9
It Fryske Hynder Aifric Mac Aodha

Aifric Mac Aodha - | | Oarewurden · Tob-thaispeántas i seanteach ósta. Coda an chapaill sin, an chuid is lú de – crúb, cladhain is cnupóg. Ní furasta rud briosc a iompar,

  • Upload
    others

  • View
    1

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: Aifric Mac Aodha - | | Oarewurden · Tob-thaispeántas i seanteach ósta. Coda an chapaill sin, an chuid is lú de – crúb, cladhain is cnupóg. Ní furasta rud briosc a iompar,

It Fryske Hynder Aifric Mac Aodha

Page 2: Aifric Mac Aodha - | | Oarewurden · Tob-thaispeántas i seanteach ósta. Coda an chapaill sin, an chuid is lú de – crúb, cladhain is cnupóg. Ní furasta rud briosc a iompar,

It Fryske Hynder Do Tony Dillon

Oldehove – an tine fhánach taobh thiar den dá ghlúin a thagann den túr a dhreapadh. An tréimhse ait, as-alt seo, ó d’aithin an lia ar dheatach an tí nach raibh leanbh dár gcuid féin i ndán dúinn. [Le Nádúr. Le Nádúr.]; Na folínte is déanaí le slogadh, gan géilleadh don fhonn doiléir an drochscéala a sceitheadh, faoi m’anáil, isteach i gcluais anaithnid (there’s no excuse for being a wet blanket.) I Ljouwert na gCapall, tá conradh le comhlíonadh: Cailín dea-mhúinte mise, Captaen na Scoile – go bun an angair an bob, agus beart de réir an bhriathair.

Page 3: Aifric Mac Aodha - | | Oarewurden · Tob-thaispeántas i seanteach ósta. Coda an chapaill sin, an chuid is lú de – crúb, cladhain is cnupóg. Ní furasta rud briosc a iompar,

(i) Capall ar dhán ní ghealltar faoi seo, ach dán ar chapall? An chéad chasadh, ní tada é, ná tagadh sé eadrainn – Ach dá mbeinnse ionraic faoi, each aonair a thuaras roimh ré, geata feirme lámh leis, muileann gaoithe, feochadáin, Vlinders, mar a déarfadh sibhse; gé; radharc glan ar dhroichead, piscín á oiliúint ag skrier agus líne gan fiacha an léis.

Page 4: Aifric Mac Aodha - | | Oarewurden · Tob-thaispeántas i seanteach ósta. Coda an chapaill sin, an chuid is lú de – crúb, cladhain is cnupóg. Ní furasta rud briosc a iompar,

(ii) Hippomanes Má tá sé i ndán duit, tá. Dá gcuirfí an tsrathair ar an gcapall mícheart, cá bhfios nár mheasa arís muid, a chuid?: Arsa Dónall-na-Gréine lena iníon san aerfort, ‘Lig fút, gluais ar aghaidh.’ Agus tógáil croí fónta an teaghlach ar woonboot, na tuáillí á dtriomú acu le sleasa an bháid. Déan a gcuntas, ó fhuinneog dhoras na traenach amach: a haon, a dó, a trí. Agus trup, trup laistiar díobh arís, ― an tréad. Léitear an dáir, a stór, an t-éad.

Page 5: Aifric Mac Aodha - | | Oarewurden · Tob-thaispeántas i seanteach ósta. Coda an chapaill sin, an chuid is lú de – crúb, cladhain is cnupóg. Ní furasta rud briosc a iompar,

(iii) Recepten voor Avondeten. Ár gcomh-staid, pléitear; gloine fíona, píotsa: An Ollainis chliste nó cúpla focal Frysk[e]? Freastalaí na Freaslainne, I’ll be Bak ar a léine; na barráin faoin gcáis, ar eagla a n-éaluithe. Breá liom bhur ndealbh phoiblí, Het Frieske Paard: Tá a leath- cheann againne, [Tá, má tá] i bhFilidheacht na mBard – Each a dtiteann a mháistir ar láthair an chogaidh, is a thugann, nach uasal!, a bhás féin le hocras.

Page 6: Aifric Mac Aodha - | | Oarewurden · Tob-thaispeántas i seanteach ósta. Coda an chapaill sin, an chuid is lú de – crúb, cladhain is cnupóg. Ní furasta rud briosc a iompar,

(iv)

Eiseamláir thar oíche sa Blokhuispoort. [Brú nó bialann gach príosún san Ísiltír, faoi seo.] Togra dheire bliana mo chnaoiste capaill nua – cumhdach bulgóideach, é stuáilte le bruscar. [Trojaans Paard a theideal postúil.] I played the Irish abroad... Gabh i leith chugam, adúrt leis.

Page 7: Aifric Mac Aodha - | | Oarewurden · Tob-thaispeántas i seanteach ósta. Coda an chapaill sin, an chuid is lú de – crúb, cladhain is cnupóg. Ní furasta rud briosc a iompar,

(v) Scéilín thairis – (Self-praise is no praise) ach an lá ar mholas ‘láirín’ mar théarma ar centrefold; ‘taisling’ ar wet dream... rinne an comhghleacaí is mó liom mo bhlas taw-taw a mhaitheamh dom. [Fastaím.]

Page 8: Aifric Mac Aodha - | | Oarewurden · Tob-thaispeántas i seanteach ósta. Coda an chapaill sin, an chuid is lú de – crúb, cladhain is cnupóg. Ní furasta rud briosc a iompar,

(vi) Peat-Art (http://www.dioni.nl/) An rud atá caite acu siúd a d’imigh romhat, níor ghá nach mbeadh sé daite agat féin, ach coinneáil ort – Ní capall beo ná dealbh phoiblí, ní pónaí seó, ná tograí mac léinn do dhoras, ach capall móna. Tob-thaispeántas i seanteach ósta. Coda an chapaill sin, an chuid is lú de – crúb, cladhain is cnupóg. Ní furasta rud briosc a iompar, mír ar mhír, ó thír go tír (wink wink, nudge nudge). Más folamh ina lár é, scoiltfear. Tusa, ar deireadh, atá freagrach as d’earra. Ná ceap, a Dioni ten Busschen, nár dódh cheana muid – sea, go deimhin, bímidne, leis, ag brath rómhór ar Oranje Transport.

Page 9: Aifric Mac Aodha - | | Oarewurden · Tob-thaispeántas i seanteach ósta. Coda an chapaill sin, an chuid is lú de – crúb, cladhain is cnupóg. Ní furasta rud briosc a iompar,

(vii)

Rainnín seanchais, thugas liom, leathcheart: [Always the feel of a thing, never the fact.]: Móin dhubh is fearr chun tine, smiorcalach a lasfadh mar a lasfadh an duine. Seanchat marbh mise a lúbann faoin sleán: Mair, a Ljouwert na gCapall. Mair –