KES Leaving Cert Oral 2021 An tSraith Pictiúr P Ahern.
1
Scrúdú na hArdteiste
Sraith Pictiúr
An tUas. P. Ahern
Nótaí faoin gCóras
+ Shortcuts
Booklet of Scripts (2021)
Kilmartin EducationServices
Ardleibhéal
KES Leaving Cert Oral 2021 An tSraith Pictiúr P Ahern.
2
Contents / Ábhar an Leabhair
Pages 1-6 Guidelines + smart phrases
NA SRAITHEANNA
Page 07 : Cuairt ar Aintín i Nua Eabhrac (Sraith 1)
Page 08 Imreoir Gortaith (Sraith 2)
Page 09 Bua sa Chomórtas Díospóireachta (Sraith 3)
Page 11 Na hÚsáid an Cárta Creidmheasa gan Chead (Sraith 4)
Page 12 Ag togadh Scoláire na Bliana (Sraith 5)
Page 13 An Ghaeilge -Seoid Luachmhar agus cuid dár gCultúr (Sraith 6)
Page 15 Obair dhian – Torthaí Maithe san Ardteistiméireacht (Sraith 7)
Page 16 Comhoibriú an Phobail (Sraith 08)
Page 17 Breoite ar Scoil (Sraith 09)
Page 19 Drochaimsir an Gheimridh – Athrú Aeráide (Sraith 10)
Page 21 Timpiste sa Choláiste Samhraidh (Sraith 11)
Page 22 Sláinte na nÓg – Seachtain na Sláinte (Sraith 12)
Page 24 Bua ag Cór na Scoile (Sraith 13)
Page 25 Teip sa Scrúdú Tiomána (Sraith 14)
Page 26 Turas go dtí Comórtas Leadóige Wimbledon (Sraith 15)
Page 27 Agallamh do nuacht Tg4@7 (Sraith 16)
Page 28 Robáil Bhainc (Sraith 17)
Page 29 Ag Téacsáil sa Rang (Sraith 18)
Page 31 Caillte sna Sléibhte (Sraith 19)
Page 32 Samhradh Iontach (Sraith 20)
KES Leaving Cert Oral 2021 An tSraith Pictiúr P Ahern.
3
The Sraith Pictiúr : The oral is worth 40% (240 marks) which is bigger
than paper one or paper two and it really is the best place to pick up
marks. You must do well here if you aim to get a good result in Irish
overall. It is worth noting that of the 240 marks available the sraith is worth
80. Scripts will be provided for each picture series but take on board the
scripts are an access point into the language. It is not planned that you
would learn all 20 off by heart. They are written from a pool of phrases that
allow the student not to be overly reliant on memory work but rather one
can internalise the high quality top sheet and you can draw on that material
a variety of situations. It is risky to try and learn (20 scripts) x (3 mins each)
and if you go without a backup system you could be faced with a scenario
where you draw a blank and this would really throw you off line during the
oral where confidence is critical due to the short time run involved. You
need to start well as there is little time for a recovery if things go a little off
track so to speak. INTERNALISE (a little) DON’T MEMORISE ( a load).
Included below is a repertoire of some phrases that are transferrable or
which relate to many of the 20 stories. The aim of the game in the Sraith is
really to learn smart, flexible and transferable phrases that can be applied
in many cases. As always native natural phrases will trump chunky
technical words/terms.
Here are examples of transferrable phrases. You don’t need to reinvent
the wheel for each new picture series. Build up nathanna cainte and let
them do the work. INTERNALISE DON’T MEMORISE.
1.) i lár na cathrach (in the city centre)
2.) dubh le daoine / faoi lán seoil (things in full flight)
3.) ar nós na gaoithe /go luas lasrach
4.) ar an lá dar gcionn (the next day)
5.) ag cur báistí / ag cur fearthainne
6.) fliuch go craiceann /fliuch báite
7.) an ghrian ag scoilteadh na gcloch
8.) i bponc ceart/ in umar na haimléise & níl aon dul as na fíricí ann.
9.) Bhí an XXXX chomh ciúin le reilig. ( as quiet as a graveyard)
KES Leaving Cert Oral 2021 An tSraith Pictiúr P Ahern.
4
10.) ar mhuin na muice (on the pig’s back) (11.) go moch ar maidin (early in the morning)
12.) in éineacht lena c(h)airde
13.) le cúamh Dé / buíochas le Dia.
14.) Éiríonn go geal leo sa ………….
15.) Tá XXX ina láimh aige/aici.
16.) Is dócha gurb é /í seo an mháthair/ t-athair/múinteoir
17.) Déanann XXX comhghairdeas le YYY.
18.) Gabhann siad a leithscéal le………….
19.) Titeann an lug ar an lag nuair………..(things fell apart)
20.) Níl / Ní raibh cíos , cás nó cathú orm/air/uirti/orthu.
21) Beidh deachú le híoc as seo cinnte.(there’ll be a price to pay)
22.) ag an bpointe boise / beo. (instantly)
23.) i bpreabadh na súl / i bhfaitheadh na súl (in the blink of an eye)
24.) Bhí clab go cluasa orthu = Bhí ionadh an domhain orthu
25.) Is ar éigean go raibh sé (he was barely able to……..)
26.) Is léir go bhfuil an gabhar á róstadh (they were living it large…..)
27.) Mar sméar mullaigh anseo (to top it all off…….)
Ways of referring to the pictures
It is important that you work on the skill of “indirect speech” (see page
5 in detail) so that you can chat fluidly about any of the 20 picture series that
you might draw from the pack. This skill will also stand to you in other areas
such as when reading the comprehensions and when trying to link your ideas
together in your essay. Remember when you are preparing for your oral you
are also working on material that you can use in your essay and vice versa.
Also keep to the front of your mind that the best way to improve your general
level of Irish for the exam is to read as often as possible. Try and read for a
few minutes every day. This is better than reading for an hour once a week.
Learning a language is a process and certainly not an event so little and often
is the best line of attack.
5
KES Leaving Cert Oral 2021 An tSraith Pictiúr P Ahern.
Smart - Felxible - Transferrable Knowledge
1. Is é an t-ainm atá ar an scéal seo ná XXXXX. (100% guaranteed that you can use this) 20 x 20 2. Tosnaíonn an scéal sa seomra suite / sa chistin (Every story
starts somewhere)
3. Críochnaíonn an scéal …… The story finishes (….and what goes up must come down)
Reported or Indirect Speech (allows for natural references to be made)
1. Is dócha go bhfuil / go raibh ……I imagine that
2. Is dócha nach bhfuil / go raibh………I reckon
3. Is léir go bhfuil / go raibh .......... It is /was clear that 4. Is léir nach bhfuil sé… ......... It is clear that he is not 5. Is cosúil go bhfuil / go raibh ........ It appears that / It looks like
6. Is cosúil nach bhfuil go raibh…....... It seems that 7. Is léir ón mbolgán cainte / bhfógra / gclog go bhfuil : It is clear from…..
8. Deir an bolgán cainte/ bolgán smaoinimh go bhfuil… 9 Feictear beirt / triúr / ceathrar sa phictiúr
10. Feictear X ar an mbord / ar an mballa 11. Tugtar le fios dúinn ón mbolgán cainte go bhfuil…we are informed
by the speech bubble 12. Tugaim faoi deara go bhfuil…… I notice that 13. Ceapaim / Sílim / Measaim + go/nach bhfuil : I think 14. Déarfainn go/nach bhfuil : I would say that ….. 15. Is féidir linn a fheiceáil go/nach bhfuil : we can see that….. 16. Ceapaim gurb é/í an NOUN é / í : e.g Ceapaim gurb í an bainisteoir í. 17. Tá siad i mbun oibre …… 18. Tá siad i mbun comhrá ….. 19. Tá siad i mbun staidéir …….. 20. Níl mórán eile sa phictiúr seo le cur síos a dhéanamh air.
An chéad phictiúr (1st
) an dara / tríú / ceathrú / cúigiú /
séú pictiúr.
6
KES Leaving Cert Oral 2021 An tSraith Pictiúr P Ahern. Parts of the picture
1. Ar chlé / Ar dheis 2. Thíos ar chlé / ar dheis 3. Thuas ar chlé / ar dheis. 4. i lár an phictiúir / Sa chúlra / Sa tulra 5. Ag barr / ag bun an phictiúir.
NB: Remember that while it is good to use indirect speech and to show
off that skill it is NOT enough to simply talk about the pictures. Your 3
minute description must include the bare bones of a story also. In this
case quality trumps quantity and to be honest less is more for the
purposes of the Sraith. The examiner is working to a tight schedule so
keep to time with the Sraith that is the best way to play it in terms o1f
strategy. Trying and interact with the picture by pointing at things this will
add a natural quality to your speech that will help to impress the
examiner. This is known in the trade as the “total physical response” it is
a way of adding to your communication skills. It suggests your answers
are being generated in real-time and this will earn you some credit from
the examiner as it sets a nice tone /atmosphere within the oral. The sraith
has been moved to position 4 in the oral to avoid people talking for too
long so be cognisant of that when preparing or practicing. The scripts
provided contain more material than you will need so pick and choose
what you want to use so that you end up generating a unique answer.
Help with Pronunciation You can use the audio files but also if there are individual words you want to check then use
a.) www.abair.ie (this has built in pronunciation software) b.) www.teanglann.ie (as above)
Vocabulary resources tearma.ie (terminology checker) teangalann.ie (two way online dictionary designed by UCD) potafocal.com (this is good for checking phrases/nathanna cainte)
7
KES Leaving Cert Oral 2021 An tSraith Pictiúr P Ahern.
Sraith 1 : Cuairt ar Aintín i Nua-Eabhrac
1.)Is é an t-ainm atá ar an tsraith seo ná “Cuairt ar Aintín i Nua-Eabhrac” agus sa
chéad phictiúr feictear beirt bhan ina suí ar an tolg agus is dócha gur máthair agus
iníon atá iontu. Cuirfidh mé Áine ar an gcailín ar chlé agus cuirfidh mé Síobhán ar an
mbean ar dheis. Is léir ón scaileán go bhfuil siad ag breathnú ar an gcrannchur
náisiúnta agus tugaim faoi deara an ticéad ina láimh ag an máthair. Tugtar le fios
dúinn ón mbolgán cainte go bhfuil said ar mhuin na muice mar tá airgead buaite acu.
Is cosúil go raibh caithréim mhór i gceist mar sin beidh roghanna móra le déanamh.
2.) Ins an dara pictiúr tá deighilt ann agus ar chlé feictear Áine ag clóscríobh ar an
bhfón póca. Tá súil agam nach bhfuil sí ag cur an saol mór agus a mháthair ar an
eolas go raibh bua acu sa chrannchur. Ar dheis feictear bean ag ceann eile an líne ag
léamh na nuachta agus is léír go bhfuil sí ar bís faoin scéal. Má fheiceann tú tríd an
bhfuinneog feictear alán scríobaire spéire ar an taobh amuigh mar sin is dócha go
bhfuil an bhean seo ag cur fúithí ar an oileán Manhattan i gcroílár an Nua-Eabhraic.
3.) Sa tríú pictiúr feictear Áine agus a mham, Síobhán ag cíoradh na bhféidearachtaí
ar fad. Déantar machnamh ar na carthanachtaí éagsúla mar aon leis an tuairim
fláitheas (mansion) mór le linn snámha a cheannach amuigh faoin tuath. Sa deireadh
beartaíonn siad tráth a chaitheamh thar lear chun sos a ghlacadh chun cinneadh
tobann a sheachaint. Déantar seo ionas nach mbeadh an t-airgead ar fad caite faoi
dheifear acu. Sa deireadh thiar thall agus tar éis dreas deas cainte téann Síobhán i
dteagmháil lena deirfiúr Sorcha i Nua-Eabhrac.
