17
Treoir-Dhoiciméad do Google Forms Réamhrá Nóta : Tá an tsraith treoracha seo bainteach le Google Forms mar pháirt de chuntas ‘Google Apps for Education’, ie: níl gnáthchuntas Gmail in úsáid agat Is éard is Google Drive ann ná foireann ríomhchlár oifige agus seirbhís stórála sonraí ar líne atá á chur ar fáil ag Google. Cuireann sé ar chumas úsáideoirí doiciméid a chruthú ar líne agus iad a eagrú i gcomhpháirt le chéile. De bhreis ar phróiseáil focal, scarbhileoga agus cur i láthair, cuireann Google Drive rogha ‘ forms’ ar fáil ar féidir iad a úsáid chun suirbhéanna a chruthú ar líne agus na torthaí a bhailiú le chéile agus a chur i láthair ansin. Is pacáiste é Google Apps for Education d’uirlisí saor in aisce ar líne, lena n-áirítear Google Drive, atá tiomsaithe do scoileanna/coláistí amháin. Cuireann sé ar chumas scoileanna cuntais ríomhphoist a chruthú dá múinteoirí agus dá ndaltaí, comhfhéilirí a eagrú, comhdhoiciméid a chruthú agus suíomhanna gréasáin fiú a chruthú a d’fhéadfaí a bheith mar shuíomhanna gréasáin ranga nó tionscadail e.g. suíomh gréasáin idirbhliana nó rang a sé. Tugann sé an chumhacht don riarthóir rochtain ar ríomhphoist/suíomhanna gréasáin a theorannú. Má tá tú ag smaoineamh ar Google Apps a bhunú i do scoil féin, moltar go ndéanfaí é i gcomhairle le Riarthóir TFC sa scoil. Chun ceistneoir ar líne (Foirm) a eagrú, ní bheidh uait ach gnáthchuntas Gmail . Céim 1: Cuntas Google Drive a Chruthú Beidh cuntas Gmail de dhíth ort chun Google Drive a úsáid. Mura bhfuil ceann agat cheana féin : 1. Téigh chuig www.gmail.com

Réamhrá¡mhleabhar - Google apps…  · Web viewTreoir-Dhoiciméad . do Google Forms. Réamhrá. Nóta: Tá an tsraith treoracha seo bainteach le Google Forms mar pháirt de chuntas

  • Upload
    others

  • View
    1

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: Réamhrá¡mhleabhar - Google apps…  · Web viewTreoir-Dhoiciméad . do Google Forms. Réamhrá. Nóta: Tá an tsraith treoracha seo bainteach le Google Forms mar pháirt de chuntas

Treoir-Dhoiciméad do Google Forms

RéamhráNóta: Tá an tsraith treoracha seo bainteach le Google Forms mar pháirt de chuntas ‘Google Apps for Education’, ie: níl gnáthchuntas Gmail in úsáid agat

Is éard is Google Drive ann ná foireann ríomhchlár oifige agus seirbhís stórála sonraí ar líne atá á chur ar fáil ag Google. Cuireann sé ar chumas úsáideoirí doiciméid a chruthú ar líne agus iad a eagrú i gcomhpháirt le chéile. De bhreis ar phróiseáil focal, scarbhileoga agus cur i láthair, cuireann Google Drive rogha ‘forms’ ar fáil ar féidir iad a úsáid chun suirbhéanna a chruthú ar líne agus na torthaí a bhailiú le chéile agus a chur i láthair ansin. Is pacáiste é Google Apps for Education d’uirlisí saor in aisce ar líne, lena n-áirítear Google Drive, atá tiomsaithe do scoileanna/coláistí amháin. Cuireann sé ar chumas scoileanna cuntais ríomhphoist a chruthú dá múinteoirí agus dá ndaltaí, comhfhéilirí a eagrú, comhdhoiciméid a chruthú agus suíomhanna gréasáin fiú a chruthú a d’fhéadfaí a bheith mar shuíomhanna gréasáin ranga nó tionscadail e.g. suíomh gréasáin idirbhliana nó rang a sé. Tugann sé an chumhacht don riarthóir rochtain ar ríomhphoist/suíomhanna gréasáin a theorannú. Má tá tú ag smaoineamh ar Google Apps a bhunú i do scoil féin, moltar go ndéanfaí é i gcomhairle le Riarthóir TFC sa scoil. Chun ceistneoir ar líne (Foirm) a eagrú, ní bheidh uait ach gnáthchuntas Gmail.

