Upload
truongphuc
View
257
Download
3
Embed Size (px)
Citation preview
Setanta IVSetanta IV
1
Ceacht 30 Cainteoir úr - líne úr.
Scríobh an t-alt seo leis na comharthaí poncaíochta is
ceart, agus an t-alt leagtha amach mar is ceart.
Cé rinne sin arsa Méabh nuair a bhuail an chloch an fear
mór. Níl a fhios agam arsa Mac Roth tháinig sé ó bharr an
chnoic sin thall. Mise a rinne é arsa Cú Chulainn agus
mholfainn duit agus d'arm s'agat filleadh abhaile. Cé a
shíleann tú is tú? Is mise Méabh banríon na gConnachtach
agus níl ionat ach gasúr beag gan úsáid. An dá thuras ort!
arsa Cú Chulainn agus thosaigh sé ag caitheamh na gcloch
ar Mhéabh agus ar a harm. Cuir stad leis an fhear sin arsa
Méabh agus a sáith feirge anois uirthi. Cuir stad leis nó
beidh muid uilig marbh aige.
Pointe gramadaí le treisiú:
Na briathra mírialta san Aimsir Chaite.
Chuaigh na blianta thart. D'fhás an gasúr aníos. Ní Setanta
a bhí anois air, ach Cú Chulainn. Bhí Cú Chulainn cróga
agus calma. Tháinig fir a throid leis. Rinne siad iarracht ach
chuaigh siad ar ais agus iad buailte. Chonaic siad Cú
Chulainn agus tháinig eagla orthu. Dúirt Cú Chulainn leo
nach raibh troid uaidh.
dúirt mé chonaic siad chuala sí
thug siad rinne tú d'ith siad
fuair sé tháinig siad chuaigh siad
Setanta IVSetanta IV
2 59
Ceacht 29 Briathra leis an réamhfhocal ar
Amharc ar na frásaí seo agus críochnaigh iad ar do
rogha dóigh.
1. Thosaigh mé ar
2. Chuimhnigh mé ar
3. Casadh an cailín orm.
4. Bhuaigh muid orthu.
5. Bíonn sí ag cur isteach orm.
6. Tugadh leasainm orm.
7. Rug mé ar an liathróid.
8. Theip ort sa scrúdú.
9. Scairt sí orm.
10. D'iarr sé orm
Pointe gramadaí le treisiú:
An t-ainmfhocal (firinscneach agus baininscneach).
Bhí banríon i gConnachta ag an am seo. Méabh an t-ainm
a bhí uirthi. Bean láidir chruálach a bhí ann. Bhí maoin an
tsaoil aici. Bhí fear aici a raibh Ailill air. Bhí sé féin an-
saibhir go deo. Ba mhinic an bheirt acu ag argóint faoin
airgead agus faoin saibhreas a bhí acu.
"Tá i bhfad níos mó agam ná mar atá agat féin," a dúirt
Méabh leis lá.
banríon an bheirt cruálach
an bhanríon maoin airgead
saibhir an t-airgead
Setanta IVSetanta IV
358
Thug siad beirt a saibhreas go dtí caisleán Mhéabha. Chuir
siad coirn, slabhraí, ornáidí agus dealga ar an bhord. Bhí an
oiread céanna acu beirt. Chomhair siad na ba, na muca
agus na capaill a bhí acu agus arís bhí an uimhir chéanna
acu. Ach thug Ailill faoi deara go raibh rud aige nach raibh
ag Méabh. Bhí tarbh aige! Bhuail taom feirge Méabh. Bhí an
bua ag Ailill.
Ceacht 28
Cuir isteach lánstad, comhartha ceiste nó comhartha
uaillbhreasa.
*1. An dá thuras ort
*2. Chan ag magadh atá sé
*3. Mínítear na ceisteanna go soiléir
*4. Fuair mé an nuacht go mall aréir
*5. Slán an scéalaí
*6. Cé dúirt leat go raibh mé tinn
*7. Ní fear mór é, an ea
*8. Go stróca tú is go stialla tú é
*9. Faightear móin sa phortach
*10. Ní gan fáth a rinne sé é
*11. An bhfaca tú sin
*12. Tórramh portáin ort
*13. Ní raibh an t-ádh leis le fada
*14. Briseadh isteach sa teach aréir
*15. Druidtear an scoil gach lá
*16. Seasamh fada ar chosa laga chugat
*17. An maith leat uisce fuar
*18 Go Corcaigh a chuaigh sé inné
*19. Bás na bpisín chugat
*20. An raibh a fhios agat sin
bhuail sí ghlan sí thug sí
thóg sí chomhair sí d'éist sí
chuir sí d'imigh sí
Pointe gramadaí le treisiú:
An Aimsir Chaite --- le séimhiú.
Setanta IVSetanta IV
4 57
Ceacht 27 An Tuiseal Ginideach
Scríobh na habairtí leis an fhoirm cheart de na focail atá
idir lúibíní.
