Upload
others
View
0
Download
0
Embed Size (px)
Citation preview
1
An Teist Aistrithe
Teist Ilrogha Gaeilge
Teist Chleachtaithe
Páipéar 44
Fad Ama: 50 bomaite
2
Intreoir Tá scéalta sa leabhrán seo. Tá sleachta ann ó chineálacha difriúla leabhar. Tá súil againn go mbainfidh tú sult agus tairbhe astu. Cuirfear ceisteanna ort maidir leis na sleachta féin agus ar úsáid leabhar go ginearálta. De réir mar a oibríonn tú tríd an leabhar déan tagairt don Ghluais agus don Chlár am ar bith a ba mhaith leat.
Clár leathanach Scoil an Chnoic 3 Dinnéir Scoile 8 An Cuilghaiste Véineas 9 Loch Nis 14 An dTig leat Bréag a Rá? 15 Ceisteanna Ginearálta 20 Gluais 21 Leabharliosta 21 Innéacs 21
3
Léigh an sliocht seo agus freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a leanas ina dhiaidh. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, seans go bhfaighidh tú iad sa Ghluais ag deireadh an leabhráin.
Scoil an Chnoic
Ní raibh sí cosúil le scoil ar bith eile sa mhéid is go raibh sí 1000 méadar os
cionn thithe na ndaltaí a bhí ag freastal ar an scoil. Baile measartha beag a bhí
i mBaile an Chnoic agus bhí an cnoc suntasach seo díreach i lár an bhaile. Ar
bharr an chnoic a bhí Scoil an Chnoic. Bhí an scoil le feiceáil ó gach áit sa
bhaile agus ar an dóigh chéanna bhí radharc iontach ón scoil ar an bhaile ar
fad.
Mar is eol dúinn, bíonn an t-aer iontach tanaí ag barr cnoc agus sléibhte
agus chuaigh seo i bhfeidhm go mór ar na daoine a chaith níos mó ama san áit
ná mar ba chóir. Bhíodh sé ina throid go minic idir dochtúirí an bhaile, a dúirt
nach raibh an scoil maith do shláinte na bpáistí, agus polaiteoirí an bhaile, a
dúirt go mbeadh sé róchostasach scoil úr a thógáil. Ach sa bhliain 2006 bhí
cuma air sa deireadh go mbainfeadh na dochtúirí. Tharla eachtraí sa bhliain
seo a d’athraigh intinn gach duine a shíl go raibh an scoil ina rud maith. (Agus a
chruthaigh gach rud a shíl na dochtúirí roimhe seo.)
Bhí Seán Ó Seáin 9 mbliana d’aois. Rugadh agus tógadh é (9 mbliana de
thógáil go dtí seo) i mBaile an Chnoic. Ar ndóigh, dála gach páiste eile sa
bhaile, bhí Seán ag freastal ar Scoil an Chnoic. Bhí saol iontach sona ag Seán
go dtí seo, cé gur shíl sé go raibh cúrsaí sa scoil rud beag aisteach, ach níor
chuir seo isteach nó amach air nó bhí sé go hiomlán cleachta leis.
Anois, gasúr stuama go maith a bhí i Seán agus bhí intinn láidir aige. Ní
raibh sé go hiontach ag an mhata agus ní raibh sé sa ghrúpa is airde sa rang
ach bhí intinn láidir aige agus tá sé sin ar an rud is tábhachtaí den iomlán.
Ar nós gach páiste eile i mBaile an Chnoic, b’éigean do Sheán an teach a
fhágáil gach maidin ar 7.30 le bheith sa scoil roimh a 9.00. Ní hé go raibh an
turas fada ach bhí an bóthar chomh crochta sin go raibh rópa taobh leis agus go
raibh ar na páistí iad féin a tharraingt cuid mhaith den bhealach. Tríd is tríd, bhí
an turas fadálach.
Thosaigh an lá ar an ghnáthdhóigh. Bhí na páistí cosúil le páistí i scoil ar
bith agus na múinteoirí chomh normálta agus a thig le múinteoirí a bheith.
1
5
10
15
20
25
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
4
(Taobh amuigh de chúpla duine acu nach raibh ar dhóigh ar bith normálta, ach
tá barúil agam go mbíonn daoine mar sin i ngach scoil).
