7
Gaeilge & Fáilte Eagrán 20 Eanáir-Márta 2014 ...scáthán Cathair an Cheoil 2014 Féile Bheag na Leabhar Scéim an Fháinne Féile Pan- Cheilteach 2014 Seirbhísí Gaeilge Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire www.facebook.com/foramphobalnagaeilge CATHAIR AN CHEOIL Tá cathair Dhoire aitheanta ar fud fad an domhain as a cumas ceoil agus tá bua an cheoil agus na hamhránaíochta fairsing i mbunadh na cathrach agus an chontae araon. I mbliana tógfar ar leagáid bhliain Chathair Chultúir 2013 le bliain speisialta eile lán d’imeachtaí ceoil: tá Doire ainmnithe mar Chathair Cheoil in 2014, tá £2m curtha ar leataobh ag Comhairle Cathrach Dhoire le díriú isteach ar phlean leagáide a chur i bhfeidhm a dtógfaidh ar an dúshraith a cuireadh anuraidh nuair a tharraing an chathair cuairteoirí ó ghar is i gcéin le sult a bhaint as féilire imeachtaí cultúrtha a bhí gan réamhshampla sna hoileáin seo. Tuilleadh istigh agus ag www.derrycity.gov.uk/legacy @foramphobal Bliain Chathair an Cheoil 2014

Scáthán - Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire #20

Embed Size (px)

DESCRIPTION

Eagrán Eanáir - Márta 2014

Citation preview

Page 1: Scáthán - Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire #20

DCC

Gaeilge & Fáilte

Eagrán 20

Eanáir-Márta 2014

...scáthán

Cathair an

Cheoil 2014

Féile Bheag na

Leabhar

Scéim an

Fháinne

Féile Pan-

Cheilteach 2014

Seirbhísí

Gaeilge

Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire

www.facebook.com/foramphobalnagaeilge

CATHAIR AN CHEOIL Tá cathair Dhoire aitheanta ar fud fad an domhain

as a cumas ceoil agus tá bua an cheoil agus na hamhránaíochta fairsing i

mbunadh na cathrach agus an chontae araon. I mbliana tógfar ar leagáid

bhliain Chathair Chultúir 2013 le bliain speisialta eile lán d’imeachtaí

ceoil: tá Doire ainmnithe mar Chathair Cheoil in 2014, tá £2m curtha ar

leataobh ag Comhairle Cathrach Dhoire le díriú isteach ar phlean

leagáide a chur i bhfeidhm a dtógfaidh ar an dúshraith a cuireadh

anuraidh nuair a tharraing an chathair cuairteoirí ó ghar is i gcéin le sult

a bhaint as féilire imeachtaí cultúrtha a bhí gan réamhshampla sna

hoileáin seo. Tuilleadh istigh agus ag www.derrycity.gov.uk/legacy

@foramphobal

Bliain

Chathair an

Cheoil 2014

Page 2: Scáthán - Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire #20

...scáthán Lch 2

Cathair an Cheoil 2014 Bliain speisialta eile geallta

CATHAIR AN CHEOIL 2014: I mbliana, leanfar den cheiliúradh ar ár gcultúr ceoil le sraith ócáidí

agus imeachtaí a choinneoidh Doire ar an léarscáil mar phríomhcheannscríbe cultúir na hÉireann. I

measc na n-imeachtaí ceoil agus cultúir atá i ndán dúinn i mbliana tá: Féile Idirnáisiúnta Pan-

Cheilteach 22-27 Aibreán, Féile Snagcheoil Dhoire 1-5 Bealtaine, Maratón Dhoire 1 Meitheamh, Rás

Domhanda na gClipéar 20-29 Meitheamh, Féile Bhia Mara ‘Flavours of the Foyle’ 26-27 Iúil, Culture

Tech 15-21 Meán Fómhair, Oíche Chultúir 19 Meán Fómhair, Féile na Samhna 29 Deireadh Fómhair

- 2 Samhain, Féile Fhaisin Samhain 2014, Dhá Lá Déag na Nollag Nollaig 2014. Mar aon leis na féilte

móra beidh féile cheoil leictreonaí EDM, Tatú na Cathrach Múrtha, Celtronic agus a lán eile le teacht

Féile Pan-Cheilteach: I measc na mór-

imeachtaí atá geallta don bhliain seo tá

Féile Idirnáisiúnta Pan-Cheilteach 2014 a

bheas ar siúl sa chathair ón 22ú go dtí

an 27ú Aibreán. Mar chuid den fhéilire

imeachtaí tá Clár Teangacha Ceilteacha

geallta a chuirfidh blaschúrsaí sna

teangacha Ceilteacha mar aon le léachtaí

ar ár gcomhrsanaithe Ceilteacha ar fáil

ag Iarsmalann an Túir agus ag Cultúr-

lann Uí Chanáin i rith aimsir na féile.