1. Sheas siad i lár (an tsráid).
2. Tháinig an cuairteoir i lár (an tseachtain).
3. Bhí an múinteoir ag doras (an scoil).
4. Sheas an bhean óg ar bord (long).
5. Bhí na buachaillí ag imirt (peil).
6. Bhí siad ag bualadh (an liathróid).
7. Bhí solas (an ghrian) an-gheal ar maidin.
8. D'éirigh mé amach as an leaba ar béal (maidin).
9. Tús maith leath (an obair).
10. Bhí siad ag ithe (an t-arán).
11. Bhí sé ag cur (fearthainn) aréir.
12. Sin é teach (an múinteoir).
13. Chonaic mé madadh nua (an buachaill).
14. Bíonn an Nollaig ann ag deireadh (an bhliain).
15. Bhí gasúir (an scoil) i lár (an pháirc).
Bhí Méabh ar buile leis an fhearg a tháinig uirthi. Shiúil sí
chuig an fhuinneog. D'amharc sí síos ar an pháirc. Chonaic
sí a teachtaire Mac Roth ann. Chuir sí fios ar an fhear.
"Cá bhfaighinn tarbh chomh maith leis an cheann atá
ag Ailill?"
"Níl ach tarbh amháin atá inchurtha leis. Tá an tarbh
sin i gCuailgne i gCúige Uladh. An Donn Cuailgne atá air,"
arsa Mac Roth.
"Cé leis an tarbh?" arsa Méabh.
"Is le fear a bhfuil Dáire air é."
ag an fhear leis an cheann leis an fhuinneog
ag an gheata leis an fhearg ar an bhord
chuig an fhuinneog
Pointe gramadaí le treisiú:
An Tuiseal Tabharthach.
Setanta IVSetanta IV
556
"Caithfidh mé an tarbh sin a fháil. Imigh leat gan mhoill
agus ceannaigh an tarbh más féidir," arsa Méabh.
D'imigh Mac Roth leis. Labhair sé le Dáire agus rinneadh
margadh. Bhí go maith is ní raibh go holc. Thug Dáire féasta
dó. Bhí Mac Roth súgach go maith faoin am seo agus ar
seisean,
"Is maith an rud gur dhíol tú an tarbh linn. Mura ndíolfá,
thiocfadh sí agus thógfadh sí léi é."
"Sin rud nach ndéanfadh sí ná duine ar bith eile
agaibh, nó ní ligfeadh an rí Conchúr mac Neasa di!" arsa
Dáire.
Ceacht 26
Mínigh na seanfhocail seo.
1. Is fearr clú maith ná saibhreas an domhain.
2. Ní bhíonn fear náireach éadálach.
3. Is buaine clú ná saol.
4. Seanamadán an t-amadán is measa.
5. Ní ualach do dhuine an fhoghlaim.
6. Is fada a leanas an dúchas.
7. Drochubh drochéan.
8. Aithníonn ciaróg ciaróg eile.
9. Tá nead bheag níos teo ná nead mhór.
10. Ní fheiceann an duine a locht féin.
dhéanfadh sí ligfeadh sí thiocfadh sí
bhrisfeadh sé thógfadh sí dhíolfadh sé
rithfeadh sé
Pointe gramadaí le treisiú:
An Modh Coinníollach.
Setanta IVSetanta IV
6 55
Ceacht 25
Scríobh san Aimsir Chaite san Fhoirm Dhiúltach.
1. Tógfaidh muid an bothán sin.
2. Déanfaidh sí a hobair baile.
3. Feicfidh tú an cluiche iomána.
4. Críochnóidh mé an obair go mall.
5. Scaipfear soir siar iad.
6. Éireoidh sibh ar a hocht.
7. Ólfaidh an leanbh go leor bainne.
8. Léifidh an mac léinn an nuachtán.
9. Rachaidh Caoimhín go Corcaigh ag deireadh na
seachtaine.
10. Tiocfaidh Liam go Béal Feirste Dé Máirt.
Tugadh bata is bóthar do Mhac Roth. Chuaigh sé caol
díreach ar ais chuig Méabh.
"Ní dhíolfaidh sé an tarbh! Beidh daor air. Rachaidh
mé chucu faoi rún. Tiocfaidh mé aniar aduaidh orthu. Íocfaidh
siad go daor as an mhasla seo. Gheobhaidh mé laochra
Chonnachta le chéile. Beidh orm a bheith cliste. Glaoigh ar
an draoi. Tá gnó agam leis," arsa an bhanríon.
díolfaidh sé íocfaidh siad rachaidh sé
beidh mé tiocfaidh mé déanfaidh mé
gheobhaidh mé feicfidh mé déarfaidh mé
Pointe gramadaí le treisiú:
An Aimsir Fháistineach agus an Modh Coinníollach.
Setanta IVSetanta IV
754
Tháinig an draoi a fhad léi. Mhínigh sí dó go raibh fadhb aici.
Dúirt sí leis go raibh sí ag dul a throid leis na hUltaigh. Dúirt
sí leis go raibh an bua de dhíth uirthi. Thuig an draoi seo
agus mhínigh sé di go raibh sé ábalta codladh draíochta a
chur orthu.
Ceacht 24 An Tuiseal Tabharthach
Ceartaigh más gá.
*a. ar an bhuachaill *b. as bhaile
ag an ghasúr ar an hardán
leis an cat leis an fear
faoin tábla den leabhar
don fhilíocht faoin thuath
*c. san dath *d. ag an bhainis
don fíon ag an cluiche
ag an fiaclóir sa cistin
sa cuibhreann le na mná
don seanbhean ar an úll.agam agat aige aici
dom duit dó di
Pointe gramadaí le treisiú:
Na réamhfhocail shimplí seo thuas a úsáid i samplaí.
Setanta IVSetanta IV
8 53
Ceacht 23
Ainmfhoca i l Fh i r inscneacha agus A inmfhoca i l
Bhaininscneacha.
