40
#Jimín100 Pacáiste de ghníomhaíochtaí deartha don cheiliúradh 100 bliain ag ábhar oidí (MGO Teangacha) Ollscoil Luimnigh 2019 i gcomhar le hAonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh

lionra.files.wordpress.com€¦  · Web viewLéitheoireacht Chomhroinnte (Obair Ghrúpa)5. Agallamh Beirte7. An Fheasacht Chultúrtha10. An Tuiseal Gairmeach13

  • Upload
    others

  • View
    3

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: lionra.files.wordpress.com€¦  · Web viewLéitheoireacht Chomhroinnte (Obair Ghrúpa)5. Agallamh Beirte7. An Fheasacht Chultúrtha10. An Tuiseal Gairmeach13

#Jimín100

Pacáiste de ghníomhaíochtaí deartha don cheiliúradh 100 bliain ag ábhar oidí

(MGO Teangacha) Ollscoil Luimnigh 2019i gcomhar le hAonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh

Page 2: lionra.files.wordpress.com€¦  · Web viewLéitheoireacht Chomhroinnte (Obair Ghrúpa)5. Agallamh Beirte7. An Fheasacht Chultúrtha10. An Tuiseal Gairmeach13

#Jimín100Ceiliúradh 100 bliain Jimín Mháire Thaidhg le Pádraig Ó Siochfhradha, An SeabhacAonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh

Clár na nÁbhar Togra #Jimín100................................................................................................................3Cuir tú féin in aithne don ghrúpa!...............................................................................4Léitheoireacht Chomhroinnte (Obair Ghrúpa).........................................................5Agallamh Beirte..................................................................................................................7An Fheasacht Chultúrtha..............................................................................................10An Tuiseal Gairmeach....................................................................................................13Mír Aistriúcháin.................................................................................................................14Taisceadán Todhchaí Jimín...........................................................................................15Tascanna Iarléitheoireachta / Taighde.....................................................................16Aguisín 1.............................................................................................................................17Aguisín 2.............................................................................................................................21

2

Page 3: lionra.files.wordpress.com€¦  · Web viewLéitheoireacht Chomhroinnte (Obair Ghrúpa)5. Agallamh Beirte7. An Fheasacht Chultúrtha10. An Tuiseal Gairmeach13

#Jimín100Ceiliúradh 100 bliain Jimín Mháire Thaidhg le Pádraig Ó Siochfhradha, An SeabhacAonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh

Togra #Jimín100 Is cúis áthais dúinn in Aonad na Gaeilge ceiliúradh a dhéanamh ar 100 bliain Jimín, an leabhar cáiliúil le Pádraig Ó Siochfhradha, An Seabhac.

Cuirtear gníomhaíochtaí samplacha ar fáil sa phacáiste seo do theagascóirí agus do fhoghlaimeoirí na Gaeilge ar fad. Ní dhírítear ar aon spriocghrúpa ar leith sa phacáiste ach táthar ag súil leis go mbeidh na gníomhaíochtaí oiriúnach do dhaltaí scoileanna T1 ach go háirithe, do cheardlanna d’fhoghlaimeoirí agus do lucht spéise na litríochta agus na léitheoireachta go ginearálta.

Táimid go mór faoi chomaoin ag mic léinn na Máistreachta Gairmiúla san Oideachas (Teangacha), Ollscoil Luimnigh a bhí istigh ar dhearadh na n-acmhainní seo i gcomhar lena dteagascóir Deirdre Ní Loingsigh, Aonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh.

Tá cúpla nóta tráchta fágtha againn mar threoir do theagascóirí. Gheobhfar nascanna breise idirlín agus moltaí mar gheall ar conas na gníomhaíochtaí a chur i bhfeidm sa seomra ranga 7rl ansin. Moltar iad sin a ghlanadh sna cóipeanna de na bileoga oibre a roinnfear le daltaí nó le mic léinn.

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le Niamh Lynch, gariníon leis An Seabhac a thug cead dúinn na sleachta ó Jimín a chur i gcló mar aguisíní sa phacáiste seo, agus a chur amach ar an gcóras giolcaireachta @AonadnaG idir 27 Samhain – 26 Nollaig 2019. Is mór againn a cuid tacaíochta.

An Dr. Deirdre Ní Loingsigh, Stiúrthóir na Gaeilge, Ollscoil LuimnighNollaig 2019.

3

Page 4: lionra.files.wordpress.com€¦  · Web viewLéitheoireacht Chomhroinnte (Obair Ghrúpa)5. Agallamh Beirte7. An Fheasacht Chultúrtha10. An Tuiseal Gairmeach13

#Jimín100Ceiliúradh 100 bliain Jimín Mháire Thaidhg le Pádraig Ó Siochfhradha, An SeabhacAonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh

Cuir tú féin in aithne don ghrúpa! Ainm Jimín“Jimín M h áire T h aidhg : Is mise Jimín. Tá ainm eile, leis, orm: Séamas Ó Breasa i l . Sin é an t-ainm atá ar mo Dhaid; ach ní thugann aoinne a ainm sin ormsa ach ainm mo Mham. Is í Máire T h aidhg mo mháthair, tá a fhios agat.”

Cén t-ainm atá ortsa?An bhfuill a fhios agat cad é an t-ainm atá, nó a bhí, ar d’athair críonna ar thaobh do mháthar? Líon na bearnaí le pé eolas atá agat agus cuir tú féin in aithne don ghrúpa ansin! _______ _______ _______: Is mise _____. Tá ainm eile, leis orm: __________________. Sin é an t-ainm atá ar mo Dhaid; ach ní thugann aoinne a ainm sin ormsa ach ainm mo Mham. Is í ______ _______ mo mháthair, tá a fhios agat.

Samplaí eile ón gceantar?Seans go bhfuil Máirtín Tom Sheáinín, an craoltóir aitheanta de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta cloiste ar an raidió nó feicthe ar TG4 agat. Máirtín, mac Thomáis, mac Sheáinín is ea é. An bhfuil aon sampla eile agat den nós seo i do cheantar féin, ‘sé sin ainmneacha na seanmhuintire a lua leis an duine?

4

Page 5: lionra.files.wordpress.com€¦  · Web viewLéitheoireacht Chomhroinnte (Obair Ghrúpa)5. Agallamh Beirte7. An Fheasacht Chultúrtha10. An Tuiseal Gairmeach13

#Jimín100Ceiliúradh 100 bliain Jimín Mháire Thaidhg le Pádraig Ó Siochfhradha, An SeabhacAonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh

Léitheoireacht Chomhroinnte (Obair Ghrúpa) Tá seacht sliocht ó Chaibidil 5 de Jimín gearrtha amach ag an múinteoir. Caithfear obair le chéile i ngrúpaí beaga chun na sleachta a chur san ord ceart. Cuirigí uimhir le gach sliocht.

Na Sleachta

Caithfidh mé insint mar gheall ar an Nollaig a bhí againn. Chuaigh Mam go dtí an Daingean cúpla lá roimh Nollaig, í féin agus Daid, agus thugadar an capall leo, agus cliabh agus bosca sa chairt. Bhí an t-airgead ag Mam. Rug sí léi dhá ghé – chun ceann acu a thabhairt do dhoctúir na mbeithíoch agus an ceann eile a thabhairt d’fhear an bhainc, mar sin é an duine a bhfuil airgead Mham ar fad i gcoimeád aige, agus tá an-mheas aici air.

Sliocht ___

Fad a bhíodar sa Daingean chuas féin go dtí an Gleann Domhain agus an scian mhór agam, agus téadáinín, agus thugas abhaile liom tor mór cuilinn, agus fuaireas eidhneán i bhfothrach na Cille. Nuair a bhíos ag gabháil thar doras aici tháinig Neil Mháire Aindí amach chugam ag plámás liom d’iarraidh go dtabharfainn roinnt cuilinn di. Cheap sí go mbeinn i m’amadáinín aici, agus bhí sí do mo mholadh agus ag tabhairt ‘buachaillín maith’ orm, agus á rá go bhfaighinn féirín uaithi i gcomhair na Nollag.

Sliocht ___

Bhíos á ligean orm ar dtúis ná tabharfainn di é, ach mar sin féin nuair a scaoileas an beart sa bhaile thugas cúpla craobh cuilinn anonn chuici. Táim an-mhór le Neil, tá a fhios agat. Bhí sceitimíní ar Cháit nuair a chonaic sí an t-ualach mór a bhí agam an doras isteach. ‘Ó,’ ar sise, ‘beidh an tigh go gleoite anois againn, agus bhí sí ag féachaint ar na caora dearga a bhí ar an gcuileann agus í ag rince timpeall an urláir. ‘Ó, nach gleoite iad,’ ar sise. ‘An bhfacais riamh aon dath dearg chomh deas leis?’ Mar sin a bhíonn Cáit i gcónaí mura bhfeicfeadh sí ach nóinín nó pósaí bó bleacht.

Sliocht ___

Chloisfeá na cailíní go léir mar sin, a dhuine, le gach aon tsort ní. Bhí ocras orm féin. ‘Caith uait na céapars sin’, arsa mise, ‘agus tabhair dom rud éigin le n-ithe.’ ‘Ó, mo dhearmad,’ arsa Cáit, agus thug sí cogar dom. Ní chuirfeá amach cad tá agam duit?’‘Cad é?’ arsa mise. Gháir sí. ‘Ní ’neosfad duit é,’ ar sise, mar sceithfeá orm le Mam. ‘Ambriathar ná sceithfead, a Cháit,’ arsa mise.

