41
1 A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá Beidh mo bhreithlá agam amárach. Beidh mé naoi mbliana d'aois. Gheobhaidh mé cártaí breithe. Beidh fleadh agam um thráthnóna. Tiocfaidh mo chairde uilig. Tabharfaidh siad bronntanais dom. Beidh císte breithe agam. Beidh naoi gcoinneal ar an chíste. Íosfaidh mo chairde an císte. Ólfaidh siad oráiste agus líomanáid. Beidh hataí páipéir orthu. Beidh an-spórt againn ag an fhleadh. B. Déan abairtí díobh seo : 1. gheobhaidh, cártaí breithe, mé. 2. agam, císte breithe, beidh. 3. uilig, mo chairde, tiocfaidh. 4. orthu, hataí páipéir, beidh. C. Freagair na ceisteanna : 1. Cá huair a bheidh mo bhreithlá? 2. Cén aois a bheidh mé? 3. Cad é a bheidh agam um thráthnóna? 4. Cé a thiocfaidh go dtí an fleadh? 5. Cad é a thabharfaidh siad dom? 6. Cad é a ólfaidh mo chairde?

A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

  • Upload
    others

  • View
    0

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

1

A. Léigh an scéal ar dtús.

Breithlá

Beidh mo bhreithlá agam amárach. Beidh mé naoi mbliana d'aois.

Gheobhaidh mé cártaí breithe. Beidh fleadh agam um thráthnóna.

Tiocfaidh mo chairde uilig. Tabharfaidh siad bronntanais dom.

Beidh císte breithe agam. Beidh naoi gcoinneal ar an chíste.

Íosfaidh mo chairde an císte. Ólfaidh siad oráiste agus líomanáid.

Beidh hataí páipéir orthu. Beidh an-spórt againn ag an fhleadh.

B. Déan abairtí díobh seo :

1. gheobhaidh, cártaí breithe, mé.

2. agam, císte breithe, beidh.

3. uilig, mo chairde, tiocfaidh.

4. orthu, hataí páipéir, beidh.

C. Freagair na ceisteanna :

1. Cá huair a bheidh mo bhreithlá?

2. Cén aois a bheidh mé?

3. Cad é a bheidh agam um thráthnóna?

4. Cé a thiocfaidh go dtí an fleadh?

5. Cad é a thabharfaidh siad dom?

6. Cad é a ólfaidh mo chairde?

Page 2: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

2

D. Anois scríobh an scéal seo.

Foclóir

císte coinnle pizza

cluiche an phúicín ag súgradh ag ól

ag ithe ag damhsa ag éisteacht le ceol

popcheol seinnteoir ceirníní ceapairí

Page 3: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

3

A. Léigh an scéal seo.

Ag Súgradh sa SneachtaThosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

inniu. Bhí áthas ar na páistí agus iad ag dul ar scoil. Ag am lóin, bhí

siad ag súgradh sa sneachta. Rinne Íde agus a cara fear sneachta.

Chuir siad hata ar a cheann agus píopa ina bhéal. Bhí Tomás ag

caitheamh liathróidí sneachta. Bhuail sé Liam san aghaidh. Bhí Liam

ar buile. B'fhearr le Nóra bheith istigh sa teach. Ní dheachaigh Spota

amach sa sneachta ach oiread.

B. Líon isteach na bearnaí :1. Thosaigh _______ ag titim aréir.

2. Bhí áthas ar na _______ agus iad ag dul ar _______ .

3. Ag am _______ bhí siad ag súgradh ______ sneachta.

4. Chuir siad hata ar ___ _______ agus píopa ___ ______ .

5. B'fhearr le Nóra bheith _______ sa teach.

C. Déan abairtí díobh seo :1. fear sneachta, Íde agus a chara, rinne.

2. san aghaidh, Liam, bhuail sé.

3. Liam, ar buile, bhí.

4. Tomás, liathróidí sneachta, ag caitheamh, bhí.

D. Freagair na ceisteanna.1. Cá huair a thosaigh an sneachta ag titim?

2. Cad é a bhí ar an tír ar fad?

3. Cad é a rinne Íde agus a cara?

4. Cé a bhuail Liam san aghaidh?

5. Cén fáth a raibh áthas ar na páistí?

6. Cén fáth a raibh Liam ar buile?

7. An ndeachaigh Spota amach sa sneachta?

Page 4: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

4

An Fear Sneachta

A. Freagair na ceisteanna seo a leanas :1. Cad é a chonaic Mairéad nuair a d'amharc sí amach ar an

fhuinneog?

