View
0
Download
0
Category
Preview:
Citation preview
Ní mór an comhbhrúiteoir a usáid don fheidhm/do na feidhmeanna a dearadh é le déanamh agus laistigh de scoip a bhfeidhmeanna (féach ar «teorainneacha oibriúcháin»). Téigh i gcomhairle leis na treoirlínte feidhmiúcháin agus an leathanach sonraí atá ar fáil ag http://cc.danfoss.com
Faoi gach cúinse, ní mór riachtanais EN378 (nó rialacháin áitiúla infheidhme eile) a chomhlíonadh.
Seachadtar an comhbhrúiteoir faoi ghás nitrigine (idir 0.3 agus 0.7 bar) agus mar gheall ar seo ní feidir é a nascadh mar atá; féach ar an chuid faoi choimeáil chun breis eolais a fháil.
Ní mór an comhbhruiteoir a láimhseáil go cúramach agus é a choimeád i suíomh ingearach (seach-chuir uasta ó ingearach : 15°)
15
20
25
30
35
40
45
50
55
60
65
70
-30 -25 -20 -15 -10 -5 0 5 10 15 20
30 - 90 HzT C(°
C)
T0 (°C)
50 -
90 H
z
50 - 90 Hz
SH=6K
Comhla rialaithe inteallta ola
Cóimeáil rialaithe insteallta ola
Díchóimeáil rialaithe insteallta ola
Bain an corna fáisceach trí úsáid a bhaint as
an scriúire
FRCC.EI.005.A3.15 © Danfoss Commercial Compressors 09/101
220V
2 A max
Cuir an corna fáisceach (1) leis an gaiscéad (2) os cionn
chabhail an chomhla (3) ar an gcomhbhrúiteoir
4 5 63 2 1
Ceangail an nascóir (4) leis an gcorna ag baint úsáide
as na hoiriúintí a seachadadh (5) agus (6).
Déan sreangú ar an nascaire mar atá léirithe.
A: Uimhir an Mhúnla
B: Sraithuimhir
C: Cuisneán
D: Voltas Soláthair & Sruth rótair faoi ghlas
E: Brú seirbhíse na cásála
F: Bealadh monarchan-luchtaithe
G: Minicíocht an chomhbhrúiteora & Uas-sruth
do thuisliú
E
F
C
D
A
B
G
TrEorAChAComhBhrúiTEoirí VSh
r410A
2 FRCC.EI.005.A3.15 © Danfoss Commercial Compressors 09/10
Bun-naisc
- Ag brath ar leagan an tiontaire minicíochta, d’fhéadfadh na nascairí éagsúla a bheith in áiteanna difriúla ná mar atá ar an léaráid thíos.
- Cinntigh i gcónaí go bhfuil teirminéil T1, T2, T3 an chomhbhrúiteora nasctha le teirminéil 96, 97, 98 faoi seach an tiontaire minicíochta.
- Caithfear cábla mótair an chomhbhrúiteora a chosaint agus caithfear an cuid armúrtha a
nascadh leis an talamh ag an dá thaobh den chábla; ag taobh an chomhbhrúiteora agus ag taobh an tiontair minicíochta.
- Úsáid dlúthaire an chábla EMC chun an cábla a shúiteáil agus chun talmhú ceart a dhéanamh; Tá dromchla saor gan aon phéint thart ar pholl don naisc ar bhosca miotalach teirminéil an chomhbhrúiteora chun go mbeadh an
tseoltacht níos fearr.- Tá lasc sábháilteachta ísealbhrú riachtanach
chun folús oibriúchán sa chomhbhrúiteoir a sheachaint.
- Nuair a chuireann tú ar siúl é, cinntigh go bhfuil an comhbhrúiteoir ag rothlú sa treo cheart agus go bhfuil sé ag pumpáil i gceart.
