26

LIONEL MESSI · 2019-06-26 · LIONEL MESSI bhuail na teaghlaigh le chéile ar an Domhnach. Ba í Celia, a sheanmháthair, a thug Messi chuig cluichí agus chuig traenáil agus é

  • Upload
    others

  • View
    7

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: LIONEL MESSI · 2019-06-26 · LIONEL MESSI bhuail na teaghlaigh le chéile ar an Domhnach. Ba í Celia, a sheanmháthair, a thug Messi chuig cluichí agus chuig traenáil agus é

© CCEA 2019

Page 2: LIONEL MESSI · 2019-06-26 · LIONEL MESSI bhuail na teaghlaigh le chéile ar an Domhnach. Ba í Celia, a sheanmháthair, a thug Messi chuig cluichí agus chuig traenáil agus é

LIONEL MESSI

beatha le bua

Page 3: LIONEL MESSI · 2019-06-26 · LIONEL MESSI bhuail na teaghlaigh le chéile ar an Domhnach. Ba í Celia, a sheanmháthair, a thug Messi chuig cluichí agus chuig traenáil agus é

Pictiúr Clúdaigh © LLUIS GENE / AFP / Getty Images

Pictiúir le © Alamy Stock Photo agus Getty Images

Arna tháirgeadh agus arna fhoilsiú ag CCEA

Gach ceart ar cosaint. Ní féidir cuid ar bith den leabhar seo a athfhoilsiú i gcruth ar bith nó ar dhóigh ar bith gan cead a fháil roimh ré ó CCEA.

Page 4: LIONEL MESSI · 2019-06-26 · LIONEL MESSI bhuail na teaghlaigh le chéile ar an Domhnach. Ba í Celia, a sheanmháthair, a thug Messi chuig cluichí agus chuig traenáil agus é

LI

ON

EL

M

ES

SI

beatha le bua

Page 5: LIONEL MESSI · 2019-06-26 · LIONEL MESSI bhuail na teaghlaigh le chéile ar an Domhnach. Ba í Celia, a sheanmháthair, a thug Messi chuig cluichí agus chuig traenáil agus é

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

4

LIONEL MESSIIntreoir

Tá a lán daoine óga ann a deir gur mhaith leo sacar a imirt go gairmiúil. Ní bhaineann sé le hairgead (cé go bhfuil pá na n-imreoirí sacair dochreidte maith – nó dochreidte, go díreach!), agus ní hé hé saol an cheiliúráin a mheallann iad ach oiread. Is é grá an lucht leanúna an rud a spreagann go leor daoine óga le bheith ina n-imreoirí gairmiúla, an sásamh sin a mhothaíonn siad i ndiaidh dóibh cúl a aimsiú i gclós na scoile ach é iolraithe faoi 40, 50 nó fiú 100 míle! Na mílte aghaidheanna ag gáire agus ag scairteadh amach ainm amháin: d’ainmse!

Ach abair gur léirigh club mór suim ionat mar imreoir agus gur thug siad cuireadh duit teacht agus imirt leo. An mbeifeá sásta do theaghlach, do chairde, do

Page 6: LIONEL MESSI · 2019-06-26 · LIONEL MESSI bhuail na teaghlaigh le chéile ar an Domhnach. Ba í Celia, a sheanmháthair, a thug Messi chuig cluichí agus chuig traenáil agus é

5

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

LIONEL MESSI

© LLUIS GENE / AFP / GETTY IMAGES

Page 7: LIONEL MESSI · 2019-06-26 · LIONEL MESSI bhuail na teaghlaigh le chéile ar an Domhnach. Ba í Celia, a sheanmháthair, a thug Messi chuig cluichí agus chuig traenáil agus é

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

6

LIONEL MESSIcheantar agus an scoil a fhágáil i do dhiaidh agus tú 15 nó 16 bliana d’aois? Sin go díreach an cinneadh a bhí ar Lionel Messi a dhéanamh, agus ní raibh seisean ach 13 bliana d’aois nuair a fuair sé an glaoch!

