32
SCILEANNA SÁBHÁILTEACHTA PEARSANTA DO RANG A CÚIG AGUS RANG A SÉ An Clár Bí Sábháilte

S PEARSANTA DO RANG A CÚIG AGUS RANG A SÉ 5 6.pdf · 2013-03-06 · bhaile, sa scoil agus sa seomra ranga. Roinnt moltaí chun féin-mheas leanaí a fhorbairt. Níl sna gníomhaíochtaí

  • Upload
    others

  • View
    2

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

SCILEANNA SÁBHÁILTEACHTA PEARSANTA DO

RANG A CÚIG AGUS RANG A SÉ

An Clár Bí Sábháilte

SCILEANNA SÁBHÁILTEACHTA PEARSANTA DO

RANG A CÚIG AGUS RANG A SÉ

AN CLÁR BÍ SÁBHÁILTE

Cúrsa Ceachtanna do Rang a Cúig agus Rang a Sé

An Clár Bí Sábháilte

Scileanna Sábháilteachta Pearsanta do Leanaí i Rang a cúig agus Rang a sé

le Rose Cullen, Maria Lawlor agus Deirdre MacIntyre

Europus a d’aistrigh

Glactar buíochas le gach múinteoir, tuismitheoir agus leanbh a ghlac páirt i ndréachtú na gceachtanna seo

© Clár Coiscthe Drochíde ar Pháistí (1998)

Brollach Leathanach 1

Réamhobair Leathanach 2

Múineadh An Chláir Bí Sábháilte Leathanach 4

Mothú na Sábháilteachta agus na Contúirte Leathanach 6

Bulaíocht Leathanach 9

Teagmháil Coirp Leathanach 15

Scéalta Rúin / Ag Déanamh Scéala Leathanach 19

Strainséirí Leathanach 22

Seiceáil na Foghlama Leathanach 26

Amhráin Leathanach 27

Bileoga Oibre Leathanach 28

CLÁR

d

Tá an clár Bí Sábhailte do Leanaí i Rang a Cúigagus Rang a Sé leagtha amach chun scileannasábháilteachta pearsanta a mhúineadh do leanaí igcomhthéacs an neamhspleáchais a bheith áfhorbairt acu. Is ar chur chuige a bhaineann lefadhbanna a réiteach atá an bhéim ag an leibhéalseo. Spreagtar leanaí chun machnamh adhéanamh ar réimse ócáidí ‘neamhshábháilte’,cabhraítear leo na saincheisteanna iontu a aithintagus a theacht ar na réitigh is oiriúnaí.

Sa chlár cuirtear i gcuimhne do leanaí, cé go bhfuilsiad níos sine agus níos neamhspleáí, gur féidir leofós cabhair dhaoine fásta a lorg faoi aon rud abheadh ag cur isteach orthu. Treisítear leis anteachtaireacht go dtugann formhór na ndaoinefásta aird ar mhothúcháin leanaí.

Is féidir le leanaí atá níos sine tuiscint a bheith acuar na torthaí goilliúnacha a bhainfeadh le hinsint.Is beag seans go n-inseoidh siad mura gceapfaidhsiad go bhfaighidh siad freagra a bheadh dearfach.

Pléitear constaicí a bhaineann le hinsint m.sh.ciontacht, eagla agus dílseacht agus cuirtearroghanna i láthair i gcomhthéacs roghannasábháilte. Tá insint agus bulaíocht idir leanaí archomhaois an-choitianta agus pléitear iad ag anleibhéal seo. Cuirtear béim ar an bhfreagracht atáar leanaí maidir le meas a bheith acu armhothúcháin dhaoine eile.

Ba cheart go múinfí an Clár Bí Sábháilte igcomhthéacs Oideachais sláinte, phearsanta agusshóisialta. Tá an clár bunaithe ar na buneilimintíseo a leanas (a bhfuil gach ceann acu ina chuidlárnach de churaclam OSPS).

1. Féin-mheas leanaí a chothú.

2. Féin-mhuinín leanaí a chruthú.

3. Cabhrú le leanaí a bheith teanntásach.

4. Cabhrú le leanaí a gcuid mothúchán a aithintagus a chur in iúl.

1

BROLLACH

I gcomhthéacs leathan an Oideachais sláinte,phearsanta agus shóisialta, moltar an réamhobair /obair chomhthreomhar seo a leanas. Tá roinnt denobair seo mar chuid de churaclam an OSPS agus níbhaineann sé leis an gClár Bí Sábháilte amháin.

MothúcháinIs modúl tábhachtach i gcuracalam an SPHE cabhrúle leanaí réimse mothúchán a aithint, a phlé agus ainiúchadh. Beidh leanaí a bhfuil an cumas sin acuréidh go maith don chlár Bí Sábháilte. Is gá deis athabhairt do leanaí i rang a cúig agus i rang a sémachnamh a dhéanamh ar conas a chuirfidísmothúcháin ar nós áthas, fearg, brón, srl. in iúl. Tágá leis go mbeadh cleachtadh acu ar a gcuidmothúchán a chur in iúl ar shlí atá inghlactha gosóisialta.

Féin-mheasTá sé tábhachtach, chun a chinntiú go gcuirtear anclár i láthair i gceart, go dtapaíonn múinteoirí,tuismitheoirí agus daoine fásta eile a mbíonntábhacht leo i saol an linbh gach deis chun féin-mheas agus féin-mhuinín an linbh a fhorbairt. Bachóir, ó cheart, go ndéanfaí na gníomhaíochtaí ashníomh isteach síos tríd an gcuraclam. Tá sétábhachtach gurb iad na straitéisí céanna ad’úsáidfí sa scoil agus sa bhaile.

Is é an teaghlach an timpeallacht fhoghlama istábhachtaí fós ó thaobh an linbh. De réir taighde arinne Coopersmith (I.N.T.O., 1995) leagadh béim arthrí bhunchoinníoll atá lárnach d’ardmhothú féin-mheasa a fhorbairt i dtimpeallacht an bhaile:

- Grá agus cion neamhchoinníollach.

- Teorainneacha soiléire a bheith i bhfeidhm goseasta.

- Go leor measa ar na leanaí a bheith le tabhairtfaoi deara.

Bíonn an bhunchloch ar a dtógann leanaí a gcuidféin-mheasa leagtha amach sula dtagann siad arscoil. D’fhéadfadh, áfach, go mbeadh tionchar an-mhór ag taithí an linbh ar scoil ar a c(h)uid féin-mheasa. “Baineann trí choinníoll le cruthú ethosagus atmaisféir a chuidíonn leis an gcineálfoghlama tarlú ar foghlaim í a mhéadaíonn anfhéinmheas. Is iad na coinníollacha sin bá,glacadh agus fírinneacht” (INTO 1995)

Tá ardmhothú féin-mheasa riachtanach doshástacht agus do shonas pearsanta an linbh. Tá sétábhachtach mar sin go dtugann an scoil agus anbaile ceann ar aghaidh faoi chur chun cinnfhorbairt chomhleanúnach mhothú ceart féin-

mheasa sna leanaí. Tá aire, sábháilteacht agus gráde dhíth ar gach leanbh. Teastaíonn uathu athuiscint chomh maith go bhfuil meas orthu sabhaile, sa scoil agus sa seomra ranga.

Roinnt moltaí chun féin-mheas leanaí afhorbairt.Níl sna gníomhaíochtaí seo a leanas ach moltaí.Tharlódh gur ghá don mhúinteoir athruithe adhéanamh ag brath ar aois agus ar chumas naleanaí.

• Lig do na leanaí ról a ghlacadh i socruithe adhéanamh nuair a bhíonn sin oiriúnach.Caithfidh na leanaí a fheiceáil go ndéantar deréir mar a mholann siadsan.

• Déan iad a mholadh agus múin do na leanaíconas glacadh le moladh go grástúil.

• Bíodh ‘Am Éisteachta’ ann. Glacann anmúinteoir le ról an ‘éisteora’.

• Tabhair freagracht éigin do gach leanbh sarang más féidir. Athraigh thart na freagrachtaígo rialta. Is féidir le tuismitheoirí na leanaí aspreagadh chun tascanna a dhéanamh dóibhféin agus dá ndeartháracha agus dándeirfiúracha óga.

• Cuir béim ar bhuanna na leanaí: abair godíreach cé na cinn iad féin.

• Is féidir le tuismitheoirí agus múinteoirí cabhrúle leanaí labhairt faoi conas a chuireann siad abhféiniúlacht in iúl - caithimh aimsire,spéiseanna agus tuairimí

• Déan tascanna a leagadh amach ag leibhéalatá inshroichte ag na leanaí.

• Coimeád féilire den mhéid atá bainte amachm.sh., chríochnaigh na leanaí tasc grúpa, rinnesiad tionscnamh leo féin, d’eagraigh siadgníomhaíocht ranga.

Ar deireadh agus sinn ag iarraidh féin-mheas leanaía fhorbairt, nochtann an tslí a labhraimid leomórán i dtaobh an mheasa atá againn orthu.

- Maith an buachaill/cailín, bhí do dhán an-mhaith. Is breá liom an cur síos atá agat arconas a mhothaigh an duine a d’fhulainggorta. Cad a thaitníonn leat féin faoi?

- Is fearr liom é nuair nach mbíonn tú ag béicílmar sin.

- B’fhéidir go gcuimhneofá ar an scríbhneoireachta dhéanamh níos mó an chéad uair eile.

- Má bhíonn cabhair uait abair liom é.

2

RÉAMHOBAIR / OBAIR CHOMHTHREOMHAR

- Bhí a fhios agam go mbeifeá ábalta é adhéanamh.

Rinneadh cúram ar leith an bhéim a chur ar antaobh dearfach sna samplaí seo go léir. Is beagcabhair d’fhéin-mheas an linbh é a rá leis gombíonn a c(h)uid scríbhneoireachta i gcónaí ró-bheag agus is lú leasa fós é a rá leis go gcuireann séfearg ort nuair a bhíonn sé ag béicíl. Tá “Mábhíonn cabhair uait abair liom é,” níos inghlacthaná “Cabhróidh mé leat murar féidir leat é adhéanamh,” mar fágann sé roinnt smachta ag anleanbh. Is léir go n-oibríonn “Bhí a fhios agam gombeifeá ábalta é a dhéanamh,” níos fearr ná“Bhuel, tá sé déanta agat ar deireadh thiar thall.”

TeanntásIs é is brí le teanntás ná a bheith in ann seasamh arson do chearta gan a bheith bagrach. “Táféinmheas agus teanntás fite fuaite ina chéile, iséard ar bhealach atá i dteanntás ná léiriú arfhéinmheas ard” (INTO 1995).

Tugann na ceachtanna Bí Sábháilte cead do leanaí‘níl’ a rá ag amanna áirithe. Sa tslí sin is féidir leocabhrú le teanntás leanaí a fhorbairt. Tácomhoibriú agus comhcheangal idir tuismitheoiríagus múinteoirí riachtanach.

Roinnt moltaí chun teanntás leanaí afhorbairt.• Déan na leanaí a spreagadh chun díriú isteach

ar na rudaí is féidir leo a dhéanamh. Marshampla, cad iad na socruithe is féidir leo adhéanamh dóibh féin.

• Cabhraigh le leanaí staidiúir mhaith agusiompar coirp teanntásach a fhorbairt tríchorpoideachas agus ranganna drámaíochta.

• Cuir i gcuimhne do na leanaí gur féidir leodiúltú do theagmháil coirp nach dtaitníonn leo.Baint úsáid as “Abair go” chun cleachtadh athabhairt do leanaí ar a bheith teanntásach ledaoine fásta nó le leanaí eile ar chomhaois leoféin a leagann lámh orthu ar shlí nachdtaitníonn leo.

