23
PREAS Rue de la Loi 175 B – 1048 AN BHRUISÉIL Teil.: +32 (0)2 281 9442 / 6319 Facs: +32 (0)2 281 8026 [email protected] http://www.consilium.europa.eu/Newsroom 16756/11 1 GA COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH GA 16756/11 (OR. en) PRESSE 422 PR CO 68 PREASEISIÚINT 3124ú cruinniú na Comhairle Gnóthaí Eachtracha An Bhruiséil, 14 Samhain 2011 An tUachtarán Catherine ASHTON Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

PREASEISIÚINT Gnóthaí Eachtracha · (OR. en) 14.XI.2011 16756/11 2 GA Príomhthorthaí na Comhairle D'ullmhaigh an Chomhairle seasamh an AE do chomhdháil idirnáisiúnta maidir

  • Upload
    others

  • View
    0

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: PREASEISIÚINT Gnóthaí Eachtracha · (OR. en) 14.XI.2011 16756/11 2 GA Príomhthorthaí na Comhairle D'ullmhaigh an Chomhairle seasamh an AE do chomhdháil idirnáisiúnta maidir

P R E A S

Rue de la Loi 175 B – 1048 AN BHRUISÉIL Teil.: +32 (0)2 281 9442 / 6319 Facs: +32 (0)2 281 8026 [email protected] http://www.consilium.europa.eu/Newsroom

16756/11 1

GA

COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

GA 16756/11 (OR. en) PRESSE 422 PR CO 68

PREASEISIÚINT

3124ú cruinniú na Comhairle

Gnóthaí Eachtracha

An Bhruiséil, 14 Samhain 2011

An tUachtarán Catherine ASHTON Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Page 2: PREASEISIÚINT Gnóthaí Eachtracha · (OR. en) 14.XI.2011 16756/11 2 GA Príomhthorthaí na Comhairle D'ullmhaigh an Chomhairle seasamh an AE do chomhdháil idirnáisiúnta maidir

(OR. en) 14.XI.2011

16756/11 2

GA

Príomhthorthaí na Comhairle

D'ullmhaigh an Chomhairle seasamh an AE do chomhdháil idirnáisiúnta maidir leis an Afganastáin in Bonn an 5 Nollaig. D'athdhearbhaigh sí an gealltanas daingean atá tugtha ag an AE leanúint mar chomhpháirtí láidir agus iontaofa ag an Afganastáin, nuair a bheidh deireadh tagtha leis an idirthréimhse chomh maith. D'fhormheas sí sainordú caibidlíochta le haghaidh comhaontaithe comhair don chomhpháirtíocht agus don fhorbairt leis an Afganastáin agus chuir sí fad le misean póilíneachta an AE san Afganastáin i bprionsabal le haghaidh trí bliana eile, go dtí deireadh 2014.

Rinne an Chomhairle tuairimí a mhalartú maidir le cúrsaí i gComharsanacht an deiscirt san AE, i bhfianaise na bhforbairtí is déanaí sa réigiún. Ghlac sí Conclúidí maidir leis an Libia, an tSiria agus an Túinéis. I bhfianaise thromchúis na staide mar atá sa tSiria, rinne an Chomhairle bearta sriantacha an AE i gcoinne réimeas na tíre a atreisiú.

Ghlac an Chomhairle creat straitéiseach do Chorn na hAfraice, a ndéanfaidh gníomhaíocht an AE a threorú chun síocháin, cobhsaíocht agus rathúnas níos fearr a bhaint amach sa réigiún. Leis an gcreat straitéiseach, leagtar amach cúig réimse le haghaidh gnímh AE: struchtúir pholaitiúla láidre, chuntasacha a chruthú; ag cur le réiteach na gcoinbhleachtaí agus cosc ar choinbhleachtaí; bagairtí slándála a thagann ón réigiún a mhaolú; fás eacnamaíoch a chur chun cinn, agus tacú le comhar eacnamaíoch réigiúnach.

I rith am lóin, phléigh na hairí na hoibríochtaí reatha agus na hoibríochtaí a bheidh ann faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta. Rinne siad tuairimí a mhalartú freisin maidir le tuarascáil nua ón nGníomhaireacht Idirnáisiúnta d'Fhuinneamh Adamhach faoi chlár núicléach na hIaráine. Ghlac an Chomhairle Conclúidí maidir leis an Iaráin, lena gcuirtear in iúl a himní mhéadaitheach faoi chlár núicléach na hIaráine agus an easpa dul chun cinn maidir le hiarrachtaí taidhleoireachta.

Bhunaigh na hairí atá i gceannas ar chomhar um fhorbairt seasamh an AE don cheathrú fhóram ardleibhéil maidir le héifeachtacht na cabhrach in Busan, an Chóiré. Phléigh siad freisin tograí maidir le beartas an AE um fhorbairt amach anseo, an "clár don athrú" agus cur chuige athdhírithe ar thacaíocht bhuiséadach.

Le linn dinnéir oibre, phléigh na hairí an caidreamh idir an AE agus Cónaidhm na Rúise.

Page 3: PREASEISIÚINT Gnóthaí Eachtracha · (OR. en) 14.XI.2011 16756/11 2 GA Príomhthorthaí na Comhairle D'ullmhaigh an Chomhairle seasamh an AE do chomhdháil idirnáisiúnta maidir

(OR. en) 14.XI.2011

1 � I gcás ina mbeidh dearbhuithe, conclúidí nó rún glactha go foirmiúil ag an gComhairle, léirítear é seo sa cheannteideal don ábhar lena mbaineann agus cuirtear an téacs idir chomharthaí athfhriotail.

� Doiciméid a dtugtar tagairtí dóibh sa téacs, tá siad ar fáil ar láithreán Idirlín na Comhairle (http://www.consilium.europa.eu).

� Gníomhartha a glacadh le dearbhuithe do mhiontuairiscí na Comhairle agus a fhéadfar a scaoileadh leis an bpobal, taispeántar le réiltín iad; tá na dearbhuithe seo ar fáil ar láithreán Idirlín na Comhairle nó féadfar iad a fháil ón bPreas-Oifig.

16756/11 3

GA

CLÁR1

RANNPHÁIRTITHE.........................................................................................................................5

ITEMS DEBATED

An Afganastáin.....................................................................................................................................7

Comharsanacht an deiscirt..................................................................................................................10

Corn na hAfraice agus an tSomáil......................................................................................................14

An Iaráin.............................................................................................................................................19

An Comhbheartas Slándála agus Cosanta ..........................................................................................19

SEISIÚN MAIDIR LE COMHAR UM FHORBAIRT .....................................................................20

CRUINNITHE EILE A REÁCHTÁLADH AGUS AN CHOMHAIRLE AR SIÚL ........................21

OTHER ITEMS APPROVED

GNÓTHAÍ EACHTRACHA

– Caidreamh leis an Rúis ..........................................................................................................................................22

COMHAR UM FHORBAIRT

– Tuarascáil bhliantúil maidir le beartais an AE um fhorbairt agus cúnamh seachtrach ..........................................22

– Rannchuidithe an AE a sheoltar trí eagraíochtaí na Náisiún Aontaithe i dtíortha a bhfuil coinbhleachtaí iontu .......................................................................................................................................................................22

– An Ciste Eorpach Forbraíochta..............................................................................................................................22

CEARTAS AGUS GNÓTHAÍ BAILE

– Bearta sriantacha i gcoinne daoine áirithe agus eintiteas áirithe d'fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac.......23

AN LIMISTÉAR EORPACH EACNAMAÍOCH

– Caidreamh leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch..............................................................................................23

Page 4: PREASEISIÚINT Gnóthaí Eachtracha · (OR. en) 14.XI.2011 16756/11 2 GA Príomhthorthaí na Comhairle D'ullmhaigh an Chomhairle seasamh an AE do chomhdháil idirnáisiúnta maidir

(OR. en) 14.XI.2011

16756/11 4

GA

CINNTÍ TRÍD AN NÓS IMEACHTA I SCRÍBHINN

– An Libia - bearta sriantacha ...................................................................................................................................23

Page 5: PREASEISIÚINT Gnóthaí Eachtracha · (OR. en) 14.XI.2011 16756/11 2 GA Príomhthorthaí na Comhairle D'ullmhaigh an Chomhairle seasamh an AE do chomhdháil idirnáisiúnta maidir

(OR. en) 14.XI.2011

16756/11 5

GA

RANNPHÁIRTITHE

Ardionadaí Catherine ASHTON Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus

don Bheartas Slándála

An Bheilg: Steven VANACKERE An Leas-Phríomh-Aire agus an tAire Gnóthaí Eachtracha

agus Athchóirithe Institiúidigh Olivier CHASTEL An tAire maidir le Comhar um Fhorbairt, a bhfuil

freagracht air maidir le Gnóthaí Eorpacha

An Bhulgáir: Nickolay MLADENOV An tAire Gnóthaí Eachtracha Dimiter TZANTCHEV An Leas-Aire Gnóthaí Eachtracha

Poblacht na Seice: Karel SCHWARZENBERG An Chéad LeasPhríomh-Aire agus an tAire Gnóthaí

Eachtracha Tomáš DUB An Leas-Aire Gnóthaí Eachtracha

An Danmhairg: Villy SØVNDAL An tAire Gnóthaí Eachtracha Christian Friis BACH An tAire Comhair um Fhorbairt

An Ghearmáin: Guido WESTERWELLE An tAire Gnóthaí Eachtracha Peter TEMPEL An Buanionadaí

An Eastóin: Urmas PAET An tAire Gnóthaí Eachtracha

Éire: Lucinda CREIGHTON An tAire Stáit a bhfuil freagracht faoi leith uirthi maidir le

