26

MICHELLE OBAMA...Barack Obama anois i mbéal an phobail, thiocfadh a rá go raibh a bhean chéile Michelle lán chomh clúiteach leis, rud nach raibh fíor i gcás na n-uachtarán

  • Upload
    others

  • View
    5

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: MICHELLE OBAMA...Barack Obama anois i mbéal an phobail, thiocfadh a rá go raibh a bhean chéile Michelle lán chomh clúiteach leis, rud nach raibh fíor i gcás na n-uachtarán

© CCEA 2019

Page 2: MICHELLE OBAMA...Barack Obama anois i mbéal an phobail, thiocfadh a rá go raibh a bhean chéile Michelle lán chomh clúiteach leis, rud nach raibh fíor i gcás na n-uachtarán

MICHELLE OBAMAoooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

beatha le bua

Page 3: MICHELLE OBAMA...Barack Obama anois i mbéal an phobail, thiocfadh a rá go raibh a bhean chéile Michelle lán chomh clúiteach leis, rud nach raibh fíor i gcás na n-uachtarán

Pictiúr Clúdaigh © DOD Photo / Alamy Stock Photo

Pictiúir le © Alamy Stock Photo

Arna tháirgeadh agus arna fhoilsiú ag CCEA

Gach ceart ar cosaint. Ní féidir cuid ar bith den leabhar seo a athfhoilsiú i gcruth ar bith nó ar dhóigh ar bith gan cead a fháil roimh ré ó CCEA.

Page 4: MICHELLE OBAMA...Barack Obama anois i mbéal an phobail, thiocfadh a rá go raibh a bhean chéile Michelle lán chomh clúiteach leis, rud nach raibh fíor i gcás na n-uachtarán

MIC

HE

LLE

OB

AM

Abeatha le bua

Page 5: MICHELLE OBAMA...Barack Obama anois i mbéal an phobail, thiocfadh a rá go raibh a bhean chéile Michelle lán chomh clúiteach leis, rud nach raibh fíor i gcás na n-uachtarán

4

MICHELLE OBAMAooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

Intreoir

Ba mhór an ócáid é sa bhliain 2008 nuair a toghadh Barack Obama ina uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ba eisean an chéad duine gorm a bhí ina uachtarán riamh i stair Mheiriceá. Cé go raibh ainm Barack Obama anois i mbéal an phobail, thiocfadh a rá go raibh a bhean chéile Michelle lán chomh clúiteach leis, rud nach raibh fíor i gcás na n-uachtarán a tháinig roimhe.

D’fhreastail Michelle ar bheirt de na hollscoileanna is clúití i Meiriceá, Princetown agus ina dhiaidh sin Harvard, áit a ndearna sí staidéar ar an dlí. D’éirigh go hiontach léi ar an ollscoil. Bhí poist éagsúla aici ag leibhéal ard in ollscoileanna agus in eagraíochtaí eile. Agus an cúlra seo aici, ní hiontas ar bith é gur chuidigh sí go mór lena fear chéile i saol na polaitíochta. Thug sí óráidí agus

Page 6: MICHELLE OBAMA...Barack Obama anois i mbéal an phobail, thiocfadh a rá go raibh a bhean chéile Michelle lán chomh clúiteach leis, rud nach raibh fíor i gcás na n-uachtarán

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

5

MICHELLE OBAMA

© PATSY LYNCH / ALAMY STOCK PH

OTO

Page 7: MICHELLE OBAMA...Barack Obama anois i mbéal an phobail, thiocfadh a rá go raibh a bhean chéile Michelle lán chomh clúiteach leis, rud nach raibh fíor i gcás na n-uachtarán

6

MICHELLE OBAMAooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

rinne sí agallaimh a chuaigh i bhfeidhm go mór ar an lucht vótála. Bhí beirt iníonacha ag Michelle agus Barack agus, cé gur duine fíorghnóthach a bhí inti, bhí sí i gcónaí iontach cúramach a ról mar mháthair a chomhlíonadh mar is ceart.