230 V~
2 A maxRE
LAY
1
L1 91 L1 W 98 T3L2 92 L2 V 97 T2L3 93 L3 U 96 T1
95 PE PE 99
39 39 Ana out COM42 42 Ana out +50 50 Ana in +10 V NC 0353 53 Ana in 0 ± 10 V NO 0254 54 Ana in 0 ± 10 V COM 0155 55 Ana in COM
NC 06NO 05
12 12 +24V COM 0413 13 +24V18 18 Dig in19 19 Dig in27 27 Dig in/out29 29 Dig in/out32 32 Dig in N- RS485 69 6933 33 Dig in P+ RS485 68 6820 20 Dig in COM COM RS485 61 6137 37 Dig in
RE
LAY
2CDS3
02Eochair eolais:Ana: Analóg
Dig: Digteach
in: Ionchuir
out: Aschuir
COM: Coitean
NC: Dúnta de ghnáth
NO: Oscailte de ghnáth
Lúb oscailte Lúb próisis91, 92, 93: 3 Ionchur príomhlíonra pasach X X95: Talmhú X X39, 42 Aschur analóige - -50: Ionchur analóige - -53: PLC+ (0 to 10 V) X -54: Braiteoir - - X55: PLC- X -12: Lasc HP/LP X X12: Air/As Seachtrach (NÍL) X X13: Traschóirithe go 37 sa mhonarcha X X13: Braiteoir + - X18: Aire/As Seachtrach (NÍL) X X19: Ionchuir Digiteach - -27: Lasc HP/LP (NC) / gléis sábháilteachta X X29: Ionchur/achur digiteach - -32, 33 Ionchur digiteach - -20: Ionchuir digiteach Coiteann - -37: Traschóirithe go 13 sa mhonarcha X X98: Go teirminéal T3 an chomhbhrúiteora X X97: Go teirminéal T2 an chomhbhrúiteora X X96: Go teirminéal T1 an chomhbhrúiteora X X99: Go nasc talún an chomhbhrúiteora X X02, 01: Athsheachadán 1 leis an gcomhla ola sholanóidigh X X06, 05, 04: Athsheachadán 2 - -69, 68: RS485 Bus - -61: Bus Coiteann RS485 - -
- Nasc Roghnach X : Nasc Éigeantach
Is réamhshocrú monarchan é an tiontaire
minicíochta CDS302 a bhfuil na paraiméadair
aige don phrionsabail rialaithe lúb oscailte Is
féidir an prionsabal rialaithe don lúb próisis a
roghnú tríd na paraiméadair a athrú i «Quick
menu».
Lúb oscailte: Rialú 0 - 10 V
Tiontaire minicíochta i mód sclábhánta
Lúb próisis:
Rialú 4 - 20 mA
Tiontaire minicíochta faoin rialaitheoir PID féin
Treoracha
1 - RéamhráBaineann na treoracha seo leis Comhbhrúiteoirí scrolla luas inathraithe VSH a úsáidtear do chórais A/C. Cuireann siad eolas riachtanach ar fáil maidir le húsáid sábháilte agus cheart an táirge seo.
2 - Láimhseáil agus stóráil • Láimhseáil an comhbhrúiteoir go cúramach.
Bain úsáid as na hanlaí speisialta ar an bpacáistíocht. Bain úsáid as cluaisín ardaithe an chomhbhrúiteora agus bain úsáid as trealamh sábháilte ardaithe.
• Stóráil agus iompair an comhbhrúiteoir go hingearach.
• Stóráil an comhbhrúiteoir idir -35°C agus 55°C. • Ná nochtaigh an comhbhrúiteoir agus an
pacáistíocht don bháisteach nó d’atmaisféar creimneach.
3 - Bearta sábháilteachta roimh súiteáil Ná úsáid an comhbhrúiteoir in atmaisféar
inlasta riamh.
• Ní chóir go sháródh teocht chomhthimpeal-lach an chomhbhrúiteora 50°C roimh an timthrialla as.
• Gléas an comhbhrúiteoir ar dhromchla cothrom cothrománach a bhfuil fána níos lú ná 3° aige.
• Ní féidir ach tiontaire minicíochta an comhbhrúiteora a sholáthar. Cinntigh go bhfuil an tiontaire minicíochta an ceann ceart atá ag teastáil don chomhbhrúiteora (méid cumhachta agus voltais: ionchuir agus aschuir). Cuireann paraiméadar 1.13 liosta ar fáil de na tiontairí minicíochta de na teaglaim de chomhbhrúiteoirí, de thiontairí minicíochta agus de chuisneáin a d’fhéadfadh a bheith i gceist.
• Nuair atá VSH á shúiteáil, bain úsáid as trealamh atá oiriúnach do chuisneáin HFC amháin agus nár úsáideadh do chuisneáin CFC riamh.
• Bain úsáid as tiúbanna copair dihiodráitithe de ghrád cuisniúcháin agus as ábhar prásála cóimhiotail airgid.
• Bain úsáid as comhpháiteanna glana agus dihiodráitithe.
