4
T á an samhradh thart agus anois tá rang nua le hullmhú agus le tosú. Tús maith leath na hoibre agus, mar sin, má tá na háiseanna uilig agat anois agus tú réidh le tabhairt fúthu beidh leat. Ba mhaith liomsa a mhíniú anois faoi Céim ar Chéim. Scéim dhaite tharraingteach shultmhar phléisiúrtha shuimiúil éagsúil spreagúil agus go leor leor aidiachtaí dearfacha eile nach iad. Le roinnt míonna anuas tá mé féin agus meitheal múinteoirí ag obair linn go dian ar ábhair thacaíochta le húsáid Céim ar Chéim a éascú. I ndiaidh labhairt le múinteoirí ar na cúrsaí oiliúna tugadh le fios dom nach bhfuil Céim ar Chéim in úsáid mar scéim léitheoireachta sna scoileanna mar gheall ar easpa ábhar tacaíochta. Leis an cheist seo a réiteach cuireadh tús le plean a bhaineann le húsáid éifeachtach Céim ar Chéim. Scéim léitheoireachta atá ann go príomha ach dóibh siúd atá ag iarraidh í a úsáid le tacú le teagasc na litearthachta go ginearálta tá gnéithe éagsúla den litearthacht sa phlean ar dhóigh struchtúrtha agus chéimithe. Sa phlean seo tá straitéisí ar shealbhú na Gaeilge, chomhréir na Gaeilge, theagasc na poncaíochta agus stíl léitheoireachta agus scríbhneoireachta. Chomh maith leis sin, tá plean ar theagasc na gramadaí agus ar an dóigh leis an fhónaic a úsáid i gcomhar leis na leabhair seo. Agus an plean seo deartha chuaigh muid i mbun oibre ar leathanaigh thacaíochta le húsáid le gach céim agus táimid ag dúil go mbeidh siad seo réidh le húsáid sa chéad téarma. Ba mhaith liom buíochas a ghábháil ar bhur son le Deirdre Nic Suibhne, Fiadhna Nic Aoidh agus le Dolores Barnes a chaith uaireanta fada an chloig ag pleanáil, ag ullmhú agus ag iarraidh teacht ar straitéisí sultmhara le gnéithe den litearthacht a theagasc ar dhóigh phléisiúrtha. Beidh toradh na hoibre le feiceáil gan mhoill. Beidh na leathanaigh seo ar fáil le híoslódáil ar shuíomh an Áisaonaid. Táimid ag moladh go n-úsáidfear mar leathanaigh scartha iad seachas mar leabhair oibre. Rinneadh na leathanaigh agus muid ag cuimhneamh ar fhoghlaimeoirí éagsúla agus ar pháistí a bhíonn réidh do ghníomhaíochtaí éagsúla ag amanna éagsúla. Mar sin beidh sé faoin mhúinteoir a mheas cé acu leathanach a fhóireann do pháistí éagsúla. Fáilte go curaclam Thuaisceart Éireann! Leabhair Chainte Céim ar Chéim Dea-scéala eile d’úsáideoirí Céim ar Chéim é na leabhair chainte. Beidh DVD de 100 leabhar ar fáil ar ball le húsáid ar ríomhairí na scoile nó sa bhaile. Tá an téacs agus na pictiúir ar scáileán agus na leabhair á léamh ag cainteoirí Gaeilge as Tír Chonaill agus na fiacla uilig ag gach duine acu. Pacáiste Tacaíochta Céim ar Chéim

ÊÌ Ã> >` ? ÃÌiÊ ÃV iÊ > Ê Õ Ài à >à i >ÃJ> Ã> >`° À} Pac iste Taca … · 2008. 9. 16. · Agus muid ag roghn na leabhar le haistr , phioc muid measc n maith de leabhair

  • Upload
    others

  • View
    1

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: ÊÌ Ã> >` ? ÃÌiÊ ÃV iÊ > Ê Õ Ài à >à i >ÃJ> Ã> >`° À} Pac iste Taca … · 2008. 9. 16. · Agus muid ag roghn na leabhar le haistr , phioc muid measc n maith de leabhair

Tá an samhradh thart agus anois tá rang nua le hullmhú agus le tosú. Tús maith leath na hoibre agus, mar sin, má tá

na háiseanna uilig agat anois agus tú réidh le tabhairt fúthu beidh leat.