2. Cad é mar atá a fhios agat go raibh áthas uirthi?

3. Cá ndeachaigh na páistí nuair a bhí an bricfeasta ite acu?

4. Cén spórt a bhí acu ar dtús?

5. Cén chuid den fhear sneachta a rinne na buachaillí?

6. Cad é a rinne Mairéad?

7. Cá raibh na páistí ag sleamhnú?

8. Cén fáth a raibh ocras ar na héin an lá sin?

B. Anois scríobh féin scéal : An Sneachta.

bóithre druidte ag an sneachtapréachta leis an fhuacht

le fána an chnoic

carr sleamhnáin

lag leis an ocras

seanphíopa

seanhata

an cholainn

shocraigh siad ar fhear sneachta a

dhéanamh

ag cur sneachta

lig sí béic áthais

aisti

brat sneachta

calóga

sneachtaag caitheamhliathróidísneachtagairdín cúilag sleamhnú

Page 5: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

5

A. Léigh an scéal seo.

Tábla na n-Éan

Rinne Daidí tábla éan. Chuir sé sa ghairdín cúil é. Tháinig a lán éan

go dtí an tábla. Tháinig an gealbhan. D'ith sé blúirí aráin a bhí ar an

tábla. D'eitil sé ar ais go dtí an sceach. Ansin tháinig an druid. D'ith

sé blúirí aráin fosta. D'imigh sé ansin mar tháinig préachán mór. Bhí

an lon dubh ar an talamh faoin tábla. Bhí gob buí air. Is maith leis na

páistí an smólach. Bhí sé ar lorg péisteanna sa talamh. Chonaic na

páistí spideog ar an bhalla.

Foclóir

gob = béal blúirí = píosaí beaga

B. Scríobh an freagra ceart :

1. Cad é a rinne Daidí?

císte? tábla éan? bosca?

2. Cá raibh an lon dubh?

ar an fhuinneog? ar an chrann? ar an talamh faoin

tábla?

3. Cad é a chonaic na páistí ar an bhalla?

druid? spideog? gealbhan?

C. Freagair na ceisteanna :

1. Cár chuir Daidí an tábla éan?

2. Cad é a chonaic na páistí?

3. Cé a tháinig go dtí an tábla éan?

4. Cad é a d'ith an gealbhan?

5. Cad é a d'ith an druid?

6. Cad é a bhí ar siúl ag an smólach?

D. Scríobh féin scéal: Tháinig éin ar cuairt …………

Page 6: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

6

A. Léigh an scéal seo.

Oifig an Phoist

Scríobh Tomás litir inné. Chuaigh sé go dtí Oifig an Phoist um thráthnóna. Bhí

bean taobh thiar den chuntar. Cheannaigh Tomás stampa uaithi. Thug sé an

t-airgead di. Chuir sé an stampa ar an chlúdach. Ansin chuaigh sé amach an

doras. Chuir sé an litir i mbosca na litreacha. Bhí bosca teileafóin ar thaobh an

bhóthair. Isteach leis ann. Ghlaoigh sé ar a chara Colm ar an teileafón. I

ndiaidh tamaill, tháinig fear an phoist agus bhailigh sé na litreacha.

Foclóir

teileafón = guthán ghlaoigh = scairt bhailigh = thóg

B. Líon isteach na bearnaí:

1. Bhí bean taobh thiar den _______ .

2. Cheannaigh Tomás stampa _______ .

3. Thug sé an _______ di.

4. Chuir sé an litir i _______ na litreacha.

5. Ghlaoigh sé ar a chara Colm ar an _______ .

C. Scríobh an freagra ceart:

1. Cad é a cheannaigh Tomás?

milseáin? stampa? úll?

2. Cár chuir sé an litir?

ina phóca? ar an chuntar? i mbosca na litreacha?

3. Cé a bhailigh na litreacha?

an bhean? fear an phoist? Tomás?

D. Freagair na ceisteanna:

1. Cad é a scríobh Tomás?

2. Cá huair a chuaigh sé go dtí Oifig an Phoist?

3. Cé a bhí taobh thiar den chuntar?

4. Cad é a chuir Tomás ar an chlúdach?

5. Cá raibh an bosca teileafóin?

6. Cad é a rinne fear an phoist?

Page 7: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

7

A. Léigh an scéal seo thíos.

Fear an Phoist

Tháinig fear an phoist go dtí an teach. Tháinig sé i veain. Bhí éide

dhubh air. Bhí caipín píce ar a cheann. Bhí cárta breithe aige do

Nóra. Bhí litreacha aige do Dhaidí. Bhí beart aige do Mhhamaí.

Nuair a bhí sé ag siúl ar ais go dtí an veain, rith Spota ina dhiaidh.

Léim fear an phoist isteach sa veain agus d'imigh sé . Bhí eagla air

roimh Spota.

B. Scríobh an freagra ceart:

1. Cé a tháinig ar maidin?

an sagart? an garda? fear an phoist?

2. Cad é a bhí ar a cheann?

mála? caipín píce? litreacha?

3. Cé a rith ina dhiaidh?

Mamaí? Daidí? Spota?

C. Líon isteach na bearnaí:

1. Tháinig sé i v_______ .

2. Bhí cárta b_______ aige do Nóra.

3. Bhí l_______ aige do Dhaidí.

4. Bhí beart _______ aige do Mhamaí.

5. Léim sé _______ sa veain.

6. Bhí eagla _______ roimh Spota.

D. Freagair na ceisteanna:

1. Cá huair a tháinig fear an phoist?

2. Cad é mar a tháinig sé?

3. Cén dath a bhí ar an éide?

4. Cad é a bhí aige do Dhaidí?

5. Cad é a rinne sé nuair a rith Spota ina dhiaidh?

Page 8: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

8

A. Amharc ar na pictiúir.

B. Scríobh scéal ag toiseacht mar seo:

Is mise fear an phoist ………………………

Oifig an Phoist

litir a chur sa phost

clúdach litreach

seoladh

veain

mheáigh sí an beart

cléireach

an mheá

grili dtaisce

leabhar coigiltis

ceadúnas teilifísepinsean

pinsinéirliúntas leanaí

fear poist

éide dhubh gocúramach bosca

nalitreachago dian

Page 9: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

9

Turas go dtí an Fiaclóir

Ceisteanna cuidithe:1. Cá ndeachaigh tú seachtain ó shin? Cén fáth a raibh ort dul?