Déan dhá liosta agus cuir an dá inscne ina liosta féin.
an bhróg an deasc
an crann an leabhar
an fhuinneog an chasóg
an rinceoir an mála
an bád an tine
an fear an fíon
an trá an fhadhb
an pháirc an t-uisce
an gual an seomra
an tAifreann an carr
an tsráid an rothar
an lá an ordóg
an tseachtain an chailc
an scoil an bhainis
Ag an am seo bhí fleá agus féasta ag na hUltaigh in
Eamhain Macha. Dún mór láidir daingean a bhí ann. Bhí
arm na nUltach go léir ann. Bhí siad ag ól agus ag ceol. Bhí
rogha gach bia agus togha gach dí ann. Nuair a d'ól siad
fíon thit siad ina gcodladh. D'imir an draoi a chleas orthu.
Thit gach duine ina chodladh ach fear amháin.
d'ól siad chaoin siad thit siad
d'imir siad cheol siad bhuail siad
d'ith siad chaith siad chnag siad
Pointe gramadaí le treisiú:
Dul siar ar an aimsir chaite agus séimhiú.
Setanta IVSetanta IV
952
Ceacht 23
Cuir isteach comharthaí poncaíochta.
*1. Níl mé cinnte faoi sin arsa Ailill
*2. Theip orm sa phlean sin arsa Méabh
*3. Cá ndeachaigh an tarbh arsa Mac Roth
*4. Thaitin an leabhar liom arsa Liam
*5. Ná bain leis an iarann te arsa Ferdia
*6. Thug an cú sin fúm arsa Colm
*7. Bhuail mé le Colm inné arsa Setanta
*8. Inis dúinn cad é a tharla arsa Méabh
*9. Gheall sé dom go mbeadh sé ann in am arsa Conchúr
*10. Bíonn fear ann chun aire thabhairt dó arsa Aintín Úna
an fear na fir
airde an fhir dún na bhfear
ag an fhear ag na fir
a fhir a fheara
Pointe gramadaí le treisiú:
Deilbhíocht an ainmfhocail.
Cú Chulainn an t-ainm a bhí ar an fhear sin. Fear mór láidir.
Bhí sé róláidir don draíocht. Togha fir a bhí ann. Bhí sé níos
láidre ná na fir eile. Bhí an deoch dhraíochta ag obair ar na
fir eile faoin am seo. Mheas Méabh go mbeadh sí slán ach
ní raibh a fhios aici go raibh Cú Chulainn múscailte go fóill.
Setanta IVSetanta IV
10 51
Ceacht 21
Cuir isteach an fhoirm cheart den fhocal fear sna
habairtí seo a leanas.
1. Chonaic mé ______ beag ag obair ann.
2. Bhí na ______ ag ól sa teach.
3. Ní bhíonn obair na ______ déanta in am ar bith.
4. A ______, tagaigí anseo anois!
5. Nach maith iad na ______ sin?
6. A ______ bhig, cad é atá ort?
7. Chaill mé leabhair na ______ sin.
8. Bhí casúr an ______ ina luí ar an bhóthar.
9. Bhí Méabha ag caint leis an ______ sin.
10. An raibh tú leis na ______ aréir?
Chruinnigh Méabh arm s'aici le chéile. Bhí fir mhóra agus fir
bheaga ann. Bhí fir óga agus fir nach raibh chomh hóg sin
ann. Tháinig siad le chéile agus ar aghaidh leo. Thaistil siad
go cionn seachtaine. Ní raibh an aimsir go maith. Bhí siad
fuar agus fliuch agus tuirseach ar an bhóthar. Bhí na
hoícheanta fuar agus na laethanta dorcha.
fir mhóra báid bheaga
fir bheaga boird mhaithe
capaill bhána gasúir mhóra
crainn ghlasa focail fhada
Pointe gramadaí le treisiú:
Séimhiú ar an aidiacht san uimhir iolra.
Setanta IVSetanta IV
1150
Nuair a bhain siad Cúige Uladh amach bhí laochra Uladh
ina gcodladh go fóill. Bhí imní ar Chú Chulainn mar nach
raibh tacaíocht ar bith aige.
"Ní minic fear náireach éadálach," arsa an Cú leis féin.
"Beidh orm mo chairde a chosaint. Déanfaidh mé mo chuid
arm a chruinniú."
Rinne sé amhlaidh. Nuair a bhí sin déanta d'fhan sé le harm
Mhéabha.
Ceacht 20
Scríobh an t-alt seo arís ag cur isteach na gcomharthaí
poncaíochta mar is cóir.
tháinig an dá laoch le chéile ag an abhainn a fherdia a chara
is oth liom seo a dhéanamh ach níl an dara suí sa bhuaile
againn arsa cú chulainn bheadh náire go deo orainn beirt
mura dtroidimis le chéile tuigim sin go maith a chara ach ta
se doiligh agam gan cuimhniú ar na laethanta sona a bhí
againn beirt i bhfad ó shin agus muid ar altramas le chéile
arsa ferdia chroith siad lámh lena chéile agus chuaigh
amach go lár na habhann áit ar thosaigh an troid mhair an
troid trí lá agus ba mheasa i bhfad an tríú lá ná an chéad lá.
déanaim ag déanamh rinne mé
déanfaidh mé déanta dhéanfainn
Pointe gramadaí le treisiú:
Cleachtaí a bhunú ar 'déan '.
Setanta IVSetanta IV
12 49
Ceacht 19
Scríobh na habairtí seo san fhoirm cheisteach.