Bhí stíl ar leith ag Michelle i ngach gné dá saol agus bhí suim mhór ag na meáin chumarsáide inti dá bharr. Chaith sí éadaí snasta. Bhí a cuid barúlacha féin aici faoin dóigh leis an Teach Bhán a reáchtáil. Tá cuid mhór ama caite aici ag obair ar son daoine faoi bhuntáiste. Mar sin, is bean láidir ildánach í Michelle Obama, ach cé hí go díreach, agus cad é an cineál turais a rinne sí le bheith ar dhuine de na mná is clúití ar domhan? Cúlra

Rugadh Michelle La Vaughn Robinson ar an 17ú Eanáir 1964

Page 8: MICHELLE OBAMA...Barack Obama anois i mbéal an phobail, thiocfadh a rá go raibh a bhean chéile Michelle lán chomh clúiteach leis, rud nach raibh fíor i gcás na n-uachtarán

7

MICHELLE OBAMAoooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

i gcathair Chicago i Stáit Aontaithe Mheiriceá. D’oibrigh a hathair, Fraser Robinson III, le comhlacht uisce, agus ba rúnaí a máthair Marian Shields Robinson. D’fhan an mháthair sa bhaile go lánaimseartha go dtí go ndeachaigh Michelle ar an ardscoil. Ba sclábhaithe i ndeisceart na Stát Aontaithe cuid de mhuintir Michelle tamall fada ó shin. Gnáth-theaghlach a bhí i muintir Robinson. D’imir siad cluichí mar Monopoly agus chuaigh Michelle chuig ranganna pianó. Tháinig a ngaolta go minic chuig an teach ar cuairt agus chuaigh an teaghlach chuig an eaglais áitiúil go rialta. Gach bliain, chuaigh siad ar saoire chuig teach beag faoin tuath in Michigan.

Ar an drochuair, tháinig scléaróis iolrach ar a hathair. Bhí an-mheas ag Michelle air agus rinne sí a

Page 9: MICHELLE OBAMA...Barack Obama anois i mbéal an phobail, thiocfadh a rá go raibh a bhean chéile Michelle lán chomh clúiteach leis, rud nach raibh fíor i gcás na n-uachtarán

8

MICHELLE OBAMAooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

dícheall i gcónaí sa tsaol, mar bhí a fhios aici gur sin an rud ba mhaith leis féin. Chuaigh sí ar ardscoil mhaith agus bhí sí in aon rang le hiníon Jesse Jackson, polaiteoir mór le rá a rinne a lán oibre ar son an chine ghoirm i Meiriceá. Bhí an scoil giota maith ar shiúl óna teach agus ghlac sé trí uair an chloig uirthi taisteal ar scoil agus ar ais abhaile. Mar sin féin, rinne sí go maith ar scoil, bhain sí go leor gradam agus bhí sí ina cisteoir ar chomhairle na scoile.

Na luathbhlianta

Fuair Michelle áit san ollscoil chlúiteach Princetown, áit a ndeachaigh a deartháir Craig chomh maith. Ní raibh sí ar a suaimhneas ar dtús ar an ollscoil sin. Ní raibh ceachtar dá tuismitheoirí ar an ollscoil riamh agus mhothaigh sí mar a bheadh cuairteoir ann i measc na mac léinn eile, cé gur chuir an

Page 10: MICHELLE OBAMA...Barack Obama anois i mbéal an phobail, thiocfadh a rá go raibh a bhean chéile Michelle lán chomh clúiteach leis, rud nach raibh fíor i gcás na n-uachtarán

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

9

MICHELLE OBAMA

© WDC PHOTOS / ALAMY STOCK PHO

TO

Page 11: MICHELLE OBAMA...Barack Obama anois i mbéal an phobail, thiocfadh a rá go raibh a bhean chéile Michelle lán chomh clúiteach leis, rud nach raibh fíor i gcás na n-uachtarán