4.) Ar an lá dar gcionn cuireann siad a n-ainmneacha ar dhá shuíochán atá ag dul ó
Éirinn go Meiriceá ar an Aoine seo chugainn. Éiríonn siad go moch ar maidin ar an lá
cuí agus téann siad le tacsaí go dtí aerfort Bhaile Átha Cliath. Titeann an bheirt acu ina
gcoladh ar an eitleán tar éis a bheith ag féachaint ar scannán grinn ón bpictiúrlann ar
bord. Maireann an eitilt cúig uair an chloig agus ansin thuirling siad an ar rúidbhealach.
Buaileann siad le Sorcha sa seomra teachta agus beireann siad barróga ar a chéile.
KES Leaving Cert Oral 2021 An tSraith Pictiúr P Ahern.
8
5.) Téann siad díreach go dtí árasán Shorcha i lár na cathrach agus itheann siad béile blasta
ansin. Bíonn an triúr acu ag síorchaint gan sos am ar bith a thagann siad le céile. Nochtann
Soracha na tuairimí atá aici faoin mbua agus cuireann sí ina luí orthu gurbh éigean dóibh a
bheith cúramach sa chás seo. Buaileann an turise aerthurais na cuairteoirí go tobann agus
caitheann siad seal sa leaba chun é a shásamh. Nuair a éiríonn siad as go brách leo go dtí
cúpla sainchomhartha le Broadway agus an Cearnóg Ama ina measc.
6.) Téann siad timpeall na cathrach ar bhus gan díon agus suíonn siad thuas staighre chun
an radharc is fearr a bhaint amach. Bhíodar ag dul thart leis na cosa in airde ó shiopa go
siopa ar spraoi caitheachais. Nuair a fhilleann siad ar an arasán déanann siad machnamh
faoin lá agus aontaíonn siad go bhfuil orthu a bheith cúramach ionas nach mbeadh an t-
airgead nua rite gan mhoill agus beartaíonn siad sos a ghlacadh ó na cartaí creidmheasa ar
feadh píosa ar aon nós.
Sraith 2 : Imreoir Gortaithe
1.), Is é an t-ainm atá ar an tsraith seo ná “imreoir gortaithe” agus tosnaíonn an scéal ar an
bpáirc imeartha agus is léir go bhfuil cluiche iomána faoi lán tseoil ann mar tá camán ina
láimh ag gach duine ar an bpáirc agus feicim go bhfuil siad ag caitheamh clogad freisin.
Tugaim faoi deara clár na scór sa chúlra agus dar leis tá an scoil chun tosaigh ar an
gcoláiste. Déarfainn gur cluiche tábhachtach é seo mar tá an seastán dubh le daoine.
B’fhéidir gurb é seo an craobh nó an cluche leathcheannais.
2.) Ins an dara pictiúr feictear imreoir amháin sínte amach ar an talamh. Cuirfidh mé Seán
air. Mar aon le seo tá fear na feadóige ina sheasamh in aice leis agus é ag coimeád súil
ghéar air. Is dócha go bhfuil sé buartha dá mbeadh an t-imreoir gortaithe go trom. Ar an
taobh líne tá an bainisteoir le feiscint agus é ag screadaíl ar ard a ghutha mar ní mó ná sásta
atá sé faoin méid a tharla. Fágann Seán an pháirc ach ar an droch-uair níor bhronn an
réiteoir aon chárta ar imreoir ón bhfoirenn eile agus cuireann sin fearg ar an slua.
3.) Ó thaobh gur thit Seán as a sheasamh cuirtear scairt ar an otharcharr agus tagann an
fhoireann leighis ar nós na gaoithe. Cuirtear isteach san otharcharr é agus as go brách leo
go dtí an seomra timpiste agus éigeandála. Sroicheann siad an otharlann ag a trí a chlog.
Mar aon le Seán tá beirt othar eile ag feitheamh ann ar an mbinse sa chúlra faoin gclog. Is
cosúil go bhfuil cos an fhir ar chlé briste agus go bhfuil lámh an fhir ar dheis briste. Téann
an bainisteoir as a stuama féin chuig an otharlann tar éis an chluiche.
KES Leaving Cert Oral 2021 An tSraith Pictiúr P Ahern.
9
4.) Sa ceathrú pictiúr feictear Seán fós ina luí ar an leaba agus is cosúil ón straois atá air go
bhfuil an pian ag dul in olcas. Feictear altra ann le clár beag ina láimh aici agus í ag
breacadh síos nótaí faoin eachtra. Feictear an bainisteoir ann freisin agus é ag déanamh cur
síos ar an gcalaois. Ní mó ná sásta atá siad faoi chúrsaí ama mar tá níos mó ná dhá uair an
chloig imithe ó shroich siad an áít. Tagann an scéal isteach gur bhuaigh fhoireann Sheáin an
cluiche agus cuireann sin spionn níos fearr air cinnte.
5.) Sa cúigíu pictiúr feictear Seán ina shuí san oifig leis an dochtúir. Tugaim faoi deara go
bhfuil teilgean plástair ar an gcos dheis anois agus ní comhartha ró-mhaith é sin. Tugtar le
fios dúinn ón mbolgán cainte go bhfuil an scéal dona go leor. Deir an dochtúir leis go mbeidh
air sos fada a ghlacadh ón íomáint agus cuireann sin isteach ar Sheán go mór ach níl aon
dul as na fíricí ann. Taispeánann an dochtúir an dochar dó ar an x-ghá agus tuigeann Seán
go maith ag an bpointe sos go bhfuil an cos briste go dona.
6.) Críochnaíonn an scéal seo sa halla spóirt agus feictear Seán ag caint leis an mbainisteoir
cuireann sé an saoiste ar an eolas nach mbeidh cead aige aon chluiche a imirt ar feadh cúig
mhí ar an laghad. Is cinnte go gcuireann an nuacht seo brón ar an mbeirt acu mar tá Seán ar
cheann de na himreoirí is fearr ar an bhfoireann. Caithfidh Seán machnamh a dhéanamh faoi
seo agus faoin tréimhse atá amach roimhe. Tá sé idir dhá chomhairle faoi dul ag imirt fichille.
Beidh air rud éigin a dhéanamh leis an leadrán a shásamh
3. Bua sa Chomórtas Díospóireachta
1.) Is é an t-ainm atá ar an tsraith seo ná “Bua sa chomórtas Díospóireachta” agus sa
chéad phictiúr feictear triúr daltaí ina seasamh ar an bpasáiste sa scoil agus iad ag caint
faoi phóstaer atá crochta ar an mballa. Is léir go bhfuil suim ag an triúr acu san
fhoireann díospóireachta atá á bunú sa scoil. Tuigeann siad go maith go gcuirfeadh an
deis seo go mór lena gcúmas sa Ghaeilge go háirithe maidir lena nGaeilge labhartha.
2.) Sa dara pictiúr feictear muintir Scoil Pheadair san iomaíocht in aghaidh Scoil Mhuire
i gcraobh an chomórtais. Is dócha go bhfuil a gcuid nearóg ag cur isteach orthu agus iad
ag caint os comhair an tslua. Is cosúil go bhfuil an áit dubh le daoine agus cuireann seo
leis an dúshlán atá roimh na daltaí. Is í Síle, atá ina seasamh sa lár agus is í
KES Leaving Cert Oral 2021 An tSraith Pictiúr P Ahern.
10
captaen na foirne í. Tagann sí amach ar an gcos ceart agus labhraíonn sí go paiteanta faoin
rún ag an tús. Cuireann sí neart smaointí ina luí ar an lucht éisteachta
3.) Tugtar le fios dúinn sa triú pictiúr go bhfuil an dá fhoireann ag caint faoin tuairim
nach bhfuil aon leigheas i ndán don tír seo. Labraíonn muintir Pheadair in aghaidh an rúin
agus déanann siad cur síos cumasach agus mealltach ar na rudaí dearfacha atá fíor faoin
oileán seo. Sa phictiúr céanna feictear beirt mholtóirí atá ag tabhairt cluas ghéar do
Chiarán. Déarfainn go bhfuil a óráid ag dul i bhfeidhm ar no moltóirí mar is cinnte go
raibh neart ullmhúcháin mar aon le taighde déanta aige sular tháínig lá an bhreithiúnais.
Tuigeann sé go maith nach féidir leat an muc a ramhrú ar lá an aonaigh mar sin rinne sé
neart oibre roimh ré.
4.) Anois tá an comórtas curtha i gcrích. Ins an cheathrú pictiúr tagann fear an tí amach
agus tagann an tost ar an bpobal sa halla. Bhí an áít chomh ciúin le reilig agus gach duine
ag feitheamh ar na torthaí. Is dócha go bhfuil crith cos agus lámh ar an seisear daltaí a
bhí i mbun cainte sa chraobh agus is dócha gur rud iomlán nádúrtha é seo cé nach bhfuil
aon neart acu ar an toradh. Osclaíonn an fear an clúdach agus cuireann sé gach duine ar an
eolas go raibh an bua ag muintir Pheadair. Phléasc an slua leis an ríméid agus bhí rí-rá agus
ruaille buaille le feiceáil ar an ardán freisin. Thosaigh an lucht tacaíochta ag canadh
amhrán na scoile ar ard a ngutha ag an deireadh.
5.) Molann fear an tí an triúr daltaí go hard na spéire as an ngaisce atá curtha i gcrích
acu. Míníonn sé dóibh go gcuirtear le linn na doininne ach baintear le linn na soininne
(no pain no gain). Deir sé go bhfuil luach a saothair faighte ag muintir Pheadair agus go
raibh an bua tuillte go maith acu. Bronntar an corn orthu agus mar aon le seo faigheann
siad seic ar luacht dhá mhíle euro. Teastaíonnn ón bpríomhoide trealamh nua a cheannach
le córsas fuaime níos fearr a bhúnú sa scoil.
6.) Ar an lá dar gcionn buaileann na díospóirí i lár na cathrach ag an mbialann is fearr leo.
Is é an fáth le seo ná gur bheartaigh an príomhoide dinnéar deas a cheannach dóibh agus
is cinnte go raibh siad sásta glacadh leis an tairiscint seo. Chaith siad an oíche ag bualadh
bleide ar a chéíle faoin turas ón gcéad lá go dtí an craobh. Gabhann an príomhoide
KES Leaving Cert Oral 2021 An tSraith Pictiúr P Ahern.
11
a bhuíochas leo as an méid atá déanta ag na daltaí ar son spiorad na scoile. Filleann an
triúr acu abhaile ar an mbus agus iad lán sásta leobh féin.
Sraith 4 : Ná húsáid an cárta creidmheasa gan chead!
1.) Is é an t-ainm atá ar an tsraith seo ná “Ná húsáid an cárta creidmheasa gan chead”. Sa
chéad phictiúr tá deighilt ann. Agus ar chlé feictear beirt déagóirí ina suí os comhair an
ríomhaire. Cuirfidh mé Séan ar an mbuachaill agus Siobhán ar an gcailín. Is léir ón eolas ar an
scáileán gur theastaigh uathu freastal ar cheolchoirm san Aviva agus go bhfuil luach
€50(caoga euro) ar an ticéad. Pléann siad an tuairim agus beartaíonn an bheirt acu úsáid a
bhaint as cárta a ndaid chun na ticéid a cheannach agus déantar é seo i ngan fhios don athair
agus mar sin gan aon chead.
2.) Téann siad chuig an mantal agus ar an toirt filleann siad ar an ríomhaire leis an gcárta.
Cuirtear isteach na sonraí agus ansin brúnn siad ar an gcnaipe le híoc as an dá thicéad.
Cuireann siad an cárta ar ais sa sparán ar an mantal agus ní deir siad aon rud lena
dtuismitheoirí faoin méid atá déanta acu. Is dócha go dtuigeann siad go bhfuil siad imithe
iomlán amú leis an bplean seo. Agus gan dabht ar domhan mbeidh siad i bponc ceart faoi
seo gan mhoill. (gan dabht ar domhan : without a doubt in the world)
3.) Tagann an lá mór agus téann an bheirt acu leis an Luas go dtí an Aviva. Bhí an áit dubh le
daoine agus sa tríú pictiúr feictear an staid faoi lán tseoil. Thosaigh an réamhcheol ag a sé
agus tháinig an príomhbhanna amach ag a hocht. Bhí Seán agus Siobhán ar a sháimhín só le
linn an cheoil agus tar éis na ceolchoirme chuaigh siad go dtí siopa sceallóg chun an lá a phlé
agus chun greim bia a fháil.