Céim 1: Cuntas Google Drive a ChruthúBeidh cuntas Gmail de dhíth ort chun Google Drive a úsáid. Mura bhfuil ceann agat cheana féin:

1. Téigh chuig www.gmail.com2. Brúigh ar an gcnaipe dearg ag barr an

scáileáin ar dheis chun cuntas a chruthú,

‘Create an account’3. Cuir isteach na sonraí cumraíochta cuí. D’fhéadfadh go mbeadh teacht ag tuismitheoirí/daltaí ar

an seoladh ríomhphoist seo agus seans gur chóir seo a chur san áireamh agus an t-ainm/seoladh á phiocadh e.g. [email protected]

Page 2: Réamhrá¡mhleabhar - Google apps…  · Web viewTreoir-Dhoiciméad . do Google Forms. Réamhrá. Nóta: Tá an tsraith treoracha seo bainteach le Google Forms mar pháirt de chuntas

An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúitneoirí

4. Nuair atá cuntas cruthaithe agat, cliceáil ar ‘Drive’ i dtreo bharr an leathanaigh chun teacht ar an bhfoireann ríomhchlár oifige Drive agat féin.

5. Ba chóir go mbeadh leathanach cosúil leis an gceann léirithe anseo os do chomhair. Nuair atá roinnt doiciméad cruthaithe agat beidh siad le feiceáil i lár an leathanaigh seo, mar a bheidh doiciméid atá cruthaithe ag daoine eile agus roinnte leatsa.

Céim 2: Do Cheistneoir féin a Chruthú (Google Form)

Ar thaobh na láimhe clé, tá cnaipe ‘Create’ chun doiciméad nua a chruthú. In aice leis an gcnaipe seo tá ceann eile a chuireann ar do chumas comhaid a uaslódáil chuig do chuntas Google Drive. Ón áit seo féadfar raon doiciméad a chruthú ach roghnóimid féin an rogha Form.

1. Cliceáil ar an gcnaipe Create, feicfidh tú liosta roghanna ansin.2. Roghnaigh ‘Form’ ón liosta.

Tógfaidh seo tú chuig an leathanach teimpléad Form.

Ón áit seo feicfidh tú roinnt roghanna éagsúla le do cheistneoir a chruthú agus beidh leagan i bhfad níos simplí ar fáil do fhreagróirí amach anseo. Tá dhá cheist shamplacha cruthaithe duit cheana féin agus beidh tusa sa mhód eagarthóireachta den chéad cheist.

3. Líon isteach teideal do cheistneora tríd an téacs sa bhosca ‘Untitled Form’ a athrú.

Má tá aon treoir agat do na faighteoirí, is féidir seo a chlóscríobh isteach sa chéad bhosca eile e.g.: “freagair na ceisteanna seo go macánta agus gan comhairle a lorg ó aon duine. Coimeádfar aon fhreagra uait faoi rún agus níl

slí go n-aithneofaí tú.”

Tá an chéad dá cheist shamplacha i bhfoirm freagraí téacs simplí, áfach, agus seans gur mhian leat seo a athrú.

Tá 6 rogha ann:

Page 3: Réamhrá¡mhleabhar - Google apps…  · Web viewTreoir-Dhoiciméad . do Google Forms. Réamhrá. Nóta: Tá an tsraith treoracha seo bainteach le Google Forms mar pháirt de chuntas

An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúitneoirí

Téacs: Úsáidte do fhreagraí gearra (cúpla focal ar a mhéid)

Téacs ailt: Úsáidte do fhreagraí níos faide agus sonraithe

Ilroghnach:

Roghnaíonn freagróirí rogha amháin ó liosta (Tá rogha ann dul chuig leathanach eile bunaithe ar rogha an duine)

Ticbhoscaí: Féadann freagróirí roghnú ó líon roghanna ó liosta

Roghnaigh ó liosta:

Roghnaíonn freagróirí rogha amháin ó liosta

Ticbhoscaí:Féadann freagróirí rogha a dhéanamh le dhá thoisc san áireamh

Page 4: Réamhrá¡mhleabhar - Google apps…  · Web viewTreoir-Dhoiciméad . do Google Forms. Réamhrá. Nóta: Tá an tsraith treoracha seo bainteach le Google Forms mar pháirt de chuntas

An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúitneoirí

Scála:

Roghnaíonn freagróirí luach ó scála rátála e.g.: 1-5, 1-7 etc….Féadfar an pointe is ísle agus an pointe is airde scála a lipéadú

Greille: Déanann freagróirí rogha le dhá thoisc san áireamh.