1 0

MICHELLE OBAMAooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

chuid is mó acu fáilte roimpi. Ba ag an am seo a thosaigh sí ag smaoineamh ar na dúshláin a bhíonn roimh dhaoine gorma agus ar an bhearna idir daoine saibhre agus daoine bochta. Bhí iontas mór uirthi go raibh carranna BMW ag cuid de na mic léinn. Ní raibh aithne aici féin ar thuismitheoirí ar bith, fiú, a raibh BMW acu. I ndiaidh di céim a fháil in Princetown, fuair sí áit in Harvard, áit ar thosaigh sí ar iarchéim a dhéanamh sa dlí. Bhí Michelle an-bhródúil as a cúlra mar bhean ghorm. Ghlac sí páirt in agóidí le brú a chur ar ollscoileanna cothrom na Féinne a thabhairt do dhaoine gorma, mná agus daoine faoi mhíchumas nuair a bhí siad ag ceapadh daoine. D’oibrigh sí saor in aisce fosta ag tabhairt comhairle do dhaoine bochta nuair a bhí fadhbanna acu ó thaobh tithe de.

Sa bhliain 1991 fuair athair Michelle, Fraser, bás. Bhí sí

Page 12: MICHELLE OBAMA...Barack Obama anois i mbéal an phobail, thiocfadh a rá go raibh a bhean chéile Michelle lán chomh clúiteach leis, rud nach raibh fíor i gcás na n-uachtarán

1 1

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

MICHELLE OBAMA

© EVERETT COLLECTION HISTORICAL / ALAMY STOCK PHOTO

Page 13: MICHELLE OBAMA...Barack Obama anois i mbéal an phobail, thiocfadh a rá go raibh a bhean chéile Michelle lán chomh clúiteach leis, rud nach raibh fíor i gcás na n-uachtarán

1 2

MICHELLE OBAMAooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

croíbhriste ach shocraigh sí go leanfadh sí ar aghaidh ag déanamh a díchill sa tsaol mar ba mhaith leis go ndéanfadh sí. Nuair a bhí sí ag obair le comhlacht dlí darbh ainm Sidney Austin, bhuail sí le fear óg darbh ainm Barack Obama a raibh post aige don tsamhradh. D’iarr an comhlacht ar Michelle cuidiú agus treoir a thabhairt dó leis an obair. Níorbh fhada gur thit siad i ngrá le chéile agus an chéad oíche a chuaigh siad amach le chéile, shocraigh siad ar dhul chuig an phictiúrlann. I mbarr a réime

Pósadh Michelle agus Barack ar a chéile sa bhliain 1992. Rugadh beirt iníonacha dóibh, Malia Ann agus Natasha. Bhí Barack ag teagasc ar ollscoil in Chicago. Ansin in 2004, toghadh chun an tSeanaid in Washington é. Shocraigh siad ar leanúint ar aghaidh ina gcónaí in Chicago

Page 14: MICHELLE OBAMA...Barack Obama anois i mbéal an phobail, thiocfadh a rá go raibh a bhean chéile Michelle lán chomh clúiteach leis, rud nach raibh fíor i gcás na n-uachtarán

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

1 3

MICHELLE OBAMA

© ZUMA PRESS, INC. / ALAMY S

TOCK PHOTO

Page 15: MICHELLE OBAMA...Barack Obama anois i mbéal an phobail, thiocfadh a rá go raibh a bhean chéile Michelle lán chomh clúiteach leis, rud nach raibh fíor i gcás na n-uachtarán

1 4

MICHELLE OBAMAooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

ar an ábhar go mbeadh sé níos fearr do na cailíní. Bhí Barack ag déanamh dul chun cinn maith sa pholaitíocht, agus sa bhliain 2008, shocraigh sé ar sheasamh sa toghchán le bheith ina uachtarán ar Mheiriceá. Is dócha nach raibh Michelle iomlán cinnte faoi cé chomh maith agus a bhí an cinneadh seo mar ghlac sí cúram a cuid páistí go han-dáiríre. Sa deireadh d’aontaigh sí, ach thug sí air gealltanas a thabhairt go n-éireodh sé as na toitíní!