Tuilleadh eolais: www.panceltic.ie

Féile Idirnáisiúnta Pan-Cheilteach Ceol, Cultúr agus Teanga

Rebekah Lawther agus Tyreece Smith—Bunscoil Lios Mhic Dhuibhleacháin, Doire

MAOINIÚ AR FÁIL: Tá Ciste Leagáide speisialta cruthaithe ag an Chomhairle Ealaíon agus

Comhairle Cathrach Dhoire le tacú le tionscnaimh pobail. Is féidir gach eolas a fháil ó Angela

Warren—Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann ag T: 028 9238 5226. Sprioc: 3ú Aibreán 2014

Page 3: Scáthán - Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire #20

...scáthán Lch 3

Seachtain na Gaeilge 2014 Féile Bheag na Leabhar

LÁ DOMHANDA NA LEABHAR Tugadh cuireadh do Ghaelscoileanna cheantar Chomhairle Cathrach

Dhoire theacht chuig ceiliúradh speisialta ar Lá Domhanda na Leabhar - Déardaoin 6 Márta 2014 -

le seó Lúrapóg Larapóg a fheiceáil ag Cultúrlann Uí Chanáin. Eagraíodh an t-imeacht seo ag

Comhairle Cathrach Dhoire i gcomhar le Cultúrlann Uí Chanáin mar chuid d’Fhéile Bheag na

Leabhar a bhfuil sé mar chuspóir aige leabhair, léitheoireacht agus scéalaíocht as Gaeilge a

cheiliúradh. Seoladh Féile Bheag na Leabhar don chéad uair anuraidh mar chuid d’fhéilire Chathair

Chultúir 2013 agus tá rún an fhéile a fhás agus a fhorbairt bliain sna blianta amach romhainn.

CEARDLANN SCÉALAÍOCHTA Chuir Gearóidín

Neidí Frainc, an scéalaí Gaeilge iomráiteach as

Gaeltacht Thír Chonaill ceardlann scéalaíochta

i láthair do pháistí ó na Gaelscoileanna ar

Lá Domhanda na Leabhar 2014.

Fillfidh Féile Bheag na Leabhar gach Seachtain

na Gaeilge as seo amach agus fáilteofar roimh

mholtaí feabhais ó scoileanna agus ón phobal.

Suzanne Ní Ghallchobhair agus taibheoirí óga Lúrapóg Larapóg

Gearóidín Neidí Frainc i mbun scéil

Page 4: Scáthán - Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire #20

...scáthán Lch 4

Seachtain na Gaeilge 2014 Scéim an Fháinne

COMHGHAIRDEAS le foghlaimeoirí na Gaeilge ón cheantar comhairle a mbronnadh fáinní agus

teastais orthu i ndiaidh dóibh dul faoi scrúdú béil mar chuid de chlár Sheachtain na Gaeilge 2014. Sa

ghrianghraf thuas tá foghlaimeoirí de chuid Chomhairle Cathrach Dhoire a ghnóthaigh suaithean-

tais ‘Cúpla Focal’ agus thíos tá grúpa foghlaimeoirí ó Chultúrlann Uí Chanáin (Coláiste an Phobail) a

ghnóthaigh suaitheantais ‘Cúpla Focal’, Fáinní Airgid agus Fáinní Óir - Maith sibh go léir! Más suim

leat fáil amach faoi chúrsaí Gaeilge i do cheantar féin tabhair cuairt ar Líofa: www.liofa.eu

Foghlaimeoirí Gaeilge ó Chomhairle Cathrach Dhoire

Lucht foghlamtha na Gaeilge ó Chultúrlann Uí Chanáin, Doire

Page 5: Scáthán - Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire #20

...scáthán Lch 5

Fóram Phobal na Gaeilge Bí linn ar líne

SEIRBHÍSÍ GAEILGE: An bhfuil a fhios agat go gcuireann

Comhairle Cathrach Dhoire réimse Seirbhísí Gaeilge ar

fáil? Tá líne ghutháin ar leith cruthaithe ag Comhairle

Cathrach Dhoire le gur féidir leat do ghnó a dhéanamh

trí Ghaeilge. Is féidir scríobh chuig an Chomhairle agus

freagra a fháil ar ais i nGaeilge; is féidir cruinniú a

iarraidh ar an Chomhairle trí Ghaeilge; is féidir leagan

Gaeilge de do shráidainm nó de d’ainm bóthair a fháil i

nGaeilge nó is féidir leagan Gaeilge de cháipéisí,

foirmeacha agus iarratais a fháil i nGaeilge ach iad a

iarraidh. Agus tá foireann na Comhairle Cathrach ag

foghlaim Gaeilge, rud a chuirfidh le cumas na foirne

amach anseo bheith in ann déileáil níos fearr le

hiarratais ón phobal ar eolas agus sheirbhísí i nGaeilge.