• Tabhair seans do leanaí diúltú do bhulaíocht.

• Múin do na leanaí cad is ceart a dhéanamh igcásanna éigeandála éagsúla. Cad a dhéanfádá mbuailfí breoite do Mhameo/Dhaideo agusgan aon duine eile a bheith sa teach? Cad adhéanfá dá mbeadh do chara i gcruachás salinn snámha? Cad a dhéanfá dá dtitfeadh dodheirfiúr dá rothar agus go mbeadh glúin léiag cur fola go dona?

• Múin do na leanaí conas treoracha a lorg agusa thabhairt.

• Múin do na leanaí an tábhacht a bhaineannleis na hamanna ar chóir cabhair a lorg aaithint agus conas é a dhéanamh.

De réir mar a fhásann leanaí tuigeann siad an gá abhíonn le spás agus príobháideachas an duine.Déan plé leis na leanaí ar an ngá a bhíonn acu leham agus spás chun a gcuid caitheamh aimsire achleachtadh agus ar an ngá a bhíonn acu le háit gombeidís leo féin agus nach mbeadh aon duine agcur isteach orthu ann. Cuir ina luí orthu go mbachóir meas a bheith againn ar chearta dhaoine eilechun príobháideachais agus spás coirp.

Scileanna Sábháilteachta EileRoimh thosú ar scileanna sábháilteachta pearsantaa chur ós comhair leanaí tá sé rí-thábhachtach gombeadh scileanna sábháilteachta foghlamtha acu igcúrsaí eile ar nós shábháilteacht bóthair,sábháilteacht uisce, rialacha i dtaobh charrthaistil,bhusthaistil nó rothaíochta. Tá an tábhachtchéanna ag baint le sábháilteacht leighis a bheithfoghlamtha acu.

Forbairt Ghluaise agus TeangaChun cur le héifeacht an chláir Bí Sábháilte is fearrgo mbeadh cur amach ag leanaí ar ghluais nagceachtanna roimh thosú orthu.

3

RÉAMHOBAIR / OBAIR CHOMHTHREOMHAR

Soláthraíonn an clár Bí Sábháilte cur chuigecuimsitheach lánpháirtiúil atá céimnithe de réirforbartha chun scileanna sábháilteachta pearsantaa mhúineadh do leanaí. Clúdaíonn an tasc seotraenáil agus comhoibriú tuismitheoirí, múinteoiríagus an pobal i gcoitinne i dtaobh chosaint leanaíagus ansmacht orthu a chosc.

Tá cúrsaí na gceachtanna curtha in oiriúint de réirforbartha. Úsáidtear cur chuige ilmheán chun curle sealbhú foghlama agus coincheapanna. Tugtarna coincheapanna isteach de réir a chéile. Tóganngach ceacht nua go nádúrtha ar an gceacht achuaigh roimpi. Tá cuid mhór de chlár Bí Sábháiltebunaithe ar phróiseas agus ar bhunú phatrúiniompair mar atá i réimsí eile de churaclam an OSPS.Dá bhrí sin, cuireann an próiseas múinteoireachtabéim ar fhoghlaim ghníomhach agus arrólghlacadh. Ní leor go gcuimhneodh na leanaí arna scileanna sábháilteachta pearsanta afhoghlaimeoidh siad, beidh orthu na scileanna afheidhmiú ó lá go lá chomh maith.

Tá an bhéim síos trí chlár na ceachta ar an taobhdearfach. Tugann sé seo bunús slán chun déileáil lesuíomhanna a chuirfeadh isteach ar shábháilteachtleanaí. Bíonn mórán múinteoirí ag súil le leibhéaláirithe náire nó ‘baois’ nuair a thosaíonn siad arphlé a dhéanamh ar theagmháil neamhoiriúnach.Is féidir déileáil leis seo trína bheith réidh don náirea thagann ag an tús ar an bpáiste agus míniú gurrud nádúrtha í an náire sin.

Toisc gurb é bunteachtaireacht an chláir BíSábháilte gur féidir agus gur chóir do leanaí aonfhadhb a bhíonn acu a insint do dhuine fásta, isféidir leanbh a spreagadh chun a rún a ligint leis anmúinteoir. Ba chóir go mbeadh cur amach agmúinteoirí ar threoracha na Roinne Oideachais idtaobh conas is ceart déileáil le drochamhras faoimhí-úsáid leanaí nó a leithéid a nochtadh.

Bunrialacha a leagadh amachRoimh thosú ar cheachtanna Bí Sábháilte amhúineadh, ba chabhair do mhúinteoirí am achaitheamh ar roinnt bunrialacha a leagadhamach do chur i bhfeidhm an chláir. I measc narialacha d’fhéadfadh a leithéid seo a bheith ann:seans a thabhairt do gach duine labhairt; gan ceadcur isteach agus daoine eile ag caint; meas a bheithag leanaí ar a chéile agus ar na daoine fásta igceannas; rúndacht; tacaíocht a thabhairt dá chéile;cothrom na féinne.

RólghlacadhIs cuid bhunúsach den chlár ceachtanna

rólglacaidh. Ba cheart seans a bheith ag leanaí nacoincheapanna a chur i bhfeidhm. Tá sétábhachtach, dá bhrí sin, oiread is féidir leanaí abheith páirteach sna ceachtanna seo. Is féidir leDráma /Corpoideachas deiseanna a chruthú dothuilleadh cleachtadh ar na scileanna seo.

Tabhair seans do na leanaí ról a ghlacadh. Agdeireadh an cheachta déan deimhin de go mbeidhseans acu an ról a fhágáil ina ndiaidh agus teachtar ais chucu féin arís. Chun cabhrú le leanaí an róla fhágáil, b’fhéidir gur mhaith le múinteoirí ligintdo na leanaí scairf, crios muinchille nó bandaláimhe a chaitheamh mar chomhartha go bhfuilsiad ag glacadh rólanna. Nuair a bheidh anrólghlacadh thart bainfear an comhartha áirithe sinagus beidh siad ar ais chucu féin arís. Ag deireadhceachtanna rólghlacaidh tabhair seans do leanaímachnamh a dhéanamh ar an bpróiseas agus cialla bhaint as.

Tabhair faoi deara: Ba chabhair iad na ceachtannarólghlacaidh ar an bhfístéip Bí Sábháilte chun tosú arrólghlacadh a dhéanamh.

Ciorcal CainteB’fhéidir gur mhaith le múinteoirí Ciorcal Cainte adhéanamh leis na leanaí, ó am go ham i rith chur ibhfeidhm an chláir. Is féidir le Ciorcal Cainte féin-mheas na leanaí a fheabhsú agus comhoibriú níosfearr a chruthú sa scoil má dhéantar go rialta é.

Modh: Suíonn na leanaí i gciorcal. Déanann gachleanbh a ainm a rá mar aon le pointe amháindearfach mar gheall air féin. Críochnófar ancluiche nuair a bheidh seans faighte ag gachleanbh. D’fhéadfaí téama difriúil a úsáid gach uair,m.sh. Is/Ní maith liom…; Táim go maith ag…;Cabhraím le…

Tharlódh go mbraithfeadh múinteoirí áirithemíchompordach i dtaobh Chiorcal Cainte adhéanamh. Is chun tairbhe é, áfach, a bheith suitei gciorcal, fiú agus ábhair Bí Sábháilte á bplé.Cruthaíonn ciorcal mothuchán na haontachta agusan chomhionannais. Dhéanfadh sé rólghlacadhníos éasca agus chuirfeadh sé fonn ar leanaí páirt aghlacadh ann.

Úsáid Scéalta agus DántaÚsáidtear scéalta agus dánta trí cheachtanna BíSábháilte chun na leanaí a thabhairt isteach ar nahábhair éagsúla. Is féidir leis na leanaí dlúthbhainta fheiceáil idir iad féin, na carachtair agus an méida tharlaíonn dóibh gan a bheith ró-sháite sa scéal.

Tabhair faoi deara: Tharlódh go mba ghá don

4

MÚINEADH AN CHLÁIR BÍ SÁBHÁILTE

mhúinteoir na chéad ainmneacha a úsáidtear snascéalta agus sna dánta a athrú d’fhonn náire nó mí-chompord a sheachaint ar leanaí sa rang a bhfuilna hainmneacha sin orthu.

Obair EalaíneLíníocht, collage agus péinteáil na príomh-ghníomhaíochtaí a úsáidtear sa chlár. Bíonn ObairEalaíne an-bhainteach le hábhar nuair is ag obairle leanaí a mbíonn deacrachtaí litearthachta acu abhíonn an múinteoir.

Plé RangaIs modheolaíocht thábhachtach í seo a úsáidtear sachlár. Is cóir go ndéanfadh an múinteoir deimhinde go mbeadh gach gné bainteach leis an ábhar abheidh á phlé ag leibhéal a bheidh oiriúnach d’aoisagus céim fhorbartha na ndaltaí.

Cluichí agus Obair GhrúpaBaintear úsáid as na gníomhaíochtaí seo chuncomhoibriú agus meas ar a chéile a fhorbairt snaleanaí, agus chun cabhrú leo oibriú mar chuidd’fhoireann chun comhsprioc a bhaint amach.

Aiseolas na Múinteoirí faoin gClárThuairisc múinteoirí gur chuir an clár go mór leisan gcaidreamh eatarthu féin agus a gcuid daltaí.Thosaigh leanaí ag féachaint ar mhúinteoirí mardhaoine a bhféadfaidís rún a ligint leo agus bhraithna múinteoirí, san am céanna, go raibh siad níoseolasaí ar chomharthaí guaise leanaí. Nochtaighna ceachtanna ábhair nach mbeadh pléite sa rangroimhe seo agus thug siad seans do leanaí a gcuidneamhchinnteachtaí, dabht agus eagla a chur iniúl. Dúirt mórán tuismitheoirí an rud céanna.

Measúnú“Seiceáil na Foghlama ” a thugtar ar an gcuiddheireanach de cheachtanna Bí Sábháilte. Tá sé rí-thábhachtach go roghnófaí gníomhaíochtaí cuí óngcuid seo den chlár chun dul siar agus measúnú adhéanamh go córasúil. Tugann rólghlacadh ar nascileanna sábháilteachta léargas maith ar a bhfuilfoghlamtha ag na leanaí. Treisíonn cleachtadh anfhoghlaim seo. Trí shúil a choimeád ar na leanaí saseomra ranga, ag am sosa, i rith cluichí agus i rithturasanna scoile bainfidh an múinteoir eolastábhachtach amach i dtaobh na foghlama abhíonn déanta ag na páistí ar na scileannasábháilte. Tabharfaidh sé seo deis don mhúinteoirgníomhaíochtaí a leagadh amach ag dul siar ar nahábhair a bhfuil fadhb ag na leanaí leo. Is féidirtéamaí ón gclár Bí Sábháilte a shníomh isteach ingníomhaíochtaí eile ar nós ealaín, drámaíocht,oideachas creidimh nó codanna eile de churaclaman OSPS a bheadh bainteach le hábhar. Táathdhéanamh seasmhach agus pleanáilte ar nahábhair riachtanach i gcomhair teagaisc.