Cúlra

Rugadh Lionel Andrés Messi ar an 24 Meitheamh, 1987, in Rosario, i lár na hAirgintíne. Tá Rosario thart ar 300 km ó Buenos Aires, príomhchathair na tíre. Tá beirt dheartháireacha móra ag Messi – Rodrigo agus Matías – agus deirfiúr bheag amháin, María Sol.

Agus é óg, bhí sé iontach mór le beirt chol ceathracha dá chuid, Maximilliano agus Emanuel, agus ba ghnách leis an chúigear gasúr cluichí sacair a imirt gan stad taobh amuigh de theach a seanmháthar nuair a

Page 8: LIONEL MESSI · 2019-06-26 · LIONEL MESSI bhuail na teaghlaigh le chéile ar an Domhnach. Ba í Celia, a sheanmháthair, a thug Messi chuig cluichí agus chuig traenáil agus é

7

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

LIONEL MESSI

© AGE FOTOSTOCK / ALAMY STOCK

PHOTO

Page 9: LIONEL MESSI · 2019-06-26 · LIONEL MESSI bhuail na teaghlaigh le chéile ar an Domhnach. Ba í Celia, a sheanmháthair, a thug Messi chuig cluichí agus chuig traenáil agus é

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

8

LIONEL MESSIbhuail na teaghlaigh le chéile ar an Domhnach. Ba í Celia, a sheanmháthair, a thug Messi chuig cluichí agus chuig traenáil agus é ina thachrán. Fuair sí bás agus é deich mbliana d’aois, agus ghoill a bás go mór ar Lionel. Fiú sa lá atá inniu ann, i ndiaidh dó cúl a scóráil, má amharcann Messi suas i dtreo na bhflaitheas agus méar amháin in airde aige, is ar Celia a bhíonn sé ag smaoineamh.

Chuaigh Messi le Grandoli, club áitiúil, agus é ceithre bliana d’aois, ach d’aistrigh sé go Newell’s Old Boys dhá bhliain ina dhiaidh sin. Bhí sé riamh ina thacaí de chuid Newell’s agus bhí rath ar dóigh air mar imreoir óg leis an chlub: scóráil sé beagnach 500 cúl sna sé bliana a chaith sé le Newell’s, agus bhain an fhoireann ar a raibh sé beagnach gach comórtas a raibh sí páirteach ann.

Page 10: LIONEL MESSI · 2019-06-26 · LIONEL MESSI bhuail na teaghlaigh le chéile ar an Domhnach. Ba í Celia, a sheanmháthair, a thug Messi chuig cluichí agus chuig traenáil agus é

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

9

LIONEL MESSIAch tharla an rud is tábhachtaí ina óige taobh amuigh de pháirc na peile. Nuair a bhí sé deich mbliana d’aois, rinneadh diagnóis go raibh uireasa hormón fáis air, rud a d’fhág go mbeadh air instealladh a thabhairt dó féin gach lá. Chosain na hinstealltaí $1,000 sa mhí. Bhí árachas ag a athair a d’íoc as dhá bhliain den chóireáil, agus d’aontaigh Newell’s Old Boys go gcuideodh an club leis an chostas ina dhiaidh sin. Mar gheall ar theip gheilleagar na tíre, áfach, ní raibh an club in ann an gealltanas a chomhlíonadh.

Shocraigh an teaghlach go ndéanfadh siad iarracht club saibhir san Eoraip a aimsiú a bheadh sásta glacadh leis an pheileadóir iontach ón Airgintín agus na costais leighis a íoc. Rinneadh físeán de Messi a thaispeáin na sárscileanna a bhí aige agus cuireadh an físeán sa phost chuig Josep Minguella,

Page 11: LIONEL MESSI · 2019-06-26 · LIONEL MESSI bhuail na teaghlaigh le chéile ar an Domhnach. Ba í Celia, a sheanmháthair, a thug Messi chuig cluichí agus chuig traenáil agus é

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 0

LIONEL MESSIgníomhaire peile a raibh dlúthbhaint aige le ceann de na clubanna is mó ar domhan, mar atá FC Barcelona.