• Caithfidh an píobánra atá ceangailte leis an gcomhbhrúiteoir a bheith solúbtha i dtrí bhealach chun creathanna a mhaolú.
• Déan cinnte go bhfuil an tsuiteáil suiteáilte le comhpháirteanna sábháilteachta ardbhrú (m.sh. lasc brú, comhla fhuascailte bhrú) chun pressure switch, pressure relief valve) ionas nach bpléascfaidh comhpháirteanna a bhfuil brú iontu.
4 - Cóimeáil • Scaoil an lucht coinneála nitrigine tríd an
bport schrader. • Ceangail an combhrúiteoir leis an gcóras a
luaithe agus is féidir chun eilliú ola ó thaise chomhthimpeallach a sheachaint.
• Ná lig d’aon ábhar dul sa chóras nuair atá tiúbanna á ngearradh. Ná druileáil poill in áiteanna nach féidir fáil réidh le burraí.
• Prásáil go han-chúramach trí úsáid a bhaint as teicníc úrscothach agus as píobáin scaoilte le sruth gáis nitrigine.
• Ceangail na gléasanna sábháilteachta agus rialacháin. Nuair atá an port schrader á úsáid dó seo, bain an chomhla inmheánach.
5 - Ligean a aimsiú Ná cuir brú ar an gciorcaid le hocsaigin nó
le haer tirim. D’fhéadfadh sé seo a bheith mar chúis tine nó pléasctha. • Ná bain úsáid as ruaim chun ligean a aimsiú. • Tabhair faoi thástáil chun ligean a aimsiú sa
chóras ar fad. • Ní chóir go sáródh an brú tástála ar an taobh
íseál 30 bar. • Nuair a aimsítear ligean, deisigh an ligean
agus tabhair faoi ligean a aimsiú arís.
6 - Díhiodráitiú Folúis • Ná bain úsáid as an gcomhbhrúiteoir chun an
córas a fholmhú. • Ceangail an caidéal folúis leis na taobhanna
LP & HP. • Folmhaigh an córas go brú 500 µm Hg
(0.67 mbar) dearbh. • Ná bain úsáid as meigeiméadar nó ná cuir brú
ar an gcomhbhrúiteoir nuair atá sé faoi fholús, mar d’fhéadfadh sé seo damáiste inmheánach a dhéanamh.
7 - Naisc leictreacha • Múch agus scoith an príomhsoláthar
cumhachta. Féach ar an leathanach roimhe seo le haghaidh tuilleadh eolais maidir le sreangú.
• Tugann an tiontaire minicíochta cosaint don chomhbhrúiteoir in aghaidh barraíocht srutha. Lean rialacháin áitiúla maidir le coasint líne cumhachta. Ní mór an comhbhrúiteoir a cheangal leis an talamh.
• Ní mór comhpháirteanna leictreacha a roghnú de réir caighdeán áitiúil agus riachtanas tiontaire.
• Féach, le do thoil, ar na léaráidí a bhaineann le naisc tipiciúla maidir le sreangú atá faoi iamh i bpacáistíocht an tiontaire minicíochta. Féach ar na treoirlínte feidhmiúcháin chun breis eolais a fháil.
• Lean na treoracha súiteála don tiontaire minicíochta go cúramach:
- Gléasadh: Caithfear bunfhráma an tiontaire minicíochta a dhaingniú go láidir leis an taca lena chinntiú go bhfuil leanúnachas ann idir phoiteinseal talún na bpainéal leictreach ar fad agus na boscaí leictreacha sa chóras.
- Sreangú: Caithfidh dearadh sciata a bheith ar na sreanga rialaithe. Caithfidh dearadh cumhdaithe a bheith ar an gcábla don soláthar mótair leictrigh chomh maith. Caithfear clúdach na scéithe a thalmhú i gceart tríd an modh a thaispeántar ar na léaráidí a leanúint, gach am a chaithfear é seo a thalmhú ag an dá thaobh de na cáblaí. Ní mór úsáid a bhaint as na tráidirí cáblaí ar leith do rialú agus do soláthar an mhótair.
• Cinntíonn an tiontair minicíochta go dtugtar cosaint dhíreach don mhótar agus tá na paraiméadair a socraíodh sa mhonaracha ag tabhairt cosaint don mhótair ó mhífheidhmeanna srutha. Níl rólódáil seachtrach riachtanach.
