92
An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na Talmhaíochta (GLAS) Sonraíocht le haghaidh Rannpháirtithe Thráinse 1 An 18 Meán Fómhair 2015

An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

  • Upload
    others

  • View
    0

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na Talmhaíochta (GLAS)

Sonraíocht le haghaidh Rannpháirtithe Thráinse 1

An 18 Meán Fómhair 2015

Page 2: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 2 de 92

Page 3: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 3 de 92

Clár Ábhair

Clár Ábhair .................................................................................................................... 3 Réamhrá ......................................................................................................................... 5 Giorrúcháin ..................................................................................................................... 7 Gníomh: Aonad uasta/íosta, spriocdhátaí críochnaithe agus ráta íocaíochta ............... 8 Ciumhais Féir Arúil ........................................................................................................ 9 Boscaí Ialtóige ................................................................................................................ 10 Boscaí Éin ....................................................................................................................... 11 Caomhnú Beach Aonair (Boscaí) ................................................................................. 12 Caomhnú Beach Aonair (Gaineamh) .............................................................................. 13 Caomhnú Éin Talamh Feirme .........................................................................................

1. Éin Lapadaíle Póraithe ........................................................................................ 14 2. Cág Cosdearg ..................................................................................................... 15 3. Traonach ............................................................................................................. 16 4. Géanna agus Ealaí ............................................................................................. 17 5. Patraisc Bhroinnliath .......................................................................................... 18 6. Cromán na gCearc ............................................................................................. 20 7. Gleoiseach Sléibhe ............................................................................................ 22

Idirbharr ......................................................................................................................... 25 Plean Bainistíochta Coimíneachtaí (PLC) agus Plean Feirme Coimíneachtaí (PFC) ... 27 Barrbarrscoitheadh Fálta Sceach .................................................................................. 29 Bainistíocht Comhshaoil a dhéanamh ar Thalamh Bhán ............................................... 31 Gnáthóg Thalamh Feirme (Natura Príobháideach) ....................................................... 32 Fálta Sceach a Leagan .................................................................................................. 33 Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh ............................................................................. 35 Féarach Buan Ionchuir Ísil ............................................................................................ 36 Curaíocht Íosta .............................................................................................................. 38 Garrán Crann Dúchasach a Chur ................................................................................. 39 Fál Sceach Nua a Chur .................................................................................................. 41 Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil .............................. 43 Sruthchúrsaí a Chosaint ó Bhólachtaí .......................................................................... 46 Póir Neamhchoitianta .................................................................................................... 48 Ciumhaiseanna Bruachánacha .................................................................................... 50 Balla Cloiche Traidisiúnta Tirim a Chothabháil ............................................................. 51 Móinéar Féir Traidisiúnta ............................................................................................... 52 Úlloird Thraidisiúnta ....................................................................................................... 54 Cumhdach Éin Fhiáin ................................................................................................... 55 Aguisín 1a: An modh bainte ‘Ón Lár Amach’ .............................................................. 57 Aguisín 1b: Limistéir thalún atá incháilithe don Phatraisc Bhroinnliath ....................... 58 Aguisín 1c: Limistéir thalún atá incháilithe don Ghleoiseach Sléibhe .......................... 59 Aguisín 2: Spleáchais ar an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí (SFO) ......................... 60 Aguisín 3: Speicis Fhaofa Fál Sceach Traidisiúnta ....................................................... 61 Aguisín 4: Crainn Dhúchasacha Éireannach nuair a bhíonn Garrán Crann Dúchasach á Chur .............................................................................................................................

62

Aguisín 5: Liosta Críochnaitheach de chineálacha Crann Dúchasach atá oiriúnach d’Úllord Traidisiúnta .......................................................................................................

63

Aguisín 6: Foirm Dhearbhaithe Bunáitíochta ............................................................... 64 Aguisín 7: Cód an Fheachtais um Úsáid Fhreagrach a bhaint as Creimiricíd (FÚFC) .........................................................................................................................................

65

Aguisín 8: Sampla de thoisí Bosca Ialtóige .................................................................. .............................................................................

66

Page 4: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 4 de 92

Aguisín 9: Sampla de thoisí Bosca Éin ........................................................................................................................................

67

Aguisín 10: Sampla de thoisí Bosca Beiche ................................................................. 68 Aguisín 11: Modha samplach chun fál sceach a leagan ................................................ 69 Aguisín 12: Cumainn Phór Neamhchoitianta ............................................................... 70 Aguisín 13: Liosta na nGníomhaíochtaí óna dTeastaíonn Toiliú (ARC) ...................... 71 Aguisín 15: Nóta faisnéise do shaghsanna áirithe de láithreáin Natura ....................... 73 Aguisín 16: Sonraí faoi Speicis/Lustan Díobhálach agus Ionrach ................................. 79 Aguisín 17: Foirm mhaolaithe le haghaidh ghníomhartha Sonracha GLAS ................... 80 Aguisín 18: Foirm 1A le haghaidh Éin Talamh Feirme ................................................ 81

Page 5: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 5 de 92

Réamhrá Ní mór Sonraíocht GLAS seo a úsáid nuair a bhíonn gach Plean de chuid GLAS do Thráinse 1 á ullmhú. Gabhann an tsonraíocht seo treis ar gach dréachtsonraíocht roimhe seo agus ar aon fhreagraí ar cheisteanna a thug an Roinn cé acu ó bhéal nó i scríbhinn go dtí seo maidir le Scéim GLAS. Nóta: Tá súil leis go dtabharfar dáta tosaithe an 1 Deireadh Fómhair 2015 do rannpháirtithe rathúla le haghaidh GLAS 1 agus cuirfear in iúl ar an dáta seo gach dáta nach mór na gníomhartha a leagtar amach ar leathanach 7 a chur i gcrích fúthu.

Ní mór gach gníomh (gan Boscaí Ialtóige, Éin agus Beiche a áireamh) a roghnú ar dháileachtaí an Chórais Aitheanta Dáileachtaí Talún (an CADT) ina bhfuil limistéar inúsáidte talmhaíochta (LIT). Is é an t-aon eisceacht ná i dtaca le Coimíneacht, a íocfar ar Limistéar Coimíneachta GLAS.

Íoctar gach gníomh acharbhunaithe ar an nglanachar incháilithe.

Leagtar amach cairt na ngníomhartha incheadaithe le haghaidh GLAS in Iarscríbhinn 3 de Théarmaí agus Coinníollacha GLAS.

Ní mór do rannpháirtithe a chinntiú go bhfuil smacht acu ar na tailte ar feadh fhad chonradh GLAS, cé acu má bhíonn na tailte siúd faoina n-úinéireacht, ar léas nó ar cíos acu.

Ní mór do chomhairleoirí/fheirmeoirí a chinntiú go bhfuil an t-achar, an ghné agus/nó na haonaid líneacha a iontráiltear le haghaidh íocaíochta in GLAS oiriúnach don ghníomh a bhfuiltear le tabhairt faoi.

Ní mór gníomhartha dáileachta arúla a sholáthar ar dháileachtaí a dhearbhaítear amhail bheith ‘arúil’ ar an iarratas reatha ar an Scéim Buníocaíochta (an SBI).

Má tá sé ar intinn agat dáileacht an CADT a dheighilt trí dhigitiú, mura bhfuil teorainn ann ar an talamh a choimeádann an stoc taobh istigh, ní mór claí a chur in airde faoi dháta tosaithe chonradh GLAS.

Ní mór nach gcuirtear tús le hoibreacha ar earraí infheistíochta caipitil go dtí gur eisíodh fógra maidir le tosú chonradh GLAS.

Ní cheadaítear obair dhraenála nó mhíntírithe talún ar dháileachtaí a roghnaíodh le haghaidh gníomhartha limistéarbhunaithe. Má éiríonn na draenacha reatha blocáilte, áfach, féadtar iad a dheisiú agus cur isteach a laghad agus is féidir ar dháileacht an CADT.

Tá Idirbharra a chuirtear ar mhaithe le critéir choibhéise glasaithe a chomhlíonadh faoi Cholún I den Chomhbheartas Talmhaíochta (an CBT) incháilithe d’íocaíocht laghdaithe GLAS.

Ní cheadaítear coinleach a dhó ar dháileachtaí an CADT a roghnaítear le haghaidh gníomhartha curaíochtbhunaithe.

D’fhonn go meastar go bhfuil claí in ann stoc a choimeád taobh istigh, ní mór go bhfuil stacáin bhuana agus sreang ann atá oiriúnach do shaghas an bheostoic.

Ní mór fáltais don obair faoinar tugadh a choimeád d’fhad an chonartha agus ar feadh trí mhí i ndiaidh dheireadh an chonartha.

Ní mór taifid a choimeád gach bliain ar feadh fhad an chonartha agus ar feadh trí mhí i ndiaidh dheireadh chonradh GLAS.

Sa chás go mbíonn dáileachtaí Féaraigh Ionchuir Ísil Buan (FIÍB) agus Móinéar Féir Traidisiúnta (MFT) an CADT suite taobh istigh de láithreán ainmnithe Natura 2000, féadfaidh feirmeoirí a roghnú chun íocaíocht Natura a fhágáil ar lár agus íocaíocht FIÍB nó MFT a fháil faoi GLAS a luaithe a chomhlíonann an dáileacht/na dáileachtaí sonraíocht FIÍB agus/nó MFT.

Ba cheart d’iontrálaithe sa Scéim Feirmeoireachta Orgánaí tagairt a dhéanamh d’Aguisín 2 chun teacht ar ghníomhartha incháilithe GLAS.

Ceadaítear fosfar a leathadh ar ghníomhartha limistéarbhunaithe ar aon dul le ceanglais Ionstraim Reachtúil Uimh. 31 de 2014.

Sa chás go nglactar le breis agus saghas ciumhaise amháin ar dháileacht chéanna an CADT, ní féidir leo forluí ar a chéile.

Page 6: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 6 de 92

Seachas gníomh um chosaint agus cothabháil séadchomharthaí seandálaíochta, ní féidir aon ghníomhartha de chuid GLAS a sholáthar ar láithreán Séadchomhartha Náisiúnta.

Ba cheart do rannpháirtithe GLAS Cód an Fheachtais um Úsáid Fhreagrach a bhaint as Creimiricíd (FÚFC) a chomhlíonadh ina ngníomhaíochtaí laethúla feirmeoireachta – féach Aguisín 7.

Sa chás go bhfuil tailte ainmnithe ag feirmeoirí, ní mór dóibh a chinntiú go gcomhlíonann siad na Gníomhartha óna dTeastaíonn Toiliú – féach Aguisín 13.

Ní hionann lochanna agus sruthchúrsaí incháilithe i dtaobh gnímh maidir le Sruthchúrsaí a Chosaint ó Bhólachtaí agus le gníomh maidir le Ciumhais Bhruachánach.

Sa chás go mbagraíonn sonraíocht iomlán GLAS i dtaca le hÉin Talamh Feirme (Gleoiseach Sléibhe A, Cág Cosdearg, Traonach, Cromán na gCearc agus Éin Lapadaíle Póraithe) ar inmharthanacht feirme, nó go bhféadfadh cruatan eascairt as mar thoradh ar éagumas chun dóthain fodair a tháirgeadh le haghaidh beostoic, féadfaidh iarratasóirí a mhéid le 20% de limistéar sainaitheanta GLAS a bhaint ó íocaíocht. Is féidir dáileachtaí iomlána a bhaint, nó is féidir dáileachtaí reatha a dheighilt chun limistéir a chur ar leataobh chun fodar a tháirgeadh iontu nó chun úsáid eile feirme a bhaint astu. NÍ dhéanfar íocaíocht do na limistéir seo maidir leis an ngníomh ábhartha Éin agus ní féidir aon ghníomh eile de chuid GLAS a roghnú orthu. I gcásanna eisceachtúla agus sa chás amháin gur thiomnaigh rannpháirtí GLAS ar a laghad 19 heicteár d’Éin Talamh Feirme do GLAS agus go soláthraítear iad seo i leith shonraíocht iomlán GLAS, féadfaidh sé/sí breis agus 20% den limistéar iomlán a bhaint ó shonraíocht GLAS má chomhlánaíonn Comhairleoir GLAS Foirm 1A (féach Aguisín 18) ar chóras ar líne GLAS ina dtugtar údar soiléir leis an bhfáth a dteastaíonn breis agus 20%. Caithfear an fhoirm seo a uaslódáil ar an gcóras ar líne ag an tráth a sheoltar an t-iarratas ar GLAS ar aghaidh.

Anuas ar an méid thuas agus sa chás gur sholáthair rannpháirtí GLAS 19 heicteár de na hÉin Feirme cheana féin a liostaítear sa phointe urchair deireanach, féadfaidh comhairleoir GLAS a leagan amach i bhFoirm 1A (féach Aguisín 18), dáileachtaí siúd an CADT nach mian leis/léi a bheith faoi theorainn ag an srian leasacháin a ghearrtar laistigh de shonraíocht GLAS. Caithfear an fhoirm seo a uaslódáil ar an gcóras ar líne ag an tráth a sheoltar an t-iarratas ar GLAS ar aghaidh.

Page 7: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 7 de 92

Giorrúcháin

GTT Gníomhaíocht óna dTeastaíonn Toiliú

SBI An Scéim Buníocaíochta

GG Gníomh Ginearálta

BMTC Bail Mhaith Talmhaíochta agus Chomhshaoil

PBC Plean Bainistíochta Coimíneachtaí

PFC Plean Feirme Coimíneachtaí

LUAS Láithreáin Uisce Ardstádais

FIÍB Féarach Ionchuir Ísil Buan

CADT An Córas Aitheanta Dáileachtaí Talún

LUI Limistéar Uasta Incháilithe

SPNF An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra

GT Gníomh Tosaíochta

DP Dáileacht Pháirteach, i.e. ní thiomnaítear ach cuid den dáileacht do ghníomh GLAS

PBI Plea Bainistíochta Inbhuanaithe

SÍA An Scéim Íocaíochta Aonair

MFT Móinéar Féir Traidisiúnta

LIT Limistéar Inúsáidte Talmhaíochta

LUSL Láithreáin Uisce Stádais Leochailigh

DI Dáileacht Iomlán, i.e. tá an dáileacht iomlán tiomanta do ghníomh GLAS

cm ceintiméadair

ha heicteáir

m méadair

Page 8: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 8 de 92

Gníomhartha: Aonaid Uasta/Íosta, Spriocdhátaí Críochnaithe agus Ráta Íocaíochta

* = Is í an íocaíocht fhoriomlán uasta €5,000 nó €7,000 in aghaidh an rannpháirtí in GLAS sa bhliain 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar, ha = heicteár agus m³= méadar ciúbach

Gníomh Íosta Aonaid Uasta Iníoctha in

GLAS Spriocdháta críochnaithe

Ráta Íocaíochta

Ciumhais féir arúil

a) 3m ar leithead 10m1 7,000m Gach barr curaíochta a

baineadh in 2016

€0.35/m/bl.

b) 4m ar leithead 10m1 5,000m €0.50/m/bl.

c) 6m ar leithead 10m1 3,500m €0.70/m/bl.

Bosca Ialtóige 3 bhosca 15 bhosca An 31 Márta 2016 €13/bosca/bl.

Bosca Éin 1 bhosca 15 bhosca An 31 Márta 2016 €6/bosca/bl.

Caomhnú Beach Aonair (Boscaí) 1 bhosca 5 bhosca An 31 Márta 2016 €6/bosca/bl.

Caomhnú Beach Aonair (Gaineamh) 1 ghnáthóg 2 ghnáthóg An 31 Márta 2016 €45/gnáthóg/bl.

1. Éin Lapadaíle Póraithe * €366/ha/bl.

2. Cág Cosdearg * €365/ha/bl.

3. Traonach * €364/ha/bl.

4. Géanna agus Ealaí * €205/ha/bl.

5. Patraisc Bhroinnliath 200m * An 31 Bealtaine 2016 €2.10/m/bl.

6. Cromán na gCearc * €370/ha/bl.

7.1. Gleoiseach Sléibhe A * €375/ha/bl.

7.2. Gleoiseach Sléibhe C 0.25ha 3ha An 31 Bealtaine 2016 €900/ha/bl.

Idirbharra 10 ha (Limistéar

Tosaíochta) / 4 ha (Gníomh Ginearálta)

32 ha An 15 Meán Fómhair i

ndiaidh faofa €155/ha/bl.

Plean Bainistíochta Coimíneachtaí/Plean Feirme Coimíneachtaí

* €120/ha/bl.

Barrbarrscoitheadh Fálta Sceach 10m1 1,000m An 28 Feabhra 2017 €2.20/m/bl.

Bainistíocht Comhshaoil a dhéanamh ar Thalamh Bhán

0.25ha 3 ha An 31 Bealtaine 2016 €750/ha/bl.

Gnáthóg Thalamh Feirme (Natura Príobháideach) 0.25ha * €79/ha/bl.

Fálta Sceach a Leagan 10m1 1,000m An 28 Feabhra 2017 €3.70/m/bl.

Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh * €1.20/mᶟ/bl.

Féarach Ionchuir Ísil Buan/ Móinéar Féir Traidisiúnta

10 ha €314/ha/bl. agus

€315/ha/bl.

Curaíocht Íosta 10 ha (Limistéar

Tosaíochta) / 4 ha (Gníomh Ginearálta)

* Bunú an 1ú barr i ndiaidh

faofa €40/ha/bl.

Garrán Crann Dúchasach a Chur 0.05ha / 250 planda 0.09 ha / 450 planda An 31 Márta 2016 €0.90/planda/bl.

Fál Sceach Nua a Chur 10m1 200m An 31 Deireadh Fómhair

2016 €5/m/bl.

Cosaint agus Cothabháil Séadchomharthaí

a) Curaíocht 1 20

An 3 Bealtaine 2016 €146/aonad/bl.

b) Féarach 1 An 28 Feabhra 2017 €120/aonad/bl.

Sruthchúrsaí a Chosaint ó Bhólachtaí 10m1 * An 31 Márta 2016 €1.50/m/bl.

Póir Neamhchoitianta 0.15 AB 10 AB €200/aonad/bl.

Ciumhais Bhruachánach

a) 3m ar leithead 10m1 * An 31 Márta 2016 €0.90/m/bl.

b) 6m ar leithead 10m1 * An 31 Márta 2016 €1.20/m/bl.

c) 10m ar leithead 10m1 * An 31 Márta 2016 €1.60/m/bl.

d) 30m ar leithead 10m1 * An 31 Márta 2016 €3.60/m/bl.

Balla Cloiche Traidisiúnta Tirim a Chothabháil 10m1 4,000m €0.70/m/bl.

Úlloird Thraidisiúnta 0.05ha /10 gcrann 0.05ha /10 gcrann An 31 Deireadh Fómhair

2016 €23.50/aonad/bl.

Cumhdach Éin Fhiáin

0.25ha (Gníomh Ginearálta)

1.0ha (Gníomh Tosaíochta)

3 ha An 31 Bealtaine 2016 €900/ha/bl.

Page 9: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 9 de 92

Ciumhaiseanna Féir Arúil Cuspóir Chun gnáthóg a sholáthar don fhlóra agus don fhána, an bhithéagsúlacht a mhéadú agus cabhrú le cáilíocht an uisce a chosaint. Cúlra Méadóidh bunú ciumhais féir arúil feadh fhad iomlán teorainn pháirce nó dáileacht an CADT reatha an éagsúlacht ar an bhfeirm. Sa chás go mbunaítear an chiumhais feadh sruthchúrsa, gníomhaíonn sí mar chrios maolánach chun dríodar agus cothaithigh a bhailiú. Nóta: Ní mór go leanfaidh na dáileachtaí a roghnaítear don ghníomh seo bheith dearbhaithe amhail bheith arúil ar feadh fhad chonradh GLAS agus ní mór go leanfaidh an Chiumhais Féir Arúil sa láthair chéanna ar feadh fhad Chonradh GLAS. Sa chás go mbunaítear an chiumhais feadh sruthchúrsa, ní mór go bhfuil ciumhais bhreise 2m neamhchurtha (i gcás barr arúil) agus ciumhais nár scaipeadh leasachán uirthi, a bheith i bhfeidhm idir an sruthchúrsa agus an chiumhais féir arúil. Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Boscaí Ialtóige, Boscaí Éin, Caomhnú Beach Aonair (boscaí/gaineamh), Patraisc Bhroinnliath, Barrscoitheadh Fálta Sceach, Fálta Sceach a Leagan, Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh, Fál Sceach Nua a Chur, Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (curaíocht), Póir Neamhchoitianta agus Balla Cloiche Traidisiúnta Tirim a Chothabháil. Riachtanais

1. Bunaigh ciumhais féir 3, 4 nó 6m feadh fhad iomlán dháileacht an CADT nó teorainn pháirce. Ní mór an Chiumhais Féir Arúil a bhunú ar gach dáileacht roghnaithe churaíochta óna mbainfear an barr curaíochta in 2016.

2.

Ní mór an láthair agus an fad (méadair) a shainaithint ar dháileacht(aí) an CADT agus a mharcáil ar an léarscáil a sheoltar ar aghaidh. Ní mór go leanfaidh an chiumhais/na ciumhais bheith sa láthair chéanna d’fhad an chonartha. Féadfaidh rannpháirtithe leithid éagsúla Chiumhais Féir Arúil laistigh de dháileachtaí céanna an CADT a roghnú, ach ar theorainneacha éagsúla/ar leith páirce/an CADT.

3. Déan meascán síolta féir a chur ina bhfuil ar a laghad 60% de gharbhfhéar nó de Thiomóid nó meascán díobh seo ar an ráta caighdeánach 25-30kg/Ha. Ní mór lipéid agus fáltais síol féir a choimeád d’fhad chonradh GLAS.

4. Ní féidir tabhairt faoi shaothrú ithreach laistigh den chiumhais a luaithe a bhunaítear í.

5. Caithfear an chiumhais a mhótú, a bhaint nó caithfidh ainmhithe an féar a bhaint uirthi ar a laghad uair sa bhliain, seachas idir an 1 Márta agus an 15 Lúnasa. Is féidir an féar a baineadh a bhaint den chiumhais.

6. Ní féidir leasachán nó aol a scaipeadh ar an gciumhais.

7. Ní féidir lotnaidicídí a scaipeadh ar an gciumhais, seachas chun spotchóireáil a dhéanamh ar lustan díobhálach agus/nó ionrach.

Page 10: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 10 de 92

Boscaí Ialtóige Cuspóirí Chun feabhas a chur ar bhithéagsúlacht sa tírdhreach feirme agus gnáthóga a cailleadh trí athruithe ar chleachtas feirmeoireachta a ionadú. Chomh maith leis sin, comhlíonann ialtóga ról tábhachtach i mbainistíocht a dhéanamh ar lotnaidí feirme mar gheall go n-itheann siad míoltóga, cuileoga agus speicis eile de lotnaidí féideartha eile. Cúlra Tá an gníomh seo in ainm is láithreacha nádúrtha fara d’ialtóga a ionadú a baineadh trí na hathruithe a tháinig ar chleachtas feirmeoireachta. Cabhróidh sé le roinnt de na naoi speiceas ialtóige a dtagtar orthu in Éirinn a chaomhnú. Tá gach speiceas ialtóige cosanta ag an Acht um Fhiadhúlra, 1976 agus ag leasú an Achta in 2000 agus ag Treoir an AE maidir le Gnáthóga. Is dóchúla a úsáidfear boscaí ialtóige má bhíonn siad lonnaithe i limistéir ina mbeathaíonn ialtóga. Is fearr le hialtóga fálta sceach agus crannteorainneacha, ach go háirithe, mar bhealaí loingseoireachta agus mar láithreáin bheathaithe. Is ionann limistéir ina dtugtar ialtóga faoi deara ag eitilt timpeall go gasta um thráthnóna agus láithreáin oiriúnacha chun bosca fara ialtóige a lonnú. Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Ciumhaiseanna Féir Arúil, Boscaí Éin, Caomhnú Beach Aonair (Boscaí/gaineamh), Éin Talamh Feirme – Éin Lapadaíle Póraithe, Cág Cosdearg, Traonach, Géanna agus Ealaí, Patraisc Bhroinnliath, Cromán na gCearc, Gleoiseach Sléibhe (A, B, C), Idirbharr DI, Barrscoitheadh Fálta Sceach, Bainistíocht Comhshaoil a dhéanamh ar Thalamh Bán DI, Gnáthóg Thalamh Feirme (Natura Príobháideach), Fálta Sceach a Leagan, Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh, Féarach Ionchuir Ísil Buan DI, Curaíocht Íosta, Garrán Crann Dúchasach a Chur, Fál Sceach Nua a Chur, Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (curaíocht), Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (féarthalamh), Sruthchúrsaí a Chosaint ó Bhólachtaí, Póir Neamhchoitianta, Ciumhaiseanna Bruachánacha, Balla Cloiche Traidisiúnta Tirim a Chothabháil, Móinéar Féir Traidisiúnta DI, Úlloird Thraidisiúnta agus Cumhdach Éin Fhiáin DI. Riachtanais

1.

Boscaí nua fara ialtóige a shuiteáil i ngrúpaí de thrí bhosca in aghaidh an chrainn nó trí bhosca in aghaidh an chuaille nó trí bhosca in aghaidh an fhoirgnimh. Ní mór go mbíonn aghaidh na mboscaí i ngach láthair i dtreonna éagsúla. Ní mór go mbíonn Boscaí Fara Ialtóige i bhfeidhm faoin 31 Márta 2016.

2. Is é an líon uasta boscaí Ialtóige 15 bhosca, i ngrúpaí de thrí bhosca in aghaidh an chrainn nó trí bhosca in aghaidh an chuaille nó trí bhosca in aghaidh an fhoirgnimh feirme.

3. Ní mór go marcáiltear an láthair go soiléir ar an léarscáil agus ní mór an bosca a choimeád sa suíomh céanna ar feadh fhad an chonartha.

4. Is féidir bosca(í) a dhéanamh d’adhmad nó de stroighin adhmaid (‘Woodcrete’) agus ní mór nach ngabhann séideáin tríothu.

Moltaí Moltar go gcuirtear boscaí ialtóige ar airde a laghad 4m ón talamh agus ní mór go mbíonn ga 1m timpeall an Bhosca Fara saor ó bhacainní, ar nós eidhneáin agus/nó géag. Moltar, chomh maith, nach gcuirtear boscaí i limistéar atá faoi shoilse den chlós feirme nó in aice soilsiú. Go hidéalach, ba cheart boscaí ialtóige a shuíomh i ngar d’fhálta sceach nó do limistéar scrobarnaí, áit a ndéanfaidh ialtóga seilg. A luaithe a bhíonn an bosca suiteáilte, ba cheart marcáil a chur ar an gcrann nó an cuaille chun é a shainaithint ar mhaithe le cuspóirí cigireachta.

Page 11: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 11 de 92

Breis faisnéise http://www.batconservationireland.org http://www.batroostireland.org http://www.highwoodsvolunteers.org.uk/ Chun teacht ar léaráidí agus ar thomhais le haghaidh boscaí ialtóige – féach Aguisín 8.

Boscaí Éin Cuspóirí Chun feabhas a chur ar bhithéagsúlacht sa tírdhreach feirme agus gnáthóga a cailleadh trí athruithe ar chleachtas feirmeoireachta a ionadú. Cúlra Tá an gníomh seo in ainm is cabhrú le gnáthóga nádúrtha a ionadú le haghaidh éan a baineadh i ngeall ar athruithe a tháinig ar chleachtas feirmeoireachta. Mar thoradh ar athruithe a tháinig ar ár dtuath, tá roinnt speicis éin ag brath anois ar fhoirgnimh feirme agus ar struchtúir eile le haghaidh gnáthóga neadaithe. Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Ciumhaiseanna Féir Arúil, Boscaí Ialtóige, Caomhnú Beach Aonair (Boscaí/gaineamh), Éin Talamh Feirme – Éin Lapadaíle Póraithe, Cág Cosdearg, Traonach, Géanna agus Ealaí, Patraisc Bhroinnliath, Cromán na gCearc, Gleoiseach Sléibhe (A, B, C), Idirbharra DI, Barrscoitheadh Fálta Sceach, Bainistíocht Comhshaoil a dhéanamh ar Thalamh Bán DI, Gnáthóg Thalamh Feirme (Natura Príobháideach), Fálta Sceach a Leagan, Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh, Féarach Ionchuir Ísil Buan DI, Curaíocht Íosta, Garrán Crann Dúchasach a Chur, Fál Sceach Nua a Chur, Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (curaíocht), Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (féarthalamh), Sruthchúrsaí a Chosaint ó Bhólachtaí, Póir Neamhchoitianta, Ciumhaiseanna Bruachánacha, Balla Cloiche Traidisiúnta Tirim a Chothabháil, Móinéar Féir Traidisiúnta DI, Úlloird Thraidisiúnta agus Cumhdach Éin Fhiáin DI. Riachtanais

1. Bosca(í) Éin nua a shuiteáil faoin 31 Márta 2016.

2. Ní mór Bosca Éin amháin, ar a laghad agus 15 Bhosca Éin, ar a mhéid a shuiteáil.

3. Bosca Éin amháin, ar a mhéid, a shuíomh in aghaidh an chrainn nó an chuaille nó ar bhalla seachtrach foirgneamh feirme.

4. Ní mór go marcáiltear an láthair/na láithreacha go soiléir ar an léarscáil agus ní mór an bosca a choimeád sa suíomh céanna ar feadh fhad an chonartha.

5. Is féidir bosca(í) a dhéanamh d’adhmad nó de stroighin adhmaid (‘Woodcrete’) agus ní mór nach ngabhann séideáin tríothu.

