Upload
others
View
0
Download
0
Embed Size (px)
Citation preview
1
RÁITEAS STRAITÉISE
2010-2011
2
ÁR BHFÍS
Úsáid níos mó a bhaint as
modhanna iompair
inbhuanaithe ar fud na tíre
3
Clár Ábhair Ráiteas an Chathaoirligh 5
Ráiteas an Phríomhfheidhmeannaigh 6
Faoin Údarás Náisiúnta Iompair 8
Ár bhFís 8
Ár Misean 8
Ár dTéarmaí Tagartha 8
Ár gCustaiméirí 8
Ár Reachtaíocht 9
Ár gComhshaol 10
Timpeallacht Gheilleagrach 10
Reachtaíocht Gheilleagrach 11
Ár nEagraíocht 12
Tosaíochtaí Straitéiseacha 2010-2011 14
Srianta 17
Tuairisciú ar Dhul Chun Cinn 17
AGUISÍNÍ 19
Aguisín 1: Struchtúr Eagraíochtúil 20
Aguisín 2: Comhaltaí Boird 21
3
5
Ráiteas an Chathaoirligh Tá áthas orm an chéad Ráiteas Straitéise de chuid an
Údaráis Náisiúnta Iompair a tháinig chun cinn ar 1
Nollaig 2009 a chur i láthair.
Is trua gur i láthair ghéarchéim gheilleagrach é bunú an
Údaráis Náisiúnta Iompair ach ní bhaineann sé ón
réasúnaíocht atá taobh thiar dá bhunú. Tá an fhorbairt
ar chóras iompair chomhtháite chomh bailí agus
tábhachtach céanna mar a bhí riamh agus beidh ról
tábhachtach aige inár dtéarnamh geilleagrach
náisiúnta. Is é an dúshlán atá os comhair an Údaráis
ná a chuid téarmaí tagartha reachtúla a bhaint amach
in ainneoin na sriantaí acmhainne dosheachanta atá
ann. Tá sé de rún daingean ag an Údarás agus fonn
mór air leanúint leis an jab.
Tá maoiniú substaintiúil an Státchiste curtha in áirithe ag an
Rialtas chun forbairt a dhéanamh ar bhonneagar iompair
phoiblí i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus leanann sé air
le maoiniú suntasach a chur ar fáil d’fhóirdheontas seirbhísí
bus agus iarnróid atá de dhíth go sóisialta.
Tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair lán dírithe ar a chinntiú go
ndéanfar an maoiniú atá ar fáil a chaitheamh go maith agus
go mbainfidh an pobal taistil tairbhe as córas iompair phoiblí
feabhsaithe.
John Fitzgerald Cathaoirleach Deireadh Fómhair
2010
6
Ráiteas an Phríomhfheidhmeannaigh
I dtéarmaí an-ghinearálta is iad téarmaí tagartha
straitéiseacha an Údaráis Náisiúnta Iompair ná modhanna
iompair níos fearr agus níos inbhuanaithe a chur ar fáil do
dhaoine a bhíonn ag taisteal trí ghníomhaireachtaí
reachtúla eile.
Príomhghné den chúram seo ná seirbhísí poiblí bus agus
iarnróid a chur ar fáil go náisiúnta. I dtosach tá a leithéid á
dhéanamh trí chonarthaí a bhronntar ar Bhus Átha Cliath,
Iarnród Éireann agus Bus Éireann maidir lena ngréasáin
eisiacha. Beidh tairiscint iomaíoch i gceist leis an leathnú
thar na gréasáin sin sa todhchaí áfach, trína bhfaightear
seirbhísí iarnróid éadroma cheana féin. Ar 30 Meán
Fómhair tugadh freagracht don Údarás as an tionscadal
ticéadaithe comhtháite a fhorbairt, tionscadal atá á chur i
bhfeidhm i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath i dtús báire.
Níos déanaí in 2010 glacfaidh an tÚdarás Náisiúnta
Iompair leis an bhfeidhm um rialú iomaíocht maidir le
soláthar seirbhísí tráchtála bus do phaisinéirí ar fud na
tíre chomh maith le glacadh le feidhmeanna agus
foireann an Choimisiún um Rialáil Tacsaithe, a bhfuil
cúram náisiúnta aige.
I dteannta lena chuid feidhmeanna náisiúnta
tábhachtacha tá freagrachtaí suntasacha eile ag an
Údarás Náisiúnta Iompair maidir le Mórcheantar Bhaile
Átha Cliath. Go sonrach tá sé de chúram an Údaráis
córas iompair chomhtháite agus inrochtana a fhorbairt a
chuireann le hinbhuanaitheacht chomhshaoil,
comhtháthú sóisialta agus le dul chun cinn geilleagrach.