Céim 3: Eagarthóireacht a dhéanamh ar d’FhoirmIs féidir ceisteanna a chur leis trí phróiseas dúbailte agus eagarthóireachta faoi seach. Tá trí chnaipe eagarthóireachta ar thaobh na láimhe deise:

An Peann Luaidhe don eagarthóireacht Na Cearnóga chun ceisteanna a dhúbailt An Bosca Bruscair chun ceist a scrios1. Bíonn an cheist tosaigh i bhfeidhm nuair a bhíonn eagarthóireacht tosaithe ar dtús agat.

Murar amhlaidh an scéal cliceáil ar an gcnaipe ar dheis ón gceist chun é a chur i bhfeidhm (tá ceist i bhfeidhm nuair atá trí chnaipe le feiceáil ar thaobh na láimhe deise agus nuair a bhíonn cúlra le dath péitseoige air ann).

2. Athraigh an téacs sa bhosca ‘Question Title’ le do cheist e.g.: cén rang ina bhfuil tú?3. Fág nóta tráchta sa ‘Help Text’ más gá ach níl ort seo a dhéanamh.

Beidh freagra na ceiste áirithe seo gairid, roghnaigh an Cineál Ceiste ‘Text’ ón gcnaipe Question.

Más mian leat ceist éigeantach a dhéanamh as seo, cliceáil ar an mbosca ‘Make this a required question’.

Cliceáil ar an gcnaipe ‘Done’ nuair atá críochnaithe agat.

Page 5: Réamhrá¡mhleabhar - Google apps…  · Web viewTreoir-Dhoiciméad . do Google Forms. Réamhrá. Nóta: Tá an tsraith treoracha seo bainteach le Google Forms mar pháirt de chuntas

An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúitneoirí

Sin é do chéad cheist curtha i gcrích agat! Cliceáil ar an bpeann luaidhe arís agus fill ar an mód eagarthóireachta ceiste.

Is smaoineamh maith é do ‘Chineál Ceiste’ a roghnú ar dtús ós rud é go bhfuil tionchar aige seo ar conas mar a chuirtear struchtúr leis an gceist.

4. Lean ort ach an peann luaidhe in aice le Ceist Shamplach 2 a roghnú.

5. Déanfaimid ceist ‘paragraph type’ de seo, roghnaigh an rogha seo ón liosta ‘Question Type’.

6. Líon isteach an cheist mar a rinneadh cheana.

7. Chun cruth do cheistneora a fheiceáil cliceáil ar an nasc ag bun an leathanaigh (nó deaschliceáil ar an nasc agus an rogha ‘open in new tab’ a roghnú. Beidh url (seoladh gréasáin) uathúil ag gach foirm.

An tslí is fusa le ceist nua a chruthú ná ceann atá ann cheana féin a dhúbailt agus í a úsáid mar bhunús don cheist nua.

8. Brúigh an luchóg chuig an gceist ábhartha agus cliceáil ar na cearnóga chun é a dhúbailt. An uair seo, cruthóimid ceist ilroghnach, roghnaigh an rogha seo ón ‘Question Type’.’

9. Líon isteach Teideal na Ceiste agus an Téacs Cabhrach.10. Cuir isteach na roghanna malartacha óna mbeidh na freagróirí ag déanamh rogha. Ní féidir le

freagróirí ach mír amháin ón liosta sonraithe a roghnú. Cliceáil ar ‘Make this a required question’ más mian leat agus cliceáil ‘Done’.

Tá rogha ann le dul chuig cuid/leathanach eile bunaithe ar an rogha a dhéanann an freagróir sna ceisteanna ilroghnacha. D’fhéadfadh seo bheith ina dhoiciméad Google Drive nó aon fhoirm/cheistneoir eile. Clúdaítear seo i gcuid X.