4. An lá dar gcionn thit an lug ar an lag nuair a tháinig fear an phoist go moch ar maidin.
Feictear an t-athair ag déanamh inúchadh ar an mbille visa agus ní mó ná sásta atá sé faoin
líne ag cur síos ar an gcéad euro don cheolchoirm san Aviva. Cuireann sé an mháthair ar an
eolas faoi seo agus deir sí nach bhfuil tuairim faoin spéir aici faoi agus beartaíonn an bheirt
acu cúpla ceist a chur ar na déagóirí.
5.) Éiríonn Seán agus Siobhán nuair a chuir an t-athair glaoch orthu agus tagann siad
anuas an staighre agus téann siad isteach sa chistin. Is léir ón strainc ar an máthair go
bhfuil sí le ceangal faoin gcaimléireacht (sneakiness) seo. Déannann na déagóirí
iarracht bheag, an scéal a mhíníú ach glacann siad gan mhoill go raibh uisce faoi thalamh
ann leis a gcaoi ar cheannaigh siad na ticéid. Tuigeann siad nach bhfuil aon dul as na
fíricí ann
KES Leaving Cert Oral 2021 An tSraith Pictiúr P Ahern.
12
agus gabhann siad a leithscéal. Admhaíonn siad go raibh siad iomlán mícheart sa chás
seo.
6.) Críochnaíonn an scéal sa seomra suite agus feictear Seán ag glanadh na bhfuinneog
agus Síobhán ag obair leis an bhfolúsghlantóír. Is cosúil go bhfuil ciall ceannaithe faighte ag
an mbeirt acu. Tá na tuismitheoirí fós ar buile agus feictear iad ina seasamh sa doras ag
coimeád súil ghéar ar na páistí atá iad féín i mbun oibre chun a deachú a híoc as an mbotún
mór a rinne siad. Ní rachaidh ceachtar acu sa seans sin arís agus is maith an rud é go bhfuil
ceacht mór foghlamtha acu.
Sraith 5 : Ag togadh Scoláire na Bliana.
1.) Is é an t-ainm atá ar an tsraith seo ná “Ag togadh scoláire na bliana”.
Tosnaíonn an scéal sa seomra ranga agus sa chéad phictiúr feictear an
príomhoide ina seasamh ag barr an tseomra. Cuirfidh mé Bean Uí Shé uirthi.
Tugtar le fios dúinn ón mbolgán cainte agus ón eolas ar an gclár dubh go bhfuil sí
ag déanamh cur síos ar an tábhacht a bhaineann leis an toghachán do scoláire na
bliana. Is duais iontach mhór í seo agus cuireadh sí go mór le CV an bhuaiteora.
Ba bhreá le duine ar bith é a fháil gan amhras ach níl aon bholscaireacht
ceadaithe sa toghachán seo.
2.) Tagann lá na ciniúna agus mothaítear an spleodar san aer. Tosnaíonn an vótáil um
lón agus tá deis ag muintir na séú bliana a rogha a chaitheamh sa phroinnteach.
Glacann an príomhoide an post mar fhéitheoir ar an toghachán agus mar sin ní
bheidh éinne in ann aon rud a shochrú le cor a chur ar an rogha. Is cinnte go bhfuil cúpla
duine san iomaíocht don ghradam ach ní féidir a rá go bhfuil aon rogha láidir
coitiantachta ann sa chás seo. Tá scúinne buan le feiscint le linn an toghacháin agus
nuair a chloiseann siad an clog ag deireadh am lóin dúntar na boscaí. Filleann na
daltaí ar na ranganna agus cuirtear tús leis an gcomhaireamh.
3.) Sa triú pictiúr feictear beirt daoine i mbun oibre. Tá ceann na séú bliana ann in
éineacht leis an bpríomhoide agus iad lonnaithe in oifig ghinearálta in aice le
seomra na foirne. Tar éis tamaillín tagann sé chun solais don bheirt acu go raibh an lámh in
uachtar ag cailín amháin agus í chun tosaigh ar gach duine eile. Aontaíonn an príomhoide
mar aon leis an múinteoir go láidir leis an rogha atá déanta ag na scolairí. Is cuimhin leo go
ndearna sí a seacht ndícheall le linn na bliana agus bhí sí i lár an aonaigh le linn gach rud a
bhí ag dul ar aghaidh sa scoil.
KES Leaving Cert Oral 2021 An tSraith Pictiúr P Ahern.
13
4.) Ar an lá dar gcionn socraítear tionól i halla na scoile tar éis am sosa. Is léir go
bhfuil an áit dubh le daoine agus is dócha go bhfuil gleo mór ann le daltaí ag
caint agus ag déanamh tomhais faoin mbuaiteoir. Ansin tagann an príomhoide
amach le clúdach ina láimh aici. Éiríonn an áit chomh ciúin le reilig nuair a
thuigeann daoine go bhfuil Bean Uí Shé ar tí na torthaí a nochtadh. Tugann sí an
clúdach do Chaptaen na Scoile agus seasann sé in aice leis an mic. Mothaíonn gach mac
máthair an spleodar san air ag an bpointe seo.
5.) Ansin osclaíonn an captaen an clúdach agus cuireann sé an slua ar an eolas gur
bhuaigh Sandra Ní Cheallaigh an gradam. Ní féidir léi an tortha a chreidiúint
agus tosnaíonn sí ag screadaíl ar ard a gutha. Ritheann sí chuig an ardán tógann sí a
lámh san aer. Labhraíonn sí leis an bpríomhoide agus déanann gach duine
comhghairdeas léi. Mar sméar mullaigh deir Bean Uí Shé le Sandra go raibh an gradam
tuillte go maith aici.
6.) Ansin déanann an captaen óráid beag agus cuireann sé síos ar na fáthanna go
raibh an bua faighte ag Sandra agus molann sé í go hard na spéire. Glacann gach
duine leis an rogha mar tuigeann siad go raibh obair na gcapall déanta aici. Is
deacair do Sandra na deora áthais a stopadh ach is ar éigean go n-éiríonn léi sa
chás seo. Tugann captaen na scoile an corn di agus tosnaíonn na daltaí eile ag
canadh. Is beag nach bhfuil Sandra in ann labhairt ach cuireann sí a buíochas in
iúl. Faigheann sí bualadh bos mór ansin sula bhfilleann siad ar na ranganna.
Sraith 6 : Seoid Luachmhar agus cuid dár gCultúr
1.) Is é an t-ainm atá ar an tsraith seo ná “Seoid Luachmhar agus cuid dár gCultúr”.
Tosnaíonn an scéal seo os comhair an tsiopa ceoil. Feictear beirt chairde ina seasamh ar an
gcosán ag caint faoi chúrsaí na Gaeilge. Cuirfidh mé Seán ar an mbuachaill agus cuirfidh mé
Siobhán ar an gcailín. Is léir ón bhfógra ar an doras go bhfuil sladmhargadh ar siúl. Cuireann
an fhógraíocht as Gaeilge gliondar agus áthas ar an mbeirt acu. Tuigeann siad gur orainn atá
an dualgas chun an Ghaeilge a chur chun cinn. (Locate, nominate & illustrate)
14
KES Leaving Cert Oral 2021 An tSraith Pictiúr P Ahern.
2.) Sa dara pictiúr feictear an bheirt acu ina suí os comhair na ríomhaire agus is léir ón
scáileán go bhfuil siad i mbun taighde. A.)Tugtar le fios dúinn/ B.) Cuirtear muid ar an eolas : ó
na sonraí san inneal cuardaigh go dtaithníonn uathu cuairt a thabhairt ar an nGaeltacht agus is
dócha go bhfuil siad ag iarraidh teacht ar lóistín ar phraghas réasúnta nó b’fhéidir go bhfuil
siad ag iarraidh cúrsa a aimsiú a bheadh feilliúnach don bheirt acu. Is iontach an rud é anois
gur féidir leat teacht ar na sonraí faoi gach gné de shaol na Gaeilge ar an toirt ach cúpla cnaipe
a bhrú ar an méarchlár.
3.) Sa tríú pictiúr feictear Seán agus Siobhán sa Ghaeltacht. Thuas ar chlé tá siad i mbun cainte
ach ní féidir leobh mórán a rá as Gaeilge sin an fáth go bhfuil na bolgán ansin folamh. B’shin mar
atá an scéal ar an gcéad lá ach is cinnte gur éirigh leobh dul i bhfeabhas lá i ndiadh lae. Thíos ar
chlé feictear halla an phobail ina theach céilí don oíche agus an áit dubh le daoine leis an rince faoi
lán tseoil. Ar thaobh na láimhe deise sa phictiúr seo tugaim faoi deara na Gaelgeoirí ag imirt
eitpheile ar an trá agus buíochas le Dia tá an ghrian ag scoilteadh na gcloch.
4.) Tar éis an chúrsa filleann na daltaí ar an scoil agus beartaíonn siad ciorcal comhrá a bhunú
sa seomra caidrimh (common room) um lón ar an gCéadaoin. I dtosach ní thagann móran
daoine áfach de réir a chéile téann na huimhreacha i méid. Tugann an príomhoide chomh maith
leis na múinteoirí Gaeilge tacaíocht láidir don togra ach éiríonn leo slua deas a mhealladh tar
éis cúpla seachtain. Níl aon bhealach níos fearr ann leis an teanga a chleachtadh ná an
cómhrá. Is fíor an cór cainte gur “beatha na teanga í a labhairt.”
5.) Sa chúigiú pictiúr feictear Siobhán ar dheis le na cluasáin uirthi agus í ag éisteacht
le Raidió na Gaeltachta ar an válcaire (walkman/ipod). Tuigeann sí go maith go gcuirfeadh an
nós seo go mór lena cuid Gaeilge ach go háirithe lena cuid saibhris (tuis. gin : saibhreas).
Cloistear cainteoirí ó dhúchais ann agus iad ag caint faoi ghnáthchúrsaí an lae. Sa chaoi seo is
féidir leat teacht isteach ar an teanga trí bhealach taithneamhach. Sa phictiúr céanna
feictear Seán ag cleachtadh freisin i mbealach nádúrtha agus é ag féachaint ar TG4.
Taithníonn an stáisiún sin go mór leis.
KES Leaving Cert Oral 2021 An tSraith Pictiúr P Ahern.
15
6. ) Is léir ó thús deiridh an scéal seo go bhfuil obair na gcapall déanta ag an mbeirt
déagóirí leis an teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Sa deireadh socraíonn siad le cur
isteach ar chomórtas a bhaineann leis an nGaeilge agus iarrachtaí chun í a chaomhnú agus chun
í a chothú i do mhórthimpeall. Is deacair a chreidiúint ach éiríonn leo gradam a bhuachaint agus
tagann bean chuig an scoil leis an duais a bhronnadh orthu as an ngaisce a chur siad i gcrích. Is
cinnte go raibh an gadhar á rósta acu an oíche sin nuair a bhí an bua á cheiliúradh acu.
Sraith 7 : Obair Dhian , torthaí maithe san Ardteistméireacht
1.) Is é an t-ainm atá ar an scéal seo ná “obair dhian , tortháí maithe san ardteistméireacht”.
Sa chéad phictiúr feictear beirt daoine ann. Cuirfidh mé Áine ar an gcailín atá ina suí san oifig.
Is dócha gur múinteoir é an fear atá ann. Tugtar le fios dúinn ón bhfógra sa chúlra gurb é an
gairmthreoraí é. Is follasach ón mbolgán cainte go dteastaíonn ó Áine dul go dtí Ollscoil na
hÉireann, Gaillimh agus ba bhreá léi ceimic a dhéanamh más féidir léi neart pointí a fháil. Deir
an múinteoir léi go mbeidh obair na gcapall i gceist chun an gaisce sin a chur i gcrích.