Is é an tasc láithreach maidir leis sin ná maoirsiú agus
maoiniú éifeachtach an chláir infheistíochta caipitil Iompar
21 do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath. Áiríonn sé sin
tógáil Metro Thuaidh agus an DART Faoi Thalamh chomh
maith le leathnú an chórais iarnróid éadroim i measc
tionscadal eile. Thairis sin tá sé de chúram ag an Údarás
freisin déileáil le pleanáil iompair straitéiseach agus le
pleanáil straitéiseach um bainistíocht tráchta ar fud
Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.
Le comhtháthú éifeachtach na pleanála iompair agus
úsáide talún a chinntiú tá sé de dhualgas ar na húdaráis
réigiúnacha go léir dul i gcomhairle leis an Údarás
Náisiúnta Iompair nuair atá siad ag ullmhú treoirlínte
pleanála réigiúnacha dá gceantair féin. I gcás
Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath tá ról ríthábhachtach ag
an Údarás i bhfoirmiú na bpróiseas pleanála contae agus
áitiúla chomh maith.
Is léir mar sin go bhfuil réimse fairsing feidhmeanna
tábhachtacha ag an Údarás Náisiúnta Iompair, a
bhaineann go díreach le saol gach saoránach.
Is í an phríomhthosaíocht ag an bpointe luath seo ná
struchtúr eagraíochtúil éifeachtach a fhorbairt agus a
chinntiú go mbíonn go leor acmhainní ar fáil dó. Tá an-
chuid oibre déanta cheana féin i ndáil le riachtanais
acmhainne an Údaráis Náisiúnta Iompair a aithint ag cur na
mórfheidhmeanna breise agus na foirne breise atá le haistriú
chuig an Údarás in 2010 san áireamh. Anois táimid i mbun
ullmhúcháin agus forfheidhmithe a dhéanamh ar na
gníomhartha riachtanacha. Trí thoradh rathúil a chinntiú
maidir leis seo soláthrófar bunús daingean lena mbeidh an
tÚdarás in ann cur leis. Ba mhaith liom aitheantas a
thabhairt do thacaíocht agus do thiomantas na foirne atá
ag déanamh obair an Údaráis in ainneoin an athraithe
suntasaigh atá ag tarlú.
Cuid thábhachtach eile den chéad phas seo ná forbairt a
dhéanamh ar chaidrimh oibre éifeachtacha agus
feiliúnacha le heagraíochtaí agus páirtithe leasmhara
ábhartha eile. Cheana féin tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair
tar éis dul i mbun comhairliúchán poiblí maidir leis an
straitéis iompair fadtéarmaigh atá beartaithe do
Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath agus le dréacht-Treoirlínte
do Cheadúnú Seirbhísí Bus Poiblí do Phaisinéirí.
Tá áthas orm a thuairisciú go bhfuil an Ráiteas Straitéise
formhuinithe go hiomlán ag Bord an Údaráis Náisiúnta
Iompair. Lena leithéid a dhéanamh áfach, d’aithin comhaltaí
an Bhoird go bhfuil ról an Údaráis ag forbairt go fóill agus,
sna cúinsí eiseacha, go soláthraíonn an chéad Ráiteas seo
réamhléiriú ar thosaíochtaí straitéiseacha a mbeidh ar an
Údarás a athbhreithniú go luath amach anseo.
Dá réir sin tá sí mar aidhm agam go dtuairisceoidh an
tÚdarás Náisiúnta Iompair ar an dul chun cinn atá déanta
aige i leith na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa Ráiteas
Straitéise seo ina Thuarascáil Bhliantúil go luath in 2011
agus in 2012. Measaim go ndéanfaidh an tÚdarás
athbhreithniú ar an Ráiteas ag an tráth sin de dheasca taithí
a bheidh gnóthaithe aige ina chéad bhliain iomlán ar an
bhfód. Is féidir na feidhmeanna breise a bheidh le baint
amach ag an Údarás faoi dheireadh 2010 a chuimsiú sa
Ráiteas Straitéise ag an am sin chomh maith.