Gnóthaí Eorpacha (Roinn an Taoisigh agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha)

Jan O'SULLIVAN An tAire Stáit don Trádáil agus don Fhorbairt

An Ghréig: Dimitrios DOLLIS An Státrúnaí Gnóthaí Eachtracha

An Spáinn: Mr Luis PLANAS PUCHADES An Buanionadaí

An Fhrainc: Alain JUPPÉ Ministre d'État, an tAire Gnóthaí Eachtracha agus

Eorpacha Henri de RAINCOURT An tAire a bhfuil freagracht air maidir le Comhar,

a ghabhann leis an Ministre d'Etat, an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Eorpacha

An Iodáil: Alfredo MANTICA An Státrúnaí Gnóthaí Eachtracha Mario SAMMARTINO Leas-Stiúrthóir Ginearálta/Príomhstiúrthóir le haghaidh

Gníomhaíochtaí Comhair a Phleanáil agus a Dhéanamh, an tAire Gnóthaí Eachtracha

An Chipir: Erato KOZAKOU-MARCOULLIS An tAire Gnóthaí Eachtracha

An Laitvia: Edgars RINKĒVIČS An tAire Gnóthaí Eachtracha Janis MAZEIKS Ceann Rúnaíochta um Chaidreamh Déthaobhach, Aireacht

Gnóthaí Eachtracha

An Liotuáin: Audronius AŽUBALIS An tAire Gnóthaí Eachtracha Raimundas KAROBLIS An Buanionadaí

Lucsamburg: Jean ASSELBORN An LeasPhríomh-Aire, An tAire Gnóthaí Eachtracha

Page 6: PREASEISIÚINT Gnóthaí Eachtracha · (OR. en) 14.XI.2011 16756/11 2 GA Príomhthorthaí na Comhairle D'ullmhaigh an Chomhairle seasamh an AE do chomhdháil idirnáisiúnta maidir

(OR. en) 14.XI.2011

16756/11 6

GA

Marie-Josée JACOBS An tAire Gnóthaí Teaghlaigh agus Imeasctha, An tAire Comhair agus Gníomhaíochta Daonnúla

An Ungáir: János MARTONYI An tAire Gnóthaí Eachtracha

Málta: Richard CACHIA CARUANA An Buanionadaí

An Ísiltír: Uri ROSENTHAL An tAire Gnóthaí Eachtracha Ben KNAPEN An Státrúnaí Gnóthaí Eachtracha

An Ostair: Wolfgang WALDNER Státrúnaí, An Aireacht Chónaidhme Gnóthaí Eorpacha

agus Idirnáisiúnta

An Pholainn: Radoslaw SIKORSKI An tAire Gnóthaí Eachtracha Krzysztof STANOWSKI An Leas-Státrúnaí Comhair um Fhorbairt, An Aireacht

Gnóthaí Eachtracha

An Phortaingéil: Paulo PORTAS Ministro de Estado, An tAire Gnóthaí Eachtracha Manuel LOBO ANTUNES An Buanionadaí

An Rómáin: Teodor BACONSCHI An tAire Gnóthaí Eachtracha Mihnea MOTOC An Buanionadaí

An tSlóivéin: Samuel ŽBOGAR An tAire Gnóthaí Eachtracha Dragoljuba BENČINA Státrúnaí ag an Aireacht Gnóthaí Eachtracha

An tSlóvaic: Mikuláš DZURINDA An tAire Gnóthaí Eachtracha Milan JEZOVICA Státrúnaí ag an Aireacht Gnóthaí Eachtracha

An Fhionlainn: Errki TUOMIOJA An tAire Gnóthaí Eachtracha Heidi HAUTALA An tAire Forbartha Idirnáisiúnta

An tSualainn: Carl BILDT An tAire Gnóthaí Eachtracha Gunilla CARLSSON An tAire um Chúnamh Forbartha

An Ríocht Aontaithe: William HAGUE An Príomh-Státrúnaí, Rúnaí Stáit Gnóthaí Eachtracha agus

Gnóthaí Comhlathais Stephen O'BRIEN Fo-Rúnaí Stáit Pharlaimintigh, an Roinn um Chomhair

Idirnáisiúnta

An Coimisiún: Kristalina GEORGIEVA Comhalta Andris PIEBALGS Comhalta Štefan FÜLE Comhalta

Page 7: PREASEISIÚINT Gnóthaí Eachtracha · (OR. en) 14.XI.2011 16756/11 2 GA Príomhthorthaí na Comhairle D'ullmhaigh an Chomhairle seasamh an AE do chomhdháil idirnáisiúnta maidir

(OR. en) 14.XI.2011

16756/11 7

GA

ÍTIMÍ A PLÉADH

An Afganastáin

D'ullmhaigh an Chomhairle seasamh an AE do chomhdháil idirnáisiúnta maidir leis an Afganastáin in Bonn an 5 Nollaig.

Ghlac an Chomhairle na conclúidí seo a leanas:

1. "Tá an pháirtíocht idirnáisiúnta san Afganastáin ag forbairt óna bheith ag díriú ar shlándáil agus ar chobhsú i dtreo an chomhair pholaitiúil agus eacnamaíoch. Tar éis 2014, beidh an Afganastáin, a bheidh iomlán ceannasach, go hiomlán freagrach as slándáil a tíre féin agus déanfaidh sí a seacht ndícheall iompú ina comhalta cobhsaí agus freagrach den chomhphobal idirnáisiúnta, a fhreastalóidh ar a muintir go léir agus gealltanais idirnáisiúnta chomhaontaithe á n-urramú go hiomlán. Chun na próisis sin a chur i gcrích ar bhealach rathúil, beidh ar an gcomhphobal idirnáisiúnta leanúint leis an tacaíocht atá á tabhairt don Afganastáin agus í ag dul ó Idirthréimhse go hAthrú.

2. Sa chomhthéacs sin, tá an Chomhairle ag súil leis an bhfógra foirmiúil ón Uachtarán Karzai faoin dara tráinse de na cúigí, na dúichí agus na cathracha ina n-aistreofar freagracht iomlán maidir le cúrsaí slándála chuig údaráis na hAfganastáine, mar chuid den phróiseas idirthréimhseach. Tá beagnach 50% de mhuintir na hAfganastáine ina gcónaí i gceantair atá athraithe cheana féin nó a bhfuiltear ag súil go n-athrófar iad.

3. Tionólfar Comhdháil Idirnáisiúnta na hAfganastáine in Bonn faoi chathaoirleacht na hAfganastáine an 5 Nollaig 2011. Glacann an Chomhairle go hiomlán le haidhmeanna na Comhdhála, go háirithe maidir leis an gcomhphobal idirnáisiúnta a spreagadh chun leanúint de pháirt a ghlacadh i ngnóthaí na hAfganastáine go fadtéarmach. Dá bhrí sin, athdhearbhaíonn an Chomhairle an gealltanas daingean atá tugtha ag an AE leanúint mar chomhpháirtí láidir agus iontaofa ag rialtas agus ag muintir na hAfganastáine, nuair a bheidh deireadh tagtha leis an idirthréimhse chomh maith.

4. Tá an Chomhairle ag súil freisin go leagfar béim ag Comhdháil Bonn ar institiúidí rialachais na hAfganastáine a neartú níos mó. Measann an Chomhairle, má táthar ag súil go bhforbróidh agus go n-oibreoidh na struchtúir dhaonlathacha a tógadh le cabhair ón AE ar bhealach inbhuanaithe, nach mór tacaíocht iomlán a fháil ó mhuintir na hAfganastáine, an-chuid díobh a tháinig amach chun vóta a chaitheamh sna toghcháin in 2009 agus in 2010 in aghaidh imeaglaithe agus bagairtí, agus amhras ann faoi shláine an phróisis.

5. Ag an am céanna, ní mór go dtaispeánfaidh an Afganastáin toradh follasach maidir leis na gealltanais a tugadh le linn Comhdháil Kabul a chur chun feidhme, go háirithe sna réimsí a bhaineann le rialachas, le hurraim do chearta an duine agus leis an smacht reachta agus a mhéid a bhaineann le bainistiú freagrach na gcistí poiblí. Agus gnéithe sibhialtacha na hidirthréimhse á cur san áireamh, ba cheart go dtabharfaí teachtaireacht shoiléir maidir le tacaíocht, dá réir sin, le Comhdháil Bonn agus údaráis na hAfganastáine á ngríosadh chun ceannaireacht láidir agus tiomantas a léiriú agus chun dul chun cinn tapa a dhéanamh sna réimsí ríthábhachtacha sin.