FC Barcelona

Thóg sé 24 uair an chloig ar Lionel agus a athair taisteal ó Rosario go Barcelona. Agus thóg sé 15 lá ar an chlub cinneadh cinnte a thabhairt go nglacfadh siad leis an imreoir óg. Ní raibh amhras ar bith ar na cóitseálaithe faoi chomh maith agus a bhí sé mar pheileadóir, ach bhí siad imníoch faoi ghasúr chomh hóg sin a shíniú. Sa deireadh, bhí an focal deiridh ag stiúrthóir fhoireann na sinsear, Charly Rexach, agus bhí Messi óg ina imreoir de chuid Barcelona agus é 13 bliana d’aois. Bhí a mhian faighte aige agus bhí Barcelona sásta íoc as na hinstealltaí hormón fáis a bheadh de dhíth air go dtí go mbeadh sé 14.

Page 12: LIONEL MESSI · 2019-06-26 · LIONEL MESSI bhuail na teaghlaigh le chéile ar an Domhnach. Ba í Celia, a sheanmháthair, a thug Messi chuig cluichí agus chuig traenáil agus é

1 1

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

LIONEL MESSI

© REUTERS / ALAMY STOCK PHOTO

Page 13: LIONEL MESSI · 2019-06-26 · LIONEL MESSI bhuail na teaghlaigh le chéile ar an Domhnach. Ba í Celia, a sheanmháthair, a thug Messi chuig cluichí agus chuig traenáil agus é

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 2

LIONEL MESSID’éirigh go hiontach leis ar gach foireann ar imir sé léi sa chlub. Go deimhin, bliain amháin, bhí sé ag imirt ar chúig fhoireann éagsúla agus an club ag iarraidh taithí a thabhairt dó ag leibhéal a bhí inchurtha lena chuid scileanna. Ní raibh rudaí chomh sásúil céanna taobh amuigh den pháirc, áfach. Cé gur aistrigh an teaghlach go léir chuig Barcelona ar dtús, chuaigh a mháthair, an bheirt dheartháireacha agus a dheirfiúr abhaile i ndiaidh bliana mar go raibh cumha orthu. D’fhan a athair leis sa chathair – rud a scar an teaghlach, ar ndóigh – agus bhí cumha ar Messi ina ndiaidh. Tugadh an rogha dó imeacht abhaile go dtí an Airgintín fosta ach d’fhan sé mar a raibh sé ainneoin an bhróin a bhí air.

Is ar pháirc na peile is mó a bhíonn áthas ar Messi, agus b’fhiú an trioblóid go léir nuair a bhí a chéad chluiche

Page 14: LIONEL MESSI · 2019-06-26 · LIONEL MESSI bhuail na teaghlaigh le chéile ar an Domhnach. Ba í Celia, a sheanmháthair, a thug Messi chuig cluichí agus chuig traenáil agus é

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

1 3

LIONEL MESSIaige le foireann sinsir Barcelona ar an 16 Deireadh Fómhair, 2004. Ní raibh sé ach 17 mbliana agus 3 mhí d’aois ag an am, an t-imreoir is óige riamh a fuair áit ar an fhoireann sinsir.

I mbarr a réime Is doiligh smaoineamh ar am ina shaol nach raibh Messi i mbarr a réime mar pheileadóir, ach is cinnte go bhfuil sárchaighdeán bainte amach aige le, b’fhéidir, cúig bliana anuas. Glactar leis go forleathan gurb é Messi an t-imreoir sacair is fearr ar domhan sa lá atá inniu ann – ach amháin tigh Ronaldo! Lena chlub, Barcelona, tá La Liga (an tsraith) bainte aige 9 n-uaire. Is cinnte go mbeadh cuid de na buanna sin ag Barcelona gan Messi mar is spórt foirne é an sacar, ach cuimhnigh nach raibh an

Page 15: LIONEL MESSI · 2019-06-26 · LIONEL MESSI bhuail na teaghlaigh le chéile ar an Domhnach. Ba í Celia, a sheanmháthair, a thug Messi chuig cluichí agus chuig traenáil agus é

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 4

LIONEL MESSI

tsraith bainte ag Barcelona le sé bliana sular thosaigh sé amach leis an fhoireann sinsir sa tséasúr 2004-05.