5

Deirdre Ní Loingsigh, 26/11/19,
Nóta don MhúinteoirTá na míreanna leagtha amach in ord an scéil ar an mbileog. Caithfear cóipeanna a dhéanamh agus iad a ghearradh amach do gach grúpa.Má bhíonn fonn ort comórtas a chur sa tsiúl, iarr ar na grúpaí seasamh suas nuair a bhíonn siad cinnte go bhfuil an téacs curtha san ord ceart acu. Rogha eile ná na daltaí a chur ag éisteacht leis an leagan fuaime den scéal (Comhad “Caibidil 5”) agus sin a úsáid mar threoir chun na sleachta chur in ord an scéil.
Page 6: lionra.files.wordpress.com€¦  · Web viewLéitheoireacht Chomhroinnte (Obair Ghrúpa)5. Agallamh Beirte7. An Fheasacht Chultúrtha10. An Tuiseal Gairmeach13

#Jimín100Ceiliúradh 100 bliain Jimín Mháire Thaidhg le Pádraig Ó Siochfhradha, An SeabhacAonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh

‘Maróidh sí mé i dtaobh an tsiúcra,’ arsa Cáit. ‘Dhera, cad é an siúcra?’ arsa mise. ‘Agus mar gheall ar an uachtar,’ ar sise. ‘Th’anam don diucs, a Cháit, ab amhlaidh atá cístí milse déanta agat?’‘Ó, ní ’neosfad duit, ní ‘neosfad duit,’ ar sise agus bhí sí ag gáirí agus ag léimnigh ar an urlár.

Sliocht ___

Ansan chuaigh sí go dtí an drosar agus thóg sí anuas dhá chupa le cur ar an mbord. ‘Á, th’anaman, a Cháit,’ arsa mise, ‘inis dúinn cad tá agat.’‘Ní ’neosfad, ní ’neosfad,’ ar sise, agus gháir sí agus bhí sí ag rince agus ag caitheamh a cos. Ní fhaca sí an t-eidhneán ar an urlár gur leag sé í, agus, slán mar a n-instear é, baineadh píosa mór as cliathán cheann de na cupaí a bhí ina láimh. Rug Cáit ar an bpíosa agus bhí sí ar crith d’iarraidh é a chur isteach ina áit féin arís féachaint an bhfanfadh sé istigh. Ansin, chrom sí ar ghol, agus, a dhuine, bhí sí d’iarraidh a mhilleán a chur ormsa. Chuireas in iúl di nach mise faoi ndeara é ach í féin agus a cuid léimní, ach níorbh aon mhaith a bheith ag caint léi. Ní dhéanfadh sí ach gol.

Tháinig trua agam féin di sa deireadh. ‘Tabhair dom é, a Cháit,’ arsa mise, ‘agus ní bheidh a fhios ag Mam go deo é.’ Thugas an cupa briste go dtí an drosar agus chuireas thíos faoi dhá chupa eile é agus an taobh briste isteach. ‘Ó, a Mhuiricín, cad a dhéanfad in aon chor má chíonn Mam é?’ arsa Cáit.

Sliocht ___

Ansin, dheineamar tae, muga an duine againn. Sin é an uair a tharraing Cáit amach na rudaí a dúirt sí a bhí déanta aici – cístí beaga uachtair agus crústa siúcra orthu. Fuaireamar im sa chupard, agus chonacsa próca mór de shubh a bhí ann agus clúdach páipéir ceangailte go daingean ar a bharr. Ghearras an ceangal go haiclí agus deirimse leat gur bhaineamar súlach as na rudaí ar fad. Faoi mar d’ithimis greim aráin thógaimis lán spiúnóige den subh.

Sliocht ___

Nuair a bhí ár ndóthain ite againn bhí an subh i bhfad síos sa phróca, ach cheanglaíos-sa an páipéar go haiclí arís air agus chuireas thar n-ais sa chupard é mar bhí sé cheana. Is mór an trua ná bíonn Mam sa Daingean gach aon lá.

Sliocht ___

6

Page 7: lionra.files.wordpress.com€¦  · Web viewLéitheoireacht Chomhroinnte (Obair Ghrúpa)5. Agallamh Beirte7. An Fheasacht Chultúrtha10. An Tuiseal Gairmeach13

#Jimín100Ceiliúradh 100 bliain Jimín Mháire Thaidhg le Pádraig Ó Siochfhradha, An SeabhacAonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh

Agallamh BeirteÉist leis an gcomhad fuaime, Agallamh Beirte: Ciarán Ó Muircheartaigh agus Tomás Ó Sé, agallamh beirte Jimín ag dul chun Faoistine le páistí ó Scoil Naomh Eirc i gCorca Dhuibhne a d’imigh amach ar an aer ar an gclár An Saol ó Dheas an 21 Samhain 2014. Scríobh amach an script don agallamh beirte seo atá bunaithe ar scéal Jimín agus an gandal.

https://www.rte.ie/radio/radioplayer/html5/#/rnag/20685947[Le caoinchead An Saol ó Dheas, Raidió na Gaeltachta]

Téann Jimín chun Faoistine [Agallamh Beirte] Sagart/Jimín In ainm an Athair, agus an Mhic, agus an Spiorad

Naoimh. Áiméan.Jimín Beannaigh mé a Athair

Mar is mise an peacachDe ghandal mo MhamDo dheineas-sa praiseach.

Sagart Conas a tharla sin?Conas a bhí?Abair anois liomInis a chroí.

Jimín Mheascas braoinín beag as buidéalIsteach sa mhin bhuíBhí sé ina sheasamh á ithe Ach ansan thit sé ina luí!

Sagart A bhuachaillín ógA bhuachaillín deasMaithim do ghaisceMaithim do chleas.

Jimín An maitheann mhuis!Bhuel éist liom go géarAnsan chaitheas an gandalAmach ar an bhféar.

7

Deirdre Ní Loingsigh, 26/11/19,
Tá cúpla bealach chun an ghníomhaíocht seo a eagrú sa seomra ranga. Moladh amháin ná script an tSagairt le bearnaí a thabhairt do leath an ranga agus script Jimín le bearnaí ansin a thabhairt don chuid eile. Seinn an mhír agus iarr orthu na bearnaí ar fad a líonadh.Déan moladh do gach Jimín ansin sagart a aimsiú agus dul chun faoistine i.e. an script iomlán a chur le chéile mar phéire. Nóta don MhúinteoirTá eolas faoin agallamh beirte ag an suíomh http://www.drama-gaeilge.com/default.asp?contentID=519Mar eolas, tá teimpléad úsáideach chun anailís a dhéanamh ar charactar ar fáil ó ScoilNet ag an nasc thíos. https://www.scoilnet.ie/uploads/resources/23201/22924.pdf
Page 8: lionra.files.wordpress.com€¦  · Web viewLéitheoireacht Chomhroinnte (Obair Ghrúpa)5. Agallamh Beirte7. An Fheasacht Chultúrtha10. An Tuiseal Gairmeach13

#Jimín100Ceiliúradh 100 bliain Jimín Mháire Thaidhg le Pádraig Ó Siochfhradha, An SeabhacAonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh

Sagart Ar dheinis?Nach iontach an leaid thú.Tá gandal trom.‘Súil agam nár dheinis aon dochar dod’ dhrom.

Jimín Dochar dem’ dhrom?Agus gandal gan chiall.

` Bheireas ar phíobán airAgus do thachtas an diabhal!

Sagart Cad a dhein an gandal bocht?Chun an bás sin d’fháil?Créatúr le DiaAinmhí gan smál.

Jimín Ainmhí gránnaGandal crostaRógaire i gcónaíAg piocadh mo chosa.

Sagart Anois a bhuachaillAnois a chroíMaithim do pheacaNí labharfaimid arís faoi

Jimín Anois, cad déarfá leis seo?Bháthas an cat i bPoll a’ LínTá sé fuar marbh i málaAgus níl aon chat age Cáitín.

Sagart Is ainnis an scéal sinCáit gan aon chatBhí piscíní ag mo chat-saTabhair abhaile ceann leat.

Jimín Bhuel! An maithfear an ceann seoPeaca fíor olc!Ghearras na cnaipíDe Mhicilín Eoin bocht.

Sagart Nach sin nós an-deasBheith ag imirt cnaipíNí peaca é sin achCluiche do leanaí

8

Page 9: lionra.files.wordpress.com€¦  · Web viewLéitheoireacht Chomhroinnte (Obair Ghrúpa)5. Agallamh Beirte7. An Fheasacht Chultúrtha10. An Tuiseal Gairmeach13

#Jimín100Ceiliúradh 100 bliain Jimín Mháire Thaidhg le Pádraig Ó Siochfhradha, An SeabhacAonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh

Jimín Deirim go deimhin leatGur peaca a bhí annGhearras na cnaipí dá bhríste, dá léine, dá chótaDe gach uile ceann.

Sagart Ó tá’n ceart ar fad agat‘Sin peaca mórÉ a fhágáil gan chnaipíAr an leaid bocht dheinis éagóir

Jimín An peacach mé mar sin?Inis dhom sanAn loiscfear ‘gus an ndófar méThíos in ifreann?

Sagart Ní loiscfear, ná ní dhófarAnois,.....éist liom.Caithfear scéal chnaipí Mhichilín Eoin D’insint dod’ Mham

Jimín Ó a Dhia, ná habair sin liomMaróidh sí mé!Déarfad fiche “Ár nAthair”Raghfad a chodladh gan tae!

Sagart Abair do PhaidirGach lá de do shaolAbhaile anois leatAgus inis di an scéalPer Omnia Saecula Saeculorum. ÁiméanAgus bailigh leat abhaile.

Jimín Ochón, OchónÓ cheapas go rabhas-sa glicGo raibh maith agat, a AthairAch...cabhraigh liom, a Mhic

[Tá buíochas ag dul d’Áine de Londra, Príomhoide. Scoil Nmh Eirc, a roinn na focail don agallamh beirte seo le hAonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh, Samhain 2019].

9

Page 10: lionra.files.wordpress.com€¦  · Web viewLéitheoireacht Chomhroinnte (Obair Ghrúpa)5. Agallamh Beirte7. An Fheasacht Chultúrtha10. An Tuiseal Gairmeach13

#Jimín100Ceiliúradh 100 bliain Jimín Mháire Thaidhg le Pádraig Ó Siochfhradha, An SeabhacAonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh

An Fheasacht ChultúrthaLuaitear téamaí éagsúla a léiríonn cultúr an phobail teanga i gColún A . Féach ar na téamaí seo ar dtús. Dírigh ar Chaibidil 5 agus ar Chaibidil 6 de Jimín ansin agus breac síos i gColún B nathanna nó eolas a léiríonn cultúr na Gaeilge sa scéal. Tá cúpla sampla sa ghreille thíos mar threoir duit.