Moltaí Moltar go nglantar seanábhar neide gach bliain chun tabhairt anonn seadán a chosc ó shéasúr neadaithe amháin go dtí an chéad cheann eile. Is fearr seo a dhéanamh i bhFeabhra. Ba cheart Boscaí Éin a shuíomh ar airde 2.5m, ar a laghad, ón talamh. Ní mór go mbíonn aghaidh an bhosca i dtreo an Tuaiscirt nó an Oirthuaiscirt. Ba cheart go mbeadh Boscaí Éin claonta beagán ar aghaidh chun ligean do thaise draenáil ón mbosca. A luaithe a bhíonn an bosca suiteáilte, ba cheart marcáil a chur i bhfeidhm ar an gcrann nó an cuaille chun é a shainaithint ar mhaithe le cuspóirí cigireachta. Breis faisnéise

Page 12: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 12 de 92

Chun teacht ar léaráidí agus ar thomhais le haghaidh Bosca Éin – féach Aguisín 9. Féach, chomh maith: http://www.teagasc.ie/publications/2008/20080417/nestboxes.pdf agus http://www.birdwatchireland.ie/Default.aspx?tabid=270 chun teacht ar bhreis sonraí Nóta: Ní cheadaítear traschúiteamh idir Boscaí Éin agus Boscaí Ialtóige, i.e. má dhéanann tú iarratas ar chúig Bhosca Éin agus cúig Bhosca Ialtóige a sholáthar, caithfidh tú cúig cinn de gach bosca a sholáthar d’fhonn go n-íocfar thús as na 10 mbosca uile, i.e. ní féidir leat ocht mbosca de shaghas amháin agus dhá bhosca den saghas eile a sholáthar. Is ionann an cás maidir le gníomh an Bhosca Beiche.

Page 13: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 13 de 92

Caomhnú Beach Aonair (Boscaí) Cuspóir Chun feabhas a chur ar bhithéagsúlacht sa tírdhreach feirme agus gnáthóga a cailleadh trí athruithe ar chleachtas feirmeoireachta a ionadú. Cúlra As na 101 speiceas beiche in Éirinn, beacha aonair iad 80 speiceas. Bíonn cuma an-éagsúil ar bheacha aonair i gcomparáid le bumbóga. Tá siad i bhfad níos lú agus tagtar orthu i réimse méideanna agus dathanna éagsúla. Déanann beacha aonair na hÉireann neadú ar bhealaí éagsúla. Déanann beacha aonair duillghearrthacha neadú i gcraobhóga nó slata bambú atá tollta. Tá beacha aonair áisiúil i dtaobh pailniú barr agus baineann tairbhí níos fairsinge bithéagsúlachta leo, chomh maith. Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Ciumhaiseanna Féir Arúil, Boscaí Ialtóige, Caomhnú Beach Aonair (Gaineamh), Éin Talamh Feirme – Éin Lapadaíle Póraithe, Cág Cosdearg, Traonach, Géanna agus Ealaí, Patraisc Bhroinnliath, Cromán na gCearc, Gleoiseach Sléibhe (A, B, C), Idirbharra DI, Barrscoitheadh Fálta Sceach, Bainistíocht Comhshaoil a dhéanamh ar Thalamh Bán DI, Gnáthóg Thalamh Feirme (Natura Príobháideach), Fálta Sceach a Leagan, Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh, Féarach Ionchuir Ísil Buan DI, Curaíocht Íosta, Garrán Crann Dúchasach a Chur, Fál Sceach Nua a Chur, Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (curaíocht) Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (féarthalamh), Sruthchúrsaí a Chosaint ó Bhólachtaí, Póir Neamhchoitianta, Ciumhaiseanna Bruachánacha, Balla Cloiche Traidisiúnta Tirim a Chothabháil, Móinéar Féir Traidisiúnta DI, Úlloird Thraidisiúnta agus Cumhdach Éin Fhiáin DI. Riachtanais

1. Bosca(í) nua beiche a shuiteáil faoin 31 Márta 2016 i gcrann nó ar chuaille.

2. Ní mór Bosca Beiche amháin, ar a laghad agus cúig Bhosca Beiche, ar a mhéid a shuiteáil.

3. Ní mór go marcáiltear an láthair go soiléir ar an léarscáil agus ní mór an bosca a choimeád sa suíomh céanna ar feadh fhad an chonartha.

4. Is féidir bosca(í) a dhéanamh d’adhmad agus ní mór nach ngabhann séideáin tríothu.

5. Ní féidir ach bosca beiche amháin a shuíomh ar gach crann nó cuaille.

6. Ní mór bosca(í) a chosaint ó bheostoc.

Moltaí Moltar gur cheart an bosca beiche a shuíomh i ngar do phlandaí bláthaithe a dhéanann bláthú bliantúil idir Bealtaine agus Meán Fómhair. Ba cheart Boscaí Beiche a shuíomh ar airde 40cm, ar a laghad, ón dtalamh, in áit ghrianmhar, atá faoi fhoscadh ón ngaoth agus atá á gcosaint ón mbáisteach. A luaithe a bhíonn an bosca suiteáilte, ba cheart marcáil a chur ar an gcrann nó an cuaille chun é a shainaithint ar mhaithe le cuspóirí cigireachta. Breis faisnéise http://www.foxleas.com/beehouse.htm Chun teacht ar Léaráidí agus ar thomhais bhosca beiche – féach Aguisín 10.

Page 14: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 14 de 92

Caomhnú Beach Aonair (Gaineamh) Cuspóir Chun feabhas a chur ar bhithéagsúlacht sa tírdhreach feirme agus gnáthóga a cailleadh trí athruithe ar chleachtas feirmeoireachta a ionadú. Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Ciumhaiseanna Féir Arúil, Boscaí Ialtóige, Caomhnú Beach Aonair (Boscaí), Éin Talamh Feirme – Éin Lapadaíle Póraithe, Cág Cosdearg, Traonach, Géanna agus Ealaí, Patraisc Bhroinnliath, Cromán na gCearc, Gleoiseach Sléibhe (A, B, C), Idirbharra DI, Barrscoitheadh Fálta Sceach, Bainistíocht Comhshaoil a dhéanamh ar Thalamh Bán DI, Gnáthóg Thalamh Feirme (Natura Príobháideach), Fálta Sceach a Leagan, Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh, Féarach Ionchuir Ísil Buan DI, Curaíochta Íosta, Garrán Crann Dúchasach a Chur, Fál Sceach Nua a Chur, Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (curaíocht) Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (féarthalamh), Sruthchúrsaí a Chosaint ó Bhólachtaí, Póir Neamhchoitianta, Ciumhaiseanna Bruachánacha, Balla Cloiche Traidisiúnta Tirim a Chothabháil, Móinéar Féir Traidisiúnta DI, Úlloird Thraidisiúnta agus Cumhdach Éin Fhiáin DI. Riachtanais

1. Gnáthóg bheiche a chruthú trí charn a dhéanamh de thonna amháin de ghaineamh tógála i gcúinne dháileacht an CADT nó i gcúinne páirce agus cuir claí in airde timpeall air chun beostoc a choimeád amach uaidh faoin 31 Márta 2016.

2. Ceadaítear gnáthóg Bheiche amháin, ar a laghad, agus dhá ghnáthóg Bheiche, ar a mhéid.

3. Ní féidir na Gnáthóga Beiche a shuíomh taobh le taobh agus ní mór go ngabhann claí ar leith timpeall ar gach gnáthóg chun an beostoc a choimeád amach uathu.

4. Ní mór go marcáiltear an láthair go soiléir ar an léarscáil agus ní mór an bosca a choimeád sa suíomh céanna ar feadh fhad an chonartha.

5. Ní mór struimeáil a dhéanamh ar an nGnáthóg/na Gnáthóga gach bliain agus i gcaitheamh chonradh GLAS chun smacht a choimeád ar fhásra scáthaithe.

6. Ní féidir lotnaidicídí a úsáid sa ghnáthóg.

7. Ní mór fáltais don ghaineamh a thugann an meáchan le fios a choimeád d’fhad chonradh GLAS.

Moltar go suitear an ghnáthóg bheiche i láthair ghrianmhar, go hidéalach i dtreo an deiscirt agus aghaidh na gnáthóige i dtreo fánaí agus nochta do sholas díreach na gréine. Ba cheart duit láithreacha laistigh de 20m de shruthchúrsa agus/nó d’fhána(í) géar(a) a sheachaint.

Page 15: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 15 de 92

Caomhnú Éin Talamh Feirme 1. Éin Lapadaíle Póraithe Cuspóir Rath póraithe éin lapadaíle póraithe a choimeád agus a mhéadú trí stop a chur le caillteanas gnáthóige agus feabhas a chur ar an bhfáil a bhíonn ar ghnáthóga agus ar oiriúnacht ghnáthóg. Ní féidir tabhairt faoi Ghníomhartha Éin Talamh Feirme ach ar thailte príobháideacha, i.e. seachas ar thailte coimíneachta. Cúlra Bhí líonta náisiúnta agus réigiúnacha d’Éin Lapadaíle Póraithe thíos le meath tromchúiseach le blianta beaga anuas, go háirithe an Pilibín, an Bhreacóg, an Cosdeargán, an Fheadóg Bhuí, an Naosach agus an Crotach. Is mar gheall ar ghnáthóg atá seo, go háirithe mar gheall ar dhiansaothrú na talmhaíochta agus foraoisiú talún. Mura gcuirtear cosc air seo, beidh díothú i ndán don daonra. Braitheann éin lapadaíle póraithe ar chórais fhairsinge feirmeoireachta, ar nós innilt fhairsing a dhéanamh ar choimíneachtaí ardtalún, féarthailte fliucha ísealtalún nó féarthalamh Mhachaire Mara, chun gnáthóga a chothabháil go cuí, i.e. fásra le haghaidh neadacha agus limistéir bheathaithe sicíní i rith an tséasúir phóraithe. Nóta: Cuirfidh do Chomhairleoir comhairle ort lena dheimhniú an bhfuil nó nach bhfuil dáileachtaí Éin Lapadaíle Póraithe ar do thalamh nuair a sheolann sé/sí d’iarratas ar GLAS ar aghaidh ar líne. Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Boscaí Éin, Boscaí Ialtóige, Caomhnú Beach Aonair (Boscaí/Gaineamh), Gnáthóg Talamh Feirme (Natura Príobháideach), Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh, Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (féarthalamh), Sruthchúrsaí a Chosaint ó Bhólachtaí, Póir Neamhchoitianta agus Balla Cloiche Traidisiúnta Tirim a Chothabháil. Riachtanais

1.

Cumhdach báinsí a tháirgeadh trí innilt fhairsing a dhéanamh ar dháileachtaí laistigh de chonradh GLAS chun ligean do mhósáic de chumhdach d’fhásra gearr, meánach agus ard a fhorbairt idir an 15 Márta agus an 1 Iúil gach bliain. Níor cheart an cumhdach báinsí seo a bhaint amach trí innilt stráice nó rothlach.

2. Níor cheart go mbeadh fiontar innilte de bheostoc faoi úinéireacht ar an ngabháltas.

3.

Is féidir an gníomh a sholáthar ar dháileacht(aí) iomlán(a) nó deighilte an CADT. Sa chás go bhfuil an gníomh ar bun i ndáileacht dheighilte, ní mór é a dhigitiú agus a mharcáil ar an léarscáil a sheoltar ar aghaidh. Ní mór claí a chur in airde timpeall ar dháileachtaí chun stoc a choimeád amach uathu ó dháta tosaithe chonradh GLAS.

4. Ní féidir tabhairt faoi oibríochtaí innealra idir an 15 Márta agus an 15 Iúil i ndáileachtaí laistigh de chonradh GLAS.

5.

Ní cheadaítear leasacháin agus ceimiceáin eile a úsáid i ndáileachtaí a bhfuil íocaíocht Éin Lapadaíle Póraithe GLAS á fáil dóibh. Sa chás gurb ann do lustan díobhálach agus/nó ionrach, ní mór iad a rialú ar bhealaí meicniúla, go hidéalach; b’fhéidir go mbeidh gá le spotchóireáil trí lotnaidicídí a úsáid i gcásanna áirithe.

6. Caithfear luachair, sa chás gurb ann di, a rialú gach bliain, seachas idir an 15 Márta agus an 15 Iúil. Ceadaítear cuimleoir lustain a úsáid chun luachair a rialú.

7. Ní féidir sadhlas nó féar a bhaint í ndáileachtaí laistigh de chonradh GLAS.

8. Ní cheadaítear na dáileachtaí seo a athshíoladh.

Page 16: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 16 de 92

Nóta: Sa chás go mbarrghearrtar luachair roimh an 15 Márta agus/nó i ndiaidh an 15 Iúil, ba cheart thart ar 30% de chumhdach na luachra a choimeád. Moltar go ndéantar stocáil <1.0 Aonad Beostoic(AB)/ha i rith an tséasúir phóraithe – idir an 1 Aibreán agus an 30 Meitheamh gach bliain.

Page 17: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 17 de 92

2. Cág Cosdearg Cuspóir Chun limistéir ghnáthóige don Chág Cosdearg a choimeád agus a fheabhsú agus chun líonta na gCág Cosdearg póraithe a mhéadú i limistéir sprioctha. Cúlra Ball d’fhine an phréacháin is ea an Cág Cosdearg, agus tá sé thart ar cóimhéid le cág. Tá clúmh dubh dathlonrach agus gob dearg cuar suntasach agus cosa fada dearga acu. Éin chósta, den chuid is mó, a bhíonn i gceist leo in Éirinn agus cabhraíonn an tionchar muirí chun báinseach ghearr a choimeád, a sholáthraíonn rochtain optamach dóibh ar chreach san ithir. Itheann siad feithidí agus inveirteabraigh a mhaireann san ithir, agus in aoileach ainmhí, go háirithe nuair a bhíonn an bháinseach gearr. Baineann barrmhaitheas le báinseach ghearr. Is ionann daonra Cháig Chosdearga na hÉireann agus thart ar 60% den daonra ar leith agus aonraithe 1,500 péire in Iardheisceart na hEorpa. Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Boscaí Éin, Boscaí Ialtóige, Caomhnú Beach Aonair (Boscaí/Gaineamh), Gnáthóg Talamh Feirme (Natura Príobháideach), Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh, Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (féarthalamh), Sruthchúrsaí a Chosaint ó Bhólachtaí, Póir Neamhchoitianta agus Balla Cloiche Traidisiúnta Tirim a Chothabháil. Riachtanais

1. Báinseach oiriúnach a tháirgeadh trí phlean cuí innilte a fhorbairt chun báinseach ghearr ar a ndéantar innilt dhlúth a choimeád i gcaitheamh na bliana ar na limistéir laistigh de chonradh GLAS.

2.

Is féidir an gníomh a sholáthar ar dháileacht(aí) iomlán(a) nó deighilte an CADT. Sa chás go bhfuil an gníomh ar bun i ndáileacht dheighilte, ní mór é a dhigitiú agus a mharcáil ar an léarscáil a sheoltar ar aghaidh. Ní mór claí a chur in airde timpeall ar dháileachtaí chun stoc a choimeád amach uathu ó dháta tosaithe chonradh GLAS.

3. Ní cheadaítear rolladh idir an 15 Márta agus an 15 Iúil gach bliain.

4. Sa chás go mbaintear dáileacht le haghaidh sadhlais/feir, ní féidir iad a bhaint ach uair amháin sa bhliain.

5.

Más ann d’fhraoch, raithneach agus scrobarnach (GTTanna – féach Aguisín 13), ní mór iad a rialú sa chás gur cuí, agus aird ar ghnáthóga agus ar speicis eile a d’fhéadfadh bheith ann ar an láithreán, ach ní cheadaítear seo a dhéanamh ach idir an 1 Meán Fómhair agus an 28 Feabhra gach bliain.

6. Is é an t-uasmhéid nítrigin cheimiceach a cheadaítear a scaipeadh ná 40kg N/ha sa bhliain i ndáileachtaí a bhfuil íocaíocht Chág Cosdearg GLAS á fáil dóibh.

7. Ní cheadaítear Lotnaidicídí a úsáid. Sa chás gurb ann do lustan díobhálach agus/nó ionrach, ní mór iad a rialú ar bhealaí meicniúla, go hidéalach; b’fhéidir go mbeidh gá le spotchóireáil trí lotnaidicídí a úsáid i gcásanna áirithe, áfach.

Page 18: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 18 de 92

3. Traonach Cuspóir Cumhdach agus foscadh neadaithe a chruthú agus a choimeád don Traonach nuair a thagann siad anall ón Afraic i gcaitheamh a séasúir phóraithe (idir Aibreán agus Meán Fómhair). Cúlra Rinne Traonaigh pórú ar fud na hÉireann tráth dá raibh, ach mar gheall ar dhiansaothrú na talmhaíochta, tháinig meath ar a dháileadh agus ar a líonta. Tagtar ar Thraonaigh anois go príomh i gContae Dhún na nGall agus in áiteanna in Iarthar Chonnacht, go háirithe ar bhoird farraige iarthar chontae Mhaigh Eo agus na Gaillimhe. Teastaíonn fásra ó Thraonaigh atá ar a laghad 20cm (8 n-orlaí) ar airde don séasúr póraithe. Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Boscaí Éin, Boscaí Ialtóige, Caomhnú Beach Aonair (Boscaí/Gaineamh), Gnáthóg Talamh Feirme (Natura Príobháideach), Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh, Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (féarthalamh), Sruthchúrsaí a Chosaint ó Bhólachtaí, Póir Neamhchoitianta agus Balla Cloiche Traidisiúnta Tirim a Chothabháil. Riachtanais

1. Cumhdach oiriúnach a tháirgeadh d’fhásra ard luibheach nuair a bhíonn an móinéar dúnta.

2.

Is féidir an gníomh a sholáthar ar dháileacht(aí) iomlán(a) nó scoilte an CADT. Sa chás go bhfuil an gníomh ar bun i ndáileacht dheighilte, ní mór é a dhigitiú agus a mharcáil ar an léarscáil a sheoltar ar aghaidh. Ní mór claí a chur in airde timpeall ar dháileachtaí chun stoc a choimeád amach uathu ó dháta tosaithe chonradh GLAS.

3. Ní cheadaítear innilt, baint, barrghearradh agus/nó oibríochtaí páirce eile óna dteastaíonn innealra a úsáid idir an 15 Márta agus an 10 Lúnasa gach bliain.

4. Caithfear na móinéir a bhaint nó a innilt gach bliain, ach ní cheadaítear seo a dhéanamh roimh an 10 Lúnasa.

5. Caithfear tabhairt faoi bhaint tríd an modh ‘ón lár amach’ a úsáid. Féach Aguisín 1a.

6.

Caithfidh luathlimistéir chumhdaigh a bheith ann laistigh de dháileacht an traonaigh agus is féidir iad a sholáthar trí limistéar a chruthú nó a choimeád d’fhásra ard luibheach (e.g. neantóga, giolcach, peirsil bhó, feileastram, ach ní cheadaítear crainn nó toir nó fásra dlúth eile) san earrach. Féadfaidh na limistéir seo cumhdach déanach a sholáthar, chomh maith, i ndiaidh baint a dhéanamh i móinéir. Ar a laghad 0.1ha a sholáthar do gach 2ha de mhóinéar Traonaigh trí chiumhais thart ar 2m a fhágáil.

7. Is féidir na luathlimistéir chumhdaigh a ghearradh nó a innilt i ndiaidh an 10 Meán Fómhair gach bliain.

8. Is é an t-uasmhéid nítrigin cheimiceach a cheadaítear a scaipeadh ná 30kg N/ha sa bhliain i ndáileachtaí a bhfuil íocaíocht Traonaigh GLAS á fáil dóibh.

9. Caithfear luachair, sa chás gurb ann di, a rialú gach bliain, seachas idir an 15 Márta agus an 20 Lúnasa. Ceadaítear cuimleoir lustain a úsáid chun luachair a rialú.

10.

Sa chás gurb ann do lustan díobhálach agus/nó ionrach, ní mór iad a rialú ar bhealaí meicniúla, go hidéalach, ach ní cheadaítear seo a dhéanamh idir an 15 Márta agus an 20 Lúnasa gach bliain; b’fhéidir go mbeidh gá le spotchóireáil trí lotnaidicídí a úsáid i gcásanna áirithe, áfach.

Moltaí

Page 19: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 19 de 92

Ní mór nach sáróidh an buainteoir 3.6m ar leithead agus ba cheart an bhaint a dhéanamh ar íseal-luas.

Page 20: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 20 de 92

4. Géanna agus Ealaí Cuspóir Chun táirgeadh báinseach féir a chur chun cinn chun géanna agus ealaí cothaithe geimhridh a bheathú, ina measc an Eala Ghlórach, an Ghé Bhánéadanach Ghraonlannach, an Ghé Ghiúrainn agus an Cadhan. Cúlra Déantar óstáil in Éirinn ar chomhréir shuntasach de dhaonraí Eorpacha Géanna agus Ealaí. Tá go leor díobh liostaithe ar na liostaí Dearga agus Ómracha. Mura ndéantar idirghabháil, cuirfear isteach ar dhaonraí áitiúla. Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Boscaí Éin, Boscaí Ialtóige, Caomhnú Beach Aonair (Boscaí/Gaineamh), Gnáthóg Talamh Feirme (Natura Príobháideach), Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh, Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (féarthalamh), Sruthchúrsaí a Chosaint ó Bhólachtaí, Póir Neamhchoitianta agus Balla Cloiche Traidisiúnta Tirim a Chothabháil. Riachtanais le haghaidh Dáileachtaí Féarthalún

1. Báinseach oiriúnach féir a tháirgeadh.

2. Ní mór an gníomh a sholáthar ar dháileacht(aí) iomlán(a) an CADT. Caithfear dáileachtaí an CADT a roghnaítear a mharcáil ar an léarscáil a sheoltar ar aghaidh le hiarratas GLAS.

3. Is éagsúil aird na báinsí ag brath ar na spriocspeicis atá ar do thalamh ach ní mór go bhfuil se idir 5 agus 12 cm ar airde, ar an meán, faoin 15 Deireadh Fómhair gach bliain.

4. Cuir claí in airde timpeall ar dháileachtaí chun beostoc a choimeád amach uathu ón 15 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Márta an bhliain dar gcionn, i ngach bliain den chonradh.

5. Ní mór na dáileachtaí seo a choimeád faoi fhéar d’fhad chonradh GLAS.

6. Is féidir dáileachtaí a bhaint le haghaidh féir nó sadhlais idir an 1 Aibreán agus an 14 Deireadh Fómhair gach bliain agus ní mór do rannpháirtithe GLAS pointe 3 thuas a chomhlíonadh faoin 15 Deireadh Fómhair gach bliain.

7. Déan iarracht gan cur isteach ar éin i rith tréimhsí áitíochta. I rith na tréimhse ón 15 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Márta gach bliain, níor cheart tabhairt faoi oibríochtaí páirce óna dteastaíonn innealra tarracóra a úsáid, ach má bhíonn géarghá leo.

Riachtanais le haghaidh Dáileachtaí Curaíochta

1.

Bunaigh barr arbhair gheimhridh nó idirbharr (i gcomhréir le leathanach 34 den tsonraíocht seo) faoin 15 Deireadh Fómhair gach bliain. Nuair a roghnaíonn an rannpháirtí rogha an idirbhairr, ní mór don idirbharr fanacht in situ go dtí an 31 Márta gach bliain. Caithfear na dáileachtaí a choimeád faoi churaíocht d’fhad chonradh GLAS.

2. Ní mór an gníomh a sholáthar ar dháileacht(aí) iomlán(a) an CADT. Caithfear dáileachtaí an CADT a roghnaítear a mharcáil ar an léarscáil a sheoltar ar aghaidh le hiarratas GLAS.

3. Déan iarracht gan cur isteach ar éin i rith tréimhsí áitíochta. Níor cheart tabhairt faoi oibríochtaí páirce óna dteastaíonn innealra tarracóra a úsáid, ach má bhíonn géarghá leo, le linn na tréimhse ón 1 Samhain go dtí an 31 Márta gach bliain.

Page 21: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 21 de 92

5. Patraisc Bhroinnliath Cuspóir Gnáthóga oiriúnacha póraithe agus sealgaireachta a chur chun cinn agus a choimeád don Phatraisc Bhroinnliath. Cúlra Éan is ea an Phatraisc Bhroinnliath atá ar liosta dearg lena mbaineann Buairt Chaomhnaithe in Éirinn. Bhí an speiceas thíos le meath tromchúiseach ar líonta le blianta beaga anuas in Éirinn. Níl fáil ar an daonra deireanach den Phatraisc Bhroinnliath a d’fhéadfaí a inbhuanú in Éirinn ach sa Bhuarach in Uíbh Fhailí Thiar agus i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath. Roghnaigh an Roinn roinnt limistéir Thosaíochta le cúnamh ón SPNF, Cairde Éanlaith Éireann agus Iontaobhas Caomhnaithe Patraisce Broinnléith na hÉireann. Soláthraíonn an gníomh seo ciumhais féarbhunaithe agus arbharbhunaithe. Soláthraíonn an chiumhais féir gnáthóg chuí neadaithe agus cruthaíonn an chiumhais mheasctha arbhair gnáthóg tógála goir do shicíní Patraisce Broinnléith. Nóta: Tá an gníomh seo éigeantach d’iarratasóirí a bhfuil dáileacht(aí) faofa Patraisce Broinnléith an CADT acu. Beidh do chomhairleoir in ann comhairle a chur ort maidir le cé acu an bhfuil nó nach bhfuil dáileachtaí Patraisce Broinnléith an CADT agat ar do thalamh. Sa chás go roghnaíonn rannpháirtí ciumhais féir arúil, chomh maith leis sin, sa dáileacht chéanna den CADT le ciumhais na Patraisce Broinnléith, ní féidir leis na ciumhaiseanna forluí ar a chéile. Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Ciumhais Féir Arúil, Boscaí Ialtóige, Boscaí Éin, Caomhnú Beach Aonair (Boscaí/Gaineamh), Barrscoitheadh Fálta Sceach, Gnáthóg Talamh Feirme (Natura Príobháideach), Fálta Sceach a Leagan, Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh, Sruthchúrsaí a Chosaint ó Bhólachtaí, Póir Neamhchoitianta agus Balla Cloiche Traidisiúnta Tirim a Chothabháil. Riachtanais

1.

Ciumhais 12m a bhunú go rathúil ina bhfuil ceann amháin den dá rud a leanas: ciumhais 4m (féar) agus 8m (Meascán Patraisce Broinnléith) nó ciumhais 3m (féar) agus 9m (Meascán Patraisce Broinnléith) faoin 31 Bealtaine 2016, feadh fad iomlán teorainn pháirce reatha nó teorainn dháileacht an CADT. .

2.

Ní mór ceapacha an CADT a roghnaítear a mharcáil ar an léarscáil a sheoltar ar ais. Ní mór an chiumhais féir 3m/4m a bhunú ó thaobh na páirce nó ó thaobh theorainn dháileacht an CADT agus caithfidh ciumhais an Mheascáin Patraisce Broinnléith 8m/9m a bheith taobh amuigh de. Ní féidir an chiumhais a fhás i gcomhthráth le stráicí 12m laistigh de dháileacht nó de pháirc an CADT.

3. Is é fad íosta ciumhaise nach mór a sholáthar ar leibhéal feirme 200m.

4. Ní mór go bhfuil 70% de gharbhfhéar agus 30% de Thiomóid i meascán an fhéir ar ráta síol féir 15kg/ha. Ní mór lipéid agus fáltais síol féir a choimeád d’fhad chonradh GLAS.

5.

Ní mór go mbíonn Triteacál, Cál, Meidic na mBó, lus an tsiocaire agus raidis farae ilbhliantúil sa Mheascán Patraisc Broinnléith. Féach an ráta síoltha thíos. Caithfear síol an cháil a chóireáil i leith ciaróg dhreancaidiúil. Ní mór lipéid agus fáltais síl a choimeád d’fhad chonradh GLAS.

6. Is féidir rialú lustain sula gcuirtear síolta a úsáid. I ndiaidh gur bunaíodh an barr go rathúil, áfach, ní cheadaítear lotnaidicídí a úsáid, seachas i gcás spotchóireála a dhéanamh ar lustan díobhálach agus ionrach.

7. Is féidir leasachán a scaipeadh nuair a bhíonn an chiumhais á bunú ar leathráta, ar a mhéid, don bharr arbhair a fhorordaítear in Ionstraim Reachtúil 31 de 2014.

Page 22: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 22 de 92

8. Ní mór claí a chur in airde timpeall ar an gciumhais agus stoc a choimeád amach uaithi ón tráth a chuirtear na síolta inti.

9.

Seo a leanas an córas bainistíocht don Mheascán Patraisce Broinnléith 8m; Bliain 1 – An Meascán Patraisce Broinnléith 8m a bhunú. Bliain 2 – An Meascán Patraisce Broinnléith 8m iomlán a fhágáil in situ. Bliain 3 – 4m den Mheascán Patraisce Broinnléith 8m a athbhunú. An 4m eile a fhágáil in situ. Bliain 4 – An 4m eile den Mheascán Patraisce Broinnléith 8m a athbhunú. An 4m eile a fhágáil in situ. Bliain 5 – An chéad 4m den Mheascán Patraisce Broinnléith 8m a athbhunú. An 4m eile a fhágáil in situ. *Sa chás go bhfuil an chiumhais á soláthar ag an bhfeirmeoir trí dhruil 3m, is mar seo a leanas atá an córas bainistíochta; Bliain 1 – An Meascán Patraisce Broinnléith 9m a bhunú. Bliain 2 – An Meascán Patraisce Broinnléith 9m iomlán a fhágáil in situ. Bliain 3 – 6m den Mheascán Patraisce Broinnléith 9m a athbhunú. An 3m eile a fhágáil in situ. Bliain 4 – An 3m eile den Mheascán Patraisce Broinnléith 9m atá in situ a athbhunú. An 6m eile a fhágáil in situ. Bliain 5 – An chéad 6m den Mheascán Patraisce Broinnléith 9m a athbhunú. An 3m eile a fhágáil in situ.