Bhíodh tionól sa halla gach maidin, áit ar cheol gach duine amhrán na scoile.
Anois, tá daoine ann a chreideann gur maith an rud é aclaíocht a dhéanamh an
chéad rud ar maidin, nó gur chóir bricfeasta mór a ithe leis an inchinn a
spreagadh agus a mhúscailt; ach i Scoil an Chnoic chreid siad gur fearr i bhfad
seasamh le chéile agus amhrán na scoile a cheol.
Chreid siad go spreagfadh sé an bród agus an dílseacht don scoil ach a
mhalairt ar fad a bhí fíor. Bhí na páistí chomh tiubh dóite den amhrán sin nár
smaoinigh siad ar na focail ná ar an fhonn. Cheol siad é ar dhóigh chomh
drogallach sin nach spreagfadh siad damhán alla le gréasán a dhéanamh i
seomra lán cuileog.
Ó Scoil an Chnoic, an scoil is fearr,
Ar gach aon dóigh, tá an scoil thar barr.
Tá oideachas den scoth ar fáil
Ar fud an domhain tá clú is cáil,
Ar na daltaí seo atá cliste cóir,
A fhágtar cách amuigh sa tóir.
Bhí a leagan féin den amhrán ag na deartháireacha Daltún agus Mac
Suibhne agus cheol siad amach os ard é. Cheol siad: Cad é atá cearr in áit An
Scoil is Fearr agus cheol siad Tá rud éigin cearr in áit Tá an scoil thar barr. Níor
thug na múinteoirí riamh faoi deara cé go raibh seitgháire le cluinstin ag tús
gach bliana nuair a thosaigh rang nua ag bun na scoile. Ach bhí an chuid eile
de na daltaí a bhí bréan de gach leagan den amhrán agus is méanfach den
chuid is mó a dhéanadh siadsan.
An Luan a bhí ann, coicís roimh laethanta saoire an tsamhraidh. Bhí Seán Ó
Seáin ag an tionól mar is gnách, giorra anála air i ndiaidh a thurais, nuair a
fógraíodh den chéad uair é. An eachtra a d’athraigh gach rud.
30
35
40
45
50
55
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
5
Freagair na ceisteanna seo le do thoil. Amharc ar an sliocht arís más gá. Ba chóir duit an freagra is fearr a roghnú agus é a mharcáil ar do leathanach freagraí.
Cad é an airde de Scoil an Chnoic? A 1000 méadar os cionn an talaimh
B 1000 méadar os cionn leibhéal na farraige
C 1000 méadar os cionn thithe na ndaltaí
D 1000 méadar ó bhun an chnoic
Cad é an bharúil a bhí ar dhochtúirí faoi Scoil an Chnoic? A gur chóir don mhúinteoir traenáil mar dhochtúir
B nach raibh sé maith do shláinte na bpáistí bheith chomh hard sin
C gur chóir heileacaptar a fháil leis na daltaí atá tinn a thógáil
D gur chóir otharlann a thógáil ag barr an chnoic
Cad é an bharúil a bhí ar na polaiteoirí faoi Scoil an Chnoic? A d’aontaigh siad leis na dochtúirí
B bheadh sé ródhaor scoil úr a thógáil
C gur chóir do gach duine an baile a fhágáil
D gur chóir heileacaptar a fháil leis na daltaí atá tinn a thógáil
Cén aois atá Seán? A 6 bhliain d’aois
B 7 mbliana d’aois
C 8 mbliana d’aois
D 9 mbliana d’aois
1
2
3
4
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
6
Cad é a bhí aisteach faoin dóigh a ndeachaigh na daltaí ar scoil?