Is cineál ceiste comhchosúil é ‘Choose from a list’ áit a ndéanann an freagróir freagra amháin a roghnú seachas bheith ábalta cúpla freagra a roghnú mar is fíor le ‘Check box’.

Má mian leat ceist a scriosadh, níl ort ach an ‘X’ a chliceáil atá in aice leis an gceist, chun tuilleadh ceisteanna a chur isteach, téigh chuig bun an liosta. Ní féidir cruth liosta a chur in ord an athuair laistigh de cheist.

Iarrann ‘The Scale’ ar an bhfreagróir uimhir rátála a roghnú ach is féidir leatsa na luachanna a chur ag an dá teorainn, ie: is maith liom/ní maith liom, aontaím/ní aontaím.

Tá athróga cothrománacha agus ingearacha ag an ngreille:

Page 6: Réamhrá¡mhleabhar - Google apps…  · Web viewTreoir-Dhoiciméad . do Google Forms. Réamhrá. Nóta: Tá an tsraith treoracha seo bainteach le Google Forms mar pháirt de chuntas

An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúitneoirí

Ní léim riamh nó ar

éigean a léim

Cúpla uair sa bhliain

Thart ar uair sa

mhí

Cúpla uair i sa mhí

Cúpla uair sa

tseachtain

Irisleabhair

Úrscéalta grafacha

Ficsean (úrscéalta, insintí, scéalta)

Leabhair neamh-fhicsin

Nuachtáin

In áit ceisteanna a dhúbailte agus eagarthóireacht a dhéanamh orthu ansin, féadann tú ‘Add item’ a roghnú ag barr an scáileáin ar chlé agus an fhormáid cheiste chuí a roghnú.

Céim 4: Ceisteanna a scriosadh/athordúChun an cheist a scrios, cliceáil ar an mbosca bruscair ar thaobh na láimhe deise.

Chun na ceisteanna ar an gceistneoir a chur in ord, cliceáil ‘Done’ i dtosach sa limistéar eagarthóireachta den cheist (ba chóir go bhfeicfeá siombail le saigheada ag trasnú a chéile). Bog an cheist go háit oiriúnach ansin.

Más mian leat do dhearadh féin a chur le do cheistneoir cliceáil ar an gcnaipe ‘Téama’ in aice leis an gcnaipe Add item.

Céim 5: Míreanna a chur le d’FhoirmSeans gur mhaith leat ‘Section header’ a chur leis a chuirfidh ar do chumas do cheistneoir a roinnt ina mhíreanna nó téacs breise a chur leis atá i bhfoirm ráitis in áit i bhfoirm ceiste. Mar shampla: seans gur mhaith leat ceistneoir a chlúdaíonn topaicí éagsúla ar nós obair ranga, obair bhaile agus imeachtaí seach-churaclaim.

Cliceáil ar an gcnaipe ‘Add item’ ar barr agus ar chlé.

Page 7: Réamhrá¡mhleabhar - Google apps…  · Web viewTreoir-Dhoiciméad . do Google Forms. Réamhrá. Nóta: Tá an tsraith treoracha seo bainteach le Google Forms mar pháirt de chuntas

An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúitneoirí

Roghnaigh ‘Section Header’. Tagann sé suas ar do leathanach ar bhealach comhchosúil le formáid cheiste agus is féidir é a bhogadh trí chliceáil air, coinneáil de bheith á chliceáil agus é a bhogadh chuig an suíomh cuí.

Céim

6: Leathanaigh bhreise a chur le d’FhoirmMá tá ceistneoir fada agat nó má tá tú ag tabhairt aghaidh ar raon topaicí seans gur mhaith leat ‘Page break’ a chur isteach a roinnfeadh do cheistneoir ina leathanaigh éagsúla. Féadann tú an Section Heading agus an Page Break a bhaint trí chliceáil ar an mbosca bruscair, mar a rinneadh chun ceist a scriosadh.

Tá fáthanna éagsúla a mbeifí ag cur le leathanaigh e.g. d’fhéadfadh go mbeadh fonn ort catagóirí éagsúla ceisteanna a chur isteach ar leathanaigh éagsúla nó dul chuig leathanach nua bunaithe ar fhreagra freagróra.