10.

Is é an córas bainistíochta don chiumhais 4m féir mar seo a leanas;

Bliain 1 – An chiumhais féir 4m a bhunú. An chiumhais a bharrghearradh/a mhótú, más gá. Bliain 2 – Barrghearradh/Mótú a dhéanamh i ndiaidh an 31 Lúnasa agus roimh an 15 Eanáir. Bliain 3 – Fág in situ í. Bliain 4 – Barrghearradh/Mótú a dhéanamh i ndiaidh an 31 Lúnasa agus roimh an 15 Eanáir. Bliain 5 – Fág in situ í. Nóta: Sa chás go bhfuil an chiumhais á soláthar ag an bhfeirmeoir trí dhruil 3m, is mar seo a leanas atá an córas bainistíochta; Bliain 1 – An chiumhais féir 3m a bhunú. An chiumhais a bharrghearradh/a mhótú, más gá. Bliain 2 – Barrghearradh/Mótú a dhéanamh i ndiaidh an 31 Lúnasa agus roimh an 15 Eanáir. Bliain 3 – Fág in situ í. Bliain 4 – Barrghearradh/Mótú a dhéanamh i ndiaidh an 31 Lúnasa agus roimh an 15 Eanáir. Bliain 5 – Fág in situ í.

Meascán Síolta agus an Ráta Síoltha don Mheascán Patraisce Broinnléith.

Saghas an Bhairr Íosráta Síolta

Triteacál 40 kg/ha

Cál 3kg/ha

Meidic na mBó 4 kg/ha

Page 23: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 23 de 92

Lus an tSiocaire ilbhliantúil 2 kg/ha

Raidis farae 1 kg/ha

Breis faisnéise Chun teacht ar léarscáil de limistéir incháilithe thalún don Phatraisc Bhroinnliath – féach Aguisín 1b. Moladh: Is é druileáil an rogha modh síoltha chun an barr a bhunú.

Page 24: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 24 de 92

6. Cromán na gCearc Cuspóir Gnáthóga oiriúnacha póraithe agus sealgaireachta a chur chun cinn agus a choimeád do Chromán na gCearc. Cúlra Tá Cromáin na gCearc thíos le meath tromchúiseach ar fud na tíre agus go réigiúnach. Trí fheabhas a chur ar ghnáthóg Chromán na gCearc agus í a bhainistiú, bainfidh tú tairbhe as cluichreán éan, ina measc an Fhuiseog, an Naosach, an Riabhóg Mhóna, an Crotach, an Meirliún agus an tUlchabhán Réisc. Teastaíonn mósaic de shaghsanna gnáthóige ó chromáin na gcearc. Tá féarach ar a ndéantar innilt fhairsing ina bhfuil fásra tortóige níos airde, féarach luachra, fraoch, scrobarnach, agus fálta sceach go léir oiriúnach mar ghnáthóga seilge/sealgaireachta i rith an tséasúir phóraithe. I measc na ngnáthóg neadaithe tipiciúil, tá: limistéir fraoigh, phortaigh agus scrobarnaí. Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Boscaí Ialtóige, Boscaí Éin, Caomhnú Beach Aonair (Boscaí/Gaineamh), Barrscoitheadh Fálta Sceach, Gnáthóg Talamh Feirme (Natura Príobháideach), Fálta Sceach a Leagan, Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh, Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (féarthalamh), Sruthchúrsaí a Chosaint ó Bhólachtaí, Póir Neamhchoitianta agus Balla Cloiche Traidisiúnta Tirim a Chothabháil.

Riachtanais

1. Báinseach oiriúnach a tháirgeadh. Is féidir le fraoch agus/nó scrobarnach a bheith i gceist leis seo atá incháilithe faoi láthair, agus a leanann de bheith incháilithe d’íocaíocht, faoin Scéim Buníocaíochta. Caithfear leanúint leis an mbainistíocht chuí a dhéanamh ar an bhfraoch agus/nó an scrobarnach seo chun éagsúlacht struchtúrach a bharrfheabhsú ar mhaithe le Cromán na gCearc sa dáileacht nó sa pháirc.

2. Is féidir an gníomh a sholáthar ar dháileacht(aí) iomlán(a) nó d(h)eighilte an CADT. Sa chás go bhfuil an gníomh ar bun i ndáileacht dheighilte, ní mór é a dhigitiú agus a mharcáil ar an léarscáil a sheoltar ar aghaidh. Ní mór claí a chur in airde timpeall ar dháileachtaí agus stoc a choimeád amach uathu ó dháta tosaithe chonradh GLAS.

3. Ní mór tabhairt faoi chleachtais thraidisiúnta innilte a dhéanann forbairt fásra aird agus thortógaigh a chur chun cinn agus a choimeád (>10cm ar airde) ar fud na dáileachta. Ní féidir le caoirigh innilt dhian a dhéanamh ar an dáileacht/na dáileachtaí.

4. Is é an t-uasmhéid nítrigin cheimiceach a cheadaítear a scaipeadh ná 40kg N/ha sa bhliain i ndáileachtaí a bhfuil íocaíocht Chromán na gCearc de chuid GLAS á fáil dóibh.

5. Ní mór lustan díobhálach agus ionrach a rialú trí spotspraeáil nó a rialú go meicniúil.

6. Baineann fiúntas le dáileachtaí ina bhfuil cumhdach luachra do Chromán na gCearc. Ar an ábhar sin, sa chás gurb ann do luachair laistigh de dháileacht Chromán na gCearc agus nach gcuireann innilt cosc orthu ó thart ar 70% de limistéar na dáileachta a shárú, ní mór na dáileachtaí a ghearradh go rothlach trí 50% den limistéar luachra, ar a mhéid, a ghearradh i ndáileacht ar bhonn bliantúil.

7. Ní féidir fálta sceach i ndáileachtaí Chromán na gCearc a ghearradh idir an 1 Márta agus an 1 Deireadh Fómhair gach bliain.

8. Ní féidir dáileachtaí Chromán na gCearc a bhaint le haghaidh féir/sadhlais mura bhfuil na dáileachtaí mar chuid den Scéim Feirmeoireachta Orgánaí. Sna cásanna seo, ní féidir le baint titim amach roimh an 20 Iúil agus caithfear ciumhais thart ar 2m timpeall ar chinnfhearainn na dáileachta a choimeád go dtí an 15 Lúnasa, ar a laghad, agus is féidir na cinnfhearainn siúd a bhaint nó a innilt in diaidh an dáta sin.

Page 25: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 25 de 92

Moltaí Má roghnaítear an gníomh seo, moltar na gníomhartha a leanas mar ghníomhartha forlíontacha nach mór a roghnú sa chás go mbaineann siad leis an bhfeirm: athnuachan fál sceach, fál sceach a chur agus cumhdach éin fhiáin. Féadtar luach na gnáthóige do chromán na gcearc a fheabhsú go mór trí na gníomhartha seo a roghnú, go háirithe sa chás go bhfuil dlús íseal de ghnéithe reatha tírdhreacha ann. Ba cheart go mbeadh sé de chuspóir ag bainistíocht fál sceach chun fálta sceach slána agus dlútha a bhaint amach. Má bhí limistéar faoi chumhdach luachra dlúithe ar feadh roinnt blianta (e.g. faoi mar a thugann luachair atá ina luí nó cúngach scrobarnaí le fios) agus gur mian leis an bhfeirmeoir anois tús a chur le luachair a rialú, ba cheart dó/di teagmháil a dhéanamh leis an SPNF roimh ré, lena dheimhniú cé acu an bhfuil cromáin na gcearc sa láithreán atá i mbun fara/neadú. 7. Gleoiseach Sléibhe (A agus C) Cuspóir

Page 26: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 26 de 92

Chun gnáthóga neadaithe agus sealgaireachta a fhorbairt agus a choimeád le haghaidh Gleoisigh Shléibhe i rith an tséasúir phóraithe agus chothaithe geimhridh. Cúlra Éan is ea an Gleoiseach Sléibhe atá ar Liosta Dearg lena mbaineann Buairt Chaomhnaithe in Éirinn agus tugann na sonraí a fuarthas le déanaí le fios go bhfuil meath 78% tagtha ar líon na ngleoiseach ó na 1970idí i leith. Titeann séasúr póraithe an Ghleoisigh Shléibhe amach ar ghnáthóga talamh feirme de shaghas móinteáin (ar gnách go mbíonn fraochmhá thirim shiliciúil ar a ndéantar innilt fhairsing i gceist leo agus ina mbíonn limistéir de Raithneach dhlúth go minic). Trí innilt a rialú ag spriocthréimhsí den bhliain i láithreáin oiriúnacha, spreagfar an fraoch agus an Raithneach chun fás, a fhorbróidh gnáthóg oiriúnach neadaithe do Ghleoisigh Shléibhe. Déantar na gníomhartha a dheighilt idir Gleoiseach Sléibhe A agus C. Gleoiseach Sléibhe A: Rogha Bainistíochta Páirce Leathnádúrtha/Leathfheabhsaithe don Ghleoiseach Sléibhe Póraithe. Gleoiseach Sléibhe C: Rogha Cothaithe Geimhridh an Ghleoisigh Shléibhe. Tá dhá fhorordú éagsúla ag GLAS don Ghleoiseach Sléibhe ag brath ar shaghas an fhásra agus ar an meascán speiceas arb ann dó i ndáileachtaí an CADT a roghnaítear don ghníomh seo. Cuirfidh do chomhairleoir comhairle ort faoi cén ceann/cinn de na roghanna ar cheart duit glacadh léi/leo. Ní féidir ach rogha Gleoiseach Sléibhe amháin in aghaidh na dáileachta den CADT a roghnú. Gleoiseach Sléibhe A Is í aidhm na rogha seo chun coinníollacha idéalacha sealgaireachta a chruthú don Ghleoiseach Sléibhe laistigh de pháirceanna féarthalún ar gnách go raibh siad faoi réir leibhéil sách ísle d’fheabhsú talmhaíochta, a mhéid sin go gcuimsítear iontu réimse de spriocspeicis phlandaí ar a mbeathaíonn an Gleoiseach Sléibhe (e.g. Samhadh, Crág Phortáin, Cluas Chait agus Caisearbhán). Tá gníomhartha laistigh den rogha seo in ainm is síoladh na bplandaí seo a spreagadh trí bhaint a dhéanamh go déanach nó trí bhainistíocht chuí innilte a dhéanamh. Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Boscaí Ialtóige, Boscaí Éin, Caomhnú Beach Aonair (Boscaí/Gaineamh), Gnáthóg Talamh Feirme (Natura Príobháideach), Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh, Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (féarthalamh), Sruthchúrsaí a Chosaint ó Bhólachtaí, Póir Neamhchoitianta agus Balla Cloiche Traidisiúnta Tirim a Chothabháil. Riachtanais

1. Báinseach oiriúnach a tháirgeadh trí bhainistíocht a dhéanamh ar innilt dáilteachta agus/nó trí dháileacht a bhaint.

2.

Is féidir an gníomh a sholáthar ar dháileacht(aí) iomlán(a) nó d(h)eighilte an CADT. Sa chás go bhfuil an gníomh ar bun i ndáileacht dheighilte, ní mór é a dhigitiú agus a mharcáil ar an léarscáil a sheoltar ar aghaidh. Ní mór claí a chur in airde timpeall ar dháileachtaí chun stoc a choimeád amach uathu ó dháta tosaithe chonradh GLAS.

3.

Innilt: Sa chás go ndéantar an dáileacht a innilt, ba cheart thart ar 50% den pháirc/dáileacht a innilt ón 15 Aibreán go dtí an 15 Meitheamh agus ba cheart an 50% eile a innilt ón 16 Meitheamh go dtí an 15 Lúnasa gach bliain. Níl aon chosc ar innilt lasmuigh de na dátaí seo.

4. Baint: Sa chás go mbaintear an dáileacht le haghaidh féir nó sadhlais, ní féidir seo a dhéanamh idir an 15 Aibreán agus an 15 Lúnasa gach bliain. Níl aon chosc ar bhaint

Page 27: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 27 de 92

lasmuigh de na dátaí seo.

5. Ní cheadaítear lotnaidicídí a úsáid, seachas i gcás spotchóireála a dhéanamh ar lustan díobhálach agus ionrach.

6. Is é an t-uasmhéid nítrigin cheimiceach a cheadaítear a scaipeadh ná 35kg N/ha sa bhliain i ndáileachtaí a bhfuil íocaíocht Ghleoiseach Sléibhe A GLAS á fáil dóibh.

7. Ní cheadaítear barrghearradh idir an 15 Aibreán agus an 15 Lúnasa gach bliain.

Gleoiseach Sléibhe C Is í aidhm na rogha seo chun meascán síolta bairr a chur a sholáthraíonn foinsí bia geimhridh ar fáil don Ghleoiseach Sléibhe. Is dóchúil go rachaidh seo chun sochair éin agus fána eile talamh feirme. Barr a chuirtear san earrach is ea an rogha bia geimhridh nach mbaintear i gcaitheamh an gheimhridh chun bia a sholáthar d’éin chlós feirme. Is é an t-achar íosta atá le cur ná 0.25 ha agus is é an t-achar uasta le haghaidh íocaíochta 3ha. Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Boscaí Ialtóige, Boscaí Éin, Caomhnú Beach Aonair (Boscaí/Gaineamh), Gnáthóg Talamh Feirme (Natura Príobháideach), Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh, Sruthchúrsaí a Chosaint ó Bhólachtaí, Póir Neamhchoitianta agus Balla Cloiche Traidisiúnta Tirim a Chothabháil. Riachtanais

1. Barr Bia Geimhridh don Ghleoiseach Sléibhe a bhunú go rathúil trí mheascán oiriúnach síolta a chur, i dtosach báire faoin 31 Bealtaine 2016.

2.

Ní mór an gníomh a sholáthar ar dháileacht iomlán an CADT. Caithfear dáileachtaí an CADT a roghnaítear a mharcáil ar an léarscáil a sheoltar ar aghaidh le hiarratas GLAS. Ní mór go leanfaidh Barr Bia Geimhridh an Ghleoisigh Shléibhe bheith san áit chéanna d’fhad an chonartha.

3.

Is féidir meascán an bhairr a chur gach bliain nó go débhliantúil (féach sampla 1 agus 2 thíos) san earrach, ach tráth nach déanaí ná an 31 Bealtaine gach bliain, agus ní mór go mbíonn an barr i láthair go dtí an 15 Márta gach bliain. Ní mór go mbíonn arbhar (cé acu coirce nó triteacál) sa mheascán 1 bhliain, anuas ar speiceas amháin, ar a laghad ón méid a leanas: Ráib Olashíol, Raidis, Mustard nó Tornapa. Ní mór go mbíonn arbhar (cé acu coirce nó triteacál) agus cál sa mheascán 2 bhliain.

4.

Is é druileáil an rogha modh síoltha; ach ceadaítear scaipeadh an tsíl, áfach. Má dhéanann tú an síol a scaipeadh, méadaigh na síolrátaí thart ar idir an tríú cuid (i gcás síolta níos lú) agus faoi leath (i gcás síolta níos mó), nó déan an dáileacht a rolladh díreach i ndiaidh na síolta a chur, d’fhonn bunú cuí a chinntiú.

5. Is féidir rialú lustain réamhrollta a úsáid, ach ní féidir Lotnaidicídí a scaipeadh, áfach, i ndiaidh na síolta a chur, seachas i gcás spotchóireála le luibhicíd i dtaobh lustan díobhálach agus speicis ionracha.

6. Ceadaítear leasachán a scaipeadh ar leathráta, ar a mhéid, don bharr a fhorordaítear in I.R. 31/2014, don bharr arbhair ábhartha sa mheascán.

7.

Ní mór go bhfágtar claí in airde timpeall ar gach dáileacht de Bhia Geimhridh don Ghleoiseach Sléibhe nó nach mbíonn rochtain ag beostoc ar an dáileacht ó thráth an bhunaithe go dtí an 15 Márta i dtaobh meascáin bhliantúla agus ó thráth an bhunaithe go dtí an 15 Márta sa dara bliain i dtaobh meascáin dhébhliantúla. Sa bhliain ina bhfuil dáileachtaí á n-athphlandú go hiomlán, féadfaidh an beostoc an dáileacht a iontráil ón 15 Márta go dtí tráth an phlandaithe chun cabhrú le lobhadh an tsalachair.

8. Ní féidir an barr a bhaint, in aon chor.

Page 28: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 28 de 92

Moltaí Ba cheart aird a thabhairt ar an mbarr a fhás in aice cumhdaigh, mar shampla, in aice fálta sceach nó i ngar do choillearnach nó do scrobarnach. Chomh maith leis sin, is féidir an barr a fhás feadh srutha nó abhann, áit ar féidir leis gníomhú mar chiumhais mhaolánach, chomh maith. Ní mór an barr a chur lasmuigh den chrios maolánach 2m feadh sruthchúrsa, áfach. Sampla 1: Meascáin síolta bliana amháin ar féidir iad a chur gach bliain – is féidir iad a mheascadh lena chéile

Meascán Síolta Ráta Síolta

Coirce agus Mustard 75 kg/ha de choirce 10 kg/ha de mhustard

Triteacál agus Mustard 75 kg/ha de thriteacál 10 kg/ha de mhustard

Triteacál agus Ráib Olashíol 75 kg/ha de thriteacál 3 kg/ha de ráib olashíol

Sampla 2: Meascán Dhá Bhliain

Meascán Síolta Ráta Síolta

Leath den cheapach a bhunú le coirce/triteacál agus an leath eile le cál

75 kg/ha de choirce/thriteacál 3 kg/ha de chál

Fágtar an cál in situ agus athbhunaítear an barr arbhair

75 kg/ha de choirce/thriteacál

Athbhunaítear an leath de mar chál agus an leath eile de mar arbhar

75 kg/ha de choirce/thriteacál 3 kg/ha de chál

Fágtar an cál in situ agus athbhunaítear an barr arbhair

75 kg/ha de choirce/thriteacál

Athbhunaítear an leath de mar chál agus an leath eile de mar arbhar

75 kg/ha de choirce/thriteacál 3kg/ha de chál

Chun teacht ar léarscáil de limistéir thalún atá incháilithe don Ghleoiseach Sléibhe – féach Aguisín 1c.

Idirbharra

Page 29: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 29 de 92

Cuspóir Idirbharr a bhunú a ionsúfaidh cothaithigh agus a chuirfidh cosc ar láisteadh i dtréimhse an fhómhair/an gheimhridh. Cúlra Is í bunaidhm na n-idirbharr chun an ithir a chosaint i rith tréimhsí bána i gcaitheamh thréimhse an gheimhridh. Tagann laghdú ar chreimeadh ithreach i rith tréimhsí ina dtiteann báisteach throm i ngeall ar rith chun srutha laghdaithe dromchla agus ar scagadh méadaithe uisce. Fad a dhéantar an ithir a chosaint in aghaidh nochta do na dúile trí dhuilliúr, déanann fréamhacha barr cumhdaigh an ithir a bhriseadh agus a riochtú a chuireann cosc ar shleabhcadh, agus a chinntíonn, ar an ábhar sin, saothrú níos fusa agus ithir chuir níos fearr an t-earrach dar gcionn. Ag brath ar an speiceas, méadaíonn idirbharra ionsú nítrigine iarmharaí agus laghdaíonn siad láisteáit nítrigine ó ithir. Nóta: Níl an gníomh seo infheidhme ach i ndáileachtaí an CADT a dhearbhaítear amhail bheith ‘arúil’ in 2015 agus ón mbliain sin ar aghaidh. Seachas sa chás go bhfástar idirbharra mar choibhéis le haghaidh éagsúlú bairr, féadtar iad a rothlú ar dháileachtaí éagsúla an CADT gach bliain de do chonradh. Sa chás go rothlaítear idirbharra, ní mór gurb ionann an t-achar a chuirtear gach bliain, i dtaobh méide de, agus limistéar an chonartha a bhunaítear i mbliain 1 agus ní mór an RTBM a chur ar an eolas faoin dáileacht/faoi na dáileachtaí ábhartha tríd an iarratas ar an SBÍ a dhéantar gach bliain. Tá an gníomh seo deighilte idir Dáileacht Iomlán (DI) agus Páirtdáileacht (PD). Idirbharra DI Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Boscaí Ialtóige, Boscaí Éin, Caomhnú Beacha Aonair (Boscaí/Gaineamh), Barrscoitheadh Fálta Sceach, Fálta Sceach a Leagan, Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh, Curaíocht Íosta, Póir Neamhchoitianta agus Balla Cloiche Traidisiúnta Tirim a Chothabháil. Idirbharra PD Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Bainistíocht Comhshaoil a dhéanamh ar Thalamh Bán PD, Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh, Féarach Ionchuir Ísil Buan PD, Póir Neamhchoitianta, Móinéar Féir Traidisiúnta PD, Cumhdach Éin Fhiáin PD Riachtanais

1. Idirbharr a bhunú gach bliain faoin 15 Meán Fómhair, agus teicnící saothraithe éadroim á n-úsáid (i.e. grafadh éadomhain, ní cheadaítear treabhadh) agus tríd an meascán síolta a scaipeadh nó a dhruileáil.

2. Achar íosta 10ha (Gníomh Tosaíochta) nó 4ha (Gníomh Ginearálta). Is féidir idirbharra a rothlú ó bhliain amháin go dtí an chéad bhliain eile, a fhad agus a leantar leis an limistéar tosaigh a roghnaíodh a sholáthar.

3. Is féidir an gníomh a sholáthar ar dháileacht(aí) iomlán(a) nó d(h)eighilte an CADT. Sa chás go bhfuil an gníomh ar bun i ndáileacht dheighilte, ní mór é a dhigitiú agus a mharcáil ar an léarscáil a sheoltar ar aghaidh i dteannta an iarratais ar GLAS.

4. Ní mór go bhfuil ar a laghad 2 speiceas i meascán síolta an idirbhairr i meascán suimeálach ón liosta a leagtar amach thíos. Níor cheart gurbh ionann speiceas amháin agus de bhreis ar 75% den mheascán.

Page 30: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 30 de 92

5. Ní cheadaítear barra féir a fho-chur nó a chur.

6. Caithfidh na hidirbharra fanacht in situ ó dháta an churtha go dtí an 1 Nollaig gach bliain.

7.

Cé go gceadaítear innilt a dhéanamh ar idirbharra, ní féidir leis seo titim amach go dtí dáta i ndiaidh an 1 Nollaig gach bliain agus ba cheart do rannpháirtithe a chinntiú nach dtiteann sé amach ach sna dáileachtaí siúd amháin nach measann do chomhairleoir GLAS go bhfuil creimeadh ithreach ina shaincheist.

Liosta na nIdirbharr Forordaithe

SPEICEAS AN BHAIRR CHUMHDAIGH

RÁTA SÍOLTA KG/HA SPEICEAS AN BHAIRR CHUMHDAIGH

RÁTA SÍOLTA KG/HA

Lus na gCearc 35 – 50 Seagal 70 – 90

Seamair Chorcairdhearg

10 – 15 Raidis Churaíochta 5

Seamair Éigipteach 10 – 15 Peasair 12

Ráib Sealgaireachta/Fodair

3 – 5 Tornapa Duilleach 5

Mustard 15 – 20 Piseanna 30

Coirce (agus Coirce Dubha)

75 – 100 Pónairí 100 – 120

Faicéilia 5 – 10

Chomh maith leis sin, féadtar a mheas go bhfuil speicis bhreise incháilithe a fhad agus a chomhlíontar cuspóirí an bhirt – seol ríomhphost chuig [email protected] Nóta: Ceadaítear arbhair dheonacha a spraeáil laistigh den Idirbharr, chun cosc a chur ar ghalar a thabhairt anonn tríd an droichead glas.

Page 31: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 31 de 92

Plean Bainistíochta Coimíneachtaí (PLC) agus Plean Feirme Coimíneachtaí (PFC) Cuspóir A chinntiú go ndéantar innilt agus bainistíocht chuí ar thailte coimíneachta lena chinntiú go leanann Bail Mhaith Talmhaíochta agus Chomhshaoil (BMTC) a bheith orthu agus go gcomhlíonann siad na critéir cháilitheachta. Is ionann coimíneachtaí agus thart ar 422,000 heicteár den achar talún in Éirinn. Leagtar síos sna ceanglais traschomhlíonta reatha bail mhaith talmhaíochta agus comhshaoil (BMTC) agus ceanglais bhainistíochta reachtúla (CBRanna) nach mór a leanúint lena chinntiú go ndéantar bainistíocht inbhuanaithe ar gach ithir in Éirinn, ina measc coimíneachtaí, ar bratphortaigh go leor díobh. Soláthraíonn na tailte portaigh seo réimse fairsing tairbhí tríd an talmhaíocht, cothabháil bithéagsúlachta, stóráil agus ceapadh carbóin, foraoiseacht, rialáil uisce agus maolú tuilte, breosla le haghaidh giniúint leictreachais agus móin le haghaidh tithe, fostaíocht, talamh le haghaidh fuinneamh gaoithe, limistéir chonláiste, móin le haghaidh gairneoireachta agus talamh le haghaidh tithíochta agus bonneagair. Leagtar amach breis coinníollacha le haghaidh Láithreáin Natura in Aguisín 15. Nóta: íocfar rannpháirtí GLAS ar Achar Coimíneachta GLAS don ghníomh seo. Áirítear le hAchar Coimíneachta GLAS roinnt eisiamh, ina measc go sonrach Portach, Gnáthóg, Corrach, Innilt Gharbh agus Scrobarnach. Is amhlaidh atá mar gheall go n-aithníonn an Roinn go soláthraítear sna limistéir seo luach suntasach bithéagsúlachta ar choimíneachtaí. Ba cheart do chomhairleoirí agus do scairshealbhóirí GLAS cur amach a bheith acu ar an nóta Mínitheach ar Choimíneachtaí atá ar fáil ar mhír GLAS ar láithreán gréasáin na Roinne. Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Póir Neamhchoitianta Nóta: Sa chás go mbíonn scaireanna ag feirmeoir ar bhreis agus coimíneacht amháin, beidh air/uirthi a thabhairt le fios go bhfuil siad toiliúil chun clárú do Phlean Bainistíochta Coimíneachtaí (PBC) ar gach coimíneacht eile, sa chás go gcuirtear ceann eile ar fáil amach anseo. Má theiptear ar iontráil in PBC sa dara coimíneacht agus i ngach ceann ina dhiaidh sin, sa chás go bhfuil PBC ag do chéad choimíneacht, diúltófar/cuirfear deireadh le d’iarratas ar GLAS agus aisghabhfar gach íocaíocht. Riachtanais

1. Ní cheadaítear ach do Chomhairleoir GLAS amháin chun PBC a ullmhú agus a sheoladh ar ais do gach coimíneacht aonair.

2. Ní mór go liostaítear in PBC na huimhreacha tréada go léir atá cláraithe le agus a chomhaontaigh a bheith faoi cheanglas na gcoinníollacha agus na gceanglas feirmeoireachta a leagtar amach sa PBC.

3. Ní mór go mbíonn a líon íosta aonair de choibhéisí caorach ag gach uimhir thréada ar PBC faoin 31 Nollaig 2016 agus iad a choimeád don chuid eile de Chonradh GLAS.

4. Ní mór go mbainfidh gach PBC an líon íosta a bhaint amach don choimíneacht faoin 31 Nollaig 2018 agus an líon sin a choimeád don chuid eile de Chonradh GLAS.

5.

Féadfaidh comhairleoir agus na scairshealbhóirí GLAS laistigh den PBC an cinneadh a dhéanamh ar conas a sholáthrófar an líon íosta coibhéisí caorach, a luaithe a choimeádann gach uimhir thréada ar an PBC a gcoibhéis íosta aonair chaorach faoin 31 Nollaig 2016 go dtí deireadh chonradh GLAS.

Page 32: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 32 de 92

6. Ní féidir le PBC an líon iomlán coibhéisí uasta caorach a shárú don choimíneacht ag aon tráth i rith chonradh GLAS.

7. Caithfidh an beostoc go léir a bheith marcáilte le dathanna nó marcáil tréada úinéir an tréada.

8.

Ní mór go mbíonn aird ag comhairleoir GLAS, nuair a bhíonn PBC á dhréachtú aige/aici le haghaidh coimíneachta, ar shaghas na hithreach agus ar an bhfásra ar an gcoimíneacht nuair a fhorordaíonn sé/sí córas cuí innilte agus cleachtais bhainistíochta eile do choimíneacht. Sa mhullach air sin, ní mór do chomhairleoir GLAS breithniú a dhéanamh ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil riosca ann i leith creimeadh ithreach/móna.

9.

Ní mór don chomhairleoir a lua go soiléir gach gníomhaíocht ar gá tabhairt fúthu ar an gcoimíneacht i dtaobh dó rialaithe, rialú dumpála etc. Chomh maith leis sin, caithfidh an comhairleoir a leagan amach go soiléir laistigh den chonradh PBC 5 bliana cathain agus cén áit a dtabharfar faoi na gníomhaíochtaí seo ar léarscáil GLAS a ghabhann le d’iarratas. Tabhair faoi deara, b’fhéidir go dteastóidh faomhadh ón SPNF i gcás roinnt de na gníomhaíochtaí seo.

10. Caithfidh gach uimhir thréada a ndaonáireamh bliantúil caorach a chur faoi bhráid na Roinne.

11. Ní mór nach dtiocfaidh laghdú ar Limistéar Uasta Incháilthe na coimíneachta faoi mar a dhearbhaítear ar SBÍ 2015, i gcaitheamh chonradh GLAS.

