24
12765.02 AM 1 uair an chloig. TREOIR D’IARRTHÓIRÍ Scríobh d’Uimhir Lárionaid agus d’Uimhir Iarrthóra sna spásanna chuige sin ag barr an leathanaigh seo. Ní mór duit na ceisteanna a fhreagairt sna spásanna chuige sin. Ná scríobh taobh amuigh den achar bhoscáilte ar gach leathanach nó ar leathanaigh bhána. Comhlánaigh le dúch dubh amháin. Ná scríobh le peann glóthaí. Freagair gach ceann de na naoi gceist. EOLAS D’IARRTHÓIRÍ Is é 70 an marc iomlán don pháipéar seo. Léiríonn figiúirí idir lúibíní atá priontáilte ar thaobh na láimhe deise de leathanaigh na marcanna atá ag dul do gach ceist nó do gach cuid de cheist. Measúnófar caighdeán na cumarsáide scríofa i gCeist 3. *GDW12* *GDW12* *24GDW1201* *24GDW1201* Eolaíocht Teastais Dhúbailte: Bitheolaíocht Aonad B1 Ardsraith [GDW12] DÉ CÉADAOIN 26 FEABHRA 2020, MAIDIN General Certificate of Secondary Education 2019–2020 Uimhir Lárionaid Uimhir Iarrthóra

Aonad B1 *GDW12* *G5802* Ardsraith - CCEA · 2020. 9. 10. · Ansin, bhain an dalta úsáid as an tóireadóir le tiúchan na dé-ocsaíde carbóin sa chlogad le planda a thomhas,

  • Upload
    others

  • View
    12

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: Aonad B1 *GDW12* *G5802* Ardsraith - CCEA · 2020. 9. 10. · Ansin, bhain an dalta úsáid as an tóireadóir le tiúchan na dé-ocsaíde carbóin sa chlogad le planda a thomhas,

12765.02

*G5802*

AM1 uair an chloig.

TREOIR D’IARRTHÓIRÍ

Scríobh d’Uimhir Lárionaid agus d’Uimhir Iarrthóra sna spásanna chuige sin ag barr an leathanaigh seo.Ní mór duit na ceisteanna a fhreagairt sna spásanna chuige sin.Ná scríobh taobh amuigh den achar bhoscáilte ar gach leathanach nó ar leathanaigh bhána.Comhlánaigh le dúch dubh amháin. Ná scríobh le peann glóthaí.Freagair gach ceann de na naoi gceist.

EOLAS D’IARRTHÓIRÍ

Is é 70 an marc iomlán don pháipéar seo.Léiríonn figiúirí idir lúibíní atá priontáilte ar thaobh na láimhe deise de leathanaigh na marcanna atá ag dul do gach ceist nó do gach cuid de cheist.Measúnófar caighdeán na cumarsáide scríofa i gCeist 3.

*GDW12*

*GDW12*

*24GDW1201*

*24GDW1201*

Eolaíocht Teastais Dhúbailte: BitheolaíochtAonad B1Ardsraith

[GDW12]DÉ CÉADAOIN 26 FEABHRA 2020, MAIDIN

General Certificate of Secondary Education2019–2020

Uimhir Lárionaid

Uimhir Iarrthóra

Page 2: Aonad B1 *GDW12* *G5802* Ardsraith - CCEA · 2020. 9. 10. · Ansin, bhain an dalta úsáid as an tóireadóir le tiúchan na dé-ocsaíde carbóin sa chlogad le planda a thomhas,

12765.02

1 (a) Taispeánann an grianghraf thíos srónbheannach bán le préachán ar a dhroim.

Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanann.

Tá cónaí ar shrónbheannaigh bhána ar fhéarthailte na hAfraice.Is é féar an príomhbhia do shrónbheannach bán.Tá an préachán ar dhroim an tsrónbheannaigh á chothú féin ar sceartáin.Is ainmhithe beaga iad sceartáin a chothaíonn iad féin ar fhuil an tsrónbheannaigh agus cuireann siad as dá chraiceann.

préachán

Bain úsáid as an fhaisnéis agus an grianghraf thuas le cuidiú leat na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt.

(i) Luaigh gnáthóg an tsrónbheannaigh bháin.