Céim 7: Bogadh go leathanaigh éagsúla bunaithe ar roghanna freagróiríTá rogha ann dul chuig leathanaigh áirithe bunaithe ar rogha an fhreagróra i gceist ilroghnach. D’fhéadfadh go mbeadh seo ina chuid éagsúil nó ar leathanach éagsúil. Caithfear na leathanaigh seo a chruthú roimh dhul isteach chuig roghanna na gceisteanna ilroghnacha.

1. Cliceáil ar ‘Add item’2. Roghnaigh ‘Page break’3. Cuir do cheisteanna isteach4. Dá mbeadh ort freagróir a threorú chuig ceist eile bunaithe ar a bhfreagraí, bheadh ort na

leathanaigh a chruthú ar dtús agus ansin dul ar ais agus an cineál ceiste ilroghnaí a úsáid i.e.: má tá tú chun ceist ilroghnach a chur ina bhfuil 3 rogha, ní mór duit na trí leathanach a chruthú ar dtús (ansin dul ar ais na ceisteanna ilroghnacha a chruthú).

5. Nuair atá ceisteanna ilroghnacha á gcruthú agat, bí cinnte go bhfuil ‘Go to page based on answer’ roghnaithe agat.

6. Tagann na roghanna atreorúcháin aníos ansin ar thaobh na láimhe deise.

Page 8: Réamhrá¡mhleabhar - Google apps…  · Web viewTreoir-Dhoiciméad . do Google Forms. Réamhrá. Nóta: Tá an tsraith treoracha seo bainteach le Google Forms mar pháirt de chuntas

An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúitneoirí

7. Cuir isteach na roghanna malartacha ónar féidir leis an bhfreagróir roghnú. Ba chóir go dtiocfadh liosta fo-leathanach a chruthaigh tú cheana féin suas mar liosta. Roghnaigh an suíomh

cuí, cliceáil ‘Make this a required field’ agus cliceáil ‘Done’. 8. Chun deireadh a chur leis an gceistneoir agus é a chur isteach, ní mór duit ceist ilroghnach eile a

chur ar bun gach leathanaigh, ach le rogha amháin: submit. Cuir cineál ceiste ilroghnaí isteach agus glaoigh ‘Submit this survey’ nó a leithéidí air sa bhosca Question Title.

9. Rognaigh ‘Go to page based on answer’10. Cuir ‘Submit’ nó rud comhchosúil in áit téacs Rogha 111. Cliceáil ar an gcnaipe ‘Continue to next page’ agus roghnaigh ‘Submit form’ ón liosta. Déan

‘required question’ de.

Níl ort tascanna 8 go 11 a dhéanamh má tá an rogha ‘Continue to next page’ in úsáid agat agus tá pointí deiridh éagsúil ann sa cheistneoir agat dá bharr. Nuair a chomhlánaíonn freagróirí an fhoirm agus a roghanna déanta acu ó na ceisteanna ilroghnacha tógtar chuig an leathanach comhfhreagrach iad go huathoibríoch.

Multiple choice Question

Option 1 Option 2 Option 3

Page 9: Réamhrá¡mhleabhar - Google apps…  · Web viewTreoir-Dhoiciméad . do Google Forms. Réamhrá. Nóta: Tá an tsraith treoracha seo bainteach le Google Forms mar pháirt de chuntas

An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúitneoirí

Céim 8: Scéim dathanna agus ráiteas fáilte a chur le do cheistneoir

Ar Google Forms tá raon téamaí cúlra dathannach ar féidir iad a chur i bhfeidhm ar do shuirbhé.

1. Cliceáil ar an gcnaipe Téama i dtreo bharr an scáileáin ar chlé.2. Ón liosta a thagann suas roghnaigh do théama

oiriúnach féin, gheobhaidh tú réamhamharc ar a chruth agus cliceáil ‘Apply’ ar barr ar chlé agus ansin ‘Back to editing’.

3. Cuireann Google gnáth-theachtaireacht dhaingnithe amach a thagann aníos nuair atá duine tar éis an fhoirm a chur isteach. Más mian leat seo a athrú, cliceáil ar an gcnaipe Edit Confirmation faoin gcnaipe ‘More Actions’ ag barr an scáileáin ar dheis.

