Upload
others
View
5
Download
0
Embed Size (px)
Citation preview
1
Teastas Eorpach
na Gaeilge
A1.5
5.1a Ag caint faoi chaitheamh aimsire
Céard a dhéanann tú nuair a bhíonn am saor agat?
Imrím… iomáint (iománaíocht)
� leadóg
� peil
� rugbaí
� sacar
Breathnaím/Féachaim ar…
� an teilifís
� scannáin
Téim… ag siúl
� ag snámh
Téim go dtí… an phictiúrlann
� an amharclann
� an teach tábhairne
Téim chuig… scannáin
� dráma
� ceolchoirmeacha
Seinnim… an giotár
� an pianó
Éistim… le ceol
� leis an raidió
� leis an nuacht
2
5.1b(a) Caitheamh aimsire
1. Imrím leadóg 2. Téim go dtí an amharclann 3. Seinnim an pianó 4. Imrím peil 5. Téim ag snámh 6. Féachaim ar an teilifís 7. Imrím iománaíocht 8. Téim chuig ceolchoirm 9. Téim go dtí an phictiúrlann 10. Téim chuig dráma 11. Éistim le ceol 12. Téim go dtí an teach
tábhairne 13. Éistim leis an nuacht 14. Seinnim an giotár 15. Téim ag siúl 16. Féachaim ar scannán
5.1b(b) Caitheamh aimsire
� Céard a dhéanann tú …i d’am saor?…nuair a bhíonn am saor agat?
(nó “Cad é a dhéanann tú …”)
3
5.1b(b) Caitheamh aimsire
� Agallóir: Anois a Chaitlín. Cad é a dhéanann tú i d’am saor?
� Caitlín: Imrím leadóg agus téim ag siúl.
� Agallóir: An imríonn tú galf?
� Caitlín: Ní imrím.
� Agallóir: Anois a Antain. Céard a dhéanann tú i d’am saor?
� Antain: Féachaim ar an teilifís agus téim go dtí an teach tábhairne.
� Agallóir: An imríonn tú peil?
� Antain: Imrím anois is arís.
5.1b(b) Caitheamh aimsire
� Agallóir: Anois a Pheadair. An imríonn tú iománaíocht?
� Peadar: Ní imrím ach imrím peil.
� Agallóir: An éisteann tú leis an raidió?
� Peadar: Éistim.
� Agallóir: An dtéann tú go dtí an phictiúrlann go minic?
� Clár: Ní théim. Éistim le ceol agus seinnim an giotár.
4
5.2a An gcleachtaíonn tú
caitheamh aimsire áirithe?
Ceisteanna simplí san Aimsir Láithreach agus na freagraí dearfacha agus diúltacha ar na ceisteanna sin:
1. An imríonn tú leadóg? Imrím. Ní imrím. 2. An bhféachann tú ar an teilifís? Féachaim. Ní fhéachaim. 3. An dtéann tú go dtí an phictiúrlann? Téim. Ní théim. 4. An éisteann tú leis an raidió? Éistim. Ní éistim. 5. An seinneann tú gléas ceoil? Seinnim. Ní sheinnim. 6. An léann tú leabhair? Léim. Ní léim.
7. An éisteann tú le ceol? 8. An dtéann tú go dtí an phictiúrlann? 9. An imríonn tú peil?
5.2d Suirbhé
Scríobh cúpla abairt faoi na daoine ar labhair tú leo. Féach na samplaí thíos: .
Imríonn “Ruairí” galf. Ní imríonn “Síle” galf.Féachann __ agus __ ar an teilifís. Ní fhéachann __ nó __ar an teilifís. Téann ___ go dtí an ___. Ní théann ___ go dtí an ___. Éisteann ___ leis an raidió. Ní éisteann ___ leis an raidió. Seinneann ___ an ___ Ní sheinneann ___ gléas ceoil.
5
5.3 An maith leat…?
An maith leat ___ ?� Is maith.