[1]

(ii) Tarraing biashlabhra ina bhfuil na ceithre orgánach atá luaite sa tsliocht.

[3]

*24GDW1202*

*24GDW1202*

Crow © Colin Vamdell / Science Photo LibraryRhino © Tony Camocho / Science Photo Library

Page 3: Aonad B1 *GDW12* *G5802* Ardsraith - CCEA · 2020. 9. 10. · Ansin, bhain an dalta úsáid as an tóireadóir le tiúchan na dé-ocsaíde carbóin sa chlogad le planda a thomhas,

12765.02[Tiontaigh an leathanach

*24GDW1203*

*24GDW1203*

(iii) Cad é an tairbhe a bhaineann an srónbheannach bán as préacháin?

[1]

(iv) Cad é an tairbhe a bhaineann an préachán as an tsrónbheannach bhán?

[1]

(b) Ba é 20 000 líon na srónbheannach bán san fhiántas sa bhliain 2014.Le linn na bliana seo, maraíodh 6% de phobal an tsrónbheannaigh bháin debharr seilg mhídhleathach.

(i) Bain úsáid as an fhaisnéis atá tugtha thuas le líon na srónbheannach bán amaraíodh de bharr seilg mhídhleathach sa bhliain 2014 a ríomh.

Taispeáin do chuid oibre.

[2]

(ii) Luaigh toisc bhitheach amháin, seachas seilg mhídhleathach, ad’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar phobal an tsrónbheannaigh bháin sanfhiántas.

[1]

Page 4: Aonad B1 *GDW12* *G5802* Ardsraith - CCEA · 2020. 9. 10. · Ansin, bhain an dalta úsáid as an tóireadóir le tiúchan na dé-ocsaíde carbóin sa chlogad le planda a thomhas,

12765.02

2 (a) Is minic a bhíonn einsímí i mbia leanaí atá ullmhaithe ar bhonn tráchtála. Tosaíonn na heinsímí seo ag díleá an bhia leanaí sula dtéann sé isteach i ngoile linbh. Cuidíonn sé seo le leanbh a chuid bia a dhíleá go hiomlán.

(i) Ainmnigh an einsím a chuirfí le bia leanaí atá ullmhaithe ar bhonn tráchtála,le cuidiú le próitéin a dhíleá.

[1]

(ii) Bain úsáid as do chuid eolais ar einsímí lena mhíniú cad chuige nachndíleáfadh einsím dhifriúil próitéin.

[2]

(b) Léiríonn an léaráid thíos cuid de mhóilín próitéine.

(i) Ainmnigh an cineál de mhóilín bitheolaíoch atá léirithe ag na cruthannadifriúla sa léaráid, a dhéanann móilín próitéine.

[1]

*24GDW1204*

*24GDW1204*

Page 5: Aonad B1 *GDW12* *G5802* Ardsraith - CCEA · 2020. 9. 10. · Ansin, bhain an dalta úsáid as an tóireadóir le tiúchan na dé-ocsaíde carbóin sa chlogad le planda a thomhas,

12765.02[Tiontaigh an leathanach

(ii) Sa spás thíos, tarraing na táirgí atá foirmithe nuair a dhéantar an chuid seode mhóilín próitéine a dhíleá go hiomlán.

[2]

*24GDW1205*

*24GDW1205*

Page 6: Aonad B1 *GDW12* *G5802* Ardsraith - CCEA · 2020. 9. 10. · Ansin, bhain an dalta úsáid as an tóireadóir le tiúchan na dé-ocsaíde carbóin sa chlogad le planda a thomhas,

12765.02

3 Cuir síos ar an dóigh a ndéanann miocrorgánaigh dianscaoileadh.

Cuir an méid seo a leanas i do fhreagra:

• an dá chineál miocrorgánaigh a dhéanann dianscaoileadh.• próiseas an dianscaoilte.

Sa cheist seo measúnófar thú ar scileanna na cumarsáide scríofa agat, lena n-áirítear úsáid na saintéarmaí eolaíocha.