Bhí ról tábhachtach ag Michelle sa toghchán sin, í ag dul chuig cruinnithe agus ag tacú lena fear chéile. Ag cuimhneamh ar a ról mar mháthair, áfach, shocraigh sí nach bhfanfadh sí ar shiúl ón teach níos mó ná uair amháin gach seachtain agus nach n-oibreodh sí níos mó ná dhá lá sa tseachtain. Mar sin féin, bhí próifíl an-ard aici, ní hamháin ar an ábhar

Page 16: MICHELLE OBAMA...Barack Obama anois i mbéal an phobail, thiocfadh a rá go raibh a bhean chéile Michelle lán chomh clúiteach leis, rud nach raibh fíor i gcás na n-uachtarán

1 5

MICHELLE OBAMAoooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

go raibh sí pósta ar an fhear a bhí ag iarraidh bheith ina uachtarán; chomh maith leis sin, bhí páirt lárnach san fheachtas toghchánaíochta aici, ag scríobh óráidí dó agus ag labhairt ar sheónna teilifíse amhail clár Oprah Winfrey. Nuair a bhain Barack Obama an toghchán ba scéal mór é i Meiriceá. Ba rud é nach dtiocfadh le muintir Mheiriceá a shamhlú tamall roimhe sin mar gheall ar an easpa measa a bhí ar dhaoine gorma riamh sa stair.

Sular bhog Michelle agus a fear chéile isteach sa Teach Bhán, d’iarr sí comhairle ar chúpla bean a bhí ann roimhe, Laura Bush agus Rosalynn Carter, faoin dóigh is fearr le páistí a thógáil ann. Bhog máthair Michelle, Marian, isteach leo le cuidiú léi na páistí a thógáil. Go gairid i ndiaidh do Michelle bogadh isteach, thug sí cuairt ar ionaid dídine

Page 17: MICHELLE OBAMA...Barack Obama anois i mbéal an phobail, thiocfadh a rá go raibh a bhean chéile Michelle lán chomh clúiteach leis, rud nach raibh fíor i gcás na n-uachtarán
Page 18: MICHELLE OBAMA...Barack Obama anois i mbéal an phobail, thiocfadh a rá go raibh a bhean chéile Michelle lán chomh clúiteach leis, rud nach raibh fíor i gcás na n-uachtarán

MICHELLE OBAMA

© WHITE HOUSE PHOTO / ALAMY STOCK PHOTO

Page 19: MICHELLE OBAMA...Barack Obama anois i mbéal an phobail, thiocfadh a rá go raibh a bhean chéile Michelle lán chomh clúiteach leis, rud nach raibh fíor i gcás na n-uachtarán

1 8

MICHELLE OBAMAooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

agus ar chistineacha anraith do dhaoine a bhí ina gcónaí ar na sráideanna. Bhí tionchar aici anois mar “Chéadbhean Mheiriceá” agus d’úsáid sí an tionchar sin; mar shampla, le daoine a spreagadh le bia níos sláintiúla a ithe.

Sa bhliain 2012, bhain Barack Obama toghchán le téarma eile a chaitheamh mar uachtarán. Bhí dúil mhór ag muintir Mheiriceá in Michelle agus níl dabht a bith ach gur chuidigh sin lena fear chéile an dara téarma a fháil sa Teach Bhán. Thaistil sí ar fud na Stát Aontaithe agus ar fud an domhain ag tacú leis na rudaí ar chreid sí iontu. Bhí muintir Mheiriceá chomh sásta sin le Michelle go raibh a lán daoine den bharúil go seasfadh sí féin i dtoghchán le bheith ina huachtarán am éigin, ach is cosúil nach bhfuil suim aici sa phost. Taobh eile de Michelle Obama a thaitin go mór le muintir Mheiriceá ná na héadaí a

Page 20: MICHELLE OBAMA...Barack Obama anois i mbéal an phobail, thiocfadh a rá go raibh a bhean chéile Michelle lán chomh clúiteach leis, rud nach raibh fíor i gcás na n-uachtarán