A chuaigh siad ann in heileacaptar
B chuaigh traein caol díreach chuig an bharr
C bhí orthu iad féin a tharraingt cuid mhaith den bhealach le rópaí
D bhí orthu uilig siúl ann i mbeirteanna
Cad é a rinne na daltaí gach maidin sa Tionól? A cheol siad amhrán na scoile
B dúirt siad paidir
C fuair siad bricfeasta
D fuair siad teastais
Cad chuige a mbíonn seitgháire ann ag tús gach bliain nua nuair a chan siad amhrán na scoile? A ba ghnách le Seán na scéalta grinn a chuala sé thar an samhradh a rá le gach duine eile
B cheol an príomhoide go holc
C níor chuala na daltaí ón rang nua na focail athraithe riamh
D bhí an pianó as tiúin
Cé acu focal ón chúigiú paragraf a bhfuil an chiall is cóngaraí aige don fhocal ‘téad’? A fada
B crochta
C rópa
D bóthar
5
6
7
8
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
7
Cad is ciall leis an fhrása ‘giorra anála air’ ar líne 56? A bhí coinín mór ag análú air
B bhí sé ag ionanálú ach ní raibh sé ag análú amach
C ní raibh sé ag análú ar chóir ar bith
D bhí sé giota beag as anáil
Cé acu na briathra ar líne 37? A siad agus sé
B an agus don
C bród agus scoil
D chreid agus spreagfadh
9
10
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
8
Tá meancóga litrithe sa sliocht seo. Ar gach líne uimhrithe tá meancóg amháin ann nó níl meancóg ar bith ann. Aimsigh an grúpa focal leis an mheancóg ann agus marcáil a litir ar do leathanach freagraí. Muna bhfuil meancóg ar bith ann, roghnaigh N ar do leathanach freagraí.
Dinnéir Scoile
Téann buntáistí mórra le dinnéar scoile a bheith agat in áit lón pacáilte gach lá. Tugann dinnéir scoile seans do dhatlaí béile the a bheith acu le linn an lae agus milsoeg bhlasta ina dhiaidh. Is maith an luach atá iontu chomh maith, cá mhéad bialann a dhíolann béile dhá chúrsa ar thart fá trí funt? Ní bhíonn ar thuismitheoirí na rudaí atá de dhíth do lón pacáilte a cheannach agus ní bhíonn orthu an t-am a chaitheamh ag déanamh capairí agus ag líonadh an bhosca lóin gach maidin roimh am scoile. Sábhálann dinnéir scoile airgead fosta mar ní chaithfidh tuismitheoirí bocsa lóin agus na bianna uilig atá de dhíth chun é a líonadh a cheannach. Is minic a bhíonn dinnéar scoile nís sláintiúla agus tugann sé an cothú ceart do phááistí a chuideoidh leo ar scoil.
11 A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
12
13
14
15
16
17
18
19
20
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
9
Léigh an sliocht seo agus freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a leanas ina dhiaidh. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, seans go bhfaighidh tú iad sa Ghluais ag deireadh an leabhráin.
An Cuilghaiste Véineas
Planda Feoiliteora
Fásann plandaí Cuilghaiste Véineas i gcréafóg dhroch-chothaitheach. Is planda
feoiliteora é mar gheall air seo, ciallaíonn sé sin go gcuireann sé leis an
bheagán cothaithe a fhaigheann sé ón chréafóg trí fheithidí a ithe agus a dhíleá.
Gnáthóg
Tig an Cuilghaiste Véineas a fháil i mbogaigh Chalifornia Thuaidh agus
Chalifornia Theas in iardheisceart na Stát Aontaithe. Is speiceas i gcontúirt é
mar tá a ghnáthóg á scrios. Is é is fáth leis sin ná go mbíonn sé ag fás ar
phortach a úsáidtear chun bruscar a dhumpáil agus de bharr gur iomaí duine a
thochlaíonn suas iad lena dtabhairt abhaile mar phlandaí tí.
Ceapadh
Tá na duilleoga den Chuilghaiste Véineas clúdaithe i ribí gruaige íogair darb
ainm ribí truicir. Tá trí ribe truicir ag gach planda ar gach taobh, sin sé ribe
truicir san iomlán. Glacann sé dhá spreagadh de ribe amháin ar an duilleog le
cur ar an phlanda druidim go docht, ag ceapadh feithidí idir na duilleoga ar insí.
Ní fheidhmíonn gach gaiste indibhidiúil ar an Chuilghaiste Véineas ach trí nó
ceithre huaire sula bhfeonn sí, athraíonn sí ina dath donn agus titeann sí as. I
ndiaidh don chreach bheith díleáite, osclaíonn an gaiste arís, réidh d’íospartach
eile.