Gaeilge & Fáilte Seirbhísí Gaeilge ó Chomhairle Cathrach Dhoire

Bí ar an eolas is déanaí - www.facebook.com/foramphobalnagaeilge

Ar mhaith leat bheith ar an eolas is déanaí faoi shaol na Gaeilge i nDoire? Brúigh ’Is maith liom’ ar

leathanach Facebook Fhóram Phobal na Gaeilge-Doire le bheith ar an eolas is déanaí faoina bhfuil

ag tarlú sa cheantar ó thaobh imeachtaí, ranganna is ciorcail chomhrá de. Eagraíonn Fóram Phobal

na Gaeilge cruinniú gach ráithe le deis a thabhairt do ghrúpaí agus dhaoine aonair atá ag obair in

earnáil na Gaeilge go háitiúil theacht le chéile. Más maith leat bheith ar an liosta le heolas a fháil

faoi faoin fhóram déan teagmháil le Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, [email protected]

Tuilleadh eolais: Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge,

Comhairle Cathrach Dhoire, 98 Bóthar na Trá, Doire

BT48 7NN, T: 028 71 376 579, [email protected]

Page 6: Scáthán - Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire #20

...scáthán Lch 6

Áis nua do mhúinteoirí ó Chomhairle Cathrach Dhoire Fáilte Isteach i mo Shaol

Foilseacháin nua ó Chomhairle Cathrach Dhoire Scéal na Gaeilge

Fáilte Isteach I mo Shaol: Tá pacáiste

acmhainní nua i nGaeilge seolta ag

Comhairle Cathrach Dhoire le tacú le

Gaelscoileanna sa cheantar feasacht ar

éagsúlacht chultúrtha a mhúscailt i measc

páistí. Tá an áis dírithe ar pháistí in

Eochairchéim 1 agus 2 agus tá sé de

chuspóir aici tacú le múinteoirí in earnáil

an Ghaeloideachais cuidiú le páistí

foghlaim faoi éagsúlacht cultúrtha. Tá

foireann babógaí ar fáil fosta a ghabhann

leis an phacáiste atá ar fáil ar iasacht

díreach ón Oifigeach Gaeilge.

LEABHRÁN NUA AR FÁIL: Anuraidh chuir Comhairle Cathrach

Dhoire leabhrán fá stair na Gaeilge i nDoire dar teideal Scéal

na Gaeilge le chéile. D’oibrigh taidhdeoir go dlúth le pobal na Gaeilge sa cheantar comhairle le

stair na teanga sa cheantar a thaifeadadh. Bhain Comhairle Cathrach Dhoire feidhm as an ábhar

taighde le taispeántas nua a chur le chéile agus le leabhar a scríobh. Tá cóipeanna den leabhar

ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla saor in aisce ó Oifigeach Gaeilge na Comhairle Cathrach. Mar

aon leis na leabhair agus an taispeántas rinneadh agallaimh le daoine áirithe ó phobal na

Gaeilge go háitiúil agus tá na hagallaimh seo ar fáil trí chuairt a thabhairt ar chartlann phobail

BT Portrait of a City http://archive.btportraitofacity.com/ faoin nasc ‘Scéal na Gaeilge’.

Faigh cóipeanna de na foilseacháin seo ó: Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach

Dhoire, 98 Bóthar na Trá, Doire BT48 7NN, T: 028 71 376 579, [email protected]

Page 7: Scáthán - Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire #20

...scáthán Lch 7

Seirbhísí Gaeilge

Seirbhísí Gaeilge

Chomhairle

Cathrach Dhoire

curtha ar fáil le

caoinmhaoiniú ó:

Pól Ó Frighil

Oifigeach Gaeilge

Comhairle Cathrach Dhoire

98 Bóthar na Trá

Doire BT48 7NN

T: (028) 71 376 579

[email protected]

www.derrycity.gov.uk/gaeilge

FÁILTE roimh thuairimí agus mholtaí ar a bhfuil sa nuachtlitir seo. Má tá

seirbhís uait i nGaeilge nach bhfuil ar fáil faoi láthair tabhair le fios dúinn. Má

tá foirm uait i nGaeilge téigh chuig www.derrycity.gov.uk/gaeilge áit a bhfuil

foirmeacha coitianta na Comhairle Cathrach ar fáil i nGaeilge. Má tá eolas uait

ar aon seirbhísí eile sa Chomhairle Chathrach déan teagmháil linn. Má tá

formáid eile den nuachtlitir ag teastáil uait, bí i dteagmháil linn.

Bí linn ar líne www.facebook.com/foramphobalnagaeilge

Comhairliúchán Polasaí Sráidainmneacha agus Ainmneacha Bóthar

COMHAIRLIÚCHÁN: Ba mhaith le Comhairle Cathrach Dhoire tuairimí an phobail a mheas maidir

lena dréachtpholasaí faoi shráidainmneacha agus ainmneacha bóthar. Cuirfidh Gaeilgeoirí suim

sa bheartas seo mar go bhfuil ainmneacha dátheangacha pléite sa cháipéis. Is féidir leat na

cáipéisí ar fad a íoslódáil ó shuíomh idirlín na Comhairle ag: www.derrycity.gov.uk/equality

agus má tá tuairimí ar an ábhar ba mhaith leis an Chomhairle do chuid tuairimí a fháil. Má tá

ceist ar bith agat faoi aon ghné den phróiseas gabh i dteagmháil le Jim Gallagher, T: (028) 71

365151 nó seol ríomhphost chuig [email protected]. SPRIOC: 30 Bealtaine 2014