5

MÚINEADH AN

CHLÁIR BÍ SÁBHÁILTE

6

CEACHT 1MOTHÚ NA SÁBHÁILTEACHTA AGUS NA NEAMHSHÁBHÁILTEACHTA

Roghanna Sábháilteachta a dhéanaim:

Fad Múinteoireachta (meastachán) - Aon cheachtamháin 40 nóiméad

Spreagtar leanaí chun a gcuid mothúchán a aithintagus a chur in iúl i gceart. Múintear dóibh gogcabhraíonn ár gcuid mothúchán linn chun tuiscintníos fearr a fháil orainn féin agus gur féidir leo agcuid mothúchán a roinnt le daoine eile.

Déanann na leanaí plé ansin ar na hócáidísábháilte agus neamhshábhailte éagsúla. Cuireannna samplaí san áireamh go bhfuil siad ag éirí níosneamhspleáí. Tá sé tábhachtach gobhfoghlaimíonn siad conas roghanna sábháilte adhéanamh sna hócáidí éagsúla ina mbeidh siad.

Iarr ar na leanaí aontú ar roinnt bunrialacha roimhthosú ar an gclár (féach lch. 4).

Mothú na sábháilteachta Má tá an clár Bí Sábháilte múinte do na leanaícheana féin faigh amach cé mhéid eolais atá fósacu. Mínigh go gcaithfidh siad déanamh dóibh féinanois toisc go bhfuil siad níos sine agus go mbeidhorthu níos mó a fhoghlaim faoi shábháilteachtphearsanta. Mura bhfuil an clár Bí Sábháiltedéanta ag an rang roimhe seo lean ar aghaidh;seasann gach ceacht aisti féin.

Téigh siar ar obair atá déanta roimhe seo armhothúcháin in áiteanna eile ar an gcuraclam.Spreag na leanaí chun labhairt faoin réimsemothúchán a d’fhéadfadh a bheith againn,mothúcháin láidre san áireamh m.sh., scleondar,cumha, fearg agus éad. Slí mhaith chun an t-ábharseo a chíoradh is ea plé a dhéanamh ar na clárachateilifíse, na scannáin, na scéalta agus na dánta isfearr leo.

Cuir béim ar an tábhacht a bhaineann lenármothúcháin a chur in iúl i gceart agus cuir igcuimhne do na leanaí nach féidir le cairde nó letuismitheoirí nó le múinteoirí a fhios a bheith acucad atá ina n-intinn ag na leanaí.

Abair gur tháinig tú isteach sa teach de ruathar,

chaith tú do mhála ar an urlár, rith tú suas anstaighre agus phlab tú doras do sheomra. Anmbeadh fios fátha d’fhaidhbe ag do Mham nó agdo Dhaid? An mbeadh a fhios acu conas ad’fhéadfaidís cabhrú leat?

Iarr ar na leanaí slite níos fearr chun a gcuidmothúchán a chur in iúl a mholadh a chinnteodhgo réiteofaí an fhadhb a bheadh i gceist.

Sa chlár Bí Sábháilte foghlaimeoimid faoi straitéisísábháilteachta agus pléimid conas “Stop/Nídhéanfaidh mé” a rá agus conas cabhair a lorg arócáidí achrannacha . Tá na rialacha a bhaineannle sábháilteacht uisce agus bóithre ann chun treoira chur ar fáil dúinn agus chun sinn féin achoinneáil sábháilte. Sa chlár seo foghlaimeoidh túconas roghanna sábháilte a dhéanamh faoi doshábháilteacht phearsanta féin.

An féidir leat cuimhneamh ar áiteanna adtaitníonn leat a bheith iontu toisc go mothaíonn túsábháilte iontu? An féidir leat roinnt áiteanna inabhfuil sé sábháilte súgradh a ainmniú? Déan cursíos ar roinnt roghanna sábháilte a rinne tú agus túag spraoi. An féidir leat roinnt daoine a ainmniú amothaíonn tú sábháilte leo?

Mothú na Neamhshábháilteachta Fiafraigh de na leanaí an raibh ócáidí ann nárbhraith siad sábháilte. I measc na samplaí bheadh:ag teacht abhaile ó theach cara nuair a bhí andorchadas ag titim, strainséir ag lorg treoracha ortagus tú i d’aonar, a bheith sa bhaile leat féin id’aonar, ag súgradh taobh le bóthar gnóthach. Éistgo cúramach le samplaí na leanaí féin agus cuir ara suaimhneas iad i dtaobh aon ábhar imní abhíonn orthu.

Má mhothaímid neamhshábháilte, is féidir linn rudéigin a dhéanamh faoi. Is féidir leat rud éigin adhéanamh chun go mothóimis slán sábháilte arís.Pléimis anois cad ab fhéidir linn a dhéanamh ar nahócáidí seo a leanas:

(a) Chaill tú an bus abhaile ón scoil.

(b) Teastaíonn ó do chairde dul ag súgradh in aicena habhann/an bhóthair iarainn ach tá a fhiosagatsa go bhfuil sé ró-chontúirteach.

(c) Tá tú scartha ó do chairde in ionadsiopadóireachta mór.

(d) Tá tú ag siúl abhaile ó chluiche le do dheirfiúróg nuair a stopann gluaisteán in aice libh aguslorgaíonn bean treoracha ort.

(e) Cailleann tú radharc ar do mhúinteoir agus ardo chairde agus tú ar thuras scoile.

CUSPÓIRÍDeis a thabhairt do na leanaí na hamanna abhraith siad sábháilte agus neamhshábháilte aphlé.

Deis a thabhairt do na leanaí roghannaréadúla sábháilte a phlé agus cinn afhoghlaim a bhainfeadh le hócáidí nach bhfuilsábháilte.

7

CEACHT 1MOTHÚ NA SÁBHÁILTEACHTA AGUS NA NEAMHSHÁBHÁILTEACHTA

(f) Tá tú ag siúl abhaile ón siopa áitiúil nuair athosaíonn strainséir do do leanúint.

(g) Buaileann an guthán agus tú sa bhaile id’aonar agus cuireann guth nach n-aithníonntú ceist ort an bhféadfadh sé/sí labhairt led’athair nó le do mháthair.

(h) Téann tú amú agus tú ar saoire i dtír iasachta.

(i) Téann do mháthair ar an mbus/traein agusimíonn an bus de d’uireasa.

(j) Tá tú sa bhaile leat féin agus buailtear cloigínan dorais. Tá bean lasmuigh. Deir sí leat gobhfuil teipthe ar a gluaisteán agus godteastaíonn uaithi an teileafón a úsáid.

Bain amach oiread is féidir freagraí agus cabhraighleis na leanaí teacht ar réitigh atá sábháilte agusagus a bhfuil ciall leo. Is é aidhm an cheachta amhúineadh do leanaí a bheith san airdeall seachascur lena gcuid imní. Pléigh agus cuir san áireamhaon rialacha a bheadh acu ó bhaile. Ba cheartleanaí a spreagadh chun labhairt le duine fásta aonuair a mhothaíonn siad neamhshábháilte.

Gníomhaíochtaí Leanúna - Ceacht 1• Pléann na leanaí na réitigh shábháilte a

bhaineann le (a) go (j) thuas agus ansincruthaíonn siad gearrdhrámaí bunaithe orthu.

• Scríobh scéal nó dán faoi uair a raibh fíor -eagla ort.

Obair Bhaile: Féach ar na bileoga oibre cuí igcomhair an cheachta seo.

8

CEACHT 1MOTHÚ NA SÁBHÁILTEACHTA AGUS NA NEAMHSHÁBHÁILTEACHTA

Roghanna Sábháilteachta a dhéanaim:

9

CEACHT 2BULAÍOCHT

Scríobh scéal/dán gairid faoi bhulaíocht agustarraing pictiúr chun é a léiriú.

Fad Múinteoireachta (meastachán) - aon cheachtamháin 40 nóiméad

Is féidir le leanaí i rang a cúig agus i rang a sé abheith ag fulaingt agus ina mbulaithe freisin. Isféidir leis na patrúin iompair seo leanúint araghaidh go dtí an iarbhunscoil. Tá sé tábhachtachag an aois seo go dtugtar deis do leanaí nacastachtaí a bhaineann le bulaíocht a phlé. Sanaonad seo déantar an fhadhb a chíoradh go mion.Tugtar an deis do na leanaí na scileannasábháilteachta éagsúla a fhorbairt chun go mbeidhsiad in ann déileáil le bulaíocht.

Moltaí chun iompar bulaíochta a laghdú.

• Déan polasaí úrnua scoile a leagan amach agusa chur i bhfeidhm chun dul i ngleic leis anbhfadhb.

• Faigh comhoibriú na dtuismitheoirí.

• Bunaigh struchtúr tacaíochta d’aon leanbh atáfaoi leatrom.

• Bíodh Ciorcal Cainte agaibh chun comhoibriúníos fearr a chothú.

• Má bhíonn leanbh ag déanamh bulaíochta iarrair/uirthi nó ar a t(h)uismitheoirí a admháil gobhfuil a leithéid ar siúl. Cabhróidh sé seoleis/léi dul i ngleic leis an bhfadhb.

CairdeasCén chaoi a ndéanfá cur síos ar chara? An bhfuilcairde riachtanach? Cén fáth? Cad iad na tréithe alorgaímid i gcairde? An ndéanaimid cairde i nganfhios dúinn féin? An bhfuil sé éasca cara adhéanamh? Cad a chabhródh le cairdeas a neartú?Cad a loitfeadh cairdeas? Cad iad na rudaí athaispeánann gur cara maith tú? Conas a mbíonna fhios agat gur cara leat duine éigin? An bhfuil séceart go leor cairde a athrú?

Cuir na leanaí ar a suaimhneas faoi chairde adhéanamh agus a athrú - is gnáthchuid den saol é.Cuir béim ar an tábhacht a bhaineann le cabhair athabhairt do dhaoine eile agus meas a bheithagainn orthu.

Cad is brí le Bulaíocht?Uaireanta éiríonn idir cairde agus tosaíonn daoineag bulaíocht nó imrítear bulaíocht orthu. Is féidirleis seo an-eagla a chur orainn agus caithfimid goléir a chinntiú nach dtarlóidh a leithéid sin.

Bain úsáid as ceann de na scéalta seo a leanas chuntosú ar ábhar na bulaíochta.

Scéal 1Bhí loicéad nua faighte ag mo dheirfiúr Robyn lehaghaidh a breithlae. “A Robyn, a Robyn, éirigh,tá sé in am scoile,” a bhéic mé. (Is mise a deirfiúrRenée, táim 9 mbliana d’aois.) Bhí sí déanach.Nuair a bhí sí imithe fuair mé a leabharmatamaitice ina seomra agus rith mé amach inadiaidh chun é a thabhairt di. Agus mé ag druidinsuas le huimhir a seacht ar an tsráid s’againnechonaic mé suite ar an mballa í.

Tháinig Debbie, Jane, Jodie agus Chloe an bótharaníos. Stop mé agus chuaigh mé i bhfolach ar chúlan bhalla. “An bhfuil sé agat?” a dúirt siad. “Tá,”a d’fhreagair Robyn. “Cá bhfuil sé?” a dúirt siadagus iad á croitheadh. “Seo dhaoibh, seo dhaoibh,tógaigí é agus imigí uaim!” a dúirt sí. Ba dheacairliom é a chreidiúint. Bhí sí ag tabhairt a loicéidnua dóibh. D’imigh siad agus shuigh Robyn ansinag gol.