� Ní maith.
� Is breá liom é.
� Is fuath liom é.
� Is cuma liom. / Is cuma.
5.3 An maith leat caitheamh aimsire áirithe?
An maith leat ceol traidisiúnta / galf / sacar?� Is maith.
� Ní maith.
� Is breá liom é.
� Is fuath liom é.
� Is cuma liom. / Is cuma.
6
5.4 Tuairimí a chur in iúl
� Is breá liom leadóg.
� Is fuath liom spórt.
� Ní maith liom dul go dtí na tithe tábhairne.
� Níl suim dá laghad agam sa cheol traidisiúnta
� Cuirtear séimhiú ar an ainmfhocal i ndiaidh an réamhfhocail ‘sa’ (más féidir)
� sa cheol
� sa ghalf
� sa pheil
5.4c TuairimíCén caitheamh aimsire atá agat?An bhfuil suim agat i ___ ? An maith leat ___ ?Céard fútsa? /
Cad é fútsa?
7
5.4c Dobhriathra ama
anois is arís
go háirithe
go minic
ag an deireadh seachtaine
i rith na seachtaine
sa samhradh
5.4c Tuairimí
Comhrá 1: Niamh
Agallóir: Anois, a Niamh. Cén caitheamh aimsire atá agat?
Niamh: Is breá liom dul ag snámh. Is maith liom drámaí agus ceol,
popcheol go háirithe. Níl suim dá laghad agam sa teilifís ach
is maith liom dul go dtí an teach tábhairne anois is arís.
8
5.4c Tuairimí
Comhrá 2: Liam
Agallóir: A Liam, an maith leat ceol? �
Liam: Is maith, go háirithe ceol traidisiúnta. �
Agallóir: An bhfuil suim agat i ndrámaí? �
Liam: Níl suim dá laghad agam i ndrámaí ach is breá liom an teilifís. .
Agallóir: Agus cad é faoin teach tábhairne? An maith leat dul go dtí an teach tábhairne?
.
Liam: Is breá liom dul go dtí an teach tábhairne ag an deireadh seachtaine.
.
Agallóir: An maith leat a bheith ag snámh? .
Liam: Ní maith – is fuath liom dul ag snámh.
5.4c Tuairimí
Comhrá 3: Aoife
Agallóir: Cad é fútsa a Aoife? An maith leat a bheith ag snámh?
Aoife: Is maith liom dul ag snámh sa samhradh.
Agallóir: An maith leat an teilifís?
Aoife: Is breá liom féachaint ar an teilifís ag an deireadh seachtaine. Níl suim dá laghad agam san amharclann agus i ndrámaí.
Agallóir: Agus an maith leat dul go dtí an teach tábhairne?
Aoife: Is fuath liom dul go dtí an teach tábhairne.
9
5.4c Tuairimí
Comhrá 4: Eoin
Agallóir: Cén caitheamh aimsire atá agatsa a Eoin?
Eoin: Is maith liom féachaint ar an teilifís i rith na seachtaine. Is breá
liom drámaí – téim go dtí an amharclann go minic. Is maith
liom dul go dtí an teach tábhairne ag an deireadh seachtaine.
Níl suim dá laghad agam sa cheol. Ní maith liom dul ag snámh.
5.4e Tuairimí Eile
Scríobh abairtí a thosaíonn leis na nathanna seo:1. Is maith liom…
2. Is breá liom…
3. Is fearr liom…
4. Ní maith liom…
5. Is fuath liom…
6. Níl suim dá laghad agam i/sa…
10
5.4d Tuairimí Eile
galf snámh teilifís ceol an phictiúrlann leadóg spórt tithe tábhairne ceolchoirmeacha siúl
peil ghaelach drámaí scannáin nuacht rugbaí iomáint/iománaíocht sacar
5.4d Tuairimí Eile
Pádraig: Haigh is mise Pádraig. Tá mé i mo chónaí i Luimneach. Is maith liom
sacar – imrím cluiche sacair gach deireadh seachtaine le mo chairde anseo i
Luimneach. Is fuath liom galf, tá sé an-leadránach ar fad agus ní maith liom
iomáint ach an oiread. .