1. Déanfaidh sé an obair amárach.
2. Díolfaidh sé na ba ar an aonach.
3. Rachaidh mé go Baile Átha Cliath Dé Sathairn.
4. Tiocfaidh Seán ar cuairt anocht.
5. Gheobhaidh sé obair baile ag deireadh an lae.
6. Íocfaidh siad go daor as sin a dhéanamh.
7. Beidh leabhar le léamh aige.
8. Feicfidh muid an scannán anocht.
9. Déarfaidh Síle a paidreacha anocht.
10. Tabharfaidh mé bronntanas di amárach.
D'fhan Cú Chulainn sa bhearna. Níorbh fhada gur tháinig
arm Mhéabha. Bhí na mílte acu ann. Bhí a chroí ina bhéal
ag Cú Chulainn. Thug sé ruball a shúile thart agus chonaic
sé cloch mhór ar an talamh. Cloch bhreá throm a bhí ann.
Thóg sé bun na cloiche agus chaith sé uaidh í. Thit an
chloch sa mhullach orthu. Maraíodh roinnt acu.
an chloch na clocha
bun na cloiche bun na gcloch
ag an chloch ag na clocha
Pointe gramadaí le treisiú:
Deilbhíocht an ainmfhocail sa dara díochlaonadh.
Setanta IVSetanta IV
1348
Ceacht 18
Cuir isteach an síneadh fada.
*1. Ta se ag leamh an leabhair.
*2. Sheas Cu Chulainn in aice an tsleibhe.
*3. Leigh Meabh an teachtaireacht a thainig chuici.
*4. Lean an comhrac ar feadh tri la eatarthu.
*5. Stad Cu Chulainn den troid go cionn nóiméidín.
*6. Bhi Meabh i gcruachas aris.
*7. B'eigean don laoch breag a inse di.
*8. B'fhearr lei saighdiuir amhain a chailleadh gach la.
*9. Chuir si teachtairi chun an tarbh a fhail.
*10. Ba leir do go bhfuair a chara bas.
i mo chodladh inár gcodladh
i do chodladh i bhur gcodladh
ina chodladh ina gcodladh
ina codladh
Pointe gramadaí le treisiú:
Na hAidiachtaí Sealbhacha.
Nach orthu a bhí iontas an domhain! Bhí fearg as cuimse ar
Mhéabh. Dar léi go raibh fir Uladh ina dtoirchim suain. Chuir
sí fios ar an draoi. Bhí sí ar buile leis an draoi.
"Dúirt tú liom go raibh siad go léir ina gcodladh! Cé hé
an laoch sin?"
"Níl sé ina chodladh mar nach féidir liom draíocht a
chur air. Tá sé róláidir! Cú Chulainn atá air."
Setanta IVSetanta IV
14 47
Ceacht 17
Scríobh na focail seo san Uimhir Iolra.
1. cos, béal, lámh, ceann, méar.
2. bróg, cóta, hata, geansaí, léine.
3. teach, coill, páirc, bó, teilifíseán.
4. craolachán, guthán, bád, carr, leoraí.
5. maidin, lá, tráthnóna, seachtain, bliain.
6. liathróid, camán, slat, crann, mac.
7. gleann, guth, mí, am, rud.
8. aill, aois, caint, duais, oifig.
9. arán, casúr, cnoc, cupán, gort.
10. rinceoir, cainteoir, feirmeoir, péintéir, táilliúir."Níl ann ach laoch amháin!" arsa an draoi. "Stopfaidh
cúpla laoch dár gcuid é."
Rinne siad ionsaí air ach mharaigh sé iad go léir. Maraigh
sé ocht gcinn acu le chéile. Bhí náire ar Mhéabh. Shéid sí
ar adharc agus chúlaigh a laochra. Bhí radharc uafásach
ann. Bhí an talamh ar maos le fuil.
adharc radharc damhsa ramhar
slaghdán Samhradh aghaidh domhan
Pointe gramadaí le treisiú:
An réamhfhocal simplí 'ar' a scrúdú.
Setanta IVSetanta IV
1546
Ceacht 16
Mínigh na seanfhocail seo.
1. As na bailte beaga a níthear na bailte móra.
2. Ní fhaigheann duine eolas in aisce.
3. Is trian den obair tús a chur.
4. An té nach gcuireann san earrach ní bhaineann sé
san fhómhar.
5. Fear óg falsa, seanfhear bocht.
6. Beagán go minic a líonas an sparán.
7. Is fusa scaipeadh ná cruinniú.
8. Is fearr sona ná saibhir.
9. Marbh le bród is marbh le bochtanas.
10. Is é do phóca do chara.
gan dabht comhartha dabhach dochar
comhairle saighdiúir amharc amháin
Pointe gramadaí le treisiú:
Tá . . . . . orm . M.sh. brón, imní, tuirse , srl.
Tús maith leath na hoibre, dar le Cú Chulainn, agus é ag
amharc ar an dochar a bhí déanta aige. Bhí imní anois ar
Mhéabh gan dabht. D'iarr sí comhairle ar an draoi. An raibh
comhartha ar bith ann? An raibh saighdiúir ar bith aici a bhí
inchurtha le Cú Chulainn?
"Tá fear amháin agat," arsa an draoi, "agus Ferdia atá
air."
Setanta IVSetanta IV
16 45
Ceacht 15 An Tuiseal Ginideach.
Scríobh an fhoirm cheart den fhocal idir lúibíní agus
scríobh an abairt amach mar is cóir.