Bia
Déanann na duilleoga séala aerdhíonach thart ar an íospartach. Ciallaíonn sé
sin go gcoinnítear istigh na leachta díleáite a úsáideann an planda leis na
feithidí a bhriseadh síos. Glacann sé thart fá 10 lá don Chuilghaiste Véineas le
feithid a dhíleá ina hiomláine. I ndiaidh dó a bhéile a bhriseadh síos, osclóidh
sé an gaiste arís. Is é an t-am is fearr le bia a cheapadh ná gach 10 lá agus
thig leis dul gan bhia ar bith le suas le dhá mhí.
1
5
10
15
20
25
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
10
Contúirt
Thig le cuid de na feithidí a itheann an Cuilghaiste Véineas é a mharú. Má
itheann feithid atá níos mó ná trian den ghaiste, thig leis an fheithid an planda a
mharú de bharr go bhfuil sé ró-dheacair ar an phlanda í a ithe.
Freagair na ceisteanna seo le do thoil. Amharc ar an sliocht arís más gá. Ba chóir duit an freagra is fearr a roghnú agus é a mharcáil ar do leathanach freagraí.
Cén sórt créafóige ina mbíonn an chuilghaiste Véineas ag fás? A clábar
B créafóg atá deas-tirim
C créafóg dhroch-chothaitheach
D móin
Cad é atá aisteach faoin chuilghaiste Véineas? A ceapann sé agus itheann sé feithidí
B fásann sé go han-ard
C níl créafóg de dhíth air
D fásann sé níos mó sa gheimhreadh ná sa samhradh
Cén chuid den domhan a mbíonn an chuilghaiste Véineas ag fás inti? A Chile
B California
C Cúba
D Colóimb
21
22
23
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
11
Cad chuige a bhfuil an cuilghaiste Véineas i gcontúirt? A níl go leor cuileog ar an dhomhan dó
B bíonn daoine ag tógáil cuid mhór tithe sa ghnáthóg s’acu
C tá feithidí ag éirí rómhór agus tá siad ag marú na gcuilghaistí uilig
D tá an ghnáthóg s’acu á scrios le bruscar agus goideann daoine iad
Cad é a chlúdaíonn duilleoga an chuilghaiste? A féar
B leacht aerdhíonach
C feithidí
D ribí gruaige
Cá huair a osclaíonn an cuilghaiste arís i ndiaidh dó druidim isteach ar fheithid? A láithreach bonn
B i ndiaidh lá nó dhó
C i ndiaidh don chreach bheith díleáite
D má mhothaíonn sé go bhfuil an fheithid rómhór
Cá fhad a ghlacann sé ar an chuilghaiste feithid a dhíleá? A 2 lá
B 5 lá
C seachtain
D 10 lá
24
25
26
27
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
12
Cá fhad a thig leis an chuilghaiste dul sula mbíonn béile eile de dhíth air i ndiaidh dó feithid a ithe? A 2 lá
B 5 lá
C seachtain
D 2 mhí
Cad é a tharlaíonn má itheann an cuilghaiste feithid atá rómhór? A ligeann sé saor í
B faigheann sé bás
C éiríonn sé ramhar
D scaoileann sé suas í
Cé acu na réamhfhocail ón dara paragraf? A gur agus iad
B suas agus mar
C in agus ar
D a agus na
Cad é a chiallaíonn an focal ‘aerdhíonach’ ar líne 20? A gan aer a ligean isteach nó amach
B go dtéann an t-aer suas chuig an díon
C thig le haer teacht isteach ach ní thig leis dul amach
D fanann an t-aer thíos, cóngarach don talamh
28
29
30
31
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
13
Cén chuid den chaint é an focal ‘mar’ ar líne 7? A cónasc
B briathar
C forainm
D réamhfhocal
Cad is ciall leis an fhocal ‘íospartach’ ar líne 17? A duine nó rud a bhíonn thíos nó ag fulaingt mar gheall ar rud nó duine eile
B talamh atá iontach fliuch nó tais
C an chuid is ísle de phlanda
D rud nó duine a bhíonn ag seilg ar rudaí nó daoine eile
Cad iad na briathra ar líne 20? A séala agus íospartach
B na agus sé
C déanann agus ciallaíonn
D aerdhíonach agus duilleoga
32
33
34
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
14
Sa sliocht seo tá meancóga ann le ceannlitreacha agus poncaíochta. Ar gach líne uimhreacha tá meancóg amháin ann nó níl meancóg ar bith ann. Aimsigh an grúpa focal leis an mheancóg ann agus marcáil a litir ar do leathanach freagraí. Muna bhfuil meancóg ar bith ann, roghnaigh N ar do leathanach freagraí.