Ba mhaith liomsa a mhíniú anois faoi Céim ar Chéim. Scéim dhaite tharraingteach shultmhar

phléisiúrtha shuimiúil éagsúil spreagúil agus go

leor leor aidiachtaí dearfacha eile nach iad. Le

roinnt míonna anuas tá mé féin agus meitheal

múinteoirí ag obair linn go dian ar ábhair

thacaíochta le húsáid Céim ar Chéim a éascú. I

ndiaidh labhairt le múinteoirí ar na cúrsaí oiliúna

tugadh le fios dom nach bhfuil Céim ar Chéim in

úsáid mar scéim léitheoireachta sna scoileanna mar

gheall ar easpa ábhar tacaíochta. Leis an cheist

seo a réiteach cuireadh tús le plean a bhaineann

le húsáid éifeachtach Céim ar Chéim. Scéim

léitheoireachta atá ann go príomha ach dóibh

siúd atá ag iarraidh í a úsáid le tacú le teagasc na

litearthachta go ginearálta tá gnéithe éagsúla den

litearthacht sa phlean ar dhóigh struchtúrtha agus

chéimithe. Sa phlean seo tá straitéisí ar shealbhú

na Gaeilge, chomhréir na Gaeilge, theagasc

na poncaíochta agus stíl léitheoireachta agus

scríbhneoireachta. Chomh maith leis sin, tá plean

ar theagasc na gramadaí agus ar an dóigh leis an

fhónaic a úsáid i gcomhar leis na leabhair seo.

Agus an plean seo deartha chuaigh muid i mbun

oibre ar leathanaigh thacaíochta le húsáid le gach

céim agus táimid ag dúil go mbeidh siad seo réidh

le húsáid sa chéad téarma.

Ba mhaith liom buíochas a ghábháil ar bhur son

le Deirdre Nic Suibhne, Fiadhna Nic Aoidh agus

le Dolores Barnes a chaith uaireanta fada an chloig

ag pleanáil, ag ullmhú agus ag iarraidh teacht ar

straitéisí sultmhara le gnéithe den litearthacht a

theagasc ar dhóigh phléisiúrtha. Beidh toradh na

hoibre le feiceáil gan mhoill.

Beidh na leathanaigh seo ar fáil le híoslódáil

ar shuíomh an Áisaonaid. Táimid ag moladh go

n-úsáidfear mar leathanaigh scartha iad seachas

mar leabhair oibre. Rinneadh na leathanaigh agus

muid ag cuimhneamh ar fhoghlaimeoirí éagsúla

agus ar pháistí a bhíonn réidh do ghníomhaíochtaí

éagsúla ag amanna éagsúla. Mar sin beidh sé faoin

mhúinteoir a mheas cé acu leathanach a fhóireann

do pháistí éagsúla. Fáilte go curaclam Thuaisceart

Éireann!

Leabhair Chainte Céim ar ChéimDea-scéala eile d’úsáideoirí Céim ar Chéim é

na leabhair chainte. Beidh DVD de 100 leabhar ar

fáil ar ball le húsáid ar ríomhairí na scoile nó sa

bhaile. Tá an téacs agus na pictiúir ar scáileán agus

na leabhair á léamh ag cainteoirí Gaeilge as Tír

Chonaill agus na fiacla uilig ag gach duine acu.

Pacáiste Tacaíochta Céim ar Chéim

Page 2: ÊÌ Ã> >` ? ÃÌiÊ ÃV iÊ > Ê Õ Ài à >à i >ÃJ> Ã> >`° À} Pac iste Taca … · 2008. 9. 16. · Agus muid ag roghn na leabhar le haistr , phioc muid measc n maith de leabhair

Tá 12 leabhar chaibidle atá dírithe go

príomha ar Rang 6 i ndiaidh teacht chugainn

ar eitleán ón tSin! Is ea, is ansin atá na

leabhair á gcló arís agus tá sampla de gach

teideal curtha chuig gach scoil. Táimid ag

ullmhú leabhair oibre le dul le gach ceann

acu chomh maith. Dála na leabhar atá

déanta againn go dtí seo, tá idir fhicsean

agus neamhfhicsean i gceist leis an tsraith

seo chomh maith. Tá siad lándaite, iontach

tarraingteach agus réimse leathan ábhar agus

téamaí iontu.