A.

Téamaí éagsúla a léiríonn cultúr an phobail teanga

B.

Samplaí ó Jimín [Caibidil 5 & Caibidil 6]

Eolas mar gheall ar na struchtúir shóisialta (rólanna agus caidrimh éagsúla sa teaghlach, mar shampla)

“Mharaigh Mam gé agus lacha”

Tagairtí do nósanna, deasghnátha, féilte, traidisiúin 7rl..

(Luaigh bia, maisiúcháin, nósanna na Nollag ach go háirithe)

Rudaí nó táirgí éagsúla a luaitear “crúsca mór lán de stuif dhuibh”

Eolas mar gheall ar chreidiúintí nó mar gheall ar phiseoga

10

Deirdre Ní Loingsigh, 26/11/19,
Nóta don MhúinteoirCULTURE: “Total set of beliefs, attitudes, customs, behaviours, social habits, etc. of the members of a particular society” (Richards et al., 1992: 94).
Page 11: lionra.files.wordpress.com€¦  · Web viewLéitheoireacht Chomhroinnte (Obair Ghrúpa)5. Agallamh Beirte7. An Fheasacht Chultúrtha10. An Tuiseal Gairmeach13

#Jimín100Ceiliúradh 100 bliain Jimín Mháire Thaidhg le Pádraig Ó Siochfhradha, An SeabhacAonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh

Eolas mar gheall ar an gcúlra polaitiúil, stairiúil nó eacnamaíochta

Eolas mar gheall ar institiúidí na linne (an eaglais, mar shampla)

“D’iarras ar Dhia mé a bhreith saor ón olc a bhí ag bagairt orm”

An greann

An Ghaelainn vs an Ghaeilge “cad a dheinis leis an ngandal?”

Nathanna nó seanfhocail a léiríonn luachanna an chultúir

Íomhánna nó léaráidí (sa leabhar)

Aon téama eile

11

Page 12: lionra.files.wordpress.com€¦  · Web viewLéitheoireacht Chomhroinnte (Obair Ghrúpa)5. Agallamh Beirte7. An Fheasacht Chultúrtha10. An Tuiseal Gairmeach13

#Jimín100Ceiliúradh 100 bliain Jimín Mháire Thaidhg le Pádraig Ó Siochfhradha, An SeabhacAonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh

Pointí PléCén tuairim atá agat féin faoi nósanna na Nollag sa lá atá inniu ann? Léigh na ráitis 1-5. An aontaíonn tú leo? Cuimhnigh gur cheart duit a bheith in ann d’argóint a chosaint!

Pléigh na ráitis leis an duine in aice leat. An bhfuil an tuairim chéanna aige nó aici? Breac síos cúpla nóta faoi na freagraí a fhaigheann tú uaidh/uaithí. Tabharfaidh tú tuairisc ghearr do gach éinne sa rang ar ball.

Ráiteas Aontaíonn

/ Ní Aontaíonn

Cúiseanna

Téann daoine thar fóir le ceiliúradh na Nollag sa lá atá inniu ann

Ba cheart nósanna Lá an Dreoilín a athbheochan ar fud na tíre

Níor cheart amhráin na Nollag a sheinm go dtí an 8 Nollaig

Is mór an difríocht idir nósanna na Nollag sa lá atá inniu ann agus nósanna 100 bliain ó shin.

Níor cheart go mbeadh saoire náisiúnta ann ag an Nollaig

12

Deirdre Ní Loingsigh, 02/12/19,
Mar eolas do mhúinteoirí atá ag ullmhú chun téama na Nollag a phlé sa seomra ranga ..Tá cnuasach breá d’acmhainní éagsúla Gaeilge ar fáil ar bhlag Aonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh ag an nasc https://lionra.wordpress.com/2017/12/19/dha-acmhainn-deag-don-nollaig-12-irish-language-resources-for-christmas/
Page 13: lionra.files.wordpress.com€¦  · Web viewLéitheoireacht Chomhroinnte (Obair Ghrúpa)5. Agallamh Beirte7. An Fheasacht Chultúrtha10. An Tuiseal Gairmeach13

#Jimín100Ceiliúradh 100 bliain Jimín Mháire Thaidhg le Pádraig Ó Siochfhradha, An SeabhacAonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh

An Tuiseal Gairmeach Baintear úsáid as an Tuiseal Gairmeach nuair a ghlaoitear ar dhuine i nGaeilge. Tá an-chuid sampaí den Tuiseal Gairmeach i gCaibidil 5 de Jimín

Chonaic mo mháthair ag dul amach mé. ‘Cá raghair anois, a Jimín?’ ar sise, ach ambriathar ná dúrtsa aon fhocal ach an doras a oscailt agus cur díom. Lean sí amach mé agus nuair a chonaic sí mé ag casachtach agus ag glanadh mo bhéil: ‘Ha-hahá,’ ar sise, a alfraits, ní dhéanfainn dabht díot. Nach fiosrach a bhís?’ Ba ghránna an saghas ruda é.

Nótaí faoin Tuiseal Gairmeach ó www.ceacht.ie

Seo thíos cúpla nod chun cuidiú leat an tuiseal gairmeach a úsáid! Cuirtear ‘a’ roimh an ainm:

a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd Cuirtear séimhiú ar an ainm:

a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd Is minic ainmneacha fear a bheith firinscneach agus mar sin

críochnaíonn siad go minic le consan leathan – más ea is gá an t-ainm a chaolú:

a Sheá i n , a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd Is minic ainmneacha ban a bheith caol agus ní gá iad a chaolú mar

sin:a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd

Ach fiú má tá an t-ainm mná leathan ní chaolaítear é:a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd

Cleachtadh: Aimsigh samplaí eile den Tuiseal Gairmeach sa téacs agus scríobh anseo thíos iad.

________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________

13

Page 14: lionra.files.wordpress.com€¦  · Web viewLéitheoireacht Chomhroinnte (Obair Ghrúpa)5. Agallamh Beirte7. An Fheasacht Chultúrtha10. An Tuiseal Gairmeach13

#Jimín100Ceiliúradh 100 bliain Jimín Mháire Thaidhg le Pádraig Ó Siochfhradha, An SeabhacAonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh

Mír AistriúcháinTá cuid de chomhrá Jimín le Cáit leagtha amach mar chumarsáid WhatsApp https://lionra.wordpress.com/category/jimin-100/

Féach ar an bhfíseán gearr den chomhrá, glac ról duine den bheirt agus cleachtaigh an comhrá leis an duine in aice leat.

An mbeadh sibh in ann an sliocht seo a aistriú go Béarla?

‘Ó, mo dhearmad,’ arsa Cáit, agus thug sí cogar dom. Ní chuirfeá amach cad tá agam duit?’‘Cad é?’ arsa mise. Gháir sí. ‘Ní ’neosfad duit é,’ ar sise, mar sceithfeá orm le Mam. ‘Ambriathar ná sceithfead, a Cháit,’ arsa mise. ‘Maróidh sí mé i dtaobh an tsiúcra,’ arsa Cáit. ‘Dhera, cad é an siúcra?’ arsa mise. ‘Agus mar gheall ar an uachtar,’ ar sise. ‘Th’anam don diucs, a Cháit, ab amhlaidh atá cístí milse déanta agat?’‘Ó, ní ’neosfad duit, ní ‘neosfad duit,’ ….

Nod #Jimín100: Is féidir méarchlár Gaeilge a íoslódáil ar do ghuthán tríd an aip ‘SwiftKey Keyboard’.

14

Deirdre Ní Loingsigh, 26/11/19,
Nóta don MhúinteoirRogha eile ná tosú leis an leagan Béarla agus an físeán WhatsApp a thabhairt dos na daltaí mar leagan aistrithe ansin. Mar eolas, tógadh an t-aistriúchán thíos ó lch 36 den leagan Béarla, Jimeen (O’Brien Press, 1984).Oh! I forgot, said Cáit and she began to whisper. You won’t tell what I’ve made, will you? What? said I.She laughedI won’t tell you, because you’d tell MamI swear I won’t said IShe’ll kill me over the sugar, said CáitWhat sugar? said IAnd because of the cream! said sheCrikey, Cait, have you made sweet cakes! I won’t tell you, I won’t tell you… Físeán WhatsApp “ní ‘neosfad duit é” &“ná sceithfead” atá ceart
Page 15: lionra.files.wordpress.com€¦  · Web viewLéitheoireacht Chomhroinnte (Obair Ghrúpa)5. Agallamh Beirte7. An Fheasacht Chultúrtha10. An Tuiseal Gairmeach13

#Jimín100Ceiliúradh 100 bliain Jimín Mháire Thaidhg le Pádraig Ó Siochfhradha, An SeabhacAonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh

Taisceadán Todhchaí JimínPointí Plé

Cad iad na seoid chuimhne (cuimhneacháin ón saol in Éirinn 1919) a chuirfeadh Jimín ina thaisceadán todhchaí an dóigh leat?

Cad í an difríocht idir an liosta seo agus an liosta a bheadh agat féin anois sa bhliain 2019?