Loch Nis
Is loch domhain in alban é Loch Nis. Tá sé suite ar scoilt ollmhór sa domhan a tharla na milliúin bliain ó shin nuair shleamhnaigh dhá phíosa mhóra talaimh óna chéile? Sa lá atá inniu tá cnoic ghlasa thart air agus tá caisleán ar a thaobh. Tá Loch Nis fada agus cúng agus tá an tuisce úr agus dorcha mar gheall ar an Mhóin atá istigh ann. Deir daoine go bhfuil ollphéist mhistéireach ina cónaí sa loch. Deir cuid “go bhfaca siad é agus tá cúpla grianghraf doiléir ann fosta. Is cinnte go bhfuil go leor spáis ann dá leithéid dainmhí nó tá sé mór go leor do theaghlach iomlán dollphéisteanna bheith ina gcónaí ann.
35 A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
36
37
38
39
40
41
42
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
15
Léigh an sliocht seo agus freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a leanas ina dhiaidh. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, seans go bhfaighidh tú iad sa Ghluais ag deireadh an leabhráin.
An dTig Leat Bréag a Rá?
An dtig leat amharc sna súile ar do mháthair agus bréag a rá léi? Gan gáire a
dhéanamh? Nó gan éirí neirbhíseach nó gan crith a bheith i do ghlór?
Má thig leat sin a dhéanamh, seans go bhfuil na scileanna agat le bheith i do
chleasaí. Bíonn cleasaithe ag brath ort iad a chreidiúint le go dtig leo bob a
bhualadh ort!
Tá go leor ainmneacha ar chleasaí – bobaire, cleasaí, falsaitheoir, caimiléir,
séitéir nó rógaire. Tá go leor focal eile ann chomh maith.
Ar fud an domhain, tháinig na cleasaithe ar dhóigheanna le hairgead a ghoid
ó dhaoine. Bíonn siad ag bráth ar dhaoine iad a chreidiúint. Is coirpigh iad na
daoine seo. Nuair atá muinín ag na daoine astu, tógann siad leo a gcuid airgid.
Bíonn siad ag brath ar dhaoine gan ceist a chur orthu.
Tá cleasaithe ann ó thús ama agus tá scéalta fúthu i ngach tír ar domhan.
Baineann daoine sult as na scéalta faoi na cleasaithe maithe a bhuaileann bob
ar dhrochdhaoine le saol níos fearr a fháil dóibh féin.
Is maith linn é nuair a éalaíonn an laoch ó dhainséar le cleas. Is deas linn é
nuair a fhaigheann cleasaí cliste an lámh in uachtar ar dhuine saibhir santach.
Bíonn dúil ag daoine sna laochra seo, ón leipreachán go dtí na scannáin is
déanaí ó Hollywood.
Ach tá cleasaithe eile ann chomh maith. Goideann siad airgead ó dhaoine
bochta. Thiocfadh leat bualadh leis na cleasaithe seo áit ar bith. Tugann siad
cuairt ar thithe agus buaileann siad bob ar dhaoine ionraice.
1
5
10
15
20
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
16
Is gadaithe iad na cleasaithe seo. Cluinimid faoi ghadaíocht ar dhaoine
saibhre sna scéalta. Ach, sa ghnáthshaol, úsáideann siad daoine bochta nó
daoine a bhfuil drochdhóigh orthu – daoine a chónaíonn leo féin nó seandaoine
a chuireann fáilte mhór roimh chuairteoirí.