Page 8: PREASEISIÚINT Gnóthaí Eachtracha · (OR. en) 14.XI.2011 16756/11 2 GA Príomhthorthaí na Comhairle D'ullmhaigh an Chomhairle seasamh an AE do chomhdháil idirnáisiúnta maidir

(OR. en) 14.XI.2011

16756/11 8

GA

6. Dá bhrí sin, i rith an phróisis idirthréimhsigh a bheidh ar siúl ag druidim le 2014, i bhfianaise a gConclúidí an 18 Iúil 2011 agus Phlean Gnímh an AE i mí Dheireadh Fómhair 2009, athdheimhneoidh an AE a réidhe atá sé tacaíocht a thabhairt don Afganastáin in Bonn, de réir mar is iomchuí i gcomhordú agus i gcomhar leis na NA agus le ECAT agus le comhlachtaí idirnáisiúnta ábhartha eile, inter alia, trí an méid seo a leanas:

• maoirseacht níos fearr ó na comhlachtaí tofa a spreagadh ar an leibhéal náisiúnta agus fonáisiúnta araon, go háirithe maidir le sreabha an airgeadais phoiblí agus maidir le húsáid an airgeadais sin;

• sa chomhthéacs sin, cabhrú leis an Afganastáin lena áirithiú go n-oibreoidh insititiúidí cúigeach agus insititiúidí náisiúnta le chéile ar bhealach éifeachtach agus trédhearcach;

• an ról atá ag an bparlaimint, ag na breithiúna agus ag na húdaráis iniúchóireachta a neartú;

• urramú chearta an duine agus shaoirsí bunúsacha a chur chun cinn, agus aird ar leith á tabhairt ar chearta na mban;

• níos mó cúnaimh a thabhairt do neartú acmhainní, inter alia sna réimsí a bhaineann le rialachas fonáisiúnta, leis an státseirbhís, le póilíneacht shibhialtach, le hearnáil an cheartais agus le leasú toghchánach;

• Chomhaontaigh an Chomhairle sainordú Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh san Afganastáin a shíneadh, i bprionsabal, go dtí deireadh 2014. Chuir an Chomhairle in iúl freisin an gealltanas a thug AE tacaíocht a thabhairt don Afganastáin i ndiaidh 2014 agus í ag iarraidh póilíneacht agus an smacht reachta a neartú.

• leanúint leis an gcomhar forbartha leis an Afganastáin d'fhonn dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta a chothú agus an bhochtaineacht a chomhrac.

Chuir an Chomhairle béim láidir ar a thábhachtaí atá slándáil leordhóthanach do láithreacht an AE san Afganastáin agus ar ról na n-údarás Afganastánach i ndáil leis sin, lena n-áirítear mar a bhaineann sé le Misean Póilíneachta an AE.

7. Athdheimhníonn an Chomhairle, mar chuid dá hobair maidir leis an smacht reachta, go bhfuil sé beartaithe ag an AE aird a dhíriú ar chúnamh a thabhairt don Afganastáin chun feabhas a chur ar an gcreat dlíthiúil do ghníomhaíochtaí na hearnála príobháidí, agus go háirithe d'infheistíocht dhíreach, d'fhonn cúinsí infheistíochta foriomlána a fheabhsú, agus dá bhrí sin, riosca polaitiúil a laghdú a mhéid is féidir agus coinníollacha le haghaidh fáis eacnamaíoch inbhuanaithe á gcur chun cinn ar an gcaoi sin.

Page 9: PREASEISIÚINT Gnóthaí Eachtracha · (OR. en) 14.XI.2011 16756/11 2 GA Príomhthorthaí na Comhairle D'ullmhaigh an Chomhairle seasamh an AE do chomhdháil idirnáisiúnta maidir

(OR. en) 14.XI.2011

16756/11 9

GA

8. Ghlac an Chomhairle cinneadh lena n-údaraítear don Choimisiún Eorpach agus don Ardionadaí Comhaontú Comhair maidir le Comhpháirtíocht agus Forbairt leis an Afganastáin a chaibidliú. Tagraítear leis an sainordú go sonrach do chomhar sna réimsí dá dtagraítear thuas chomh maith le réimsí lena n-áirítear an fhorbairt, an fhrithsceimhlitheoireacht, an comhrac in aghaidh na dtámhshuanach, an comhrac in aghaidh na coireachta idirnáisiúnta, imirce, trádáil, an comhshaol, lena n-áirítear athrú aeráide agus comhar eacnamaíoch agus cultúrtha. Cruthófar leis an gComhaontú, don chéad uair, creat comhtháite, foriomlán, a bheidh ceangailteach ó thaobh an dlí, le haghaidh chaidreamh an AE leis an Afganastáin, ina leagfar amach comhluachanna chomh maith le comhchearta agus comhoibleagáidí, sa tslí is go dtabharfar gealltanas fadtéarmach maidir le comhar leis an Afganastáin suas go 2014 agus ina dhiaidh sin.

9. I gcomhthéacs na bprionsabal thuasluaite, beidh an AE ag iarraidh an maoiniú le haghaidh a chlár comhair agus cúnaimh don Afganastáin agus don réigiún a choinneáil, go déthaobhach agus trí bhuiséad an AE, ar a laghad ar na leibhéil atá ann faoi láthair, sna blianta atá amach romhainn.

10. Athdheimhníonn an AE a thacaíocht d'athmhuintearas agus d'athimeascadh a bheidh á stiúradh ag an Afganastáin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i gConclúidí na Comhairle an 18 Iúil 2011.

11. Tugann an AE dá aire go bhfuil bunús úsáideach leagtha síos, le seoladh Phróiseas Iostanbúl, sa Chomhdháil maidir le Slándáil agus Comhar i gcroílár na hÁise, a tionóladh in Iostanbúl an 2 Samhain 2011, do phróiseas maidir le comhar polaitiúil i gcomharsanacht na hAfganastáine, faoi úinéireacht agus faoi stiúir na dtíortha sa réigiún. Fearann an AE fáilte roimh an ngníomhaíocht leantach a comhaontaíodh in Iostanbúl, lena n-áirítear na Bearta chun Muinín a Neartú a moladh ansin agus na cruinnithe teicniúla lena n-ullmhófar cruinniú airí Kabul in 2012. Ní mór do na tíortha sin go léir sa réigiún bheith páirteach sna hiarrachtaí chun réiteach síochánta a bhaint amach maidir leis an gcoimhlint san Afganastáin, lena bhféadfaí gealltanas fadtéarmach an chomhphobail idirnáisiúnta d'fhorbairt na hAfganastáine a chur chun feidhme ar bhealach rathúil. Go bunúsach, measann an AE gur chun leasa gach tír sa réigiún é rannchuidiú le cobhsaíocht san Afganastáin.

12. Tá an AE agus a Bhallstáit réidh dá bhrí sin, aon tionscnamh a éascú lena ndíreofar ar na leasanna dlisteanacha atá ag comharsana na hAfganastáine a thabhairt le chéile, trí thaidhleoireacht ghníomhach. Athdheimhníonn an Chomhairle go bhfuil sé ríthábhachtach go dtuigeann na tíortha go léir sa réigiún agus i gcéin nach mór deis a thabhairt don Afganastáin aghaidh a thabhairt ar bhóthar na síochána gan bhac ón taobh amuigh. Más mian le Rialtas na hAfganastáine é, tá an AE réidh aon chúnamh praiticiúil a chur ar fáil maidir le comhar réigiúnach a chur ar aghaidh.

13. Le linn an phlé dhéthaobhaigh nó iltaobhaigh a dhéanfar tar éis chomhdháil Iostanbúl, ba cheart go spreagfaí freisin gach tír sa réigiún féidearthachtaí trádála, iompair agus infheistíochta a chur os comhair na hAfganastáine agus tríd an Afganastáin, chun leas a chéile. Ba cheart go mbeadh caighdeáin agus critéir idirnáisiúnta mar bhunús chun na críche sin, a mhéid is féidir. Ba cheart go mbeadh caighdeáin agus critéir idirnáisiúnta mar bhunús chun na críche sin, a mhéid is féidir. D'fhéadfadh ról an-úsáideach a bheith ag comhlachtaí idirnáisiúnta ábhartha amhail EDT (Eagraíocht Dhomhanda Trádála), CCC (an Chomhairle um Chomhar Custaim), EESI (Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta) agus comhlachtaí eile, san obair leantach.

14. Measann an Chomhairle go bhféadfadh ról lárnach a bheith ag na NA maidir le tacaíocht a thabhairt d'aon ghealltanais a thabharfaidh na tíortha sa réigiún sna réimsí sin ar fad.

Page 10: PREASEISIÚINT Gnóthaí Eachtracha · (OR. en) 14.XI.2011 16756/11 2 GA Príomhthorthaí na Comhairle D'ullmhaigh an Chomhairle seasamh an AE do chomhdháil idirnáisiúnta maidir

(OR. en) 14.XI.2011

16756/11 10

GA

Comharsanacht an deiscirt

Phléigh an Chomhairle an staid mar atá i gComharsanacht an deiscirt san AE, i bhfianaise na bhforbairtí is déanaí sa réigiún.

– An Libia

Phléigh an Chomhairle an staid sa Libia agus ghlac sí na conclúidí a leanas:

1. "Fearann an AE fáilte roimh Dhearbhú Shaoirse na Libia a rinneadh an 23 Deireadh Fómhair, lena gcuirtear tús le ré nua don tír agus do mhuintir na tíre. Fearann sé fáilte roimh cheapachán Abdurrahim al-Keib mar Phríomh-Aire nua na Libia chomh maith agus táthar ag súil go gceapfar Rialtas Idirthréimhseach go gasta. Aithníonn an AE mianta dlisteanacha mhuintir na Libia a cuireadh in iúl le linn na réabhlóide, agus molann sé leanúint leis na hiarrachtaí athmhuintearais. Chomh maith leis sin, iarrann sé arís go mbeidh an t-aistriú sin cuimsitheach agus gur fusaide leis stát a bhunú a bheidh bunaithe ar an smacht reachta agus ar na prionsabail dhaonlathacha a theastaigh ó mhuintir na Libia le linn na réabhlóide, amhail saoirsí bunúsacha, urraim do chearta an duine, comhionannas inscne, lena n-áirítear rannpháirtíocht na mban sa phróiseas polaitiúil agus neamh-idirdhealú.