1 9

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

MICHELLE OBAMA

© WDC PHOTOS / ALAMY STOCK PHOTO

Page 21: MICHELLE OBAMA...Barack Obama anois i mbéal an phobail, thiocfadh a rá go raibh a bhean chéile Michelle lán chomh clúiteach leis, rud nach raibh fíor i gcás na n-uachtarán

2 0

MICHELLE OBAMAooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

chaith sí. Bhí a héadaí i gcónaí snasta faiseanta, agus rinne a lán daoine comparáid idir í féin agus Jacqueline Kennedy, bean chéile John F Kennedy, ó thaobh na stíle de. Ó d’fhág sí an Teach Bán lean sí ar aghaidh ag tacú le cúiseanna éagsúla a gcreideann sí go láidir iontu.

Oidhreacht Ba shár-réalta ar a lán dóigheanna é Barack Obama ó toghadh é ina uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, ach ba shár-réalta fosta a bhean chéile ar a lán cúiseanna. Ní raibh bean ghorm ar bith eile i Meiriceá a raibh an oiread céanna clú agus cáil uirthi. An rud ba thábhachtaí, áfach, ná go raibh níos mó i gceist léi ná díreach bheith ina “Céadbhean”. Bhí meas uirthi ar a lán cúiseanna: bhí cáilíochtaí oideachais den scoth aici, bhí sí maith ag tabhairt óráidí, bhí sí cumasach, thuig sí an pholaitíocht agus thug

Page 22: MICHELLE OBAMA...Barack Obama anois i mbéal an phobail, thiocfadh a rá go raibh a bhean chéile Michelle lán chomh clúiteach leis, rud nach raibh fíor i gcás na n-uachtarán

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

2 1

MICHELLE OBAMA

© JASON O. WATSON (EDI

TORIAL) / ALAMY STOCK

PHOTO

Page 23: MICHELLE OBAMA...Barack Obama anois i mbéal an phobail, thiocfadh a rá go raibh a bhean chéile Michelle lán chomh clúiteach leis, rud nach raibh fíor i gcás na n-uachtarán

2 2

MICHELLE OBAMAooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

sí tacaíocht do chuid mhór cúiseanna maithe.

Bhí na daoine gorma i Meiriceá fíorbhródúil aisti mar chruthaigh sí an méid ab fhéidir le bean ghorm a dhéanamh ach an seans a bheith aici. Gan Michelle a bheith aige mar bhean chéile, ní dócha go n-éireodh chomh maith céanna le Barack Obama. Ghlac sí lena freagrachtaí mar mháthair go han-dáiríre agus bhí a beirt iníonacha i gcónaí chun tosaigh ina smaointe nuair a bhí rud ar bith ar intinn aici. D’admhaigh sí féin agus a fear chéile gur chuir saol gnóthach na polaitíochta brú mór ar a bpósadh, ach rinne siad iarracht mhór na deacrachtaí uilig a shárú.

An bhfuil seans ar bith go n-athróidh sí a hintinn agus go mbeidh sí ar an chéad bhean le bogadh isteach sa Teach Bhán mar uachtarán Mheiriceá? Beidh le feiceáil!

Page 24: MICHELLE OBAMA...Barack Obama anois i mbéal an phobail, thiocfadh a rá go raibh a bhean chéile Michelle lán chomh clúiteach leis, rud nach raibh fíor i gcás na n-uachtarán

2 3

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

MICHELLE OBAMA

© THOMAS IMO / ALAMY STOCK PHOTO

Page 25: MICHELLE OBAMA...Barack Obama anois i mbéal an phobail, thiocfadh a rá go raibh a bhean chéile Michelle lán chomh clúiteach leis, rud nach raibh fíor i gcás na n-uachtarán
Page 26: MICHELLE OBAMA...Barack Obama anois i mbéal an phobail, thiocfadh a rá go raibh a bhean chéile Michelle lán chomh clúiteach leis, rud nach raibh fíor i gcás na n-uachtarán

© CCEA 2019