11
5.4d Tuairimí Eile
Caitríona: Caitríona atá ormsa. Is as Baile Átha Cliath mé ach tá mé i mo
chónaí i nDoire anois. Is maith liom scannáin ach is fearr liom drámaí. Is maith
liom féachaint ar an nuacht ar an teilifís. Is fuath liom spórt, gach cineál spóirt,
ach go háirithe rugbaí. .
5.4d Tuairimí Eile
Pól: Mise Pól. Tá mé i mo chónaí i mbaile beag gar do Ghaillimh. Is breá liom
ceol agus ag dul chuig ceolchoirmeacha. Is maith liom sacar ach is fearr liom
peil ghaelach. Tá club maith peile sa bhaile anseo. Is fuath liom leadóg agus ní
maith liom a bheith ag siúl nó ag snámh. .
12
5.4d Tuairimí Eile
Eibhlín: Haigh Eibhlín anseo. Tá mé i mo chónaí i dTrá Lí. Is breá liom dul go
dtí na tithe tábhairne. Is maith liom an phictiúrlann ach is fearr liom dul go dtí
an amharclann. Ní maith liom an teilifís agus is fuath liom gach cineál spóirt.
5.5a Ag rá cén uair a dhéanann tú rudaí éagsúla
Laethanta na seachtaine:
� Dé Luain
� Dé Máirt
� Dé Céadaoin
� Déardaoin
� Dé hAoine
� Dé Sathairn
� Dé Domhnaigh
13
5.5b Ag rá cén uair a dhéanann tú rudaí éagsúla
Nathanna ama:
� go minic
� i gcónaí
� anois is arís
� de ghnáth
5.5c Ag rá cén uair a dhéanann tú rudaí éagsúla
Ag cur abairtí le chéile:
Imrím sacar de ghnáth Dé Máirt.
Téim chuig scannán anois is arís Dé Domhnaigh.
Imrím peil i gcónaí Dé Sathairn.
Breathnaím ar an teilifís go minic Dé hAoine.
Imrím leadóg gach Déardaoin.
14
5.5d Ag rá cén uair a dhéanann tú rudaí éagsúla
Céard a dhéanann tú Dé Luain?
Céard a dhéanann tú gach deireadh seachtaine?
Céard a dhéanann tusa gach deireadh seachtaine?
Foghlaimeoir: Céard a dhéanann tú gach deireadh seachtaine?
Múinteoir: Bhuel, téim go dtí an teach tábhairne gach DéhAoine. Go minic imrím leadóg Dé Sathairnagus téim go dtí an phictiúrlann nó an amharclann de ghnáth Dé Domhnaigh.
5.5e Máire agus Cathal ag caint
Máire: Anois, inis dom, an maith leat spórt? Cathal: (A)
Máire: Agus an imríonn tú rugbaí? Cathal: (B)
Máire: Agus an maith leat ceol? Cathal: (C)
Máire: Cén áit a mbíonn tú ag seinm? Cathal: (D)
Máire: Ó go deas. Agus cad faoin teilifís? Cathal: (E)
Máire: Anois, tá tú i do chónaí cois farraige? An dtéann tú ag snámh? Cathal: (F)
(1) Téim go minic sa samhradh. Is breá liom é. (2) Is maith liom an nuacht, ach sin an méid. (3) Is fuath liom ceol. (4) Ní imrím leadóg. (5) Is breá liom spórt. Imrím sacar le cairde gach deireadh seachtaine. (6) Imrím, anois is arís. (7) Ní bhreathnaím. (8) Éistim le ceol ar an raidió agus seinnim an giotár (9) I dteach tábhairne beag istigh i nGaillimh.