2. Molann an AE don Chomhairle Náisiúnta Idirthréimhseach leanúint de bheith ag iarraidh an ceartas agus urraim do chearta an duine a bhaint amach i gcomhréir lena Cairt Bhunreachtúil. Is cúis imní dí tuarascálacha faoi sháruithe ar chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta lena n-áirítear ionsaithe díoltais agus básuithe seachbhreithiúnacha. Fearann sé fáilte roimh thiomantas údaráis na Libia gníomhú chun deireadh a chur leis na gníomhartha sin, chun imscrúduithe críochnúla agus neamhchlaonta a dhéanamh maidir le heachtraí den chineál sin agus chun áirithiú go dtabharfar iad siúd atá freagrach as sáruithe ar chearta an duine os comhair an dlí. Fearann an AE fáilte roimh an ngealltanas a tugadh maidir le comhar idir údaráis na Libia agus Ardchoimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, Coimisiún Fiosrúcháin Chomhairle na NA um Chearta an Duine, chomh maith leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta.

3. Tugann an AE dá aire gur cuireadh deireadh le hOibríocht an Chosantóra Aontaithe san Libia agus cuireann sé in iúl gur mór leis an ról ríthábhachtach a bhí ag an oibríocht sin agus cosaint á tabhairt do shaoránaigh. Meabhraíonn sé chomh maith gur gníomhaíodh go mear chun forálacha UNSCR 2016 (2011) maidir le deireadh a chur leis an Limistéar faoi Chosc Eitilte a chur chun feidhme.

4. Cuireann an AE in iúl go bhfuil sé imníoch faoi leathadh na n-arm go léir agus leathadh na n-ábhar gaolmhar de gach uile chineál ag teacht le UNSCR 2017 (2011), go háirithe córas aerchosanta atá iniompartha ag an duine (MANPADS) agus stoc-charn arm ceimiceach sa Libia agus an chontúirt atá ann go ndéanfar iad a scaipeadh ar fud an réigiúin. Leagann sé béim ar an ngá atá le freagairt a bheidh bunaithe ar dhlúthchomhordú le comhpháirtithe idirnáisiúnta agus le tíortha an réigiúin, agus meabhraíonn sé an tábhacht a bhaineann le Straitéis an AE i leith na Saiheile maidir leis sin.

Page 11: PREASEISIÚINT Gnóthaí Eachtracha · (OR. en) 14.XI.2011 16756/11 2 GA Príomhthorthaí na Comhairle D'ullmhaigh an Chomhairle seasamh an AE do chomhdháil idirnáisiúnta maidir

(OR. en) 14.XI.2011

16756/11 11

GA

5. Agus urraim iomlán á tabhairt don phrionsabal maidir le húinéireacht na Libia agus i gcomhar leis na Náisiún Aontaithe, tá an AE réidh lena ionstraimí go léir a úsáid, lena n-áirítear an Comhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) más iomchuí, chun tuilleadh cúnaimh a thabhairt don Libia i réimse earnálacha, mar a leagadh amach cheana sna Conclúidí ón gComhairle Gnóthaí Eachtracha an 10 Deireadh Fómhair. I gcomhar le húdaráis na Libia agus leis an gcomhphobal idirnáisiúnta, leanfaidh an AE ag obair chun deireadh a chur le srianta ar shócmhainní na Libia a calcadh thar lear ag teacht le mianta agus le riachtanais mhuintir na Libia agus leis na Rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Ní mór geilleagar na Libia a chur ar bun arís go gasta chun tacú leis an bpróiseas aistrithe. Leanfaidh an AE ag freagairt d'iarrataí ar chabhair dhaonnúil.

6. Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil sí ullamh le tacaíocht a thabhairt don Libia le linn an aistrithe agus fearann sí fáilte roimh insealbhú Thoscaireacht an AE chuig an Libia, arna dhéanamh ag an Ardionadaí Ashton.

7. Tá an AE tiomanta don chaidreamh atá aige le muintir na Libia a dhoimhniú agus a neartú agus tá sé ag súil le rannpháirtíocht na Libia i mBeartas Comharsanachta na hEorpa agus i dtionscnaimh réigiúnacha amhail an tAontas don Réigiún Meánmhuirí.

– an tSiria

Phléigh an Chomhairle an staid sa tSiria.

I bhfianaise tromchúis na staide, chuir an Chomhairle íoc amach na n-iasachtaí tionscadail do rialtas na Siria ón mBanc Eorpach Infheistíochta ar fionraí chomh maith le conarthaí an bhainc do thacaíocht theicniúil do thionscadail cheannasacha sa tSiria. Chuir sí 18 duine leis an liosta de dhaoine a rinne sárú ar chearta an duine agus atá faoi réir calctha sócmhainní agus toirmisc ar thaisteal de bhun cinneadh 2011/273/CFSP agus rialachán 442/2011. Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach preaseisiúint 16724/11.

Ghlac an Chomhairle na conclúidí seo a leanas:

"Is údar mór imní don Aontas Eorpach go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas sa tSiria, inar maraíodh 3,500 duine ó bhí mí Márta ann de réir na Náisiún Aontaithe. Cáineann an AE go fíorghéar an chos ar bolg bhrúidiúil atá á déanamh i gcónaí chomh maith leis na sáruithe forleathana ar chearta an duine.

Phléigh an Chomhairle inniu cúrsaí sa tSiria chomh maith leis an méid a tháinig as an gcruinniú de chuid Léig na nArabach a tionóladh an Satharn seo caite de bharr gur theip ar rialtas na Siria an plean a bhí ag Léig na nArabach a chur chun feidhme, ar thug an tSiria gealltanas ina thaobh an 2 Samhain. Is olc leis an AE nár sheas rialtas na Siria arís eile lena cuid gealltanas, agus cos ar bolg á déanamh ar a muintir féin ina ionad sin.

Page 12: PREASEISIÚINT Gnóthaí Eachtracha · (OR. en) 14.XI.2011 16756/11 2 GA Príomhthorthaí na Comhairle D'ullmhaigh an Chomhairle seasamh an AE do chomhdháil idirnáisiúnta maidir

(OR. en) 14.XI.2011

16756/11 12

GA

Fearann an tAontas Eorpach fáilte roimh na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag Léig na nArabach chun deireadh a chur leis an bhforéigean agus chun an t-aistriú daonlathach atá á éileamh go misniúil ag muintir na Siria le hocht mí anuas a bhaint amach. Fáiltíonn an tAontas Eorpach roimh na cinntí a rinneadh ag cruinniú Léig na nArabach an 12 Samhain, agus tacaíonn sé go hiomlán leis na cinntí sin, rud a léiríonn go bhfuil réimeas na Siria á scoitheadh amach níos mó is níos mó.

Leanfaidh an tAontas Eorpach de bheith ag iarraidh go tréan ar na NA gníomhú go láidir chun cur leis an mbrú idirnáisiúnta agus tathantaíonn sé ar chomhaltaí uile na Comhairle Slándála glacadh lena gcuid freagrachtaí féin maidir le cúrsaí sa tSiria.

I bhfianaise na coise ar bolg atá á déanamh sa tSiria, tá an AE tar éis bearta sriantacha nua a chur i bhfeidhm inniu i gcoinne an réimis, trí íocaíocht amach na n-iasachtaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta a chur ar fionraí agus trí dhíriú isteach ar dhaoine aonair eile atá freagrach as an gcos ar bolg nó bainteach léi agus iadsan atá ag tabhairt tacaíochta don réimeas nó ag baint leasa as. Ar aon dul leis na Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 23 Deireadh Fómhair, leanfaidh an AE ar aghaidh leis na bearta breise agus na bearta níos cuimsithí a fhorchur i gcoinne an réimis chomh fada is a leantar ar aghaidh leis an gcos ar bolg ar an daonra sibhialta.

Leagann an AE béim ar an tacaíocht láidir a thugann sé do mhuintir na Siria agus fearann sé fáilte roimh iarrachtaí leantacha an fhreasúra pholaitiúil teacht ar chomhaontú lena chéile agus obair chun chomhfhís a bhaint amach don tSiria amach anseo chomh maith leis an aistriú go córas daonlathach. Tá an AE réidh chun dul i dteagmháil le comhaltaí ionadaíocha an fhreasúra nach dtéann i muinín an fhoréigin agus a chloíonn le luachanna daonlathacha amhail Comhairle Náisiúnta na Siria. Tá an fhís chéanna ag an AE agus atá acu sin atá ag saothrú go síochánta chun saoirse agus dínit a bhaint amach, agus atá tiomanta don smacht reachta agus do chearta an duine.

Éilíonn an AE ar údaráis na Siria rochtain do ghníomhaireachtaí daonnúla agus d'oibreoirí daonnúla agus do mhisin aimsithe fíoras a cheadú, go háirithe do mhisin ón gcoimisiún neamhspleách idirnáisiúnta fiosrúcháin a cheap an Chomhairle um Chearta an Duine i mí Lúnasa, agus éilíonn sé go gceadófar do na meáin neamhspleácha idirnáisiúnta feidhmiú sa tSiria gan aon bhac.

Cáineann an AE go géar na hionsaithe ar áitribh taidhleoireachta. Tá údaráis na Siria faoi oibleagáid idirnáisiúnta a áirithiú go ndéanfar misin taidhleoireachta agus taidhleoirí sa tSiria a chosaint i gcomhréir le Coinbhinsiún Vín maidir leis an gCaidreamh Taidhleoireachta."