[6]

*24GDW1206*

*24GDW1206*

Page 7: Aonad B1 *GDW12* *G5802* Ardsraith - CCEA · 2020. 9. 10. · Ansin, bhain an dalta úsáid as an tóireadóir le tiúchan na dé-ocsaíde carbóin sa chlogad le planda a thomhas,

12765.02

LEATHANACH BÁN

NÁ SCRÍOBH AR AN LEATHANACH SEO

(Leanann ceisteanna ar an chéad leathanach eile)

[Tiontaigh an leathanach

*24GDW1207*

*24GDW1207*

Page 8: Aonad B1 *GDW12* *G5802* Ardsraith - CCEA · 2020. 9. 10. · Ansin, bhain an dalta úsáid as an tóireadóir le tiúchan na dé-ocsaíde carbóin sa chlogad le planda a thomhas,

12765.02

4 (a) Rinne eolaithe imscrúdú ar an méid allais atá caillte ag lúthchleasaí le linn 60 nóiméad d’aclaíocht.Thaifead siad toirt an allais a tháirg sé gach 10 nóiméad le linn na haclaíochta.

Taispeánann an graf thíos na torthaí.

0

100

200

300

400

500

600

10 20 30 40 50 60

Am/nóiméid

Toirt

an

alla

is th

áirg

the/

cm3

×

×

×

×

×

×

Bain úsáid as an ghraf leis na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt.

(i) Luaigh toirt an allais atá táirgthe ag an lúthchleasaí thar an chéad 30nóiméad.

cm3 [1]

*24GDW1208*

*24GDW1208*

Page 9: Aonad B1 *GDW12* *G5802* Ardsraith - CCEA · 2020. 9. 10. · Ansin, bhain an dalta úsáid as an tóireadóir le tiúchan na dé-ocsaíde carbóin sa chlogad le planda a thomhas,

12765.02[Tiontaigh an leathanach

(ii) Ríomh toirt an allais atá táirgthe ag an lúthchleasaí thar an dara30 nóiméad.

Taispeáin do chuid oibre.

cm3 [2]

(iii) Do fhreagraí ar (i) agus (ii) in úsáid agat, ríomh an difríocht i dtoirt an allaisatá táirgthe ag an lúthchleasaí thar an dara 30 nóiméad i gcomparáid le toirtan allais a tháirg sé thar an chéad 30 nóiméad.

cm3 [1]

(iv) Tá toirt an allais atá táirgthe ag an lúthchleasaí thar an dara 30 nóiméadníos mó ná toirt an allais a tháirg sé thar an chéad 30 nóiméad.Luaigh cad chuige.

[1]

(b) Cuir síos ar an éifeacht atá ag aclaíocht an lúthchleasaí ar thoirt agus arthiúchan an fhuail atá táirgthe i ndiaidh aclaíochta.

Toirt

Tiúchan [2]

(c) (i) Ainmnigh an t-orgán sa chorp a dhéanann osmairialú.

[1]

(ii) Tarraing ciorcal thart ar an fhrása thíos a chuireann síos ar cad é a tharlódhd’fhuil an lúthchleasaí seo mura ndearna an t-orgán seo osmairialú le linnaclaíochta.

Bheadh an tiúchansan fhuil níos lú

Bheadh an tiúchansan fhuil mar an gcéanna

Bheadh an tiúchan san fhuil níos mó [1]

*24GDW1209*

*24GDW1209*

Page 10: Aonad B1 *GDW12* *G5802* Ardsraith - CCEA · 2020. 9. 10. · Ansin, bhain an dalta úsáid as an tóireadóir le tiúchan na dé-ocsaíde carbóin sa chlogad le planda a thomhas,

12765.02

5 (a) Scríobh sna boscaí folmha leis an chothromóid chothromaithe cheimiceach d’fhótaisintéis a chomhlánú.

+6H2O+

[3]

(b) Is féidir le tosca timpeallachta an ráta fótaisintéise i bplanda a theorannú.

Taispeánann an graf thíos an éifeacht a bhaineann le déine solais a mhéadú aran ráta fótaisintéise i bplanda nuair a chuirtear i ndé-ocsaíd charbóin 0.03% éag 20 °C agus 30 °C.

0

25

50

75

100

1 2 3 4 5 6

Déine solais/aonaid threallacha

Rát

a fó

tais

inté

ise/

aona

id th

real

lach

a

0 7

B

A

30 °C

20 °C

*24GDW1210*

*24GDW1210*

Page 11: Aonad B1 *GDW12* *G5802* Ardsraith - CCEA · 2020. 9. 10. · Ansin, bhain an dalta úsáid as an tóireadóir le tiúchan na dé-ocsaíde carbóin sa chlogad le planda a thomhas,

12765.02[Tiontaigh an leathanach

(i) Ainmnigh an toisc thimpeallachta atá ag teorannú an ráta fótaisintéise idirpointí A agus B.Mínigh do fhreagra.