Cad a bhí thart ar do mhuinéal? Cé eile a bhí sa seomra feithimh?

2. Cé a threoraigh isteach thú chuig an fhiaclóir? Cad é mar a bhí an

cail ín s in gléasta? Cár chuir an f iaclóir thú? Cár chuir sé an

t-instealladh? Cad é mar a bhí do dhrandal uachtarach?

3. Cad leis ar thóg (stoith) sé an fhiacail amach? (teanchair). Cén sórt

fiacaile a bhí ann? Déan cur síos ar rudaí eile a chonaic tú sa

seomra sin.

4. Cá ndeachaigh tú i ndiaidh duit teacht amach ón fhiaclóir?

Anois scríobh an scéal.

Page 10: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

10

San Otharlann

Bhí taisme bóthair agat. Scríobh do scéal.

an bhruitíneach

an fliú

ag scrúdú

tinneas cluaise

máinlia

obrádlann

othar

ag dul faoi scian

greimlín

gearradh

beag

barda

ar leathchois

maidí croise

ar leathshúil

ar

leathláimh

banaltra bindealán

greamanna

gearradh

mór

taisme bóthair

ag curfolaotharcharrgortaithegodonasínteán

Page 11: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

11

A. Léigh an píosa seo thíos.

Comórtas Iomána.

Bhí comórtas iomána ar siúl i Scoil Mhíchíl. Bhí an craobhchluiche

ann tráthnóna Dé Sathairn. Tháinig na buachaillí uilig chun an

chluiche. Séamas de Róiste an captaen a bhí ar fhoireann amháin.

Gearóid Mac Gearailt an captaen eile. Cluiche maith a bhí ann.

D'imir gach duine go maith. Bhí an bua ag foireann Shéamais. Bhí

dhá chúl agus ceithre chúilín acu agus cúl amháin agus trí chúilín

ag an fhoireann eile. Bhí áthas orthu agus fuair siad corn breá mór.

Thóg siad an corn thart sa scoil.

B. Anois scríobh scéal fá chluiche a chonaic tú nó cluiche inar imir

tú féin.

Page 12: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

12

A. Léigh an scéal.

Bróga Peile

Tá Seán agus a athair i siopa bróg. Tá bróga peile de dhíth ar

Sheán. Cuireann Seán bróga peile air. Feiceann sé péire deas.

Cuireann sé air iad. Síleann sé go bhfuil siad go deas. Is maith leis

iad. Tugann a athair dhá phunt do fhear an tsiopa. Cuireann an

fear na bróga i mbosca agus tugann sé do Sheán iad.

Tagann Seán agus a athair abhaile. Cuireann Seán na bróga air

arís. Deir a mháthair go bhfuil na bróga go deas. Téann Seán amach

ag imirt peile. Feiceann na buachaillí eile a bhróga nua.

B. Freagair na ceisteanna.1. Cá bhfuil Seán agus a athair?2. Cé atá le Seán?3. Cad é atá de dhíth ar Sheán?4. An bhfuil bróga peile de dhíth ar an athair?5. Feiceann siad péire deas. Cad é a dhéanann Seán leo?6. An gcuireann a athair air iad?7. An maith le Seán iad?8. Cad é a thugann a athair do fhear an tsiopa?9. Cad é a thugann fear an tsiopa do Sheán?10. An maith le máthair Sheáin na bróga peile?

11. Cad é a dhéanann sí?

Page 13: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

13

Amharc ar na pictiúir. Scríobh an scéal faoin fhuinneog bhriste.

(1) Fuinneog Bhriste

(2) An Cluiche

Page 14: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

14

Ag Filleadh Abhaile

A. Freagair na ceisteanna seo a leanas:1. Cá raibh an gabhar, do bharúil?

2. Cad é a rinne sé?

3. Cad é a rinne na buachaillí ansin?

4. Cad é a chuir eagla ar an ghabhar?

5. Cad é a rinne sé ansin?

6. Cén fáth a raibh na buachaillí ag rothaíocht ar nós na gaoithe?

7. Cad é a chonaic siad ar thaobh an bhóthair?

8. Cad é a shíl Gearóid nuair a chonaic sé an rud mór bán ar thaobh

an bhóthair?

B. Anois scríobh an scéal.

Page 15: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

15

Léigh an scéal seo.