1. Sin iad bróga (an gasúr).
2. Chonaic mé nead (an t-éan).
3. Mhothaigh Cú Chulainn arm (Méabh).
4. Sin freagra (an cheist).
5. Bhí siad ag troid ag bun (an cnoc).
6. Tá crann ag fás ag bun (an gairdín).
7. Bhí gúna (an cailín) salach.
8. Chonaic Setanta óg seo (an bád).
9. Throid an dá laoch i lár (an abhainn).
10. Tá béal (an buachaill) ag cur fola.
Pointe gramadaí le treisiú:
An Aimsir Fháistineach --- an fhoirm cheisteach.
Cuireadh fios ar an laoch. Tháinig sé chuici.
"An dtroidfidh tú le Cú Chulainn?" arsa an bhanríon
leis.
"Ní féidir liom. Is cairde sinn."
"An bhfuil tú ag inse dom go bhfuil sé róláidir agat?"
Thosaigh Méabh ag magadh faoi ach ba chuma le Ferdia.
"Is cladhaire thú!" arsa an bhanríon.
"Ní hea, ach cara maith," arsa an laoch.
an ndéanfaidh tú? an gcluinfidh tú? an dtiocfaidh tú?
an gcaillfidh tú? an ndruidfidh tú? an bhfeicfidh tú?
an dtabharfaidh tú?
Setanta IVSetanta IV
1744
Ceacht 14 An Tuiseal Tabharthach.
Leanann séimhiú na réamhfhocail shimplí agus an t-alt
uatha.
Mar shampla:
a. ar an chrann c. den gheata
b. ag an bhord d. chuig an pháirc
Scríobh an fhoirm cheart den ainmfhocal.
1. ag an : bata, buachaill,cailín, bord.
2. ar an : cathaoir, talamh, capall, doras.
3. ag an : geata, pictiúrlann, bialann, sliabh.
4. leis an : fear, bean, eagla, freagra.
5. faoin : muinéal, Cáisc, srón, loch.
6. as an: focal, baile, coill, áit.
7. den : geata, teach, lá, píopa.
8. ón : díon, plúr, póca, rás.leis an bhéal ag an gheata ón choill ó mhaidin
ar an chara roimh Fherdia faoin bhord trí Ghaeilge
Pointe gramadaí le treisiú:
Dul siar ar an Tuiseal Tabharthach.
Thriail Méabh Ferdia a mhealladh leis an bhéal bhán. Sa
deireadh ghéill sé di agus ar aghaidh leis a fhad leis an áit
a raibh Cú Chulainn. Bhí leisc ar an laoch seo a dhéanamh.
Bhí imní ar Chú Chulainn. Seo cara s'aige. Ní raibh fonn
troda air.
"Ní mian liom seo a dhéanamh," arsa Ferdia.
Setanta IVSetanta IV
18 43
Ceacht 13
Scríobh an t-alt seo arís ag cur isteach na poncaíochta
mar is cóir.
shuigh cú chulainn ar bharr an chnoic bhí imní air ní
fhaca sé an oiread sin laochra riamh cad é a dhéanfaidh
mé ar seisean os ard leis féin tháinig arm mhéabha
níos cóngaraí dó d'éirigh sé ina sheasamh stadaigí
anois ar seisean in ard a chinn nó beidh daor oraibh
bhris méabh amach ag gáire go dímheasúil cad é is
féidir le stócach a dhéanamh inár gcoinne ar aghaidh
linn chrom cú chulainn anuas gur thóg sé cloch mhór
chaith sé í sa mhullach orthu maraíodh seisear acu an
stadfaidh sibh anois bhí fearg as cuimse ar an bhanríon.
"A Shetanta, a chara, ní thig liom troid a dhéanamh
leat. Is cairde sinn ach muna dtroidim leat beidh mé náirithe,"
arsa Ferdia.
"Is amhlaidh an cás liom féin, a chara. Níl an dara suí
sa bhuaile againn."
Thosaigh an troid go mall fadálach. Ní raibh croíthe na
laochra sa troid. Thosaigh arm Mhéabha ag maslú Fherdia.
D'éirigh an troid fíochmhar.
a Choilm a Phóil a Sheáin A Fherdia
a Mhéabh a chara a bhean a mhic
Pointe gramadaí le treisiú:
An Tuiseal Gairmeach.
Setanta IVSetanta IV
1942
Ceacht 12 An Tuiseal Gairmeach.
Athscríobh na habairtí seo ag baint úsáide as an Tuiseal
Gairmeach.
*1. "Ferdia, cá bhfuil tú ag dul?"
*2. "Colm, ar mhaith leat cluiche iomána?"
*3. "Cú Chulainn, tá arm Mhéabha ann."
*4. "Méabh, chonaic mé Ailill."
*5. "Seán, ar léigh tú an scéal?"
*6. "Síle, tá Róise do do lorg."
*7. "Pól, tá an obair déanta."
*8. "Máire, an ndearna tú cupán tae?"
*9. Tomás, ní bheidh mé ar scoil inniu."
*10. "Liam, tá do chara ag an doras."
fear ag bualadh an fhir
laoch ag gortú an laoich
doras ag druid an dorais
fuinneog ag glanadh na fuinneoige
Pointe gramadaí le treisiú:
An tAinm Briathartha + an tuiseal ginideach.