Page 13: PREASEISIÚINT Gnóthaí Eachtracha · (OR. en) 14.XI.2011 16756/11 2 GA Príomhthorthaí na Comhairle D'ullmhaigh an Chomhairle seasamh an AE do chomhdháil idirnáisiúnta maidir

(OR. en) 14.XI.2011

16756/11 13

GA

– An Túinéis

Phléigh na hairí an staid sa Túinéis agus ghlac sí na Conclúidí a leanas:

1. "Déanann an tAontas Eorpach comhghairdeas leis an Túinéis as an gcéad saorthoghchán daonlathach a reáchtáil dá Comhthionól bunaidh, ar an 23 Deireadh Fómhair 2011, inar chaith pobal na Túinéise a vóta gan bhacainn agus go síochánta. Déantar comhghairdeas freisin le pobal na Túinéise as a rannpháirtíocht ghníomhach sa toghphróiseas sin. Fáiltíonn an AE roimh an réamhthuarascáil óna Mhisean Breathnóireachta agus roimh an meastóireacht dhearfach a rinneadh ar an toghchán ann. Uair na cinniúna amach is amach a bhí sa toghchán sin, ní hamháin don Túinéis ach don réigiún ina iomláine.

2. Déanann an AE comhghairdeas fosta leis na hiarrthóirí agus leis na páirtithe a ghlac páirt sa phróiseas daonlathach, agus tá sé lánsásta oibriú as lámh a chéile leis an rialtas nua a thiocfaidh as an toghchán sin, arbh é Ennahda an páirtí ba mhó ann ar vótáladh dó. Tá an AE lánsásta a fheiceáil nár leasc leis an gComhthionól nua tús sciobtha a chur lena chuid oibre, agus arb é an dúshlán stairiúil atá roimhe bunsraith a leagann síos do stát a bheidh bunaithe ar na prionsabail dhaonlathacha, an urraim ar na bunsaoirsí agus ar an smacht reachta, ar chearta an duine, ar chomhionannas na n-inscní agus ar an neamh-idirdhealú.

3. Tá an AE réidh chun a chaidreamh leis na húdaráis nuathofa agus leis an tsochaí shibhialta sa Túinéis a dhoimhniú agus a láidriú, agus athchóirithe á gcur i bhfeidhm acu d'fhonn freagairt d'ardmhianta dlisteanacha phobal na Túinéise daonlathas agus sochaí níos cothroime a bheith acu agus é bunaithe ar fhás eacnamaíoch a bheadh idir chuimsitheach agus inbhuanaithe.

4. Tá an AE tar éis cur chuige nua a ghlacadh dá Bheartas Comharsanachta, ar cur chuige níos uaillmhianaí é, agus é mar aidhm aige tacaíocht níos fearr a thabhairt do thíortha sa réigiún atá i mbun idirthréimhse, mar atá leagtha amach i gConclúidí ón gComhairle an 20 Meitheamh 2011. Sa chomhthéacs sin, tá an AE agus an Túinéis tar éis clár oibre leathan a bhunú don chomhoibriú, ar cuid de an tIdirphlé don Imirce, don tSoghluaisteacht agus don tSlándáil a seoladh le deireanas. Meabhraíonn an AE freisin a thacaíocht airgeadais, a bhfuil méadú suntasach tagtha uirthi. Deimhníonn an AE go bhfuil faoi an idirbheartaíocht a sheoladh d'fhonn comhaontú saorthrádála a bhunú a bheadh iomlán, domhain (ALECA), agus a mbeadh sé d'aidhm aige feabhas a chur ar an rochtain ar an margadh i gcomhthéacs na n-athchóirithe a dtabharfaidh an Túinéis fúthu d'fhonn comhtháthú eacnamaíoch a bhaint amach de réir a chéile le margadh inmheánach an AE. Athdhearbhaíonn an tAontas go bhfuil sé sásta an tacaíocht sin a chur ar fáil gan mhoill, i gcomhréir le riachtanais na Túinéise agus leis an dul chun cinn lena clár athchóirithe. Deimhníonn an AE freisin go bhfuil faoi aghaidh a thabhairt arís ar an idirbheartaíocht chun plean nua gníomhaíochta a bhunú lena ndéanfar an caidreamh idir an AE agus an Túinéis a láidriú trí mheán comhpháirtíochta athnuaite. Tacóidh an tAontas Eorpach leis na húdaráis nua agus iad ag obair chun cuidiú leis an daonlathú agus leis an bhforbairt eacnamaíoch inbhuanaithe, lena n-áirítear trí Thascfhórsa an AE agus na Túinéise, a seoladh i dTúinis an 28 Meán Fómhair 2011."

Page 14: PREASEISIÚINT Gnóthaí Eachtracha · (OR. en) 14.XI.2011 16756/11 2 GA Príomhthorthaí na Comhairle D'ullmhaigh an Chomhairle seasamh an AE do chomhdháil idirnáisiúnta maidir

(OR. en) 14.XI.2011

16756/11 14

GA

Corn na hAfraice agus an tSomáil

Phléigh an Chomhairle an staid i gCorn na hAfraice agus sa tSomáil.

Ghlac an Chomhairle creat straitéiseach do Chorn na hAfraice, a ndéanfaidh gníomhaíocht an AE a threorú chun síocháin, cobhsaíocht, slándáil agus rathúnas níos fearr a bhaint amach sa réigiún mar aon le rialú cuntasach. Leis an gcreat straitéiseach, leagtar amach cúig réimse le haghaidh gnímh AE: struchtúir pholaitiúla láidre, chuntasacha a chruthú; ag cur le réiteach na gcoinbhleachtaí agus cosc ar choinbhleachtaí; bagairtí slándála a thagann ón réigiún a mhaolú; fás eacnamaíoch a chur chun cinn, agus tacú le comhar eacnamaíoch réigiúnach.

– Corn na hAfraice

Ghlac an Chomhairle na Conclúidí seo a leanas maidir le Corn na hAfraice:

1. "Agus béim á leagan aici ar an tábhacht a chuireann an AE ar a chaidreamh le Corn na hAfraice, ghlac an Chomhairle inniu Creat Straitéiseach chun treoir a thabhairt do rannpháirtíocht an AE sa réigiún. Fearann an Chomhairle fáilte roimh an togra ón Ardionadaí, Ionadaí Speisialta den AE (ISAE) a cheapadh do Chorn na hAfraice, chun díriú ar an gcéad dul síos ar an tSomáil, ar an ngné réigiúnach den choinbhleacht agus ar an bpíoráideacht, agus tá sí ag súil le pleananna gníomhaíochta a fhorbairt chun tacú le cur chun feidhme an Chreata Straitéisigh.

2. Tá tiomantas fadtéarmach an AE maidir le Corn na hAfraice bunaithe go doimhin i dtábhacht gheostraitéiseach an réigiúin, i mianta an AE maidir le tacaíocht a thabhairt do leas mhuintir Chorn na hAfraice agus cabhrú leo bogadh ón mbochtaineacht go fás eacnamaíoch féinchothabhálach. Is dúshlán atá ag dul i méid é an éagobhsaíocht sa réigiún, ní hamháin do shlándáil mhuintir na tíre ach don chuid eile den domhan freisin. Beidh rannpháirtíocht leanúnach an AE ag tacú leis an dá iarracht réigiúnacha, lena n-áirítear tríd an Údarás Idir-Rialtasach ar Fhorbairt (IGAD) agus tríd an Aontas Afracach (AU), agus le hiarrachtaí náisiúnta chun an tsíocháin, an tslándáil agus ceartas marthanach a bhaint amach, mar aon le rialachas maith a bheadh bunaithe ar phrionsabail dhaonlathacha maidir le cuimsiú, an smacht reachta agus cearta an duine a urramú. Aithnítear leis an gCreat Straitéiseach freisin an gá atá le saoránaigh na hEorpa a chosaint ó aon bhagairt a bheadh ag teacht ó roinnt áiteanna sa réigiún, lena n-áirítear an sceimhlitheoireacht, an phíoráideacht agus leathadh na n-arm. Aithnítear leis freisin roinnt dúshlán comónta amhail an t-athrú aeráide agus an imirce.

3. Is cúis imní fós don AE í an ghéarchéim dhaonnúil i roinnt tíortha i gCorn na hAfraice. Agus an tacaíocht atá ann cheana agus a cuireadh ar fáil go dtí seo (níos mó ná €760 milliún) á forbairt, leanfaidh an AE ag cur chúnaimh dhaonnúil atá neodrach, neamhchlaonta agus neamhspleách ar fáil do dhaonraí leochaileacha agus iarrann sé cúnamh breise ó na deontóirí ar fad agus iarrann sé comhordú breise ó na deontóirí sin. Iarrann an Chomhairle ar na páirtithe ar fad rochtain shábháilte gan bhac a áirithiú do ghníomhaithe daonnúla i gcomhréir le prionsabail dhaonnúla idirnáisiúnta.

Page 15: PREASEISIÚINT Gnóthaí Eachtracha · (OR. en) 14.XI.2011 16756/11 2 GA Príomhthorthaí na Comhairle D'ullmhaigh an Chomhairle seasamh an AE do chomhdháil idirnáisiúnta maidir

(OR. en) 14.XI.2011

16756/11 15

GA

4. Leagann an Chomhairle béim láidir ar an ngá atá ann tabhairt faoi na cúiseanna bunúsacha atá leis an ngéarchéim dhaonnúil atá ann faoi láthair, go háirithe maidir le heaslándáil struchtúrach an tsoláthair bhia, an triomach athfhillteach agus coinbhleachtaí. Leanfaidh an AE air ag tacú le tíortha an réigiúin agus a gcumais náisiúnta á neartú acu trí straitéisí chun riosca tubaiste a laghdú agus trí chláir maidir le comhar um fhorbairt fhadtéarmach i réimse na hullmhachta don triomach, i réimse na talmhaíochta, i réimse na forbartha tuaithe agus i réimse na slándála bia. Beidh éifeachtacht na tacaíochta sin ag brath, áfach, ar úinéireacht áitiúil agus ar thiomantas polaitiúil ó thíortha an réigiúin beartais struchtúracha a bhunú chun tacaíocht a thabhairt do tháirgeacht talmhaíochta agus do bheostoic inbhuanaithe, lena n-áirítear gluaiseachtaí trasteorann, bainistiú acmhainní nádúrtha, go háirithe acmhainní uisce, chomh maith le comhtháthú trádála agus réigiúnach.