Is fear grinn é Sambó. Tá sé ag obair sa sorcas. Tá srón mór air. Tá

béal greannmhar air. Tá hata dubh ar a cheann. Tá carbhat ar a

mhuinéal. Tá seanléine air. Tá cóta bán air. Tá bríste leathan air. Tá

bróga móra dubha ar a chosa. Tá stoca ar an chois chlé ach níl aon

stoca ar an chois dheas. Tá ciarsúr mór istigh i bpóca aige. Tá na

páistí ag gáire faoi.

C.

(i) Foghlaim: agam

agat

aige

aici

Líon isteach na bearnaí:

Sampla: Tusa Tomás.Tá ciarsúr agat.

1. Seo é Sambó. Tá ciarsúr ______ .

2. Seo í Máire. Tá ciarsúr ______ .

3. Is mise Liam. Tá ciarsúr _____ .

(ii) Foghlaim: orm

ort

air

uirthi

Líon isteach na bearnaí:

Sampla:

Tá sé ag dul ar scoil. Tá cóta bán air.

1. Tá Seán ag dul ar scoil. Tá cóta bán ___ .

2. Tá mé ag dul ar scoil. Tá cóta bán ___ .

3. Tá Íde ag dul ar scoil. Tá cóta bán ___ .

4. Tá tú ag dul ar scoil. Tá cóta bán ___ .

A. Déan abairtí díobh seo:

1. Sambó, fear grinn, is, é.

2. air, tá, srón mhór.

3. air, tá, seanléine.

4. ciarsúr mór, tá, aige, istigh

i bpóca.

B. Scríobh an freagra ceart:

1. Cá bhfuil Sambó ag obair?

• sa bhaile.

• sa sorcas.

• ar scoil.

2. Cad é atá ar a cheann?

• mála mór.

• ciarsúr.

• hata dubh.

3. Cá bhfuil an stoca aige?

• ar an chois chlé.

• ar a cheann.

• ar an chois dheas.

Fear Grinn

Page 16: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

16

An Sorcas

A. Freagair na ceisteanna seo a leanas:

1. Cá ndeachaigh an mórshiúl?

2. Cad iad na hainmhithe a bhí le feiceáil sa mhórshiúl?

3. Cén fáth nár rith na daoine ón leon?

4. Cén fáth nach raibh eagla ar na daoine roimh an eilifint?

5. Cé a bhí ina sheasamh i lár an chró?

6. Ar éirigh leis an chailín seasamh ar an dá chapall?

7. Ar éirigh leis an fhear grinn seasamh ar an chapall eile?

B. Scríobh faoi chuairt a thug tú féin ar an sorcas.

póstaer mórshiúl trí lár an bhaile

ag marcaíocht

banna ceoil

eilifint

puball

slua mór

ina seasamh

máistir an tsorcais

cró

aghaidh ghreannmhar

fear grinn

lucht féachanaag déanamh cleasanna

rothaí

ag titim as a chéile

téadchleasaí

téad rite

a chroí ina bhéalsna trithí

Page 17: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

17

An Zú

Chuaigh na páistí go dtí an zú. Bhí an máistir in éineacht leo.

Cheannaigh an máistir na ticéid ag an gheata. Isteach leo. Chonaic

Tomás moncaí istigh i gcás. Bhí sé ag ithe banana. Bhí an leon i

gcás eile agus é ag siúl síos suas. Bhí eagla ar Íde nuair a chonaic sí

an nathair. Fuair Nóra marcaíocht ar an eilifint. Bhí ionadh ar Íde

nuair a chonaic sí an sioraf. Bhí sé an-ard. Chonaic Nóra gabhar

agus mionnán i gclós.

B. Freagair na ceisteanna:

1. Cé a chuaigh go dtí an zú?

2. Cé a bhí in éineacht leo?

3. Cad é a bhí á dhéanamh ag an

mhoncaí?

4. Cé a bhí ag siúl síos suas i gcás?

5. Cé a fuair marcaíocht ar an eilifint?

6. Cén fáth a raibh ionadh ar Íde?

7. Cá ra ibh an gabhar agus an

mionnán?

C. Scríobh an scéal:

Ag an Zú.

Chuaigh mé - Dé Sathairn - in

éineacht liom - ticéid - chonaic mé - i

gcás - ag ithe - an leon - eagla orm -

nathair - fuair mé - ar an eilifint -

thaitin - liom.

A. Scríobh an freagra ceart:

1. Cad é a cheannaigh an

máistir ag an gheata?

• moncaí.

• banana.

• na ticéid.

2. Cá raibh an moncaí?

• sa chlós.

• istigh i gcás.

• sa charr.

3. Cén fáth a raibh eagla

ar Íde?

• mar d'ith sí banana.

• mar chonaic sí an

nathair.

• mar chonaic sí

gabhar agus

mionnán.