Bulaíocht á himirt ar mo dheirfiúr mór! “A Robyn,”a dúirt-sa. “Ná hinis do Mham ná do Dhaid faoi”,a dúirt sí. “N-n-n-í inseoidh mé, ach cén fáth abhfuil siad ag déanamh bulaíochta ort?” ad’fhiafraigh mé di. “Níl a fhios agam. Caithfidhmé dul ar scoil nó beidh mé déanach,” a d’fhreagairsí. Cad a dhéanfaidh mé anois, a d’fhiafraigh médíom féin. Táim tar éis a rá léi nach n-inseoidh mé,ach…. Lá arna mhárach tháinig Robyn abhaileagus bhí marc gorm ar a haghaidh. Dúirt sí leMam gur leagadh í i gclós na scoile. Chuaigh mésuas chun a seomra agus bhuail mé ar an doras.“Tar isteach!” a ghlaoigh sí. “A Robyn, inis domcad a tharla duit i ndáiríre?” a d’fhiafraigh mé di.“Bhuail siad mé, mar ní thabharfainn mo chuidairgid lóin dóibh,” a dúirt sí. “Táim ag ceapadhgurbh fhearr dom an scéal a insint do Mham agus

CUSPÓIRÍA mhúineadh do leanaí meas a bheith acu archairdeas.

Straitéisí sábháilteachta a thabhairt do naleanaí chun déileáil le bulaíocht.

A mhúineadh do na leanaí nach nglactar lebheith ag déanamh bulaíochta ar dhaoine eile.

10

CEACHT 2BULAÍOCHT

do Dhaid,” a dúirt mé. “Má dhéanann tú é sinmaróidh mé tú!” a bhéic sí. “Maith go leor, Maithgo leor,” a d’fhreagair mé.

Bhí mé ar mo shlí chun na scoile an lá dar gcionnagus shocraigh mé súil a choinneáil uirthi. D’iarrRobyn breis airgid ar Mham ar maidin á rá go raibhbreis ábhar scoile de dhíth uirthi. Bhí olc orm. “Abhulaithe móra!” a bhéic mé agus rith mé amach.Rith Robyn i mo dhiaidh ag béicíl. D’inis mé anscéal do mo mhúinteoir, Bn. Mhic Ruairí. D’inis sisean scéal do Bhn. Uí Dhubháin, an Príomhoide.Ghlaoigh Bn. Uí Dhubháin ar Debbie, Jane, Jodieagus Chloe chun a hoifige agus chuir sí fios ar adtuismitheoirí chomh maith. Bhí siad i dtrioblóidmhór agus thug siad a bhain le Robyn ar ais di. Bhían-áthas uirthi mar fuair sí a loicéad ar ais.

Nuair a shroicheamar baile, bhí an scéal go léir agMam agus bhí idir áthas agus fearg uirthi le Robyn.Bhí Robyn an-sásta gur inis mé an scéal agus níraibh sí cantalach liom. Bhí áthas orm chomhmaith mar b’fhéidir nuair a bheadh críochnaitheacu ag bulaíocht Robyn go dtosóidís ar dhuine éigineile, mise b’fhéidir.

(Claire Lumsden, 11 bhliain d’aois)

Scéal 2Dhúisigh P.J. agus bhí a fhios aige láithreach gur láspeisialta a bhí ann. “Ar fheabhas! Dé Sathairn!Táim chun mo sheaicéad nua a fháil sa deireadh,”a dúirt sé leis féin. Léim sé as an leaba gogealchroích agus chuaigh sé síos an staighre chuigbricfeasta.

“Cé t-am a mbeidh tú sa bhaile inniu, a P.J.?” arsa aMham leis agus í ag doirteadh amach an tae.“Beidh mé ag obair i stainnín na nglasraí go dtí aleathuair tar éis a cúig agus beidh mé ag bualadh leSeán ansin lasmuigh den phictiúrlann. Beidh sétimpeall a naoi a’chlog nuair a bheidh mé sabhaile, déarfainn,” a d’fhreagair sé. “A Dhaid, anndéanfá mé a thiomáint sall go teach Uí Bhroin,táim ábhairín déanach,” a d’fhiafraigh sé. “Ceartgo leor, ceart go leor, déanfaidh mé, déanfaidh mé,”a d’fhreagair sé. “Bhuel, a mhic, a chonách sin ort,tá an seaicéad seo tuillte go maith agat. Cé mhéada chosnóidh sé arís?” a d’fhiafraigh sé. “”£98,” arsaP.J. go huascánta. “Cad a dúirt tú!” a dúirt sé gohard, “£98 ar sheaicéad denim. Tá áthas orm nachmise atá ag íoc as. Cad tá mícheart le do chasóigscoile?” Chuir P.J. srian lena theanga agus

d’fhreagair sé go mall, “Féach, is é atá uaim,shábháil mé airgead chuige, agus táim chun é afháil, ceart go leor?” “Tá súil agam gur fiú é agusgo dtabharfaidh tú aire mhaith dó agus an praghasatá air,” arsa a mháthair go fuarchúiseach agus íag glanadh na ngréithre den bhord.

D’imigh an t-am go tiubh agus é ag obair i stainnínna nglasraí agus tháinig uair an aoibhnis nuair ad’íoc an tUasal Ó Broin é. Shiúil sé an t-achargairid chun an bhaile go dtí An Stuara agus é armhuin na muice. Sheas sé os comhair nafuinneoige agus stáin sé ar an seaicéad. “Is mór anspórt é” a dúirt sé leis féin. Isteach leis go beo agusníorbh fhada go raibh sé ag tabhairt a aghaidh síosan tsráid go postúil ina sheaicéad nua.

D’fhéach sé ar a scáil i ngach fuinneog a ndeacaighsé tharstu. Ní raibh aon neart aige air. “Tá an saolnótálta,” a dúirt sé leis féin agus é ag déanamh idtreo na pictiúrlainne.

Nuair a chonaic P.J. grúpa mór leanaí lasmuigh denRegent tháinig beagáinín imní air agus chuir sé súilghéar air féin féachaint an bhfeicfeadh sé Seán inaon áit mar bhí geallta ag Seán go mbuailfeadh séleis. Thit an t-anam as nuair a chonaic sé Seán ÓMáirtín agus Tomás Breathnach, a ndroim le ballaacu, agus iad ag stánadh air. “Heileo, a Ph-í-í J-é-é,” a scread Tomás go magúil, “nach bhfuil doMhamaí leat chun greim láimhe a bheith agatuirthi?” Rinne P.J. iarracht neamhaird a dhéanamhde raibh le rá aige agus chuaigh sé i dtreo dhorasna pictiúrlainne chun teacht ar Sheán. “Cá bhfuairtú an seaicéad, a Ph-í-í J-é-é? Ar ghoid tú ó dodheartháir mór é?” a bhéic Seán. “Tá sé i bhfad ró-mhór duit, níl aon oidhre ort ach abhac,” arsaTomás go magúil.

Dhearg aghaidh P.J. ar fad mar cheap sé go raibhgach duine sa scuaine ag stánadh air. Ba bhreá leisa bheith ag caitheamh a sheanchasóigeneamhfheiceálaí sa tslí is go bhféadfadh sé dul ibhfolach sa tslua. D’imigh sé i dtreo oifig nadticéad ag iarraidh éalú óna chiapairí aguscheannaigh sé ticéad. “Ní leor go gcaithim cur suasleo gach lá ar scoil ach tá siad anseo chomh maith.Agus cá bhfuil Seán?”

D’fhan sé san fhorhalla go dtí go raibh gach duineimithe. Nuair a chuala sé an scannán ag tosúghlac sé misneach agus isteach leis ina aonar. Saleathdhorchadas chonaic sé go raibh go leorsuíochán folamh ann. Rinne sé seiceáil cá raibh

11

CEACHT 2BULAÍOCHT

siad siúd suite. Gan amhras ba thiar sa chúl a bhísiad lena gcosa ar na suíocháin os a gcomhairamach. Roghnaigh P.J. suíochán i gceartlár napictiúrlainne áit ar mhothaigh sé sábháilte.Choinnigh sé suíochán do Sheán.

De réir mar a bhí sé ag éirí sáite sa scannán lig sé ascíth beagán agus bhí píosa gum coganta aige.Níorbh fhada go raibh dearmad glan déanta aige arna heachtraí a tharla dó. Níorbh fhada gur bhuailan fhírinne arís é trí chic ar a shuíochán ón taobhthiar de. Nuair a chas sé bhí údar a chuid imníagus míshuaimhnis os comhair a dhá shúil. Bhí anMáirtíneach agus an Breathnach tar éis sleamhnúanuas óna n-áit féin agus bhí siad suite taobh thiarde. Tharraing sé cába a sheaicéid nua suas timpealla mhuinéil ag iarraidh neamhaird a dhéanamh ara raibh le rá acu. Níor stop na buillí a bhí adtarraingt acu ar chúl a shuíocháin. Bhí sé chomhbréan sin de gur chas sé timpeall agus bhéic sé inard a chinn agus a ghutha ar an mbeirt, “Stop é sin,nó…!” “Nó cad é?” ar Tomás go magúil siar inachluais. Go tobann bhí solas tóirse á scalladhorthu. “Bígí ciúin,” arsa an banghiolla agus tháinigdeireadh leis an torann a bhí ar siúl taobh thiar deláithreach.

D’fhág P.J. an phictiúrlann go tapa an nóiméad archríochnaigh an scannán chun a bhus a fháil.Shuigh sé thuas an staighre sa bhus. Bhain sé asheaicéad de mar bhí sé ró-the. Ansin chonaic sérud éigin bán. Agus é ag féachaint ar chúl achasóige chonaic sé go raibh sé clúdaithe le péint.Ghaibh sé chun scaoill. Bhí sé á chuimilt ar nós andiabhail ach b’obair in aisce é. “B’iad anMáirtíneach agus Breathnach a rinne é sin, bíonnsiad i gcónaí ag útamáil le Tipp-ex,” a dúirt sé leisféin. “Ní haon ionadh go raibh siad chomh ciúinsin nuair a d’fhág an banghiolla.” Rinne sé cnapándá sheaicéad, níorbh fhéidir leis féachaint air anois.Bhí foláireamh a mháthar ina cheann.Chuimhnigh sé go brónach ar na huaireanta crua ad’oibrigh sé chun an seaicéad seo a fháil agus a bhícurtha amú anois. Smaoinigh sé ar conas abhainfeadh sé díoltas amach ar an Máirtíneachagus ar an mBreathnach, ach bí an iomad náire airle hinsint do dhuine éigin faoinar tharla dó. “Cad adhéanfaidh mé?” a chnead sé leis féin, “tá gach rudloite.”

(Orna Dunlevy)

Sa dá scéal rinne an té a bhí ag fulaingt a c(h)uidmothúchán a cheilt. Iarr tuairimí na leanaí orthufaoin éifeacht a bhaineann leis an gcinneadh seo.Cad iad na roghanna eile a bhí acu?

Ag Déileáil le BulaíochtTá sé tábhachtach béim a chur ar an difear idir anbhulaíocht agus an gnáthchaidreamh laethúil. Cuirina luí orthu gur féidir le hidir chailíní agusbhuachaillí a bheith bainteach le gach saghasbulaíochta.

Conas a dhéanfá cur síos ar bhulaíocht? Ba chóircur síos a dhéanamh ar bhulaíocht mar ionsaíleanúnach (corpartha, focal nó mothúchán); marleithcheal; mar eachtra thromchúiseach aon uaire.

Déan na rialacha sábháilteachta a thabhairt isteachagus a phlé: abair “Stop/Ní dhéanfaidh mé”, imighleat, inis do dhuine fásta iontaofa faoi, coinnigh aginsint go dtí go dtiocfaidh duine éigin i gcabhair ort.Pléigh conas a d’úsáidfí na rialacha seo ag ócáidíéagsúla bulaíochta.