Ar an drochuair, tugann na daoine seo an t-airgead a bhí acu i dtaisce do na
cleasaithe. Ní laochra iad na cleasaithe seo. San am a chuaigh thart, mar
shampla, cheannaigh daoine mianach óir – ach ní raibh mianach óir ann ar chor
ar bith. Sa lá atá inniu ann, tá cleasa ann a bhaineann leis an idirlíon, ach ní
cleasa nua iad seo. Is seanchleasa iad, i ndáiríre.
An bhfuil na súile ar oscailt agat? Nó an mbeifeá ábalta bob a aithint in am?
Nó an mbeifeá ábalta cleas a imirt ar dhrochdhuine? An dtig leat bréag a rá?
Freagair na ceisteanna seo le do thoil. Amharc ar an sliocht arís más gá. Ba chóir duit an freagra is fearr a roghnú agus é a mharcáil ar do leathanach freagraí.
Cén cheist a chuireann an sliocht seo ag an tús? A An dtig leat bréag a chreidiúint?
B An dtig leat an fhírinne a chreidiúint?
C An dtig leat an fhírinne a rá?
D An dtig leat bréag a rá?
Cá mhéad focal a thugann an sliocht atá ar comchiall leis an fhocal ‘cleasaí’? A 2
B 3
C 4
D 5
43
44
25
30
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
17
Cad é, go príomha, a ba mhaith le cleasaithe a fháil ó dhaoine? A scéalta
B cairde
C leipreachán
D airgead
Cad é a dhéanann cleasaithe áirithe a fhágann gur daoine maithe iad? A goideann siad airgead ó dhaoine bochta
B éalaíonn siad le hairgead dhaoine bochta
C buaileann siad bob ar dhrochdhaoine
D oibríonn siad i mianach óir
Cad é a cheannaigh daoine san am a chuaigh thart a dhiol daoine chucu mar chleas? A an t-idirlíon
B mianach óir
C pota óir
D leipreachán
Cén áit a mbíonn cleasa ann go minic sa lá atá inniu ann? A ar an idirlíon
B mianach óir
C deireadh tuar cheatha
D i bpríosúin
45
46
47
48
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
18
Cé acu focal thíos ón 4ú paragraf a bhfuil an chiall is cóngaraí aige do ‘sciobadh’? A dhóigheanna
B chreidiúint
C ghoid
D muinín
Cén sórt focail é ‘neirbhíseach’ ar líne 2? A aimfhocal
B aidiacht
C briathar
D réamhfhocal
Cé acu focal ón 6ú paragraf a chiallaíonn go bhfuil cuid mhór airgid agat? A scannán
B éalaíonn
C saibhir
D déanaí
Cé acu focal ón chéad pharagraf a bhfuil an chiall chéanna aige le ‘guth’? A éirí
B ghlór
C rá
D chrith
49
50
51
52
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
19
Tugann an sliocht sampla de dhá chineál duine a bhfuil drochdhóigh orthu, is iad... A daoine a chónaíonn leo féin agus seandaoine
B coirpigh agus leipreacháin
C mianadóirí agus muintir Hollywood
D cuairteoirí agus laochra
Cé acu an chomhfhocal ón pharagraf deireanach? A mbeifeá
B aithint
C dhrochdhuine
D súile
Baineann paragraf 6 go príomha le A ainmneacha difriúla ar chleasaithe
B coirpigh a ghoideann airgead ó dhaoine bochta
C leipreacháin a sciobann pota óir
D cleasaithe maithe
54
55
53
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
20
Ceisteanna Ginearálta Leis na ceisteanna seo a fhreagairt, seans go mbeidh ort smaoineamh ar na sleachta atá léite agat. Amharc siar orthu más gá. Amharc ar an Chlár fosta ag tús an leabhráin agus ag an Innéacs, Gluais agus Leabharliosta ag deireadh an leabhráin más gá.