Seiceáil go bhfuil an fhoirm i gceart trí chliceáil ar an nasc ag bun an leathanaigh (sa ribín dubh). Éiríonn sé casta uaireanta eagarthóireacht a dhéanamh ar an bhfoirm nuair atá líon áirithe freagróirí tar éis an ceistneoir a chomhlánú.

Céim 9: Do Cheistneoir a Fhoilsiú (Form)Go bunúsach, tá dhá shlí ann le do cheistneoir a dháileadh: é a sheoladh trí ríomhphost nó an seoladh gréasáin a roinnt (Url) (e.g.: nasc a chruthú do ar do shuíomh gréasáin).

Chun do ríomhphost a dháileadh:

Cliceáil ar ‘Email this form’ ag barr an leathanaigh ar dheis.

Líon isteach na seoltaí ríomhphoist ó na faighteoirí sa bhosca dialóige.

Leabú ar shuíomh gréasáin:

Page 10: Réamhrá¡mhleabhar - Google apps…  · Web viewTreoir-Dhoiciméad . do Google Forms. Réamhrá. Nóta: Tá an tsraith treoracha seo bainteach le Google Forms mar pháirt de chuntas

An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúitneoirí

Má leabaítear foirmeacha cosúil leis seo ar shuíomh gréasáin do scoile féadann sé bheith an-úsáid i mbailiú an-chuid eolais (e.g. eolas iontrála) go héifeachtach. Féadfar an t-eolas a chomhghaolú ar scarbhileog amháin.

Cliceáil ar an gcnaipe ‘More actions’ (ar barr ar dheis) agus ansin ar an rogha ‘Embed’. Ginfidh seo an cód HTML ar chóir a chóipeáil ar shuíomh gréasáin do scoile; ach beidh an ceistneoir ag feidhmiú go neamhspleách ar an suíomh gréasáin. Beidh an tslí a gcóipeáiltear an cód chuig do shuíomh gréasáin ag brath ar a bhfuil in úsáid agat chun do shuíomh a dhearadh.

Céim 10: Google Forms a Reáchtáil i seomra TFCIs bealach maith é an seoladh gréasáin (Url) a thabhairt do fhreagróirí leis an gceistneoir a roinnt. Is féidir leis seo bheith deacair, áfach, toisc go bhfuil an seoladh an-fhada agus casta. D’fhéadfá gearrthóir url a úsáid chun an seoladh a shimpliú. Úsáidimid féin tinyurl.com

1. Deaschliceáil ar URL an cheistneora ag bun an leathanaigh agus roghnaigh ‘copy this link’.

2. Téigh ansin chuig an suíomh gréasáin www.tinyurl.com (NÓTA: tá fógraí ar an suíomh

gréasáin seo) deaschliceáil agus greamaigh (Ctrl+P) an nasc isteach sa bhosca ‘Enter a long URL to make tiny’. Cuir ‘Custom alias’ leis faoi e.g.: www.tinyurl.com/scoilmhuiresse. Cliceáil ansin ar an ‘Make Tinyurl!. Seans go mbeidh ort triail a bhaint as cúpla teideal ar dtús ach ginfidh an suíomh seo url atá níos gonta don suíomh céanna e.g. http://tinyurl.com/scoilmhuiresse.

Page 11: Réamhrá¡mhleabhar - Google apps…  · Web viewTreoir-Dhoiciméad . do Google Forms. Réamhrá. Nóta: Tá an tsraith treoracha seo bainteach le Google Forms mar pháirt de chuntas

An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúitneoirí

(NÓTA: ní féidir leat an ailias saincheaptha a úsáid ach uair amháin toisc go bhfuil gach seoladh uathúil)

Ní mór duit taifead a choimeád de na leaganacha giorraithe suirbhéanna. D’fhéadfaí iad seo a scríobh ar an gclár le go gcóipeáladh na daltaí é

D’fhéadfadh go mbeadh sé tairbheach duit iarraidh ar roinnt ranganna éagsúla an ceistneoir a chomhlánú faoi do mhaoirseacht féin. D’fhéadfá ansin, sa chás sin, an leagan giorraithe den url a scríobh ar an gclár agus iarraidh ar an gcéad ghrúpa an seoladh a chóipeáil chuig a ríomhairí féin.