Ceann de na straitéisí is féidir a úsáid in aghaidhbulaíochta is ea “Stop” a rá. De ghnáth piocannbulaithe ar dhuine níos laige ná iad féin, ar dhuineleochailleach, nó ar dhuine nach gcuirfidh inagcoinne. Mar sin, tá sé tábhachtach go mbeifeáteanntásach agus muiníneach agus go ndéarfá“Stop” más gá. Fiú má bhíonn eagla ort i ndáiríre,is fearr a ligint ort go bhfuil tú muiníneach. Tá an-tábhacht ag baint leis an tslí ina seasaimid agus inalabhraímid. Caithfimid iompar agus gothaí nacolainne a úsáid chun “Stop” a rá go héifeachtach.

Cuir comhairle ar na leanaí gur fearr uaireanta gan“Stop” a rá chun cur i gcoinne bulaithe, m.sh., másgrúpa acu atá i gceist. Abair leat féin nach bhfuilan bhulaíocht tuillte agat agus ansin déan rud éiginfaoi - imigh leat chomh tapa agus is féidir agus inisfaoi i gcónaí. Tharlódh go mbeadh freagraí eile agna leanaí féin. Ina measc bheadh neamhaird athabhairt ar an mbulaí nó cabhair a lorg ar dochairde. Mínigh do na leanaí gur fadhb choitianta ían bhulaíocht agus nach gá d’aon duine náire abheith air ina taobh.

Cuir béim ar na buntáistí a bhaineann le déileáilleis an bhfadhb seachas a bheith ag fulaingt ganaon rud a rá. Cuir i gcuimhne do na leanaí nach

12

CEACHT 2BULAÍOCHT

gá dóibh insint do gach duine faoi má bhíonnduine éigin ag déanamh bulaíochta ort. Roghnaighduine fásta amháin ar féidir leat muinín a bheithagat as/aisti agus inis don duine sin gopríobháideach cad a tharla duit.

RólghlacadhCuireann na leanaí drámaí gairide le chéile faoinmbulaíocht, ag baint úsáide as na straitéisísábháilteachta atá acu. Tabhair deis do gachleanbh ról an ‘bhulaí’ agus ról an ‘an té atá agfulaingt’ a ghlacadh.

Déan plé ar cé chomh maith is a d’oibrigh narialacha sábháilteachta. Is féidir leis an‘fhulaingeoir’ agus an ‘bulaí’ labhairt le chéile faoiconas a mhothaigh siad. Deir na leanaí eile conasa mhothaigh siadsan. An raibh luí acu leis an‘mbulaí’ nó leis an ‘bhfulaingeoir’?

Pléigh na cruachásanna ina mbeadh leanaí maidirle bulaíocht. Ina measc bheadh:

• An eagla a bhaineann le ‘Stop’ a rá le bulaí.

- An eagla roimh dhíoltas

• Mothaíonn an fulaingeoir gur air/uirthi féin atáan locht.

- Eagla ar an bhfulaingeoir méid na faidhbea admháil

• Mothaíonn an bulaí gearrtha amach agus leisféin.

• Mothaíonn leanaí eile nach bhfuil aon neartacu ar an scéal.

• An deacracht a bhaineann le hinsint faoibhulaíocht mar gur ag sceitheadh a bheidís, darleo, nó go dtaispeánfadh sé nach féidir leis anbhfulaingeoir a t(h)alamh féin a sheasamh.

• Daoine fásta nach n-éisteann le leanaí.

- ag insint agus duine ag tabhairt neamhairdort.

- ag insint agus gan aon toradh air.

Toipic eile atá tábhachtach a phlé is ea daoine fástaag imirt bulaíochta ar leanaí. Le leanaí go raibhansmacht imeartha orthu ag daoine fásta, caithfearan toipic seo a láimhseáil go cúramach agus í achíoradh go mion.

Is í an riail atá againn ná - má mhothaíonn túneamhshábháilte de bharr duine fásta éigin is féidirleat cabhair a lorg ar dhuine fásta éigin eile; nácoimeád an fhadhb chugat féin, inis fúithi. Mábhuaileann duine éigin tú chomh láidir sin gobhfágann sé marc gorm ort is féidir leat cabhair afháil. Tá daoine fásta timpeall ort a bhfuil cion acuort agus a chabhróidh leat.

B’fhéidir gur mhaith le múinteoirí úsáid a bhaint asdánta ceaptha ar an ábhar chun fadhb nabulaíochta a phlé ó thaobh féachaint uirthi tríshúile an linbh ar a bhfuiltear ag déanamhbulaíochta.

Ar tharla sé duit riamh - déanann duine éiginbulaíocht ort agus ansin deir sé/sí nach bhfuil annach cluiche?

Cén fáth, an dóigh leat, a ndéanann leanaí áirithebulaíocht?

Admhaigh go bhfuil an baol ann go n-imreodh aonduine againn bulaíocht ar dhuine éigin eile agusgur gnáthleanaí iad na bulaithe, ach ní bhíonn anbhulaíocht ceart riamh. Níl aon smacht againn arconas a mhothaímid ach tá rogha againn faoi cadis féidir linn a dhéanamh faoinár gcuid mothúchán.B’fhéidir go mbeimis in éad le duine éigin agus gombeadh fonn orainn iad a bhualadh nó a bheitholc leo. Tá roghanna againn, áfach, faoi conas achuirimid ár gcuid mothúchán in iúl.

Déan cuid de na roghanna seo a phlé.

Sa phlé deireanach, treisigh le leanaí meas a bheithacu orthu féin agus ar dhaoine eile, agus spreag naleanaí chun a gcuid geallúintí féin a dhéanamhfaoi bhulaíocht a sheachaint. Labhair faoin rangmar ghrúpa agus cabhraigh leo aitheantas grúpa achruthú bunaithe ar chomhoibriú agus archairdeas.

Gníomhaíochtaí Leanúna - Ceacht 2• Déantar póstaer faoin teideal ‘Slite chun a

bheith i do chara maith’.

• Déanann na leanaí plé i ngrúpaí faoin gcaoi andéileálfaidís le saghasanna éagsúlabulaíochta. Ansin cuireann siad drámaí lechéile agus cuireann siad ar siúl eatarthu féiniad ag léiriú conas a rinne siad déileáil

13

CEACHT 2BULAÍOCHT

éifeachtach leis an mbulaíocht. Bíodh ar alaghad cúigear leanaí agat i ngach ngrúpa - an‘bulaí’, an ‘fulaingeoir’, an ‘lucht féachana’agus an ‘duine fásta iontaofa’.

Obair Bhaile: Féach ar na bileoga oibre cuí igcomhair an cheachta seo.

14

CEACHT 2BULAÍOCHT

Scríobh scéal/dán gairid faoi bhulaíocht agustarraing pictiúr chun é a léiriú.

15

CEACHT 3TEAGHMHÁIL COIRP

Taispeánann daoine cion uaireanta agus iad agbeannú dá chéile.

Féachann na pictiúir cosúil le chéile ach an féidir leatdhá rud déag atá difriúil eatarthu a aimsiú.

DDUULL AAMMAACCHH

TTEEAACCHHTT IISSTTEEAACCHH

Fad Múinteoireachta (meastachán) - Dhá cheacht30 nóiméad

Sa chuid seo pléann na leanaí an gá atá againn goléir le teagmhálacha coirp atá oiriúnach agussábháilte. Cleachtaíonn siad a gcearta a bhaintamach ó thaobh a gcuid teorainneacha pearsantaagus a gcuid spás coirp. Tá sé tábhachtach amhúineadh do leanaí ag an aois seo go mba chóirdóibh meas a bheith acu ar lánpháirtíocht coirpdhaoine eile. Déantar an teachtaireacht gur féidirle leanaí insint i gcónaí faoi theagmháil coirp achuireann isteach orthu nó a chuireann imní orthua threisiú.

Teagmháil coirp a thaitníonn linn/nachdtaitníonn linnTaispeáin pictiúr nó postaer de bháibín do naleanaí. Déan riachtanais leainín a phlé leis naleanaí. Déan tagairt don ghá atá ag an leainín lecion.

Mura mbeirtear barróg ar an leainín riamh nómura mbíonn sé/sí riamh i mbaclainn duine éigin,cén tionchar a bheadh aige seo ar an mbáibín?Cuimhnigh ar na slite éagsúla ina dtaispeánaimidcion atá againn ar ár dteaghlaigh agus ár gcairde,mar shampla, póigín a thabhairt do Mham nó doDhaid roimh dhul a chodladh, barróg a bhreith ard’uncail, do lámh a chur ar dhroim do chara nuaira fhaigheann sí scór i gcluiche.

Léiríonn teaghmháil coirp an cion atá againn ar achéile ach tá tadhaill choirp eile ann nachdtaitníonn linn. Iarr samplaí orthu de theagmháilcoirp nach dtaitníonn leo. Cabhraigh leis na leanaía gcearta a bhaint amach maidir le teorainnachapearsanta agus spás coirp. Is féidir puipéid a úsáid.Mura bhfuil puipéid sa rang is féidir leis na leanaíiad a dhéanamh dóibh féin. Beidh mála páipéiragus rudaí chun é a mhaisiú ag teastáil ó gachleanbh. Bain úsáid as na puipéid chun na hócáidíseo a leanas a dhrámú. Treisigh go bhfuil sé decheart acu “Stop/Ní dhéanfaidh mé” a rá le

teaghmháil coirp nach dtaitníonn leo.

- Abair go mbíonn bulaí de shíor do do bhrúanonn is anall.

- Abair go gcuireann d’aintín nó d’uncail cigiltró-chrua ionat.

- Abair go dteastaíonn ó do Mham nó ó do Dhaidgreim láimhe a bheith aici/aige ort fós agus túag gabháil síos an tsráid agus nach dtaitníonnsé seo leat a thuilleadh.

- Abair go mbíonn do dheartháir nó do dheirfiúiri gcónaí ag baint sceapóg asat.

Tá sé tábhachtach idirdhealú a dhéanamh idirteaghmháil coirp nach dtaitníonn leo agus scrúdúbanaltra nó dochtúra orthu. Mínigh dóibh gombíonn ar na daoine fásta seo teagmháil adhéanamh linn uaireanta i slí nach maith linnchun sinn a choimeád slán agus glan.

Ba cheart don mhúinteoir a chur i gcuimhne do naleanaí nár cheart dóibh cur isteach ar spás coirpdhaoine eile trí theagmháil a dhéanamh leo i slínach maith leo nó i slí a chuireann eagla orthu.

Teaghmháil coirp neamhshábháilteIarr samplaí ar na leanaí de thadhaill choirp achruthódh mothú na neamhshábháilteachta iontu

• Abair gur tharraing duine éigin cic ort d’aonghnó agus tú ag súgradh i gclós na scoile.

• Abair go mbíonn deartháir Phóil, atá níos sinená é, ag tabhairt buille dó nuair nach mbíonna Mhamaí nó a Dhaidí ann.

• Abair go mbíonn an buachaill atá suite in aiceleat sa rang de shíor ag baint sceapóige as doghéag nuair nach mbíonn an múinteoir agféachaint, cad ab fhéidir leat a dhéanamh?

• Abair go mbuaileann duine fásta tú chomhláidir sin go bhfágann sé marc gorm ort.

RólghlacadhDéanann na leanaí rólghlacadh ag baint úsáide asna rialacha Bí Sábháilte, abair “Stop/Ní dhéanfaidhmé”, imigh leat agus inis do dhuine éigin faoi, chundéileáil go héifeachtach lena leithéid d’ócáidí.