2.) Sa dara pictiúr feictear Áine ag caint le cailín eile agus teastaíonn ón gcailín sin dul go dtí
ceolchoirm um thráthnóna ach cuireann Áine í ar an eolas nach féidir léi féin dul ann mar tá
neart obair bhaile le déanamh aici mar aon le cuid staidéir le cois an méid eile. Sa chúlra feictear
beirt bhuachaillí agus iad ag imirt cispheile. Ba léir don dall go bhfuil siad gan cíos , cás ná cathú.
Ní thuigeann Áine an fáth go bhfuil siad chomh réchúiseach faoi na scrúduithe ach luíonn gach
duine isteach ar an obair i gcaoi a réitíonn lena gcúinsí féin.
3.) Filleann Áine abhaile agus luíonn sí isteach ar an obair beo ar an toirt. Nuair atá sí ag
treabhadh ar aghaidh leis an staidéar preabann an guthán. Seán atá ann ag ceann eile an líne
agus cuireann sé Áine ar an eolas go bhfuil grúpa ag dul chuig an bpictiúrlann. Ní féidir le hÁine
dul leobh mar tá aiste le scríobh aici agus tuigeann sí go maith go gcuirtear le linn na soininne
agus baintear le linn na doininne. Fanann sí dílis dá plean agus leanann sí ar aghaidh leis an
obair.
4.) Ins an cheathrú pictiúr feictear Áine ina haonar sa seomra leapa agus í i mbun oibre.
Tá an bord ina chíor thuathail leis na leabhair caite ar fud na háite. Ar dheis sa phictiúr seo
feictear a tuismitheoirí ag caint thíos staighre sa chistin. Cuireann an mhéid oibre agus an brú
16
a bhaineann leis sin, imní ar an athair agus mholfadh sé go bhfuil sos de dhíth.
Ach níl an mháthair ar an bport céanna mar chreideann sí gur féidir le hÁine
seasamh siar ó na leabhar um dheireadh seachtaine agus nach bhfuil i gceist
ach cúpla mí ar aon nós.
5.) Imíonn an bhliain ar nós na gaoithe agus déanann Áine na scrúduithe i Mí an
Mheithimh agus caitheann sí an samhradh ag obair sa siopa aitiúil. Ansin i Mí
Lúnasa tagann lá an cinniúna. Téann Áine chuig teach na scoile go moch ar
maidin agus faigheann sí na torthaí ón bpríomhoide. Ritheann sí abhaile ar nós
na gaoithe agus cuireann sí a muintir ar an eolas gur éirigh go geal léi agus go
bhfuil caoga pointe sa bhreis aici. Déanann siad ar fad comhghairdeas léi.
6.) Fuair sí tairiscint ón ollscoil sa chéad bhabhta agus thapaigh sí an deis gan
mhoill agus dheimhnigh sí go raibh sí lán sásta a ainm a chur ar áit don chúrsa
ceimice. Ansin bhí Áine faoi bhrú chun lóistín a shochrú i nGaillimh ach sa
deireadh thiar thall d’éirigh léi teach a fháil lena cairde. Críochnaíonn an scéal
seo ar an gcéad lá den bhliain nua acadúil. Feictear Áíne ag dul isteach le
clárú agus is cinnte go bhfuil sásamh an domhain uirthi faoi seo.
Sraith 8 : Comhoibriú an Phobail
1.) Is é an t-ainm atá ar an tsraith seo ná “comhoibriú an phobail” agus sa chéad phictiúr
feictear beirt chailíní ina seasamh ag barr na sráíde agus iad ag féachaint amach
romhainn. Is léir go bhfuil an ceantar ina phraiseach agus ina chíor thuathail fiú
agus theastaigh ó na cailíní rud éigin a dhéanamh faoi seo. Cuirfidh mé Áine ar
an gcailín fionn ar chlé agus cuirfidh mé Síohán ar an gcailín dubh ar dheis.
2.) Sa dara pictiúr feictear slua atá tionólaithe i halla an phobail is cosúil go bhfuil
an áít dubh le daoine agus os comhair na ndaoine tá Síobhán ann agus í ag cur
síos ar na fadhbanna a bhaineann leis an mbruscar sa cheantar. Deir sí leo go
gcuireann an rud seo déistín uirthi
agus teastaíonn uaithi slacht a chur ar an mbaile ionas gur fhéidir leobh a bheith
bródúil as a gceantar féin. Aontaíonn daoine le Síobhán agus nochtann siad
cursaí eile nach bhfuil iomlán i gceart sa cheantar agus de réir a cheíle cuirtear
plean forbartha le chéile.
17
3.) Ar an gcéad dul síos beartaíonn siad lá glantúcháin a shochrú. Maidin
Sathairn a bhí ann agus tháinig daoine amach go moch ar maidin ar an lá sin
agus rinneadar obair na gcapall ar an bpríomhshráíd sa bhaile. Líonadh cúpla
mála le bruscar agus ghlan na siopadóirí na fuinneoga s’acu. Buíochas le Dia
bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch ar an lá sin agus chuir sin go mór leis an
atmaisféar a bhí ann fad is a bhí siad i mbun oibre. Cuireadh an saothar sin i
gcrích um lóin agus d’fhill daoine abhaile ag an bpointe sin.
4.) Mar aon le seo shocraigh an coiste cúpla rud eile sa cheantar le cur go mór
le saol an phobail. Bhí daltaí ón idirbhliain sásta cuairteanna a thabhairt ar na
seanóirí sa cheantar a bhí uaigneach. In éineacht lena múinteoirí shocraigh siad
cúpla iarnóin shóisialta in áras an phobail agus bhain na seandaoine an-sult as
na hócáidí. Mar a tharla sé bhí na gardaí lán sásta tarraingt leis na hiarrachtaí
freisin agus shocraigh siad cúpla seisíun eolais chun tuairimí a chur abhaile do
dhaoine maidir le cúrsaí slándála.
5.) Nuair a chuala an príomhoide faoin bplean bhí sé lán-sásta an scoil a chur ar
fáil do dhaoine chun ranganna oíche a shochrú. Socraíodh ceachtanna
cocáireachta sa seomra tís (home ec room). Chuir múinteoir amháin ranganna
ríomhaireachta ar siúl saor in aisce agus bhí an-éileamh ar na ranganna sin.
Anuas ar seo bhí ceardlanna ann do dhaoine ar theastaigh uathu plé le
bláthanna. B’iontach an rud é go raibh an scoil faoi lán tseoil le daoine gach
Déardaoin fad is a bhí na cursáí seo ag dul ar aghaidh
6.) Sa deireadh thiar thall cuireadh an plean forbartha mar aon leis na torthaí
faoi bhráid coiste náisiunta mar chuid de chomórtas a bhí ann. Buíochas le Dia
d’éirigh go geal leis an bplean agus dúradh go ndearna siad dul chun cinn
suntasach agus bronnadh gradham orthu ag rá go raibh an baile beag ar an
áit is mó feabhais ina chatagóir féin. Níl aon amhras faoi ach le chéile gur
féidir linn beart ar bith a chur i gcrích i gceart. Mar a deir an cor cainte ní neart
go cur le chéile.
18
Sraith 9 : Breoite ar Scoil
1.) Is é an t-ainm atá ar an tsraith seo ná “breoite ar scoil”. Tosnaíonn an
scéal faoi choim na hóiche nuair a bhí an dioscó faoi lán tseoil. Sa chéad
phictiúr feictear beirt chailíní ar an urlár rince agus is léir go bhfuil siad gan
cíos, cás nó cathú cé go bhfuil sé ag dul siar san oíche. Is cosúil go bhfuil an
áit dubh le daoine agus déarfainn is cosúil ón spleodar (excitement) go bhfuil
na soilse ag cur draíocht ar na daoine. Ar dheis sa phictiúr tá an bheirt acu ina
suí sa phroinnteach agus bia blasta, gasta á ithe acu. Cuirfidh mé Síobhan ar
an gcailín ar chlé agus Áine ar an gcailín ar dheis.
2.) Ar an lá dar gcionn thit an lug ar an lag nuair a phreab an cloigín ar a
seacht a chlog ar maidin. Feictear Siobhán ina luí sa leaba ins an seomra
codlata agus tugtar le fios dúinn ón mbolgán cainte go bhfuil sí iomlán spíonta
agus deir sí go bhfuil sí lag traochta. Is dócha go bhfuil tinneas póite uirthi
mar aon leis an tuirse mar d’fhan sí amuigh iomlán ró-dhéanach cé gur oíche
scoile a bhí ann. Ní raibh aici ar feadh na hóiche sin ach codladh an ghiorria
(junk sleep) agus beidh deachú le híoc (a price to be paid) as sin i rith an lá
scoile anois.
3. Sa tríú pictiúr feictear Siobhán ag caint lena máthair agus is léir ón méid
atá le rá aici nach bhfuil pionn ná pioc trua ag an máthair di. Feictear an
mháthair ina seasamh sa chistin agus cúpan tae ina láimh aici agus cuireann sí
iachall ar Shiobhán dul ar scoil. Tá deighilt ann sa phictiúr agus ar dheis feictear
Siobhán ag feitheamh ar an mbus agus ar an drochuair tá an lá ina diabhal (a
hellish day) agus é ag cur báistí go trom is cinnte go mbeidh sí fliuch go
craiceann sula sroicheann sí teach na scoile ach níl aon neart aici ar
seo(nothing she can do).
4. Téann an scéal in olcas go mór nuair a bhuaileann sí lena cairde ag
geataí na scoile agus cuireann siad i gcuimhne di go raibh scrúdú tíreolais acu
tar éis an tsosa. Ní raibh Siobhán in aon chaoi ullmhaithe dó ach níl aon éalú
as an rud ag an bpointe seo. Dé gnáth éiríonn go breá leí sna scrúduithe mar
is dalta láidir dáiríre í de ghnáth. Ach mar is eol dúinn d’éirigh sí ar a cos
chlé (wrong side of the bed) ar maidin agus ní raibh sí ar ais chuici féin nuair
a scaipeadh na billeoga don scrúdú. Tá Áine ina suí sa chúlra ach níl an cuma
19
uirthi go bhfuil sí sa bhád céanna le Síobhán. Is cosúil go bhfuair sí oíche
codlata i bhfad in Éireann níos fearr ná Síobhán bocht.
5. Sa deireadh bhí ar Shiobhán dul amach as an seomra agus téann sí i
dteagmháil leis an múinteoir agus cuirtear é ar an eolas nach bhfuil sí ag
mothú i gceart in aon chaoi. Imíonn sí amach as seomra na scrúdaithe le cead
ón múinteoir agus téann sí lom díreach chuig seomra an phríomhoide.
Labhráionn Síobhán leis an bpríomhoide agus deir sí go bhfuil pian ina bolg aici agus
go motháíonn sí an-lag. Cuirtear glaoch ar altra na scoile leis an scéal a fhiosrú i
gceart.
6. Fiosraíonn an t-altra an scéal i gceart agus déanann sí mion-scrúdú
uirthi. Cuireann Siobhán an t-altra ar an eolas go raibh oíche dhéanach aici an
oíche roimhe agus go raibh bia gasta aici ag a haon a chlog ar maidin. Níl an t-
altra ró-bhuartha faoi aon rud ach fós molann sí do Shiobhán dul abhaile agus
cuid ama a chaitheamh sa leaba chun a scíth a ligeaint. Mar aon le seo deir sí
go bhfuil uirthi neart uisce a ól mar is léir di go bhfuil nimhiú bia ag an gcailín.
Téann an t-othar abhaile leis an mbus. Nuair a shroicheann sí an teach beidh
uirthi an dealg a tharraingt (face the music) sa bhaile.
Sraith 10.) Drochaimsir an Gheimhridh - Athrú Aeráide
1.) Is é an t-ainm atá ar an tsraith seo ná “Drochaimsir an Gheimridh - Athrú
Aeráide” agus tosnáíonn an scéal seo sa seomra suite. Fecitear beirt duine ina
suí ar an tolg agus iad ag breathnú (féachaint) ar an teilifíseán agus Primetime
atá ar siúl. Cuirfidh mé Seán agus Siobhán orthu. Tugtar le fios dúinn ón eolas
ar an scáileán go bhfuil siad ag caint faoin athrú aeráide. Ceapann an cailín go
bhfuil an cheist seo deacair a thuiscint agus aontaíonn Seán léi. Tá an bheirt
acu ar aon tuairim go bhfuil an aimsir ag cur isteach ar shaol na ndaoine níos
mó anois ná aon uair roimhe seo.