Nuair atá an fhoirm líonta acu cliceáladh siad an cnaipe ‘Submit’ ag bun an scáileáin. Tiocfaidh bosca dialóige suas ansin leis an nóta daingnithe a chruthaigh tú níos luaithe. Más mian leat go mbeadh grúpa eile ag déanamh an cheistneora díreach ina dhiaidh sin, ní mór don dalta cliceáil ar ‘Submit another response’ ar son an dalta atá le teacht. Bíonn an cleachtas céanna seo i bhfeidhm nuair nach bhfuil dóthain ríomhairí ann do na daltaí; féadann na daltaí an ceistneoir a líonadh isteach duine ar dhuine.

Céim 11: Anailís a dhéanamh ar fhreagraí an tsuirbhé Nuair atá do cheistneoir cruthaithe agat beidh sé le feiceáil in ‘My Drive’ ar do leathanach baile Google Drive.

Osclaíonn an comhad an ceistneoir mar scarbhileog anois.

Nuair a thosaíonn freagróirí ag comhlánú an cheistneora léireofar an líon comhlánaithe i lúibíní in aice leis an rogha ‘Form’ ar an mbarra roghchláir. I measc na roghanna roghchláir Form seo tá: Edit form, Send form, Go to live form, Embed form, Show summary of responses, Accepting responses agus Delete form.

Chun a fheiceáil cén saghas foirme a bheidh os comhair na bhfreagróirí téigh chuig ‘live form’.

Chun léiriúchán graif de na torthaí a fheiceáil roghnaigh ‘Show summary of responses’ ón liosta Form.

Ag brath ar an gcineál ceiste a cuireadh, d’fhéadfaí na torthaí a léiriú ar phíchairt, barrachairteacha cothrománacha nó ingearacha nó le téacs amháin. Dhá ghé dhiúltacha den bhealach a léirítear na torthaí ná go mbíonn ionchur an téacs ag rith le

Page 12: Réamhrá¡mhleabhar - Google apps…  · Web viewTreoir-Dhoiciméad . do Google Forms. Réamhrá. Nóta: Tá an tsraith treoracha seo bainteach le Google Forms mar pháirt de chuntas

An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúitneoirí

chéile rud atá deacair le léamh i.e.: tagann freagra gach rannpháirtí ar cheist suas le chéile in alt mar a léirítear sa léaráid. An fhadhb eile ná nach féidir formáid na ngraf a athrú nó na torthaí curtha in ord an athuair. Is féidir seo a dhéanamh, áfach, trí na torthaí a íoslódáil go dtí excel (léirithe i gCéim 12).

Céim 12: Grafaicí a chóipeáil go PowerPointAn tslí is fearr le grafaic a chóipeáil ó do Summary of responses ná úsáid a bhaint as Print Screen/Screen Grab. Go bunúsach, tógann seo grianghraf den a bhfuil ar scáileán do ríomhaire. Is cnaipe é seo ar do mhéarchlár a bhíonn cóngarach don chnaipe Delete go minic. Seans go dtugtar ‘Prnt Sc’ air nó a leithéid in áit Print Screen nó Screen Grab.

Bí cinnte go bhfuil an ghrafaic ar mhaith leat a chóipeáil ar scáileán an ríomhaire (ba chóir go mbeadh an oiread spáis ar an scáileán agus is féidir ag an ngrafaic).

1. Cliceáil ar an gcnaipe Print Screen ar do mhéarchlár.

2. Oscail PowerPoint, Word nó pé clár atá in úsáid agat.

3. Cliceáil Paste.

Ba chóir go dtiocfadh cóip den ghrafach suas i do dhoiciméad anois. Bíonn an toise le laghdú go minic; déan seo tríd an bpictiúr a chliceáil, ag coinneáil na luchóige ar chúinne go dtí go dtagann péire saighead suas agus na cúinní a tharraingt i dtreo an láir.

Ní mór duit an íomhá a bhearradh ach beidh na treoracha a ghabhann leis seo ag brath ar an leagan Windows atá in úsáid agat.