• Socraigh na paraiméadair don tiontaire minicíochta de réir mholtaí Danfoss do thiontaire minicíochta CDS302 agus do chomhbhrúiteoir VSH ar luas inathraithe.
8 - Ag líonadh an chórais • Coimeád an comhbhrúiteoir múchta. • Líón an cuisneán i gcéim an leachta isteach i
dtaobh na hoscailte den chomhdhlúthadán nó den ghabhdán leachta. Ní mór an luacht a bheith is congaraí agus is féidir do lucht ainmniúil an chórais ionas nach n-oibreodh sé ar bhrú íseal agus ionas nach théadh sé an iomarca.
• Coimeád lucht an chuisneáin faoi 5.9 kg do VSH088, 7.9 kg do VSH117 agus 13.5 kg do VSH170 más féidir. Os cionn na teorann seo; cosain an comhbhrúiteoir in aghaidh aistuilleadh leachta gan an síos-timthriall pumpála a bheith níos ísle ná 2.3 bar (g) nó le taisc-cheallra súite líne.
• Ná fág an sorcóir líonta nasctha leis an gciorcaid chun rólíonadh a sheachaint.
9 - Fíorú roimh choimisiúnú Bain úsáid as gléis sábháilteachta ar nós
na laisce sábháilteachta brú agus an chomhla maolaithe meicniúil a chomhlíonann le rialacháin agus caighdeáin áitiúla lena mbaineann. Cinntigh go n-oibríonn siad agus go bhfuil siad socruithe i gceart.
Seiceáil nach sáraíonn na socruithe ar na lasca ardbhrú agus ar na comhlaí maolaithe an uasbhrú seirbhíse d’aon chomhpháirt sa chóras.
• Tá lasc ísealbhrú riachtanach chun oibriú folúis a sheachaint. Íos-socrú 1.5 bar (g).
• Deimhnigh go bhfuil na naisc leictreacha ar fad daingnithe i gceart agus go chomhlíonann siad le rialacháin áitiúla.
• Níl téitheoir cháis cromáin riachtanach. Tá an feidhm seo comhtáite i CDS302, a chuireann sruth calabraithe DC ar fáil le linn timthriallta as chun an mótar leictreach a théamh. Ní mór an CDS302 a fhuinnmhiú sula dtosaítear é ar dtús agus tar éis é a bheith múchta ar feadh tréimhse fada.
• Tar éis coimisiúnaithe, moltar go láidir an tiontaire minicíochta a choimeád fuinnmhithe i gcónaí.
10 - Tosú • Ní mór gach comhla seirbhíse a bheith oscailte. • Cothromaigh an brú HP/LP. • Fuinnmhigh an comhbhrúiteoir. Ní mór dó tosú
láithreach. • Mura dtosaíonn an comhbhrúiteoir,déan
cinnte go bhfuil an comhbhrúiteoir nasctha leis an tiontaire minicíochta; seiceáil na naisc don sheolán cumhachta. Mura bhfuil aon ní neamhghnách soiléir tar éis na seiceálacha a dhéanamh, seiceáil tóchráin an mhótair le hóm-mhéadar.
• Seiceáil painéal rialaithe an tiontaire minicíochta: Má taispeántar aon aláram, seiceáil an sreangú agus polaraíocht na gcáblaí rialaithe go háirithe. Má thaispeáintear an t-aláram, féach ar lámhleabhar feidhmiúcháin an tiontaire minicíochta. Deimhnigh an comhghléas ina bhfuil an comhbhrúiteoir, an tiontaire minicíochta agus an cuisneán. Má thaispeánfar aláram, féach ar lámhleabhar feidhmiúcháin an tiontaire minicíochta.
• Seiceáil tarraingt an tsrutha agus na leibhéil voltais ar na príomhlínte. Is féidir na luachanna do mhótar leictreach an chomhbhrúiteora a thaispeaint ar phainéal rialaithe an tiontaire minicíochta.
• Is é 6K fortheas súite barrmhaith an chomhbhrúiteora. Is é an t-uasmheid teasa a cheadaítear ná 30K.
11 - Seiceáil leis an gcomhbhrúiteoir ag feidhmiú • Seiceáil tarraingt an tsrutha agus an voltais. • Seiceáil an fotheas súite chun an baol
mífheidhmhithe a laghdú. • Breathnaigh ar leibheal an ola i dtús báire agus
le linn oibrithe lena chinntiú go bhfuil leibhéal an ola fós le feiceáil. Má tá breis cúir sa ghloine iniúchta ola, tugann sé sin le fios go bhfuil cuisneán ar an sumpa.