Gerry Murphy Príomhfheidhmeanh
Deireadh Fómhair 2010
8
Faoin Údarás Náisiúnta Iompair
Ár bhFís "Úsáid níos mó a bhaint as modhanna iompair inbhuanaithe
ar fud na tíre"
Ár Misean Is é ár Misean ná úsáid níos mó a bhaint as modhanna
iompair inbhuanaithe ar fud na tíre i dtacú le beartais
agus tosaíochtaí an Rialtais. Tá trí choda ar leith ann atá
idircheangailte.
Is iad sin
1. soláthar seirbhísí iompair phoiblí chomhtháite ag
oibritheoirí poiblí agus príobháideacha sa Stát a rialú,
2. forbairt agus forfheidhmiú chóras iompair
chomhtháite a dhaingniú laistigh de Mhórcheantar
Bhaile Átha Cliath, agus
3. cur le pleanáil úsáide talún ar leibhéal údaráis
réigiúnaigh agus áitiúil le comhtháthú éifeachtach na
pleanála iompair agus úsáide talún a chinntiú
i mbealach a chuireann le hinbhuanaitheacht
chomhshaoil agus comhtháthú sóisialta agus a
chuireann dul chun cinn geilleagrach chun cinn.
Ár dTéarmaí Tagartha Is iad téarmaí tagartha an Údaráis Náisiúnta Iompair ná
seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí a rialú ar fud na
hÉireann agus, go sonrach i Mórcheantar Bhaile Átha
Cliath, le seachadadh tionscadal agus seirbhísí iompair
phoiblí a stiúradh agus a chomhtháthú.
Ar leibhéil náisiúnta, tá an tÚdarás freagrach as -
> bealaí bus a cheadúnú agus feithiclí beaga poiblí
agus a gcuid tiománaithe a rialú (freagracht le bheith
aistrithe go déanach in 2010),
> dul i mbun conarthaí le haghaidh soláthar
seirbhísí iompair phoiblí,
> maoiniú a chur ar fáil do sheirbhísí taistil bhus
agus iarnróid sainiúla a meastar le bheith
riachtanach ar chúiseanna geilleagrach nó sóisialta,
agus
> comhtháthú na pleanála úsáide talún agus iompair
a chinntiú i bpleananna forbartha réigiúnacha.
Laistigh de Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, áirítear na nithe
seo a leanas i bhfreagrachtaí an Údaráis
> ullmhú agus athbhreithniú rialta ar straitéis iompair,
> glacadh le plean comhtháite um fhorfheidhmiú agus
plean straitéiseach um bainistíocht tráchta,
> tógáil an bhonneagair iompair phoiblí a mhaoiniú,
> gréasán iompair phoiblí chomhtháite a chur chun cinn,
> ticéadú comhtháite, táillí agus scéimeanna faisnéise a
chur i bhfeidhm,
> táillí a rialú agus úsáid níos mó á baint as iompar poiblí a
spreagadh,
> rothaíocht agus siúl a chur chun cinn,
> bearta bainistithe éilimh a chur i bhfeidhm (gan dolú
bóthair san áireamh), agus
> comhtháthú na pleanála úsáide talún agus iompair a
chinntiú.
Clúdaíonn Mórcheantar Bhaile Átha Cliath seacht gceantar
údaráis áitiúil, lena n-áirítear Comhairle Cathrach Bhaile Átha
Cliath agus Comhairlí Contae Fhine Gall, Dhún Laoghaire- Ráth
an Dúin, Átha Cliath Theas, Chill Dara, na Mí agus Chill
Mhantáin. Tá an Ceantar ar chomhréim le hÚdarás
Réigiúnach Bhaile Átha Cliath agus le hÚdarás Réigiúnach an
Lár-Oirthir, a chuireann foras daingean ar fáil do chomhtháthú
agus chomhoibriú éifeachtach maidir le pleanáil úsáide talún
agus iompair.
Ár gCustaiméirí Tá riachtanais an chustaiméara iompair phoiblí, na rothaithe
agus na gcoisithe mar bhonn le hobair uile an Údaráis. Is é ár
bpríomhfhócas ná seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí a
fheabhsú don chustaiméir eisiach agus chun custaiméirí nua
a mhealladh.
Áirítear ár ngeallsealbhóirí agus oibritheoirí a oibríonn linn lenár
misean a bhaint amach i gcustaiméirí an Údaráis.
Ní mór don Údarás modhanna cumarsáide cuí lena
chustaiméirí a bhunú agus na modhanna atá le húsáid. An
chéad ghníomh a thógaimid ná Plean Gníomhaíochta do
Chustaiméirí agus Cairt Chustaiméirí a fhorbairt chun freastal
ar riachtanais ár gcustaiméirí.