15

Page 16: lionra.files.wordpress.com€¦  · Web viewLéitheoireacht Chomhroinnte (Obair Ghrúpa)5. Agallamh Beirte7. An Fheasacht Chultúrtha10. An Tuiseal Gairmeach13

#Jimín100Ceiliúradh 100 bliain Jimín Mháire Thaidhg le Pádraig Ó Siochfhradha, An SeabhacAonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh

Tascanna Iarléitheoireachta / TaighdeRoghnaigh acmhainn amháin ón liosta thíos agus roinn trí phointe eolais mar gheall ar an téacs don rang

Sliocht le léamh faoi litríocht na nÓghttps://lionra.wordpress.com/2017/04/20/jimin-mhaire-thaidhg/

Físeán faoi sheoladh leagan nua de Jimín agus faoi fhoilsitheoireacht na Gaeilge (An tSnáthaid Mhór) https://vimeo.com/237635536

Sliocht le léamh faoi nósanna na Nollag i dtíortha eile https://nos.ie/cultur/nosanna-na-nollag/

Mír raidió 'Jimín Mháire Thaidhg 100 bliain ar an bhfód.' https://www.rte.ie/rnag/an-saol-o-dheas/programmes/2019/1001/1079405-an-saol-dheas-d-mirt-1-deireadh-fmhair-2019/?clipid=103213800

Sliocht le léamh: Beathaisnéis an tSeabhaic https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=0783

Mír ó chartlann RTÉ (1951)Agallamh leis An Seabhac: “Cuimhní Nollag” https://www.rte.ie/archives/2014/1119/660446-an-seabhac-recalls-christmas-traditions-in-dingle/

   

16

Page 17: lionra.files.wordpress.com€¦  · Web viewLéitheoireacht Chomhroinnte (Obair Ghrúpa)5. Agallamh Beirte7. An Fheasacht Chultúrtha10. An Tuiseal Gairmeach13

#Jimín100Ceiliúradh 100 bliain Jimín Mháire Thaidhg le Pádraig Ó Siochfhradha, An SeabhacAonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh

Aguisín 1Caibidil 5

Léitheoir: Eamon Ó Siochrú https://lionra.files.wordpress.com/2019/11/comhad-fuaime-caibidil-5.mp3

Caithfidh mé insint mar gheall ar an Nollaig a bhí againn. Chuaigh Mam go dtí an Daingean cúpla lá roimh Nollaig, í féin agus Daid, agus thugadar an capall leo, agus cliabh agus bosca sa chairt. Bhí an t-airgead ag Mam. Rug sí léi dhá ghé – chun ceann acu a thabhairt do dhoctúir na mbeithíoch agus an ceann eile a thabhairt d’fhear an bhainc, mar sin é an duine a bhfuil airgead Mham ar fad i gcoimeád aige, agus tá an-mheas aici air. Fad a bhíodar sa Daingean chuas féin go dtí an Gleann Domhain agus an scian mhór agam, agus téadáinín, agus thugas abhaile liom tor mór cuilinn, agus fuaireas eidhneán i bhfothrach na Cille. Nuair a bhíos ag gabháil thar doras aici tháinig Neil Mháire Aindí amach chugam ag plámás liom d’iarraidh go dtabharfainn roinnt cuilinn di. Cheap sí go mbeinn i m’amadáinín aici, agus bhí sí do mo mholadh agus ag tabhairt ‘buachaillín maith’ orm, agus á rá go bhfaighinn féirín uaithi i gcomhair na Nollag. Bhíos á ligean orm ar dtúis ná tabharfainn di é, ach mar sin féin nuair a scaoileas an beart sa bhaile thugas cúpla craobh cuilinn anonn chuici. Táim an-mhór le Neil, tá a fhios agat. Bhí sceitimíní ar Cháit nuair a chonaic sí an t-ualach mór a bhí agam an doras isteach. ‘Ó,’ ar sise, ‘beidh an tigh go gleoite anois againn, agus bhí sí ag féachaint ar na caora dearga a bhí ar an gcuileann agus í ag rince timpeall an urláir. ‘Ó, nach gleoite iad,’ ar sise. ‘An bhfacais riamh aon dath dearg chomh deas leis?’ Mar sin a bhíonn Cáit i gcónaí mura bhfeicfeadh sí ach nóinín nó pósaí bó bleacht. Chloisfeá na cailíní go léir mar sin, a dhuine, le gach aon tsort ní. Bhí ocras orm féin. ‘Caith uait na céapars sin’, arsa mise, ‘agus tabhair dom rud éigin le n-ithe.’‘Ó, mo dhearmad,’ arsa Cáit, agus thug sí cogar dom. Ní chuirfeá amach cad tá agam duit?’‘Cad é?’ arsa mise. Gháir sí. ‘Ní ’neosfad duit é,’ ar sise, mar sceithfeá orm le Mam. ‘Ambriathar ná sceithfead, a Cháit,’ arsa mise. ‘Maróidh sí mé i dtoabh an tsiúcra,’ arsa Cáit. ‘Dhera, cad é an siúcra?’ arsa mise. ‘Agus mar gheall ar an uachtar,’ ar sise. ‘Th’anam don diucs, a Cháit, ab amhlaidh atá cístí milse déanta agat?’‘Ó, ní ’neosfad duit, ní ‘neosfad duit,’ ar sise agus bhí sí ag gáirí agus ag léimnigh ar an urlár. Ansan chuaigh sí go dtí an drosar agus thóg sí anuas dhá chupa le cur ar an mbord. ‘Á, th’anaman, a Cháit,’ arsa mise, ‘inis dúinn cad tá agat.’

17

Page 18: lionra.files.wordpress.com€¦  · Web viewLéitheoireacht Chomhroinnte (Obair Ghrúpa)5. Agallamh Beirte7. An Fheasacht Chultúrtha10. An Tuiseal Gairmeach13

#Jimín100Ceiliúradh 100 bliain Jimín Mháire Thaidhg le Pádraig Ó Siochfhradha, An SeabhacAonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh

‘Ní ’neosfad, ní ’neosfad,’ ar sise, agus gháir sí agus bhí sí ag rince agus ag caitheamh a cos. Ní fhaca sí an t-eidhneán ar an urlár gur leag sé í, agus, slán mar a n-instear é, baineadh píosa mór as cliathán cheann de na cupaí a bhí ina láimh. Rug Cáir ar an bpíosa agus bhí sí ar crith d’iarraidh é a chur isteach ina áit féin arís féachaint an bhfanfadh sé istigh. Ansin, chrom sí ar ghol, agus, a dhuine, bhí sí d’iarraidh a mhilleán a chur ormsa. Chuireas in iúl di nach mise faoi ndeara é ach í féin agus a cuid léimní, ach níorbh aon mhaith a bheith ag caint léi. Ní dhéanfadh sí ach gol. Tháinig trua agam féin di sa deireadh. ‘Tabhair dom é, a Cháit,’ arsa mise, ‘agus ní bheidh a fhios ag Mam go deo é.’Thugas an cupa briste go dtí an drosar agus chuireas thíos faoi dhá chupa eile é agus an taobh briste isteach. ‘Ó, a Mhuiricín, cad a dhéanfad in aon chor má chíonn Mam é?’ arsa Cáit. Ansin, dheineamar tae, muga an duine againn. Sin é an uair a tharraing Cáit amach na rudaí a dúirt sí a bhí déanta aici – cístí beaga uachtair agus crústa siúcra orthu. Fuaireamar im sa chupard, agus chonacsa próca mór de shubh a bhí ann agus clúdach páipéir ceangailte go daingean ar a bharr. Ghearras an ceangal go haiclí agus deirimse leat gur bhaineamar súlach as na rudaí ar fad. Faoi mar d’ithimis greim aráin thógaimis lán spiúnóige den subh. Nuair a bhí ár ndóthain ite againn bhí an subh i bhfad síos sa phróca, ach cheanglaíos-sa an páipéar go haiclí arís air agus chuireas thar n-ais sa chupard é mar bhí sé cheana. Is mór an trua ná bíonn Mam sa Daingean gach aon lá. Fuaireas féin casúr ansin agus tairní beaga agus bhí Cáit ag síneadh eidhneáin agus cuilinn chugam. Chuireamar timpeall na bhfuinneog é agus ar bharr an drosair agus os cionn na tine. Bhíodh sé deacair é a cheangal in áit ná bíodh adhmad agus chaithinn tairní móra a thiomáint san fhalla. Thiteadh scailpeanna móra den mhoirtéal anuas uaireanta. Nuair a bhí an tigh críochnaithe againn rugamar ar Sailor – sin é an madra, tá a fhios agat – agus chlúdaíomar ó cheann go heireaball é le cuileann agus bhí an-spórt againn air. Nuair a tháinig an tráthnóna lasamar an lampa. Bhí cuma aerach ar an dtigh. Bhí an oíche ann nuair a tháinig Mam agus Daid abhaile. Nuair a tháinig Mam isteach mheasamar go mbeadh an-áthas uirthi, ach is amhlaidh a dhein sí raic, a mhic ó, nuair a chonaic sí na scailpeanna moirtéil imithe den fhalla. B’éigean dom féin titheadh go dtáinig sí chun suaimhnis. Is deacair daoine a shásamh. Cáit a d’inis dom lá arna mhárach cad a thug Mam ón nDaingean. Thug sí naoi gcinn de choinnle móra fada léi agus iad ina seasamh sa chliabh, agus bhí trí cinn acu dearg. Bhíodar chomh hard leis an bhfuinneog, a dhuine, agus thug sí lán a bhosca de rísíní agus de shiúcra agus de thae léi, agus bairín mór breac ón siopa. Agus bhí buidéil ann - buidéil a raibh deoch bhuí iontu agus buidéil eile a raibh rud éigin gormdhearg iontu agus crúsca mór lán de stuif dhubh. Bhí cnapán mór feola, leis, aici; chuala gur thug sí úlla léi, ach ní bhfaighinnse an oíche sin aon cheann acu toisc a raibh de dhíobháil déanta againn leis

18

Page 19: lionra.files.wordpress.com€¦  · Web viewLéitheoireacht Chomhroinnte (Obair Ghrúpa)5. Agallamh Beirte7. An Fheasacht Chultúrtha10. An Tuiseal Gairmeach13