Page 33: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 33 de 92

Barrscoitheadh Fálta Sceach Cuspóir Fálta sceach fiáine a athnuachan, bithéagsúlacht a mhéadú agus feabhas a chur ar an tírdhreach amhairc. Cúlra Bronnann fálta sceach aibí a thréithe sainiúla agus a phatrún páirceanna ar thírdhreach na hÉireann agus soláthraíonn siad gnáthóg thábhachtach fiadhúlra, go háirithe maidir le flóra agus fána coillearnaí. Soláthraíonn fálta sceach bacainn agus foscadh do bheostoc, laghdaíonn siad leathadh galair agus déanann siad teorainneacha feirme a shainiú. Bealach chun fálta sceach a athnuachan is ea barrscoitheadh. Nóta: NÍ FÉIDIR teorainneacha seachtracha feirme a iontráil don ghníomh seo agus ní íocfar astu mura ndéanann an teorainn sheachtrach feirme teorainn le bóthar poiblí, lána príobháideach nó sruthchúrsa nó le dobharlach. Ní mór go mbíonn rialú agat ar an dá thaobh den fhál sceach atá á barrscoitheadh ar mhaithe le cothabháil leanúnach a dhéanamh air. Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Ciumhaiseanna Féir Arúil, Boscaí Ialtóige, Boscaí Éin, Caomhnú Beach Aonair (Boscaí), Patraisc Bhroinnliath, Cromán na gCearc, Idirbharra DI, Fálta Sceach a Leagan, Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh, Féarach Ionchuir Ísil Buan DI, Curaíocht Íosta, Garrán Crann Dúchasach a Chur, Fál Sceach Nua a Chur, Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (curaíocht), Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (féarthalamh), Sruthchúrsaí a Chosaint ó Bhólachtaí, Póir Neamhchoitianta, Ciumhaiseanna Bruachánacha, Balla Cloiche Traidisiúnta Tirim a Chothabháil, Móinéar Féir Traidisiúnta DI, agus Úlloird Thraidisiúnta. Riachtanais

1. Gach fál sceach a roghnaíodh a bharrscoitheadh faoin 28 Feabhra 2017.

2. Is é an fad íosta líneach is gá a bharrscoitheadh 10m agus ní mór gur fad singil leanúnach é seo.

3. Ní mór an láthair agus an fad (méadair) atá le barrscoitheadh a shainaithint ar dháileachtaí an CADT a roghnaíodh agus a mharcáil ar an léarscáil a sheoltar ar aghaidh.

4. Caithfear tabhairt faoi bharrscoitheadh le sábh slabhrach nó le sábh ciorclach. Gearr an gas faoi bhun 15cm ó leibhéal na talún.

5.

Caithfear tabhairt faoi inlíonadh más ann do bhearnaí san fhál sceach nach líonfar trí athfhás ón bhfál sceach inlíonta. Ceithre phlanda, ar a laghad, a chur in aghaidh an mhéadair ina bhfuil sceach gheal, draighean nó cuileann, sa líne chéanna leis an bhfál sceach reatha. Ní mór aon phlandaí a fhaigheann bás a ionadú i rith an chéad séasúr suanach eile. Ní mór tabhairt faoi inlíonadh bearnaí faoin 28 Feabhra 2017.

6.

Ní mór claí a chur in airde timpeall ar gach fál a barrscoitheadh le déanaí i bpáirc féir nó churaíochta agus iad a chosaint ó bheostoc, ón tráth a bharrscoitear an fál. Nuair a ghabhann an fál sceach barrscoite feadh lána príobháideach, bóthar poiblí nó sruthchúrsa, áfach, ní theastaíonn fálú ar thaobh an lána/an bhóthair nó an dobharlaigh a fhad agus nach ndéanann beostoc díobháil don fhál. Ní mór go gcoimeádann an claí stoc amach agus go mbíonn sé oiriúnach don chuspóir.

7. Caithfear féar agus fásra iomaíoch eile a rialú.

8. Ní mór plandaí a bhearradh i gcaitheamh an chonartha lena chinntiú go dtagann forbairt ar fhál sceach dlúth.

Page 34: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 34 de 92

9. Ní mór nach ndéantar crainn chaighdeánacha aonair aibí laistigh den fhál sceach a roghnaítear a bharrscoitheadh.

Ní féidir fálta a bharrscoitheadh ach idir an 1 Meán Fómhair agus an 28 Feabhra gach bliain. Breis faisnéise Mar gheall gurb iompróirí féideartha galar iad an sceach gheal agus an draighean a dhéanann díobháil do phlandaí sa timpeallacht níos fairsinge, tá sé éigeantach go ndéanann an RTBM cigireacht agus clárú ar tháirgeoirí na bplandaí seo lena saoirse ó na galair seo a chinntiú. Lena sheiceáil cé acu an bhfuil nó nach bhfuil do sholáthraí cláraithe, seol ríomhphost chuig [email protected] nó cuir glao ar 01-5058885. Ba cheart do rannpháirtithe a chinntiú go gcoimeádann siad pas an phlanda a ghabh leis na plandaí ar a gceannach, ar feadh fhad chonradh GLAS. I measc na speiceas atá oiriúnach le haghaidh barrscoite, tá an Fhearnóg, an Draighean, an Fhuinseog, an Bheith, an Sceach Gheal, an Coll, an Cuileann, an Castán, an Seiceamar agus an Saileach. Tá fáil ar a thuilleadh faisnéise ó na láithreáin ghréasáin a leanas: http://www.peakdistrict.gov.uk http://www.irishhedgerows.weebly.com http://www.dardni.gov.uk http://www.teagasc.ie

Page 35: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 35 de 92

Bainistíocht Comhshaoil a dhéanamh ar Thalamh Bhán Cuspóir Bia agus gnáthóga a sholáthar d’éin neadaithe talún nó d’fhána agus d’fheithidí eile i gcaitheamh an tséasúir neadaithe. Cúlra Gné thraidisiúnta atá i dtalamh bhán i rothluithe arúla ar fud na hEorpa ar feadh go leor dá stair thalmhaíochta. D’eascair limistéir laghdaithe de thalamh bhán as athruithe a tháinig ar tháirgeadh arúil i rith an dara leath den fhichiú haois, anuas ar fheabhsúcháin theicneolaíocha, áfach. Cruthaíonn talamh bhán nó atá curtha i leataobh tairbhí iomadúla don bhithéagsúlacht, ina measc tairbhí don mhéid a leanas: éin phóraithe, éin a chothú sa gheimhreadh ó choinleach agus síolta lustain; mamach beag (agus a gcreachadóirí) agus feithidí agus inveirteabraigh eile. Nóta: Níl an gníomh seo infheidhme ach i ndáileachtaí an CADT a dhearbhaítear amhail bheith ‘arúil’ in 2015. Ní féidir leis an ngníomh aistriú le linn chonradh an CADT. Tá an gníomh seo deighilte idir Dáileacht Iomlán (DI) agus Páirtdáileacht (PD). Bainistíocht Comhshaoil a dhéanamh ar Thalamh Bhán DI Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Boscaí Ialtóige, Boscaí Éin, Caomhnú Beach Aonair (Boscaí/Gaineamh) Bainistíocht Comhshaoil a dhéanamh ar Thalamh Bhán PD Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Idirbharra PD, Cumhdach Éin Fhiáin PD Riachtanais

1. Limistéar bán a bhunú trí mheascán síolta féir a chur faoin 31 Bealtaine 2016.

2. Is é an limistéar íosta 0.25ha agus is é an limistéar uasta 3ha.

3. Is féidir an gníomh a sholáthar ar dháileachtaí iomlána nó scoilte an CADT. Sa chás go bhfuil an gníomh ar bun i ndáileacht scoilte, ní mór é a dhigitiú agus a mharcáil ar an léarscáil a sheoltar ar aghaidh.

4. Déan meascán síolta féir a chur ina bhfuil ar a laghad 60% de gharbhfhéar nó de Thiomóid nó meascán díobh seo ar an ráta caighdeánach 25-30kg/Ha. Ní mór lipéid agus fáltais síol féir a choimeád d’fhad chonradh GLAS.

5. Is féidir rialú lustain sula gcuirtear síolta a úsáid.

6. I ndiaidh gur cuireadh an barr, ní cheadaítear lotnaidicídí a úsáid, seachas i gcás spotchóireála a dhéanamh ar lustan díobhálach agus ionrach (féach Aguisín 16).

7. Ní cheadaítear leasacháin a úsáid (ceimiceach nó orgánach).

8. Caithfear an dáileacht a mhótú nó a bhaint ar a laghad uair sa bhliain, seachas idir an 1 Márta agus an 1 Meán Fómhair gach bliain. Ní cheadaítear aon fhéar a baineadh a bhaint.

9. Caithfear claí a chur in airde timpeall ar an dáileacht agus stoc a choimeád amach uaithi agus ní cheadaítear innilt ag beostoc. Sa chás go bhfuil dáileacht deighilte, caithfidh claí oiriúnach a bheith in airde chun cosc a chur ar bheostoc ón talamh bhán a iontráil.

10. Ní féidir an dáileacht bhán a úsáid mar limistéar stórála d’aon ábhair (e.g. burlaí tuí, sadhlas i mburlaí móra, aoileach clós feirme etc).

Page 36: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 36 de 92

Gnáthóg Thalamh Feirme (Natura Príobháideach) Cuspóir Cleachtais feirmeoireachta a sheachaint a bhíonn ina gcúis le díobháil chomhshaoil agus gnáthóga leochaileacha a chosaint, ar nós bogach, a chabhraíonn, ar a uain sin, chun ainmhithe agus plandaí a mhaireann iontu a chosaint. Cúlra Is í aidhm láithreáin Natura chun speicis agus gnáthóga luachmhara agus atá faoi bhagairt a chaomhnú. Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Boscaí Ialtóige, Boscaí Éin, Caomhnú Beach Aonair (Boscaí/Gaineamh), Éin Talamh Feirme – Éin Lapadaíle Póraithe, Cág Cosdearg, Traonach, Géanna agus Ealaí, Patraisc Bhroinnliath, Cromán na gCearc, Gleoiseach Sléibhe (A, B agus C), Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh, Féarach Ionchuir Ísil Buan DI, Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (féarach), Sruthchúrsaí a Chosaint ó Bhólachtaí, Póir Neamhchoitianta, Balla Cloiche Traidisiúnta Tirim a Chothabháil agus Móinéar Féir Traidisiúnta DI. Riachtanais

1.

Ní mór Plean Bainistíochta Oiriúnach a chomhlánú do gach cód láithreáin ina gcuimsítear dáileachtaí príobháideacha Natura an CADT ar do ghabháltas. Ní mór don phlean dul i ngleic leis an méid a leanas:

a. A shonrú conas a dhéantar an dáileacht a fhrámú agus a bhainistiú de ghnáth, i.e. innilt amháin, curaíocht etc.

b. Sa chás go ndéantar innilt ar an dáileacht de ghnáth, sonraigh saghas an bheostoic agus líon na míonna ina dtiteann innilt amach ar an dáileacht/na dáileachtaí.

c. Sonraigh cur síos ginearálta ar an láithreán agus sonraigh saghas ceannasach na gnáthóige.

d. Socraigh leibhéil stocála a sheachnaíonn eatrófú, ró-innilt, ganninnilt agus creimeadh.

2.

Ní cheadaítear beathú forlíontach mine ach i limistéir ina ndéantar sin faoi láthair agus ina bhfuil an beathú sin cuí agus nuair a bhíonn comhairleoir GLAS faoin tuairim nach n-imreoidh beathú forlíontach mine tionchar ar an láithreán Natura. Sa chás go ndéantar seo, ba cheart na humair mhine a bhogadh go minic chun pasáil a sheachaint.

3. Ní mór lustan ionrach agus díobhálach (féach Aguisín 16) a rialú. Ceadaítear lotnaidicídí chun spotchóireáil a dhéanamh.

Nóta: Má tá an sruthchúrsa i Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (SAC)/Limistéar faoi Chosaint Speisialta (SPA agus mura gceadaíonn an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra fálú, féadtar maolú a lorg ó Chaisleán Bhaile Sheáin gan an sruthchúrsa a fhálú ar na dáileachtaí seo. Caithfear an Maolú seo a lorg agus a fhaomhadh faoin 31 Márta 2016. Sa chás go bhfaomhtar maolú, beidh an rannpháirtí incháilithe i gcónaí do GLAS ach ní bhfaighidh sé/sí aon íocaíocht as gníomhaíocht um fhálú sruthchúrsa do na faid a bhíonn i gceist taobh istigh den mhaolú. Féach Aguisín 17 – Foirm Mhaolaithe le haghaidh ghníomhartha Sonracha GLAS nach mór a uaslódáil ar chóras ar líne GLAS agus a sheoladh ar ríomhphost chuig [email protected]. Breis faisnéise

Page 37: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 37 de 92

Chun teacht ar liosta iomlán de Ghníomhaíochtaí óna dTeastaíonn Toiliú (GTTanna) – féach Aguisín 13. Chun teacht ar nóta faisnéise do Shaghsanna Áirithe de Láithreáin Natura – féach Aguisín 15.

Page 38: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 38 de 92

Fálta Sceach a Leagan Cuspóir Fálta sceach fiáine a athnuachan, bithéagsúlacht a mhéadú agus feabhas a chur ar an tírdhreach amhairc. Cúlra Bronnann fálta sceach aibí a thréithe sainiúla agus a phatrún páirceanna ar thírdhreach na hÉireann agus soláthraíonn siad gnáthóg thábhachtach fiadhúlra, go háirithe maidir le flóra agus fána coillearnaí. Soláthraíonn fálta sceach bacainn agus foscadh do bheostoc, cuireann siad stop le leathadh galair agus déanann siad teorainneacha feirme a shainiú. Bealach chun fálta sceach a athnuachan is ea leagan. Nóta: NÍ FÉIDIR teorainneacha seachtracha feirme a iontráil don ghníomh seo agus ní íocfar astu mura ndéanann an teorainn sheachtrach feirme teorainn le bóthar poiblí, lána príobháideach nó sruthchúrsa nó le dobharlach. Ní mór go mbíonn rialú agat ar an dá thaobh den fhál sceach atá á leagan ar mhaithe le cothabháil leanúnach a dhéanamh air. Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Ciumhaiseanna Féir Arúil, Boscaí Ialtóige, Boscaí Éin, Caomhnú Beach Aonair (Boscaí/Gaineamh), Patraisc Bhroinnliath, Cromán na gCearc, Idirbharra DI, Barrscoitheadh Fálta Sceach, Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh, Féarach Ionchuir Ísil Buan DI, Curaíocht Íosta, Garrán Crann Dúchasach a Chur, Fál Sceach Nua a Chur, Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (curaíocht), Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (féarthalamh), Sruthchúrsaí a Chosaint ó Bhólachtaí, Póir Neamhchoitianta, Ciumhaiseanna Bruachánacha, Balla Cloiche Traidisiúnta Tirim a Chothabháil, Móinéar Féir Traidisiúnta DI agus Úlloird Thraidisiúnta. Cíos:

1. Gach fál sceach a roghnaíodh a leagan faoin 28 Feabhra 2017.

2. Is é an fad íosta líneach is gá a leagan 10m.

3. Ní mór an láthair agus an fad (méadair) atá le leagan a shainaithint ar dháileachtaí an CADT a roghnaíodh agus a mharcáil ar an léarscáil a sheoltar ar aghaidh.

4. Ní féidir tabhairt faoi leagan agus innealra trom á úsáid.

5. Ní mór tabhairt faoi inlíonadh más ann do bhearnaí san fhál sceach nach mbeidh líonta ag athfhás ón bhfál sceach barrscoite. Déan 4 phlanda, ar a laghad, a chur in aghaidh an mhéadair ina bhfuil sceach gheal, draighean nó cuileann, sa líne chéanna leis an bhfál sceach reatha. Ní mór aon phlandaí a fhaigheann bás a ionadú i rith an chéad séasúr suanach eile. Ní mór tabhairt faoi inlíonadh bearnaí faoin 28 Feabhra 2017.

6. Ní mór claí a chur in airde timpeall ar gach fál a leagadh le déanaí i bpáirc féir nó churaíochta agus iad a chosaint ó bheostoc, ón tráth a leagtar an fál. Nuair a ghabhann an fál sceach leagtha feadh lána príobháideach, bóthar poiblí nó sruthchúrsa, áfach, ní theastaíonn fálú ar thaobh an lána/an bhóthair nó an dobharlaigh a fhad agus nach ndéanann beostoc díobháil don fhál. Ní mór go gcoimeádann an claí stoc amach agus go mbíonn sé oiriúnach don chuspóir.

7. Ní mór nach ndéantar crainn chaighdeánacha aonair aibí laistigh den fhál sceach a roghnaítear a leagan.

8. Caithfear féar agus fásra iomaíoch eile a rialú.

9. Ní mór plandaí a bhearradh i gcaitheamh an chonartha lena chinntiú go dtagann forbairt ar fhál sceach dlúth.

Page 39: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 39 de 92

Nóta: Ní féidir fálta a leagan ach idir an 1 Meán Fómhair agus an 28 Feabhra gach bliain. Breis faisnéise Mar gheall gurb iompróirí féideartha galar iad an sceach gheal agus an draighean a dhéanann díobháil do phlandaí sa timpeallacht níos fairsinge, tá sé éigeantach go ndéanann an RTBM cigireacht agus clárú ar tháirgeoirí na bplandaí seo lena saoirse ó na galair seo a chinntiú. Lena sheiceáil cé acu an bhfuil nó nach bhfuil do sholáthraí cláraithe, seol ríomhphost chuig [email protected] nó cuir glao ar 01-5058885. Ba cheart do rannpháirtithe a chinntiú go gcoimeádann siad pas an phlanda a ghabh leis an plandaí ar a gceannach, ar feadh fhad chonradh GLAS. I measc na speiceas atá oiriúnach le haghaidh leagain, tá an Fhearnóg, an Draighean, an Fhuinseog, an Bheith, an Sceach Gheal, an Coll, an Cuileann, an Castán, an Seiceamar agus an Saileach. Chun teacht ar threoir maidir le leagan – féach Aguisín 11 agus na láithreáin ghréasáin seo a leanas. http://www.crann.ie http://www.hedgelaying.ie http://www.teagasc.ie

Page 40: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 40 de 92

Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh Cuspóir Chun feabhas a chur ar leasachán orgánach a athchúrsáil agus chun cur le hastaíochtaí laghdaithe ocsaíd nítriúil, astaíochtaí laghdaithe amóinia agus le bolaithe laghdaithe. Cúlra Dhá phríomhthoisc iad modh agus uainiú leata sciodair a dheimhníonn éifeachtúlacht úsáidte na gcothaitheach seo tríd an mbarr a fhás, cibé acu más barr féir nó arúil é. Cuireann teicneolaíocht Astaíochtaí Ísle a úsáid feabhas ar éifeachtúlacht úsáidte sciodair i gcomparáid leis an steallphláta traidisiúnta. I measc na dtairbhí eile, tá rith chun srutha laghdaithe fosfair, deis níos mó chun sciodar a leathadh, drochbhlas laghdaithe ar an mbáinseach innilte agus boladh laghdaithe ó leathadh sciodair. Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Ciumhaiseanna Féir Arúil, Boscaí Ialtóige, Boscaí Éin, Caomhnú Beach Aonair (Boscaí/Gaineamh), Éin Talamh Feirme – Éin Lapadaíle Póraithe, Cág Cosdearg, Traonach, Géanna agus Ealaí, Patraisc Bhroinnliath, Cromán na gCearc, Gleoiseach Sléibhe (A, B, C), Idirbharr DI agus PD, Barrscoitheadh Fálta Sceach, Gnáthóg Thalamh Feirme (Natura Príobháideach), Fálta Sceach a Leagan, Féarach Ionchuir Ísil Buan PD, Curaíocht Íosta, Garrán Crann Dúchasach a Chur, Fál Sceach Nua a Chur, Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (curaíocht), Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (féarach), Sruthchúrsaí a Chosaint ó Bhólachtaí, Balla Cloiche Traidisiúnta Tirim a Chothabháil, Móinéar Féir Traidisiúnta DI agus PD agus Cumhdach Éin Fhiáin DI agus PD. Riachtanais

1.

Caithfear an sciodar go léir a scaiptear ar an bhfeirm (a tháirgtear agus/nó a iompórtáiltear) a leathadh ar cheann de na modhanna a leanas nó trí mheascán de na modhanna a leanas ar feadh gach bliana den chonradh;

a. Leathadh banda; b. Córais insteallta; c. Crú sraoilleach.

2. Caithfear an sciodar go léir a leathadh i gcomhlíonadh I.R. 13/2014 (na Rialacháin Níotráite).

3.

Caithfear fianaise cháipéisíochta a sholáthar leis an modh leata a úsáidtear agus na méideanna a leatar ar an ngabháltas a dheimhniú. Mar shampla, ríomh den sciodar a tháirgtear, a iompórtáiltear agus a leatar agus/nó fáltas ón gconraitheoir nó fianaise eile faoi mar a theastaíonn.

4. Ní mór don fheirmeoir a thabhairt le fios ar a t(h)uairisceán um dhearbhú bliantúil sciodar a sheoltar ar ais chuig Caisleán Bhaile Sheáin, dáileachtaí an CADT inar leathadh an sciodar.

Page 41: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 41 de 92

Féarach Ionchuir Ísil Buan Cuspóir Chun córas bainistíochta féarthalún a chur chun cinn a mbíonn báinseach níos fairsinge ina bhfuil méadú ar fhlóra agus fána mar thoradh ar leibhéil chuí innilte agus cosc ar leasachán agus lotnaidicíd a úsáid. Cúlra Cothaíonn féarach buan a dhéantar a innilt go dlúth agus a bhainistítear le hionchuir ísle éagsúlacht níos fairsinge de phlandaí agus d’fhiadhúlra. Tá an gníomh seo deighilte idir dáileacht iomlán (DI) agus páirtdáileacht (PD). Féarach Ionchuir Ísil Buan DI Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Boscaí Ialtóige, Boscaí Éin, Caomhnú Beach Aonair (Boscaí/Gaineamh), Barrscoitheadh Fálta Sceach, Gnáthóg Thalamh Feirme (Natura Príobháideach), Fálta Sceach a Leagan, Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh, Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (Féarthalamh), Sruthchúrsaí a Chosaint ó Bhólachtaí, Póir Neamhchoitianta agus Balla Cloiche Traidisiúnta Tirim a Chothabháil. Féarach Ionchuir Ísil Buan PD Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Idirbharra PD, Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh, Póir Neamhchoitianta, Móinéar Féir Traidisiúnta PD, Cumhdach Éin Fhiáin PD. Nótaí: Sa chás go mbíonn Féarach Ionchuir Ísil Buan suite laistigh de láithreán ainmnithe Natura 2000, féadfaidh feirmeoirí a roghnú chun íocaíocht a fháil don ghníomh seo seachas do Natura a fhad agus a chomhlíonann an dáileacht Sonraíocht an Fhéaraigh Ionchuir Ísil Bhuain agus go gcomhlíonann siad ainmniú Natura. Beidh rannpháirtithe GLAS a fhaomhtar le haghaidh Maolú Níotráite in aon bhliain de chonradh GLAS incháilithe don ghníomh seo agus déanfar aisghlámadh ar aon íocaíochtaí Féaraigh Ionchuir Ísil Bhuain a rinneadh go dtí seo. Ní mór go bhfuil fiontar innilte de bheostoc atá faoi úinéireacht ar an ngabháltas ag rannpháirtithe a roghnaíonn an gníomh seo. Riachtanais

1.

Féarach oiriúnach a roghnú ina gcuimsítear ceithre speiceas féir, ar a laghad (gan Seagalacha a áireamh), mar shampla garbhfhéar, tiomóid, muiríneacha, feisciúnna, féar cumhra, féar an chinn bháin, etc. agus ba cheart go mbeadh trí speiceas planda neamhfhéir, ar a laghad, ann chomh maith, mar shampla, naprún Phádraig, fliodh, seamra etc. agus ní mór go mbíonn iad seo leata go réasúnta ar fud na páirce. Ní mór nach sáraíonn cumhdach Seagalach 30%.

2.

Is féidir an gníomh a sholáthar ar dháileacht(aí) iomlán(a) nó d(h)eighilte an CADT. Sa chás go bhfuil an gníomh ar bun i ndáileacht dheighilte, ní mór é a dhigitiú agus a mharcáil ar an léarscáil a sheoltar ar aghaidh. Ní mór claí a chur in airde timpeall ar dháileachtaí chun stoc a choimeád amach uathu ó dháta tosaithe chonradh GLAS.

Page 42: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 42 de 92

3. Is é an t-achar uasta atá iníoctha 10ha d’Fhéarach Ionchuir Ísil Buan agus/nó de Mhóinéir Féir Traidisiúnta.

4. Ní mór gur dearbhaíodh dáileachtaí roghnaithe an CADT mar fhoráiste ar an Scéim Íocaíochta Aonair do na hocht mbliana roimhe seo.

5. Caithfear an bháinseach a chothabháil trí innilt agus ní mór go bhfuil fiontar innilte de bheostoc faoi úinéireacht ar an ngabháltas.

6. Ní féidir dáileachtaí a bhaint le haghaidh féir nó sadhlais.

7. Ní féidir dáileachtaí a bharrghearradh idir an 1 Márta agus an 15 Iúil gach bliain.

8. Is é an t-uasmhéid nítrigin cheimiceach a cheadaítear a scaipeadh ná 40kg N/ha sa bhliain.

9. Féadtar aol a scaipeadh i gcomhréir le torthaí ar anailís ithreach, má scaipeadh é go traidisiúnta ar na dáileachtaí.

10.

Ní cheadaítear lotnaidicídí a úsáid, seachas i gcás spotchóireála a dhéanamh ar lustan agus ar luachair dhíobhálach agus ionrach. Sa chás gurb ann dóibh, ní mór luachair a rialú cibé acu go meicniúil, trí chuimilt lustain agus/nó trí spotspraeáil. Cé gur féidir cuimilt lustain agus/nó spotspraeáil titim amach idir an 15 Márta agus an 15 Iúil, ní féidir le barrghearradh chun luachair a rialú titim amach idir na dátaí seo.

11.

Féadfaidh beathú forlíontach mine titim amach ar na dáileachtaí seo, a fhad agus go mbogtar umair mhine chun pasáil a sheachaint. Sa chás gur dáileacht Natura an dáileacht, ba cheart do chomhairleoir GLAS agus don rannpháirtí a chinntiú nach n-imríonn beathú forlíontach mine tionchar diúltach ar láithreán Natura.

Nóta: In GLAS, ní cheadófar aon traschúiteamh idir Féarach Ionchuir Ísil Buan agus Móinéir Féir Thraidisiúnta. Má gheallann feirmeoir, ar an ábhar sin, chun 5ha d’Fhéarach Ionchuir Ísil Buan agus 5ha de Mhóinéir Féir Thraidisiúnta a sholáthar, ní mór dóibh 5ha an ceann a sholáthar, i.e. ní féidir leo 6ha d’Fhéarach Ionchuir Ísil Buan agus 4ha de Mhóinéir Féir Thraidisiúnta a sholáthar.

Page 43: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 43 de 92

Curaíocht Íosta Cuspóir Chun feabhas a chur ar struchtúr na hithreach agus ábhar orgánach a mhéadú. Cúlra Ciallaíonn curaíocht íosta barr a chur gan an ithir a iompú, i.e. ní féidir an ithir a threabhadh. Is iomaí buntáiste a bhíonn ag curaíocht íosta don fheirmeoir agus don talamh araon. Féadfaidh sé breosla agus am a shábháil don fheirmeoir. Laghdaíonn sé an díobháil a dhéantar d’ithir ag an mbáisteach, briseadh síos struchtúr na hithreach agus laghdaíonn sé caolchiseal a fhoirmliú san ithir. Cosnaíonn an beart seo séadchomharthaí seandálaíochta laistigh den bharrithir agus d’fhodhromchla na hithreach chomh maith. Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Boscaí Ialtóige, Boscaí Éin, Caomhnú Beacha Aonair (Boscaí/Gaineamh), Idirbharra DI, Barrscoitheadh Fálta Sceach, Fálta Sceach a Leagan, Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh, Póir Neamhchoitianta agus Balla Cloiche Traidisiúnta Tirim a Chothabháil. Riachtanais

1. Barr a bhunú trí threalamh íosta curaíochta a úsáid, i.e. ní mór an barr a chur gan an ithir a iompú (ní féidir an ithir a threabhadh).

2. Is ionann achar íosta agus 10ha sa chás go nglactar leis mar ghníomh tosaíochta agus is ionann achar íosta agus 4ha sa chás go nglactar leis mar ghníomh ginearálta agus ní mór an t-achar íosta seo a sholáthar.

3. Ní mór an gníomh seo a sholáthar ar dháileacht(aí) c(h)éanna iomlán(a) an CADT do thréimhse iomlán an chonartha. Ní mór ceapacha an CADT a roghnaítear a mharcáil ar an léarscáil a sheoltar ar ais.

4. Ní mór an gníomh a sholáthar ar bhunú an chéad bharr eile i ndiaidh faomhadh a fháil chun bheith rannpháirteach sa scéim agus do gach bliain den chonradh ina dhiaidh sin.