9
Ár Reachtaíocht Cuimsítear dhá Acht an Oireachtais sa bhunús reachtúil
don Údarás Náisiúnta Iompair.
Déileálann an tAcht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath
2008 go príomha le socruithe agus feidhmeanna rialachais
chorparáidigh agus le cumhachtaí gaolmhara maidir le
córas iompair chomhtháite a fhorbairt i Mórcheantar Bhaile
Átha Cliath. Déanann sé foráil freisin do dhíscaoileadh
Oifig Iompair Bhaile Átha Cliath agus d’aistriú an
tionscadail ticéadaithe comhtháite ón nGníomhaireacht
um Fháil Iarnród chuig an Údarás nua. Tá tús curtha le
formhór d’fhorálacha an Achta 2008 faoin am seo.
10
Déanann an tAcht um Rialú Iompair Phoiblí 2009 foráil
d’athainmniú Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath mar an tÚdarás
Náisiúnta Iompair agus tugann sé feidhmeanna breise dó ar
leibhéal náisiúnta maidir le seirbhísí iompair phoiblí a fháil,
seirbhísí bus tráchtála a cheadúnú chomh maith le foráil a
dhéanamh d’aistriú foirne agus freagrachtaí an Choimisiúin um
Rialáil Tacsaithe chuig an Údarás. Níl tús curtha ach le cuid de
na forálacha suntasacha ón Acht 2009 ach meastar go
gcuirfear tús iomlán leis an Acht faoi dheireadh 2010 faoin am
a mbeidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair bunaithe ina iomlán.
I Márta 2010 leathnaigh an tAire Iompair feidhmeanna an
Údaráis Náisiúnta Iompair maidir le scéim faisnéise
chomhtháite um iompar poiblí a fhorbairt agus a
fhorfheidhmiú go Corcaigh, Gaillimh, Luimneach agus Port
Láirge agus a gcontaetha comhtheagmhálacha. I Meán
Fómhair 2010 leathnaigh an tAire freagracht an Údaráis i
ndáil le Ticéadú Comhtháite go náisiúnta chomh maith.
Ár gComhshaol Tá na nithe seo a leanas ag an Údarás Náisiúnta Iompair
> téarmaí tagartha náisiúnta chun soláthar seirbhísí bus
agus iarnróid phoiblí a dhaingniú, agus
> téarmaí tagartha réigiúnacha chun córas iompair
chomhtháite a fhorbairt do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.
Is í aidhm na faisnéise seo a leanas ná na príomh-staitisticí
iompair a bhaineann leis an dá cheantar seo a léiriú.
Baineadh na sonraí staitistiúla ón Ollchlár Iompair 2008 a
d’fhoilsigh an Príomh-Oifig Staidrimh.
Figiúirí Náisiúnta (2008)
> Rinneadh 192 turas paisinéirí ar sheirbhísí bus
sceidealaithe do phaisinéirí (gan seirbhísí iompair scoile
san áireamh) arna fheidhmiú ag Bus Átha Cliath agus Bus
Éireann;
> D’iompair Bus Éireann 19 milliún paisinéir sna
príomhchathracha réigiúnacha, is iad sin Corcaigh, Gaillimh,
Luimneach agus Port Láirge;
> Bhí 1,905 oibritheoir bus ceadúnaithe ann. Mar sin féin,
níl staidrimh iontaofa ar fáil do líon na bpaisinéirí a
d’iompair oibritheoirí dá leithéid;
> Rinneadh 45 milliún turas paisinéirí (gan turais
idirnáisiúnta san áireamh) ar sheirbhísí Iarnróid Éireann;
> Rinneadh 0.72 milliún tonnaí lastas a iompar ar
iarnród.
Mórcheantar Bhaile Átha Cliath (MBÁC)
> Cé nach bhfuil ach 10% d’achar talún an Stáit i MBÁC tá
beagnach 40% de dhaonra iomlán an Stáit ann.
> B’ionann daonra MBÁC in 2006 agus 1.66 milliún duine. > In 2008, chuaigh líon na bhfeithiclí ceadúnaithe i MBÁC
thar 910,000 feithicil nó 36.5% d’iomlán an Stáit.
> In 2008 bhí MBÁC freagrach as 38% de na gluaisteáin
phríobháideacha go léir agus 30% de na feithiclí earraí uile
sa Stát.
