra, bhí

duaiseanna iontacha ar fáil agus bhí cúig Euro ar na ticéid. � Níl aon dabht ach go raibh an ócáid seo eagraithe go han-mhaith ag coiste na scoile.

Pictiúr a sé� Nuair a bhí an seó faisin thart, tháinig an príomhoide amach ar an ardán taispeána

agus thug sí óráid. � Ghabh sí buíochas le gach duine as an obair iontach a rinne siad, go háirithe lucht na

séú bliana. � Bhí sí an-bhuíoch freisin as an tacaíocht a fuair siad ó thuismitheoirí agus ón bpobal

áitiúil. � Dúirt sí go gcabhródh an t-airgead a bailíodh go mór le ríomhairí nua a cheannach

agus le feabhas a chur ar oideachas na ndaltaí sa scoil.

LESS STRESS MORE SUCCESS36

Page 37: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa séú pictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa dara pictiúr?3. Cén sórt duine í an príomhoide, dar leat?

SRAITH PICTIÚR FOR EXAMINATION IN 2013 37

Page 38: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

Sraith Pictiúr 17: Madra ar strae

Pictiúr a haon� Fuair Seán téacs teachtaireacht óna chara Síle ar a fhón póca lá amháin. � Dúirt Síle go raibh a peata madra imithe ar strae agus go raibh sí thar a bheith buartha

faoi. � D’iarr sí ar Sheán cabhrú léi le cuardach an mhadra.

Pictiúr a dó� Ar aghaidh le Seán ar luas lasrach ansin go dtí teach Shíle. � Nuair a chonaic sé Síle, bhí sí ag caoineadh agus rinne sé iarracht í a chur ar a

suaimhneas. Thug sé barróg mhór di agus dúirt sé léi gan a bheith buartha toisc godtiocfaidís ar an madra gan dabht.

� D’iarr sé uirthi suí síos agus an scéal ar fad faoi cad a tharla a insint dó.

LESS STRESS MORE SUCCESS38

Page 39: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

� Fuair Seán cupán tae do Shíle. Ansin, shuigh an bheirt acu síos ag an mbord agusd’inis Síle an scéal ina iomlán.

� Thosaigh Seán ag smaoineamh ar cad ab fhéidir leo a dhéanamh.

Pictiúr a trí� An chéad rud a rinne Síle ná fios a chur ar an Raidió Pobail agus chuir an láithreoir an

fógra amach láithreach. � Chuir sí fógra eile ar Facebook chomh maith, le pictiúr den mhadra. Madra beag bán

agus dubh a bhí ann agus Jojo ab ainm dó. Chuir sí a huimhir fóin ar an bhfógra (anáid, a hocht, a seacht, a dó, a cúig, a ceathair, a cúig, a dó ...).

� Anuas air sin, sheol sí téacs chuig gach duine ar a fón faoin madra.

Pictiúr a ceathair� Tar éis di é sin a dhéanamh, chuaigh sí féin agus Seán amach ar na sráideanna ag

cuardach an mhadra agus ag glaoch a ainm in ard a ngutha, ach ní raibh tásc nátuairisc ar Jojo bocht.

� Bhí imní an domhain ar Shíle. Go tobann, áfach, chuala sí a fón ag bualadh ina póca. � Bhí duine éigin ag cur glao uirthi, le cúnamh Dé, le dea-scéal.

Pictiúr a cúig� Agus ar ndóigh dea-scéal a bhí ann! Dúirt an duine ar an taobh eile den líne go raibh

Jojo aimsithe aige. � Níor chreid Síle a cluasa. Bhí gliondar croí uirthi. � D’iarr sí ar an bhfear fanacht san áit ina raibh sé agus go dtiocfadh sí gan mhoill. � D’inis sí an nuacht mhaith do Sheán agus bhí áthas an domhain air chomh maith.

Pictiúr a sé� Lean Síle ar aghaidh ansin go dtí an t-ionad siopadóireachta agus ba bheag nár phléasc

sí le háthas nuair a chonaic sí Jojo. � Thug an fear an madra ar ais di agus mhínigh sé di go raibh sé caillte agus faiteach

níos túisce, agus gur lean sé é. Bhí Síle thar a bheith buíoch dó. � Nuair a chuaigh sí abhaile, labhair sí lena tuismitheoirí faoi eachtraí an lae. � Cheap Mam go raibh sé go hiontach gur aimsíodh Jojo ach mhol Daid go mba cheart

di níos mó aire a thabhairt dó. � D’fhoghlaim Síle ceacht fiúntach an lá sin ar aon nós. Ciall cheannaithe, gan amhras!

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa séú pictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa cheathrú pictiúr?3. Cén sórt duine é Seán, dar leat?