Bhí siad ag troid trí lá. Bhí fear amháin ag bualadh an fhir
eile. Bhí laoch amháin ag gortú an laoich eile. Throid siad
ar feadh lae. Stad siad go mall an oíche sin. Bhí an bheirt
gortaithe go dona. Rinne siad tine agus shuigh siad síos.
Thug siad deoch dá chéile. D'ith siad bia le chéile.
Setanta IVSetanta IV
20 41
Ceacht 11
Na hAidiachtaí Sealbhacha, i + Ainm Briathartha.
Cuir isteach i mo, i do, ina, inár nó in bhur sna bearnaí,
agus déan aon athrú is gá ar na focail idir lúibíní.
1. Tá Seán _____ (cónaí) i mBéal Feirste.
2. Bhí Mac Roth _____ (suí) ar an chathaoir.
3. Bhí Méabh _____ (seasamh) ar bharr an chnoic.
5. Bhí na gasúir _____ (codladh) aréir.
6. Bhí Conchúr mac Neasa _____ (suí) i lár an urláir.
7. Cá raibh Ailill _____ (cónaí)?
8. Bhí na feirmeoirí _____ (seasamh) ag an gheata.
9. Bhí Méabh _____ (dúiseacht) go luath an lá sin.
10. Bhí Ferdia _____ (suí) ar an bhruach.
D'éirigh an bheirt acu an lá arna mhárach. Dúirt Cú Chulainn
go raibh imní air, agus go raibh air a chara a mharú. Mhínigh
Ferdia dá chara nach mbeadh sé marbh ag deireadh an lae
ach go mbeadh Cú Chulainn sínte ar an talamh roimhe. Bhí
scaifte ar thaobh an átha ag féachaint orthu. Throid siad cos
le cois agus corp le corp. Mhair an troid lá eile.
lá laethanta corp coirp fuil na gcorp
lár an lae mhínigh sé ag féachaint
Pointe gramadaí le treisiú:
Claoninsint.
Setanta IVSetanta IV
2140
Throid siad chomh fíochmhar sin gur briseadh a gcuid
claimhte. Buaileadh Ferdia go holc. Gortaíodh Cú Chulainn.
Chonacthas go raibh an troid ag dul in olcas. Níor maraíodh
duine ar bith. Tugadh faoi deara go raibh fuath anois acu dá
chéile. Ag deireadh an lae sin níor cuireadh luibheanna ná
bia anonn ná anall dá chéile.
Ceacht 10
Mallachtaí agus Beannachtaí.
Sa teanga Gaeilge tá a lán cor cainte a bhfuil baint acu le
dea-mhian agus drochmhian. Seo thíos cuid acu. Pléigh
leis an mhúinteoir iad.
1. Grásta Dé chugainn agus bás in Éirinn!
2. Go maire tú is go gcaithe tú é!
3. Go maire an lánúin a saol úr!
4. Do Dhia is do Mhuire tú!
5. An dá thuras ort!
6. Scrios ón Ardrí go dtite ar do dhream!
7. Luí gan éirí chugat!
8. Dia idir sinn agus an urchóid!
9. Scread mhaidne ort!
10. Maise lá fuar ort!
buaileadh chonacthas rinneadh gortaíodh
tugadh cuireadh tógadh fuarthas
Pointe gramadaí le treisiú:
An Briathar Saor.
Setanta IVSetanta IV
22 39
Ceacht 9
Cuir "Dúirt sé" roimh na habairtí seo a leanas agus
athraigh dá réir.
1. Bhí sé tinn aréir.
2. Fuair sé leabhar nua.
3. Thuig mé an dán sin.
4. Rinne Seán an gníomh sin.
5. Thug Dáire an tarbh dó.
6. Chuala sé ceol binn na n-éan.
7. Chonaic Cú Chulainn arm Mhéabha.
8. D'ith Mac Roth bia sa dún.
9. Tháinig arm Mhéabha a fhad le Cúige Uladh.
10. Chuaigh Cú Chulainn amach rompu.
Ní raibh arm ar bith fágtha ag Cú Chulainn ach an tsleá
dhraíochta, an Ga Bolga. Bhí draíocht nach beag ag baint
léi, an tsleá seo. Bhí leisc air a húsáid. Bhí eagla air go
mbeadh an dochar déanta aige. Bhí imní air roimh
chumhachtaí a airm ach bhí fearg air leis an bhanríon agus
lena harm.
bhí fearg air bhí náire air bhí tart air
bhí tinneas air bhí eagla air bhí leisc air
bhí áthas air bhí uafás air
Pointe gramadaí le treisiú:
Dul siar ar na mothúcháin.
Setanta IVSetanta IV
2338
Ceacht 8
Scríobh na habairtí seo san fhoirm cheisteach.
1. Is fear mór maith é.
2. Bhí siad ag an amharclann aréir.
3. Chonaic tú an scannán sin.
4. Chuala mé na héin ag ceol.
5. Ní fhaca mé an laoch rua.
6. Fuair mé deoch bainne inné.
7. Gheobhaidh mé pá ag deireadh na seachtaine.
8. Nigh mé m'aghaidh ansin.
9. Is iontach an duine é.
10. Ólfaidh Seán an cupán tae sin.
ar feadh tamaill i gceann uaire ar son Dé
i measc na gcapall i lár na habhann in aice láimhe
go ceann seachtaine ar fud na háite
Pointe gramadaí le treisiú:
An Tuiseal Ginideach --- na réamhfhocail chomhshuite.