Page 44: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 44 de 92

Garrán Crann Dúchasach a Chur Cuspóir A spreagadh chun grúpaí beaga crann a chur chun gnáthóg luachmhar phóca agus deis a sholáthar le haghaidh ceapadh carbóin. Cúlra Soláthraíonn grúpaí nó garráin bheaga chrann réimse leathan de thairbhí éiceolaíochta agus cruthaíonn siad gnáthóga póca do phlandaí agus d’ainmhithe araon. Tagann méadú ar na tairbhí seo trí speicis de chrainn dhúchasacha a úsáid a rinne Éire a choilíniú go nádúrtha i ndiaidh na hOighearaoise deireanaí. Tabharfaidh an beart seo níos mó crainn dhúchasacha isteach i dtírdhreach na hÉireann, a chuirfidh ár mbithéagsúlacht dhúchasach chun cinn. Nóta: Ní féidir crainn a chur i bhfálta sceach atá á n-iontráil don rogha um barrscoitheadh nó leagan fálta sceach nó don ghníomh um fhál sceach nua a chur. Ní féidir crainn a chur ar thalamh Natura. Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Boscaí Ialtóige, Boscaí Éin, Caomhnú Beacha Aonair (Boscaí/Gaineamh), Barrscoitheadh Fálta Sceach, Fálta Sceach a Leagan, Fál Sceach Nua a Chur, Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (féarthalamh), Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (curaíocht), Sruthchúrsaí a Chosaint ó Bhólachtaí, Póir Neamhchoitianta, Ciumhaiseanna Bruachánacha agus Balla Cloiche Traidisiúnta Tirim a Chothabháil. Riachtanais

1. Garrán crann dúchasach a bhunú i láthair aonair amháin, i.e. ní féidir leat na crainn a chur i roinnt láithreacha i ndáileacht an CADT nó i bpáirc.

2.

Caithfear achar íosta 0.05ha ina bhfuil 250 crann agus/nó achar uasta 0.09ha ina bhfuil 450 crann a chur sa chéad séasúr suanach i ndiaidh faomhadh scríofa a fháil chun bheith rannpháirteach in GLAS agus in aon chás, roimh an 31 Márta 2016 i láthair amháin a shainaithnítear ar dháileacht an CADT agus atá marcáilte ar an léarscáil a sheoltar ar ais.

3. Gan ach speicis chrainn dhúchasaigh a chur, faoi mar a liostaítear in Aguisín 4 agus dhá cheann, ar a laghad, de na speicis a liostaítear a úsáid.

4. Caithfear crainn a dhíorthú ó fhoinsí oiriúnacha síl laistigh d’Éirinn a mheastar a bheith dúchasach i dtaobh cineáil de. Féach Nóta A thíos.

5. Ní féidir le cur titim amach laistigh de chóngaracht do shreanga lasnairde (féach Nóta B thíos), laistigh de 20m de líne/línte iarnróid nó laistigh de 60m de theach/thithe cónaithe, nó laistigh de 5m de shruthchúrsa.

6. Caithfear crainn a chur i sraitheanna atá 2m amach óna chéile agus fad 1m a bheith idir na plandaí laistigh de na sraitheanna.

7. Caithfear crainn ar theip orthu nó a fuair bás a ionadú i rith an chéad séasúr suanach eile.

8. Caithfear crainn a chosaint ó bheostoc agus caithfear claí a chur in airde timpeall orthu ón tráth a chuirtear iad go dtí deireadh an chonartha.

9. Caithfear féar agus fásra iomaíoch eile a rialú timpeall ar na crainn, go dtí go bhfuil bunú tagtha orthu.

Nóta A: Caithfear na plandaí seo a cheannach ó tháirgeoirí agus soláthraithe atá cláraithe faoin Treoir maidir le hÁbhar Atáirgthe Foraoiseachta, agus ar féidir leo ‘Foirm um Dhearbhú Bunáitíochta’ a sholáthar (féach Aguisín 6) don ábhar a cheannaítear, a dheimhníonn go bhfuil na plandaí a

Page 45: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 45 de 92

úsáidtear díorthaithe ó fhoinsí oiriúnacha síl ó áiteanna laistigh d’Éirinn a mheastar atá dúchasach i dtaobh cineáil de. Tá an riachtanas seo in ainm is cabhrú le linn ghéinte na hÉireann maidir le crainn dhúchasacha a chosaint. Nóta B: Braitheann an fad riachtanach glanta ar voltas na líne lasnairde.

Saghas na líne cumhachta Fad glanta (ó lár na líne)

Ísealvoltas (230/400V) 5 m

10 kV agus 38 kV 10 m

110 kV 31 m

220 kV 34 m

400 kV 37 m

Nóta: Caithfidh gach crann a bheith lasmuigh dá bhfad titime ó struchtúir thacaíochta líne.

Moladh: Caithfidh na plandaí a bheith 40cm ar airde, ar a laghad, nuair a chuirtear iad. Caithfear breithniú a dhéanamh ar choinníollacha fisiciúla gach láithreáin, e.g. saghas na hithreach, draenáil, nochtadh, etc., anuas ar speiceas oiriúnach lena chinntiú go n-éireoidh leo sna láithreáin siúd.

Page 46: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 46 de 92

Fál Sceach Nua a Chur Cuspóir Fálta sceach nua a bhunú ar fheirmeacha chun bithéagsúlacht a mhéadú, chun feabhas a chur ar an tírdhreach amhairc agus chun cabhrú le cáilíocht an uisce a chosaint. Cúlra Bronnann fálta sceach aibí a thréithe sainiúla agus a phatrún páirceanna ar thírdhreach na hÉireann agus soláthraíonn siad gnáthóg thábhachtach fiadhúlra, go háirithe maidir le flóra agus fána coillearnaí. Soláthraíonn fálta sceach bacainn agus foscadh do bheostoc, cuireann siad stop le leathadh galair agus déanann siad teorainneacha feirme a shainiú. Sa chás go dtugtar faoin ngníomh ‘Fál Sceach Nua a Chur’ ar theorainn feirme, caithfidh rannpháirtí GLAS a chinntiú go gcuirtear an fál sceach ar an mbealach sin go mbíonn smacht aige/aici ar an dá thaobh den fhál sceach nua agus gur féidir leis/léi an dá thaobh den fhál sceach nua a chothabháil. Nóta: Sa chás gur cuireadh claí in airde faoi Sprioc-Scéimeanna Nuachóirithe Talmhaíochta (TAMS), ní féidir an Gníomh ‘Fál Sceach Nua a Chur’ a chur taobh istigh den chlaí seo. Ní féidir crainn a chur ar thalamh Natura. Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Ciumhaiseanna Féir Arúil, Boscaí Ialtóige, Boscaí Éin, Caomhnú Beacha Aonair (Boscaí/Gaineamh), Barrscoitheadh Fálta Sceach, Fálta Sceach a Leagan, Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh, Garrán Crann Dúchasach a Chur, Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (féarthalamh), Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (curaíocht), Sruthchúrsaí a Chosaint ó Bhólachtaí, Póir Neamhchoitianta, Ciumhaiseanna Bruachánacha, Balla Cloiche Traidisiúnta Tirim a Chothabháil agus Úlloird Thraidisiúnta. Riachtanais

1. Fad leanúnach íosta 10m d’fhál sceach nua a chur ina bhfuil 6 phlanda in aghaidh an mhéadair i sraith dhúbailte de sceach gheal agus/nó de dhraighean agus/nó de chuileann roimh an 31 Deireadh Fómhair 2016.

2. Ní mór an láthair agus an fad (méadair) a shainaithint ar dháileacht(aí) an CADT agus a mharcáil ar an léarscáil a sheoltar ar aghaidh. Ní mór gur fál aonair an fál nua ach níor cheart é a shuíomh i gcoinne fál sceach nó balla cloiche reatha.

3. Caithfear plandaí a cheannach ó tháirgeoirí nó ó shaothróirí cláraithe – féach thíos.

4.

Ní mór claí a chur in airde timpeall ar gach fál a cuireadh le déanaí i bpáirc féir nó churaíochta agus iad a chosaint ó bheostoc, ón tráth a chuirtear an fál. Nuair a ghabhann an fál sceach nuachurtha feadh lána príobháideach, bóthar poiblí nó sruthchúrsa, áfach, ní theastaíonn fálú ar thaobh an lána/an bhóthair nó an dobharlaigh a fhad agus nach ndéanann beostoc díobháil don fhál. Ní mór go gcoimeádann an claí stoc amach agus go mbíonn sé oiriúnach don chuspóir.

5. Caithfear féar agus fásra iomaíoch eile a rialú timpeall ar na plandaí, go do dtí go bhfuil bunú tagtha orthu.

6. Ní mór plandaí a bhearradh i gcaitheamh an chonartha lena chinntiú go dtagann forbairt ar fhál sceach dlúth.

7. Caithfear plandaí ar theip orthu nó a fuair bás a ionadú ag an deis churtha is luaithe agus is féidir.

Page 47: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 47 de 92

Ní féidir leis an nGníomh ‘Fál Sceach Nua a Chur’ forluí ar an Rogha ‘Garrán Crann Dúchasach a Chur’ nó an Rogha ‘Úlloird Thraidisiúnta’. Breis faisnéise Mar gheall gurb iompróirí féideartha galar iad an sceach gheal agus an draighean a dhéanann díobháil do phlandaí sa timpeallacht níos fairsinge, tá sé éigeantach go ndéanann an RTBM cigireacht agus clárú ar tháirgeoirí na bplandaí seo lena saoirse ó na galair seo a chinntiú. Lena sheiceáil cé acu an bhfuil nó nach bhfuil do sholáthraí cláraithe, seol ríomhphost chuig [email protected] nó cuir glao ar 01-5058885. Ba cheart do rannpháirtithe a chinntiú go gcoimeádann siad pas an phlanda a ghabh leis an plandaí ar a gceannach, ar feadh fhad chonradh GLAS.

Page 48: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 48 de 92

Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil Cuspóir Chun séadchomharthaí seandálaíochta amhairc sa tírdhreach feirme a fheabhsú agus a chothabháil. Cúlra Tá gach séadchomhartha seandálaíochta a bhfuiltear feasach orthu marcáilte ar léarscáileanna ar láithreán gréasáin Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta agus is féidir teacht orthu ag an nasc a leanas: http://webgis.archaeology.ie/NationalMonuments/FlexViewer/ Tá de chuspóir an ghnímh seo chun séadchomharthaí a fheabhsú agus a chothabháil atá infheicthe i dtírdhreacha curaíochta agus féarthalún araon. Ní mór go bhfuil gach séadchomhartha a iontráiltear don ghníomh seo infheicthe agus i ndáileachtaí ag a bhfuil limistéar tagartha, i.e. i ndáileachtaí ina bhfuil LIT. Nóta: Níl ach séadchomharthaí ar liosta Thaifead na Séadchomharthaí agus na hÁiteanna agus atá infheicthe i dtuairim an chomhairleora i ndáileacht(aí) an CADT incháilithe don ghníomh seo. Níl Séadchomharthaí ar thalamh Choimíneachta incháilithe don ghníomh seo. Níl séadchomharthaí i ndáileachtaí an CADT a bhfuil limistéar tagartha nialasach acu (clós feirme, mar shampla), incháilithe d’íocaíocht sa ghníomh seo. Tá dhá rogha ann:

1. Imeall maolánach a bhunú agus a chothabháil timpeall ar shéadchomhartha infheicthe seandálaíochta i ndáileacht(aí) c(h)uraíochta.

2. Fásra a bhainistiú timpeall ar shéadchomhartha infheicthe seandálaíochta i ndáileacht(aí) féarthalún.

Rogha 1: Imeall maolánach a bhunú agus a chothabháil timpeall ar shéadchomhartha infheicthe seandálaíochta i ndáileacht(aí) c(h)uraíochta. Is í aidhm na rogha seo chun imeall maolánach a chruthú agus a chothabháil chun séadchomhartha infheicthe seandálaíochta i bpáirc churaíochta a chosaint. Má bhíonn séadchomharthaí agat ar dháileacht(aí) c(h)uraíochta agus má ghlacann tú leis an ngníomh seo, ní mór duit Rogha 1 a ghlacadh, i.e. ciumhais féir a chur i bhfeidhm. Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Imeall Féir Arúil, Boscaí Ialtóige, Boscaí Éin, Caomhnú Beacha Aonair (Boscaí/Gaineamh), Barrscoitheadh Fálta Sceach, Fálta Sceach a Leagan, Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh, Garrán Crann Dúchasach a Chur, Fál Sceach Nua a Chur, Póir Neamhchoitianta, Balla Cloiche Traidisiúnta Tirim a Chothabháil agus Úlloird. Riachtanais

1. Ciumhais féir 10m ar leithead a bhunú trí mheascán síolta féir a chur faoin 31 Bealtaine 2016.

2. Ní mór an gníomh a sholáthar ar dháileacht(aí) an CADT. Caithfidh an séadchomhartha/na séadchomharthaí a bheith sainaitheanta go soiléir ar an léarscáil a ghabhann le d’iarratas ar GLAS.

3. Caithfear tabhairt faoin ngníomh ar shéadchomhartha amháin, ar a laghad.

4. Caithfidh an chiumhais gabháil ó theorainn sheachtrach amuigh an tséadchomhartha. Caithfear an chiumhais a bhunú trí theicnící saothraithe éadroim – i.e. ní cheadaítear aon

Page 49: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 49 de 92

treabhadh.

5. Ní féidir tabhairt faoi oibríochtaí saothraithe ithreach nó tarracóra laistigh den chiumhais a luaithe a bhunaítear í.

6. Caithfear an chiumhais a chothabháil trí bhaint nó struimeáil de láimh a dhéanamh i gcaitheamh na bliana agus d’fhad an chonartha.

7. Ceadaítear innilt ag beostoc a fhad agus nach ndéantar aon díobháil don séadchomhartha.

8. Ní cheadaítear lotnaidicídí a úsáid, seachas i gcás spotchóireála a dhéanamh ar lustan díobhálach agus ionrach (féach Aguisín 16).

9.

Sa chás go bhfuil fásra ann a chúngaíonn ar fhásra (gan crainn bhunaithe fholláine a áireamh) ar an séadchomhartha/i ngar don séadchomhartha, ní mór seo a rialú, ach ní cheadaítear seo a dhéanamh idir an 1 Márta agus an 31 Lúnasa gach bliain. Ní féidir fréamhacha plandaí a bhaint. Soláthraítear breis sonraí air seo i rogha 2 thíos.

Rogha 2: Fásra a bhainistiú timpeall ar shéadchomhartha infheicthe seandálaíochta i ndáileacht(aí) incháilithe féarthalún. Is í aidhm na rogha seo chun rialú a dhéanamh ar roinnt saghsanna de chrainn athshíoltha nó atá i mbun coilíniú tapa agus de phlandaí adhmadacha ionracha agus de phlandaí eile a chruthaíonn fadhbanna timpeall ar shéadchomhartha infheicthe seandálaíochta. Nóta: Caithfear fógra a thabhairt roimh ré maidir le haon hoibreacha a bheartaítear a dhéanamh ar Shéadchomhartha Taifeadta ina mbaineann tochailt/suaitheadh talún do Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta de chuid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta go ndéanfaidh siad breithniú orthu. Nóta: Chomh maith leis sin, caithfear a bheith cúramach lena chinntiú go bhfuil cóireáil bheartaithe crann agus/nó speicis phlanda eile, i.e. leagan, barraíl, barrscoitheadh, pollarú, prúnáil, gearradh, lascadh nó spraeáil comhsheasmhach le forálacha an Achta Foraoiseachta, 1946, Nóta: Níor cheart do dhó titim amach, faoi chúinsí ar bith, ar an séadchomhartha nó i ngar dó, mar gheall gur féidir leis seo díobháil a dhéanamh do shil-leagan seandálaíochta. Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Boscaí Ialtóige, Boscaí Éin, Caomhnú Beach Aonair (Boscaí/Gaineamh), Éin Talamh Feirme – Éin Lapadaíle Póraithe, Cág Cosdearg, Traonach, Géanna agus Ealaí, Patraisc Bhroinnliath, Cromán na gCearc, Gleoiseach Sléibhe (A agus B), Scoitheadh Fálta Sceach, Gnáthóg Thalamh Feirme (Natura Príobháideach), Fálta Sceach a Leagan, Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh, Féarach Ionchuir Ísil Buan DI, Garrán Crann Dúchasach a Chur, Fál Sceach Nua a Chur, Sruthchúrsaí a Chosaint ó Bhólachtaí, Póir Neamhchoitianta, Ciumhaiseanna Bruachánacha, Balla Cloiche Traidisiúnta Tirim a Chothabháil, Móinéar Féir Traidisiúnta DI agus Úlloird Thraidisiúnta.

1. An fásra ar shéadchomhartha infheicthe nó timpeall air a bhainistiú i dtosach báire faoin 28 Feabhra 2017 agus gach bliain ina dhiaidh sin.

2. Ní mór an gníomh a sholáthar ar dháileacht(aí) an CADT. Caithfidh an séadchomhartha/na séadchomharthaí a bheith sainaitheanta go soiléir ar an léarscáil a ghabhann le d’iarratas ar GLAS.

3. Caithfear tabhairt faoin ngníomh ar shéadchomhartha amháin, ar a laghad.

4. An fásra go léir atá i mbun cúngú (gan ccrainn bhunaithe fholláine a áireamh) ar an séadchomhartha/i ngar don séadchomhartha a bhaint. Ní féidir fréamhacha plandaí a

Page 50: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 50 de 92

bhaint.

5.

Caithfear na hoibreacha go léir a dhéanamh le huirlisí láimhe (e.g. le sábh, corrán, miondeimheas agus/nó deimheas prúnála) nó trí uirlis mhótair de láimh a úsáid (e.g. le sábh slabhrach/scuabghearrthóir/ciumhaisire). Ní féidir tarracóirí nó tochaltóirí a úsáid chun fásra a ghearradh nó a bhaint.

6. Ba cheart crainn agus plandaí beaga, ar nós aitinn, róslabhrais, labhrais agus plandaí eile aonair a bhaint trína ngearradh ag a mbun agus an stumpa a chóireáil leis an luibhicíd chuí chun cosc a chur ar athfhás.

7. Ba cheart crainn níos mó a phrúnáil ar airde os cionn an chinn chun rochtain a fhairsingiú ar an láithreán nó ar an séadchomhartha. Ceadaítear pollarú a dhéanamh ar chrainn.

8. NÍ mór nach dtugtar faoi bhainistíocht ar fhásra idir an 1 Márta agus an 31 Lúnasa gach bliain. Is é an t-aon eisceacht atá leis an riail seo ná raithneach a ghearradh nó a lascadh (a shúisteáil), ar féidir tabhairt faoi i lár mhí an Mheithimh.

9. Bain crainn mharbha nó éagobhsaí: Gearr iad a chóngaraí do leibhéal na talún agus is féidir, fág an stumpa sa talamh agus déan pláta fréamhach an chrainn a ionadú sa log reatha.

10. Ní mór crainn a leagadh nó crainn mharbha a ghearradh ina bpíosaí san áit a dtiteann siad agus ní mór na píosaí a bhaint.

11. Déan cumhdach na talún a struimeáil go dtí laistigh de 3m de thaobh seachtrach an tséadchomhartha.

12. Ní cheadaítear eidhneán nó crainn atá dea-bhunaithe a mharú nó a bhaint, a bhfuil a gcórais fréamhacha tar éis ionradh a dhéanamh ar ábhar an struchtúir shaoirseachta.

13. Ceadaítear spotchóireáil trí luibhicídí a úsáid. Ní mór go bhfuil gach luibhicíd córasach.

14. Ní mór go bhfágtar aon saoirseacht a dtagtar uirthi i rith na hoibre atá tite anuas agus níor cheart cur isteach uirthi.

15. Ní mór meatháin nua de phlandaí adhmadacha a bhfuil bunú fúthu i mballaí an struchtúir a bhaint, a fhad agus nach ndéanann seo díobháil don séadchomhartha nó nach ndéanann sé an séadchomhartha a díchobhsú.

16.

Ní mór nach bhfuil rochtain ag beostoc ar an taobh istigh de shéadchomhartha(í) saoirseachta. Cinntigh nach féidir le fásra nua fás taobh istigh den struchtúr, nuair nach mbíonn innilt ar bun. Níor cheart go gcuirfí isteach ar an talamh, dá laghad, nuair a bhíonn seo á dhéanamh.

17.

Ceadaítear innilt ag beostoc i rith na bliana timpeall ar an séadchomhartha/na séadchomharthaí ach ba cheart a bheith cúramach san fhómhar agus i míonna an gheimhridh lena chinntiú nach ndéantar aon díobháil don séadchomhartha/na séadchomharthaí.

Moltaí D’fhonn cosc a chur ar dhíobháil a dhéanamh don láithreán nó don séadchomhartha trí chur isteach ar an talamh agus le caillteanas tobann na gnáthóige a sheachaint, is fearr roinnt idirghabháil bheag a dhéanamh i gcaitheamh roinnt blianta, seachas an obair a dhéanamh in aon bhabhta amháin. Mar shampla, foinse thábhachtach bia iad crainn ar a bhfásann caora i míonna an gheimhridh d’éin. Féadfaidh aiteann, driseacha agus féir arda foscadh a sholáthar d’éin talamhneadaithe, agus is féidir le speicis eile phlanda nach dtagtar orthu go minic, inveirteabraigh agus mamaigh bheaga cur fúthu i raithneach. Leag bolláin uilleacha ag bun chúinne an struchtúr chun cosc a chur ar bheostoc ó chuimilt in aghaidh an tséadchomhartha. I gcás raithní, is é an modh is fearr ná froinn atá i mbun fáis a ghearradh agus a bhrú de láimh, a bhíonn ina chúis le hocras an chórais riosóim de réir a chéile. Is fearr a dhéantar gearradh nó

Page 51: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 51 de 92

lascadh thart ar lár mhí an Mheithimh agus arís eile sé seachtaine ina dhiaidh sin ar feadh trí bliana i ndiaidh a chéile.

Page 52: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 52 de 92

Sruthchúrsaí a Chosaint ó Bhólachtaí Cuspóir Cáilíocht an uisce a chosaint trí bhólachtaí a eisiamh ó shruthchúrsaí. Cúlra Féadfaidh truailliú díreach uisce bheith mar thoradh ar innilt ag beostoc feadh sruthchúrsa i ngeall ar fhual agus ar fhaecas, agus d’fhéadfadh paitigin an t-uisce a iontráil dá bharr. Féadfaidh seo gnáthóga uisceacha a mhilleadh agus cáilíocht an uisce a ísliú a d’fhéadfadh an t-uisce a úsáideann daoine a iontráil. Trí bhólachtaí a eisiamh ó shruthchúrsaí, cuirfear cosc ar dhianscaoileadh an fhásra ar bhruacha an tsruthchúrsa. Chomh maith leis sin, cuirfidh sé cosc ar thruailliú an tsruthchúrsa ag bólachtaí. Nóta: Ní mór d’iarratasóirí Shraith 1 atá i láithreáin uisce ardstádais an gníomh seo a roghnú. Ní mór d’iarratasóirí ag a bhfuil láithreáin stádas uisce leochaileach (fliuch) an gníomh seo a roghnú go mbeidh siad incháilithe mar iarratasóir Shraith 2(a), murach go bhfuil PEA Shraith 1 acu seachas Láithreáin Uisce Ardstádais. Níl sruthchúrsaí ar choimíneacht agus/nó thailte neamhchonartha incháilithe don ghníomh seo ach ní gá iad a fhálú. Déantar gach sruthchúrsa a shainaithint agus a mharcáil ar chóras léarscáilithe ar líne GLAS. Ní sruthchúrsaí incháilithe don ghníomh seo lochanna. Sa chás go bhfuil dáileacht(aí) de thalamh sléibhe nó d’innilt gharbh ag iarratasóirí GLAS NACH ndéanann bólachtaí a innilt agus NACH ndéanfaidh bólachtaí a innilt ag aon tráth i rith chonradh GLAS, tá saoráid i gcóras ar líne GLAS chun an gníomh seo a bhaint ón dáileacht/na dáileachtaí siúd, más mian le Comhairleoir/hiarratasóir GLAS amhlaidh a dhéanamh. Ina theannta sin, sa chás go bhfuil sruthchúrsa marcáilte ar chóras ar líne GLAS, ach nach ann do shruthchúrsa ar dháileacht(aí) an CADT atá i gceist, tá saoráid ann ar chóras ar líne GLAS chun an gníomh seo a bhaint ón dáileacht/na dáileachtaí siúd. Sa chás go bhfuil dáileacht an CADT á deighilt laistigh de cheann amháin de na gníomhartha éan talamh feirme (féach leathanach 5) chun ligean d’fhéar/shadhlas a ghearradh agus gurb ann do láithreán LUAS nó Leochaileach sa dáileacht seo, bainfear an bailíochtú éigeantach chun an gníomh ‘Sruthchúrsa a Chosaint ó Bhólachtaí’ go huathoibríoch chun ligean don dáileacht a dheighilt. Nóta: Le bheith incháilithe don ghníomh seo, ní mór go raibh bólachtaí ag iarratasóirí ar a ngabháltas in 2013 agus d’fhad chonradh GLAS agus ní mór gach páirc féir a dhéanann teagmháil leis an sruthchúrsa/na sruthchúrsaí a fhálú d’fhad an chonartha ar gach talamh chonartha. Ceadaítear chun beostoc a bhogadh trasna an tsruthchúrsa/na sruthchúrsaí chuig dáileacht(aí) aonraithe a fhad agus go bhfuil an dá thaobh den sruthchúrsa fálaithe agus nach dtrasnaíonn an beostoc an sruthchúrsa go rialta. Caithfidh an dáileacht/na dáileachtaí a roghnaíodh don ghníomh ‘Sruthchúrsaí a Chosaint ó Bhólachtaí’ a bheith faoi fhéar do thréimhse an chonartha. Ní mór aon dáileachtaí curaíochta ar na gabháltais seo a dhéanann teagmháil leis an sruthchúrsa/na sruthchúrsaí agus a iompaítear ina fhéar le linn chonradh GLAS a fhálú. Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Boscaí Ialtóige, Boscaí Éin, Caomhnú Beach Aonair (Boscaí/Gaineamh), Éin Talamh Feirme – Éin Lapadaíle Póraithe, Cág Cosdearg, Traonach, Géanna agus Ealaí, Patraisc Bhroinnliath, Cromán na gCearc, Gleoiseach Sléibhe (A, B agus C), Barrscoitheadh Fálta Sceach, Gnáthóg Thalamh Feirme

Page 53: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 53 de 92

(Natura Príobháideach), Fálta Sceach a Leagan, Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh, Féarach Ionchuir Ísil Buan DI, Garrán Crann Dúchasach a Chur, Fál Sceach Nua a Chur, Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (féarthalamh), Póir Neamhchoitianta, Balla Cloiche Traidisiúnta Tirim a Chothabháil, Móinéar Féir Traidisiúnta DI agus Úlloird Thraidisiúnta. Riachtanais

1. Ní mór go raibh bólachtaí ag iarratasóirí ar a ngabháltas in 2013 agus ní mór dóibh iad a choimeád d’fhad chonradh GLAS. Ní mór go bhfuil bólachtaí faoi úinéireacht.

2. Déan gach sruthchúrsa a fhálú a shainaithnítear ar chóras ar líne GLAS, ar a laghad 1.5m amach ó bharr bhruach an tsruthchúrsa chun bólachtaí a eisiamh faoin 31 Márta 2016.

3. Ní mór go bhfuil dáileachtaí an CADT a roghnaítear marcáilte ar an léarscáil a sheoltar ar ais.

4. Ní mór go gcoimeádfaidh an fálú stoc amach, go mbíonn sé oiriúnach don chuspóir agus go dtugtar faoi le stacáin agus sreang bhuan.

5. Ní cheadaítear pointí óil do bheostoc. Ní mór soláthar eile uisce a sholáthar do bheostoc.

Nóta: Má tá an sruthchúrsa i Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (SAC)/Limistéar faoi Chosaint Speisialta (SPA agus mura gceadaíonn an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra fálú, féadtar maolú a lorg ó Chaisleán Bhaile Sheáin gan an sruthchúrsa a fhálú ar na dáileachtaí seo. Caithfear an Maolú seo a lorg agus a fhaomhadh faoin 31 Márta 2016. Sa chás go bhfaomhtar maolú, beidh an rannpháirtí incháilithe i gcónaí do GLAS ach ní bhfaighidh sé/sí aon íocaíocht as gníomhaíocht um fhálú sruthchúrsa do na faid a bhíonn i gceist taobh istigh den mhaolú. Féach Aguisín 17 – Foirm Mhaolaithe le haghaidh ghníomhartha Sonracha GLAS nach mór a uaslódáil ar chóras ar líne GLAS agus a sheoladh ar ríomhphost chuig [email protected].

Page 54: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 54 de 92

Póir Neamhchoitianta Cuspóirí Daonraí de phóir shonracha neamhchoitianta a choimeád, agus sa chás gur féidir, a mhéadú, chun mharthanacht fhadtéarmach na bpór a chinntiú. Nóta: Níl iontráil tosaíochta ar fáil ach dóibh siúd a cláraíodh le cumann ábhartha pór agus a chláraigh an beostoc leis an gcumann ábhartha pór in 2012 agus/nó 2013. Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Ciumhaiseanna Féir Arúil, Boscaí Ialtóige, Boscaí Éin, Caomhnú Beach Aonair (Boscaí/Gaineamh), Éin Talamh Feirme – Éin Lapadaíle Póraithe, Cág Cosdearg, Traonach, Géanna agus Ealaí, Patraisc Bhroinnliath, Cromán na gCearc, Gleoiseach Sléibhe (A, B, C), Idirbharra DI agus PD, Barrscoitheadh Fálta Sceach, Gnáthóg Thalamh Feirme (Natura Príobháideach), Fálta Sceach a Leagan, Féarach Ionchuir Ísil Buan DI agus PD, Curaíocht Íosta, Garrán Crann Dúchasach a Chur, Fál Sceach Nua a Chur, Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (curaíocht), Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (féarach), Sruthchúrsaí a Chosaint ó Bhólachtaí, Balla Cloiche Traidisiúnta Tirim a Chothabháil, Móinéar Féir Traidisiúnta DI agus PD, Úlloird Thraidisiúnta agus Cumhdach Éin Fhiáin DI agus PD. Speicis incháilithe bheostoic

Eallach Capaill agus Capaillíní Caoirigh

Bó Chiarraí Capaillín Chonamara Caora na Gaillimhe Dexter Capall Tarraignthe na

hÉireann

Capall Maol na hÉireann

Capaillín Portaigh Chiarraí

Nóta: Is é an líon uasta aonaid bheostoic is féidir a éileamh d’íocaíocht bhliantúil 10. Déanfar íocaíocht i riaráistí bunaithe ar na meánaonaid mhíosúla bheostoic d’ainmhithe cláraithe faoi úinéireacht i gcaitheamh na bliana taifeadta roimhe sin.