SRAITH PICTIÚR FOR EXAMINATION IN 2013 39

Page 40: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

Sraith Pictiúr 18: Comórtas cócaireachta ar TG4

Pictiúr a haon� Bhí Seán, Liam agus Eoin ag féachaint ar TG4 sa bhaile. � Bhí an láithreoir teilifíse ag caint faoi chomórtas cócaireachta do dhaltaí scoile a bhí á

n-eagrú acu. � Cheap na buachaillí go raibh sé seo an-suimiúil agus shocraigh siad an scéal a fhiosrú. � Bhí gach eolas faoin gcomórtas ar fáil ar TG4.(ponc)ie.

Pictiúr a dó� Ag fiche chun a naoi an mhaidin dar gcionn, chuaigh na buachaillí isteach chuig oifig

an phríomhoide chun an comórtas a phlé leis. � D’inis siad dó faoin eolas a fuair siad ar an suíomh agus faoin duais mhaith a bhí le

buachan as.

LESS STRESS MORE SUCCESS40

Page 41: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

� Dúirt seisean leo dul go dtí an múinteoir eacnamaíocht bhaile, an suíomh athaispeáint di agus cead a fháil uaithi.

� Dá mbeadh sise sásta cead a thabhairt dóibh, ní bheadh fadhb ar bith aige féin ligeandóibh dul ar aghaidh leis an gcomórtas.

Pictiúr a trí� Ar aghaidh leis na buachaillí ansin go dtí an seomra eacnamaíocht bhaile agus

thaispeáin siad an suíomh dá múinteoir ar an ríomhaire. � D’fhéach siad ar rialacha an chomórtais agus fuair siad amach faoi conas cur isteach

air. � Bheadh orthu seisiún cócaireachta a dhéanamh sa chistin i mBaile na hAbhann. � Cheap an múinteoir gur dea-smaoineamh a bhí ann agus mhol sí dóibh ullmhú go

maith dó. � Dúirt sí leo biachlár maith a ullmhú agus a bheith réidh don iomaíocht mhór a

bheadh rompu.

Pictiúr a ceathair� Bhí an Comórtas Cócaireachta Uile Éireann do Scoileanna ar siúl i mBaile na

hAbhann agus bhí fógra thuas ag cur fáilte roimh gach duine. � Bhí ceithre ghrúpa le feiceáil sa phictiúr seo agus iad go léir ag súil leis an mbua a fháil. � Bhí moltóir ansin ó TG4 agus bhí sí ag breathnú go géar ar na béilí a bhí á n-ullmhú

acu.

Pictiúr a cúig� Ag deireadh an chomórtais, sheas na moltóirí suas agus thug siad a mbreithiúnas. � Mhol siad go hard an iarracht a rinne gach duine agus d’aithin siad go raibh sé deacair

dóibh é seo ar fad a dhéanamh trí Ghaeilge. � Shocraigh siad an chéad duais a thabhairt do na buachaillí agus ní haon ionadh go

raibh gliondar croí orthu.

Pictiúr a sé� Ina dhiaidh sin, bhronn an móltóir an seic mór orthu. Míle Euro a bhí ann agus bhí

áthas an domhain ar an bhfoireann ar fad. � Nuair a chuaigh siad ar ais ar scoil, d’fhéach siad ar an gcomórtas ar TG4. � Bhí an-bhród orthu, gan dabht, agus duirt an príomhoide comhghairdeachas leo. Bhí

sé féin thar a bheith bródúil freisin, ar ndóigh.

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa cheathrú pictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa séú pictiúr?3. Cén sórt duine í an múinteoir eacnamaíocht bhaile, dar leat?

SRAITH PICTIÚR FOR EXAMINATION IN 2013 41

Page 42: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

Sraith Pictiúr 19: Timpiste san ionad eachtraíochta

Pictiúr a haon� Bhí Seán agus Aoife ar saoire in Ionad Eachtraíochta na Carraige.� Áit álainn a bhí ann agus bhí sé timpeallaithe ag sléibhte agus crainn. � Bhí an aimsir go hálainn an lá áirithe seo agus bhí an ghrian go hard sa spéir. � Cheap Seán go raibh sé go hiontach a bheith amuigh faoin aer agus dúirt Aoife go

raibh sí ag baint spóirt agus spraoi as.

Pictiúr a dó� Bhí a lán gníomhaíochtaí ar siúl san ionad eachtraíochta: dreapadóireacht,

seoltóireacht agus sléibhteoireacht ina measc. � An lá áirithe seo, dúirt an treoraí go raibh siad ag dul ag dreapadh.

LESS STRESS MORE SUCCESS42

Page 43: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

� Bhí Seán agus Aoife sásta leis an gcinneadh seo.

Pictiúr a trí� Suas leo ansin go hard sna sléibhte agus an ghrian fós ag taitneamh. Ní raibh ach cúpla

scamall sa spéir. � Chuaigh an treoraí chun tosaigh chun an bealach a thaispeáint dóibh. � Bhí mála á n-iompar ag gach duine acu agus bhí maide ina lámh ag an treoraí.