2.) Sa dara pictiúr leanann an clár teilifíse ar aghaidh agus déantar cur síos ar
rud a tharla in iarthar na tíre nuair a bhí daoine fágtha ar an trá fholamh nuair a
thit sneachta trom sa cheantar. Cuireann siad agallaimh ar dhaoine sa dúiche agus
20
ba léir don bheirt ag breathnú air go raibh fíor-eagla ar an bpobal Cuireann an
sneachta isteach ar an gcóras iompair sin fiú ar an mbus scoile agus ar na seirbhísí
éigeandála. Deirtear ar an gclár go bhfuil an fhadbh seo dul in olcas agus go bhfuil
an samhradh ag éirí níos troime agus an geimhreadh ag éirí níos fluiche. Níl aon
dul as na fíricí ann.
3.) Déantar cur síos sa chlár ar thuilte timpeall na tíre agus ar na tithe a bhí
tógtha ar na tuilemhánna le linn an tíogair cheiltigh. Cuireann scéalta mar seo
fearg ar Sheán agus ar Shiobhán. Deirtear go bhfuil praghas an árachais ag dul
in airde agus go bhfuil neart daoine ann anois nach féidir leobh árachas a fháil ó
thaobh gur cheannaigh siad teach sa cheantar mícheart. Deirtear freisin go
bhfuil daoine ag teacht abhaile ón saoire na Nollaig agus an teach báite mar níor
dhún siad an t-uisce nuair a bhí siad ag dul chuig an aerfort. Is cinnte gur fúinn
féin é an fhadhb seo a réiteach.
4.) Tar éis an tsosa luí an clár isteach ar scéal faoi stoirm ar an gCeatharlach.
Arís chuir an t-eachtra seo isteach go mór ar mhuintir an cheantair. Leagadh
cúpla crann agus bhí ar na húdaráis bóthar nó dhó a dhúnadh thar oíche.
Cruthaíonn seo fadhbanna móra do na foirne leighis atá ag dul thart san otharlann
agus iad ag déanamh iarrachta le scairt phráinneach a fhreagairt. Feictear sa
phictiúr gur bhuail crann éigin carr amháin ach buíochas le Dia tháinig na daoine
ar fad slán as. Tuigeann daoine go bhfuil an fhadhb seo ag dul in olcas ach céard
is féidir linn a dhéanamh leis an scéal a chur i gceart.
5.) Bogann na heachtraí ar aghaidh go dtí lár na cathrach sa chúigíu pictiúr agus
faightear cur síos ar thuile a tharla i gCathair Corcaí. Ag an am bhí ar an airm dul
i mbun oibre leis an bpobal chun caoi cheart a chur ar an scéal. Tháinig siad sna
báid aeir agus le daoine ag obair as láimh a chéile sháraigh siad na constaicí ar
fad. Cuireann eachtraí mar seo isteach ar sheandaoine go mór mór chomh maith
le páistí beaga. I mBaile Átha Cliath bhí cúpla sráid faoi uisce agus ba dheacair
do dhaoine an chathair a thrasnú le freastal ar scoil nó ar an oifig. Is í croí na
21
ceiste anseo ná go gcaithfimid rud a dhéanamh faoi na cúrsaí gan mhoill.
6.) Leis an gclár a chur i gcrích bhí coiste ann sa stiúideó ag cur síos ar an
bpictiúr mór. Dúirt saineolaí ó Ollscoil Mhaigh Nuad gur tháinig feabhas ar an
scéal san Astráil maidir leis an tsraith ozóin nuair a cuireadh cúpla dlí nua i
bhfeidhm. Dúirt sé go mbeadh an tír seo gohiomlán faoi uisce gan mhoill muna
bhfuil muintir na cruinne in ann stop a chur leis an gcoscairt (disintegration)
atá ag cur deireadh leis na cnapáin oighir de réir a chéile. Cuireann an clár seo
ionadh agus iontas mór ar Sheán agus ar Shiobhán. Tuigeann siad roimh
dheireadh an chláir go bhfuil an domhan agus an saol seo i mbaol.
Sraith 11 Timpiste sa Choláiste Samhraidh
1.) Is é an t-ainm atá ar an tsraith seo ná “timpiste sa choláiste samhraidh” agus ar an
gcéad dul síos feictear triúr buachaillí ina seasamh sa chlós scoile. Fágann siad slán ar a
dtuismitheoirí atá iad féin le feiscint sa chúlra agus iad ar tí dul abhaile. Tugtar le fios dúinn
ón bhfógra ar an mballa go bhfuil na buachaillí úd ag freastal ar chúrsa sa Ghaeltacht.
Cuirfidh mé Pól ar an ógánach ar chlé, Seán ar an leaid sa lár agus Peadar ar an bhfear ar
dheis. Is dócha go bhfuil siad sa bhád céanna liomsa agus iad ag tabhairt faoin ardteist i
mbliana.
2.) Sa dara pictiúr níl ann ach clár ama atá crochta ar fáth éigin i seomra dorcha.
Cuireann an fógra seo muidne ar an eolas faoi roth an lae. Tosnaíonn rudaí luath go leor le
ranganna ag leath uair tar éis a naoi. Maireann na ceachtanna seo trí uair an chloig agus ansin
tionólann na daltaí sa halla don lón. Is sos beag é seo ón bhfoireann agus is deis é do na daltáí
aithne a chur ar a chéile. Bíonn siad amuigh faoin spéir don iarnón ag imirt spóirt sula
bhfilleann siad ar na tithe don dinnéar. Mar aon le seo bíonn an céilí faoi lán seoil beagnach
gach oíche go dtí a deich a chlog.
3.) Ar an lá dar gcionn bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch agus beartaíonn na daltaí
cluiche peile a shochrú um thráthnóna. Sa phictiúr feictear iad ag imirt ar an bpáirc in aice na
farraige. Tugaim faoi deara freisin an bád ar an uisce. Tá deighilt ann sa phictiúr seo agus ar
dheis feictear Peadar bocht beagnach sínte amach ar an talamh. Is léir go bhfuil fadhb ann
lena chos. Is follasach freisin ón mbolgán cainte go bhfuil sé ag screadaíl ar ard a ghutha. Ag
an bpointe seo tá gach bogadh ag cur pian air agus is cinnte go bhfuil trua ag daoine dó.
4.) Tá teastas garchabhrach (first aid cert) ag ceann de na múinteoirí ón bhfoireann
agus ceapann sí go bhfuil a chos briste. Mar sin níl an dara suí sa bhuaile ann ach é a
22
sheoladh chuig an oispidéal/otharlann. Ansin cuireadh isteach sa charr é agus téann beirt
daoine leis chuig an gcathair. Is léir ón mbolgán cainte go mbeidh sé ag taisteal ar feadh
píosa. Is turas caoga míle atá i gceist agus anuas ar seo beidh siad ag tiomáint ar bhóthar
tuaithe agus chuirfeadh sin le fad an turais gan amhras. Déanann na múinteoirí iarracht é a
chur ar a chompord agus ar a shuaimhneas i gcúl an chairr.
5.) Sa chúigiú pictiúr tá deighilt ann. Ar chlé feictear fear i gcóta bán agus is léir gurb é an
dochtúir é. Tá an fear leighis i mbun cainte leis an múinteoir. Is follasach ón mbolgán cainte
nach bhfuil an scéal ró-dhona. Tugtar le fios dúinn anseo nach bhfuil an cnámh
briste. Deirtear go mbeidh ar Pheadar seachtain a chaitheamh ag dul thart ar na maidí coise
ach d’fhéadfadh le rúdaí a bheith seacht n-oiread níos measa. Ar thaobh na láimhe deise
feictear an príomhoide ar an bhfón agus é ag cur an mháthair ar an eolas faoin nuacht ón
dochtúir.
6.) Buaileann siad an bóthar ag an bpointe sin agus téann siad siar chuig an gcoláiste. Is
cinnte go bhfuil spionn i bhfad in Éireann níos fearr ar Pheadar le linn an turais anoir. Nuair a
shroicheann siad áras an phobail bhí an céilí faoi lán seoil. Cuireann na daltaí fáilte croíúil
roimh Pheadar agus is deas an rud é sin gan amhras. Mar Aon le seo ar feadh cúpla lá ina
dhiadh sin bhí Peadar ina pheata sa choláiste agus baineann sé sult as an stádas céanna. Ní
thógann sé ró-fhad go bhfuil an leaid ar ais ar a sheanléim (back on his feet) agus é ag imirt
peile arís. Mar a deir an seanfhocal níl in aon rud ach seal agus is maith é sin sa chás seo.
Sraith 12 : Sláinte na nÓg / Seachtain na Sláinte
1.) Is é an t-ainm atá ar an tsraith seo ná “Sláínte na nÓg / Seachtain na Sláinte”
agus sa chéad phictiúr feictear an príomhoide ina suí ag an mbord ina hoifig.
Cuirfidh mé Iníon Uí Shé uirthi. Tugaim faoi deara an clog ar an mballa sa chúlra
agus dar leis leathuair tar éis a naoi atá ann. Labhraíonn an príomhoide do na
daltaí ar an idirchum faoi thábhacht an tsláinte. Cuireann sí iad ar an eolas go
mbeidh eachtraí ar siúl sa scoil le linn na seachtaine a bhaineann le feasacht sláinte.
2.) Mar chuid den tseachtain socraítear clár spóirt sa scoil. Agus sa dara pictiúr
feictear na daltáí ag imirt peile in aghaidh na múinteoirí. Is cosúil go bhfuil an
ghrian ag scoilteadh na gcloch buíochas le Dia. Ar dheis sa phictiúr tá babhta
corpacmhainne ar siúl. Cuireann an múinteoir spóirt na ranganna seo ar fáil um lón i
23
rith na seachtaine. Mar aon le seo bhí babhtaí machnamhachta faoi lán seoil sa halla
gach maidin roimh tús an lá scoile. Luíonn na daltaí isteach ar na deiseanna seo agus
freastalaíonn dream mór ar an ranganna éagsúla.
3.) Sa tríú pictiúr arís tá deighilt ann agus faightear anseo cur síos ar na
hiarrachtaí a dhéannann siad sa phroinnteach le cur leis an tseachtain agus leis an
bhfeasacht sláinte. Cuirtear cosc iomlán ar an bia gasta agus friochta sa
phroinnteach agus ina n-áit tá torthaí agus bia úr ar fáil. Caithfidh mé a rá nach
bhfuil na daltáí iomlán sásta faoin ghné seo den tseachtain ach léiríonn sin an
fhadhb atá ann. Mar aon le seo socraítear comórtas sa scoil agus cruachtar eolas
faoin mbia ar na ballaí timpeall na scoile.
4.) Ar an gCeadaoin tá leath lá ann ó na ranganna agus téann an scoil ar fad idir
mhúinteoirí agus dhaltaí ar shiúlóid réasúnta fhada. Mar chuid den eachtra seo tá
ar gach dalta iarracht a dhéanamh le cárta urraithe (sponsorship card) a
líonadh. Teastaíonn ón bpríomhoide trealamh spóirt nua a cheannach leis an
airgead seo. Is cinnte go bhfuil an t-ádh dearg leo leis an aimsir mar feictear sa
phictiúr go bhfuil an ghrian ag scoilteadh na gcloch. Críochnaíonn an tsiúlóid
thart ar a ceathar agus bhí mianraí nó cúpan tae ag gach duine ag an deireadh sa
halla spóirt.