[2]

(ii) Bain úsáid as d’eolas ar ghníomhaíocht einsímeach le míniú a thabhairtar an difríocht i ráta na fótaisintéise nuair a mhéadaigh an teocht ó 20 °C go30 °C.

[2]

*24GDW1211*

*24GDW1211*

Page 12: Aonad B1 *GDW12* *G5802* Ardsraith - CCEA · 2020. 9. 10. · Ansin, bhain an dalta úsáid as an tóireadóir le tiúchan na dé-ocsaíde carbóin sa chlogad le planda a thomhas,

12765.02

6 Taispeánann an léaráid thíos sraith de chéimeanna a tharla i loch nach raibh truaillithe roimhe sin.

Bhí réimse leathan d’orgánaigh uisceacha sa loch.

Chuaigh farasbarr mianraí isteach sa loch.

Mhéadaigh fás na bplandaí uisceacha agus fás na n-algaí.

Fuair plandaí uisceacha agus algaí bás.

Dhianscaoil plandaí uisceacha agus algaí marbha.

Thit leibhéil ocsaigine sa loch.

Fuair éisc agus ainmhitheuisceacha eile bás.

A

B

C

D

E

F

Bain úsáid as an fhaisnéis sa léaráid thuas agus do chuid eolais féin leis na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt.

(a) Luaigh dhá fhoinse den fharasbarr mianraí i gcéim A.

1.

2. [2]

*24GDW1212*

*24GDW1212*

Page 13: Aonad B1 *GDW12* *G5802* Ardsraith - CCEA · 2020. 9. 10. · Ansin, bhain an dalta úsáid as an tóireadóir le tiúchan na dé-ocsaíde carbóin sa chlogad le planda a thomhas,

12765.02[Tiontaigh an leathanach

(b) Luaigh dhá fháth a bhfuair na plandaí uisceacha agus na halgaí bás i gcéim C.

1.

2.

[2]

(c) Mínigh an dóigh a raibh dianscaoileadh na bplandaí uisceacha agus na n-algaímarbha (céim D) ina chúis le céim E.

[3]

(d) Comhlánaigh an tábla thíos leis an leibhéal bithéagsúlachta sa loch roimhchéim A agus ag céim F a thaispeáint.

Roghnaigh ó íseal, ard, nó gan athrú ar bith.

Scríobh do chuid freagraí sna boscaí folmha.

Céim Leibhéal bithéagsúlachta

Roimh A

Ag F

[2]

*24GDW1213*

*24GDW1213*

Page 14: Aonad B1 *GDW12* *G5802* Ardsraith - CCEA · 2020. 9. 10. · Ansin, bhain an dalta úsáid as an tóireadóir le tiúchan na dé-ocsaíde carbóin sa chlogad le planda a thomhas,

12765.02

7 (a) Ní mór do níotráití a bheith san ithir faoi choinne fhás na mbarr.

(i) Ainmnigh na cealla planda a ionsúnn níotráití ón ithir.

[1]

(ii) Cuir síos agus tabhair míniú ar an dóigh a bhfuil na cealla planda seooiriúnaithe dá ról le níotráití a ionsú ón ithir.

[2]

(iii) Ainmnigh substaint, seachas níotráití, a ionsúnn na cealla planda seo ónithir.

[1]

*24GDW1214*

*24GDW1214*

Page 15: Aonad B1 *GDW12* *G5802* Ardsraith - CCEA · 2020. 9. 10. · Ansin, bhain an dalta úsáid as an tóireadóir le tiúchan na dé-ocsaíde carbóin sa chlogad le planda a thomhas,

12765.02[Tiontaigh an leathanach

(b) Taispeánann an graf thíos an éifeacht atá ag mais an leasacháin níotráite artháirgeacht na cruithneachta i limistéar talaimh (heicteár).