• Déan monatóireacht ar an ngloine iniúchta ola lena chinntiú go bhfilleann an meid ola ceart ar ais isteach sa chomhbhrúiteoir. Ní mór an tseiceáil seo a dhéanamh thar réimse luais lena chinntiú:
- go bhfilleann an t-ola ar ais ar luas íseal agus le híosluais gáis.
- go laimhseáltar an t-ola go maith ar luas ard agus go n-iomprófar an t-uasmheid ola thall.
FRCC.EI.005.A3.15 © Danfoss Commercial Compressors 09/10 3
Treoracha
• Cloígh le teorainneacha oibriúcháin.
• Seiceáil an bhfuil na tiúbanna ag creathadh go
neamhghnách. Má tá siad ag boghadh níos
mó ná 1.5 mm ní mór bearta ceartaitheacha
ag teastáil, a leithéid de thiúbanna do liúbíní.
• Is féidir breis cuisneáin a chur isteach ag an
gcéim leachta má tá gá leis. Is féidir é a chur
isteach ag an taobh le brú íseal, a fhad agus
is féidir ón gcomhbhrúiteoir. Ní mór don
chomhbhrúiteoir a bheith ag feidhmiú le linn
an phróisis seo.
• Ná luchtaigh an coras an iomarca.
• Ná scaoil cuisneán amach san atmaisféar
riamh.
• Sula bhfágann tú an suíomh ina bhfuil sé
suiteáilte, tabhair faoi iniúchadh ginearálta ag
díriú ar ghlaineacht, ar fhuaim agus ar ligin.
• Dean taifead ar an gcineál lucht atá ar an
gcuisneán mar aon leis an méid luchta air,
agus féach ar na coinníollacha oibriúchain chun
tagairt a dhéanamh d’iniuchtaí sa todhchaí.
• Teipeann ar an gcomhbhrúiteoir brú a chruthú:
Seiceáil na seach-chomhlaí sa chóras lena
chinntiú nár osclaíodh ceann ar bith dóibh.
Seiceáil freisin go bhfuil na comhlaí solanóidigh
ar fad san áit cheart.
• Fuaim neamhghnách le linn feidhmithe:
Cinntigh nach bhfuil aon leacht ag sileadh ar
ais isteach sa chomhbhrúiteoir trí fhotheas
an gháis atá ag ag teacht ar ais agus teocht
sumpa an chomhbhrúiteora a thomhas. Ba
chóir go mbeadh an sumpa 6K ar a laghadh
os cionn na teochta sáithithe súite faoi
ghnáthchionníollacha socra oibriúcháin.
• Má thuislionn an lasc ardbhrú as: Seiceáil
oibriuchain an chomhdhlúthadáin (glantacht
an chomhdhlúthadáin, feidhmiú an
ghaothráin, an sreabhadh uisce agus comhla
bhrú an uisce, an scagaire uisce, srl.) Má tá
siad seo go léir ceart go leor, d’fhéadfadh
baint a bheith ag an bhfadhb le róluchtú an
chuisneáin nó le hábhair atá sa chiorcaid nach
féidir a chomhdhlúthú (m.sh. aer, taise).
• Má thuislíonn an lasc ísealbhrú: Seiceail
oibriúcháin an ghalaitheora (glantacht an
chorna, feidhmiú an ghaothráin, an scagaire
uisce, srl.), sreabhadh chuisneán an leachta
agus braonta brú(an chomhla sholanóidigh, an
triomadóir scagtha, an chomhla leathnaithe,
srl), lucht an chuisneáin.
• Lucht íseal ar an gcuisnean: Tugann an tásc
ar an ngloine iniúchta ola an lucht ceart
atá ar an gcuisneán, mar aon le delta T an
chomhdhlúthadáin i leith táblaí brú an
chuisneáin, (brú-teocht), an fotheas agus an
fofhuarú, srl. (má tá breis luchta ag teastáil,
breathnaigh ar chuid 8).
• An comhbhrúiteoir ag ciorru amach: Ní chóir
go sháródh líon na timthrialla 12 tosú san
uair.12 - Cothabháil
Is nithe dáinséaracha iad an brú inmheáneach
agus teocht an dhromchla agus d’fhéadfadh siad a
duine a ghortú go buan. Tá scileanna agus uirlisi ar
leith ag teastáil ó oibreoirí a dhéanann cothabháil
agus suiteáil. D’fhéadfadh teocht na tiúbanna
agus teocht chás uachtarach an chomhbhrúiteora
a bheith níos airde ná 100°C agus d’fhéadfaidís
duine a dhó go dona.