> In 2008 ní raibh ach 11% den Ghréasán Bóithre
Náisiúnta i MBÁC (tomhaiste de réir faid). Bhí 41% den
ghréasán náisiúnta mótarbhealaí agus débhealaí ann áfach
(tomhaiste de réir faid).
> In 2008 rinneadh níos mó ná 204 milliún turas paisinéirí
ar sheirbhísí Bhus Átha Cliath, DART, iarnróid
bhruachbhailtigh1 agus Luas.
> Is príomhthairseach an Stáit í MBÁC, trí Aerfort Bhaile
Átha Cliath, Chalafort Átha Cliath agus Chuan Dhún
Laoghaire, le haghaidh allmhairithe agus onnmhairithe chomh
maith le turasóireacht isteach agus amach.
Timpeallacht Gheilleagrach
Gineadh méaduithe arda bliantúla ar fhostaíocht, ar
thithíocht, ar úinéireacht ghluaisteán, ar úsáid iompair
phoiblí, ar astuithe agus ar mhórán táscairí geilleagracha
eile de bharr na n-ardrátaí fáis a braitheadh sa timpeallacht
gheilleagrach sa tréimhse idir thús na 1990idí agus 2007.
Mar sin féin, ó 2008 i leith chonacthas laghdú mór ar fhás
geilleagrach, atá tar éis treochtaí a bhí ann le 15 bliain anuas
a aisiompú i mórán cásanna. Bhí sé seo le feiceáil go mór
san earnáil iompair.
Mar thoradh ar seo tháinig dúshláin a bhaineann bainistiú a
dhéanamh ar gheilleagar atá i gcúlú eacnamaíoch chun cinn
in áit dúshláin a bhí ann de bharr geilleagair bhorrtha. Cé gur
tharla an t-athrú seo ar rathúnas geilleagrach an náisiúin thar
tréimhse ama gearr is léir go dtógfaidh sé roinnt mhaith ama
don gheilleagar teacht chuige féin arís. Mar sin féin, cé go
bhfuil an t-éileamh ar iompar ag laghdú i láthair na huaire,
ní mór don Údarás pleanáil do chóras iompair chomhtháite
chun tacú le geilleagar náisiúnta atá ag athshlánú.
1 Téann roinnt seirbhísí iarnróid bhruachbhailtigh níos faide ná MBÁC
11
Ciallaíonn staid reatha an airgeadais phoiblí go bhfhéadfadh
go mbeadh infheistíocht phoiblí i mbearta agus i
mbonneagar iompair srianta. Beidh sé níos tábhachtaí ná
riamh luach ar airgead a fháil. Reachtaíocht Gheilleagrach Tá an rialtas tiomanta do chaighdeán na reachtaíochta
geilleagraí laistigh den stáit a fheabhsú. Beidh an tÚdarás
Náisiúnta Iompair bainteach go gníomhach leis na
tionscnaimh go léir a thagann chun cinn de bharr Ráiteas
an Rialtais ar Reachtaíocht Gheilleagrach agus oibreoidh
sé lena fheidhm rialála a fheabhsú.
12
Ár nEagraíocht Rialachas
Is comhlacht Stáit neamhthráchtála é an tÚdarás Náisiúnta
Iompair a bunaíodh ar 1 Nollaig 2009. Léirítear struchtúr
eagraíochtúil an Údaráis in Aguisín 1.
Tá 12 comhalta ar Bhord an Údaráis, arna gceapadh ag an
Aire Iompair. Léirítear ballraíocht reatha an Bhoird in Aguisín
2.
Go ginearálta, buaileann an Bord le chéile ar bhonn míosúil.
Foilsítear miontuairiscí ó chruinnithe an Bhoird ar shuíomh
gréasáin an Údaráis Náisiúnta Iompair
www.nationaltransport.ie
Tá Coiste Iniúchóireachta bunaithe ag an mBord.
Maoiniú
Mar aon le gníomhaireachtaí Stáit neamhthráchtála eile
déantar costais riaracháin an Údaráis Náisiúnta Iompair a
mhaoiniú faoi láthair trí mheán deontas Stáit a íocann an
Roinn Iompair leis an Údarás.
Ina theannta sin, faigheann an tÚdarás deontais Stáit
suntasacha (caipitil agus reatha) ón Roinn Iompair chun
seirbhísí agus bonneagar iompair a chur ar fáil.
Beartais Rialtais
Tá ról lárnach ag an Údarás Náisiúnta Iompair maidir le cur
i bhfeidhm beartais an Rialtais. Maidir leis seo tá roinnt
príomhcháipéisí beartais de chuid an Rialtais lena
gcloíonn an tÚdarás nuair a bhíonn a chuid feidhmeanna
agus freagrachtaí á gcur i gcrích aige.