5. Tá tionchar diúltach leanúnach ag an bpíoráideacht ar chósta na Somáile ar an tslándáil mhuirí idirnáisiúnta agus ar ghníomhaíochtaí eacnamaíochta réigiúnacha agus idirnáisiúnta. Tá an Chomhairle fós tiomanta don obair inmholta a dhéantar le hoibríocht cabhlaigh frithphíoráideachta an AE, EUNAVFOR Atalanta, a chosnaíonn an Clár Domhanda Bia agus loingseoireacht AMISOM, agus a chuidíonn le píoráideacht a dhíspreagadh agus le loingseoireacht leochaileach a chosaint. Déanfaidh an AE obair a chur ar aghaidh chun cumas na Somáile agus réigiún iomlán Chorn na hAfraice a fheabhsú ó thaobh an phíoráideacht a chomhrac, lena n-áirítear trí chumais mhuirí a neartú tuilleadh chomh maith le cumais ionchúisimh agus coinneála. Leanfaidh an AE lena chuid oibre maidir leis an sreabhadh airgeadais ón bpíoráideacht a rianú. Cuideoidh an ISAE le Corn na hAfraice chun cur chuige de chuid an AE i leith na píoráideachta a fhorbairt agus a chur chun feidhme, ar cur chuige é a bheidh comhleanúnach, éifeachtach agus cothrom agus a chuimseoidh gach sraith de ghníomhaíocht an AE.

6. Leis an gCreat Straitéiseach, atá san Iarscríbhinn, leagtar amach an chaoi a ndéanfaidh an AE a cur chuige straitéiseach a bhaint amach, agus é ag obair i gcomhpháirtíocht leis an réigiún féin agus leis na príomh-chomhpháirtithe idirnáisiúnta."

Tá an Creat Straitéiseach iomlán leagtha amach in 16858/11.

– An tSomáil

Ghlac an Chomhairle na Conclúidí a leanas:

1. "Is ábhar imní don AE an staid sa tSomáil i gcónaí agus impleachtaí na staide sin sa réigiún agus tá sí i mbun oibre go gníomhach chun iarmhairtí na staide daonnúla atá ag dul in olcas a , chun an tslandáil a athbhunú agus chun cur le síocháin, le forbairt agus le hathmhuintearas inmheánach sa tír. Tá an gorta tar éis leathnú amach go sé réigiún i ndeisceart na Somáile, lena n-áirítear Mogaidisiú, agus tá an baol ann go leathnóidh sé trasna an deiscirt tuilleadh agus go mbeidh tionchar aige ar leath den daonra beagnach. Iarrann an AE ar gach duine lena mbaineann gur cheart rochtain shaor, shlán a thabhairt do ghníomhaithe daonnúla idirnáisiúnta ar na daoine go léir atá ar an ngannchuid. Leanfaidh an AE air le cabhair dhaonnúil a sholáthar do na daoine is leochailí agus spreagann sí daoine agus gníomhaithe eile amhlaidh a dhéanamh .

Page 16: PREASEISIÚINT Gnóthaí Eachtracha · (OR. en) 14.XI.2011 16756/11 2 GA Príomhthorthaí na Comhairle D'ullmhaigh an Chomhairle seasamh an AE do chomhdháil idirnáisiúnta maidir

(OR. en) 14.XI.2011

16756/11 16

GA

2. Cáineann an AE na hionsaithe atá á ndéanamh i gcónaí ag Al Shabaab ar shibhialtaigh na Somáile, lena n-áirítear na hionsaithe buamála a tharla an 4 agus an 18 Deireadh Fómhair i Mogaidisiú. Is ábhar imní dó go háirithe go bhfuil na hionsaithe sin á leathnú go tíortha béal dorais, lena n-áirítear an Chéinia, agus gur fuadaíodh saoránaigh Eorpacha agus iarrann sé go scaoilfear saor láithreach bonn iad. Tá na hionsaithe sin ina mbagairt, ní hamháin ar na tíortha béal dorais ach ar an gcomhphobal idirnáisiúnta ina iomláine. Tacaíonn an AE le hiarrachtaí chun fáil réidh le bagairt na n-ionsaithe sin, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta; chuige sin, meabhraíonn an AE do na comhpháirtithe uile go bhfuil sé d'oibleagáid orthu sibhialtaigh a chosaint agus an rochtain dhaonnúil a choimirciú i gcomhréir go hiomlán le prionsabail dhaonnúla. Ag meabhrú di nach mbainfear slándáil mharthanach amach sa tSomáil trí ghníomhaíocht mhíleata amháin, cuireann an AE i bhfios go láidir gur gá na gníomhaíochtaí uile míleata agus slándála a chuirtear ar bun sa tSomáil a chomhordú leis an Rialtas Idirthréimhseach Cónaidhme (RIC), leis an nGníomhaireacht Idir-Rialtasach don Fhorbairt (GIRF), leis an Aontas Afracach (AA) agus leis na Náisiúin Aontaithe (NA) chun a áirithiú go ndéanfar aon ghníomhaíocht mhíleata a shaothrófaí i gcoinne Al Shabaab a chomhdhluthú i gcomhthéacs straitéise sibhialta, polaitiúla fónta lena mbeifí in ann síocháin inbhuanaithe a áirithiú.

3. Athdhearbhaíonn an AE go bhfuil sé meáite ar leanúint le tacaíocht pholaitiúil agus airgeadais a thabhairt do AMISOM (Misean an Aontais Afracaigh sa tSomáil) agus spreagann sé iarrachtaí an AA chun deontóirí breise a fháil. Molann sé a thiomanta agus a chróga atá trúpaí síochánaíochta AMISON a d'íoc go daor, taobh le fórsaí slándála an RIC, as rannchuidiú leis an tslándáil a chur chun cinn i Mogaidisiú. Spreagann an AE AMISON agus fórsaí an RIC leanúint dá gcuid iarrachtaí chun a áirithiú nach mbeidh taismigh shibhialtacha ann agus chun a gcuid cumas chun sibhialtaigh agus a gcearta daonna a chosaint a fhorbairt tuilleadh. Cuireann an AE i bhfios go láidir gur gá an tacaíocht a thugann sé a chomhlánú le hiarrachtaí polaitiúla de chuid an RIC, lena n-áiritear tionscnaimh chun díbhinní na síochána a léiriú do dhaoine i limistéir shlána, shaora i bpríomhchathair na Somáile.

4. I gcomhréir leis an tiomantas atá aige chun cabhrú le hearnáil slándála na Somáile a fhorbairt, chinn an AE le déanaí misean oiliúna an AE (EUTM Somalia) a shíneadh chun oiliúint mhíleata a chur ar fáil d'Fhórsaí Náisiúnta Slándála (FNS) na Somáile, agus béim ar leith á leagan ar shlabhra ceannais an FNS a neartú agus a gcumas féinoiliúna a neartú. Cuirfear an sainordú i gcrích i gcomhar leis an Rialtas Idirthréimhseach Cónaidhme (RIC), le hUganda, le AMISOM, leis na Stáit Aontaithe agus le rannpháirtithe eile. Molann an AE na iarrachtaí a rinne an chéad ghrúpa saighdiúirí Somálacha oilte, mar aon lena dtiomantas, maidir lenar thit amach le déanaí ó thaobh slándála de i Mogaidisiú.

5. Fáiltíonn an AE roimh an toradh a bhí ag an gcruinniú comhairleach a tionóladh i Mogaidisiú ón 4 Meán Fómhair go dtí an 6 Meán Fómhair, áit a ndearna príomhcheannairí na Somáile, lena n-áirítear ionadaithe na nInstitiúidí Idirthréimhseacha Conaidhme (IICanna), ionadaithe réigiúin Puntland agus Galmudug, mar aon le hionadaithe an ghrúpa Ahlu Sunna Wal Jama’a, an páipéar "Treochlár chun Deireadh a chur leis an Idirthréimhse" a shíniú le chéile.

6. Leanfaidh an AE de bheith rannpháirteach go gníomhach sa Choiste Teicniúil a bunaíodh chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir leis an Treochlár agus athdhearbhaíonn sé gur ag brath ar luas agus méid an dul chun cinn sin a bheidh méid na tacaíochta leanúnaí nó na tacaíochta breise a thabharfaidh an AE do na IICanna.

Page 17: PREASEISIÚINT Gnóthaí Eachtracha · (OR. en) 14.XI.2011 16756/11 2 GA Príomhthorthaí na Comhairle D'ullmhaigh an Chomhairle seasamh an AE do chomhdháil idirnáisiúnta maidir

(OR. en) 14.XI.2011

16756/11 17

GA

7. Ag meabhrú di na moltaí a tháinig as an gcruinniú maidir leis an tSomáil a thionóil an Grúpa Teagmhála Idirnáisiúnta i gCóbanhávan an 29-30 Meán fómhair, iarrann an AE ar shínitheoirí uile an Treochláir na cúraimí a comhaontaíodh a chur chun feidme agus béim á leagan aige ar an méid a leanas: próiseas bunreachtúil inmharthana, iarracht inbhuanaithe chun an t-athmhuintearas a bhaint amach; athchóiriú parlaiminteach éifeachtach, Plean Slándála Náisiúnta agus Cobhsaíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme mar aon le beartas éifeachtach slándála muirí agus frithphíoráideachta. Aithníonn an AE go bhfuil na cúraimí sin ag brath ar a chéile agus tá sé meáite ar thacaíocht spriocdhírithe a thabhairt chun go gcuirfear chun feidhme go hiomlán iad, ar choinníoll go léireoidh na hInstitiúidí Idirthréimhseacha Cónaidhme (IICanna) go bhfuil an toil pholaitiúil acu bearta a chur i gcrích go héifeachach, cur leis an trédhearcacht airgeadais agus leis an bhfreagracht airgeadais, agus gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh chun dul i ngleic leis an éilliú. Is ábhar imní don AE nach tapúla atá an Treochlár á chur chun feidhme agus tathantaíonn sé ar na ICCanna na cúraimí idirthréimhseacha tosaíochta a chur i bhfeidhm láithreach bonn.