Déan cinntiú go ndéanfar iniuchtaí
tréimhsiula seirbhíse lena chinntiú gur feidir
braith ar an gcóras agus go ndéanfar iad de réir
rialachán áitiúil.
Chun fadbanna córais a bhaineann leis an
gcombhruiteoir a sheachaint, moltar cothabháil
tréimhsiúil a dhéanamh:
• Seiceál go bhfuil gléasanna sábháilteachta
ag feidhmiú agus go bhfuil siad socraithe
i gceart.
• Cinntigh go bhfuil an córas saor ó ligean.
• Seiceáil tarraingt srutha an chombhrúiteora.
• Deimhnigh go bhfuil an combhrúiteoir ag
feidhmiú i mbealach atá comhsheasmhach
le taifidh cothabhála roimhe seo agus atá
comhsheasmach le dálaí comhthimpeallacha.
• Seiceáuil go bhfuil na naisc leictreacha ar fad
daingnithe i gceart.
• Coimeád an comhbhrúiteoir glan agus
cinntigh nach bhfuil aon meirg nó ocsaídiú ar
chás an chomhbhrúiteora, ar na tiúbanna nó
ar na naisc leictreacha.
• Seiceáil teocht inmheánach an tiontair
minicíochta ar an scaileán atá air agus an
sruth fuaraithe aeir.
• Logailtear lochtanna i gcuimhne an tiontaire
minicíochta agus is féidir é seo a thaispeáint.
Is féidir leis seo cabhair a thabhairt chun na
paraiméadair an tiontaire minicíochta nó
paraiméadair an chórais féin a mheasúnú
agus a fheabhsú.
13 - Baránta
Cuir uimhir an mhúnla agus an tsraithuimhir ar
fáil i gcónaí le haon éileamh a chuirtear isteach
maidir leis an earra.
Bain úsáid as cuimhne lochtanna an tiontaire
minicíochta chun tuairiscí maidir le lochtanna
a aimsiú sula dtosaítear an córas agus fiú sula
múchtar an cumhacht as.
D’fheadfadh baránta an earra a bheith ar
neamhní sna cásanna seo a leanas:
• Mura bhfuil ainmphláta i láthair.
• Mionathruithe seachtracha; go háirithe
druileáil, tathú, cosa briste agus marcanna
turrainge.
• Má tá an comhbhruiteoir oscailte nó má
chuirtear ar ais gan séala é.
• Má tá meirg, uisce nó ruaim aimsithe ligin
istigh sa chombhrúiteoir.
• Má úsáidtear cuisneán nó bealadh nach bhfuil
faofa ag Danfoss.
• Mur gcloítear leis na treoracha atá molta
maidir le súiteáil, feidhmiú agus cothabháil.
• Má bhaintear úsáid as feidhmeanna fóin
póca.
• Má úsáidtear é i dtimpeallacht phleascadh
atmaisféarach.
• Mura bhfuil uimhir an mhúnla nó an
tsraithuimhir curtha ar fáil leis heileamh an
bharánta.
14 - Disposal
Molann Danfoss go ndeanann comhlacht
oiriúnach athchursáil ar chomhbhrúiteoirí,
ar thiontairí minicíochta agus ola an
chomhbhrúiteora.
Danfoss Commercial Compressors http://cc.danfoss.comNí ghlacann Danfoss aon fhreagracht as aon earráidí i gcatalóga, i mbróisiúir nó in ábhair priontáilte eile. Coimeádann Danfoss de cheart aige féin a n-earraí a athrú gan fógra ar bith. Baineann sé seo le hearraí atá tar éis a bheith ordaithe, ar an gcoinníoll gur féidir athruithe den sórt sin a dheanamh gan athraithe a bheith ag teastáil ina dhiaidh sin ar shonraíochtaí atá réitithe cheana. Is trádmhairc de chuid Danfoss A/S iad Danfoss agus an Danfoss logotype are trademarks of Danfoss A/S. Gach ceart ar cosaint.
FRCC.EI.005.A3.15 - Sept. 2010 Copyright Danfoss Commercial Compressors - 09/10
Treoracha
Recommended