I measc na bpríomhcháipéisí beartais tá -
> An Straitéis Náisiúnta Spásúlachta 2002-2020; > Plean Forbartha Náisiúnta 2007-2013; > Ag Cur le Geilleagar Stuama na hÉireann – Creat um
Athnuachan Eacnamaíochta Inbhuanaithe; > Taisteal Níos Cliste - Todhchaí an Iompair
Inbhuanaithe; > Tosaíochtaí Infheistíochta Bonneagair 2010-2016; > Clár um Athchóiriú na Seirbhísí Poiblí; > Comhaontú Seirbhíse Poiblí 2010-2014; > Ráiteas Rialtais ar Reachtaíocht Gheilleagrach; > Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Chuimsiú Sóisialta
2007-2016; > Straitéis Staidrimh an Bhoird Náisiúnta Staidrimh
2009-2014; > Straitéis Náisiúnta um Athrú Aeráide 2007-2012; > Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Éifeachtúlacht
Fuinnimh; > Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Sholáthar Poiblí
Glas; > Straitéis Náisiúnta um Fhorbairt Inbhuanaithe; > Creatlach an Pholasaí Náisiúnta Rothaíochta.
14
Tosaíochtaí Straitéiseacha 2010-2011
Tosaíocht 1 Córas iompair chomhtháite a fhorbairt i Mórcheantar Bhaile
Átha Cliath
Príomhchuspóirí
> Forbairt ar chóras iompair phoiblí chomhtháite a chur
chun cinn ina mbíonn na seirbhísí go léir (Luas, metro,
bus agus iarnród bruachbhailteach) nasctha trí mheán
áiseanna acomhail ar ardchaighdeán, ticéadaithe
comhtháite, táillí agus faisnéise do chustaiméirí d’fhonn
gréasán comhtháite a fheidhmíonn faoi bhranda comónta
ar leith a chruthú;
> Córas iompair phoiblí inrochtana a fhorbairt a
chinntíonn go mbíonn formhór an phobail in ann teacht go
furasta ar chóras iompair phoiblí iontaofa agus a
chuireann ar chumas daoine atá faoi mhíchumas nó a
bhfuil lagú gluaiseachta orthu rochtain a fháil ar na
seirbhísí sin.
Garspriocanna i dtreo Seachadta
> Dréacht-straitéis iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha
Cliath a chur faoi bhráid an Aire Iompair le faomhadh in
2010;
> Dréachtphlean comhtháite um fhorfheidhmiú do
Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath a chur faoi bhráid an
Aire Iompair le faomhadh i gcomhréir le tréimhse ama
reachtúil;
> Tús a chur le hullmhú plean straitéiseach um
bainistíocht tráchta do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath
nuair a chuirtear an plean comhtháite fhorfheidhmiú i
gcríoch.
Tosaíocht 2 Maoirsiú a dhéanamh ar an gclár infheistíochta caipitil i
Mórcheantar Bhaile Átha Cliath
Príomhchuspóirí
> Seachadadh an mhórchláir infheistíochta caipitil i
Mórcheantar Bhaile Átha Cliath a bhainistiú i gcomhréir le
beartais Rialtais agus an Údaráis Náisiúnta Iompair;
> Tosaíochtaí a cheapadh de réir an mhaoinithe atá ar
fáil agus riachtanas Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath;
> Luach ar airgead a sheachadadh.
Garspriocanna i dtreo Seachadta > Tacar treoirlínte ardleibhéil um bainistíocht
tionscadail a fhorbairt agus a chothú a leagfaidh amach
próisis mhionsonraithe tuairiscithe agus tairsí do
ghníomhaireachtaí seachadta;
> A chinntiú go ndéantar maoirsiú ar dhul chun cinn na
bPríomhchuspóirí ar bhonn rialta.
Tosaíocht 3 Soláthar na seirbhísí iompair phoiblí chomhtháite a
dhaingniú agus tacaíocht a thabhairt dó ar fud an Stáit
Príomhchuspóirí
> Córas cothrom agus éifeachtach a bhunú do
cheadúnú na mbealaí bus tráchtála ar bhonn náisiúnta;
> Soláthar na seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí a
dhaingniú;
> É a dhéanamh níos éasca agus níos áisiúla do
dhaoine teacht ar sheirbhísí iompair phoiblí agus iad a
úsáid.