5.) Tuigimid nach bhfuil an tsláínte teoranta don chorp ná don aclaíocht amháin
agus sa treo seo labhraíonn an príomhoide le muintir na séú bliana faoin strus a
bhaineann leis an ardteist. Cuireann sí an tuairim ina luí orthu go bhfuil sé thar a
bheith tábhachtach a bheith oscailte le daoine mar tá tú faoi bhrú. Deir
sí leo go bhfuil a doras i gcónaí ar oscailt agus meabhraíonn siad dóibh faoi na
comhleoirí agus an fhoireann tréadchuraim atá ann sa scoil. Molann sí dóibh
freisin a bheith ag caint lena dtuistí dá mbeadh aon rud ag cur isteach orthu.
6.) Críochnaíonn an scéal seo in oifig an phríomhoide. Agus sa séú pictiúr feictear
Iníon Uí Shé ar an idirchum arís ag gabháil a buíochas le na daltaí as ucht a ndea-
24
iompair agus an meon dearfach a bhí acu le linn na seachtaine. Míníonn sí dóibh go
bhfuil sé an-tábhachtach leanúint ar aghaidh le na nósanna maithe a phioc siad
suas mar chuid de sheachtain na sláinte. Cuireann sí a óráid bheag i gcrích leis an
seanfhocal “is fearr an tsláinte ná na táinte” (health is wealth) agus aontaím léi
go huile agus go hiomlán sa chás seo.
Sraith 13 Bua ag Cór na Scoile 1.)Is é an t-ainm atá ar an tsraith seo ná Bua ag Cór na Scoile ag sa chéad phictiúr feictear
muintir an chóir ó Choláiste Phádraig ina seasamh ag canadh go binn ar ard a ngutha. Tugtar le
fios dúinn ón eolas ar an bhfógra sa chúlra go bhfuil RtÉ i mbun taifeadta agus mar déarfainn
go bhfuil na scoláirí faoi bhrú agus ar bís dar ndóigh. Chaith siad cúpla mí anuraidh ag ullmhú
don chomórtas seo agus teastaíonn uathu luach a saothair a fháil sa chomórtas. Bíonn an
iomaíocht (rivalry) sa chomórtas seo i gcónaí fíor-ghéar
2.) Sa dara pictúr feictear an stiúrthóir ó RtÉ ag caint leis an bpríomhoide ar an bhfón. Tugaim
faoi deara go bhfuil an príomhoide ina shuí in oifig na scoila agus tá sé ag caitheamh culaith
deas mar aon le carbhat. Cuireann sí an príomhoide ar an dea-eolas gur éirigh le muintir
Phádraig sa chéad bhabhta agus bhí siad seolta ar aghaidh ag na moltóirí chuig an gcraobh.
Léiríonn an príomhoide go bhfuil gliondar ina chroí as nuacht sin a chloisteáil. Tuigeann sé go
maith go ndéanann rudaí mar seo maitheas don scoil agus gur ardú meanma é do an
hamhránaithe a ghlac páirt sa chór.
3.) Mar cuhid den chlár a bhaineann leis an gcomórtas tagann criú ó RtÉ chuig an scoil agus
déanann siad scannán beag faoi shaol na scoile. Déanann siad gearrthóg (media clip) de rang
spóirt amuigh faoin spéir. Mar aon le seo déanann siad taifead de chuid an cheoldráma in hall
ana scoile. Baineanna idir mhúinteoirí agus dháltaí sult agus spraoi as an lá scannánaíochta. Is
iontach an deis é íomhá mhaith den scoil a chur os comhair an tsaoil mhóir. Cuirtear an clár i
gcrích le hóráid ó chaptaen na scoile ag cur síos ar an atmaisféar i gColáiste Phádraig.
4.) Bhí fógraí don chomórtas ar an teilifís go bonn rialta agus sa cheathrú pictiúr feictear
dreamanna daltaí ag féachtaint ar an teilifís i bproinnteach na scoile. Tosaíonn siad ag gáire
nuair a fheiceann siad iad féin ar an scáileán beag. Ar dheis sa phictiúr seo feictear an bus ag
imeacht ó Choláiste Phádraig ag tabhairt a aghaidh ar chathair Dhoire. Is cinnte go bhfuil na
daltaí ar an mbus ag canadh agus ag baint sult mór as an turas chuig an gcomórtas. Bheadh trua
agam don tiománaí anseo atá ag éisteacht leis na scoláirí ag screadaíl ar ard a ngutha.
5.) Sa chúigiú pictiúr tagann lá na cinniúna. Is léir go bhfuil halla na mílaoise dubh le daoine
agus sa phictiúr seo tá na daltaí i lár an aonaigh (centre of the action) ag canadh go paiteanta.
25
Is dócha go bhfuil crith cos agus lámh ar mhuintir an chóir ach tá sin iomlán nádúrtha ag ócáidí
mar seo. Is cinnte go bhfuil na moltóirí atá ina suí chun tosaigh ar chlé ag bainte sult as an
gceol binn. Feictear an múinteoir, Bean Uí Shé ina seasamh os cómhair an ardáin agus i ag
stiúr an cheoil le scil faoi leith. Creideann gach duine go mbeidh Coláiste Phádraig san
iomaíocht ag an deireadh don chraobh (the final).
6.) Ag deireadh an lae fhada thart ar a hocht a chlog tagann an ardmholtóir amach le clúdach
ina láimh aici. Tá Halla na Mílaoise chomh ciúin le reilig ag an bpointe seo le gach duine ag
feitheamh ar na torthaí. Ansin osclaíonn an moltóir an clúdach agus cuireann sí an slua ar an
eolas go raibh an bua ag Coláiste Phádraig. Tugtar boladh bos mór dóibh agus tosaíonn na daltaí
ag canadh amhrán na scoile. Ar dheis sa phictiúr feictear an príomhoide ag déanamh
comhghairdeas leis an gcór. Is cinnte go bhfuil siad á moladh go hard na spéire as an ngaisce
seo atá curtha i gcrích acu.
Sraith 14 : Teip sa Scrúdú Tiomána 1.) Is é an t-ainm atá ar an tsraith seo ná “teip sa scrúdú tiomána” agus sa chéad
phcitiúr feictear beirt daoine. Leaid óg darb ainm Seán agus is dócha gurb é a
athair é, an fear eile. Sa chúlra feictear an gluaisteán agus an tIonad Tástála. Lá na
ciniúna atá ann agus Seán ag tabhairt faoin scrúdú tiomána. D’éirigh go breá le Seán
sa scrúdú teoirice agus bhí múinteoir den chéad aige le linn an tsamhraidh. Ach fós
tá imní a chroí air faoin scrúdú seo. Déanann a athar iarracht é a chur ar a
shuaimhneas agus ansin fágann sé slán air agus tugann Seán a aghaidh ar an ionad.
2.) Sa dara pictiúr tá deighilt ann. Ar chlé feictear fear le clár beag ina láímh aige
is dócha gurb é an scrúdathóir é. Tugaim faoi deara go bhfuil croiméal
(moustache) aige agus ceapaim go bhfuil cuma sách dáiríre air. Ar dheis feictear
Seán ina shuí sa charr leis an bhfear. Cuireann sé cúpla ceist ar Sheán faoi na
railtáin (the controls) agus ansin cuireann Seán an t-inneal ar siúl agus bogann
siad ar aghaidh. Buíochas le Dia níl sé ag cur báistí agus mar sin ní bheidh na
bóithre sleamhain agus beidh sé níos éasca dul timpeall na háite mar sin.
3.) Baineann siad príomhshráid an bhaile amach agus tugann Seán faoi deara go
raibh beirt chairde leis ar an gcosán. Croitheann sé a lámh orthu agus é i mbun
tiomána leis an scrúdú fós ar siúl. Mar aon le seo cailleann a shúil an bóthar. Is léir
ón strainc ar an scrúdaitheoir nach bhfuil sé puinn nó pioc sásta faoin eactra seo.
Ní deir an scúdaitheoir aon rud le Séan cé go mbeadh sé soiléír don dall go
ndeachaigh Seán amú ag an bpointe sin.
26
4.) Téann rudaí in olcas go mór agus go tobann ansin nuair a bhuileann Seán
gluaisteán eile. Buaileann sé an carr de phlab. Baintear geit mhór as an tiománaí
nuair a bhuailtear a ghluisteán. Is dócha freisin go bhfuil an scrúdaitheoir le
ceangal faoin slapaireacht seo (sloppy behaviour). Fiú is léir go bhfuil ionadh an
domhain ar a bheirt chairde faoin timpiste aisteach seo. Is cinnte go bhfuil Seán i
bponc ceart anois agus é in umar na haimisléise i ndáiríre. Níl caolseans ann dul ar
aghaidh leis an scrúdú ach ní hé sin an chloch is mó ar a phaidrín ag an bpointe seo.
5.) Seasann an tíomanaí eile amach as an gcarr agus nuair a fheiceann sé Seán
bocht agus crith cos agus lámh air maolaíonn ar a chuid feirge féin. Cuireann an
scrúdaitheoir scairt ar na gardaí agus seolann siad carr chuig suíomh na timpiste.
Nuair a shroicheann an garda an áit tugann sé faoi deara go raibh scrúdú ar siúl.
Míníonn siad faoin méid a tharla agus deir fear an chaipín go mbeadh sé lán sásta
dearmad a dhéanamh ar an eachtra fad is ghlanann Seán an bille go hiomlán. Tógann
siad cúpla grianghraf agus bogann siad ar aghaidh.
6.) Cuirtear an scrúdú ar ceal agus ansin filleann Seán ar an ionad tástála.
Críochnaíonn an scéal san oifig agus feictear go bhfuil an t-ógánach fós giomadach
faoin méid a tharla. Tugtar le fios dúinn ón mbolgan cainte go mbeidh seans eile
aige. Déanann an scrúdaitheoir iarracht sa deireadh an nimh a bhiant as an scéal
agus molann sé do Sheán tuilleadh cleachtaidh a dhéanamh. Téann sé abhaile ar
an mbus agus beidh air an dealg a tharraingt nuair a insíonn sé scéal dá thuistí.
Sraith 15 Turas go dtí Comórtas Leadóige Wimbledon 1.)Is é an t-ainm atá ar an scéal seo ná "Turas go dtí Comórtas Leadóige Wimbledon" Sa chéad
phictiúr tá deighlilt ann. Ar chlé feictear triúr buachaillí ina suí i halla. Is léir ón bhfógra ar an
mballa go bhfuil siad ag déanamh scrúdú an tsamhraidh. Feictear an triúr acu arís ar dheis agus
iad ag caitheamh éadaí spóirt. Cuirfidh mé Pól ar an bhfear atá ina sheasamh agus Peadar ar an
bhfear sa lár agus tugaim faoi deara go bhfuil raicéid ina lámh ag Peadar mar sin is dócha go
bhfuil suim acu i gcúrsaí leadóige. Tugtar le fíos dúinn ón mbolgán cainte gur bhuaigh Peadar
ticéid do Wimbledon. Cuirfidh mé Daithí ar an mbuachaill eile
2.) Leanann an scéal ar aghaidh sa dara pictiúr le seisear le feiceáil ag an aerfort. Is léir ón
bhfógra ar an mballa os cionn na mná go bhfuil an dream acu ag dul go London. Tugaim faoi
deara an tsamhróg ar an deasc go bhfuil siad ag taisteal le hAer Lingus. Feicim Daithí ina
sheasamh le mála droma ina láimh aige agus é ag plé cursaí leis an mbean atá ag obair. Tá beirt
duine níos sine ina seasamh sa tulra ar dheis agus is dócha gur tuismitheoirí iad. Is léir óna
bolgán gur mhaith leo cúpla téacs a fháil ó Londan agus guíonn siad gach rath orthu don turas.
27
3.)Sa tríú pictiúr tá deighilt ann arís. Ar chlé feicim Droichead London agus is cosúil go bhfuil
an grian ag scoilteadh na gcloch. Níl ach scamall amháin sa spéir. Ar dheis tá an triúr acu ar a
suaimhneas i seomra san óstán. Tá beirt acu ag léamh an biachlár agus dar le Peadar tá an rogha
go hiontach. Cuireann Daithí leis an dearfacht agus deir sé go bhfuil an áit fíorchompordach. Is
cinnte go bhfuil na buachaillí ar a saimhín só le linn an turais thall i London.