Page 18: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

18

Lá Fliuch

Dé Domhnaigh seo caite bhí an lá fliuch. Bhí an bháisteach ag titim

agus bhí an lá fuar. Bhí Cormac agus Bríd sa bhaile. Ní dheachaigh

siad amach. Bhí siad ag dul go dtí an doras go minic, ach bhí an lá

fliuch. Ansin, chonaic siad Uncail Pól ag teacht. Tháinig sé isteach

agus bhí sé fliuch. Bhí milseáin aige. Thug sé na milseáin do Chormac

agus do Bhríd. Bhí áthas orthu mar bhí Uncail Pól sa teach. D'imir sé

cluichí agus bhí scéalta aige do na páistí.

an bháisteach = an fhearthainn

Ceisteanna

1. Cad é mar a bhí an lá Dé Domhnaigh seo caite?

2. An raibh an lá tirim?

3. An raibh an lá te?

4. Cad é a bhí ag titim?

5. An raibh sneachta ag titim?

6. Cá raibh Cormac agus Bríd?

7. An raibh siad amuigh?

8. Cé a tháinig?

9. Cad é a thug sé leis?

10. An raibh brón orthu?

Page 19: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

19

Amharc ar na pictiúir ar dtús.

Anois scríobh an scéal go hiomlán.

Focail úsáideacha:

scamaill mhóra dhubha, thit an bháisteach braon ar bhraon,

thosaigh an ghaoth ag séideadh, préachta leis an fhuacht,

fliuch báite go dtí an craiceann, Daidí a bhí ann,

thriomaigh, tuáille, in aice na tine

d'amharc an fhearthainn, chuala

i ndiaidh tamaill

Seán

d'amharc chonaic

braon a bhraon

i ndiaidh tamaill

fliuch báite préachta

lag leis an ocras

éadaí tirime béile maith

Page 20: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

20

C. Scríobh an scéal: Chuaigh mé cois farraige.

Dé Domhnaigh - farraige - Daidí in éineacht - lá - an ghrian - sa spéir

- a lán daoine - ag snámh - ag súgradh - caisleán gainimh - spórt -

abhaile um thráthnóna.

A. Líon isteach na bearnaí:

1. Bhí an ___ ___ breá.

2. Bhí a lán ___ ar an ___ .

3. Chuaigh Daidí agus ____

ag ____ .

4. Rinne sí caisleán ____ .

5. Bhí ___ ag ___ leabhair.

B. Freagair na ceisteanna:

1. Cén séasúr a bhí ann?

2. Cá raibh an ghrian?

3. Cé a bhí ar an trá?

4. Cad é a rinne Mamaí?

5. Cé a bhí ag snámh?

6. Cad é mar a rinne Nóra an

caisleán?

7. Cad é a chuir Íde uirthi féin?

An Samhradh a bhí ann. Bhí an lá go breá. Bhí an ghrian ag taitneamh

go hard sa spéir. Bhí Mamaí, Daidí agus an chlann cois farraige. Bhí

a lán daoine ar an trá. Shuigh Mamaí ar an ruga. Chuaigh Daidí

agus Tomás ag snámh. Tá snámh ag Tomás. Bhí spád agus buicéad

ag Nóra. Rinne sí caisleán gainimh. Chuir Íde gloiní gréine uirthi féin.

Bhí sí ag léamh leabhair.

Cois Farraige

Page 21: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

21

Ag Dul ar Saoire

A. Freagair na ceisteanna seo a leanas:1. Cén séasúr den bhliain a bhí ann?2. Cén obair a rinne Daidí agus Dónall?3. Cén fáth nár chuir siad an bagáiste uilig isteach sa chófra

bagáiste, do bharúil?4. Cad é a rinne Gearóid?5. Cá raibh na carbháin agus na pubaill?6. Cé acu is daoire, an t-óstán nó an teach lóistín, do bharúil?7. Cár chuir Mamaí, Daidí agus na páistí fúthu?

8. Cén fáth ar thaitin an teach leo, do bharúil?

éadaí samhraidh

ag cuidiú

tarraiceán

mála taistil

ar dhíon an chairr

raca bagáiste

cófra bagáiste

druidte go daingean

faoi ghlas

ag tiomáint

léarscáil

carbháin

puball

ag stopadhóstán

LóistínOíche

teach lóistín

ar lóistín

teach ar cíos

an-sásta

in aice na trá

ar aghaidh na gréine

sceitimíní áthais

gliondar croí

Page 22: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

22

Ag Dul ag Snámh

Dé Domhnaigh seo chugainn beidh Mícheál Ó Casaide agus Nollaig Ó

Murchú ag dul go dtí an trá. Fágfaidh siad an baile ar a haon déag a

chlog. Beidh rothair acu. Tógfaidh siad an bia leo agus íosfaidh siad é ar

an trá. Rachaidh siad ag siúl agus feicfidh siad an áit. Ansin rachaidh siad

amach ag snámh. Beidh siad cúramach. Ní rachaidh siad amach rófhada.

Tiocfaidh siad isteach. Ceannóidh siad milseáin agus úlla agus íosfaidh

siad iad. Imreoidh siad ar an trá arís.

Ar a sé a chlog rachaidh siad go dtí na rothair. Tiocfaidh siad abhaile in

am don tae. Beidh tuirse orthu agus rachaidh siad a chodladh ar a hocht

a chlog.

CrosfhocalSíos

1. Beidh na buachaillí ag imirt ___.

2. Fágfaidh siad an baile ar a haon ___ a chlog.

3. Beidh ___ agus Nollaig ag dul go dtí an trá.

4. ___ siad ag siúl ar an trá.