Garspriocanna i dtreo Seachadta
> Treoirlínte ceadúnaithe bus a chríochnú faoi
Dheireadh Fómhair 2010;
> Monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar gach
conradh seirbhíse poiblí maidir le seirbhísí iompair
phoiblí do phaisinéirí a sholáthar, lena n-áirítear na
seirbhísí siúd a sholáthraíonn Bus Átha Cliath, Bus
Éireann agus Iarnród Éireann;
> Tacú le cur i bhfeidhm na faisnéise fíorama do
phaisinéirí i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i
nGaillimh, i Luimneach agus i bPort Láirge ag tosú in
2011;
> Seirbhís náisiúnta idirghníomhach idirmhódúil um
pleanáil turais a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm;
> Cur i bhfeidhm rathúil an tionscadail ticéadaithe
comhtháite i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath le linn
2011.
15
Tosaíocht 4 A chinntiú go dtugtar aghaidh iomlán ar bhreithnithe iompair
mar chuid de phleanáil úsáide talún
Príomhchuspóirí
> Comhtháthú éifeachtach na pleanála iompair agus
úsáide talún a chur chun cinn.
Garspriocanna i dtreo Seachadta
> Páirt iomlán a ghlacadh sna próisis phleanála
réigiúnacha agus áitiúla nuair is cuí laistigh de
Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath d’fhonn comhtháthú
rathúil na straitéisí iompair agus úsáide talún a chinntiú;
> Páirt a ghlacadh sna próisis phleanála réigiúnacha
lasmuigh de Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.
16
Tosaíocht 5 Spreagadh a thabhairt d’úsáid mhodhanna iompair níos
inbhuanaithe
Príomhchuspóirí
> Aistriú ón ngluaisteán go modhanna iompair níos
inbhuanaithe (iompar poiblí, rothaíocht agus súil) a chur
chun cinn).
Garspriocanna i dtreo Seachadta
> Lámhleabhar Náisiúnta um Dhearadh Rothaíochta a
fhorbairt;
> Clár na nIonad Oibre um Thaisteal Níos Cliste a
bhainistiú;
> Tacú le tionscnaimh na Scoileanna Glasa;
> Suíomh gréasáin roinnte gluaisteán a fhorbairt.
Tosaíocht 6 Bunú rathúil an Údaráis Náisiúnta Iompair a chinntiú
Príomhchuspóirí
> Próiseas bunaithe an Údaráis Náisiúnta Iompair a
chur i gcrích;
> Riachtanais acmhainne an Údaráis Náisiúnta Iompair a
aithint.
Garspriocanna i dtreo Seachadta
> Feidhmeanna ceadúnaithe bus an Choimisiúin um
Rialáil Tacsaithe agus na Roinne Iompair a
chomhshamhlú isteach san Údarás Náisiúnta Iompair le
linn 2010;
> Socruithe cóiríochta oifige a réasúnú faoi dheireadh
2010;
> Éifeachtúlachtaí agus feabhsuithe riaracháin a aithint
agus a shaothrú nuair is féidir.
Tosaíocht 7 Eagraíocht ghairmiúil a fhorbairt atá in ann freastal ar
dhúshláin reatha agus dúshláin an todhchaí
Príomhchuspóirí
> Tabhairt faoinár bhfeidhmeanna de réir na gcaighdeán
seirbhíse poiblí is airde agus é mar aidhm luach ar
airgead a chinntiú;
> A bheith tiomanta do cháilíocht ardchaighdeáin a
chinntiú inár gcuid oibre agus inár gcuid cumais agus
saineolais inmheánaigh.
Garspriocanna i dtreo Seachadta
> Córais chuí a chur i bhfeidhm le cinntiú go ndéantar
bainistiú maith ar thionscadail agus go mbíonn bunús
daingean le cinntí maidir le maoiniú;
> Straitéis acmhainní daonna a fhorbairt don eagraíocht;
> Oiliúnú agus forbairt foirne a chur chun cinn.
Tosaíocht 8 Caidreamh seachtrach
Príomhchuspóirí
> Caidrimh éifeachtacha a fhorbairt le geallsealbhóirí
lena n-áirítear údaráis áitiúla agus réigiúnacha,
gníomhaireachtaí iompair, oibritheoirí bus, ionadaithe
poiblí, grúpaí ionadaíocha, úsáideoirí iompair, s.rl.