4.)Sa cheathrú pictiúr faigtear léaráid de lár na cathrach. Feictear sráid amháin ar chlé atá dubh
le daoine agus is cosúil go bhfuil deifir orthu le cuid acu ag teacht amach ón Underground agus
cuid mhór eile ag dul isteach. Sa tulra tá bean ann le fón póca ina láimh aici agus mála gnó sa
lámh eile aici. Ar dheis feictear bus oscailte agus feicim go bhfuil ár gcairde ina suí ag barr an
bhus. Tugaim faoi deara an roth mór sa chúlra. Tá Big Ben le fecieál anseo ach nílim in ann an
t-am a léamh ar an gclog.
5.)Tosnaíonn an craic i gceart sa chúigíu pictiúr nuair a bhuaileann na buachaillí leis na laorchraí
leadóige. Tugaim faoi deara an suaitheantas Wimbledon atá ann sa chúlra. Is léir go bhfuil siad
ar an bhfód beannaithe. Feictear Pól i mbun cainte le Nadal agus miongháire mór ar a aghaidh
aige. Is cosúil go bhfuil an réalt ag síníú an chlár do Phól. Chomh maith le seo tá Djokovic ar
an taobh eile agus eisean ag caint le Peadar agus Daithí. Ba é a lá fómhair écinnte
6.)Críochnaíonn an scéal ar an gcúirt lárnach. Tá na seastáin plódaithe agus tá an ghrian ag
spallpadh, an rud is annamh is iontach mar is minic a chuireann an bháisteach isteach ar an
gcraobh in Wimbledon. Ar dheis sa séú pictiúr tá na buachaillí ina suí agus is cosúil nach bhfuil
mórán suim acu dul abhaile. Tuigeann siad go maith go raibh an t-ádh leobh a bheith ann. Is
cosúil ó bholgán amháin gur bhuaigh Djokovic an chraobh. Sin deireadh an scéal ach beidh siad
in ann athchraoladh den chluiche a fheiceáil ar TG4 nuair a théann siad abhaile.
Sraith 16 :Agallamh don nuacht TG4@7
1.)Is é an t-ainm atá ar an scéal seo na “agallamh don nuacht TG4 ag a 7”. Tosnaíonn an scéal
seo in ionad na siopaí agus feictear daoine ag dul timpeall ag meilt ama agus cuid eile ina suí a
ligeaint a scíth. Tugaim faoi deara an chlog ar an mballa agus dar leis a dó a chlog atá ann. Níl
an áít dubh le daoine mar sin is dócha gur lá scoile atá i gceist agus ní an Satharn atá ann. Ní
thuigim an fáth nach bhfuil na déagóirí seo sa seomra ranga ach b’fhéidir go bhfuil an lá scoile
críochnaithe ag an bpointe seo.
2.) Sa dara pictiúr feictear fear agus tá mic ina láimh aige. Is léír gur ó TG4 é agus tá sé ag dul
thart le ceamaradóir ón stáisiún. Teastaíonn uaidh cúpla ceist a chur ar daoine óga faoi na
tuairimí atá acu. Tagann sé ar triúr déagóirí in aice leis an staighre beo agus deir siad go bhfuil
siad sásta na ceisteanna a fhreagairt. Beirt bhuachaillí agus cailín amháin atá ann. Téann an dá
thoabh i mbun cainte faoi thuairim atá ag an bhfoireann ón stáisiún teilifíse.
28
3.) Sula dtosnaíonn siad leis an taifead míníonn an tuairisceoir faoin méid atá i gceist agus téann
siad tríd a gcuid tuairimí as Béarla i dtosach, ionac go mbeadh sé rí-shoiléir do na déagóirí cad
tá ag teastáil don ghearrthóg (media clip) agus ansin nuair atá muinín ag na daltaí dul os comhair
na gceamairí cuireann siad an trealmah ar siúl agus tosnaíonn an tuairisceoir leis na ceisteanna
i gceart le gach duine ag spalpadh (chatting) Gaeilge anois. Faigheann na déagóirí an béalbeo
gan stró agus cuireann seo gliondar ar an bhfear leis an mic.
4.) Buíochas le Dia tá neart le rá acu agus cuireann leaid amháín síos ar na fabhanna a bhíonn
ann chun post a fháil nuair atá tú ar scoil. Deir an cailin sa lár go gcuireann na scrúduithe imní
uirthi agus tá sí ag tnúth leis an lá nuair atá sí críocnaithe sa mhéanscoil. Is cosúil go bhfuil an
buachaill ar dheis sona sásta. Réitíonn cursaí go maith leis agus taitníonn an saol sóisialta leis
go mór. Téann an méid atá le rá ag an triúr acu i bhfeidhm go mór ar mhuintir TG4 agus is
cinnte go bhfuil siad lán-sásta leis an ngearrthóg.
5.) Nuair a chuir siad an sliocht i gcrích fiafraíonn an cailín faoin am a bheidh sé le feiceáíl ar
an teilifís. Cuireann an tuairisceoir iad ar an eolas go mbeidh sé ann ar an nuacht ag a seacht.
Gabhann sé a bhuíochas leobh agus mholann sé iad go hard na spéire as an méid Gaeilge atá
acu. Mar aon le seo tugann sé t-léine agus caipín don triúr acu ag as go brách leis ansin don
chéad ghrúpa eile. Fágann siad slán ar a chéile agus téann an fhoireann TG4 ar aghaidh lena n-
obair.
6.) Nuair a fhileann na déagóirí abhaile tá siad ar bís faoin méid a tharla agus cuireann siad a
thuismitheoirí ar an eolas gur bhuail siad le foireann ó TG4 agus gur cuireadh agallamh
orthufaoina gcuid tuairimí faoi shaol daoine óga sa lá atá inniubh ann. Breathnaíonn siad ar an
sliocht agus deir an t-athair nach gceapann sé go bhfuil déagóirí faoi bhrú anois i gcomparáid
leis an scéal mar a bhí sé blianta ó shin. Ach is dócha go mbíonn an port sin a chasadh ag an
athair i gconaí gan staonadh gan stopadh.
Sraith 17 Robáil Bhainc
1.)Is é an t-ainm atá ar an tsraith seo ná “Robáil Bhainc” agus tosnaíonn an scéal sa chistin.
Feictear Síle sa chéad phictiúr ag seol teachtaireacht chuig a cara Áine. Teastaíonn uathu an lá
saor atá acu a chaitheamh sa ardchathair ag dul ar chamchuairt tríd na siopaí. Beartaíonn siad
teacht le chéile ag an staisiún traenach. Slogann Síle a cupán tae siar agus athraíonn sí a cuid
éadaí do lá atá amach roimpi. Beireann sí ar a rothar agus tugann sí a haghaidh ar an stáisiúún
chun bualadh le hÁine
2.) Feictear an bheirt chailín ar an ardán sa dara pictiúr. Téann siad chuig an oifig bheag agus
ceanníonn siad dhá thicéad don traein go Baile Átha Cliath.Tugaim faoi deara anseo an
tseanbhean atá ag feitheamh ar an traein freisin. Is beag nár chaill siad an traein ach sa deireadh
29
tá an t-ádh leo agus aimsíonn siad dhá shuíochán in aice lena chéile agus cuireann siad tús ceart
leis an gcomhrá. Is cinnte go bhfuil siad ar aon fhocal maidir leis an lá saor. Deir siad go bhfuil
sos ó na leabhair tuillte go maith ag an mbeirt acu.
3.) Tar éís uair go leith baineann siad stáisiún Heuston amach agus ansin léimeann siad ar an
Luas chun dul i dtreo Shráid Úí Chonaill. Feictear sa triú pictiúr go bhfuil an grian ag scoilteadh
na gcloch agus cuireann sin go mór leis an atmaiféar sa chathair. Is cinnte go bhfuil an tsráid
dubh le daoine agus mar sin déarfainn go bhfuil na siopaí faoi lán tseoil agus iad líon lán le
daoine ag caitheamh airgid. Ar an gcéad dul síos téann Síle agus Áine chuig an mbanc chun
cuid airgid a fháil don tsiopadóireacht sóláis (reatil therapy).
4.) Ansin aniar aduaidh (out of the blue) tháinig beirt fhear amach as an mbanc agus iad ag
taisteal ar chosa in airde. Tá mála airgid i láimh fear amháin. Tá an bheirt acu ag caitheamh
púicíní agus feiceann Síle go bhfuil gunna ina láimh ag ceann de na gadaithe. Ritheann siad go
luas lasrach i dtreo gluaisteáin ar an gcoirnéal. Coinníonn na cailíní a gciall agus cuireann Áine
glaoch ar na gardaí. Cuireann sí iad ar an eolas maidir leis an uimhir a bhí ar an gcarr. Siúlann
na cailíní ansin chuig teach an tae chun sos a ghlacadh.
5.) Scaipeann na gardaí an scéal chuig na stáisiúin eile sa cheantar agus buíochas le Dia éiríonn
leo teacht ar na gadaithe gan mhoill. Déanann na fir fáil réidh leis na gardaí agus scaoileann
siad cúpla piléar agus na gardaí ar a leanúint. Déanann na gaidithe gach iarracht chun éalú achsa
deireadh teipeann orthu agus is cinnte go bhfuil siad i bponc ceart anois. Stróiceann na gardaí na
púicíní ó na fir agus aithníonn siad an bheirt acu beo. Gabhann siad an bheirt acu agus téann siad
ar fad chuig an stáisiún chun an scéal a phlé i gceart.
6.) Preabann fón Áine agus garda atá ann. Teastaíonn uaidh labhairt leis na cailíní chun a
bhuíochas a chur in iúl dóibh as ucht a gcúnaimh. Buaileann siad le chéile i lár na cathrach agus
míníonn an garda leo go mbeidh cás cúirte i gceist agus go mbeidh fianaisí de dhíth. Cuireann
seo eagla ar na cailíní ach tuigeann siad go bhfuil orthu an dualgas seo a ghlacadh. Téann na fir
os comhair na cúirte agus gearrtar téarma fada orthu. Mar aon le seo filleann na cailíní abhaile
ar na pócaí folamha gan aon rud nua ó na siopaí. Ach ní sin ráite ní dhéanfaidh siad dearmad ar
an lá sin go deo dar ndóigh.
Sraith 18 : Ag Téacsáil sa Rang
1.)Is é an t-ainm atá ar an tsraith seo ná “Ag téacsáil sa Rang”. Tá an scéal seo lonnaithe I dteach
na scoile. Sa chéad phictiúr feictear na daltaí ina suí ag scríobh síos notaí ina gcóipleabhair.
Tugaim faoi deara go bhfuil siad ag caitheamh éide scoile. Tá an múinteoir, Bean Uí Shé, ina
seasamh ag barr an tseomra ranga agus í ag míniú cursaí mata do na daltaí éagsúla atá ag
éisteacht léí. Is cosúil ón bpictiúr go bhfuil gach rud in ord agus in eager ach ní mar a shíltear a
30
bhítear i gcónaí.
2.) Sa dara pictiúr tá triúr daltaí le feiceáil. Tá beirt acu i mbun oibre ag léamh na ceisteanna ón
téacsleabhar ach tá an triú duine ag léamh teachtaireachta ar a fhón póca. Cuirfidh mé Seán ar
an mbuachaill seo. Is léir ón eolas sa bholgán go bhfuil cara Sheáin ag iarraidh cóisir a shochrú
don deireadh seachtaine mar ní bheidh a dtuismitheoirí sa bhaile. Mar is iondúil (as is normal)
in aon scoile tá cosc iomlán ar an bhfón póca sa seomra ranga agus cuirtear an riall seo i
bhfeidhm go géar sa scoil seo.
3.) Téann Bean Uí Shé timpeall an tí le seiceáil a dhéanamh ar obair na ndaltaí agus le linn na
camchuairte seo tugann sí faoi deara go bhfuil aird Sheáin iomlán dírithe ar an bhfón póca.