#Jimín100Ceiliúradh 100 bliain Jimín Mháire Thaidhg le Pádraig Ó Siochfhradha, An SeabhacAonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh

an tairní. Chuir sí iad go léir isteach sa chupard agus chuir sí an glas air sin. Lá arna mhárach, mharaigh Mam gé agus lacha. Nuair a bhí an ghé fuar chuir sí páipéar timpeall ar a ceann agus bhain sí di na cleití agus chuir ar crochadh ar chúl an dorais í. Oíche Nollag bhí an-shaol againn. Fuaireas féin agus Cáit dhá thornap mhóra agus baineamar a leath díobh, agus ansin chuireamar poll síos iontu chun na coinnle a chur ina seasamh iontu. Ansin shámar craobha beaga cuilinn i ngach tornap acu, agus chuir Cáit páipéar timpeall orthu. Bhíodar go gleoite, a dhuine, agus lasamar iad sular tháinig an oíche in aon chor; ach mhúch Mam arís iad. Istoíche chuir mo Mham prátaí agus iasc ar an mbord chugainn, ach ambaice níor itheas féin ná Cáit aon phioc de mar bhí a fhios againn go raibh rudaí eile ag teacht. I gceann tamaill tharraing Mam amach an císte mór breac agus ghearr sí dúinn é agus dhein sí tae. Agus fuaireamar dhá úll uaithi. Nuair a bhí athair Mhicilín ag dul thar doras thug Mam isteach é agus thug sí braon as buidéal dó – buidéal a raibh trí réiltín air - agus thug sí braon beag do Dhaid. Fuair sí féin braon as buidéal eile agus dúradar go léir; ‘Go mbeirimid beo ar an dtráth seo arís,’ pé brí a bhí acu leis. Tháinig Beit Mhór agus Máire Aindí isteach agus chuir mo mháthair braon as an mbuidéal buí i dhá ghloine agus ansin chuir sí siúcra agus uisce beirithe iontu, agus chorraigh sí le spiúnóg iad. Cheapas ná hólfaidís sin in aon chor ar dtúis é. Dúirt Máire Aindí: ‘Ó, go maraí sé mé má bhlaisim aon bhraon de!’ ach mar sin féin, d’ól sí é go léir, agus níor mharaigh sé, leis, í. Tháinig a lán eile isteach i rith na hoíche – fir óga, agus is as an gcrúsca mór a thug Mam an deoch dóibh sin. Dar fia, a mhic ó, nuair a chonac iad go léir ag ól tháinig dúil mhallaithe agam féin ann. Nuair a chuaigh Daid amach le hathair Mhicilín agus bhí Mam ag caint leis na mná in aice na tine, thógas féin slog as an gcrúsca, a dhuine. Ach is láidir nár mharaigh sé mé leis an mblas a bhí air. Ní fhéadfainn é a scaoileadh siar agus bheadh eagla orm é a chaitheamh as mo bhéal ar an urlár. Seo liom ag baint an dorais amach agus mo bhéal lán. Chonaic mo mháthair ag dul amach mé. ‘Cá raghair anois, a Jimín?’ ar sise, ach ambriathar ná dúrtsa aon fhocal ach an doras a oscailt agus cur díom. Lean sí amach mé agus nuair a chonaic sí mé ag casachtach agus ag glanadh mo bhéil: ‘Ha-hahá,’ ar sise, a alfraits, ní dhéanfainn dabht díot. Nach fiosrach a bhís?’ Ba ghránna an saghas ruda é. Bhí sé déanach nuair a chuamar a chodladh an oíche sin mar bhí Mam ag ullmhú na gé i gcomhair Lae Nollaig. Bhain sí amach a raibh istigh inti agus nigh agus ghlan í agus ansin líon sí arís í le prátaí brúite agus oinniúin agus piobar agus im agus salann agus rudaí eile, agus dhein sí e a dhingeadh isteach inti. Ansin fuair sí snáthad agus d’fhuaigh sí í. Bhíos féin agus Cáit ag faire uirthi. Maidin Lae Nollaig chuaigh Cáit agus mo mháthair go dtí an chéad Aifreann. Bhíos féin agus Daid i mbun an tí. An fhaid a bhí Daid ag crú na mba chuas-sa ag féachaint ar na rudaí go léir a bhí sa chupard. Thógas úll

19

Page 20: lionra.files.wordpress.com€¦  · Web viewLéitheoireacht Chomhroinnte (Obair Ghrúpa)5. Agallamh Beirte7. An Fheasacht Chultúrtha10. An Tuiseal Gairmeach13

#Jimín100Ceiliúradh 100 bliain Jimín Mháire Thaidhg le Pádraig Ó Siochfhradha, An SeabhacAonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh

agus líonas póca liom de rísíní, agus bhí smut den bhairín breac ann gearrtha agus chuireas chugam é sin, leis. Nuair a bhíos ag dúnadh an chupaird arís bhuail smaoineamh mé - rugas ar an mbuidéal buí agus leathlíonas cupa as. Bhlaiseas é, ach a bhuachaill ó ; dá olcas é an stuif dhubh aréir roimhe sin ba sheacht measa an rud buí. Dhófadh sé thú, a dhuine. Ansin, ní fheadar cad a dhéanfainn leis. Ghlaos ar an madra agus chuireas faoina phus an cupa ach ní fhéachfadh sé air, a mhic ó. Níor dhein sé ach sraoth a chur as. Ansin, chuimhníos ar sheift eile. Fuaireas dorn mine buí agus fhliuchas leis an stuif as an mbuidéal é agus chuireas sa bhuaile amuigh é ar phláta. Siúd chuige an gandal mór agus d’alp sé a raibh ann. Níor bhraitheas faic air go ceann tamaill. Ansin chrom sé ar ghogalaigh. I gceann tamaill d’éirigh sé as sin agus chrom sé ar shiúl timpeall agus lethcheann air. Fáinne a bhí sé a dhéanamh agus é ar siúl. Ansin stad sé agus leath sé a dhá chois amach ó chéile agus bhí sé á shuaitheadh féin anon is anall. Chuirfeadh sé na cait ag gáirí. Ansin luaigh sé agus dhún sé na súile agus ní fhaca aon aighre riamh ach é ar Dhiarmaid críonna anseo amuigh nuair a bhíonn sé ag titim dá chodladh sa chathaoir mhór os comhair na tine agus é ag míogarnaigh. Sa deireadh luigh sé ar fad anuas ar an dtalamh, shín sé a phíopán uaidh amach agus leath sé a dhá sciathán agus níor fhan anam ná brí ann ach chomh beag is dá mbeadh sé marbh. Ambaice, bhíos ag breith chugam féin ar eagla go gcaillfí é, agus níorbh fhios dom cad a dhéanfainn. Chuala Daid ag teacht ó chró na mba agus chuireas díom isteach. Nuair a chonaic Daid an gandal stad sé agus bhí sé ag caint leis féin. ‘Dar mo bhriathar ach go bhfuil sé seo ina chocstí,’ ar seisean. ‘A Jimín,’ ar seisean ag glaoch. Bhíos-sa ag scuabadh an urláir ar séirse. Thánga don doras. ‘Cad a dheinis leis an ngandal seo?’ arsa Daid. Tháinig stad ionam féin. Níor mhaith liom a bheith ag ceilt na fírinne maidin Lae Nollag. D’inseas an scéal ina choda beaga do Dhaid. Chonac air go raibh sé míshásta liom. ‘Díolfaidh tú as na clis lá éigin, a bhuachaill,’ ar seisean. ‘Is dócha gur tú a chuir deireadh leis an gcat seo againn, leis, i bPoll an Lín thíos.’Cheapas go dtitifinn as mo sheasamh. Mheasas ná raibh a fhios ag aoinne beirthe é. Bhíos maolchluasach go maith ansin, a deirim leat. Mheasas, dar ndóigh, go ’neosfadh Daid an scéal do Mham. D’imíos liom go dtí an tAifreann. Le linn an Aifrinn d’iarras ar Dhia mé a bhreith saor ón olc a bhí ag bagairt orm. Nuair a thánga abhaile ón Aifreann bhí an gandal in aice na tine ag Mam agus an t-anam ag teacht arís ann. Ní bhfuair Mam amach riamh cad d’imigh air mar nuair a tháinig Daid abhaile bhí sí d’iarraidh fios a fháil uaidh cé tháinig isteach ar maidin ar thug sé an fuiscí as an mbuidéal dó. Bhí Daid ag déanamh grinn den scéal agus ní ’neosfadh sé di. Thug sí súil orm féin uair a d’fhág mé míchompordach go leor. Is maith é Daid, mar sin féin.

20

Page 21: lionra.files.wordpress.com€¦  · Web viewLéitheoireacht Chomhroinnte (Obair Ghrúpa)5. Agallamh Beirte7. An Fheasacht Chultúrtha10. An Tuiseal Gairmeach13

#Jimín100Ceiliúradh 100 bliain Jimín Mháire Thaidhg le Pádraig Ó Siochfhradha, An SeabhacAonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh

Aguisín 2

Caibidil 6

Léitheoir: Eamon Ó Siochrú Comhad Fuaime 1 / Comhad Fuaime 2 / Comhad Fuaime 3

Nuair a bhí an dinnéar caite agam Lá Nollag chuas ar lorg Mhicilín Eoghain. Thugamar tamall ag caitheamh caidhtí agus tamall eile ag caitheamh tobac as píp a fuair Micilín ag dul amú i bpóca a athar. Nuair a bhí an tobac caite againn bhíomar d’iarraidh cuimhneamh ar cad a dhéanfaimis. Bhíomar i bhfad ag cuimhneamh ar rudaí ach ceann acu ní raibh chun ár sásamh. Sa deireadh d’éistíomar ar fad. Sin é an uair a rith an rud i m’aigne féin. ‘Th’anam don scian, a Mhicilín,’ arsa mise, ‘an bhfuil a fhios agat cad é?’ ‘Cad é?’ arsa Micilín. ‘Bíodh Dreoilín amárach againn,’ arsa mise. ‘Th’anam don diucs, bíodh’, arsa Micilín agus an dá shúil ag dul amach as a cheann, ‘agus beadsa i m’amadán.’ Sin é an fear a mbíonn an lamhnán gaoithe aige sa Dreoilín, tá a fhios agat. Agus é ag bualadh gach aoinne leis. ‘Beadsa i mo chaptaen,’ arsa mise. ‘Agus cé bheidh ina hóinseach?’ arsa Micilín. B’in ceist chruaidh le réiteach. Chuimhníomar ar Cháit seo againn agus chuamar chun an scéal a chur faoina bráid. Ach, a dhuine, spriúch sí. ‘Is mór an náire daoibh é’, ar sise, ‘an dreoilín bocht a mharú agus a bheith ag siúl ar thithe na dúiche ag lorg airgid dá bharr sin.’‘Nach é a sceith ar ár Slánaitheoir,’ arsa mise, ‘agus nach maith atá sé tuillte aige é a mharú.’‘Más ea, ní hé an dreoilín a bheidh agaibhse a sceith air,’ arsa Cáit. ‘Murarbh é, mhuise,’ arsa mise, ‘is é a Dhaid críonna a dhein é, nach aoinne amháin iad.