Tá 6 Copa del Rey (Craobh na Spáinne) bainte ag Barcelona le linn ré Messi agus ceithre Shraith na gCuradh fosta. Chomh maith leis sin, bhain siad Corn an Domhain do chlubanna trí huaire, Sár-Chorn UEFA trí huaire agus Sár-Chorn na Spáinne 8 n-uaire.

Maidir le duaiseanna aonair mar imreoir, níl go leor spáis anseo le hiad go léir a liostú! Is leor aird a dhíriú ar a thaifead sa duais a thugann iriseoirí sacair don pheileadóir is fearr, mar atá an Ballon d’Or. Bronnadh an duais sin ar Messi 5 huaire (go dtí seo) ach tá éacht déanta aige sa chomórtas nach ndearna peileadóir ar bith eile: bhain sé an duais

Page 16: LIONEL MESSI · 2019-06-26 · LIONEL MESSI bhuail na teaghlaigh le chéile ar an Domhnach. Ba í Celia, a sheanmháthair, a thug Messi chuig cluichí agus chuig traenáil agus é

1 5

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

LIONEL MESSI

© AFLO CO. LTD. / ALAMY STOCK

PHOTO

Page 17: LIONEL MESSI · 2019-06-26 · LIONEL MESSI bhuail na teaghlaigh le chéile ar an Domhnach. Ba í Celia, a sheanmháthair, a thug Messi chuig cluichí agus chuig traenáil agus é

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 6

LIONEL MESSI4 bliana i ndiaidh a chéile, ó 2009 go 2012.

Ceannlínte ar fud an domhain

Is minic scéalta faoi Messi ar leathanach cúil na nuachtán. Ach, ar an 27 Meitheamh, 2016, bhí scéal faoi Messi ar an chéad leathanach de nuachtáin ar fud an domhain. I ndiaidh don Airgintín cluiche ceannais Copa América a chailleadh, d’fhógair Messi go raibh sé ag éirí as an chluiche idirnáisiúnta. Bhí ionadh ar dhomhan an tsacair faoin fhógairt, ach bhí an Airgintín i ndiaidh trí chluiche ceannais as a chéile a chailleadh, agus bhí Messi ag cur an lochta air féin. B’fhéidir go n-éireodh leis an fhoireann muna mbeadh sé féin páirteach inti, dar leis.

Thosaigh feachtas láithreach le tabhairt ar Messi a chinneadh a athrú, feachtas a raibh Uachtarán na Tíre féin páirteach ann agus a thug le fios do Messi an grá

Page 18: LIONEL MESSI · 2019-06-26 · LIONEL MESSI bhuail na teaghlaigh le chéile ar an Domhnach. Ba í Celia, a sheanmháthair, a thug Messi chuig cluichí agus chuig traenáil agus é

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

1 7

LIONEL MESSIollmhór a bhí ag an phobal dó. Fógraíodh ar an 12 Lúnasa go raibh athrú intinne tagtha air agus go raibh sé sásta páirt a ghlacadh sna cluichí cáilithe do Chorn an Domhain, 2018.

Go deimhin, is cinnte nach mbeadh áit ag an Airgintín sa chomórtas sin ach ab é Messi. Bhí orthu an cluiche deiridh a bhaint, ach scóráil Eacuadór cúl i dtús an chluiche. Dá bhfanfadh an scór mar a bhí sé, ní bheadh an Airgintín páirteach i gCorn an Domhain. Cad é a tharla? Scóráil Messi, an captaen, trí chúl leis an chluiche a bhaint. Nuair a thagann an crú ar an tairne …

Oidhreacht

Is duine ciúin, stuama é Lionel Messi. Ní hionann agus peileadóirí áirithe eile, ní maith leis mórán airde a tharraingt air féin taobh amuigh de staideanna peile. Dá bharr sin, is beag a chluintear faoin

Page 19: LIONEL MESSI · 2019-06-26 · LIONEL MESSI bhuail na teaghlaigh le chéile ar an Domhnach. Ba í Celia, a sheanmháthair, a thug Messi chuig cluichí agus chuig traenáil agus é

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 8

LIONEL MESSI

Page 20: LIONEL MESSI · 2019-06-26 · LIONEL MESSI bhuail na teaghlaigh le chéile ar an Domhnach. Ba í Celia, a sheanmháthair, a thug Messi chuig cluichí agus chuig traenáil agus é