Cuireann seo fearg ar an múinteoir agus tugann sí faoin dalta maidir leis an droch-iompar. Aniar
aduaidh cuireann an múinteoir cúpla ceust ar Sheán agus níl aon leithscéal nó freagra aige. Is
cinnte go bhfuil an scoláire i bponc ceart anois agus níl aon dul as na fíricí ann agus beidh ar an
dealg a tharraingt san oifig.
4.) Sa cheathrú pictiúr feictear Seán san oifig ag caint leis an bpríomhoide agus is dócha go
bhfuil crith cos agus lámh air an leaid óg agus é ag iarraidh míniú a thabhairt don phríomhoide
agus níl fonn uirthi glacadh leis an tseafóid atá Seán ag cur dó (spouting). Glacann Seán gan
mhoill go mbeidh deachú le híoc anseo agus tuigeann sé go bhfuil na riallacha briste go trom
aige. Míníonn an príomhoide dó go bhfuil Bean Uí Shé maslaithe go raibh an muinéal ag Seán
chun na riallacha a bhriseadh go hoscailte le linn a ceachta. Cuireann Seán in iúl go bhfuil brón
air faoi seo.
5.) Cuireann an príomhoide scairt ghutháin ar mháthair Sheáin agus baineann seo geit aisti.
Cuirtear an mháthair ar an eolas go raibh Seán ag déanamh iarrachta le linn an cheacht mata
chun cóisir tí a shochrú. Ní mó na sásta atá an mháthair agus léiríonn sí don phríomhoide go
bhfuil sí ar buile faoi mhéid a tharla. Beartaíonn an bheirt acu cruinniú a shochrú sa scoil chun
an cás seo a phlé i gceart. Deir an príomhoide go bhfuil sí buíoch as ucht tuisceana na máthar.
Is léir go mbeidh an bheirt acu ag tarraingt le chéile ar an bhfoireann chéanna maidir leis an
méid a tharla.
6.) Ar an lá dar gcionn tugann an mháthair síob do Sheán chuig teach na scoile agus buaileann
an bheirt acu leis an bpríomhoide ag a naoi a chlog ar maidin. Aontaíonn an triúr acu nach é an
fón póca an rud is mó sa scéal seo. Arís gabhann Seán a leithscéal agus deir a mháthair leis ba
chóir dó luí isteach ar a chuid oibre in áit a bheith ag socrú cóisir tí le linn na ceachtanna mata.
Mar sméar mullaigh cuireann an príomhoide Seán ar an eolas go bhfuil cinneadh déanta aici
chun é a chur ar fionraí maidir leis an droch-iompar seo. Fágann Seán an oifig lena cheann thíos.
31
Sraith 19 : “Caillte sna Sléibhte” 1. Is é an t-ainm atá ar an tsraith seo ná “Caillte sna Sléibhte”. Sa chéad phictiúr feictear dream
ag dul suas sliabh agus is follasach go bhfuil ceo trom ann. Feicim freisin ó eireaball mo shúl
fear amháin agus léirseál ina láimh aige. Is dócha gurb é an ceannaire é agus b’fhearr leis casadh
timpeall ionas nach mbeadh orthu dul sa seans leis an gceo. Ach cuireann daoine brú air ag rá
nach bhfuil an aimsir ró-dhona agus sa deireadh beartaíonn an ceannaire dul ar aghaidh agus
tosnaíonn siad leis an tsléibhteoireacht i gceart. Mar aon leis an gceo tá an ceantar clúdaithe le
sneachta agus is cinnte go gcuireann seo leis an gcontúirt atá ann.
2. Titeann beirt siar ón ngrúpa agus feictear iad sa dara pictiúr leis na málaí móra ar na droma
acu. Cuirfidh mé Dónal agus Daithí orthu. Tugtar le fios dúinn ón mbolgán cainte go bhfuil an
aimsir ag éirí níos measa. Ar an ndroch-uair tá an ceo ag dul in olcas agus mar sin beidh sé níos
deacra ar na buachaillí teacht ar na daoine eile. Buaileann an tuairim ag an mbeirt acu gur bhotún
a bhí ann dul ar aghaidh leis an tsléibhteoireacht. Ar a laghad tá cótáí troma orthu agus is cosaint
é sin ón bhfuacht ach fós beidh orthu an bearna a dhúnadh gan mhoill idir iad féin agus an
grúpa.
3. Sa triú pictiúr tugtar le fios dúinne go bhfuil achar sách mór ann anois idir an bheirt
bhuachaillí agus an dream faoi chúram an cheannaire. Is cinnte go bhfuil Dónal agus Daithí ag
éirí eaglach ag an bpointe seo agus tuigeann siad go maith gurbh éigean dóibh brostú le teacht
suas ar na daoine eile . Is mór an trua nár [go/gur/nach/nár] thug an dream faoi deara gur thit na
buachaillí siar agus gur scar siad ón ngrúpa. Is léir go bhfuil an bearna eatarthu ag dul i méid
agus an grúpa ag dreapadh na sléibhte gasta go leor i gcomparáid leis an mbeirt atá caillte.
[B’éigean dom = tá orm = caithfidh mé]
4. Sa deireadh ritheann an tuairim leis an gceannaire go raibh daoine in easnamh agus tógann
boc ón ngrúpa an fón póca amach chun na séirbhísí éigeandála a chur ar an eolas faoin méid a
tharla. Beartaíonn na húdaráis, héileacaptar a sheoladh amach chuig an tsliabh chomh luath agus
is féidir mar tuigeann siad go bhfuil cúrsaí ama práinneach sa chás seo. B’fhearr leobh an aimsiú
a chur i gcrích chomh tapaidh agus is féidir. Faoi chomhairle na húdarais stopann an grúpa san
áit ina raibh siad le deis a thabhairt do na buachaillí teacht suas leobh. Tosnaíonn na daoine ar
an tsliabh ag screadaíl ansin ar ard a ngutha.
5. Tagann an héileacaptar ar nós na gaoithe agus fearas faoi leith acu chun dul ar thóir na
mbuachaillí sa cheantar sin. Cuireann an fhoireann leighis na soilse is laídre atá acu ar siúl agus
buíochas le Dia tar éis tamaill tagann siad ar na buachaillí. Sa deireadh ní raibh siad ró-fhad ón
ngrúpa ach leis an gceo tiubh bhí sé dó-dhéanta aon rud a aimsiú ar an tsliabh gan an trealamh
32
ceart. Tarraingítear na buachaillí isteach sa héilicaptar ag baint úsáid as an dréimire rópa. D’ól
siad tae le siúcra ansin chun teacht ar ais chucu féin agus clúdaítear iad le cúpla pluid.
6. Buíochas le Dia gur thóg na buachaillí a chosa leobh agus ní raibh siad gortaithe. Bhí eagla
an domhain ar a dtusimitheoirí sular tháinig siad abhaile. Shocraigh a chairde cóisir dóibh in
áras an phobail agus bhí oíche iontach acu ann. Is cinnte go raibh ciall cheannaithe faighte acu
agus bheartaigh siad gan dul ag siúlóid arís sa droch-aimsir. Tuigeann siad go maith go raibh
an t-ádh dearg orthu an lá sin mhínigh siad do na daoine eile cad a tharla le cur abhaile dóibh
gan an botún céanna a dhéanamh. Ansin chuaigh siad ag rince ag an gcóisir agus bhí an gadhar
á rósta acu don oíche.
20.) Samhradh Iontach 1.) Is é an t-ainm atá ar an scéal seo ná “samhradh iontach” agus sa chéad phictiúr
feictear beirt chailíní ag caint in aice leis an séipéal. Cuirfidh mé Áine ar an gcailín
ar chlé agus cuirfidh mé Nóra ar an gcailín eile ar dheis. Tugtar le fios dúinne ó na
bolgáin cainte go bhfuil siad ar tí thús an tsamhraidh. Is cinnte go bhfuil an bheirt
acu lán sásta faoi sin dar ndóigh mar beidh sos acu ó theach na scoile agus ón obair
bhaile freisin. Tugaim faoi deara an ghrian ina seasamh thuas sa spéir agus í ag
scoilteadh na gcloch.
2.) Beartaíonn an bheirt acu dul i dteagmháil leis an mbainisteoir san óstán in aice
láimhe agus buaileann siad leis ina oifig chun dul faoi agallamh. Éiríonn go geal leo
agus ar an lá dar gcionn tosnaíonn siad le seachtain trialach ansin. Cuitear iad ag
obair sna seomraí leapacha agus déanann siad obair na gcapall ansin. Ag deireadh na
seachtaine faigheann siad an nuacht maith go bhfuil an bainisteoir sásta glacadh
leobh don samhradh ar fad. Mar sin beidh a gcuid airgid féin acu agus ní bheidh ag
brath go hiomlán ar shíneadh láimhe óna dtuistí.
3.) Le linn an Mheithimh cuireann siad neart airgid i dtaisce agus is acmhainn
dóibh dul ar thuras chuig an Iodáil. Fánann siad in arasán carad leo agus baineann
siad an-súp as an gcamchuairt timpeall na Róimhe. Sa triú pictiúr feictear iad ag
tabhairt cuairt ar an Colllaseum. Mar aon leis na sainchomhartha téann stair na
háite i bhfeidhm orthu agus taithníonn an bia blasta go mór leo. Ceapann an bheirt
acu go raibh faisean na cathrach áirse thar barr ach ní raibh na pócaí fada acu le
rudaí a cheannach ar an taobh sin.
4.) Sa cheathrú pictiúr tá deighilt ann agus ar chlé feictear na cailíní i mbun peile.
33
Téann siad ah treanáil gach Máirt agus gach Déardaoin agus Buíochas le Dia bhí
bua acu i gCraobh an Chontae i Mí Iúil. Uaireanta sa samhradh nuair atá sé ag cur
báistí freastalaíonn na cailíní ar an bpcitiúrlann ach ní tharlaíonn seo ró-mhinic. Is
aoibhinn leis an mbeirt acu na scannáin ghrinn agus na cinn rómánsach. Is cinnte go
dtaitníonn saoirse an tsamhraidh go mór leo agus tacaíonn siad an deis go hiomlán.
5.) Ta aintín Áine ag obair leis an gCumann Naomh Uinseann de Pól agus i Mí Lúnasa
beartaíonn Áine dul i dteagmháil léi. Cuireann a aintín í ar an eolas go mbíonn
ganntanas géar saorálaithe thart mar bíonn scair acu ar laethanta saoire lena
muintir fein. Deir Áine go bhfuil sí féin agus Nóra sásta cuid obair a dhéanamh
agus cuireann sí áthas ar a haintín. Cuirtear an grinnfhiosrúchán i gcrích agus ansin
luíonn siad isteach ar an obair. Déanann siad obair na gcapall le meitheal seasta a
bhíonn ag treabhadh an ghoirt i lár na cathrach.
6.) Ag deireadh an tsamhraidh agus an scoilbhliain ag teannadh leo téann na cailíní
chuig teach an tae in aice leis an óstán agus caitheann siad cúpla uair an chloig ag
caint agus ag cómhrá faoin trí mhí atá caite acu saor ó na téacsleabhair.
Aontaíonn an bheirt acu gurb é an samhradh ab fhearr riamh agus go mbeidh sé
thar a bheith deacair é a shárú an bhliain seo chugainn. Ritheann sé leo go mbeidh
siad faoi scáth na hardteiste gan mhoill agus mar tuigeann siad go maith go bhfuil
orthu sult a bhaint as deireadh na laethanta saoire.
_________________________________________________________________
Achoimre ar an gCóras/Summary of the Package
go n-éirí libh agus bígí ag éisteacht leis na comhaid fuaime (audio files) agus ag
léamh na scripteanna agus an dá rud le chéile sin an bealach is fearr le teacht
isteach ar an tsraith.
Final Note.
The top sheet phrases are the most important thing to remember here they will
make you life so much easier if you internalize them and have instant access to
them then th workload for the sraith will collapse
All language queries will be answered on the downloadable link “Shortcuts to
Irish Grammar” on www.kes.ie (Irish made logical !!!!)