21

Page 22: lionra.files.wordpress.com€¦  · Web viewLéitheoireacht Chomhroinnte (Obair Ghrúpa)5. Agallamh Beirte7. An Fheasacht Chultúrtha10. An Tuiseal Gairmeach13

#Jimín100Ceiliúradh 100 bliain Jimín Mháire Thaidhg le Pádraig Ó Siochfhradha, An SeabhacAonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh

Ach níorbh aon mhaitheas a bheith ag gabháil do Cháit. Dúirt sí linn imeacht lenár sean-Dhreoilín gan mhaith, ná déanfadh gearrchailí in aon chor na rudaí gránna a dheineann buachaillí. Ní raghadh sí in aon Dreoilín. Ní bhíonn aon mhaith sna seanchailíní sin. Bhíos féin agus Micilín i gcruachás. Ní bheadh aon mhaith inár nDreoilín de cheal óinsí. Thriaileamar cailíní an bhaile ach ní thiocfadh aoinne acu linn. ‘Caithfimid éirí as ar fad,’ arsa Micilín. ‘Ní éireoimid,’ arsa mise, ‘cuirfimid éadach óinsí ar bhuachaill éigin.’ Leis sin, ghlaomar chugainn ar na leaideanna eile, agus d’inseamar dóibh an rud a bhí beartaithe againn i gcomhair an lae amáraigh. Bhí sceitimíní áthais orthu go léir. ‘Caithfidh cuid agaibh éadach ban a bheith oraibh,’ arsa mise. Níor bhraitheas aon bhreis áthais orthu ina thaobh sin. ‘Ní raghadsa in aon éadach mná,’ arsa Tadhg Learaí Bhig. ‘Aoinne ná fuil sásta déanamh mar a deirimse leis imíodh sé as an nDreoilín ar an hap,’ arsa mise. D’éist Tadhg Learaí Bhig. ‘Cá bhfaigheam éadaí ban?’ arsa Smulc, ‘agus cé hiad a mbeidh siad orthu?’‘Tadhg Learaí Bhig agus tusa, a Smuilc. Gheobhaidh siad iad agus cuirfidh sibh oraibh iad agus beidh sibh in bhur dhá óinseach.’‘Níl aon bhean inár dtighne,’ arsa Tadhg, ‘ach mo mháthair agus is mó is mór a cuid éadaigh sin domsa.’Chuir sin i dteannta mé. Bhí a fhios agam gur cheap sé go raibh buaite orm. Tháinig cochall orm chuige. ‘Ná bac sin, a Thaidhg,’ arsa mise. ‘Ní fál go haer é. Gheobham culaithe óinsí duitse, ná bíodh eagla ort. Bíodh sibh go léir anseo ar a hocht ar maidin gan teip. Agus anois téimis ag lorg dreoilín.’Fuaireamar go léir maidí agus clocha agus níor fhágamar tor ná claí ná bóithrín gan cuardach féachaint an bhfaighimis dreoilín le marú. Ach rian de dhreoilín ní raibh in aon áit acu. Dúirt Smulc gur dócha gurbh amhlaidh a bhíodar go léir imithe abhaile i gcomhair na Nollag. Ach is dóigh liomsa gurbh amhlaidh a bhí a fhios acu go raibh Lá an Dreoilín ag teacht agus go ndeachadar go léir i bhfolach ar eagla go maróimis iad. B’éigean dúinn sa deireadh dul abhaile gan aon dreoilín. Theastaigh ó Mhicilín arís go n-éireoimis as an scéal toisc gan an t-éan beag a bheith againn. Ach dúrtsa go ligfimis orainn go raibh sé istigh i nead i lár an toir chuilinn againn agus ná ligfimis d’aoinne féachaint air. Ní raibh Micilín sásta ar fad cé gur ghéill sé. Bhí hata cruaidh agus casóg eireabaill istigh i gcupard mór sa bhaile. Le mo Dhaid críonna ab ea iad sular cailleadh é fadó riamh. Chuireas gan fhios iad amach ar lochta an stábla. Bhíos ar lorg bróg, leis, le cur orm, ach ní raibh aon phéire sa tigh ná titfeadh de mo chosa ach péire de bhróga deasa leaistic le Mam a bhí os cionn an iarta ar chlár aici. Chuireas mo shúil orthusan ach d’fhágas mar a rabhadar go maidin iad ar eagla go mbraithfeadh Mam an drochfhuadar. Dheineas aghaidh fidil as bib le Cáit agus thógas a raibh de ribíní sa bhoiscín aici agus chuireas ar an hata iad. Fuaireas píce agus cheanglaíos tor cuilinn ar a bharr agus nead istigh ina lár de chaonach. Ó ba mise an

22

Page 23: lionra.files.wordpress.com€¦  · Web viewLéitheoireacht Chomhroinnte (Obair Ghrúpa)5. Agallamh Beirte7. An Fheasacht Chultúrtha10. An Tuiseal Gairmeach13

#Jimín100Ceiliúradh 100 bliain Jimín Mháire Thaidhg le Pádraig Ó Siochfhradha, An SeabhacAonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh

captaen níor mhór dom claíomh, dar ndóigh. Ní raibh aon chlaíomh sa tigh riamh againne, ná ag aoinne ar an mbaile – ná gnó acu de – agus d’fhág sin mise i dtaobh le claíomh adhmaid a dheineas de chláirín. Thairneálas píosa beag sé n-orlach trasna air in aice mo láimhe. Nuair a bhí m’éide féin fachta agamsa chuas ar lorg culaith óinsí do Thadhg Learaí Bhig. Ní raibh aon ní oiriúnach le fáil ach éadach le Cáit agus bhíos i gcás idir dhá chomhairle cad a dhéanfainn. Chuardaíos seomra Mham ach ní raibh aon rud ann a d’fhéadfadh Tadhg a chaitheamh. Bhí an scéal ag déanamh tinnis dom agus sinn ag dul a chodladh. Nuair a bhí an Choróin Mhuire á rá againn thug Mam greasáil eile dom mar ná dúrt ach seacht gcinn den ndeichniúr. Ní fheadarsa an ndúirt nó ná dúrt i gceart iad mar, go maithe Dia dom é, ní orthu a bhíos ag cuimhneamh ach ar chulaith i gcomhair Thadhg Learaí Bhig. D’éiríos roimh an gcuid eile den dtigh ar maidin. Bhuaileas na bróga leaistic faoi m’ascaill. Ansin chuas go dtí seomra Cháit agus chuardaíos arís do chulaith i gcomhair Thaidhg. Phrioc an t-áibhirseoir mé sa deireadh agus thugas liom gúna agus rudaí eile le Cáit, agus amach tríd an bhfuinneog liom go dtí an stábla. Chuireas orm mo chulaith Dreoilín - na bróga leaistic agus an chasóg eireabaill agus an hata cairilín agus ribíní Cháit ar sileadh leis. Bhuaileas orm an aghaidh fidil ansin agus mo chrios agus mo chlaíomh, agus deirimse leat go raibh cuma chaptaen Dreoilín orm má bhí ar aoinne riamh. D’imíos ansin ar lorg na coda eile. Bhíodar ag teacht, duine ar dhuine, agus níor aithin a oiread agus duine amháin acu mé, a mhic ó, gur bhaineas an aghaidh fidil díom. Thugamar tamall maith ag feistiú a chéile sula rabhamar ullamh. Nuair a tháinig Tadhg Learaí Bhig chromas ar éadach Cháit a chur air. Ach bhí ceataí sa scéal: ní raghadh éadach Cháit ar Thadhg gan Tadhg a bhaint a choda féin de, rud nár thaitin in aon chor leis. Níor fhan dá chuid féin air ach a léine. Ach nuair a bhí an gúna air agus caidhp bhiorach pháipéir ar a cheann bhí sé ina ghearrchaile maith go leor. Sceith na bróga air, áfach. Péire lena athair ab ea iad agus iad rómhór dó. Is amhlaidh a bhíodh sé á dtarraingt ina dhiaidh agus gach aon phlup-phlap acu. Ceathrar de lucht ceoil a bhí againn. Thugas féin orgán béil liom a fuair Cáit ó m’aintín. Ag Tomaisín Bán a bhí sé á sheinm i rith an lae. Bhí trumpa stáin ag Micilín a thug sé do Smulc. Thug duine mias mhór stáin leis agus bhí ag gabháil de mhaide air. Agus bhí buicéid stáin ar sileadh le muineál dhuine eile agus bhídís a gceathrar ag séideadh agus ag bualadh agus ag greadadh i dteannta a chéile, agus dheinidís ceol breá. Thugas an tor cuilinn le hiompar do Pheats Mhicilín Dean agus bhí lamhnán gaoithe ag Micilín Eoghain a fuaireamar ó Thadhg Óg nuair a mharaíodar an mhuc roimh Nollaig, agus bhíodh sé ag bualadh gach aoine leis. Bhí málaí ar chuid acu agus léinte fear ar a thuilleadh, agus seansciorta lena mháthair ar fhoduine. Bhí blús gorm le Neil Mháire Aindí ar Mhicilín Eoghain agus aon phioc di níor aithin air é gur chuimhnigh sí uirthi féin lá arna mhárach.