8. Leagann an AE béim go háirithe ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh próiseas inchreidte, cuimsitheach comhairliúcháin ann arb é creat bunreachtúil an toradh a bheidh air agus an creat sin a bheith curtha ar bun faoi dheireadh na hidirthréimhse, i.e. Lúnasa 2012. Chun go bhféadfar an próiseas um athrú polaitiúil a thabhairt i gcrích go rathúil, is gá go mbeadh sé faoi úinéireacht iomlán, thrédhearcach, leathan mhuintir na Somáile. Tugann an AE dá haire na dúshláin a d'fhéadfadh a bheith ann má tá lámh ag daoine atá easáitithe ina dtír féin, agus a bhfuil a líon ag méadú, sa phróiseas comhairliúcháin. Sa chomhthéacs sin, spreagann an AE an Rialtas Idirthréimhseach Cónaidhme (RIC) próiseas for-rochtana, athmhuintearais a shaothrú le gníomhaithe áitiúla agus le gníomhaithe réigiúnacha, leis an tsochaí shibhialta lena n-áirítear mná, ceannairí reiligiúnacha agus comhphobail mar aon le grúpaí eile a bheadh toilteanach tabhairt go héifeachtach faoin bpróiseas chun an smacht reachta agus rialtas bunreachtúil a athbhúnú sa tSomáil.

9. De bhreis air sin, iarrann an AE ar an RIC a theanndícheall a dhéanamh chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus geallann sé go dtacóidh sé leis an RIC sna hiarrachtaí sin.

10. An AE an deontóir is mó atá ag an tSomáil cheana féin, agus tá sé chun méadú ar an gcabhair um fhorbairt atá á tabhairt aige do ghníomhaithe lárnacha, réigiúnacha agus áitiúla chun straitéis shibhialtach a chomhdhlúthú ar mhaithe le rialachas cobhsaí, freagrach a chur ar bun, ar mhaithe le cur leis na deiseanna slí beatha agus ar mhaithe le seirbhísí bunúsacha a chur ar fáil. Tabharfaidh an AE tuilleadh tacaíochta do réigiúin de chuid na Somáile, amhail Puntland, Críoch Shomáile, agus do ghníomhaithe áitiúla eile freisin, lena n-áirítear Ahlu Sunna Wal Jama'a, fad a leanfaidh siad de bheith ag déanamh dul chun cinn maidir le seirbhísí a chur ar fáil, maidir le cur le próiseas athmhuintearais na Somáile, maidir le Al Shabaab a chomhrac agus maidir leis an gcomhar atá acu leis na hInstitiúidí Idirthréimhseacha Cónaidhme agus le gníomhaithe réigiúnacha eile a fhorbairt. Áiritheoidh an AE go gcomhordófar a chuid iarrachtaí sna réigiúin sin le gníomhaithe idirnáisiúnta eile.

11. Ina theannta sin, cuireann an AE i bhfios go láidir go bhfuil gá le próiseas cuimsitheach chun aghaidh a thabhairt ar an bpíoráideacht, lena n-áirítear trí fhorbairt acmhainní san earnáil mhuirí, san earnáil bhreithiúnach agus san earnáil pheannaideach, agus béim ar leith á leagan ar an tSomáil. Chuige sin, spreagann sé go neartófar comhar idir an RIC agus réigiún Puntland, réigiún Galmudug agus réigiún Chríoch Shomáile.

Page 18: PREASEISIÚINT Gnóthaí Eachtracha · (OR. en) 14.XI.2011 16756/11 2 GA Príomhthorthaí na Comhairle D'ullmhaigh an Chomhairle seasamh an AE do chomhdháil idirnáisiúnta maidir

(OR. en) 14.XI.2011

16756/11 18

GA

12. Iarrann an AE go ndéanfar tuilleadh iarrachtaí barr feabhais a chur ar an gcomhordú idir na gníomhaithe uile agus na deontóirí uile don tSomáil agus an comhordú sin a neartú. Ní mór an Bord Comhpháirteach um Bainistiú Airgeadais agus Deontóirí don RIC atá beartaithe cheana, a bhunú a luaithe is féidir.

13. Measann an Chomhairle gur fusa a bheifear in ann tacú le próiseas síochána na Somáile ach láithreacht mharthanach a choimeád i Mogaidisiú, agus iarrann sí ar an Ardionadaí agus ar an gCoimisiún Eorpach scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí sin a dhéanamh ar bhealaí nach mbeadh ag teacht salach ar an staid slándála ann."

Page 19: PREASEISIÚINT Gnóthaí Eachtracha · (OR. en) 14.XI.2011 16756/11 2 GA Príomhthorthaí na Comhairle D'ullmhaigh an Chomhairle seasamh an AE do chomhdháil idirnáisiúnta maidir

(OR. en) 14.XI.2011

16756/11 19

GA

An Iaráin

Aimsir lóin, phléigh na hairí na himeachtaí is déanaí maidir le clár núicléach na hIaráine tar éis foilsiú na tuarascála is déanaí de chuid na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta d'Fhuinneamh Adamhach (GIFA). Ghlac an Chomhairle na conclúidí seo a leanas:

"I bhfianaise na tuarascála nua ón nGníomhaireacht Idirnáisiúnta d'Fhuinneamh Adamhach (GIFA), a mheasfaidh Bord Gobharnóirí GIFA, cuireann an Chomhairle in iúl a himní mhéadaitheach faoi chlár núicléach na hIaráine agus an easpa dul chun cinn maidir le hiarrachtaí taidhleoireachta. Cáineann sí an leathnú leanúnach atá á dhéanamh ar chlár saibhriúcháin na hIaráine agus cuireann sí in iúl go bhfuil imní faoi leith uirthi faoi thorthaí na tuarascála ó Ardstiúrthóir GIFA maidir le gníomhaíochtaí na hIaráine i ndáil le teicneolaíocht mhíleata núicléach a fhorbairt. Cinneadh go bhfuil oibleagáidí idirnáisiúnta á sárú ag an Iaráin, lena n-áirítear sé Rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus deich Rún ó Bhord GIFA.

Áitímid ar an Iaráin aghaidh a thabhairt ar na hábhair idirnáisiúnta imní maidir lena clár núicléach trí oibriú i gcomhar iomlán le GIFA agus trína léiriú go bhfuil sí ullamh páirt nach beag a ghlacadh i bplé nithiúil faoi shlite chun muinín a chothú, mar a bheartaigh an tArdionadaí thar ceann an E3+3.

Mheabhraigh an Chomhairle di na Conclúidí is déanaí ón gComhairle Eorpach inar iarradh uirthi bearta nua sriantacha a ullmhú in aghaidh na hIaráine. Leanfaidh an Chomhairle de scrúdú a dhéanamh chun a fháil amach an bhféadfaí bearta atá nua agus athneartaithe a dhéanamh agus tiocfaidh sí ar ais chuig an tsaincheist sin ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aici, agus an méid a dhéanann an Iaráin idir an dá linn á chur san áireamh aici.

An Comhbheartas Slándála agus Cosanta

Aimsir lóin, phléigh na hairí imeachtaí reatha agus na himeachtaí a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear oibríochtaí, faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta, roimh chruinniú na n-airí cosanta an 30 Samhain.

Page 20: PREASEISIÚINT Gnóthaí Eachtracha · (OR. en) 14.XI.2011 16756/11 2 GA Príomhthorthaí na Comhairle D'ullmhaigh an Chomhairle seasamh an AE do chomhdháil idirnáisiúnta maidir

(OR. en) 14.XI.2011

16756/11 20

GA

SEISIÚN MAIDIR LE COMHAR UM FHORBAIRT

Éifeachtacht na cabhrach

Shuigh an Chomhairle seasamh an AE don cheathrú fóram ardleibhéil maidir le héifeachtacht na cabhrach, a reáchtálfar in Busan (An Chóiré), ón 29 Samhain go dtí an 1 Nollaig 2011 (16773/11).

Ag comhdháil Busan, cuirfidh an AE tionscnaimh chun cinn lena bhfeabhsófar an trédhearcacht, lena mbainfear leas níos mó as an gcomhphleanáil ag an leibhéal náisiúnta, lena dtreiseofar an chuntasacht agus an mheastóireacht ar thorthaí agus lena dtabharfar isteach cur chuige nua i gcás coinbhleachta agus i gcásanna leochaileacha. Tacóidh an AE freisin le rannpháirtíocht níos mó ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach in ábhair a bhaineann leis an bhforbairt.

Ina theannta sin, bhunaigh an Chomhairle "Ráthaíocht Trédhearcachta an AE": Gheall sé go nochtfaí don phobal faisnéis maidir le méid agus leithdháileadh na cabhrach, go gcuirfeadh sé ar fáil faisnéis tháscach a bheadh ag breathnú chun cinn agus faisnéis imdhealaithe maidir leis na sreabha ábhartha cabhrach.