8. Ceannóidh siad úlla agus íosfaidh siad ___.

Trasna

5. Rachaidh Mícheál go dtí an trá le ___ .

6. Beidh siad ag rith ar an ___ .

7. Rachaidh siad go dtí an trá ar ___ .

9. Tógfaidh siad an ___ leo agus íosfaidh siad

ar an trá é.

10. ___ tuirse orthu.

1 2 3

4

5

6

7 8

9

10

Page 23: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

23

An Picnic

Chuaigh Seán, Tomás agus Éamann ar phicnic Dé Domhnaigh seo

caite. Chuaigh siad go dtí páirc mhór. Bhí an lá go deas. Rinne siad

tine agus ansin chuir siad an citeal uirthi. Nuair a bhí an t-uisce réidh

rinne Seán an tae. Bhí císte milis, subh agus brioscaí acu don tae.

Ansin bhí úlla agus oráistí agus bananaí acu. Bhí siad sásta. Chonaic

siad na páirceanna agus na crainn agus na hainmhithe. D'imir siad

cluiche peile. Ansin d'ith siad milseáin agus brioscaí. D'ól siad

líomanáid. Ar a sé a chlog chuaigh siad abhaile ar an bhus. Bhí siad

traochta tuirseach.

Ceisteanna1. Cá ndeachaigh na buachaillí?2. An ndeachaigh siad chuig na pictiúir?3. Cá huair a chuaigh siad ar phicnic?4. An raibh an lá fliuch?5. Cad é a rinne siad?6. Cé a rinne an tae?7. Cá huair a rinne sé é?8. Cad é a bhí acu don tae?9. An raibh siad sásta?10. Cad é a chonaic siad?11. Cá huair a chuaigh siad abhaile?12. An ndeachaigh siad abhaile ar rothair?13. An raibh tuirse orthu?

Page 24: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

24

Puball na bPáistí

A. Freagair na ceisteanna seo a leanas:1. Cá bhfuair na páistí an tseanbhráillín, do bharúil?2. Cár shuigh siad an puball?3. Cad é leis ar cheangail siad an tseanbhráillín de na maidí?4. Nuair a bhí an puball suite acu, cad é a rinne Mamaí agus na

páistí?5. Cad é a dúirt Mamaí léi féin?6. Nuair a d'éirigh an ghaoth, cad é an chéad rud a tharla?7. Cad é a tharla don bhráillín ina dhiaidh sin?8. Cé acu is fearr, dar leat, puball na bpáistí nó na pubaill atá ag

na gasóga?

gairdín cúil

seanbhráillín

téada agus corda

maidí sáite sa talamh

Níl cuma ná caoi air!sna trithí gáire

an puball suite

d'éirigh an ghaoth

an puball ag luascadhd'imigh sé le gaoth

gasóga

banóglaigh

suite go daingean

á ngrianadh

féin

ag iascaireacht

ag campáil

cois abhann

mála codlatagréithecócaireachtasorn beag gáis

Page 25: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

25

Amharc ar na pictiúir go cúramach! Ansin scríobh an scéal go hiomlán.

Focail úsáideacha:

as an gharáiste chuidigh

gach rud réidh béile maith

ina gcodladh go sámh ag stealladh báistí

fliuch báite go dtí an craiceann chnag siad ar an doras cúil

thriomaigh ba ghearr go raibh siad

tamall ina dhiaidh sin ba ghearr go raibh

ag cur go trom an braon anuas

fliuch báite

doras cúil

Page 26: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

26

An Coinín

Anois scríobh faoi pheata atá agat féin.

Fuair Feargas coinín an tseachtain seo caite. Coinín bán ba ea é.

Thug a athair dó é. Shíl Feargas go raibh an coinín go deas.

Rinne sé bosca mór don choinín. Chuir sé an bosca sa ghairdín agus

chuir sé an coinín sa bhosca. Feiceann sé an coinín ón fhuinneog. Is

maith leis é. Tugann sé féar agus cabáiste agus uisce dó. Is maith leis

an choinín Feargas anois. Sa tráthnóna tógann Feargas amach é

agus cuireann sé sa ghairdín é. Cuireann sé sa bhosca arís é.

Ceisteanna1. Cad é a fuair Feargas?2. Cé a fuair an coinín?3. Cá huair a fuair sé é?4. Cé a thug an coinín dó?5. Cén dath a bhí air?6. Cad iad na dathanna a bhíonn

ar choiníní?7. Cad é a r inne Feargas don

choinín?8. Cár chuir sé é?9. Ar chuir sé sa chistin é?10. Cad é a thugann Feargas don

choinín?

Cad iad na focail seo?1. Chuir sé an bosca sa RHDNAIÍG.2. Fuair RAFESGA coinín.3.Tá ÍICNON ag Feargas.4. Chuir sé an coinín sa CHASOB.5. Thug a HATIRA dó é.6. Fuair sé coinín an TNIATCHEAS seo

caite.7. Thug sé ÉFRA don choinín.8 . Fe iceann sé an coin ín ón

GONEUFNIH.

9. Tugann sé CASTÁBIE don choinín.

Page 27: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

27

An Sionnach

Amharc ar na pictiúir. Ansin scríobh an scéal.