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

1 9

LIONEL MESSI

© JONATHAN LARSEN / DIADEM IMAGES / ALAMY STOCK PHOTO

LIONEL MESSI

Page 21: LIONEL MESSI · 2019-06-26 · LIONEL MESSI bhuail na teaghlaigh le chéile ar an Domhnach. Ba í Celia, a sheanmháthair, a thug Messi chuig cluichí agus chuig traenáil agus é

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

2 0

LIONEL MESSIobair charthanachta a dhéanann sé, go háirithe le páistí atá faoi mhíbhuntáiste fisiceach nó sóisialta. Tugann sé am agus airgead do UNICEF, agus tá fondúireacht dá chuid féin bunaithe aige a chuidíonn le cúram sláinte, oideachas agus spórt a chur ar fáil do pháistí i dtíortha éagsúla ar domhan.

Is leor scéal amháin le carachtar an pheileadóra seo a léiriú. In 2016, mar gheall ar na fadhbanna geilleagair san Airgintín, níor íocadh na fir a chuireann slándáil ar fáil don fhoireann náisiúnta le 6 mhí. D’iarr siad ar Messi cuidiú leo agus rinne sé socrú a bpá a íoc as a phóca féin. Agus d’iarr sé orthu gan a insint go ndearna sé sin.

Ar an pháirc pheile, beidh cuimhne ar Messi mar shárpheileadóir amach is amach. Tá daoine ann a chaitheann amhras ar a fhiúntas de thairbhe nár bhain sé Corn an Domhain riamh

Page 22: LIONEL MESSI · 2019-06-26 · LIONEL MESSI bhuail na teaghlaigh le chéile ar an Domhnach. Ba í Celia, a sheanmháthair, a thug Messi chuig cluichí agus chuig traenáil agus é

2 1

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

LIONEL MESSI

© REUTERS / ALAMY STOCK PHOTO

Page 23: LIONEL MESSI · 2019-06-26 · LIONEL MESSI bhuail na teaghlaigh le chéile ar an Domhnach. Ba í Celia, a sheanmháthair, a thug Messi chuig cluichí agus chuig traenáil agus é

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

2 2

LIONEL MESSIlena thír. Níl ach 4 fhocal le rá mar fhreagra ar an argóint sin: Johan Cruyff, George Best.

I ndáiríre, níl ach fíorcheist amháin ann i dtaobh Messi mar pheileadóir. An eisean an t-imreoir IFAF (is fearr ar fad)? An GOAT (greatest of all time), mar a deirtear i mBéarla. Beidh le feiceáil, mar níl deireadh ráite ag an iontas seo ón Airgintín go fóill. Is cinnte go bhfuil sé sa chomhluadar chéanna le Pelé, Maradona agus Cruyff. Agus beidh seans amháin eile aige Corn an Domhain a bhaint i gCatar in 2022, má éiríonn leis na húdaráis pheile ina thír dhúchais a gcúrsaí riaracháin agus airgeadais a réiteach in am.

Chuirfeadh bua sa chomórtas sin deireadh le gach argóint, is dócha, agus réiteodh bonn Chorn an Domhain go maith leis an bhonn sna Cluichí Oilimpeacha atá aige cheana féin.

Page 24: LIONEL MESSI · 2019-06-26 · LIONEL MESSI bhuail na teaghlaigh le chéile ar an Domhnach. Ba í Celia, a sheanmháthair, a thug Messi chuig cluichí agus chuig traenáil agus é

2 3

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

LIONEL MESSI

© AFLO CO. LTD. / ALAMY STOCK

PHOTO

Page 25: LIONEL MESSI · 2019-06-26 · LIONEL MESSI bhuail na teaghlaigh le chéile ar an Domhnach. Ba í Celia, a sheanmháthair, a thug Messi chuig cluichí agus chuig traenáil agus é

LIONEL MESSI

Page 26: LIONEL MESSI · 2019-06-26 · LIONEL MESSI bhuail na teaghlaigh le chéile ar an Domhnach. Ba í Celia, a sheanmháthair, a thug Messi chuig cluichí agus chuig traenáil agus é

© CCEA 2019