1. Nuair atá an íomhá roghnaithe agat arna bhearradh (8 gcearnóg/gciorcal ag teacht suas ag na cúinní agus ag lár gach ciumhaise) ba chóir go bhfeicfeadh tú barra uirlisí ansin. Roghnaigh an cnaipe ‘Crop’ ón roghchlár. Tarraing na cúinní isteach chuig an méid atá uait le taispeáint.

Céim 13: Íoslódáil go ExcelFéadann cur i láthair torthaí bheith teoranta in Google Drive agus, ar mhaithe leis an gcur i láthair (e.g. PowerPoint), seans gur mhian leat cóipeáil ó Google Drive go Excel agus do chairteacha féin a dhearadh nó an t-eolas a chur in ord an athuair.

1. Aibhsigh agus cóipeáil na staitisticí atá uait agus greamaigh iad de MS Excel. Gin cairt ansin san fhormáid chuí duit féin.

2. Má tá na sonraí i bhformáid uimhriúil, seans go mbeadh sé níos fusa an scarbhileog iomlán a íoslódáil isteach go Excel.

Page 13: Réamhrá¡mhleabhar - Google apps…  · Web viewTreoir-Dhoiciméad . do Google Forms. Réamhrá. Nóta: Tá an tsraith treoracha seo bainteach le Google Forms mar pháirt de chuntas

An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúitneoirí

San fhormáid scarbhileoige, cliceáil ar ‘File’ agus ‘Download as’ agus roghnaigh an fhormáid is mian leat, bainimid féin úsáid as Microsoft Excel.

Nuair atá tú in Excel beidh ort na cairteacha a ghiniúint faoi mar a dhéanfadh tú de ghnáth in Excel.

Page 14: Réamhrá¡mhleabhar - Google apps…  · Web viewTreoir-Dhoiciméad . do Google Forms. Réamhrá. Nóta: Tá an tsraith treoracha seo bainteach le Google Forms mar pháirt de chuntas

An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúitneoirí

ACHOIMRE AR THREORACHA DO GOOGLE FORMS

Oscail Gmail Cliceáil Drive ar an mbarra thuas Cliceáil Create – bosca dearg ar thaobh na láimhe clé Rognaigh Forms Cuir Teideal isteach Roghnaigh Téama Cliceáil OK Cruthaigh do cheisteanna féin – 7 gcineál Ag bun an leathanaigh tá an Confirmation Page – is féidir leat teachtaireacht a chló

isteach – bí cinnte go bhfuil an chéad bhosca ticeáilte Cliceáil Choose Response Destination ag barr an leathanaigh – bí cinnte go bhfuil

scarbhileog nua roghnaithe, cliceáil Create Cliceáil ar View Responses (athraíonn seo sprioc na bhfreagraí) – tógann seo tú chuig

scarbhileog na bhfreagraí ar a dtugtar accepting responses chomh maith.

An Táb ‘File’ Roinn – athraigh ó phríobháideach go public Déan Cóip de Cuir ainm eile air Stair Athcheartaithe

An Táb ‘Forms’ Eagarthóireacht ar an bhFoirm – nóta: ní mór duit gan eagarthóireacht a dhéanamh i

ndiaidh a riartha (Create, Pilot, Edit, Copy, Administer, View) Seol an Fhoirm – trí r-phost Téigh chuig an bhfoirm bheo – seo í an fhoirm faoina mbeidh daoine ag freagairt

ceisteanna, féadann tú tinyurl shortener a chruthú a ghineann cód – oscail táb nua agus cuardaigh gearrthóir url Google, cóipeáil url na foirme beo agus greamaigh den ghearrthóir url google….

Leabaigh ar shuíomh gréasáin Léirigh coimre na bhfreagraí Dí-nasc an Fhoirm – stop a chur le freagraí teacht isteach

Ar ais in Drive Cuir an cúrsóir thar ainm an tsuirbhé agus deaschliceáil – roinnt, déan cóip,

athainmnigh…. Téigh chuig create (bosca dearg ar thaobh na láimhe clé) agus roghnaigh folder Cuir an cúrsóir thar an bhfoirm a theastaíonn uait a chur isteach san fhillteán agus

deaschliceáil, roghnaigh organise agus cliceáil ar an bhfillteán chuig a theastaíonn uait an fhoirm a bhogadh, cliceáil move