Bhí na tonnta uisce dearg le fuil agus iad ag troid i lár na
habhann. Ghoin siad agus stróic siad a chéile. Bhí an
t-uisce ina chúr craorac timpeall orthu. Thóg Cú Chulainn
an Ga Bolga. Stad sé ar feadh tamaill bhig. Bhí uafás air.
Chaith sé an tsleá agus leag sé a chara. Ní raibh Ferdia in
ann é féin a chosaint. Thit sé maol marbh.
Setanta IVSetanta IV
24 37
Ceacht 7
Mínigh na seanfhocail seo.
1. Is fearr rith maith ná drochsheasamh.
2. An rud is annamh is iontach.
3. Ní bhíonn in aon rud ach seal.
4. Níor bhris focal maith fiacail riamh.
5. Filleann an feall ar an fheallaire.
6. Is gaire cabhair Dé ná an doras.
7. Tús maith leath na hoibre.
8. Is iomaí sórt duine ag Dia ann.
9. Is ait an mac an saol.
10. Bíonn adharca fada ar na ba thar lear.
Nach ar Chú Chulainn a bhí an brón. Chaoin sé uisce a
chinn. Chuaigh sé síos gur thóg sé a chara. Bhí uafás ar
Mhéabh. Bhí a laoch buailte. Shiúil Cú Chulainn go mall
brónach leis an chorp anall ar a thaobh féin den abhainn.Bhí
a chroí briste. Bhí an bhanríon an-uaibhreach dar leis. Ní
bheadh suaimhneas aigne air go deo arís.
uisce a chinn uaibhreach brónach
suaimhneas suaimhneas aigne
chaoin sé uafás buailte
Pointe gramadaí le treisiú:
An gaol idir ainmfhocal agus aidiacht: brón, brónach, srl.
Setanta IVSetanta IV
2536
Ceacht 6
Freagair na ceisteanna seo a leanas.
1. Cad é a dhéanfá dá mbeadh tart ort?
2. Cad é a dhéanfá dá mbeadh tuirse ort?
3. Cad é a dhéanfá dá mbeadh eagla ort?
4. Cad é a dhéanfá dá mbeadh ocras ort?
5. Cad é a dhéanfá dá mbeadh slaghdán ort?
6. Cad é a dhéanfá dá gcaillfeá deich bpunt?
7. Cad é a dhéanfá dá mbeadh airgead uait?
8. Cad é a dhéanfá dá mbeadh an scoil druidte?
9. Cad é mar a dhéanfá cupán tae?
10. Cad é a dhéanfá dá bhfágfá do lón sa bhaile?
laochra an t-iontas toirchim an t-uafás
suan mhúscail athrú
chomh lag le sop
Pointe gramadaí le treisiú:
Dul siar ar an Aimsir Chaite.
"Níl mé ábalta troid a dhéanamh níos mó," arsa Cú
Chulainn. "Gabh go teach an rí agus múscail na laochra."
Tháinig athrú mór ar chúrsaí an chatha. Bhí an toirchim
suain tar éis imeacht d'fhir Uladh. Mhúscail Conchúr Mac
Neasa. Nach air a bhí an t-iontas! Nach air a bhí an t-uafás!
"Cá bhfuil Cú Chulainn?" arsa Conchúr. Bhí Cú
Chulainn chomh lag le sop.
Setanta IVSetanta IV
26 35
Ceacht 5.
Cuir isteach an síneadh fada.
* Bhi Meabh agus a fear ceile ag caint oiche
amhain. Bhi argoint eatarthu. Duirt an bhanrion go
raibh sise nios saibhre na Ailill. Nior aontaigh a fear
ceile leis sin. Chomhair siad gach uile rud a bhi acu
beirt. Bhi an oiread ceanna acu ach bhi rud eigin ag
Ailill nach raibh ag a bhean. Bhi tarbh aige. Bhi
fearg uirthi. Scread si agus bheic si amach in ard a
cinn agus a gutha. Ni raibh foighid ar bith aici.
Chruinnigh na hUltaigh a neart. Thug siad ionsaí ar arm
Mhéabha. Bhí na Connachtaigh ag baint go dtáinig Cú
Chulainn amach i lár an chatha ar chúl an charbaid. Nuair
a chonaic na Connachtaigh teacht an laoich theith siad leo.
Ruaig na hUltaigh siar thar an tSionainn iad.
na hUltaigh na Connachtaigh theith siad
lár an lae lár an chatha ar chúl an charbaid
ruaig siad iad
Pointe gramadaí le treisiú:
Dul siar ar an Ghinideach.
Setanta IVSetanta IV
2734
Ceacht 4
Ceartaigh na habairtí más gá.
1. Is ceist fada í.
2. Is bean mhór maith í.
3. Siúil mé abhaile go mall aréir.
4. Ní maith liom an duine dolba sin.
5. Cé acu is fearr leat tae nó caífé?
6. Is fear chiúin é.
7. Scríobh sé filíocht deas.
8. Is fadhb an-mhór é.
9. Níl Cú Chulainn an fear a rinne é.
10. Tá sé gasúr maith.
stopaigí stadaigí tagaigí déanaigí
cuirigí bainigí druidigí brisigí
Pointe gramadaí le treisiú:
An Modh Ordaitheach.
Ag imeacht d'arm Mhéabha tháinig siad chuig Cuailgne
agus chonaic siad an Donn Chuailgne. Ábhar a sainte a bhí
ann.
"Tógaigí é!" arsa Méabh.
Rinne Dáire iarracht an tarbh a thabhairt leis.