Ríomhtar aonaid bheostoic ar a ndéanfar breithniú le haghaidh íocaíochta ar an mbealach a leanas:

Bólachtaí idir sé mhí agus dhá bhliain 0.6AB

Bólachtaí os cionn dhá bhliain 1.0AB

Eachaithe os cionn sé mhí d’aois 1.0AB

Caora (+/- uan diúil) 0.15AB

Uan caorach (idir sé mhí agus bliain amháin d’aois) 0.10AB

Reithe 0.15AB

Nóta: Bíonn na coibhéisí aonad beostoic thuas i gceist nuair a choimeádtar ainmhí ar feadh bliain iomlán. Ní mór go mbeidh Pasanna Beostoic agus, sa chás gurb infheidhme, deimhnithe ginealaigh, in ainm féin rannpháirtithe GLAS nó sa chás go mbíonn comhainmneacha i gceist, ní mór go mbeidh duine amháin de na daoine siúd, ar a laghad, le sonrú ar an uimhir thréada, chomh maith, a úsáidtear nuair a dhéantar iarratas ar GLAS. Riachtanais Ní mór do rannpháirtithe an méid a leanas a dhéanamh;

1a. I dtaobh Bólachtaí agus Caorach, ní mór do rannpháirtithe bheith ina mball de chumann

Page 55: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 55 de 92

póir a fhaomhann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, ar feadh thréimhse an chonartha.

1b. I dtaobh Eachaithe, ní mór do rannpháirtithe bheith ina mball de leabhar graí a fhaomhann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, ar feadh thréimhse an chonartha.

2a. I dtaobh Bólachtaí agus Caorach, ní mór an síolrach go léir a bhíonn mar thoradh ar chúpláil folaíochta a chlárú leis an gcumann ábhartha póir sa chás go bhfuil íocaíocht GLAS á lorg acu i ngeall ar phór neamhchoitianta don ainmhí.

2b. I dtaobh Eachaithe, ní mór an síolrach go léir a bhíonn mar thoradh ar chúpláil folaíochta a chlárú leis an leabhar graí ábhartha sa chás go bhfuil íocaíocht GLAS á lorg acu i ngeall ar phór neamhchoitianta don ainmhí.

3. Taifead cothrom le dáta míosúil a choimeád ar gach ainmhí cláraithe atá faoi d’úinéireacht.

4. An Leathán Taifid Phór Coitianta bliantúil a chomhlánú agus a sheoladh ar ais d’íocaíocht.

Page 56: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 56 de 92

Ciumhaiseanna Bruachánacha Cuspóirí Sruthchúrsaí a chosaint trí chriosanna líneacha maolánacha a chruthú. Cúlra Acmhainn thábhachtach nádúrtha iad ár sruthchúrsaí ar gá iad a chosaint ó thruailliú agus ó dhíghrádú. Féadfaidh truailliú díreach uisce bheith mar thoradh ar innilt ag beostoc sa chrios maolánach i ngeall ar fhual agus ar fhaecas, agus d’fhéadfadh paitigin an t-uisce a iontráil dá bharr. Féadfaidh seo gnáthóga uisceacha a mhilleadh agus cáilíocht an uisce a ísliú a d’fhéadfadh bheith á ól ag daoine. Déanfaidh ciumhaiseanna maolánacha bruacha abhann a chobhsú agus cothaithigh a bhailiú a iompraítear ar shreabhadh de dhroim talún. Nótaí: Ní féidir leat an gníomh seo a roghnú má tá sruthchúrsaí ar do thalamh a shainaithnítear agus a mharcáiltear ar chóras léarscáilithe ar líne GLAS. Níl sruthchúrsaí ar thalamh choimíneachta incháilithe don ghníomh seo. Níl ciumhaiseanna maolánacha incháilithe ach i ndáileachtaí féarthalún. Ní sruthchúrsaí incháilithe don ghníomh seo lochanna. Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Boscaí Ialtóige, Boscaí Éin, Caomhnú Beacha Aonair (Boscaí/Gaineamh), Barrscoitheadh Fálta Sceach, Fálta Sceach a Leagan, Garrán Crann Dúchasach a Chur, Fál Sceach Nua a Chur, Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (féarthalamh), Balla Cloiche Traidisiúnta Tirim a Chothabháil agus Úlloird Thraidisiúnta. Riachtanais

1.

Ciumhais mhaolánach 3, 6, 10 nó 30m a bhunú trí í a fhálú faoin 31 Márta 2016. Ceadaítear pointe rochtana d’innealra isteach sa chiumhais chun í a choimeád á bainistiú. Ní cheadaítear beostoc chun an chiumhais a innilt ón tráth a bhunaítear í go dtí deireadh chonradh GLAS.

2. Láthair na ciumhaise maolánaí shainaithint ar dháileacht an CADT a roghnaítear agus í a mharcáil ar an léarscáil a sheoltar ar aghaidh le d’iarratas ar GLAS.

3. Féadfaidh rannpháirtithe leithid éagsúla Chiumhaise Maolánaí a roghnú laistigh de dháileachtaí/pháirc chéanna an CADT, ach ar theorainneacha éagsúla/ar leith páirce/an CADT.

4. Déantar leithead na ciumhaise a thomhas ó bharr an bhruaigh nó ó imeall an fhásra (más ann do scrobarnach) isteach sa pháirc.

5. Caithfear an chiumhais a mhótú nó a bhaint ar a laghad uair sa bhliain, seachas idir an 1 Márta agus an 15 Lúnasa gach bliain. Ceadaítear aon chuid den chiumhais a bhaintear a bhaint den láthair.

6. Ní féidir leasacháin a scaipeadh.

7. Ní cheadaítear lotnaidicídí a úsáid, seachas i gcás spotchóireála a dhéanamh ar lustan díobhálach agus ionrach.

Má tá an sruthchúrsa i Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (SAC)/Limistéar faoi Chosaint Speisialta (SPA agus mura gceadaíonn an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra fálú, féadtar maolú a lorg ó Chaisleán Bhaile Sheáin gan an sruthchúrsa a fhálú ar na dáileachtaí seo. Caithfear an Maolú seo a lorg agus a fhaomhadh faoin 31 Márta 2016. Sa chás go bhfaomhtar maolú, beidh an rannpháirtí incháilithe i gcónaí do GLAS ach ní bhfaighidh sé/sí aon íocaíocht as gníomhaíocht um fhálú sruthchúrsa do na faid a bhíonn i gceist taobh istigh den mhaolú. Féach Aguisín 17 – Foirm

Page 57: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 57 de 92

Mhaolaithe le haghaidh ghníomhartha Sonracha GLAS nach mór a uaslódáil ar chóras ar líne GLAS agus a sheoladh ar ríomhphost chuig [email protected].

Page 58: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 58 de 92

Balla Cloiche Traidisiúnta Tirim a Chothabháil Cuspóir Chun an gréasán ballaí traidisiúnta saorsheasaimh tirime cloiche a chothabháil agus a fheabhsú, an bhithéagsúlacht a mhéadú agus an tírdhreach amhairc a fheabhsú. Cúlra Gné thábhachtach iad ballaí cloiche sa tírdhreach. Is minic go gcuireann ballaí foscadh ar fáil do bheostoc, cosaint ar fáil d’fhiadhúlra agus is gnáthóg thábhachtach iad d’fhlóra agus d’fhána araon. Tógtar ballaí tirime cloiche trí chlocha a úsáid a fhanann socair gan mórtar a úsáid agus tógtar iad de réir na stíle traidisiúnta áitiúla. Sa chás go bhfuil rannpháirtí GLAS rannpháirteach i gClár Feirmeoireacht Chaomhnaithe i mBoirinn, chomh maith, agus go bhfuil íocaíocht do bhalla cloiche á fáil aige/aici, níl sé/sí incháilithe don ghníomh seo. Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Ciumhaiseanna Féir Arúil, Boscaí Ialtóige, Boscaí Éin, Caomhnú Beach Aonair (Boscaí/Gaineamh), Éin Talamh Feirme – Éin Lapadaíle Póraithe, Cág Cosdearg, Traonach, Géanna agus Ealaí, Patraisc Bhroinnliath, Cromán na gCearc, Gleoiseach Sléibhe (A, B, C), Idirbharra DI, Barrscoitheadh Fálta Sceach, Gnáthóg Thalamh Feirme (Natura Príobháideach), Fálta Sceach a Leagan, Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh, Féarach Ionchuir Ísil Buan DI, Curaíocht Íosta, Garrán Crann Dúchasach a Chur, Fál Sceach Nua a Chur, Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (curaíocht), Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (féarthalamh), Sruthchúrsaí a Chosaint ó Bhólachtaí, Póir Neamhchoitianta, Ciumhaiseanna Bruachánacha, Móinéar Féir Traidisiúnta DI agus Úlloird Thraidisiúnta. Nóta: Ní mór go mbíonn ballaí cloiche a iontráiltear don ghníomh seo inrochtana agus infheicthe le haghaidh cothabhála. Níl ballaí a bhfuil scrobarnach orthu nó ina gcoinne incháilithe d’íocaíocht. Déanfar íocaíocht do bhallaí seachtracha cloiche feirme don ghníomh seo ar leathráta, seachas i gcás ballaí seachtracha cloiche a bhfuil éadan le bóthar poiblí, lána príobháideach nó dobharlach acu, sa chás go bhfuil smacht ag an bhfeirmeoir ar an dá thaobh den bhalla ar mhaithe le cothabháil. Ní féidir faid bhalla inmheánaigh a chomhaireamh ach uair amháin agus ní mór cothabháil a dhéanamh orthu ar an dá thaobh. Tá balla cloiche a ghabhann timpeall ar chlós feirme incháilithe d’íocaíocht ar an ráta iomlán, a fhad agus a bhíonn smacht ag an rannpháirtí ar an dá thaobh den bhalla ar mhaithe le cothabháil a dhéanamh. Riachtanais

1.

Ballaí traidisiúnta saorsheasaimh a chothabháil trí chlocha a ionadú a d’fhéadfadh titim anuas ó bharr an bhalla nó ballaí a dheisiú má thit clocha anuas/sa chás gur thit clocha anuas. Ní mór ballaí a thit nó ar thit cuid díobh as a chéile a atógáil ar an stíl chéanna le ballaí eile sa chóngaracht. Níl ballaí a tógadh le mórtar incháilithe don ghníomh.

2. Ní mór an láthair agus an fad (méadair) a shainaithint ar cheapach(a) an CADT agus a mharcáil ar an léarscáil a sheoltar ar aghaidh.

3. Is é an fad íosta leanúnach de bhalla cloiche le haghaidh cothabhála 10m.

4. Ní mór na ballaí go léir a iontráladh don ghníomh seo a chothabháil ó thosach an chonartha go dtí deireadh chonradh GLAS.

Page 59: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 59 de 92

Móinéar Féir Traidisiúnta Cuspóir Chun cothabháil modh traidisiúnta de chaomhnú foráiste a chur chun cinn a théann chun sochair flóra agus fána féarthalún. Nóta: Sa chás go mbíonn an Móinéar Féir Traidisiúnta suite laistigh de láithreán ainmnithe Natura 2000, féadfaidh feirmeoirí a roghnú chun íocaíocht a fháil don ghníomh seo seachas do Natura a fhad agus a chomhlíonann an dáileacht Sonraíocht Mhóinéar Féir Traidisiúnta agus go gcomhlíonann siad ainmniú Natura. Beidh rannpháirtithe GLAS a fhaomhtar le haghaidh Maolú Níotráite in aon bhliain de chonradh GLAS incháilithe don ghníomh seo agus déanfar aisghlámadh ar aon íocaíochtaí Móinéar Féir Traidisiúnta a rinneadh go dtí seo. Tá an gníomh seo deighilte idir dáileacht iomlán (DI) agus páirtdáileacht (PD). Móinéar Féir Traidisiúnta DI Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Boscaí Ialtóige, Boscaí Éin, Caomhnú Beach Aonair (Boscaí/Gaineamh), Scoitheadh Fálta Sceach, Gnáthóg Thalamh Feirme (Natura Príobháideach), Fálta Sceach a Leagan, Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh, Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (Féarthalamh), Sruthchúrsaí a Chosaint ó Bhólachtaí, Póir Neamhchoitianta agus Balla Cloiche Traidisiúnta Tirim a Chothabháil. Móinéar Féir Traidisiúnta PD Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Idirbharra PD, Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh, Féarach Ionchuir Ísil Buan PD, Póir Neamhchoitianta agus Cumhdach Éin Fhiáin PD. Riachtanais

1.

Móinéar Féir Thraidisiúnta a roghnú nach mór go gcuimsítear ann trí speiceas féir, ar a laghad, mar shampla, garbhfhéar, tiomóid, muiríneacha, feisciúnna, féar cumhra, féar an chinn bháin, etc. (gan Seagalacha a áireamh) atá leata go fairsing ar fud dháileacht an CADT agus, sa chás gur féidir achar iomlán na dáileachta iomláine nó na dáileachta páirtí (féach 3 thíos) a bhaint le buainteoir tarracóra. Sa chás gurb ann do Sheagalacha, ní mór nach n-áitíonn siad breis agus 50% den bháinseach.

2. Is é an t-achar uasta atá iníoctha 10ha de Mhóinéar Féir Traidisiúnta agus/nó d’Fhéarach Ionchuir Ísil Buan.

3. Is féidir an gníomh a sholáthar ar dháileacht iomlán nó dheighilte féarthalún an CADT. Sa chás go bhfuil an gníomh ar bun i ndáileacht dheighilte, ní mór é a dhigitiú agus a mharcáil ar an léarscáil a sheoltar ar aghaidh.

4. Ní mór gur dearbhaíodh dáileachtaí roghnaithe an CADT mar fhoráiste ar an Scéim Íocaíochta Aonair do na hocht mbliana roimhe seo.

5. Is é an t-uasmhéid nítrigin cheimiceach a cheadaítear a scaipeadh ná 40kg N/ha sa bhliain.

6. Ní féidir le hinnilt titim amach ón 15 Aibreán ar aghaidh go dtí go mbaintear an móinéar go bliantúil agus ní mór seo a dhéanamh i ndiaidh an 1 Iúil.

7. Ní féidir le barrghearradh titim amach ón 15 Márta go dtí i ndiaidh go mbaintear an móinéar gach bliain.

Page 60: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 60 de 92

8.

Féadfaidh beathú forlíontach mine titim amach ar na dáileachtaí seo, a fhad agus go mbogtar umair mhine chun pasáil a sheachaint. Sa chás gur dáileacht Natura an dáileacht, ba cheart do chomhairleoir GLAS agus don rannpháirtí a chinntiú nach n-imríonn beathú forlíontach mine tionchar diúltach ar láithreán Natura.

9.

Sa chás gurb ann dóibh, ní mór luachair a rialú cibé acu go meicniúil, trí chuimilt lustain agus/nó trí spotspraeáil. Cé gur féidir cuimilt lustain agus/nó spotspraeáil titim amach idir an 15 Márta agus nuair a bhaintear an móinéar gach bliain, ní féidir le barrghearradh chun luachair a rialú titim amach idir na dátaí seo.

Moladh: Sa chás nach féidir féar a bhaint, i ngeall ar dhrochaimsir nó ar chúiseanna eile, is féidir sadhlas a bhaint, a fhad agus go n-iompaítear é ar a laghad faoi dhó sula mbailítear é. Baineann tábhacht leis seo go gcinnteoidh an rannpháirtí go scaiptear na síolta agus go leanann an móinéar leis an éagsúlacht riachtanach speiceas a bheith ann i gcaitheamh an chonartha 5 bliana. Nóta: In GLAS, ní cheadófar aon traschúiteamh idir Féarach Ionchuir Ísil Buan agus Móinéir Féir Thraidisiúnta. Má gheallann feirmeoir, ar an ábhar sin, chun 5ha d’Fhéarach Ionchuir Ísil Buan agus 5ha de Mhóinéir Féir Thraidisiúnta a sholáthar, ní mór dóibh 5ha an ceann a sholáthar, i.e. ní féidir leo 6ha d’Fhéarach Ionchuir Ísil Buan agus 4ha de Mhóinéir Féir Thraidisiúnta a sholáthar.

Page 61: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 61 de 92

Úlloird Thraidisiúnta Cuspóir An bhithéagsúlacht a mhéadú agus gnáthóg a sholáthar d’fhiadhúlra ar an bhfeirm. Cúlra Marthanacht seanchineálacha toraidh a chinntiú agus feabhas a chur ar luach amhairc agus stairiúil an tírdhreacha. Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Boscaí Ialtóige, Boscaí Éin, Caomhnú Beacha Aonair (Boscaí/Gaineamh), Barrscoitheadh Fálta Sceach, Fálta Sceach a Leagan, Fál Sceach Nua a Chur, Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (cúraíocht), Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (féarthalamh), Sruthchúrsaí a Chosaint ó Bhólachtaí, Póir Neamhchoitianta agus Balla Cloiche Traidisiúnta Tirim a Chothabháil. Riachtanais

1. Úllord beag 0.05Ha a chur ina bhfuil 10 gcrann toraidh roimh an 31 Deireadh Fómhair 2016.

2. Ní mór an gníomh seo a sholáthar ar dháileacht iomlán an CADT. Ní mór do dháileacht an CADT a roghnaítear a bheith marcáilte ar an léarscáil a sheoltar ar ais.

3. Ní mór go mbíonn crainn spásáilte agus go mbíonn ga 7m óna chéile eatarthu.

4. Roghnaigh cineálacha ó Aguisín 5.

5. Ní mór go dtacaíonn stacán oiriúnach le crainn agus ní mór iad a dhaingniú le ceangal oiriúnach.

6.

Ní mór go mbeadh claí curtha in airde timpeall ar an úllord chun beostoc a choimeád amach uaidh. Ceadaítear innilt le caoirigh taobh istigh den chlaí a fhad agus nach ndéantar aon díobháil do na crainn. Má tá díobháil á déanamh ag coiníní/giorriacha, ní mór bearta chun cosc a chur ar bhreis díobhála a dhéanamh trí chlaí a chur in airde ar féidir leis coiníní a choimeád amach.

7. Caithfear crainn ar theip orthu nó a fuair bás a ionadú i rith an chéad séasúr curtha eile.

8. Ní cheadaítear lotnaidicídí a úsáid, seachas i gcás spotchóireála a dhéanamh ar lustan díobhálach agus ionrach.

9. Caithfear féar agus fásra iomaíoch eile a rialú timpeall ar na crainn, go dtí go bhfuil bunú tagtha orthu.

Moladh Ní mór go mbíonn a bhfréamhacha féin faoi na crainn nó go ndéantar iad a bheangú ar cheann de na fréamhstoic a leanas: MM106 or MM111. Sa chás go mbíonn na crainn le cur i dtalamh mhaith, féadtar crainn a úsáid a bheangaítear ar fhréamhstoc M26, chomh maith. Breis faisnéise http://www.mrmiddleton.com/apple http://www.irishseedsavers.ie www.futureforests.ie

Page 62: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 62 de 92

Cumhdach Éin Fhiáin Cuspóir Meascán barr síolta a chur a sholáthraíonn foinse bia agus cumhdach geimhridh d’éin talamh feirme agus d’fhána eile. Cúlra Barr a chuirtear san earrach is ea Cumhdach Éin Fhiáin nach mbaintear i gcaitheamh an gheimhridh chun bia a sholáthar d’éin talamh feirme. Tá an Gníomh seo deighilte idir dáileacht iomlán (DI) agus páirtdáileacht (PD). Cumhdach Éin Fhiáin DI Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Boscaí Ialtóige, Boscaí Éin, Caomhnú Beacha Aonair (Boscaí/Gaineamh), Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh agus Póir Neamhchoitianta. Cumhdach Éin Fhiáin PD Má roghnaíonn tú an gníomh seo is iad seo a leanas na gníomhartha is féidir leat a roghnú ar dháileacht an CADT seo: Idirbharra PD, Bainistíocht Comhshaoil a dhéanamh ar Thalamh Bán PD, Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh, Féarach Ionchuir Ísil Buan PD, Póir Neamhchoitianta agus Móinéar Féir Traidisiúnta PD. Riachtanais

1. Roghnaigh dáileacht oiriúnach atá in ann barr cumhdaigh éin fhiáin a bhunú trí mheascán oiriúnach síolta a chur faoi mar a leagtar amach thíos, i dtosach báire faoin 31 Bealtaine 2016.

2.

Is féidir an gníomh a sholáthar ar dháileacht iomlán nó dheighilte an CADT. Sa chás go bhfuil an gníomh ar bun i ndáileacht dheighilte, ní mór é a dhigitiú agus a mharcáil ar an léarscáil a sheoltar ar aghaidh i dteannta an iarratais ar GLAS. Ní mór go bhfanfaidh an Cumhdach Éin Fhiáin i bhfeidhm ar feadh fhad chonradh GLAS.

3. Is ionann an t-achar íosta atá le soláthar agus 1ha sa chás go nglactar leis mar ghníomh tosaíochta agus is ionann achar íosta agus 0.25ha sa chás go nglactar leis mar ghníomh ginearálta agus is é an t-achar uasta d’íocaíocht 3ha. Is é méid íosta na dáileachta 0.25ha.

4. Ní mór go bhfanfaidh an barr in situ go dtí an 15 Márta an bhliain dar gcionn. Sa bhliain inar athchuireadh na dáileachtaí go hiomlán, féadfaidh an beostoc an dáileacht a iontráil ón 15 Márta go dtí tráth an churtha chun cabhrú le lobhadh an tsalachair.

5.

Ní mór go mbíonn arbhar (cé acu coirce nó triteacál) sa mheascán 1 bhliain, anuas ar speiceas amháin, ar a laghad ón méid a leanas: ráib olashíl, ros lín agus mustard. Ní mór go mbíonn arbhar (cé acu coirce nó triteacál) agus cál sa mheascán 2 bhliain. Sa chás go gcuirtear an meascán 2 bhliain, déantar leath amháin na ceapaí a chur le harbhar agus déantar leath eile na ceapaí a chur le cál. Ná déan an cheapach a chur le stráicí malartacha, mar gheall nach mór an t-arbhar a chur arís eile i mbliain 2 agus an fágfar an cál in situ.

6. Is féidir rialú lustain sula gcuirtear síolta a úsáid. Ní féidir lotnaidicídí a úsáid i ndiaidh an cheapach a chur. Ceadaítear spotchóireáil le luibhicíd le haghaidh lustan díobhálach agus speicis ionracha, áfach.

7. Ní mór claí a chur in airde ar dháileacht(aí) agus an beostoc a choimeád amach uaithi/uathu ón tráth a chuirtear an barr, go dtí an 15 Márta an bhliain dar gcionn.

8. Is féidir leasachán a scaipeadh ar leathráta, ar a mhéid, don bharr arbhair a fhorordaítear

Page 63: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 63 de 92

in Ionstraim Reachtúil 31 de 2014.

9. Ní féidir an barr a bhaint, in aon chor.

Moltaí Is é druileáil an rogha modh síoltha; ach ceadaítear scaipeadh an tsíl, áfach. Má dhéanann tú an síol a scaipeadh, méadaigh na síolrátaí thart ar idir an tríú cuid (i gcás síolta níos lú) agus faoi leath (i gcás síolta níos mó), agus déan an dáileacht a rolladh díreach i ndiaidh na síolta a chur. Ba cheart aird a thabhairt ar an mbarr a fhás in aice cumhdaigh (e.g. in aice fálta sceach nó i ngar do choillearnach nó do scrobarnach). Chomh maith leis sin, is féidir an barr a fhás feadh srutha nó abhann, áit ar féidir leis gníomhú mar chiumhais mhaolánach, chomh maith. Samplaí Sampla 1: Meascáin síolta bliana amháin ar féidir iad a chur gach bliain – is féidir iad a mheascadh lena chéile.

Meascán síolta Ráta síoltha nuair a dhéantar druileáil

Coirce agus Ros Lín 75 kg/ha de choirce agus 15 kg/ha de ros lín

Coirce agus Mustard 75 kg/ha de choirce agus 10 kg/ha de mhustard

Triteacál agus Ros Lín 75 kg/ha de thriteacál agus 15 kg/ha de ros lín

Triteacál agus Ráib Olashíol 75 kg/ha de thriteacál agus 3 kg/ha de ráib olshíol

Sampla 2: Ní mór meacáin síolta Dhá Bhliain a chur ar leithligh in aice a chéile in aon cheapach amháin.

Bliain Meascán síolta Ráta síoltha nuair a dhéantar druileáil

Bliain 1 Leath den cheapach a bhunú le barr arbhair agus an leath eile a bhunú le cál

75 kg/ha de choirce/thriteacál 3 kg/ha de chál

Bliain 2 Fágtar an cál in situ agus athbhunaítear an barr arbhair i leath den cheapach

75 kg/ha de choirce/thriteacál

Bliain 3 Athbhunaítear an leath den cheapach mar chál agus an leath eile de mar arbhar

75 kg/ha de choirce/thriteacál 3 kg/ha de chál

Bliain 4

Fágtar an cál in situ i leath den cheapach agus athbhunaítear an barr arbhair sa leath eile den cheapach

75 kg/ha de choirce/thriteacál

Bliain 5

Athbhunaítear an leath de mar chál agus an leath eile de mar arbhar

75 kg/ha de choirce/thriteacál 3kg/ha de chál

Page 64: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 64 de 92

Aguisín 1a: An Modh Bainte ‘Ón Lár Amach’

CÉIM 1: Bain an dá bhun den dáileacht pháirce. CÉIM 2: Bain an chuid eile den pháirc ón lár amach go mall (i ngiar íseal). CÉIM *: Más ann dóibh, bain i dtreo tulán carraigeach chun limistéar suntasach fothana a fhágáil.

STEP 2

STEP * STEP 1

Page 65: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 65 de 92

Aguisín 1b: Limistéir thalún atá incháilithe don Phatraisc Bhroinnliath

Page 66: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 66 de 92

Aguisín 1c: Limistéir thalún atá incháilithe don Ghleoiseach Sléibhe

Fíor 1: Sprioclimistéir phríomha agus thánaisteacha don Ghleoisigh Shléibhe i gContae Dhún na nGall

Fíor 2: Sprioclimistéir phríomha agus thánaisteacha don Ghleoisigh Shléibhe i gContae Mhaigh Eo

Page 67: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 67 de 92

Aguisín 2: Idirghníomhú idir an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí (SFO) agus GLAS

Gníomh GLAS An Scéim Feirmeoireachta Orgánaí Ciumhaiseanna Féir Arúil Ceadaítear seo anuas ar íocaíocht an SFO

Boscaí Neadaithe Ialtóige Ceadaítear seo anuas ar íocaíocht an SFO

Boscaí Neadaithe Éin Ceadaítear seo anuas ar íocaíocht an SFO

Caomhnú Beach Aonair (Boscaí) Ceadaítear seo anuas ar íocaíocht an SFO

Caomhnú Beach Aonair (Gaineamh) Ceadaítear seo anuas ar íocaíocht an SFO

Éin Lapadaíle Póraithe Ní cheadaítear seo, ach amháin sa chás nach bhfaightear íocaíocht an SFO don limistéar sin

Ní cheadaítear seo, ach amháin sa chás nach bhfaightear íocaíocht an SFO don limistéar sin

Traonach Ní cheadaítear seo, ach amháin sa chás nach bhfaightear íocaíocht an SFO don limistéar sin

Géanna agus Ealaí Ní cheadaítear seo, ach amháin sa chás nach bhfaightear íocaíocht an SFO don limistéar sin

Patraisc Bhroinnliath Ní cheadaítear seo, ach amháin sa chás nach bhfaightear íocaíocht do Dháileacht an CADT ina bhfuil ciumhais na Patraisc Broinnléith lonnaithe

Cromán na gCearc Ní cheadaítear seo, ach amháin sa chás nach bhfaightear íocaíocht an SFO don limistéar sin

Gleoiseach Sléibhe A Ní cheadaítear seo, ach amháin sa chás nach bhfaightear íocaíocht an SFO don limistéar sin

Gleoiseach Sléibhe C Ní cheadaítear seo, ach amháin sa chás nach bhfaightear íocaíocht an SFO don limistéar sin

Idirbharra Ceadaítear seo anuas ar íocaíocht an SFO

Plean Bainistíochta Coimíneachtaí Ceadaítear seo anuas ar íocaíocht an SFO mar gheall nach ndéantar aon íocaíocht do choimíneacht san SFO

Barrscoitheadh Fálta Sceach Ceadaítear seo anuas ar íocaíocht an SFO

Bainistíocht Comhshaoil a dhéanamh ar Thalamh Bhán

Ní cheadaítear seo, ach amháin sa chás nach bhfaightear íocaíocht do Dháileacht an CADT

Gnáthóg Thalamh Feirme (Natura Príobháideach)

Ceadaítear seo anuas ar íocaíocht an SFO

Fálta Sceach a Leagan Ceadaítear seo anuas ar íocaíocht an SFO

Sciodar Astaíochtaí Ísle a Leathadh Ceadaítear seo anuas ar íocaíocht an SFO

Féarach Ionchuir Ísil Buan Ní cheadaítear seo, ach amháin sa chás nach bhfaightear íocaíocht an SFO don limistéar sin

Curaíocht Íosta Ceadaítear seo anuas ar íocaíocht an SFO

Garrán Crann Dúchasach a Chur Ní cheadaítear seo, ach amháin sa chás nach bhfaightear íocaíocht an SFO don limistéar sin

Fál Sceach Nua a Chur Ceadaítear seo anuas ar íocaíocht an SFO

Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (Dáileachtaí Curaíochta)

Ní cheadaítear seo, ach amháin sa chás nach bhfaightear íocaíocht do Dháileacht an CADT ina bhfuil an séadchomhartha curaíochta lonnaithe

Séadchomharthaí Seandálaíochta a Chosaint agus a Chothabháil (Dáileachtaí Féarthalún)

Ceadaítear seo anuas ar íocaíocht an SFO

Ceadaítear seo anuas ar íocaíocht an SFO

Ceadaítear seo anuas ar íocaíocht an SFO

Ní cheadaítear seo, ach amháin sa chás nach bhfaightear íocaíocht an SFO do Dháileacht an CADT ina bhfuil an chiumhais bhruachánach lonnaithe

Ceadaítear seo anuas ar íocaíocht an SFO

Ní cheadaítear seo, ach amháin sa chás nach bhfaightear

Page 68: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 68 de 92

íocaíocht an SFO don limistéar sin

Ceadaítear seo anuas ar íocaíocht an SFO

Ní cheadaítear seo, ach amháin sa chás nach bhfaightear íocaíocht an SFO don limistéar sin

Page 69: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 69 de 92

Aguisín 3: Speicis Fhaofa Dhúchasacha Fál Sceach An rogha speicis fál sceach NACH MÓR a chur sa ghníomh ‘Fál Sceach Nua a Chur’, an gníomh ‘Barrscoitheadh Fál Sceach’ agus/nó an gníomh ‘Fál Sceach a Leagan’.