23

Page 24: lionra.files.wordpress.com€¦  · Web viewLéitheoireacht Chomhroinnte (Obair Ghrúpa)5. Agallamh Beirte7. An Fheasacht Chultúrtha10. An Tuiseal Gairmeach13

#Jimín100Ceiliúradh 100 bliain Jimín Mháire Thaidhg le Pádraig Ó Siochfhradha, An SeabhacAonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh

Tigh Bheit Mór an chéad áit a thriaileamar. Bhí mo chlaíomh ar tarraingt agamsa nuair a mháirseálamar an doras isteach chuici. Bhuaileamar suas ceol di agus dheineamar rince ar an urlár. Dheineamar fainne timpeall ar Bheit agus sinn ag damhas. Chrom Beit ar rince í féin istigh i lár an fháinne agus b’in é an t-iontas-pramsáil Bheit a fheiscint. Bhí giorra anála uirthi nuair a stad sí agus b’éigean di suí. ‘Dhera, mhuise, is tréan na buachaillí sibh,’ ar sise. ‘Caith chugainn dorn airgid,’ arsa sinne, mar b’fhearr linn é sin ná aon phlámás. ‘Airgead, ab ea?’ ar sise. ‘Och, is sibh na rógairí agam!’ Agus bhí sí ag gáirí ag dul go dtí an drosar. Tá Beit an-bheathaithe agus nuair a gháireann sí bíonn sí ar fad ag crith agus ansin ní fhéadfása gan a bheith ag gáirí tú féin. Thóg sí seanmhuga den drosar agus fuair sí dhá thoistiún rua ann agus thug sí dúinn é. Dheineamar greas eile ceoil ansin di agus babhta rince, agus d’imíomar. Chuamar go tigh Mhicilín Eoghain ansin agus fuaireamar réal ann. As sin linn go tigh Thaidhg Óig. Bhí Tadhg Óg istigh agus bhí sé ag magadh fúinn agus á rá ná raibh ceol ná rince againn. Ach nuair a bhíomar ag imeacht thug sé scilling dúinn agus thug bean a dhearthár réal dúinn. Nuair a thángamar go tigh Mháire Aindí, bhí an-gheoin ann. Urlár leac atá ann, tá a fhios agat, agus dheineamar cnagarach bhreá air ag rince. Nuair a chuala an madra mór atá acu an ceol shuigh sé ar chorrghiob agus chuir sé a shrón san aer agus d’oscail a bhéal, agus bhí ag cur glamanna móra brónacha ceoil as i dtreo is go gceapfá go raibh gach madra riamh dár bhain leis marbh. Bhí Neil d’iarraidh sinn a aithint. Chaith a máthair amhras láithreach orm féin. ‘Mhuise, slán beo le sean-Thadhg,’ ar sise, ‘agus ní hí sin an chrích ba mhaith leis ar a chasóg ghreanta.’‘Dhé, ní fear díomhaoin í,’ arsa mise, agus laochas orm. ‘Maróidh do mháthair thú’, arsa Máire Aindí. Ambriathar gur bhain an méid a dúirt sí cuid den fhuadar díom. Bhí an t-olc á thuar dom cheana féin. B’fhearr liom go bhfágfainn i mo dhiaidh libhiré mo sheanathar. Chonaic Máire Aindí gur ghoill a caint orm. ‘Féach, a Neil’, ar sise, ‘gheobhaidh tú réal sa sparán sin thíos agus tabhair do na buachaillí í.’Chuaigh Neil go dtí an sparán ach ní réal a thug sí dúinn ach scilling. Ansin thug sí stráice aráin an duine dúinn agus bhí rísíní ann. Is maith liom féin Neil. Thugamar turas ar na tithe eile sa bhaile i ndiaidh a chéile ach d’fhágas ár dtighne ar deireadh. An rud a dúirt Máire Aindí i dtaobh chulaith mo Dhaid chríonna agus i dtaobh na feirge a bheadh ar Mham, sin é a choinnigh ón dtigh mé. Ní baol ná go n-aithneodh Mam an chasóg eireabaill agus an hata, agus d’fhágfadh sin an Dreoilín gan chaptaen. Is é a dheineas sa deireadh ná an chuid eile acu a chur go dtí an tigh agus fanúint mé féin sa bhóithrín. Bhí seans go bhfaighidís scilling ó Mham mura bhfeicfeadh sí mise ina dteannta. Bhuel, is maith a scaras leis agus gan dul leo. Chonac iad go léir ag dul an doras isteach agus na gléiseanna ceoil ar séideadh acu. (21)

24

Page 25: lionra.files.wordpress.com€¦  · Web viewLéitheoireacht Chomhroinnte (Obair Ghrúpa)5. Agallamh Beirte7. An Fheasacht Chultúrtha10. An Tuiseal Gairmeach13

#Jimín100Ceiliúradh 100 bliain Jimín Mháire Thaidhg le Pádraig Ó Siochfhradha, An SeabhacAonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh

Níorbh fhada, áfach, gur stad an ceol go tobann agus chonac ag brú a chéile sa doras arís iad d’iarraidh teacht amach. Stadadar taobh amuigh agus bhíodar ag féachaint an doras isteach ar rud éigin a bhí ar siúl istigh ach ní leomhfadh aoinne ach dul róghairid don ndoras. ‘Mam arís, a déarfainn,’ arsa mise, agus thugas mo bhuíochas do Dhia gur fhanas óna crúcaí.Níorbh fhada dom go bhfaca mo dhuine, Tadhg Learaí Bhig, ag teacht an doras amach chun na coda eile agus ba dhóbair go dtitfinn nuair a chonac an íde a bhí air. Ní raibh d’éadach ná de chulaith an Dreoilín air ach an méid nár le Cáit seo againne. Aon lá dá chuimhne níor tháinig dom agus mé ag cur na coda eile go dtí an tigh go n-aithneodh Mam gúna Cháit ar Thadhg. Bhí Tadhg ag pusaíl ghoil agus a lámh trasna a shúl aige leis an náire. Bhí trua agam dó ach, ar mh’fhallaing, nuair a chonac an bhreill a bhí air agus an dá bhróg mhóra á dtarraingt ina dhiaidh aige ag teacht chugam sa bhóithrín níor fhéadas gan a bheith ag gáirí. Nuair a chonaic Tadhg mé ag gáirí tháinig olc air. ‘Fasan uaim,’ ar seisean, ‘is tusa faoi ndeara é,’ agus bhí an gol agus an fhearg á thachtadh. Rug sé ar na clocha sa bhóithrín agus bhí sé á rúscadh liom agus gach aon liú goil aige. Phléascamar go léir ag gáirí. ‘Hí-ú, cosa buí arda!,’ arsa sinne. Dhein sin an donas ar fad ar Thadhg. ‘Bú-hú!’, ar seisean, agus as go brách leis abhaile trí na garraithe. Ach dá mhéid an greann a bhí againn ar Thadhg, ní rabhas-sa in aon chor istigh liom féin. Bhí fearg mo mháthar mar bheadh scamall os mo chionn. D’imigh an Dreoilín ar fad soir chun na ceartan agus chun na dtithe in aice leis, ach ní bhfuaireas-sa aon spórt sa Dreoilín a thuilleadh. Nuair a chuamar go tigh Pheats Taimí ní thabharfadh sé aon ní dúinn. Dúirt sé gur ‘paca díomhaoin’ sinn, agus chuir sé an madra linn. Ach d’éirigh an madra as an scéal nuair a buaileadh isteach idir an dá shúil leis an lamhnán gaoithe é. Rith Peats inár ndiaidh lena mhaide ach bhí fuar aige a bheith d’iarraidh breith orainne – agus na bróga leaistic orm féin. Bhíomar tuirseach den nDreoilín faoin dtráth sin agus dúramar go n-éireoimis as. Bhí ocras ag teacht, leis, orainn. A dó dhéag is seacht bpingine a bhí againn agus roinneamar idir an deichniúr a bhí sa Dreoilín é – scilling is leathréal an duine. Thugamar an phingin bhreise do Thadhg Learaí Bhig toisc an sceimhle a fuair sé ó Mham. Micilín a thug abhaile chuige é. Ansin thug gan aoinne aghaidh ar a thigh féin agus fuadar ocrais faoi. Ach, an dtuigeann tú, ní raibh aon fhuadar fúmsa chun an tí; bhí drochiontaoibh agam as an bhfáilte a chuirfí romham. Thugas fuath don bhaile. Thuigeas, tá a fhios agat, go raibh Mam ag feitheamh liom ann agus go mbeadh sásamh uaithi i ngúna Cháit agus i gcasóg mo Dhaid chríonna agus sa hata cairilín. Agus dúrt liom féin gurbh é mo leas Mam a sheachaint i láthair na huaire sin. Agus b’fhéidir le himeacht aimsire go dtiocfadh sí chun cainte liom arís. Suas go tigh Mháire Aindí a chuas. Ní fhéadfainn dul gan fhios do Mham go dtí an stábla chun mo chuid éadaigh féin a fháil. Bhí an t-ocras ag gabháil lastuas díom go géar agus bhí súil agam, tá a fhios agat, go

25

Page 26: lionra.files.wordpress.com€¦  · Web viewLéitheoireacht Chomhroinnte (Obair Ghrúpa)5. Agallamh Beirte7. An Fheasacht Chultúrtha10. An Tuiseal Gairmeach13

