Spiorad Dé i nDáiví

Preview:

DESCRIPTION

Spiorad Dé i nDáiví. Bunaithe ar Beo go Deo 4 : Téarma 1, Ceacht 5 Téacs an Mhúinteora lgh. 54-65 Cad tá romham a dhéanamh? An nasc idir Spiorad an Tiarna agus an bheatha i gcomhthéacs an Ghiúdachais a fhiosrú leis na leanaí, trí úsáid a bhaint as scéalta, amhráin agus deasghnátha. Cén fáth? - PowerPoint PPT Presentation

Citation preview

Spiorad Dé i nDáivíBunaithe ar Beo go Deo 4: Téarma 1, Ceacht 5

Téacs an Mhúinteora lgh. 54-65

Cad tá romham a dhéanamh?An nasc idir Spiorad an Tiarna agus an bheatha i

gcomhthéacs an Ghiúdachais a fhiosrú leis na leanaí, trí úsáid a bhaint as scéalta, amhráin agus deasghnátha.

Cén fáth?Chun go méadófar a dtuiscint ar shiombail agus ar

dheasghnáth agus chun bunús a leagan síos do thuiscint na sacraimintí agus an liotuirge amach anseo.

Ungadh DháivíBunaithe ar

2 Samúéil 5:1-5

Nuair a bhí Dáiví ina bhuachaill óg chaitheadh sé a lán ama ar na sléibhte ag tabhairt aire

do chaoirigh a athar.

Lá amháin,tháinig fáidh darbh ainm Samúéil go hathair Dháiví, ag lorg duine éigin chun dul leis le bheith ina cheannaire ar na daoine.

Cé gurbh é Dáiví an duine ab óige ina chlann, roghnaigh Samúéil é agus rinne sé a

choisreacan.

D’fhág Dáiví a mhuintir agus a bhaile agus d’imigh sé le Samúéil.

Tamall fada ina dhiaidh sin,nuair a bhí Dáiví tríocha bliain d’aois, tháinig dhá

threibh déag Iosrael chuige, in áit darbh ainm Heabrón.Dúirt duine acu:

Is sinne do ghaolta. Bhí tú i do aoire

maith do do phobal a fhad is a bhí Saul

ina rí.

Agus gheall an Tiarna go

mbeithfeá i do cheannaire ar Iosrael agus go dtabharfá aire dúinn cosúil le

haoire.

Bhí Dáiví sásta a bheith ina cheannaire orthu. Chuir sé a mhuinín sa Tiarna.

Thóg seanóir as an dá threibh déag Iosrael an ola speisialta.

Chuimil sé é dá éadan agus dá bhrollach

agus dá lámha agus dá chosa. Is ar an tslí seo a rinneadh Dáiví

a ungadh mar rí.

Bhí Dáiví go híontach mar rí.

Bhi Dáiví tríocha bliain d’aois nuair a déanadh

rí de. Bhi sé mar cheannaire ar Iúdá

agus níos déanaí bhí sé mar cheannaire ar Iosrael agus ar Iúdá.

Bhí Dáiví ina rí ar feadh daichead bliain ar fad.

Recommended