Garspriocanna i dtreo Seachadta
> Bunachar sonraí de gheallsealbhóirí a bhunú;
> Straitéis chumarsáide a fhorbairt;
> Dul i mbun comhairliúcháin phoiblí nuair atá beartais
mhóra á n-ullmhú;
> Úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin chun
tuarascálacha, miontuairiscí an Bhoird agus cáipéisí eile
a scaipeadh d’fhonn muintir an phobail a chur ar an
eolas.
17
Srianta
Staid gheilleagrach Bhí tionchar diúltach ag an gcúlú eacnamaíoch ar
infhaighteacht na n-acmhainní ar fud na hearnála poiblí.
Mar sin féin, toisc nach bhfuil an tÚdarás Náisiúnta
Iompair fada ar an bhfód agus go bhfuil sé fós i mbun a
réimse iomlán feidhmeanna a ghnóthú, tá sé níos mó
faoi mhíbhuntáiste ná formhór na n-eagraíochtaí san
earnáil phoiblí dá réir.
Beidh ar an Údarás feidhmiú le níos lú foirne agus
maoinithe ná mar a measadh ar dtús toisc srianta
reatha ar earcú san earnáil phoiblí agus ar mhaoiniú
Státchiste. Cuirfidh sé seo isteach ar chumas an
Údaráis a shainordú fadréimseach a sheachadadh sa
ghearr go meántéarma. Mar thoradh ar sin, is dóchúil
go mbeidh ar an Údarás a chuid acmhainní a dhíriú ar
fhorfheidhmiú a phríomhfheidhmeanna agus ar na
réimsí oibre eile sin ar féidir leo an luach poiblí is mó a
bhaint amach dar leis an Údarás.
Tuairisciú ar Dhul Chun Cinn
Áireoidh an tÚdarás sonraí ar an dul chun cinn atá bainte Beidh an straitéis seo mar bhonn leis na pleananna gnó
amach faoi na cuspóirí straitéiseacha ina Thuarascáil do gach rannóg laistigh den Údarás agus do phróifíl róil
Bhliantúil a chuirfear faoi bhráid an Aire Iompair. gach ball foirne. Déanfar dul chun cinn i seachadadh na
bpleananna rannóige agus pearsanta a thomhas ag
deireadh gach bhliain.
17
19
AGUISÍNÍ
20
Aguisín 1: Struchtúr Eagraíochtúil2
2 Ó Nollaig 2010.
21
Aguisín 2: Comhaltaí Boird
Tá 12 comhalta ar Bhord an Údaráis Náisiúnta Iompair 1. An tUas. John Fitzgerald (Cathaoirleach), lena n-áirítear cathaoirleach, 8 ngnáthchomhalta agus 3 ceaptha um Nollaig 2009; chomhalta de bhrí oifige, iad go léir ceaptha ag an Aire Iompair. Is iad seo a leanas comhaltaí an Bhoird 2. An tUas. Gerry Murphy (Príomhfheidhmeannach) ceaptha (úsáidtear cló iodálach le comhaltaí de bhrí oifige a léiriú): um Nollaig 2009;
3. Linda Saunders Uasal, ceaptha um Nollaig 2009;
4. An Dr. Berna Grist, ceaptha um Nollaig 2009;
5. An tUas. Frank King, ceaptha um Nollaig 2009;
6. An tUas. John Tierney (Bainisteoir Cathrach Bhaile Átha
Cliath), ceaptha um Nollaig 2009;
7. An tUas. Damian Usher, ceaptha um Nollaig 2009;
8. Valerie O'Reilly Uasal, ceaptha i Márta 2010;
9. Margaret O'Shaughnessy Uasal, ceaptha i Márta 2010;
10. An tUas. Jim Deegan, ceaptha i Meitheamh 2010;
11. Folúntas do ghnáthchomhalta;
12. Is é Hugh Creegan an Comhalta Boird is déanaí, faofa
um Nollaig 2010
Coiste Iniúchóireachta Is iad atá ar Choiste Iniúchóireachta an Bhoird ná:
An tUas. John Tierney (Cathaoirleach)
Linda Saunders Uasal
An tUas. Damian Usher
22
Pasanna 3 go 6 de réir Treoirlínte PPP (Gafa go
seicheamhach)
National Transport Authority
Dún Scéine, Cúirt Uíbh Eachach, Harcourt Lane, Dublin 2.
Údarás Náisiúnta Iompair
Dún Scéine, Cúirt Uíbh Eachach, Lána Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Teil: +353 1 879 8300
Facs: +353 1 879 8333 rphost: [email protected] gréasán: www.nationaltransport.ie