4.0

5.0

6.0

7.0

8.0

40 80 120 160 200 240

Mais an leasacháin níotráite atá curtha leis an ithir/kg sa heicteár

Táirg

each

t na

crui

thne

acht

a/to

nnaí

sa

heic

teár

0

×

×

×

×

× × ×

4.5

5.5

6.5

7.5

8.5

(i) Úsáideann plandaí cruithneachta níotráití ón ithir le substaint a tháirgeadh amhéadaíonn a dtáirgeacht.Ainmnigh an tsubstaint seo.

[1]

(ii) Bain úsáid as an ghraf, leis an mhais is lú de leasachán níotráite a lua bachóir a chur leis an ithir leis an uastáirgeacht cruithneachta a thabhairt.

kg sa heicteár [1]

(iii) Luaigh cad chuige a dtagann táirgeacht na cruithneachta ar leibhéal seasta.

[2]

*24GDW1215*

*24GDW1215*

Page 16: Aonad B1 *GDW12* *G5802* Ardsraith - CCEA · 2020. 9. 10. · Ansin, bhain an dalta úsáid as an tóireadóir le tiúchan na dé-ocsaíde carbóin sa chlogad le planda a thomhas,

12765.02

(c) Taispeánann an léaráid thíos timthriall nítrigine.

Seasann gach saighead do phróiseas sa timthriall nítrigine.

Nítrigin san aer

Níotráit san ithir

Substaint A

Táirgeoirí

Tomhaltóirí

Baictéir agdianscaoileadh

Foinse: Príomhscrúdaitheoir

(i) Ainmnigh substaint A.

[1]

Méadóidh líon cineál amháin de bhaictéir nítrigine in ithir bháite.

(ii) Ainmnigh an cineál seo de bhaictéir nítrigine.

[1]

(iii) Ar an léaráid, scríobh X ar cheann amháin de na saigheada leis anphróiseas a dhéanann na baictéir in (ii) sa timthriall nítrigine athaispeáint. [1]

*24GDW1216*

*24GDW1216*

Page 17: Aonad B1 *GDW12* *G5802* Ardsraith - CCEA · 2020. 9. 10. · Ansin, bhain an dalta úsáid as an tóireadóir le tiúchan na dé-ocsaíde carbóin sa chlogad le planda a thomhas,

12765.02

LEATHANACH BÁN

NÁ SCRÍOBH AR AN LEATHANACH SEO

(Leanann ceisteanna ar an chéad leathanach eile)

[Tiontaigh an leathanach

*24GDW1217*

*24GDW1217*

Page 18: Aonad B1 *GDW12* *G5802* Ardsraith - CCEA · 2020. 9. 10. · Ansin, bhain an dalta úsáid as an tóireadóir le tiúchan na dé-ocsaíde carbóin sa chlogad le planda a thomhas,

12765.02

8 (a) Taispeánann an léaráid thíos stua athfhillteach.

pionna

A

© Barking Dog Art

(i) Tarraing saighead sa bhosca ar an léaráid, le treo néar-ríge feadh néarón Aa thabhairt. [1]

(ii) Ar an léaráid, lipéadaigh an néarón luadrach ag úsáid líne marcáilte B. [1]

(iii) Cá mhéad sionapsa atá sa stua athfhillteach seo?

[1]

*24GDW1218*

*24GDW1218*

Page 19: Aonad B1 *GDW12* *G5802* Ardsraith - CCEA · 2020. 9. 10. · Ansin, bhain an dalta úsáid as an tóireadóir le tiúchan na dé-ocsaíde carbóin sa chlogad le planda a thomhas,

12765.02[Tiontaigh an leathanach

Bíonn gníomhú athfhillteach mar thoradh ar stua athfhillteach.Bíonn gníomhuithe athfhillteacha níos gasta ná gníomhuithe deonacha.

(b) Luaigh airí amháin de stuanna athfhillteacha a mbíonn an luasfrithghníomhaithe níos gasta seo mar thoradh air.

[1]

Taispeánann an stua athfhillteach ar an leathanach thall méar á priocadh le pionna.Bíonn gníomhú athfhillteach mar thoradh air.

(c) Luaigh buntáiste amháin do dhuine, seachas luas frithghníomhaithe, as anghníomhú athfhillteach seo.