Abair gur duine fásta a n-airíonn tú contúirt uaidh.Cad is féidir leat a dhéanamh faoi? Is féidir cabhaira lorg ar dhuine fásta eile. Treisigh nach bhfuil séde cheart ag aon duine mothú neamhshábháilte achothú iontu.

CUSPÓIRÍLeanaí a spreagadh chun taitneamh a bhaintas gnáthchion agus meas a bheith acu air.

A mhúineadh do na leanaí nár cheart d’aonduine iachall a chur orthu teaghmháil coirp achoimeád faoi cheilt riamh.

A mhúineadh do leanaí conas déileáil leteaghmháil coirp nach bhfuil cuí.

16

CEACHT 3TEAGHMHÁIL COIRP

Teaghmhálacha Mí-oiriúnachaTabhair faoi deara: Má tá na hainmneacha ceartafoghlamtha ag na leanaí do na codanna príobháideachaden chorp sna ceachtanna OCG, bí cinnte go n-úsáidfearan téarmaíocht chéanna sa cheacht seo.

Mínigh do na leanaí go bhfuil tadhaill choirp ann ad’fhéadfadh mearbhall a chur orthu. Bain úsáid asan scéal seo a leanas chun plé ar thadhaill mhí-oiriúnacha a thosú.

ScéalTá Cáit dhá bhliain déag d’aois. Tá cónaí uirthifaoin tuath lena máthair agus a hathair agus lenadeartháir óg, Micheál. Tá leath-mhíle idir iad féinagus na comharsana is cóngaraí dóibh, ach isannamh a bhíonn uaigneas ar Cháit. Bíonn rudéigin ag tarlú ar an bhfeirm i gcónaí agus is éMicheál an cara is fearr atá aici. Is breá leo beirt nacapaill agus is fada leo go mbeidh siad fásta suasagus go mbeidh post ceart acu ag obair leis nacapaill. Dé Máirt an lá is fearr leo mar téann siadchuig ranganna marcaíochta capall díreach indiaidh na scoile.

Thosaigh fadhb Cháit nuair a tháinig teagascóirnua chun na scoile. Keith ab ainm dó. Bhí sé níoscairdiúla le Cáit ná le daoine eile agus gheall sé digo dtabharfadh sé cabhair bhreise di ag cur anchapaill ag léim. Bhí ríméad ar Cháit toisc gurtháinig feabhas uirthi ó tháinig Keith chun nastáblaí. Thosaigh sé ag rá léi cé chomh maith is abhí sí le capaill agus cé chomh speisialta is a bhí sídósan. Tháinig sé an-chóngarach di agus phóg séar a beola í. Ansin rinne sé iarracht a lámh aleagadh ar a codanna príobháideacha. Ní raibh afhios ag Cáit cad ba cheart di a dhéanamh. Bhí idireagla agus náire uirthi. Dúirt Keith gur rúneatarthu a bheadh ann. Ní dhearna Cáit achscaoileadh leis an scuab agus rith sí.

Ar feadh roinnt Máirteanna ina dhiaidh sin lig Cáituirthi nár bhraith sí ró-mhaith agus chuaighMicheál go dtí na ceachtanna leis féin. Bhraith Cáitna ceachtanna uaithi go mór agus cheap sí gurbhraith a capall, Sandy, Cáit uaithi chomh maith.Bhí sí brónach agus níorbh fhéidir léi mórán a ithe.Ar deireadh d’fhiafraigh Micheál di cad a bhímícheart léi. Ar dtús, níor theastaigh ó Cháit ainsint dó ach faoi dheireadh d’éirigh le Micheál anscéal a fháil uaithi. Chomh luath is a chualaMicheál scéal Cháit rug sé barróg uirthi agus dúirtsé “Inseoimid do Mham agus do Dhaid faoiláithreach agus réiteoidh siad an scéal.” Sin díreacha tharla. D’inis Micheál agus Cáit faoi do Mhamagus do Dhaid agus chuir siad iachall ar úinéir anstábla an scéal a réiteach. Tá Cáit agus Micheál ar

ais arís ag baint taitnimh as na ceachtanna.Cuimhníonn siad ar an riail - ná coimeádteaghmháil coirp riamh faoi cheilt.

Cé air a bhí an locht? Cáit?

An raibh an ceart ag Cáit an scéal a insint doMhicheál? Cén fáth dar leat an raibh sé deacair arCháit insint faoi?

Cuir i gcuimhne do na leanaí nach dtagann daoineeile i dteagmháil lena gcodanna príobháideacha deghnáth, mura mbíonn siad tinn. Má dhéanannaon duine teagmháil lena gcodannapríobháideacha agus má iarrann siad orthu é achoimeád faoi cheilt, is féidir leo insint faoi.

Níor cheart d’aon duine a iarraidh ort teaghmháilcoirp a choimeád faoi rún. Cuimhnigh go bhfuil séde cheart agat mothú slán. Is é an riail atá againnná nach gcoimeádaimid teaghmháil coirp faoicheilt riamh. Oibríonn an riail seo i ngach áit - sabhaile, ar scoil, sa linn snámha, ar an mbus.

• Abair go leagann duine éigin lámh ar dochodanna príobháideacha agus go dtagannmearbhall cinn ort, cad is féidir leat adhéanamh faoi?

• Abair go dteastaíonn ó bhuachaill atá níos sinená tú féin teagmháil a dhéanamh le dochodanna príobháideacha agus go ndéanann sébagairt ort gan aon rud a rá le haon duine.

• Abair go ndéanann strainséir milseáin athairiscint duit má dhéanann tú teagmháil lenachodanna príobháideacha.

• Abair go dteastaíonn ó bhean a bhfuil aithneagus cion agat uirthi teagmháil a dhéanamh ledo chodanna príobháideacha agus gondéanann sí bagairt ort é a choimeád faoi rún.

Seo iad na rialacha is féidir leat a leanúint.

• Abair “Stop”/“Ní dhéanfaidh mé”

• Imigh leat

• Inis do duine fásta éigin faoi.

• Lean ort ag insint go dtí go dtiocfaidh duineéigin i gcabhair ort.

Fiafraigh de na leanaí cad a cheapann siad de narialacha sin. Tá sé tábhachtach nach mbraitheannna leanaí go bhfuil teipthe orthu murar féidir leo abheith teanntásach agus “Stop/Ní dhéanfaidh mé”a rá, mar i ndáiríre, tá leanaí beag agus bíonn luchtna mí-úsáide mór agus cumhachtach. Is féidir leisan múinteoir na leanaí a spreagadh chun “Stop/Nídhéanfaidh mé” a rá leo féin ina gceann, áfach.Treiseoidh sé seo an teachtaireacht nach orthu féinatá an locht.

17

CEACHT 3TEAGHMHÁIL COIRP

Cuimhnigh gur leat féin do chorp; níl sé de cheartag aon duine teagmháil a dhéanamh leat i slí gombraitheann tú neamhshábhailte dá bharr nó achuireann imní ort. Tharlódh go mbeadh sé deacair“Stop/Ní dhéanfaidh mé” a rá toisc breabanna nóbagairtí a bheith i gceist, agus uaireanta tharlódhgo mbeadh sé contúirteach fiú a leithéid adhéanamh. Tharlódh nach nbeifeá in ann imeacht,ach is féidir leat insint do Mham nó do Dhaid nó dodhuine fásta iontaofa faoi, fiú má bhíonn geallúintdéanta agat go gcoimeádfaidh tú faoi rún é.

Sa scéal faoi Cháit, ba dhuine nach raibh aithne ró-mhaith aici air a chuir mearbhall agus mothú naneamhshábháilteachta uirthi. Abair gur dhuine goraibh aithne mhaith aici air/uirthi a bhí ann, anbhféadfadh sí na rialacha sábháilteachta céanna aúsáid? Cinnte d’fhéadfadh. Má iarrann duine éiginort teaghmháil coirp a choimeád faoi rún ba cheartduit na rialacha sábháilteachta a úsáid fiú másduine é/í a bhfuil aithne mhaith agat air/uirthi, fiúmás ball de do theaghlach é/í. Cé mhéad agaibh acheapann go bhféadfá trioblóid a tharraingt ort féintrí “Stop/Ní dhéanfaidh mé” a rá le duine fásta?Uaireanta is ceart agus is cóir “Stop”/”Nídhéanfaidh mé” a rá le duine fásta

Iarr ar na leanaí liosta ócáidí a thabhairt duit nuairis cuí “Stop/Ní dhéanfaidh mé” a rá le duine fásta.I measc na samplaí bíodh duine fásta ag iarraidh arleanbh rud éigin atá dáinséarach nó mícheart adhéanamh nó rud éigin nach bhfuil ceadaithe ag

Mamaí nó ag Daidí.

Tabhair orthu a aithint idir “Ní dhéanfaidh mé” ará le rud atá contúirteach, mícheart nó mí-oiriúnach agus “Ní dhéanfaidh mé” a rá le dul achodladh, le hobair bhaile a dhéanamh nó lecabhrú le Mamaí nó le Daidí sa teach. Cuir béim aran tábhacht a bhaineann le “Stop/Ní dhéanfaidhmé” a rá chun iad féin a choinneáil slán.

Gníomhaíochtaí Leanúna - Ceacht 3

• Baineann na leanaí úsáid as puipéid chuncleachtadh a dhéanamh ar “Stop/Nídhéanfaidh mé” a rá le teaghmháil mí-oiriúnach.

• Déan tionscnamh ranga faoin gcaoi ambeannaíonn daoine dá chéile.

Obair Bhaile: Féach ar na bileoga oibre cuí igcomhair an cheachta seo.

18

CEACHT 3TEAGHMHÁIL COIRP

Taispeánann daoine cion uaireanta agus iad agbeannú dá chéile.

Féachann na pictiúir cosúil le chéile ach an féidir leatdhá rud déag atá difriúil eatarthu a aimsiú.

DDUULL AAMMAACCHH

TTEEAACCHHTT IISSTTEEAACCHH

19

CEACHT 4RÚIN AGUS AG DÉANAMH SCÉALA

Déan liosta de roinnt de na daoine fásta a bhféadfáé a insint dóibh dá mbeadh fadhb agat agus léirighnó scríobh faoi ócáid a mbeadh ort cabhair a lorg.

Fad Múinteoireachta (meastachán) - Ceachtamháin 40 nóiméad

Braitheann lucht na mí-úsáide ar rúndacht, arbhagairtí agus ar bhreabanna. Tá sé rí-thábhachtach i gcomhair chur i bhfeidhm an chláira mhúineadh do leanaí conas, cathain agus cé dó isceart insint. Cuirtear i gcuimhne do leanaí ag anaois seo cé go bhfuil siad ag éirí níos sine agus níosneamhspleáí, go bhfuil sé fós ceart go leor cabhair alorg.

Rúin atá go maith/nach bhfuil gomaithFiafraigh de na leanaí cad é an difríocht idir rúinatá go maith agus rúin nach bhfuil. I meascsamplaí de rúin atá go maith bheadh: ábhariontais deas, cóisir gan choinne, turas gan choinnego dtí áit éigin atá speisialta. I measc samplaí derúin nach bhfuil go maith bheadh: bulaíocht,gadaíocht, iachall a bheith ort rud éigin atámícheart a dhéanamh, caitheamh tobac, drugaí athriail, duine éigin ag iarraidh ort teaghmháil coirpa choimeád faoi rún.

Inniu táimid chun labhairt faoi insint. Táimid agéirí níos neamhspleáí agus níos muiníní ach níféidir linn i gcónaí ár gcuid fadhbanna a réiteachlinn féin. Tá sé ceart go leor cabhair a lorg mábhíonn fadhb agat. Cé acu de na hócáidí seo aleanas an mbeadh sé tábhachtach insint? Sa chásgo socraíonn tú insint, roghnaigh an duine abfhearr chun insint dó. Mura n-éisteoidh an duine abheadh roghnaithe agat, cad is féidir leat adhéanamh?