Úsáid na focail seo.

an feirmeoir an buicéad ina láimh a g

fanacht

na cearca cró na gcearc thit ag amharc

scairt ní fhaca d'imigh ghoid

Page 28: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

28

An Gabhar Cliste

Amharc ar na pictiúir. Ansin scríobh an scéal.

Foclóir

ag súgradh liathróid sa pháirc téad

ceangailte bhuail srón ina luí

ar mire tóin rinne míshásta

gáire gortaithe adharca ar an chrann

Page 29: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

29

A. Léigh an scéal.

An tEarrach

Tá an tEarrach ann anois. Tá duilleoga ag fás ar na crainn. Tá

bláthanna ag fás sa ghairdín. Feicim an plúirín sneachta, an

sabhaircín, an crócas agus lus an chromchinn. Tá féar ag fás sa

pháirc. Tá na héin ag tógáil a neadacha ar na crainn. Tá na huain

óga ag súgradh sna páirceanna. Tá an feirmeoir ag cur prátaí.

B. Líon na bearnaí:

1. Tá duilleoga ag fás ar ___ ___ .

2. Tá ____ ag fás sa ghairdín.

3. Tá na héin ag tógáil ____ ____ ar na crainn.

4. Tá na huain óga ____ ____ sna páirceanna.

5. Tá an ____ ag cur prátaí.

C. Déan abairtí díobh seo:

1. anois, an tEarrach, ann, tá.

2. sa ghairdín, bláthanna, tá, ag fás.

3. prátaí, ag cur, an feirmeoir, tá.

4. duilleoga, tá, ar na crainn, ag fás.

D. Freagair na ceisteanna:

1. Cad é atá ag fás ar na crainn?

2. Cá bhfuil na bláthanna ag fás?

3. Cad iad na bláthanna atá ag fás sa ghairdín?

4. Cé atá ag tógáil neadacha?

5. Cá bhfuil na huain óga ag súgradh?

Page 30: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

30

A. Léigh an scéal.

Sa Ghairdín

C. Scríobh an freagra ceart:

1. Cá bhfuil an gairdín?

• ar chúl an tí.

• os comhair an tí.

• ar thaobh an tí.

2. Cad é a chuireann

Daidí san earrach?

• bláthanna.

• úlla.

• prátaí.

3 . Cá bhfu i l an fear

bréige?

• ar an bhalla.

• sa chistin.

• i lár an ghairdín.

B. Líon na bearnaí:

1. Fásann a lán ____ ann.

2. Cuireann Daidí na prátaí ___

____ .

3. Tá ____ ard thart ar an

ghairdín.

4. Bíonn Spota ag ____ sa

ghairdín.

5. Cuidíonn Tomás lena Dhaidí

____ ____ .

D. Freagair na ceisteanna:

1. Cad é a fhásann sa ghairdín?

2. Cé a chuireann na prátaí san

earrach?

3. Cá bhfuil an balla ard?

4. Cad é a dhéanann Spota sa

ghairdín?

5. Cá gcuireann sé an cnámh?

6. Cén fáth a bhfuil fear bréige

sa ghairdín?

Tá gairdín againn sa bhaile ar chúl an tí. Fásann a lán glasraí ann. Tá

píseanna, leitís, oinniúin agus cabáiste in áit amháin. Tá prátaí,

tornapaí agus meacain dhearga in áit eile. Cuireann Daidí na prátaí

san earrach. Tá balla ard thart ar an ghairdín. Tá fear bréige i lár an

ghairdín chun eagla a chur ar na préacháin. Bíonn Spota ag súgradh

sa ghairdín. Déanann sé poll ann agus cuireann sé cnámh isteach

ann. Cuidíonn Tomás lena Dhaidí sa ghairdín.

Page 31: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

31

Freagair na ceisteanna seo a leanas:

1. Cén t-athrú atá ag teacht ar na crainn?

2. Cad é atá á dhéanamh ag an iora rua?

3. Cén obair a dhéanann an siúinéir?

4. Cá mbíonn an muilleoir ag obair?

5. Cén obair a dhéanann sé?

6. Cén obair a dhéanann an báicéir?

7. Cad iad na glasraí atá ag fás sa ghairdín?

8. Cé acu is fearr leat, milseáin nó brioscaí prátaí?

An Fómhar

coill

lom

duilleoga ag titim

ag bailiú cnónna an t-iora rua

troscán

siúinéir

muilleoir

muileann

plúr

báicéir

builíní aráin

leoraí

cruithneacht

garraíodóir

ag baint prátaí

cabáiste glasraí eile

leitís

sceallóga

brioscaí prátaí

Page 32: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

32

A. Léigh an scéal seo.

Is leanbh óg é Seán. Caitheann sé an lá sa phram. Bíonn sé ag

caoineadh go minic. Tugann Mamaí buidéal bainne dó agus stadann

sé ansin. Ní itheann sé rud ar bith. Nuair a bhíonn an lá go breá

tugann Íde amach sa phram é. Is maith leis bheith amuigh faoin aer.

Uaireanta bíonn sé ag béiceadh san oíche. Is maith liom an leanbh

ach is fearr liom é nuair a bhíonn sé ciúin.