Speiceas Saintréithe

An Draighean Prunus spinosa

Tagann fás maith ar an sceach seo in ithreacha troma agus gainmheacha. Tá an sceach fulangach i dtaobh salainn, agus tá sí oiriúnach in áiteanna cósta agus atá nochta. Fásann an tor go tapa agus cruthaíonn sé bac nach féidir a shárú a choimeádann an stoc istigh nuair a bhíonn an tor dea-bhunaithe. Fásann meatháin fréimhe as óna dteastaíonn bainistíocht rialta. Is iontach an planda é seo chun fálta sceach a bhearnú. Ní chuireann gearradh isteach mórán uirthi. Is féidir an tor a iomadú ó mheatháin fhréamhaithe. Is gnách go n-éiríonn an tor lom ag bun an toir.

Cuileann Ilex aquifolium

Fásann seo in ithreacha cré, i ngainimh agus i ngairbhéal. Tá sé an-scáthfhulangach. Ní fhásfaidh sé ar láithreáin fhliucha. Teastaíonn plandaí fireanna agus baineann araon chun caora a tháirgeadh. Planda síorghlas é a fhásann go mall agus a bhfuil luach ard conláiste aige. Cruthaíonn sé bac crua a choimeádann an stoc taobh istigh. Planda maith é le haghaidh bearnú. Bíonn sé tugtha do dhíobháil seaca.

An Sceach Gheal Crataegus monogyna

Tá an tor seo fulangach i leith an chuid is mó d’ithreacha, seachas ithreacha an-fhliucha. Ní bhíonn an rath air ar airdí arda. Bíonn sé tugtha do ghalar smol dóite; níor cheart é a chur i ngar do phlandlanna crann/tor nó d’úlloird tráchtála. Is fál uileláithreach dúchasach é atá righin, crua agus a fhásann go tapa. Ní chuireann dianghearradh agus luí isteach air. Bíonn éagsúlacht fhairsing dathanna bláthanna ar taispeáint aige i rith na tréimhse bláthaithe. Foinse thábhachtach pailine agus neachtair é d’inveirteabraigh; planda mór foráiste le haghaidh beach is ea é.

Page 70: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 70 de 92

Aguisín 4: Crainn Dhúchasacha Éireannacha chun Garrán Crann Dúchasach á Chur

Speiceas Saintréithe Nótaí

An Fhearnóg (Alnus glutinosa)

Oireann an crann seo do láithreáin fhliucha. Fásann sé go tapa agus déanann sé fosú nítrigine. Crann leathanduilleach é atá oiriúnach do na láithreáin is fliche fiú.

Mionspeiceas foraoise is ea é. Crann dúchasach is ea an Fhearnóg. Cruthaíonn an crann roschoill go héasca agus is féidir é a úsáid i meascáin i láithreáin nach bhfuil chomh torthúil céanna. Crann luachmhar foscaidh é.

An Bheith Gheal (Betula pendula),

An Bheith

Chlúmhrach (Betula pubescens)

Speiceas ceannródaíoch a oireann d’ithreacha an-aigéadacha agus do mhóinte. Fásann sé go tapa, speiceas crua is ea é, agus seasann sé go daingean in aghaidh nochta agus seaca. Crann áisiúil é mar bharr cumhdaigh i meascáin ach ní mór é a choimeád faoi rialú nó déanfaidh sé speicis chrainn nach bhfásann chomh tapa céanna a phlúchadh.

Crann beag an-tarraingteach is ea é. Mionspeiceas foraoise is ea é. Crann dúchasach is ea é. Déanann crainn óga roschoill go héasca. Féadtar é a úsáid mar fheabhsaitheoir ithreach. Is féidir é a mheascadh isteach i gcriosanna foscaidh.

An Dair Ghaelach (Quercus petraea),

An Dair Ghallda (Quercus robur)

Oireann dúrabhán dea-aeraithe domhain torthúil don chrann seo. Tiocfaidh fás maith air in ithreacha níos troime. Fásann sé go mall, agus maireann sé go fada.

Mórspeiceas foraoise is ea é. Tá sé ar cheann den bheagán crainn dhúchasacha leathanduilleacha atá in Éirinn. Baineann luach an-ard conláiste agus fiadhúlra leis.

An Caorthann (Sorbus aucuparia)

Oireann sé do láithreáin aigéadacha ísealtalún agus chnoic Fásfaidh sé i láithreáin alcaileacha fiú. Crann crua é a oireann do láithreáin nochta. Crann lena mbaineann conláiste is ea é a mbaintear úsáid fhairsing as.

Mionspeiceas foraoise is ea é. Crann dúchasach is ea é. Cuireann sé tacaíocht mhaith ar fáil don fhiadhúlra.

An Fionncholl (Sorbus aria)

Oireann na hithreacha mianracha is torthúla don chrann seo. Crann tarraingteach conláiste é atá oiriúnach, chomh maith leis sin, chun foscadh a sholáthar.

Mionspeiceas foraoise is ea é. Crann dúchasach is ea é. Tá an crann fulangach i dtaobh láithreáin nochta agus chósta.

Crann Silíní Fiáin (Prunus avium)

Oireann ithreacha mianracha torthúla atá dea-dhraenáilte don chrann seo. Is fearr leis an gcrann seo ithreacha atá beagán aigéadach ach beidh an rath ar an gcrann i ndúrabhán domhain i gcomparáid le haolchloch. Crann é a fhásann go tapa agus a dteastaíonn solas agus spás suntasach uaidh. An t-aon chrann leathanduilleach tráchtála a bhfuil bláthanna tarraingteacha aige.

Mórspeiceas foraoise is ea é. Crann dúchasach is ea é. D’fhéadfadh sé bheith thíos le cancar baictéarach agus ionsaí aifide.

Page 71: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 71 de 92

An tSailchearnach (Salix caprea),

An tSaileach Liath

(Salix cinerea subspp. oleifolia),

An Crann Sníofa (Salix aurita) agus

An tSaileach Bhán

(Salix alba)

Speicis áisiúil is ea é i láithreáin fhliucha agus taobh le sruthanna. Crann é a fhásann go tapa atá áisiúil le haghaidh caomhnú agus conláiste ach is annamh a úsáidtear é le haghaidh táirgeadh adhmaid. Féadtar an tsaileach a úsáid ar bhealaí éagsúla mar chóras crios foscaidh.

Mionspeiceas foraoise is ea é. Crann dúchasach is ea é. Crann tarraingteach é nuair a fhástar é mar chrann caighdeánach.

An Coll (Corylus avellana)

Féadfaidh an Coll fás mar chrann beag ag a bhfuil gas aonair ach is minice a dtagtar air mar thor ilghasach. Baineann luach ard conláiste agus fiadhúlra leis.

Tá an Coll an-oiriúnach do bharrscoitheadh agus do luí.

An Péine Albanach (Pinus sylvestris)

Oireann an Péine Albanach d’ithreacha éadroma ina bhfuil draenáil sách saor nó do lagphortaigh mhóna mhuilleáilte. Speiceas crua é atá fulangach do shioc. Fásann sé go tréan ina luathbhlianta agus is féidir é a úsáid le haghaidh conláiste agus táirgeadh adhmaid.

Speicis foraoise. Crann dúchasach is ea é. Fásann sé go maith i meascán crann le speicis eile, go háirithe an dair agus an bheith.

Page 72: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 72 de 92

Aguisín 5: Liosta Críochnaitheach de chineálacha Crann Dúchasach atá oiriúnach d’Úllord Traidisiúnta

Aherne Beauty Eight Square Síológ Mháirtín

Appletown Wonder Farrell Mrs Perry

April Queen Finola Lee Munster Tulip

Donnrua Ard Cairn Síológ Phrionsias Pêche Melba

Ballinora Pippin Donnrua Mhic Ghiobúin Síológ Rálaigh

Ballyfatten Gibby’s Apple Red Brandy

Síológ Bhaile Uí Bheacháin

Cooker Ghleann Stáil Síológ Uí Mhaoildeirg

Pippin Chnoc an Sciobóil

Golden Royal Richardson

Beauty Bhaile an Táiliúra

Greasy Pippin Ross Nonpareil

Bloody Butcher Green Chisel Sam Young

Crofton Donn Honeyball Scarlet Crofton

Donnarua Bláthach Irish Molly Smut Caoirigh

Gas Cabáiste Péitseog na hÉireann Sovereign

Rós an Chabháin Pitséar na hÉireann Strippy

Sú Talún an Chabháin Portán Mhic Aogáin Úll Mhic Thomáis

Cána Siúcra an Chabháin

Kemp Turkey Willouby Uncle John’s Cooker

Wine an Chabháin Pippin Chiarraí Valentine

Clearheart Pearmain Chill

Chainnigh Crofton Bán

Councillor Bláth Chill Tachúrc Caonach Bán

Davy Apple Lady’s Finger Donnrua Bán

Dick Davies Liatroim Dhearg Widow’s Friend

Dockney Leixlip Clare Buí

Síológ Ecklinville Uncle John’s Cooker

Lough Tree Pitcher Buí

Page 73: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 73 de 92

Aguisín 6: Foirm Shamplach Dhearbhaithe Bunáitíochta chun Garrán Crann Dúchasach a Chur

FOIRM DHEARBHAITHE BUNÁITÍOCHTA (Lena úsáid le Scéimeanna Deontais na Seirbhíse Foraoiseachta) CUID A Cáipéis an tSoláthraí (Le comhlánú ag an bPlandlann/an Soláthraí – Arna eisiúint i gcomhréir le Treoir

1999/105/CE ón gComhairle)

Uimhir Chláraithe Oifigiúil an tSoláthraí: Uimhir Cháipéise an tSoláthraí:

Speicis: Gnáthainm: ____________________________ Luibhainm: _____________________________________

Uimhir an Mháistirdheimhnithe Bunáitíochta: ________________________ Tír Eisiúna: _____________________________

Nóta: Tagraíonn Uimhir an Mháistirdheimhnithe Bunáitíochta do líon na mBun-Deimhnithe Áitíochta síolta a eisíonn Údarás

Náisiúnta Rialála ainmnithe.

Sonraí Bunáitíochta: Tír: ________________________ Bunáitíocht: ___________________________________________

Bunús: Dúchasach Ní Fios Más Neamhdhúchasach: Tír: _______________________Réigiún:____________________

Catagóir: Foinse Sainaitheanta Roghnaithe Úllord Síolta Cáilithe/Neamhthástáilte Tástáilte Riachtanais nach bhfuil

chomh dian céanna/Maolú

Saghas an Bhunábhair: Foinse na síolta Seastán Úllord Síolta Tuismitheoirí teaghlaigh Clón Meascán Clónach

Tagairt an Chláir Náisiúnta nó an cód aitheantais don réigiún bunáitíochta: ___________________________________________________

Cuspóir: Foraoiseacht ilfheidhmeach Cuspóirí sonracha eile (tabhair le fios, le do thoil)

_________________________________________

An fad ama sa phlandlann agus saghas an táirgthe: _______________________________________________________________________

An t-aitheantas uathúil/an bhaiscuimhir a shann an Soláthraí: ____________ an Chainníocht a Seachadadh: _____________ Dáta an

tSeachadta: ___________

Ainm agus Seoladh an Cheannaitheora:

____________________________________________________________________________________

________________________________________________________________________________________________________________

Seoladh Seachadta (más éagsúil):

_______________________________________________________________________________________

Sonraí faoi Phas Planda (sa chás gurb infheidhme): Pas Planda an AE Éire/DAF/Uimhir Chláraithe: ________ Cód PZ: ____________

Sonraí Pas Ionaid: Tír: _______ Uimhir Chláraithe: ________ Baiscuimhir: _______

Dearbhaítear, leis seo, go bhfuil na sonraí go léir thuas i gceart, go gcomhlíonann an bunús/an bhunáitíocht an liosta

bunúis/bunáitíochta lena nglactar sa Lámhleabhar Scéimeanna Foraoiseachta de chuid na Seirbhíse Foraoiseachta

agus/nó Lámhleabhar na Scéime Coillearnaí Dúchasaí agus sa chás gurb infheidhme, tá cáipéis an Bhun-Soláthraí

ar fáil le cigireacht a dhéanamh uirthi.

Ainm agus seoladh na Plandlainne/an tSoláthraí:

_____________________________________________________________________________

_____________________________________________________________________________________________________________

Duine Údaraithe: __________________________________________

Síniú an Duine Údaraithe: _________________________________

Dáta: ______________________________________________________

CUID B le comhlánú ag an gConraitheoir/Iarratasóir

Ainm an Iarratasóra: ___________________________________________________

Bunchóip atá i GCUID A: Fótachóip atá i GCUID A:

Cuirtear an méid a leanas i gcuntas san Fhoirm Dhearbhaithe Bunáitíochta seo:

Gach ceann de na crainn a chuirtear den speiceas thuas ar an gconradh seo: Cuid den chainníocht a cuireadh den speiceas thuas ar an

gconradh seo:

Má thugann Cuid na líonta a cuireadh, iarrtar ort Foirm Dhearbhaithe Bunáitíochta ar leith a chomhlánú do na líonta eile:

Má bhíonn Cuid i gceist, luaigh Uimhir/Uimhreacha na Ceapaí atá infheidhme don Fhoirm Dhearbhaithe Bunáitíochta seo:

Uimhir Chonartha:

Plandlann/Stampa an tSoláthraí

Page 74: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 74 de 92

Dearbhaítear, leis seo, go bhfuil gach ceann de na sonraí bunáitíochta thuas don chonradh i gceart agus sa chás gur cóip atá i

nDearbhú na Plandlainne/an tSoláthraí (Cuid A), tá an bhunchóip ar fáil le cigireacht a dhéanamh uirthi.

Síniú an iarratasóra: __________________________________________________

NÓ Ainm an Chonraitheora: ________________________________________________

Duine Údaraithe an Chonraitheora: __________________________________________

Síniú an Duine Údaraithe: ___________________________________________

Dáta: ________________________________________________________________

Leagan: 21/2/03

Stampa an Chonraitheora (sa chás gurb infheidhme)

Page 75: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 75 de 92

Aguisín 7: Cód an Fheachtais um Úsáid Fhreagrach a bhaint as Creimiricíd (FÚFC) Riachtanais an Chóid FÚFC

1. Bíodh cur chuige pleanáilte agat i gcónaí.

2. Cuir an chainníocht de bhaoite a úsáidtear agus an áit a gcuirtear é i gcuntas i gcónaí.

3. Úsáid dóthain pointí baoite i gcónaí.

4. Déan coirp chreimirí a bhailiú agus a dhiúscairt i gcónaí.

5. Ná fág baoite nochta riamh d’ainmhithe agus d’éin neamhsprice.

6. Ná teiptear riamh ar bhaoite a iniúchadh go rialta.

7. Ná fág baoite riamh thíos ag deireadh na cóireála.

Chun teacht ar bhreis faisnéise (http://www.thinkwildlife.org/crru-code/)

Page 76: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 76 de 92

Aguisín 8: Sampla de thoisí Bosca Ialtóige

Page 77: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 77 de 92

Aguisín 9: Sampla de thoisí Bosca Éin

Page 78: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 78 de 92

Aguisín 10: Sampla de thoisí Bosca Beiche Toisí: Ba cheart go mbeadh na poill san adhmad idir ⅜ orlach agus ¼ orlach ar leithead. Níor cheart go mbeadh méid fhoriomlán an bhosca níos lú ná 30cm ar airde, 30cm ar leithead agus 20cm domhain agus ba cheart go mbeadh starradh chun tosaigh ar an mbosca chun an bháisteach a choimeád amach.

Page 79: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 79 de 92

Aguisín 11: Modh samplach chun fál sceach a leagan Fálta Sceach a Leagan Is éard a bhaineann le fál sceach a leagan ná páirtghearradh a dhéanamh trí ghais roghnaithe, iad a lúbadh anuas ar uillinn 70-80 céim agus na géaga agus na gais a cheangal le stacáin a bhuailtear isteach i múr an fháil sceach. Is ann do go leor saghsanna de leagan fál sceach.

1. Déantar gearradh uilleach anuas (le corrán, tua nó sábh slabhrach) thart ar ¾ tríd an ngas (de réir mar a théann tú i dtaithí air, beidh a fhios agat cé mhéid atá le gearradh). Ansin déantar an gas a luí anuas.

2. Déantar an crúb nó an sop a ghearradh de ar uillinn chlaonta i ngar don talamh chun athfhás a spreagadh ón talamh aníos agus chun cosc a chur ar bheostoc a ghortú agus chun rith chun srutha uisce a cheadú, chomh maith.

3. Cabhraíonn teanga nó inse fada caol chun an gas a leagadh a chasadh agus a shuíomh chun an buntáiste is mó a bhaint amach.

4. Déantar gais leagtha a cheangal chun cosc a chur ar bheostoc díobháil a dhéanamh dóibh trína gcuimilt nó trí bhrú in aghaidh an fháil agus cosc a chur ar dhíobháil mar thoradh ar ghaotha láidre. Déantar gais ghearrtha a cheangal le cuaillí a bhuailtear isteach i mbruach an fháil atá le fí le slata oiriúnacha (coll/saileach) chun cobhsaíocht a chruthú.

Page 80: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 80 de 92

Aguisín 12: Cumainn Phór Neamhchoitianta Cumann Póraitheoirí Chapaillíní Chonamara Rúnaí, Oifigí an CPCC, Tailte an Taispeántais, An Clochán, Contae na Gaillimhe Guthán: 095-21863 Ríomhphost: [email protected] Gréasán: www.cpbs.ie

Póraitheoirí Caorach na Gaillimhe An tUasal Tom Murphy (Rúnaí) An tSraith Liath, An Chríoch, Béal Átha na Sluaighe Contae na Gaillimhe Guthán: 09096 44233 Ríomhphost: [email protected] Gréasán: www.galwaysheep.ie

Comharchumann Chapaillíní Portaigh Chiarraí Teoranta Mary McGrath (Rúnaí) Comharchumann Chapaillíní Portaigh Chiarraí Teoranta Barr Beithe Móin Choinn Contae Chill Chainnigh Ríomhphost: [email protected] Gréasán: www.kerrybogpony.ie

Cumann Eallach Chiarraí Teoranta G.R. Hilliard (Rúnaí) Cahernane, Cill Airne, Contae Chiarraí. Guthán: 064 6631840 Ríomhphost: [email protected] Gréasán: www.kerrycattle.ie

Bord na gCapall (Pór an Chapaill Tarraingthe Éireannaigh) Teach na Feá Páirc na Mílaoise Baile Osbeirn An Nás Contae Chill Dara Ríomhphost: [email protected] Gréasán: www.irishhorseboard.com

Cumann Eallach Maol na hÉireann An tUasal Gillian Steele (Rúnaí) Cumann Eallach Maol na hÉireann, 'Shamrock Vale' 42 Bóthar Bhéal Feirste Lann Abhaigh Cromghlinn Contae Antroma. Guthán: 07842 185008 Ríomhphost: [email protected] Gréasán: www.irishmoiledcattlesociety.com

Cumann Eallach Dexter na Ríochta Aontaithe An tUasal Sue Archer (Rúnaí) Cumann Eallach Dexter, Pailliún Charolais, Ascaill M, Páirc Stoneleigh, Warwickshire. Guthán: 02476 692300 Ríomhphost: [email protected] Gréasán: www.dextercattle.co.uk

Page 81: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 81 de 92

Aguisín 13: Gníomhaíochtaí óna dTeastaíonn Toiliú (GTT) Liosta

Cód Cur síos ar an nGníomhaíocht

ARC-01 Míntíriú, inlíonadh san áireamh.

ARC-02 Tochaltóirí, bristeoirí carraige, ollscartairí, cúltochaltóirí a úsáid nó aon trealamh eile tochailte atá faoi chumhacht hiodrálach a úsáid.

ARC-03 Pléascadh, druileáil, dreidireacht nó carraig, mianraí, láib, gaineamh, gairbhéal nó dríodar eile a bhaint nó cur isteach uirthi ar bhealach eile.

ARC-04 Gach gníomhaíocht a bhaineann le móin a bhaint agus/nó le baint móna.

ARC-05 Plandaí a ghearradh, a dhífhréamhú nó a bhaint ar bhealach eile. [Ní theastaíonn toiliú chun barra saothraithe a bhaint, nó le haghaidh innilte nó bainte.]

ARC-06 Plandaí nó ainmhithe nach dtagtar orthu sa limistéar a thabhairt isteach, nó a thabhairt isteach arís. [Ní theastaíonn toiliú chun barra a chur ar fhéarthalamh bhunaithe athshíoltha nó ar thalamh shaothraithe.]

ARC-07 Eiseamail gheolaíocha a bhaint, ina measc samplaí carraige, mianraí nó iontaisí.

ARC-08 Tabhairt faoi thaighde eolaíochta lena mbaineann ábhar bitheolaíochta a bhailiú agus a bhaint.

ARC-09 Raonta, conairí, bóithre, droichid, tóchair nó bealaí rochtana a thógáil nó a athrú.

ARC-10 Claíocha, ballaí cloiche, fálta sceach, múrtha nó aon teorainn pháirce a thógáil, a bhaint nó a athrú, seachas fálú sealadach leictreach. [Ní theastaíonn toiliú le haghaidh gnáthchothabhála.]

ARC-11 Tochailt, treabhadh, fuirseadh nó cur isteach ar an ithir nó ar an tsubstráit ar bhealach eile. [Ní theastaíonn toiliú do na gníomhaíochtaí seo ar fhéarthalamh bhunaithe athshíoltha nó ar thalamh shaothraithe a fhad agus atá sé suite os cionn 50m ó abhainn, sruth, tuilemhá, bogach, loch, turlach nó lochán.]

ARC-12 Leasachán neamhorgánach nó orgánach a scaipeadh, sciodar agus aoileach clós feirme ina measc. [Ní theastaíonn toiliú do na gníomhaíochtaí seo ar fhéarthalamh bhunaithe athshíoltha nó ar thalamh shaothraithe a fhad agus atá sé suite os cionn 20m ó abhainn, sruth, tuilemhá; nó os cionn 50m ó bhogach, loch, turlach nó lochán.]

ARC-13 Aol a scaipeadh. [Ní theastaíonn toiliú don ghníomhaíocht seo ar fhéarthalamh bhunaithe athshíoltha nó ar thalamh shaothraithe a fhad agus atá sé suite os cionn 20m ó abhainn, sruth, tuilemhá; nó os cionn 50m ó bhogach, loch, turlach nó lochán.]

ARC-14 Aon ábhar a stóráil, a adhlacadh, a dhiúscairt nó a aisghabháil. [Ní theastaíonn toiliú do na gníomhaíochtaí seo ar fhéarthalamh athshíoltha nó ar thalamh shaothraithe a fhad agus atá sé suite os cionn 20m ó abhainn, sruth, tuilemhá; nó os cionn 50m ó bhogach, loch, turlach nó lochán.]

ARC-15 Scrobarnach nó fásra garbh a dhó, a bharrghearradh, a ghlanadh nó a athshíoladh. [Ní theastaíonn toiliú do na gníomhaíochtaí seo ar fhéarthalamh bhunaithe athshíoltha nó ar thalamh shaothraithe a fhad agus atá sé suite os cionn 20m ó abhainn, sruth, tuilemhá; nó os cionn 50m ó bhogach, loch, turlach nó lochán.]

ARC-16 Pluaiseanna agus/nó a mbealaí isteach a mhionathrú.

ARC-17 Feabhsú talmhaíochta a dhéanamh ar mhóinteach nó ar phortach.

ARC-18 Lotnaidicídí, luibhicídí san áireamh, a úsáid. [Ní theastaíonn toiliú do na gníomhaíochtaí seo ar fhéarthalamh bhunaithe athshíoltha nó ar thalamh shaothraithe a fhad agus atá sé suite os cionn 20m ó abhainn, sruth, tuilemhá; nó os cionn 50m ó bhogach, loch, turlach nó lochán.]

ARC-19 Beathú forlíontach beostoic. [Ní theastaíonn toiliú don ghníomhaíocht seo ar fhéarthalamh bhunaithe athshíoltha nó ar thalamh shaothraithe a fhad agus atá sé suite os cionn 20m ó abhainn nó sruth; nó os cionn 50m ó bhogach, loch, turlach nó lochán.]

ARC-20 Athruithe suntasacha ar dhlús an bheostoic (innilt a thabhairt isteach, ina measc), athruithe ar shaghas an bheostoic nó ar shéasúr na hinnilte, seachas ar fhéarthalamh bhunaithe athshíoltha. [Ní theastaíonn toiliú d’athruithe níos lú ná 20% ar a dhéanamh ar dhlús an bheostoic murar tugadh fógra go bhfuil céatadán níos ísle infheidhme do láithreán ar leith.]

ARC-21 Innilt beostoic idir an 1 Aibreán agus an 31 Deireadh Fómhair ar bhuailteachais gheimhridh thraidisiúnta.

ARC-22 Úsáid talmhaíochta a athrú ó mhóinéir féir go dtí aon úsáid eile.

ARC-23 Barra féir a bhaint. [Ní theastaíonn toiliú murar tugadh fógra gur dóchúil go gcuirfidh baint ar thailte sonracha isteach ar phórú agus ar shíolrú traonach i rith na tréimhse a shonraítear san fhógra thuasluaite.]

ARC-24 Oibreacha, nó athruithe a dhéanamh ar bhruacha, grinneall nó ar shreabhadh draenacha, sruthchúrsa nó dobharlaigh.

ARC-25 Oibreacha draenála, draein, sruthchúrsa nó dobharlach a thochailt, a dhoimhniú, a leathnú nó a bhlocáil.

ARC-26 Iontráil beostoic nó innealra isteach i stráicí abhann ina bhfuil diúilicín péarla fionnuisce, nó ina bhfuil diúilicín péarla fionnuisce suas an abhainn.

Page 82: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 82 de 92

ARC-27 Asbhaint uisce, tollphoill agus tobair a shuncáil.

ARC-28 Crainn a leagan nó adhmad a bhaint, adhmad marbh ina measc.

ARC-29 Crainn nó barra ilbhliantúla bithfhuinnimh a chur.

ARC-30 Aon ghníomhaíocht atá in ainm is cur isteach ar éin, ar bhealaí meicniúla, aeir, gáis, gaothchumhachta nó inchloiste ina measc.

ARC-31 Saoráidí nó gníomhaíohctaí tráchtála áineasa/cuairteoirí a fhorbairt nó toiliú a thabhairt dá bhforbairt nó dá n-oibriú.

ARC-32 Úsáid easbhóthair áineasa a bhaint as feithiclí innealghluaiste.

ARC-33 Talamh a úsáid nó úsáid talún a cheadú le haghaidh carrpháirceála.

ARC-34 Foirgnimh, fothracha nó struchtúir eile a athrú, a athchóiriú nó a bhaint.

ARC-35 Athruithe nó deisiúchán a dhéanamh ar chosaintí farraige nó ar oibreacha cosanta cósta, ina measc bearta draenála nó cobhsaithe aille nó sciorrtha talún.

ARC-36 Speicis inveirteabracha mhuirí a bhaint i limistéir idirthaoideacha.

ARC-37 Feithiclí innealghluaiste a thiomáint i limistéir idirthaoideacha, seachas ar bhealaí forordaithe rochtana.

ARC-38 Tabhairt faoi shuirbhéanna gníomhacha fuaimiúla sa timpeallacht mhuirí.

eile Rialú creiche.