• Tá tú buartha faoi do chuid scrúduithe.

• Tá daltaí eile sa rang ag piocadh ort an t-am goléir ó thosaigh tú i rang a cúig.

• Rinne strainséir marcaíocht abhaile a thairiscintduit agus tháinig fearg air/uirthi nuair adhiúltaigh tú dó/di.

• Rinne fear a bhfuil aithne agat air teagmháil ledo chodanna príobháideacha. “Ní gá duit

insint do Mham agus do Dhaid faoi seo mar tásé insithe agam faoi cheana féin,” a dúirt sé.Dúirt tusa “Stop/Ní dhéanfaidh mé” agus rinnesé bagairt ort.

• Bíonn do chara ag gol an iomad ach níinseoidh sí duit cad atá mícheart léi.

• Bhuail dalta isteach ionat trí thimpist agus túag dul isteach sa seomra ranga.

• Bhí tú istigh i leithreas poiblí agus rinne fear abhí in aice leat iarracht teagmháil a dhéanamhle do chodanna príobháideacha.

• Tá imní ort faoi dhul go dtí an iarbhunscoil.Chuala tú go n-imrítear bulaíocht ar dhaltaí nacéad bliana go minic.

• D’iarr cara do mháthar ort rud a bhí mícheart adhéanamh agus rinne tú é mar bhí eagla ort“Stop/Ní dhéanfaidh mé” a rá.

• Bíonn duine éigin i gcónaí ag labhairt leat arbhealach go mothaíonn tú go hainnis margheall ort féin ina dhiaidh.

RólghlacadhDéanann na leanaí rólghlacadh ag insint faoiroinnt de na hócáidí thuasluaite.

Ag insintFiafraigh de na leanaí cad iad na cúiseanna nachmbeadh sé éasca orthu insint. I measc nabhfreagraí bheadh: náire, ciontacht, bagairtí,breabanna, eagla ar leanaí go gcuirfí an milleánorthu, eagla ar leanaí nach gcreidfí iad, eagla arleanaí a insint toisc riail a bheith briste acu féin. Tásé tábhachtach go dtuigeann leanaí nach bhfuil sériamh ró-dhéanach insint má bhíonn aon fhadhbacu. Cuir ina luí orthu nach orthu féin atá an lochtmura bhfuil inste acu fós; is féidir leo insint nuairatá siad réidh chuige. Mínigh dóibh gur cuma cénsaghas faidhbe atá acu go mbeadh duine fásta anni gcónaí a bheadh in ann cabhrú leo.

Is féidir le leanaí a bhfuil fadhb acu insint do charaleo ar dtús. Tá sé tábhachtach a mhúineadh doleanaí comhairle a chur ar chairde, a insíonn dóibh,cabhair a lorg ar dhuine fásta. Is féidir le cairdecabhrú lena chéile chun insint a dhéanamh.

ScéalBhí Máire déanach don chleachtadh le haghaidh anchluiche corr. Ní raibh sí in ann a héadaíaclaíochta a fháil agus chaith sí an-chuid ama álorg. Bhí cóngar chun na páirce trí thalamh fásta.Tugadh rabhadh di na céadta uair gan dul in aonghar don fhásach sin. Ach inniu bheadh Iníon Uí

CUSPÓIRÍCabhrú leis na leanaí a thuiscint nár cheartaon náire a bheith orthu má bhíonn aonfhadhb acu agus gur féidir leo cabhair a lorg.

Deis a thabhairt do na leanaí cuimhneamh cédó/di a d’inseoidís agus a mhúineadh dóibhconas an insint a dhéanamh go héifeachtach.

20

CEACHT 4RÚIN AGUS AG DÉANAMH SCÉALA

Dhonnchú ag roghnú na foirne don léig agus bhí símeáite bheith ar an bhfoireann. Chuaigh sí saseans agus d’imigh sí léi tríd an bhfásach. Bhí sínach mór ar an taobh eile nuair a stop fear éigin í.Dúirt sé léi go raibh sí istigh ar thalamh dhuineéigin eile agus bhagair sé na gardaí uirthi murarachadh sí leis. Bhí scanradh an domhain uirthi.“Níl le déanamh anois agam ach rith” ar sise léiféin. Agus í ag rith thairis rug sé greim ar a casóg.Stróic an chasóg agus d’éirigh léi éalú.

Dá mba tusa Máire conas a mhothófá faoin scéal ainsint? Cé dó a n-inseofá é? Cathain a d’inseofá é?Cad a dhéanfá mura n-éisteodh an chéad duineleat?

Déan an rang a roinnt i ngrúpaí de sheisear.Scríobhann gach grúpa scéal faoi mhuinín. Ansinléann dalta amháin as gach grúpa an scéal donrang ar fad.

Lean é seo le plé a dhéanamh ar cad is muinín ann.Conas a thuill siad muinín a dtuismitheoirí, amúinteoirí agus a gcairde? Cén fáth an mbíonnmuinín againn as daoine áirithe agus nach mbíonnas daoine eile? Cabhraigh leis na leanaí daoineiontaofa ina saol a ainmniú.

Pléigh an chúis gur chóir dóibh insint faoifhadhbanna éagsúla, m.sh. fadhb ar scoil, fadhbshláinte, fadhb bhulaíochta nó fadhb a bhaineannle teagmháil coirp mí-oiriúnach.

Ó aois an-óg iarrtar orainn gan sceitheadh ardhaoine agus de réir mar a théimid in aois bímidníos dílse dár gcairde agus ní bhíonn fonn orainnsceitheadh orthu. Treisigh gur thréith inmholta induine í an dílseacht ach mínigh an difríocht idir“Sceitheadh”, “Loiceadh”, “Insint Scéalta” agusinsint chun iad féin a choimeád sábháilte. Iarr arna leanaí smaoineamh ar go leor focal a chuireannsíos ar na saincheisteanna agus na mothúcháin atái gceist.

Tá sé tábhachtach chomh maith cead a thabhairtdo na leanaí a n-intinn a athrú.

• Abair gur iarr do chara ort páirt a ghlacadh igcluiche. D’aontaigh tú ach ansin thuig túnach cluiche a bhí ann ach iad ag déanamhbulaíochta ar leanbh eile.

• Abair gur thosaigh tú ag caitheamh tobac inéineacht le do chairde. Cheap siad go leanfáort ag caitheamh ach ní raibh tusa ag iarraidhsin a dhéanamh.

• Abair gur aontaigh tú ar chluiche a imirt leduine fásta ach ansin bhí teagmháil choirp marchuid den chluiche agus níor theastaigh uait ancluiche a imirt a thuilleadh.

Gníomhaíochtaí Leanúna - Ceacht 4• Lig ort gur tusa Máire sa scéal. Déan

rólghlacadh ag insint do dhuine fásta faoinartharla duit.

• Scríobh scéal faoi bhuachaill nó cailín a raibhorthu fadhb a shárú. Déan cur síos ar conas aréirigh leis/léi é sin a dhéanamh.

• Déan liosta de dhaoine ar féidir leat brathorthu. Abair cén fáth go bhfuil muinín agatastu i dtaobh gach ainme. Déan liosta dedhaoine ar féidir leo brath ort.

Obair Bhaile: Féach ar na bileoga oibre cuí igcomhair an cheachta seo.

21

CEACHT 4RÚIN AGUS AG DÉANAMH SCÉALA

Déan liosta de roinnt de na daoine fásta a bhféadfáé a insint dóibh dá mbeadh fadhb agat agus léirighnó scríobh faoi ócáid a mbeadh ort cabhair a lorg.

22

CEACHT 5STRAINSÉIRÍ

Déan póstaer a dhearadh chun cur i gcuimhne duitféin agus do do cháirde conas a bheith sábháilte.

Fad Múinteoireachta (meastachán) - Ceachtamháin 40 nóiméad

Sa cheacht seo spreagtar na leanaí chun plé adhéanamh ar na rialacha a úsáideann siad maidirle strainséirí. Déanann siad machnamh féachaintan bhfuil orthu na rialacha seo a athrú nó a leasúanois toisc iad a bheith níos sine agus go bhfuilgach cosúlacht ann go mbeidh siad amuigh leo féinníos minicí. Múintear dóibh conas déileáil goteanntásach le strainséirí.

Téigh siar ar obair atá déanta go dtí seo faoistrainséirí.

Seo anois scéal faoi leanaí ar tháinig strainséiríchucu.

ScéalBhí Pól agus Stiofán faoin mbaile Satharn áirithe.Bhí caifé acu i mBurger King agus agus ansinchuaigh siad chun féachaint ar dhlúthdhioscanna.Bhí an CD ba dhéanaí tagtha isteach. Ansintháinig fear éigin chucu. Bhí sé timpeall cúigbliana fichead agus bhí sé an-ard agus leathan goleor. Bhí sé ag caitheamh jeans agus bhí seaicéadnótálta air, chomh maith le crios leathair a raibhscríbhinn air agus búcla airgid uirthi. Bhí cumabhreá air. Chonaic sé Pól agus Stiofán ag stánadhgo cíocrach ar an CD. “CD maith é sin, nach ea?”ar seisean. D’aontaigh Pól agus Stiofán leis. “Cénfáth nach bhfuil sibh á cheannach?” a d’fhiafraighan fear. “Ba bhreá linn, ach….” arsa Pól, “Níl aonairgead againn ach praghas an bhus abhaile” arsaStiofán. “Ná bac sin,” arsa an fear, “gheobhaidhmise daoibh é.”

Bhí a fhios go maith ag Pól agus Stiofán nár cheartdóibh bronntanais a ghlacadh ó strainséirí, ach bachás ar leith é seo; ba é seo an CD ab fearr ardomhan. “Ó ní fhéadfaimis….,” arsa Pól aguscuma ar a ghuth gur bhreá leis an CD a fháil. “Átóg é,” arsa an fear, “ní faic domsa é. “Bhuel, máscuma leat” arsa na buachaillí, ag féachaint ar achéile go háthasach

Cheannaigh an fear CD an duine dóibh. Bhíríméad orthu agus ghabh siad buíochas leis arísagus arís eile. “Ní faic é,” arsa an fear, agus bhípíosa eile comhrá acu mar gheall ar an mbannaceoil. Ansin dúirt an fear, “Ó, táim díreach tar éiscuimhneamh go gcaithfidh mé dul go dtí cóisiranois, ar mhaith libh teacht liom?”

Tháinig eagla ar Phól agus ar Stiofán ag an bpointeseo. Bhí cuma an-dáiríre ar an bhfear nuair a dúirtsé an méid sin faoi mar ba dhóigh leat gur mhóraige dá rachaidís leis. “Níor mhaith ,” ar siad gocinnte. Tháinig fearg air. “Féach, táim tar éis CD acheannach daoibh, caithfidh sibh teacht chun nacóisire in éineacht liom.”

Bhí an-eagla ar Phól agus ar Stiofán anois ach dúirtsiad arís “Ní rachaimid leat.” Ansin dúirt an fear,“Bhuel, mar sin, is féidir libh na CDanna athabhairt ar ais dom. Nílim chun CDanna acheannach do dhaoine atá chomh míbhuíoch sinnach rachadh siad chuig cóisir liom.”