"Stadaigí é sin! Bainigí a cheann de."
Rinne siad amhlaidh. Fágadh Dáire marbh ina ndiaidh.
Setanta IVSetanta IV
28 33
Ceacht 3
Scríobh na habairtí seo san Aimsir Fháistineach.
1. Rinne Cú Chulainn an troid leis.
2. Rith Mac Roth ar ais go Méabh.
3. Bhí maoin an tsaoil aici.
4. Thug siad an tarbh abhaile leo.
5. D'inis sé bréag don bhanríon.
6. D'fhan siad ar thaobh an átha.
7. D'iarr sí comhairle ón draoi.
8. Fuair Cú Chulainn deoch fíona.
9. Bhris siad isteach sa dún.
10. Phill Cú Chulainn abhaile go mall.
Tháinig Méabh abhaile sa deireadh. Bhí a harm briste,
brúite, brónach, buartha, buailte. Ach bhí an bhean féin
suarach, santach, salach, gránna. Bhí áthas an tsaoil uirthi.
Bhí na mílte marbh ach ba chuma léi. Bhí tarbh aici a bhí
níos fearr ná tarbh a fir.
"Níl tarbh s'agatsa chomh mór ná chomh láidir leis
seo," ar sise go huaibhreach.
briste brúite brónach buartha buailte
suarach salach santach salach gránna
Pointe gramadaí le treisiú:
Úsáid na haidiachta.
Setanta IVSetanta IV
2932
Ceacht 2 An Chopail
Líon isteach na bearnaí.
1. Cé hé sin? ______ Setanta ______ .
2. Cé hí sin? ______ Méabh ______.
3. An fear Setanta? ______, ach gasúr.
4. An olc an gníomh é? ______, go dona ar fad.
5. An leatsa an claíomh seo? Ní ______.
6. Nach iontach an tarbh é? Is ______, go díreach.
7. Cé acu fear nó bean an teachtaire? ______ fear _____.
8. An cailín é sin sa chlós? Ní ______ ach gasúr.
9. An bean dheas í? Ní ______, ach bean chruálach.
10. An duine olc an laoch? ______, ach duine breá.
Tá tarbh s'agam níos fearr ná sin," arsa Ailill. Tugadh an
tarbh ina láthair. An Fionnbheannach a bhí ar an tarbh seo.
Lig na tairbh búir astu nuair a chonaic siad a chéile. Tháinig
eagla ar Mhéabh agus ar Ailill. D'imigh siad leo amach as an
bhealach. Rinne an dá tharbh comhrac uafásach in aghaidh
a chéile. Níor stad an troid gur thit Fionnbheannach marbh.
na cait na cinn na goirt na leabhair
na dinnéir na héin na cupáin na béil
Pointe gramadaí le treisiú:
Ainmfhocail sa Chéad Díochlaonadh, caol san iolra.
Setanta IVSetanta IV
30 31
LLLLLLeeeeee
aaaaaabbbbbb hhhhhh aaaaaa rrrrrr OOOOOO iiiiii
bbbbbbrrrrrr
eeeeee
Ceacht 1
Cuir isteach na comharthaí cainte.
*1. Níor mhaith liom troid leat arsa Cú Chulainn.
*2. Tá i bhfad níos mó agam arsa Méabh.
*3. Ní shílim go bhfuil an ceart agat arsa Ailill.
*4. Ní dhíolfaidh sé an tarbh arsa Mac Roth.
*5. Beidh daor orthu arsa an bhanríon.
*6. Tá gnó agam leis an draoi ar sise.
*7. Is leis an fhear sin é arsa an draoi.
*8. Tá mé níos saibhre ná tú arsa Ailill.
*9. Cuir fios ar an draoi arsa Mac Roth.
*10. Caithfidh mé an tarbh sin a fháil ar sise.
Chaith Cú Chulainn seachtainí fada sa leaba ansin. Bhí sé
lag gan bhrí. Ní dhearna sé dearmad dá chara. Ní tháinig
leis a bheith suaimhneach ina intinn féin. Ní raibh sé gan
buaireamh faoi. Ní fhaca sé ná níor chuala sé a chairde eile
go ceann i bhfad ina dhiaidh sin. Ach diaidh ar ndiaidh
tháinig biseach air.
ní fhaca ní tháinig níor chuala níor ith
ní bhfuair níor thug ní dhearna níor rug
ní raibh ní dúirt
Pointe gramadaí le treisiú:
Briathra Neamhrialta, Aimsir Chaite, foirm dhiúltach.
Setanta IVSetanta IV
31
SetantaLeabhar IV
An TáinLeabhar Deachtaithe i gcomhair Rang 7
le
Diarmuid Ó Tuama
1993
Léaráidí le Nóirín Nic Alastair
Setanta IVSetanta IV
32
Intreoir
Cuireadh na leabhair seo le chéile le cuidiú le litriú in
Eochairchéim 2 i nGaelscoileanna. Deachtú agus litriú atá
in achan cheacht, ach chomh maith leis seo tá ceachtanna
Gaeilge agus obair phoncaíochta ag deireadh na leabhar.
Tá iarracht déanta sna leabhair cora cainte agus
seanfhocail a chur os comhair na ndaltaí chomh maith.
Tá dul siar ann go measartha minic sa dóigh go mbeidh
seans ag na daltaí litriú s'acu a dhaingniú.
Tá na leabhair bunaithe ar scéal Shetanta óna óige go
dtí an Táin.
D. Ó Tuama
Samhradh 1993