Corn na hAfraice

Phléigh na hairí forbartha an comhar um fhorbairt agus an chabhair dhaonnúil atá á cur ar fáil do réigiún Chorn na hAfraice.

De réir oifig na NA maidir le gnóthaí daonnúla a chomhordú (OCHA), bhí tionchar ag an triomach agus ag an ngorta i gCorn na hAfraice ar tuairim is 13 milliún duine. Ón 8 Samhain, gheall an AE agus na Ballstáit EUR 682 milliún le haghaidh bia, uisce agus sláintíochta mar fhreagairt ar an ngéarchéim a d'eascair as an triomach.

An méid atá i ndán do bheartas forbartha an AE

Phléigh an Chomhairle tograí le haghaidh cabhair forbartha an AE a athfhócasú, "an clár don athrú" (15560/11).

Agus é á chur san áireamh go bhfuil an domhan ag síor-athrú, moltar an chabhair forbartha a dhíriú ar bhealach níos fearr chun tacú leis an iarracht atá á déanamh ag na tíortha comhpháirtíochta an bhochtaineacht a dhíothú, rud atá mar phríomhchuspóir ag beartas forbartha an AE. Dá bhrí sin, díreoidh an AE an chabhair ar thíortha ina ndéanfaidh sé an difear is mó agus díreoidh sé ar dhá phríomhsprioc: tacú le cearta an duine, leis an daonlathas agus le dea-rialachas, ar lámh amháin, agus ar fhás uilechuimsitheach, inbhuanaithe le haghaidh na forbartha, ar an lámh eile. Tá sé beartaithe freisin idirdhealú a dhéanamh idir na tíortha comhpháirtíochta de réir an leibhéil forbartha atá acu, cur leis an gcomhordú idir ghníomhaithe an AE agus feabhas a chur ar an gcomhleanúnachas i mbeartais éagsúla an AE.

Page 21: PREASEISIÚINT Gnóthaí Eachtracha · (OR. en) 14.XI.2011 16756/11 2 GA Príomhthorthaí na Comhairle D'ullmhaigh an Chomhairle seasamh an AE do chomhdháil idirnáisiúnta maidir

(OR. en) 14.XI.2011

16756/11 21

GA

Cuirfear díospóireacht na n-airí san áireamh agus na conclúidí ón gComhairle á n-ullmhú, conclúidí ina leagfar amach go hiomlán athfhócasú bheartas forbartha an AE ag cruinniú a bheidh ag an gComhairle ina dhiaidh sin.

Is iad an AE agus na Ballstáit an dream is mó a chuireann cabhair forbartha oifigiúil ar fáil ar fud an domhain. In 2010, chuir siad EUR 53.8 billiún ar fáil, arb ionann é agus os cionn leath den chabhair a cuireadh ar fáil ar fud an domhain.

Tacaíocht bhuiséadach an AE

Bhreithnigh an Chomhairle moltaí maidir leis an gcur chuige a bheidh ann amach anseo maidir le tacaíocht bhuiséadach an AE do thríú tíortha (15561/11).

Is éard atá i gceist le tacaíocht bhuiséadach cabhair forbartha a chur trí chuntas ciste náisiúnta na dtíortha comhpháirtíochta, agus cuntasacht fhrithpháirteach ann trí mheasúnú ar an bhfeidhmíocht. Tá rún ag an gCoimisiún féachaint chuige go mbeadh tacaíocht bhuiséadach ó acmhainní an AE níos éifeachtaí trí chomhpháirtíochtaí conarthacha le tíortha a bhfuil tacaíocht bhuiséadach á fáil acu, a neartú. Ina theannta sin, mhol sé go gcomhordódh na Ballstáit an cur chuige atá acu maidir leis an dtacaíocht bhuiséadach a thugann siad as a n-acmhainní féin.

Cuirfear díospóireacht na n-airí san áireamh agus na conclúidí ón gComhairle á n-ullmhú, conclúidí lena mbunófar cur chuige nua i ndáil le tacaíocht bhuiséadach an AE.

CRUINNITHE EILE A REÁCHTÁLADH AGUS AN CHOMHAIRLE AR SIÚL

An Úisbéiceastáin

Agus an Chomhairle ar siúl, reáchtáladh freisin an 10ú cruinniú de chuid na Comhairle um Chomhar idir an AE agus an Úisbéiceastáin. Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach preaseisiúint UE-UZ 4503/11.

Page 22: PREASEISIÚINT Gnóthaí Eachtracha · (OR. en) 14.XI.2011 16756/11 2 GA Príomhthorthaí na Comhairle D'ullmhaigh an Chomhairle seasamh an AE do chomhdháil idirnáisiúnta maidir

(OR. en) 14.XI.2011

16756/11 22

GA

ÍTIMÍ EILE A FORMHEASADH

GNÓTHAÍ EACHTRACHA

Caidreamh leis an Rúis

Ghlac an Chomhairle seasamh an Aontais Eorpaigh maidir leis an ochtú buanchomhairle comhpháirtíochta idir an AE agus an Rúis, a reáchtálfar amárach an 17 Samhain 2011, i Moscó.

COMHAR UM FHORBAIRT

Tuarascáil bhliantúil maidir le beartais an AE um fhorbairt agus cúnamh seachtrach

Ghlac an Chomhairle conclúidí i leith na tuarascála bliantúla maidir le beartais an AE um fhorbairt agus cúnamh seachtrach agus maidir le cur chun feidhme na mbeartas sin in 2010 (16768/11). Thug an Chomhairle dá haire na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an gCoimisiún díriú níos mó ar thorthaí agus ar éifeachtacht na cabhrach agus ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh aige torthaí a thomhas agus an tionchar a mheas.

Rannchuidithe an AE a sheoltar trí eagraíochtaí na Náisiún Aontaithe i dtíortha a bhfuil coinbhleachtaí iontu

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le Tuarascáil Speisialta Uimh. 3/2011 Chúirt na nIniúchóirí, lena meastar an bealach éifeachtach, éifeachtúil agus inbhuanaithe é rannchuidithe an AE a chur trí eagraíochtaí na Náisiún Aontaithe chun cabhair a sholáthar i dtíortha a bhfuil coinbhleachtaí iontu (16769/11). Ba mhór ag an gComhairle é go n-aithníonn an Chúirt go bhfuil cabhair seachadta ag an gCoimisiún, trí chistí a chur trí na NA, chuig áiteanna a mbeadh sé deacair cabhair a dhíriú orthu d'uireasa an mhodha seachadta sin. Fearann an Chomhairle fáilte, go háirithe, roimh thátal na nIniúchóirí go raibh tionchar dearfach foriomlán ag na gníomhaíochtaí a maoiníodh, aguS an bun-ardriosca atá sna tíortha a bhfuil coinbhleachtaí iontu á chur san áireamh, agus go bhfuil deis réasúnach ann gurb inbhuanaithe a bheidh formhór na dtorthaí a baineadh amach.

An Ciste Eorpach Forbraíochta

Ghlac an Chomhairle conclúidí arb ionann iad agus seasamh an AE d'fhonn athbhreithniú a dhéanamh, i gcomhar le stáit san ACC, ar fheidhmiú an 10ú Ciste Eorpach Forbraíochta (16461/11). Measfar san athbhreithniú an fheidhmíocht airgeadais agus feidhmíocht chainníochtúil agus cháilíochtúil an 10ú CEF (2008-2013), agus go háirithe torthaí agus iarmhairtí an Chiste, iad á dtomhas i dtéarmaí an dul chun cinn a rinneadh maidir le Spriocanna Forbartha na Mílaoise a bhaint amach.

Page 23: PREASEISIÚINT Gnóthaí Eachtracha · (OR. en) 14.XI.2011 16756/11 2 GA Príomhthorthaí na Comhairle D'ullmhaigh an Chomhairle seasamh an AE do chomhdháil idirnáisiúnta maidir

(OR. en) 14.XI.2011

16756/11 23

GA

CEARTAS AGUS GNÓTHAÍ BAILE

Bearta sriantacha i gcoinne daoine áirithe agus eintiteas áirithe d'fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac

Ghlac an Chomhairle an ráiteas nuashonraithe ar chúiseanna a bhaineann le daoine agus le grúpaí atá faoi réir na mbeart sriantach i Rialachán 2580/2001 ón gComhairle. D'fhormheas sé freisin an litir fógartha a bheidh le seoladh chuig na grúpaí lena mbaineann in éineacht leis an ráiteas ar chúiseanna. Foilseofar an fógra san Iris Oifigiúil (sraith "C").

Faoi Airteagal 1 (6) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES agus faoi Airteagal 2(3) de Rialachán 2580/2001 ón gComhairle, ní mór don Chomhairle ainmneacha na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas a liostaítear de bhun an chomhsheasaimh sin agus de bhun an rialacháin sin a athbhreithniú go tráthrialta agus ar a laghad dhá uair sa bhliain le cinntiú go bhfuil údar maith lena gcoimeád ar an liosta sin.

AN LIMISTÉAR EORPACH EACNAMAÍOCH

Caidreamh leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

Ghlac an Chomhairle comhsheasamh an AE don 36ú cruinniú de chuid Chomhairle an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch, a reáchtálfar sa Bhruiséil an 15 Samhain 2011.

CINNTÍ TRÍD AN NÓS IMEACHTA I SCRÍBHINN

An Libia - bearta sriantacha

An 10 Samhain, chinn an Chomhairle, trí nós imeachta i scríbhinn, forálacha an AE maidir leis an gcosc ar eitiltí os cionn na Libia a aisghairm, agus chuir sí chun feidhme cinneadh Chomhairle Slándála na NA deireadh a chur leis an limistéar faoi chosc eitilte an 31 Deireadh Fómhair 2011.