Page 83: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 83 de 92

Aguisín 15: Nóta faisnéise do shaghsanna áirithe de láithreáin Natura Soláthraítear na nótaí thíos ar mhaithe le cuspóirí faisnéise agus treorach amháin. Coinníollacha do na Bratphortaigh, na Fraochmhánna agus na Féarthailte Ardtalún Forálacha Ginearálta Is é an bunmholadh chun cleachtais feirmeoireachta a sheachaint a bhíonn ina gcúis le díobháil chomhshaoil agus tá na moltaí go léir a leanas in ainm is an cuspóir sin a chomhlíonadh. Má dhéanann cleachtas díobháil don chomhshaol, ní mór é a stopadh nó a mhionathrú, ach treoirlínte ginearálta iad an méid a leanas agus féadfaidh moltaí sonracha le haghaidh feirmeacha aonair an forlámhas a ghlacadh orthu. Coinníollacha Mionsonraithe le haghaidh Bratphortach, Fraochmhánna agus Féarthailte Ardtalún Dlús Stocála I ngach cás, ní mór plean atá inbhuanaithe i dtaobh cúrsaí comhshaoil de a ullmhú agus cloí leis d’achar iomlán na feirme. Ní mór do chomhairleoir GLAS rátaí optamacha stocála a leagan síos i ndiaidh measúnú cúramach a dhéanamh ar riachtanais um chaomhnú comhshaoil na dtailte. Sa chás go dteastaíonn laghdú ar stoc ó na leibhéil stocála a leagann comhairleoir GLAS síos, ní mór seo a bhaint amach laistigh de bhliain amháin ó thosach an phlean. Ní féidir le haon mhéadú teacht ar leibhéil stocála, ní féidir stoc a thabhairt isteach i limistéir nua agus ní féidir aon athrú teacht ar shaghas na stocála i rith thréimhse an phlean gan faomhadh a fháil roimh ré ón SPNF. Ní mór an líon uasta caorach is féidir a choimeád ar an bhfeirm, ina hiomláine, a leagan síos sa phlean. Baineann na paraiméadair a leanas:

Sa chás nach ndéantar aon díobháil, tá na leibhéil stocála a leanas inghlactha;

Más ionann an leibhéal díobhála agus díobháil mheasartha, ní mór do chomhairleoir GLAS laghdú stocála a fhorordú ar leibhéal a bhaineann leis an díobháil agus ar leor é ar mhaithe le téarnamh an fhásra;

Más ionann an leibhéal díobhála agus díobháil thromchúiseach, ní mór leibhéal stocála idir 70% agus 100% de líonta na gcaorach sa limistéar a ndearnadh díobháil dó a fhorordú ar feadh tréimhse fhorordaithe.

Nuair a dhéantar athbhreithniú ar an bplean, déanfar athbhreithniú ar stádas na limistéar. D’fhéadfadh athrú ar na leibhéil stocála (méadú nó laghdú) a bheith cuí, ag brath ar an dul chun cinn. Baineann leibhéil stocála le caoirigh Bhrocacha na hAlban nó le póir mheánmhéide caorach dá macasamhail. Ba cheart go mbeadh leibhéil stocála le haghaidh eallaigh nó stoc eile a bheith ar rátaí aonad beostoic infheidhme agus aird á tabhairt ar na rátaí tiontaithe le haghaidh na saghsanna éagsúla stoic. Is ionann na leibhéil stocála a mholtar sa cháipéis seo agus rátaí uasta inbhuanaithe i dtaobh innilte i gcaitheamh na bliana iomláine. Má úsáidtear tréimhsí níos giorra d’innilt, féadtar an líon ainmhithe a mhéadú, ach ní gá gurb ionann seo agus pro rata. Beathú Forlíontach Ní cheadaítear beathú forlíontach ach i limistéir ina ndéantar é a chleachtadh faoi láthair. Ní mór láithreacha pointí beathaithe a shonrú. Chun innilt throm, cosaráil, pasáil agus fadhbanna creimthe a laghdú, ba cheart ‘pointí beathaithe’ a bhogadh gach trí seachtaine agus ba cheart iad a shuíomh ar thalamh lena mbaineann an luach is ísle i dtaobh gnáthóige agus fiadhúlra, is fearr iad a shuíomh ar fhéarthalamh amach ó clampaí fraoigh. Ba cheart beathú ar fhánaí géara agus ar ithreacha móinteacha a sheachaint, sa chás gur féidir. Ní mór nach méadaítear an méid iomlán de bheathú a úsáidtear.

Page 84: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 84 de 92

Leasacháin agus Luibhicídí a Úsáid Ní féidir leasacháin orgánacha ná neamhorgánacha ná aol a scaipeadh ar phortaigh, fraochmhánna nó ar fhéarthailte ardtalún, sa chás nár úsáideadh iad roimhe seo. Ní mór nach n-úsáidtear leasacháin mar bhealach chun limistéir chreimthe a athghiniúint. I gcás féarthailte ardtalún, ní féidir leasacháin a scaipeadh ach ar bhonn torthaí tástáil ithreach. Sa chás go bhfuil leasacháin á scaipeadh, ba cheart go ndéanfaí sampáil ithreach sách dlúth i dtosach báire, agus ba cheart sampla amháin, ar a laghad, a ghlacadh in aghaidh gach 2-4ha. Ní mór nach sáraíonn spriocleibhéil fosfáit ithreach leibhéal Innéacs 2 a leagtar amach sa tsonraíocht seo. Ní mór luibhicídí a spraeáil nó a fhorleathadh a sheachaint. Is féidir luibhicídí agus cóireálacha a dhéantar a spotchur agus a chuimilt ar lustan chun copóga, feochadáin, buachaláin agus a mhacasamhail de lustan díobhálach a úsáid. Is féidir róslabhras a bhaint trína ghearradh agus trí chóireáil luibhicíde a úsáid. Féadtar raithneach a rialú trí rolladh, gearradh agus/nó trí chosaráil rialaithe ag eallach go luath sa samhradh. Faoi chúinsí eisceachtúla, féadtar raithneach a rialú ag luibhicídí a cheadú. Truailliú Uisce Ba cheart a bheith fíor-chúramach chun aird a thabhairt ar na ceanglais reachtúla maidir le truailliú uisce. Ar shaintréithe hidreolaíocht talamh phortaigh, tá uiscí dromchla ina bhfuil fíor-ghanntanas cothaitheach, ina bhfuil flóra agus fána atá oiriúnaithe do na coinníollacha seo. D’imreodh saibhriú cothaithigh drochthionchar ar na speicis seo. Ní mór láithreáin nua tumtha caorach a liostáil agus a lonnú amach ó shruthanna agus ó bhorrfhás chun an fhéidearthacht i leith truailliú uisce agus an fhéidearthacht go ndéanfar díobháil d’fhlóra agus d’fhána a laghdú. Cleachtais Choiscthe agus Thoirmiscthe Ní mór nach dtabharfar faoi na cleachtais a leanas ar Bhratphortaigh, Fraochmhánna nó ar Fhéarthailte Ardtalún:

Ní mór gan na limistéir seo a dhraenáil, a threabhadh, a shaothrú nó a athshíoladh.

Ní mór nach ndéanfar aon inlíonadh agus ní mór nach mbainfear aon charraigeacha.

Ní cheadaítear móin a bhaint ar phortaigh neamhshaothraithe. Ceadaítear móin a ghearradh le haghaidh úsáid baile ar mhúrtha reatha.

Ní cheadaítear crainn nó barra eile a chur.

Ní féidir aon raonta nó aon bhealaí nua a chruthú.

Ní cheadaítear rudaí a dhó ach mar chleachtas pleanáilte bainistíochta.

Féadtar aiteann a rialú trí ghearradh, spotspraeáil nó, i gcás eisceachta, trína dhó lasmuigh de shéasúr neadaithe na n-éan (an 1 Márta go dtí an 31 Lúnasa).

Coinníollacha le haghaidh Limistéir Dhuimhche agus Mhachaire Is é an bunmholadh chun cleachtais feirmeoireachta a sheachaint a bhíonn ina gcúis le díobháil chomhshaoil agus tá na moltaí go léir a leanas in ainm is an cuspóir sin a chomhlíonadh. Má dhéanann cleachtas díobháil don chomhshaol, ní mór é a stopadh nó a mhionathrú, ach treoirlínte ginearálta iad an méid a leanas agus féadfaidh moltaí sonracha le haghaidh feirmeacha aonair an forlámhas a ghlacadh orthu. Coinníollacha Mionsonraithe le haghaidh Dumhcha agus Machairí Cur Síos Gnáthóga cósta iad Dumhcha agus Machairí ina bhfuil cnoic agus loig ina dtagtar ar phobail uathúla phlandaí agus ainmhithe mar fhreagairt ar chineál an-éilitheach na timpeallachta tirime, gaofaire agus salainn.

Page 85: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 85 de 92

Mánna réidhe, cothroma iad machairí atá anuas ar ghaineamh atá saibhir i dtaobh aoil de a tháinig chun cinn mar fhreagairt d’idirscor uathúil idir an ghaoth, báisteach ard agus úsáid stairiúil talún. Ní thagtar orthu ach in iarthar na hÉireann agus in Albain. Córas Innilte Ba cheart a thabhairt faoi deara, ar dhumhcha agus ar Mhachairí, is é an cuspóir chun leanúint le cleachtais fhairsinge talmhaíochta, agus chun cosc a chur ar líonta stoic a bhreismhéadú. Ní mór an stoc eallaigh a choimeád ar an leibhéal ar féidir leis an talamh tacú leis – féach chomh maith an mhír ar Bheathú Forlíontach. Ba cheart go leanfadh innilt ag eallach ar siúl ar aon dul le cleachtais thraidisiúnta. Níor cheart an talamh a innilt ach amháin i gcaitheamh an gheimhridh. I limistéir ina ndearnadh innilt i rith an tSamhraidh a chleachtadh go traidisiúnta (i.e. le 10 mbliana anuas), is féidir leanúint leis seo, a fhad, dar ndóigh, nach sáraíonn na leibhéil stoic an méid is féidir leis an talamh freastal orthu ar bhonn inbhuanaithe, áfach. Ba cheart innilt ar limistéir óga agus fordhuimhche a sheachaint. Sa chás go gceadaíonn na coinníollacha, ní mór nach sáraíonn na leibhéil innilte Aonad Beostoic (AB) Amháin in aghaidh an heicteáir de réir an mheáin i gcaitheamh na bliana iomláine agus ní mór nach sáraíonn siad riamh dhá AB in aon am amháin. Chuirfeadh an t-athrú seo ar chumas an dá AB an geimhreadh a chaitheamh ar an dumhcha/an Machaire a fhad agus a mheasann comhairleoir GLAS gurb inbhuanaithe amhlaidh a dhéanamh. Ba cheart caoirigh a thabhairt isteach i limistéir nach ndearnadh a innilt go traidisiúnta a sheachaint, ach féadtar caoirigh a choimeád i limistéir inar coimeádadh caoirigh go traidisiúnta, ach ar leibhéal níos ísle, b’fhéidir. Leibhéil inbhuanaithe stocála Ba cheart go socródh comhairleoir GLAS leibhéil stocála do gach feirm sa phlean feirme. Ba cheart na leibhéil seo a shocrú faoi bhun an leibhéil is cúis le heatrófú, ró-innilt, nó creimeadh, ach a bheith ar leibhéal atá ard a dhóthain chun cúngach fásra agus scrobarnaí gairbhe a rialú. Sa chás go dteastaíonn laghdú ón leibhéil stoic a leagann comhairleoir GLAS síos, ní mór seo a bhaint amach laistigh de 12 mhí ó thosach an phlean. Sa chás go bhfuil an leibhéal stoic le méadú, féadtar seo a leathadh i gcaitheamh thréimhse an phlean, faoi mar a shonraíonn comhairleoir GLAS. Sa chás gur ullmhaíodh plean caomhnaithe don LCS atá i gceist, ba cheart seo a úsáid chun cabhrú le cinneadh a dhéanamh ar an áit a ndearnadh díobháil nó a bhfuil díobháil á déanamh, an áit arb ionann an díobháil agus díobháil mheasartha, agus an áit nach ndearnadh díobháil. Is féidir pleananna oifigiúla caomhnaithe, nuair a bhíonn fáil orthu, a fháil ó oifig áitiúil an SPNF. Beathú forlíontach Féadtar cothaithigh bhreise a thabhairt isteach i limistéir dhuimhche agus Mhachaire trí bheathú forlíontach a thabhairt isteach, agus athrú an-bhunúsach a dhéanamh ar fhásra na limistéar seo. Féadfaidh sadhlas agus beathú eile a úsáid leibhéil iomarcacha stocála a éascú agus féadfaidh truailliú an screamhuisce eascairt astu. Dá thoradh sin, ní fhéadtar aon bheathú forlíontach a úsáid i limistéir nach ndearnadh amhlaidh de ghnáth le deich mbliana anuas a cheadú ach i ndiaidh dul i gcomhairle leis an SPNF. Is féidir cornaí sadhlais a stóráil sna limistéir seo. Ní féidir sadhlas scaoilte a stóráil ach nuair atá córas faofa bailithe eisiltigh i bhfeidhm agus nuair a bhaintear an t-eisilteach ón Machaire/dumhcha.

Page 86: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 86 de 92

Ní féidir le haon bheathú forlíontach titim amach ar limistéir óga agus fordhuimhche. I limistéir Mhachaire agus dhuimhche léith, sa chás gur úsáideadh beathú forlíontach le 10 mbliana anuas, féadtar leanúint le hamhlaidh a dhéanamh sna cásanna a leanas:

Ní mhéadaítear an líon AB a bheathaítear

Ní athraítear speiceas an stoic a bheathaítear

Ní mhéadaítear méid iomlán na coibhéise de bheathú

Ní sháraíonn méid an bheathaithe 3.5 tonna de shadhlas nó 0.75 tonna d’fhéar in aghaidh an AB

Ní thugtar aon mhin agus dlúthbhianna mar bheathú.

Faoi chúinsí eisceachtúla, áfach, ar nós fíor-dhrochaimsir neamhghnách (i.e. nuair a thiteann go leor sneachta nó nuair a bhíonn tuilte troma i gceist), má chomhaontaíonn an SPNF leis, ceadófar beathú. Féadtar méideanna beaga de dhlúthbhianna a thabhairt d’eallach scoite. Saothrú, athshíoladh agus lotnaidicídí Ní mór treabhadh, fuirsiú nó aon fhoirm eile de shaothrú a sheachaint i ngeall go ndéanfaidh seo struchtúr na duimhche a dhíchobhsú. Féadtar ceapacha beaga traidisiúnta curaíochta ar Mhachairí. Cuirfear isteach ar an gcothromaíocht fhásúil ar a mbraitheann an dumhcha má thugtar isteach aon síolta chuig na limistéir seo agus ba cheart seo a sheachaint. Níor cheart féar a bheathú ach ó bheathaitheoirí cruinne. Limistéir iad codanna duimhche seasta de dhumhcha, go bunúsach, ina bhfuil leibhéil ísle de chothaithigh phlanda san ithir agus chuir seo le forbairt a bhflóra shainiúil. Chomh maith leis sin, is ionann na limistéir seo agus na limistéir is mó a úsáidtear le haghaidh innilte. Níor cheart go dtitfeadh leathadh leasachán orgánach (sciodar, aoileach clós feirme), nó leasacháin neamhorgánacha amach, mar gheall go ndéanfaí díobháil don fhlóra sna limistéir seo. Ar Mhachairí, sa chás nach scaipeadh leasachán roimhe seo, ní féidir aon leasachán a scaipeadh anois. Sa chás gur scaipeadh leibhéil ísle d’fhosfar go traidisiúnta ar Mhachairí, áfach, féadtar leanúint leis seo, a fhad agus nach dtagann méadú ar na leibhéil Fosfair os cionn a leibhéal reatha nó, in aon chás, nach sáraíonn siad Innéacs Ithreach 2. Lotnaidicídí agus Luibhicídí Ní mór na luibhicídí go léir a dhéantar a spraeáil nó a fhorleathadh a sheachaint, ach féadtar luibhicídí a spotchur agus a chuimilt ar lustan chun copóga, feochadáin agus a mhacasamhail de lustan díobhálach a úsáid. Cóireálacha Ainmhithe Féadtar dáileog phéiste a úsáid, faoi mar is gnách, ach ní mór ainmhithe a rinneadh a chóireáil le lotnaidicídí, a bhfuil iarmhar na lotnaidicídí siúd fós ar fáil san aoileach, a choimeád amach ón dumhcha ar feadh seachtain amháin, ar a laghad, i ndiaidh cóireála. Dumpáil agus inlíonadh Ní mór dramhaíl tí nó bruscar tionsclaíoch, fuíll feirme, brablach, carraigeacha, nó aon ábhair dá macasamhail a d’fhéadfadh cur isteach ar an timpeallacht nádúrtha trí chothaithigh nó ithreacha agus síolta neamhoiriúnacha a thabhairt isteach a sheachaint. Coinníollacha Feirmeoireachta le haghaidh LCSanna Abhann a Chaomhnú Leasachán i LCSanna Abhann

Page 87: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 87 de 92

I LCSanna abhann, níor cheart aon leasachán ceimiceach a scaipeadh laistigh de 2m d’aon sruthchúrsa. I LCSanna abhann, is ionann an stráice maolánach a mholtar nuair a scaiptear aoileach orgánach agus 10m ó shruthanna agus ó dhraenacha agus a mhéid le 20m ó phríomhchainéil abhann. Sa chás gur laghdaíodh teorainneacha an LCS anuas go dtí 2.5m, is ionann an maolán ábhartha agus é sin faoi Thraschomhlíonadh. Gníomhartha Infhógartha Féadfaidh gníomhaíochtaí reatha feirmeoireachta leanúint ar aghaidh gan fhógra mura mbaineann aon chinn den mhéid a leanas leo, ar gníomhartha infhógartha iad (is é sin, gníomhartha óna dteastódh comhairliúchán agus toiliú roimh ré uathu) a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar ghnáthóga.

Míntíriú, inlíonadh nó draenáil (seachas draenacha a ghlanadh2) laistigh de 5m de bhruach abhann.

Crainn a bhaint; tailte a athshíoladh sa chás nach ndearnadh seo a chleachtadh ar feadh 10 mbliana nó níos mó; nó foraoisiú.

Treabhadh nó aon lotnaidicídí a úsáid sa chás nach ndearnadh seo a chleachtadh ar feadh 10 mbliana nó níos mó.

Aon lotnaidicídí a úsáid (luibhicíd nó feithidicíd) laistigh de 5m de bhruach na habhann.

Diansaothrú na gníomhaíochta reatha feirmeoireachta.

Bruacha, cainéal, grinneall nó sreabhadh na habhann a athrú.

Treabhadh Ní mór imeall íosta neamhshaothraithe 3m ó shruthchúrsaí a choimeád. Sínfidh seo go dtí 5m sa chás gur mó teorainn an LCS agus níos mó ná 2.5m. Saintreoir ina leagtar amach Coinníollacha Feirmeoireachta atá infheidhme d’Fhéarthailte Boga, Calaí ina measc, Féarthalún Fhliuch Ísealtalún, Eanaigh agus Riasca. Innilt Tá cleachtais thraidisiúnta3 innilte le coimeád. Deimhneoidh comhairleoir GLAS an méid a bheidh i gceist le cleachtas traidisiúnta, a n-áireofar líonta agus saghas an bheostoic leis, úsáid na speiceas agus an patrún séasúrach innilte. Níl caoirigh agus/nó gabhair le tabhairt isteach i limistéir nár thángthas orthu go traidisiúnta. Ní mór nach ndéanfar an talamh a ghanninnilt. Idir an 10 Márta agus deireadh mhí an Mheithimh, baineann teorainn ráta stocála 1AB/ha. Beathú Forlíontach Níl aon bheathú forlíontach le tabhairt isteach i limistéir nach ndearnadh é seo go traidisiúnta. Féadtar beathú áirithe dlúthbhianna a cheadú ar chomhaontú leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra faoi chúinsí aonair. Beidh aon chead den saghas sin scríofa isteach sa phlean ag an tráth a ullmhaítear an plean sin. Baint I limistéir nach mbaineann saintreoir an traonaigh, ní chuirfear tús le baint roimh an 30 Meitheamh mura ndearnadh an talamh a bhainistiú roimhe seo agus gur beag éagsúlacht phlandaí atá ann. Ní mór aon eisceachtaí ina leith seo a mhíniú sa phlean feirme. Áirítear le ‘baint’ barrghearradh, slabhrú féir nó rolladh.

2 Ní hionann draenacha reatha laistigh de LCSanna agus rogha infhógartha.

3 Ciallaíonn ‘Traidisiúnta’ cleachtais atá á n-úsáid le deich mbliana anuas.

Page 88: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 88 de 92

Leasú Féadfaidh leasú ar bhealach ceimiceach nó orgánach titim amach ar an mbealach céanna, i gcomhréir le ‘Dea-Chleachtais Feirmeoireachta’, agus ní féidir aon diansaothrú a dhéanamh, ach amháin ar chalaí a rinneadh a leasú ar an mbealach sin go traidisiúnta. Draenáil Ceadófar draenacha reatha a choimeád agus ní thabharfar faoin aon oibreacha draenála seachas má chomhaontaíonn an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra leis roimh ré. Beidh aon chead den saghas sin scríofa isteach sa phlean ag an tráth a ullmhaítear an plean sin. Dumpáil, Inlíonadh nó Fásra a Dhó Ní cheadófar aon dumpáil nó inlíonadh. Meastar gurb ionann dramhaíl talmhaíochta a dhiúscairt, ar nós féar millte, agus dumpáil agus déantar é a thoirmeasc. Ceadaítear féar fuíll a charnadh agus a dhó ina dhiaidh sin ar an láithreán a fhad agus a chomhlíonann sé na gnáthfhorálacha dlíthiúla. Cuirtear cosc dian ar ábhair a iompórtáil ó láithreáin eile ar mhaithe le dó. Athshíoladh, Míntíriú nó Crainn a Chur Ní cheadófar aon athshíoladh, míntírú nó aon chrainn a chur, seachas má chomhaontaíonn an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra leis roimh ré agus cuirfear aon chomhaontú den saghas sin san áireamh sa phlean. Tógáil Bóithre Ní cheadaítear bóithre nua a thógáil (tóchair agus droichid ina measc) ach amháin má chomhaontaíonn an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra leis go sonrach. Tá aon chomhaontú den saghas sin le scríobh isteach sa phlean. Ní chuirtear cosc ar bhóithre reatha a chothabháil. Cóireálacha Seasmhacha a Úsáid Ní dhéanfar ceimiceáin rialaithe lotnaidí, atá sna hainmhithe go seasmhach agus a fhágann iarmhair in aoileach ainmhí ar feadh tréimhsí fada, a thabhairt d’ainmhithe a bhaineann úsáid as an láithreán. Is féidir glacadh le foirmeacha doirte nó in-insteallta. Luibhicidí a Úsáid Ní cheadaítear lustan díobhálach agus copóga a rialú ach trí spotspraeáil amháin. Ní cheadófar luibhicídí a úsáid chun speicis eile a rialú, nó rialú a dhéanamh ar bhealaí eile seachas spotspraeáil, ach trí chomhaontú sonrach a dhéanamh leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus cruthóidh an comhaontú sin cuid den phlean.

Page 89: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 89 de 92

Aguisín 16: Sonraí faoi Speiceas/Lustan Díobhálach agus Ionrach Lustan Díobhálach Is ionann lustan díobhálach agus speiceas planda a rinne údarás reachtúil a ainmniú mar speiceas a dhéanann díobháil do thalmhaíocht, gairneoireacht, gnáthóga/éiceachórais agus daoine nó beostoc. Is gnách go ndéanann siad díobháil do shláinte daoine nó ainmhithe. Féadfaidh lustan díobhálach a bheith dúchasach nó d’fhéadfadh gur tugadh isteach iad. B’fhéidir nach gcruthóidh speiceas dúchasach bagairt nuair a fhásann sé i bhforaois nádúrtha, cuirimis i gcás, ach d’fhéadfadh sé fadhb a chruthú nuair a dhéantar tírdhreach a athrú, e.g. glanadh chun saothrú a dhéanamh. Is gnách gur plandaí iad seo, a dtagann iolrú ionsaitheach orthu agus nach ndéantar aon rialú nádúrtha orthu, ar nós ag luibhiteoirí nó coinníollacha ithreach nó aeráide. Tugtar eimhear sléibhe, buachalán agus buachalán buí ar an mbuachalán (Senecio Jacobea) in Éirinn. Tá an buachalán fíor-thocsaineach d’eallach, capaill, fianna, gabhair, muca agus sicíní. Alcalóidigh thocsaineacha iad na substaintí nimhiúla sa bhuachalán (Jacobine, Jacodine agus Jaconine). Is éard a bhíonn mar thoradh ar na substaintí seo ná go mbailíonn copar san ae, agus bíonn drochshláinte agus bás mar thoradh air seo. Ní mhilltear an t-ábhar nimhiúil a chuimsítear sa bhuachalán trí thriomú. Foinse thromchúiseach nimhithe is ea sadhlas féir ina bhfuil an buachalán, chomh maith. Is é an síol an príomh-mhodh a scaiptear an lustan seo, ach tá blúirí fréimhe in ann síolrú a dhéanamh, chomh maith. Déanann gach planda idir 50,000 agus 200,000 síol a tháirgeadh i gcaitheamh tréimhse idir 4 agus 6 seachtaine. Planda débhliantúil is ea an buachalán, i.e. fásann sé ó shíol agus fanann sé i gcéim róiséid i gcaitheamh an chéad séasúr fáis. An bhliain dar gcionn, déanann sé a bhláthanna buí órga comónta a tháirgeadh ar ghas a bhíonn idir 45 agus 75 cm ar airde. I measc na samplaí tá Buachalán, Feochadán, Copóg, Barbróg, Leannlus Fiáin Fireann, Coirce Fiáin an Earraigh. Speicis Ionracha Is ionann speicis ionracha agus speicis a tugadh isteach (d’aon turas nó de thimpiste) ag daoine agus imríonn siad tionchar diúltach ar an mbarainneacht, fiadhúlra nó ar ghnáthóga na hÉireann agus Thuaisceart Éireann. I ndiaidh gnáthóg a chailleadh, is iad speicis ionracha an dara bagairt is mó atá in aghaidh na bithéagsúlachta ar fud an domhain, agus an bhagairt is mó ar oileáin. I measc na samplaí de na speicis seo, tá Leadánaí na Nua-Shéalainne, Seiceamar, an Mhailp Mhór, Nóiníní, Feileastram Dearg, Coinín Eorpach, Féar Giolcaigh, Ascaid Chomónta, Slat Óir Cheanda, Cainchín Mion, Glúineach Spíceach, Dair Thoilm. Is féidir teacht ar bhreis sonraí faoi speicis ionracha ag www.invasivespeciesireland.com

Page 90: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 90 de 92

Aguisín 17: Foirm Mhaolaithe le haghaidh gníomhartha Sonracha GLAS

Gníomh – Cuir tic sa ghníomh cuí, le do thoil

Sruthchúrsaí a Chosaint ó Bhólachtaí

Ciumhaiseanna Bruachánacha

Uimhir Thréada

Dáileacht(aí) an CADT

An chúis atá le maolú

Ainm chomhairleoir GLAS

Síniú

Dáta

Page 91: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 91 de 92

Aguisín 18: Foirm 1A le haghaidh Éin Chlós Feirme

Foirm 1A

Coigeartuithe ar Ghníomhartha maidir le hÉin Chlós Feirme a Chaomhnú don Ghleoiseach Sléibhe A, Cág Cosdearg, Traonach, Cromán na gCearc agus Éin

Lapadaíle Póraithe (do rannpháirtithe GLAS a bhfuil Limistéir Thagartha Iomlána4 le haghaidh Éin Chlós Feirme acu a sháraíonn 19ha amháin)

1. Dáileachtaí Iomlána nó Deighilte an CADT a shainaithint sa chás nach mbeidh

an cosc ar leasachán a dtugtar cuntas air laistigh de Shonraíocht GLAS i gceist.

Uimhir Dháileachta nó Uimhir Cheapaí an CADT Uimhir Dháileachta nó Uimhir Cheapaí an CADT

4 Is ionann an t-iomlán agus suim na ngníomhartha uile éin chlós feirme a liostaítear thuas, e.g. 10ha de

limistéar tagartha don Ghleoiseach Sléibhe A + limistéar tagartha 10ha do Chromán na gCearc = 20ha ar an

iomlán.

Page 92: An Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na … · 2018-05-09 · Cromán na gCearc ... 1Caithfidh fad aonair leanúnach a bheith i gceist leis: bl. = bliain, m = méadar,

Leathanach 92 de 92

2. Sa chás go bhfuil limistéar tagartha den Ghníomh/na Gníomhartha Éin Chlós Feirme atá os cionn 19 ha ag iarratasóir GLAS AGUS gur mian leis/léi BREIS AGUS 20% den Limistéar a bhaint go hiomlán ó chonradh GLAS, caithfidh Comhairleoir GLAS an fírinniú thíos a chomhlánú.

Lorgaíonn Iarratasóir GLAS cead chun _______ heicteár de limistéar tagartha, ar an iomlán, a bhaint, arb ionann sin agus ______% den limistéar iomlán a shainaithnítear óna c(h)onradh GLAS. Sainaithnítear dáileachtaí iomlána/deighilte an CADT atá le baint ar chóras ar líne GLAS. Mar seo a leanas atá an fírinniú dó seo:

Tabhair le fios an neaschéatadán den ghabháltas is gnách a bhaintear le haghaidh fodair

%

Síniú Chomhairleoir GLAS

Nóta: Caithfear Foirm 1A a chomhlánú go hiomlán agus a sheoladh ar aghaidh ag an tráth a sheoltar ar aghaidh an t-iarratas ar GLAS. Déanfar scrúdú ar gach iarratasóir GLAS a lorgaíonn chun breis agus 20% den Limistéar iomlán Éin Chlós Feirme a shainaithnítear ar chóras ar líne GLAS ar bhonn cás ar chás lena chinntiú go bhfuil údar leis an gcéatadán méadaithe. Tabhair faoi deara, le do thoil, sa chás gur Natura ainmnithe iad dáileachtaí nó Ceapacha an CADT, caithfidh tú leanúint le coinníollacha an ainmnithe a chomhlíonadh.