[1]

*24GDW1219*

*24GDW1219*

Page 20: Aonad B1 *GDW12* *G5802* Ardsraith - CCEA · 2020. 9. 10. · Ansin, bhain an dalta úsáid as an tóireadóir le tiúchan na dé-ocsaíde carbóin sa chlogad le planda a thomhas,

12765.02

9 Rinne dalta imscrúdú ar fhótaisintéis agus ar riospráid in dhá phlanda éagsúla, A agus B. Bhí na plandaí ar an mhéid chéanna.

Bhain an dalta úsáid as tóireadóir dé-ocsaíde carbóin le tiúchan na dé-ocsaíde carbóin i gclogad gan phlanda a thomhas.Ba é ceithre aonad threallacha tiúchan na dé-ocsaíde carbóin sa chlogad gan phlanda.Ansin, bhain an dalta úsáid as an tóireadóir le tiúchan na dé-ocsaíde carbóin sa chlogad le planda a thomhas, i ndiaidh dhá uair an chloig ag déiní difriúla solais.

Taispeánann an léaráid thíos leagan amach a turgnaimh do gach planda.

tóireadóirdé-ocsaíde carbóin

planda

clogad

táscairehidrigincharbónáite

© Getty Images

Taispeánann an tábla thíos torthaí a turgnaimh do phlanda A agus planda B.

Déine solais/aonaid threallacha

Tiúchan na dé-ocsaíde carbóin sa chlogad/aonaid threallacha

Planda A Planda B

0 22 23

4 12 9

8 8 4

12 6 3

16 4 1

*24GDW1220*

*24GDW1220*

Page 21: Aonad B1 *GDW12* *G5802* Ardsraith - CCEA · 2020. 9. 10. · Ansin, bhain an dalta úsáid as an tóireadóir le tiúchan na dé-ocsaíde carbóin sa chlogad le planda a thomhas,

12765.02

(a) Cuir síos ar agus mínigh an treocht i dtiúchan na dé-ocsaíde carbóin sa chlogad le planda A nuair a mhéadaigh an déine solais ó 0 go 12 aonad threallacha.

Bain úsáid as sonraí le tacú le do fhreagra.

[4]

(b) Luaigh an déine ag a bhfuil planda B ag a phointe cúitimh.

aonad treallach [1]

(c) Cuir síos ar agus mínigh dath an táscaire hidrigincharbónáite sa chlogad le planda B ag déine solais de 16 aonad threallacha.

[3]

SEO DEIREADH AN SCRÚDPHÁIPÉIR

*24GDW1221*

*24GDW1221*

Page 22: Aonad B1 *GDW12* *G5802* Ardsraith - CCEA · 2020. 9. 10. · Ansin, bhain an dalta úsáid as an tóireadóir le tiúchan na dé-ocsaíde carbóin sa chlogad le planda a thomhas,

12765.02

LEATHANACH BÁN

NÁ SCRÍOBH AR AN LEATHANACH SEO

*24GDW1222*

*24GDW1222*

Page 23: Aonad B1 *GDW12* *G5802* Ardsraith - CCEA · 2020. 9. 10. · Ansin, bhain an dalta úsáid as an tóireadóir le tiúchan na dé-ocsaíde carbóin sa chlogad le planda a thomhas,

12765.02

LEATHANACH BÁN

NÁ SCRÍOBH AR AN LEATHANACH SEO

*24GDW1223*

*24GDW1223*

Page 24: Aonad B1 *GDW12* *G5802* Ardsraith - CCEA · 2020. 9. 10. · Ansin, bhain an dalta úsáid as an tóireadóir le tiúchan na dé-ocsaíde carbóin sa chlogad le planda a thomhas,

12765.02/1

Uimhir Scrúdaitheora

Don Scrúdaitheoir amháin

Uimhir Ceiste Marcanna

1 2 3 4 5 6 7 8 9

Marc Iomlán

NÁ SCRÍOBH AR AN LEATHANACH SEO

Cuireadh isteach ar chead chun an t-ábhar cóipchirt uile a atáirgeadh. I gcásanna áirithe is féidir nár éirigh le CCEA teagmháil a dhéanamh le húinéirí cóipchirt agus beidh sé sásta na hadmhálacha sin a fágadh ar lár a chur ina gceart amach anseo ach é a chur ar an eolas.

*24GDW1224*

*24GDW1224*