B. Scríobh an freagra ceart:

1. Cé a thugann buidéal

bainne don leanbh?

• Seán.

• Íde.

• Mamaí.

2. Cad é a i theann an

leanbh?

• arán.

• Ní itheann sé rud ar bith.

• leitís.

3. Cá huair a bhíonn sé ag

béiceadh?

• i rith an lae.

• ar maidin.

• san oíche.

C. Líon na bearnaí:

1. Is l____ ____ é Seán.

2. Bíonn sé ag ____ go minic.

3. Is maith leis bheith ____

faoin aer.

4. Is fearr l iom é nuair a

bhíonn sé ____ .

D. Freagair na ceisteanna:

1. Cén t -a inm atá ar an

leanbh?

2. Cá huair a bhíonn sé ag

caoineadh?

3. Cad é a ólann sé?

4. Cad é a dhéanann Íde

nuair a bhíonn an lá go

breá?

Page 33: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

33

A. Léigh an scéal.

Anocht

Íde ag caint:

Beidh an tae agam ar a sé a chlog. Ansin cuideoidh mé le mo

Mhamaí. Nífidh mé na soithí. Déanfaidh mé na ceachtanna ar a

seacht a chlog. Osclóidh mé mo mhála scoile. Tógfaidh mé

amach na leabhair. Beidh mé ag foghlaim go dtí a hocht a

chlog. Léifidh mé leabhar scéalta ar feadh tamaill. Ar leath i

ndiaidh a hocht déarfaidh mé mo phaidreacha. Rachaidh mé a

chodladh ansin.

B. Líon na bearnaí:1. Beidh ____ ____ agam ar a

sé a chlog.2. ____ mé na soithí.3. Léifidh mé ____ scéalta ar

feadh ____ .4. Ar ____ i ndiaidh a hocht

déarfaidh mé mo ____ .

5. Rachaidh mé a ____ ansin.

C. Déan abairtí díobh seo:1. na soithí, nífidh, mé.2. go dtí, ag foghlaim, beidh

mé, a hocht a chlog.3. ansin, rachaidh, a chodladh,

mé.

D. Freagair na ceisteanna:

1. Cá huair a bheidh an tae

ann?

2. Cad é a nífidh mé?

3. Cad é a dhéanfaidh mé ar

a seacht a chlog?

4. Cad é a thógfaidh mé

amach as an mhála

scoile?

5. Cad é a dhéanfaidh mé ar

leath i ndiaidh a hocht?

6. Cá huair a rachaidh mé a

chodladh?

Page 34: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

34

Go mall san oícheAréir

Maidin inniu

Tráthnóna inné

Go luath ar maidin

Oíche dhorcha a bhí ann.

Lá fliuch salach a bhí ann.Maidin bhreá (agus mé ..... )

Scéalaíocht

mo Mhamaí

mo Dhaidí

mo Mhaimeo

mo Dhaideo

m'uncail

m'aintín

mo dheirfiúr

mo dheartháir

mo chol ceathair

mo chara / chairde

Dé Domhnaigh / Dé Luain / Dé Máirt / Dé Céadaoin /

Déardaoin / Dé hAoine / Dé Sathairn

An Domhnach / an Luan / an Mháirt / an Chéadaoin / an

Déardaoin / an Aoine / an Satharn

Tús:

Daoine

mé (féin) mise

tú tusa

sé seisean

sí sise

muid muidinne

sibh sibhse

siad siadsan

Page 35: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

35

Cad é a tharla?

Bhí / Ní raibhBhuailBhrisCheannaighchodailChonaic / Ní fhacaChuaigh/NídheachaighChualaChuidighChuir

DúirtD'amharcD'éirighD'imighD'ithD'fhágD'fhanD'ólD'oscailFuairGhlan

GhoidGhortaighMhúscailRinneShílStopTháinigTharlaThitThógThosaigh

Thugag amharcag caintag caoineadh

ag déanamhag dulag éisteachtag imirt peile

ag obairag ráag súgradhag scríobhag teacht

Cá háit?

amuigh / istigh

ag an otharlann

sa teach

sa ghairdín

sa pháirc

ag an siopa

ar an bhóthar

ag teach an phobail

ar scoil

sa leaba

Ar dtús

Ansin

Ina dhiaidh sin

Nuair a

Go tobann

Anois

Ar ball

Roimh i bhfad

Níos moille

Sa deireadh

I lár báire

mar

ar an ábhar go

cionn is

as siocair

go

sular

de bhrí go

Nascanna

Ag an tús

Page 36: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

36

Nathanna Cainte

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

Page 37: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

37

Nathanna Cainte

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

Page 38: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

38

Nathanna Cainte

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

__________________________________________________________________

Page 39: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

39

Page 40: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

40

Le scaipeadh taobh istigh de Bhunscoil Phobal Feirste amháin.

LeabharScéalaíochta

do Rang a Tríle

Bríd Uí Dhonnghaile

Page 41: A. Léigh an scéal ar dtús. Breithlá · 2005-03-22 · 3 A. Léigh an scéal seo. Ag Súgradh sa Sneachta Thosaigh an sneachta ag titim aréir. Bhí brat bán ar an tír ar fad

41