#Jimín100Ceiliúradh 100 bliain Jimín Mháire Thaidhg le Pádraig Ó Siochfhradha, An SeabhacAonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh

bhfaighinn píosa de chíste Nollag ó Neil. D’íosfainn píosa mór de chíste an uair chéanna. Bhí Neil istigh agus Máire Aindí agus Tadhg Óg. Nuair a chonaic Tadhg an chulaith fós orm tháinig fonn magaidh air. ‘Déanfaidh sé seo Dreoilín go hoíche de,’ ar seisean. ‘Nach agat atá an cion ar bhalcaisí do Dhaid chríonna?’, arsa Máire Aindí, agus bhí sí ag gáirí. Rug Neil ar an hata agus chuir ar a ceann é. Ambriathar ná oir sé go holc in aon chur di. ‘Tabhar dom an chasóg, leis,’ ar sise, agus bhain sí díom í agus bhí á cur uirthi. ‘Dhera, bain díot iad agus ná bí ag déanamh Máire Ní Ógáin díot féin,’ arsa Máire Aindí. Níor dhein Neil ach gáire agus d’fhéach sí síos uirthi féin. ‘Ná fuilim go deas?’ ar sise. Ó go gleoite!’ arsa Tadhg. Ní dúirt Máire aon ní. ‘Cad dúirt do Mham leat nuair a chonaic sí thú? arsa Neil. ‘Ní fhaca sí fós mé,’ arsa mise, ‘mar ná rabhas sa bhaile chuige.’‘Agus ab amhlaidh atá eagla ort dul?’ arsa Neil.‘Ba mhaith an ceart dó,’ arsa Tadhg, agus d’inis sé dóibh cad d’imigh ar Thadhg Learaí Bhig. ‘Agus dá mhéid an néal a bhí uirthi nuair a chonaic sí gúna Cháit ar Thadhg beag, tháinig an t-olc ar fad uirthi nuair a bhraith sí casóg agus hata a hathar imithe,’ arsa Tadhg Óg. Bhí a fhios agam féin gur mar sin a bheadh, leis, gan Tadhg Óg á insint dom in aon chor. Bhraitheas mo chraiceann greadtha scólta cheana féin ón mbualadh a bhíothas chun a thabhairt dom. ‘Ní gá di in aon chor a bheith chomh cruaidh sin ar bhuachaill bocht,’ arsa Neil. Ba mhaith í Neil. ‘B’fhéidir nár ithis aon dinnéar inniu, leis?’ ar sise. Bhí a fhios agam go raibh Neil tuisceanach agus go leanfadh sí ag tathant orm go gcaithfinn rud éigin. ‘Ó,’ arsa mise, ‘níl aon ocras orm.’ Bhí, an dtuigeann tú, ach ní ligfeadh náire dom é a rá. ‘Mura bhfuil féin b’fhéidir go n-íosfá píosa de chíste Nollag.’Bhíos i gcás cruaidh. Ní fhéadfainn a rá go n-íosfainn agus níor mhaith liom a rá ná híosfainn. Ach bhí Neil tuisceanach. Chuaigh sí agus thug sí chugam canta mór de bhairín breac agus muga bainne. Nuair a bhíos á ithe dúrt liom féin gurbh í Neil an duine ba thuisceanaí dár bhuail riamh liom. Nuair a bhí an béile ite agam bhraitheas feabhas mór ar gach aon scéal agus bhíodh cuimhne Mham ag imeacht uaim nó go bhféachainn ar an gcasóg eireabaill. De réir mar bhí sé ag dul i ndéanaí, áfach, agus gur mhithid dom a bheith ag dul abhaile ní rabhas in aon chor istigh liom féin. Bhí chuimhne Mham ag teacht thar n-ais chugam go han-shoiléir ar fad. Níor shamhlaíos aon ní léi an uair sin ach ‘Sceimhle Mhór an Luain’ a mbíonn Beit Mhór ag trácht air go minic, pé rud é. Ach ní raibh aon dul uaidh agam, thuigeas, agus d’éiríos chun dul abhaile. ‘Abhaile ataoi ag dul?’ arsa Neil. ‘Is ea,’ arsa mise, go mímhisniúil. ‘Ba bhreá a bheith ag dul don chroich seachas é,’ arsa Tadhg Óg. Gháireadar go léir. D’fhéachas anonn ar Neil. ‘Mhuise, beannacht Dé duit agus téanam ort i mo theannta féachaint an bhféadfá faobhar mo mháthar a chur díom,’ arsa mise léi.

26

Page 27: lionra.files.wordpress.com€¦  · Web viewLéitheoireacht Chomhroinnte (Obair Ghrúpa)5. Agallamh Beirte7. An Fheasacht Chultúrtha10. An Tuiseal Gairmeach13

#Jimín100Ceiliúradh 100 bliain Jimín Mháire Thaidhg le Pádraig Ó Siochfhradha, An SeabhacAonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh

Is dócha gur thuig sí an cás cruaidh a bhí orm. Phreab sí. ‘Mhuise, ambriathar go raghad,’ ar sise. Tháinig oiread bó de chroí dom, a dhuine. Bhí Máire Aindí ag gáirí faoin scéal. Nuair a bhíomar ag imeacht, arsa Tadhg Óg: ‘Arbh aon chabhair mise a dhul in bhur dteannta?’ agus d’fhéach sé ar Neil. Stad gáire Mháire Aindí agus tháinig cuma mhíchéatach uirthi nuair d’fhéach sí sa chúinne ag lorg ruda éigin. Lena linn sin, d’fhéach Neil ar Thadhg agus bhagair a ceann chun an dorais. ‘Téanam ort,’ arsa mise, agus tháinig.Ba mhór an misneach orm é an bheirt a bheith faram agus mé ag dul go dtí an tigh. Ghabhamar an bóithrín, mise ar tosach agus iadsan i mo dhiaidh. D’fhanadar sin i ndoras an stábla a fhaid a bhíos-sa ag dul ar an lochta ar lorg mo chuid éadaigh féin agus á chur orm. Nuair a thánga arís chucu ghluaiseamar chun an tí. Ní mise a bhí ar tosach an babhta seo, ambaic. Is i gcoinne mo chos a bhíos-sa ag dul ann, a dhuine. ‘Ná bíodh aon drochmhisneach ort, a bhuachaill,’ arsa Neil liom, ‘siúil leat’. ‘Ní ligfidh tú di mé a mharú ar fad, a Neil?’ arsa mise. ‘Ní ligfead,’ arsa Neil. ‘Croith suas tú féin.’Thugas mé féin suas do Dhia agus do Mhuire, agus rugas greim ar ghúna Neil, agus chuas thar doras isteach ina diaidh. Bhí Mam ina suí ag ceann an bhoird agus Daid le hais na tine agus Cáit imithe a chodladh, is dócha. Nuair a chuas isteach d’fhéach Mam orm. Chloisfeá biorán dá dtitfeadh. Stad mo chroí agus m’anáil agus chrom rud éigin i gcolpaí mo chos ar crith agus mheasas do dtitfinn. ‘Thángais,’ ar sise. Ar mh’fhallaing nár labhras. D’éirigh Mam agus thóg sí anuas an tslat den chlár os cionn na tine mar a mbíodh sí i gcónaí aici. ‘Tar i leith chugam,’ ar sise. Ó, a Mhuiricín, bhíos ag cur uaim. Leis an scanradh a bhí orm bhíos ag bogadh de ghúna Neil chun dul chun na slaite nuair a chuir Neil taobh thiar di mé. Ní bhuailfidh tú barr méire ar an mbuachaill,’ ar sise le Mam. Mo cheol í Neil!‘Buailfidh mé agus bainfidh mé an craiceann anuas de, mar is é atá tuillte aige,’ arsa Mam. Bhí faobhar uirthi á rá, a dhuine. ‘Á, faire, a Mham, ná dein,’ arsa Neil. ‘Dhein an garsún bocht dearmhad agus tá aithreachas anois air.’‘Aithrí thoirní’, arsa Mam, ‘scaoil i leith chugam é agus múinfeadsa dó…’‘Ach beidh sé ina bhuachaill maith gach aon uair eile,’ arsa Neil. Bhí Neil ar a dícheall. ‘Beidh nuair a bheadsa críochnaithe leis,’ arsa Mam agus thug sí fogha timpeall ar Neil chun breith orm. Léim Neil eadrainn chun mé a chosaint ach is baol go dteipfeadh uirthi agus go mbeadh deireadh liomsa mura mbeadh gur dhein Tadhg Óg fóirithint orm. Ní dhearmhadfad go brách dó é. Rug sé ar láimh ar Mham agus bhain sé an tslat di.

27

Page 28: lionra.files.wordpress.com€¦  · Web viewLéitheoireacht Chomhroinnte (Obair Ghrúpa)5. Agallamh Beirte7. An Fheasacht Chultúrtha10. An Tuiseal Gairmeach13

#Jimín100Ceiliúradh 100 bliain Jimín Mháire Thaidhg le Pádraig Ó Siochfhradha, An SeabhacAonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh

Ó, a dhuine, ba mhór an fhuascailt é. Bhí Mam ar buile ach dheineadar caint bhreá bhog léi á chiúnú: gur bhuachaill bocht óg mé ná riabh aon chiall agam – ná bíonn ceann críonna ar cholainn óg – ná tagann ciall roimh aois – gurbh fhearr go hanamúil aerach mé ná a bheith i mo ruidín mílítheach cois na tine aici – go ndéanfainn fear maith ciallmhar fós, le cúnamh Dé, agus a lán eile cainte mar sin go ndeacha sí chun suaimhnis. Ansin, tharraing Tadhg scéal eile anuas – go raibh cúig phunt ar bhanaí ocht seachtaine ar shráid an Daingin Satharn na Nollag. Agus bhréagadar Mam mar sin ó bheith ag cothú fala i mo choinnese. Faid a bhíodar ag caint d’éalaíos féin chun súsa agus mé go buíoch trí a fheabhas a chuas as. Níor thit aon néal chodlata orm, áfach, go gcuala Neil agus Tadhg ag imeacht abhaile. Agus níor stad mo chroí de bhualadh go gcuala Mam ag dul dá seomra féin. Is sia a chuimhnigh sí ar mhíghníomh lae sin an Dreoilín i mo choinne ná aon rud eile a bhí déanta le fada agam. Gach aon mhaidin Domhnaigh nuair a chíodh sí gúna Cháit agus an rian dubh a d’fhan air i ndiaidh an lae mhí-áidh sin, ní fhéadfadh sí gan é a chur i gcuimhne dom. Dá mbuailfeadh Dia aon tseans i dtreo Cháit go bhfaigheadh sí gúna nua, ba mhór an suaimhneas dom é.

28

Page 29: lionra.files.wordpress.com€¦  · Web viewLéitheoireacht Chomhroinnte (Obair Ghrúpa)5. Agallamh Beirte7. An Fheasacht Chultúrtha10. An Tuiseal Gairmeach13

#Jimín100Ceiliúradh 100 bliain Jimín Mháire Thaidhg le Pádraig Ó Siochfhradha, An SeabhacAonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh

Aonad na Gaeilge (LC0-014)Scoil na Gaeilge, an Bhéarla, agus na Cumarsáide, Ollscoil Luimnigh+353 (0)61 234754www.ul.ie/aonadnagaeilgeTwitter: @AonadnaG  Facebook: aonadnagaeilgeInstagram: aonadnagaeilge

              

29