D’fhéach na buachaillí ar a chéile, agus thuigeadargurbh fhearr dóibh na CDanna a thabhairt ar ais.Chaith siad an mála leis an bhfear agus rith siadamach as an siopa agus rith siad i measc na sluaitea bhí ar an tsráid. Bhí siad in aiféala gur chaill siadna CDanna ach bhíodar sásta gur éirigh leo éalú ónbhfear.

Cad a dhéanfadh sibh dá mba sibhse Pól agusStiofán?

Rialacha SábháilteachtaPléigh na rialacha a tugadh do na páistí maidir ledul go dtí áiteanna, m.sh. go dtí na siopaí, go dtí anleabharlann, go dtí an linn snámha.

Cad ab fhéidir leat a dhéanamh dá gcothódhstráinséir mothú neámhshábháilte ionat agus túamuigh leat féin? D’fhéadfá “Stop/Ní dhéanfaidhmé” a rá, imeacht leat agus insint faoi.

Tharlódh go gceapfadh leanaí áirithe go bhfuil sédrochbhéasach “Stop/Ní dhéanfaidh mé” a rá lestrainséir nó neamhaird a thabhairt air/uirthi.Mínigh dóibh go bhfuil sé ceart go leor a bheith marseo chun iad féin a choimeád slán sábháilte.

Iarr ar gach leanbh a rialacha sábháilteachta féin abhaineann le strainséirí a scríobh amach, le cabhairan mhúinteora. Cuireann na leanaí drámaí gairidele chéile ansin ag baint úsáide as na rialacha seo.Iarr orthu samplaí de shaghasanna éagsúlastrainséirí a úsáid sna samplaí, m.sh. leanbh níos

CUSPÓIRÍNa rialacha sábháilteachta a bhaineann lestrainséirí a threisiú.

A chur ar chumas na leanaí déileáil gohéifeachtach le strainséirí.

23

CEACHT 5STRAINSÉIRÍ

sine, lánúin, bean, fear, déagóir, fir/mná.

Iarr ar na leanaí samplaí a thabhairt duit d’ócáidínuair a rinne siad roghanna sábháilte. Cuimhnigíanois ar a ndéanfadh sibh sna hócáidí seo a leanas.

1. Rinne duine éigin nach raibh aithne agat uirthimarcaíocht abhaile a thairiscint duit.Dhiúltaigh tú di agus dúirt sí go raibh túdrochbhéasach agus míbhuíoch.

2. Tá tú ar an mbus nó ar an traein mhí-cheart.

3. Tugann d’uncail go dtí cluiche tú agus téannsibh amú ar a chéile.

4. Deir buachaill atá níos sine ná tú féin agus abhfuil aithne agat air go dtabharfaidh sécluiche físe duit má théann tú abhaile leis.

Gutháin: Ba cheart go mbeadh na leanaí in anngutháin phoiblí a úsáid idir ghutháin airgid agusghutháin cárta mar réamh-aire sábháilteachta eile.

Treisigh:1. Ná téigh in aon áit le strainséir.

2. Ná glac go deo le haon rud ó strainséir.

An gciallaíonn sé sin gur drochdhaoine iadstrainséirí? Ní chiallaíonn, ciallaíonn sé nach bhfuilaithne agat orthu. Mar sin ná téigh go deo in aonáit le duine nach bhfuil aithne agat air/uirthi agusná glac go deo le haon rud uaidh/uaithi nuair abhíonn tú leat féin nó le do chairde.

• Abair go bhfuil aithne agat ar an duine adhéanann tairiscint de rud éigin duit nó aiarrann ort dul leis/léi. Cad a dhéanfá ar nahócáidí seo a leanas

• Abair gur thug do chomharsa béal doraiscuireadh duit dul isteach sa teach i gcomhairdeoch cóic.

• Abair go gcuireann cailín atá níos sine ná túceist ort ar mhaith leat a coileán nua afheiceáil.

• Abair go n-iarrann athair do chara ort dul agsnámh leis.

• Abair go bhfiafraíonn an bhean ó na stáblaísíos an bóthar díot ar mhaith leat dul agféachaint ar na capaillíní.

• Abair go n-iarrann fear ar do shráid ort dulisteach ina theach chun féachaint ar fhístéippeile.

Mínigh dóibh gurb é an rogha sábháilteachta sna

hócáidí seo ar fad é a chinntiú ar dtús le Mam nó leDaid nó le cibé duine fásta atá i bhfeighil orthu.

RólghlacadhDéanann na leanaí rólghlacadh ag déileáil leis nahócáidí thuasluaite.

Le cúpla seachtain anuas bhíomar ag caint arshábháilteacht. Agus tú ag cuimhneamh ar anméid atá foghlamtha agat sa chlár Bí Sábháilte, cada dhéanfá ar na hócáidí seo a leanas?

• Tá roinnt de do chairde ranga ag déanamhbulaíochta ar bhuachaill nua agus teastaíonnuathu go mbeadh páirt agat sa scéal.

• Tá tú ag geataí na scoile nuair a bheireannbeirt leanbh greim ar do mhála agus caitheannsiad a bhfuil istigh ann amach i lochán uisce.

• Déanann duine éigin go bhfuil cion agus aithneagat air/uirthi teaghmháil le do chodannapríobháideacha agus déanann siad bagairt ort éa choinneáil faoi rún.

• Tá tú sa bhaile leat féin nuair a thagann duinechun an dorais le pacáiste. Níl súil agat lehaon duine.

• Teastaíonn ó chara do dhearthár mhóir gongoidfeá milseáin ón siopa.

• Tá an cara is fearr atá agat tar éis a rá leat gobhfuil comharsa léi ag déanamh teagmháil léi islí a chuireann an-eagla uirthi. Dúirt sí leat é achoimeád faoi rún ach tá a fhios agat go bhfuilan-imní uirthi.

• Tá grúpa leanaí i do rang de shíor ag tabhairtainmneacha ar chailín eile agus uaireantabíonn siad á brú anonn is anall. Bhí tusa ibpáirt leo uaireanta.

• Agus tú ag an siopa áitiúil iarrann tiománaíveain ort cabhair a thabhairt dó chun earraí athógaint ón veain. Tá sé páirceáilte os comhairan tsiopa nuachta agus tá go leor daoine thart.

• Tá duine ag scaipeadh ráflaí fút nach bhfuilfíor.

• Tá do cholcheathrar ag caitheamh do T-léinenua agus níor iarr sé cead ort.

• Tá a fhios agat go bhfuil do dheirfiúr óg agcaitheamh tobac ach níl a fhios agat cad bacheart duit a dhéanamh faoi.

• Bíonn do chara de shíor ag gol. Bhí súil léidubh an tseachtain seo caite.

24

CEACHT 5STRAINSÉIRÍ

Pléigh na freagraí cuí ar na hócáidí thuasluaite.Fiafraigh den rang cén choimhlint nó cén cruachása bhaineann le gach cás.

Gníomhaíochtaí Leanúna - Ceacht 5

• Pléigh na rialacha a bhaineann le strainséirí leduine éigin sa bhaile agus scríobh amach ansiniad.

• Déan liosta de na hamanna a ndearna túroghanna sábháilteachta.

• Cuireann an rang cairt ar chearta leanaí lechéile.

Obair Bhaile: Féach ar na bileoga oibre cuí igcomhair an cheachta seo.

TeastasDéan Teastas Bí Sábháilte a bhronnadh ar gachleanbh ag deireadh na gceachtanna Bí Sábháilte.

25

CEACHT 5STRAINSÉIRÍ

Déan póstaer a dhearadh chun cur i gcuimhne duitféin agus do do cháirde conas a bheith sábháilte.

Ag Réiteach Fadhbanna.1. Tá roinnt leanaí ó rang a sé ag déanamh

bulaíochta ar Jason. Tá eagla air insint faoimar ceapann sé nach gcreidfear é. Bíonn Jasoni dtrioblóid leis na múinteoirí go minic mar nídhéanann sé a chuid oibre agus briseann sé narialacha. Iarr ar an rang teacht ar réiteach archás Jason.

2. Bhí athair chara Mháire an-deas léi i gcónaíagus thaitin sé go mór le Máire. Ach anois toiscgo bhfuil sí ag fás suas rinne sé iarrachtteagmháil a dhéanamh léi i slí a chuireannmíchompord uirthi. Tá geallta aici dó nachn-inseoidh sí d’aon duine faoi. Cad is féidir leMáire a dhéanamh?

3. Bhí Seán sa bhaile leis féin. Bhí a Mham agusa Dhaid imithe ag siopadóireacht ach níortheastaigh ó Sheán dul leo. Ní raibh siad achimithe cúpla nóiméad nuair a bualadh cloigínan dorais. Bhí fear nach raibh aithne ag Seánair ag an doras tosaigh. Pléigh cad ba cheartdo Sheán a dhéanamh.

Déanann na leanaí rólghlacadh ag iarraidh nafadhbanna thuasluaite a réiteach i gceart.

26

SEICEÁIL FOGHLAMA

Bí SábhailteTá fhios agam nuair atá mé maith nó nach bhfuilTá fhios agam nuair atá mé sásta nó nach bhfuilTá fhios agam nuair ba chóir dom ‘Is ea ‘ nó ‘Níhea’ a ráTá mé ábalta aire mhaith a thabhairt dom féin

Tig liom rún do mo chuid a choinnéail achMás drochrún é ní bhíonn sé i bhfadGo n-insím do mo mhunteoir nó do mo mhamaí é.Ní bhéinn sásta go dtí go mbeadh a fhios acu faoi.Ní bhéinn sásta go dtí go mbeadh a fhios acu faoi.

Tuigtear dom nuair atá an saol slánAg amharc ar an teiifís nó ag imirt cluicheTuigtear dom nuair atá an saol slánTá mé féin ag gabháil a bheith slánFanfaidh mé slán, fanfaidh mé slán.

Amanta tig eagla orm roimh an tsaoil mhóirFaoi bhulaíocht na buachaillí, faoi scigmhagadh nagcailiníAg fail barróig, nach maith liom an mhothú.Ní mise is ciontach, inseoidh mé do dhuine éigin é.Ní mise is cointach, inseoidh mé do dhuine éigin é.

Is maith liom bheith……..Is maith liom a bheith i gcuideachta na cuideachta,is maithIs maith liom mo chlann a bheith ar an láthairIs léir dom na bealaí le fanacht slán.Le bheith slán le bheith slán, le bheith slán.

Níl mé ag iarraidh bheith diúltach, ná bain domTá a fhios agat cad é atá mé ag maíomhNá bí ag tromaíocht orm, ná bí, ná bí, ná bí.Ná bí ag iarraidh mé a scanradh, ná bí, ná bí, nábí.

Agus eagla ag teacht ort cad é ba choir duit adhéanamhFan ar shiúl agus inis do dhuine éiginA bhfuil aithne agat air ‘s a bhfuil muinín agat annLe bheith slán, le bheith slán, bí slán, bí slán.

Amhrán na StrainséiríTá mé slán i measc na strainséiríSlán i measc na strainséiríAch muna bhfuil d’ainm agamMuna bhfuil a fhios agam cá as túIs cinnte gur strainséir tú

Tá mé slán i measc na strainséiríSlán i measc na stainséiríBíodh go mbeifeá olc nó go mbeifeá deasBeidh mé slán, beidh mé slán.

Má thig eagla orm nóMá bhíonn imní orm faoiMuna bhfuil mé cinnte duitDéarfaidh mé, ní hea ‘s inseoidh mé ort é.

Tá mé slán i measc na strainséiríSlán i measc na strainséiríFiú más eol duit m’ainm‘s go ndeir tú go bhfuil aithne agat orainnLeanfaidh mé an cód le bheith slán.

27

BÍ SÁBHAILTE

AMHRÁIN