Cén péire focal thíos a bhfuil an uimhir iolra cheart acu? A feara agus beana B fir agus mná C féir agus ban D fearaí agus beanaí Cé acu na focail a léiríonn an aimsir láithreach de ‘téigh’ agus ‘ól’? A téann / ólann B rachaidh / ólfaidh C chuaigh / d’ól D dul / ól Roghnaigh an focal nó an grúpa focal is fearr leis na habairtí thíos a chomhlánú sa dóigh is go bhfuil ciall leo. Marcáil an litir ar do leathanach freagraí Baineann Scoil an Chnoic le scoil / teach / siopa / oifig atá suite
ag barr cnoic. Cuireann an t-aer tiubh / úr / tanaí / glan isteach ar na daltaí a théann chuig an scoil. Síleann dochtúirí gur chóir an scoil a ghlanadh / phéinteáil / oscailt / dhruidim .
56
57
58
59
DEIREADH NA TEISTE
60
A B C D
A B C D
A B C D
21
Gluais aerdhíonach gan aer a ligean isteach nó amach
bobaire duine a bhíonn ag bualadh bob ar dhaoine eile
bogach talamh fliuch, tais, mar phortach
caimiléir duine nach gcloíonn leis na rialacha i gcluichí
coirpeach duine a bhriseann an dlí
falsaitheoir duine a bhíonn ag iarraidh airgead a fháil ó dhaoine eile ar bhealach mí-ionraic
íogair mothallach, ag freagairt dá thimpeallacht
íospartach duine nó rud a bhíonn thíos nó ag fulaingt mar gheall ar rud nó duine eile
seitgháire gáire beag a dhéanann duine go ciúin nó go rúnda
Leabharliosta Jacqueline de Brún, Scoil an Chnoic, 2007
Teist Chleachta Gaeilge GL, Dinnéir Scoile, 2013
Teist Chleachta Gaeilge GL, An Cuilghaiste Véineas, 2013
Maureen Fleming, Mistéir Ollphéist Loch Nis, 1995
Catherine Johnson, Cleasaithe, 2009
Innéacs bia lth. 8
cleasaithe lth. 15
ollphéisteanna lth. 14
plandaí lth. 9
scoil lth. 3
1
Teist Gaeilge 44
Marcáil na boscaí le líne thanaí chothrománach mar seo: A A A A A A A A A A
B B B B B B B B B B
C C C C C C C C C C
D D D D D D D D D D A A A A A A A A A A
B B B B B B B B B B
C C C C C C C C C C
D D D D D D D D D D
N N N N N N N N N N
A A A A A A A A A A
B B B B B B B B B B
C C C C C C C C C C
D D D D D D D D D D
A A A A
B B B B
C C C C
D D D D A A A A A A A A
B B B B B B B B
C C C C C C C C
D D D D D D D D
N N N N N N N N
A A A A A A A A A A
B B B B B B B B B B
C C C C C C C C C C
D D D D D D D D D D
A A A
B B B
C C C
D D D A A A A A
B B B B B
C C C C C
D D D D D
2 3 4 5 6 7 8 9 10 1
12 13 14 15 16 17 18 19 20 11
22 23 24 25 26 27 28 29 30 21
32 33 34 31
36 37 38 39 40 41 42 35
44 45 46 47 48 49 50 51 52 43
54 55 53
57 58 59 60 56
2
Teist Gaeilge 44 - Freagraí
Marcáil na boscaí le líne thanaí chothrománach mar seo: A A A A A A A A A A
B B B B B B B B B B
C C C C C C C C C C
D D D D D D D D D D A A A A A A A A A A
B B B B B B B B B B
C C C C C C C C C C
D D D D D D D D D D
N N N N N N N N N N
A A A A A A A A A A
B B B B B B B B B B
C C C C C C C C C C
D D D D D D D D D D
A A A A
B B B B
C C C C
D D D D A A A A A A A A
B B B B B B B B
C C C C C C C C
D D D D D D D D
N N N N N N N N
A A A A A A A A A A
B B B B B B B B B B
C C C C C C C C C C
D D D D D D D D D D
A A A
B B B
C C C
D D D A A A A A
B B B B B
C C C C C
D D D D D
2 3 4 5 6 7 8 9 10 1
12 13 14 15 16 17 18 19 20 11
22 23 24 25 26 27 28 29 30 21
32 33 34 31
36 37 38 39 40 41 42 35
44 45 46 47 48 49 50 51 52 43
54 55 53
57 58 59 60 56