Seo achoimre ghairid ar a bhfuil i gceist i

ngach leabhar acu:

Ficsean:• Is Gaisteoir í Mo Mhúinteoir: Scéal

faoi mhúinteoir as Florida a chaitheann a

cuid ama sa tóir ar ailigéadair nuair nach

mbíonn sí ag teagasc.

• Tóraíocht Taisce: Úrscéal faoi ghasúr

darb ainm Nic a bhfuil cara iontach aige

darb ainm Draoi. An dtiocfaidh siad ar

na leideanna uilig leis an duais mhór a

bhaint?

• Aintín Áine is a hArracht: Tá Aintín

Áine sa tóir ar arracht speisialta agus tá

gasúr darb ainm Tarlach ag cuidiú léi.

• An Baile Gandath: Scéal faoi chailín

darb ainm Aoibhinn Ní Fheirge agus mar

a rinne sí baile gealgháireach de bhaile

dúr gruama.

• Scéalta Slítheánta: Gearrscéalta béaloidis

domhanda faoi chlisteacht agus faoi

ghliceas ainmhithe agus daoine.

• A Chara ón Todhchaí: Tá tionscadal

iontach ar bun i scoil Anna - taisceadán

todhchaí. Léigh faoin dialann a scríobh

Anna dá cara sa todhchaí.

• Daidí Áine: Scéal faoi Áine agus a

cairde agus na poist shuimiúla atá ag a

dtuismitheoirí.

Neamhfhicsean• Amelia Earhart: Léigh faoi eachtraí

iontacha Amelia agus a turas eitleáin ó

Mheiriceá go Doire!

• An Fhoraois Bháistí: Tugann daoine

‘scamhóga an domhain’ ar na coillte

iontacha seo. Tabhair cuairt ar na plandaí,

ar na hainmhithe agus ar na daoine a

mhaireann iontu.

• Ní Mar a Shíltear a Bhítear: An bhfuil

sibh ag smaoineamh ar dhráma scoile

a léiriú? Seo leabhar a chuideoidh libh

dráma den scoth a chur ar ardán.

• Taismí Tairbheacha: An raibh a fhios

agat gur de thaisme a rinneadh an chéad

x-gha agus an chéad taoschnó? Tá cur

síos ar ‘thaismí’ eile sa leabhar seo a

raibh deireadh iontach sona leo.

• Fuar!: Cur síos daite tarraingteach

faoin Artach agus Antartaice, faoi na

hainmhithe a mhaireann in aice leis an dá

Phol agus faoi eachtraí na ndaoine cróga

a chuaigh ar turas chucu i bhfad ó shin.

Is leabhair iad seo a roghnaigh baill Fócas-Ghrúpa Eochairchéim 2 agus iad dírithe ar rang 6. Beidh dosaen eile ar an bhealach an

bhliain seo chugainn a bheidh níos fóirsteanaí

do Rang 7 agus don chéad bhliain ar an

Mheánscoil.

Praghsanna:

£3/€4.50 an teideal

£11/€16 ar 4 theideal

£20/€28 ar 8 dteideal

£25/€35 ar 12 theideal

Ábhar tacaíochta do Rang 6Tá tús curtha chomh maith le leabhair oibre

le teacht leis na leabhair chaibidle seo a

bhuíochas le Risteard Mac Daibhéid, Andrea

Nic Oscair, Seán Fennell agus Julie Ní

Ghallchóir.

Leabhair mhóra na BonnchéimeTá cúig leabhar mhóra ag na clódóirí faoi

láthair agus iad le bheith réidh do na ranganna

san Fhómhar.

Eolas a bailíodh don phleanBa mhaith liom buíochas a ghábháil le gach

duine a líon isteach foirm faoi áiseanna ar

na cúrsaí oiliúna nó ar r-phost chugam. Mar

eolas daoibh bhailigh mé na smaointe uilig

faoi na riachtanais a luaigh daoine agus chuir

in ord tosaíochta iad.

An Bhonnchéim: • Scéim struchtúrtha don léitheoireacht

• Tuilleadh leabhar mór

• Ábhair ar an fhónaic

EC1:

• Scéim struchtúrtha léitheoireachta

• Leabhair mhóra

• Ábhair ar an fhónaic

EC2:

• Leabhair mhóra

• Úrscéalta

Page 3: ÊÌ Ã> >` ? ÃÌiÊ ÃV iÊ > Ê Õ Ài à >à i >ÃJ> Ã> >`° À} Pac iste Taca … · 2008. 9. 16. · Agus muid ag roghn na leabhar le haistr , phioc muid measc n maith de leabhair

Nuair a tháinig muid le chéile bhí cuspóir

iontach soiléir simplí againn:

‘Leabhair léitheoireachta a phiocadh le haistriú ó Bhéarla go Gaeilge a spreagfadh suim sa léitheoireacht Ghaeilge i measc pháistí Eochairchéim 2 san earnáil’.