Pictiúr a ceathair� Ansin, go tobann agus gan choinne, sciorr cos Sheáin isteach i bpoll beag ar an sliabh

agus ghortaigh sé é go dona. � Is cosúil go raibh sé an-phianmhar. � Dúirt an treoraí leis gan a chos a bhogadh ach fanacht go réidh mar a bhí sé.

Pictiúr a cúig� Gan aon mhoill, chuir an treoraí fios ar an otharcharr agus duirt sé go raibh fadhb

acu. D’iarr sé orthu teacht ar an suíomh láithreach. � Bhí Aoife in ann garchabhair a dhéanamh ar an gcos agus dúirt sí ansin go dtiocfadh

cabhair ón ospidéal go luath. � Is dócha gur thug sé seo faoiseamh éigin do Sheán bocht.

Pictiúr a sé� Le cabhair ón treoraí agus fear eile a bhí ar an siúlóid, bhí ar Sheán siúl síos go dtí an

áit ina raibh na fir ó na seirbhísí éigeandála ag fanacht le sínteán. � Is dócha go raibh siad an-mhall agus go raibh sé an-deacair orthu dreapadh leis an

sínteán. � Chomh luath agus ab fhéidir, chuir siad Seán ar shínteán agus chuaigh siad síos an

leathmhíle go dtí an t-otharcharr. � Dúirt na fir leis gur chuir siad fios ar a thuismitheoirí agus go mbeidís ag fanacht leis

san ospidéal.

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa chéad phictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa cheathrú pictiúr?3. Cén sórt duine é an treoraí, dar leat?

SRAITH PICTIÚR FOR EXAMINATION IN 2013 43

Page 44: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

Sraith Pictiúr 20: Ag campáil cois farraige

Pictiúr a haon� An dara lá is fiche de mhí an Mheithimh a bhí ann agus bhí an Ardteist thart. � Bhí cúpla comhionann Seán agus Liam ag labhairt lena dtuismitheoirí tar éis dóibh

na scrúduithe a chríochnú agus dúirt siad gur mhaith leo dul ag campáil cois trá iLoch Gorman ag an deireadh seachtaine.

� Cheap na tuismitheoirí gurbh an-smaoineamh é sin. � Is dócha go raibh faoiseamh mór ar gach duine sa teach go raibh an Ardteist

críochnaithe.

Pictiúr a dó� Dé hAoine, thosaigh na buachaillí ar a dturas. � Nuair a shroich siad an t-ionad campála, chuir siad suas puball dóibh féin in aice na

trá. Bhí siad thar a bheith sásta leo féin.

LESS STRESS MORE SUCCESS44

Page 45: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · 2019-02-07 · 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san

� Bhí an ghrian go hard sa spéir agus bhí báid seoltóireachta le feiceáil amuigh ar anbhfarraige. Bhí sé foirfe, dar leis na buachaillí!

� Bhí suíomh iontach aimsithe acu agus bhí siad go deas compordach.

Pictiúr a trí� Níos déanaí an tráthnóna sin, bhí na buachaillí ag ligean a scíthe sa ghrian. � Bhí Seán ag léamh a leabhar agus bhí Liam ina luí faoin ngrian.� Go tobann, áfach, d’athraigh an aimsir go hiomlán agus thosaigh sé ag stealladh báistí. � Bhí an spéir dubh dorcha agus rith na buachaillí ar nós na gaoithe ar ais go dtí a

bpuball.

Pictiúr a ceathair� Ansin, bhí na deartháireacha san fhaopach ceart, mar nuair a shroich siad a bpuball,

chonaic siad gur leagadh é leis an stoirm agus go raibh aon rud a bhí istigh ann báite. � Bhí an aimsir ag dul in olcas agus anois ní raibh dídean ar bith ag na buachaillí

bochta. � Ní raibh a fhios acu céard a dhéanfaidís anois. Ní raibh siad ag súil leis seo in aon

chor. Is dócha go raibh scanradh orthu.

Pictiúr a cúig� Ní raibh an dara rogha ag na buachaillí ach fios a chur ar a dtuismitheoirí agus a rá leo

go raibh siad fliuch go craiceann. � Dúirt Daid leo gan a bheith buartha; go raibh óstán deas in aice láimhe agus go raibh

aithne aige féin ar an mbainisteoir. � Dúirt sé go gcuirfeadh sé glao ar an mbainisteoir chun a rá leis go raibh na buachaillí

ag teacht.

Pictiúr a sé� Faoi dheireadh, nuair a bhí na buachaillí suite ag bord sa bhialann in Óstán na Faille

le béile deas os a gcomhair, ní raibh gearán ar bith acu. � Bhí siad breá sásta leo féin anois agus iad ar nós rithe! � Chuimhnigh Liam ar an seanfhocal sin a deir ‘Is olc an ghaoth nach séideann do

dhuine éigin’ agus tuigim féin cén fáth!

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa chéad phictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa tríú pictiúr?3. Cén sórt duine é athair na mbuachaillí, dar leat?

SRAITH PICTIÚR FOR EXAMINATION IN 2013 45