B’i dtólamh a shíl múinteoirí

Gaelscoile go raibh bearna shuntasach

sa ghné léitheoireacht Ghaeilge den

churaclam. Bhíodh sé i gcónaí deacair

suim sa léitheoireacht Ghaeilge a chruthú

agus neamhspleáchas sa phróiséas

léitheoireachta a fhorbairt. Cinnte, bhí

leabhair mhaithe Ghaeilge ar fáil agus

in úsáid sna seomraí ranga ach ní raibh

go leor acu ann. Bhí i bhfad níos mó

leabhar de dhíth chun an tsuim agus

an neamhspleáchas sa léitheoireacht

Ghaeilge a fhorbairt, a chur chun cinn

agus a chur ag leibhéal na léitheoireachta

Béarla.

Sna Leibhéil Dhul Chun Cinn

scríobhtar go dtig le daltaí ‘straitéisí léitheoireachta a úsáid go neamhspleách’

(Leibhéal 3) agus go dtig le daltaí ‘bheith ag léamh go neamhspleách’ (Leibhéal 4).

Ba dhoiligh é i dtólamh, na gnéithe

tábhachtacha seo den Chumarsáid a

chomhlíonadh as siocair nach raibh

réimse maith leabhar ar fáil i nGaeilge.

Ach anois, le hobair mhór an Áisaonaid,

tá faill againn seo a athrú.

Agus muid ag roghnú na leabhar le

haistrú, phioc muid meascán maith de

leabhair chun an oiread páistí agus is féidir

a mhealladh i dtreo neamhspleáchais

sa léitheoireacht Ghaeilge. Roghnaigh

muid úrscéalta, leabhair ficsin, leabhair

neamhfhicsin srl.

Nuair a bhí na profaí réidh le húsáid

sna scoileanna thriail mé féin iad leis an

rang a bhí agam féin, Rang 5/6. Caithfidh

mé a rá go raibh iontas agus gliondar orm

go raibh an oiread sin dúile acu iontu – go

háirithe i measc na meánléitheoirí. Ba léir

gur mheall na leabhair iad.

Tá na leabhair soléite, sothuigthe,

tarraingteach agus scríofa ag leibhéal

fóirsteanach do pháistí Eochairchéim 2.

Dúirt Róise Nic an Bheatha, duine de

na daltaí s’agam:

‘Bhain mé sult mór ar fad as na leabhair úra seo mar tá siad daite agus tá a lán grianghrafanna iontu. Tá na scéalta fein iontach suimiúil ar fad. Tá mé ag dúil go mór le hiad uilig a leamh!’

Cuireann Risteard Mac Daibhéid, Gaelscoil Éadain Mhóir, síos ar a chuid eispéireas ag cuidiú le Fócas-Ghrúpa Eochairchéim 2 leabhair chaibidle a roghnú agus a thriail.

Leabhair mhóra – Praghsanna beaga!

Page 4: ÊÌ Ã> >` ? ÃÌiÊ ÃV iÊ > Ê Õ Ài à >à i >ÃJ> Ã> >`° À} Pac iste Taca … · 2008. 9. 16. · Agus muid ag roghn na leabhar le haistr , phioc muid measc n maith de leabhair

Tá cuid mhaith

d’ábhar an

Áisaonaid ar

fáil saor in

aisce ón suíomh

idirlín againn

www.aisaonad.org

Is i bhfoirm ‘pdf’

atá an chuid is mó

de na rudaí agus tá

cead iad a íoslódáil

agus a úsáid sa

seomra ranga.

Céim 11: Bó sa ChrannCéim 12: Déan Tuar CeathaCéim 13: Pióg MhamóCéim 14: Bia BlastaCéim 15: Luchóga agus Scéalta Eile

A r a n B h e a l a c h

5 leagan mhóra eile de leabhair bheaga Céim ar Chéim le foilsiú i bhFómhar 2008Is iad na teidil atá i gceist: