17
Is é Cú Chulainn, duine de na pearsana is clúití i bhfinscéalaíocht Chúige Uladh, an laoch sa tsraith chartún chúig pháirt seo. I gcúig chlár cúig nóiméad lán aicsin leanaimid a eachtraí éachtacha ó aois a óige a fhad lena anbhás. Foghlaimeoidh daltaí Ardeochairchéim 1 agus Eochairchéim 2 faoina mhóreachtraí in Ulaidh agus in Albain sna cláir chartúin ghairide lán faisnéise seo. Programmes 1. Óige an Laoich Aoine 26 D. Fómhair 2. Mar a fuair sé a ainm Aoine 9 Samhain 3. Grá agus Cath Aoine 16 Samhain 4. An Dúshlán Mór Aoine 23 Samhain 5. Bás an Laoich Aoine 30 Samhain Curaclam T .É. Baineann an tsraith le hábhar Cláir Staidéir T.É. sa Stair agus sa Bhéarla: Ba chóir go bhfaigheadh daltaí deiseanna le scileanna cumarsáide a fhorbairt trí athinsint scéalta ón am a d’imigh; mar shampla, ba chóir do dhaltaí príomhphointí finscéil, scéal béaloidis nó scéil a athinsint ina gcuid focal féin, finscéal Fhinn Mhic Chumhaill, cuir i gcás,nó scéal Chú Chulainn. Thiocfadh obair i dTíreolaíocht, in Ealaín, i gCeol agus in TEC a chuimsiú i ranganna i ndiaidh na gclár. Crógacht, dílseacht, éad, craos, trócaire, grá agus cogadh .... na mórthéamaí agus tuilleadh, tá siad anseo in .... Cú Chulainn. 1 BBC TWO NI Cú Chulainn BBC education online Northern Ireland Aois 7-11 bl. Fómhar 2001 Aoine 12.25-12.30 i.n. 26 D. Fómhair -30 Samhain Eochairchéim 1/2

B B C Northern Ireland Cú Chulainn - BBC - Home

  • Upload
    others

  • View
    2

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Is é Cú Chulainn, duine de na pearsana is clúitíi bhfinscéalaíocht Chúige Uladh, an laoch satsraith chartún chúig pháirt seo.

I gcúig chlár cúig nóiméad lán aicsin leanaimida eachtraí éachtacha ó aois a óige a fhad lenaanbhás.

Foghlaimeoidh daltaí Ardeochairchéim 1 agus Eochairchéim 2 faoinamhóreachtraí in Ulaidh agus in Albain sna cláir chartúin ghairide lánfaisnéise seo.

Programmes

1. Óige an Laoich Aoine 26 D. Fómhair2. Mar a fuair sé a ainm Aoine 9 Samhain3. Grá agus Cath Aoine 16 Samhain4. An Dúshlán Mór Aoine 23 Samhain5. Bás an Laoich Aoine 30 Samhain

Curaclam T.É.

Baineann an tsraith le hábhar Cláir Staidéir T.É. sa Stair agus saBhéarla:

Ba chóir go bhfaigheadh daltaí deiseanna le scileanna cumarsáide afhorbairt trí athinsint scéalta ón am a d’imigh; mar shampla, ba chóir dodhaltaí príomhphointí finscéil, scéal béaloidis nó scéil a athinsint ina gcuidfocal féin, finscéal Fhinn Mhic Chumhaill, cuir i gcás,nó scéal ChúChulainn.

Thiocfadh obair i dTíreolaíocht, in Ealaín, i gCeol agus in TEC achuimsiú i ranganna i ndiaidh na gclár.

Crógacht, dílseacht, éad, craos, trócaire, grá agus cogadh .... namórthéamaí agus tuilleadh, tá siad anseo in .... Cú Chulainn.

1

BBC TWO NI

Cú Chulainn

BB BB CC education onlineNorthern Ireland

Aois 7-11 bl.

Fómhar 2001

Aoine 12.25-12.30 i.n. 26 D. Fómhair -30 Samhain

Eochairchéim 1/2

Áitíonn a chuid garpháistí ar Dhaidió ceann dá chuid scéaltaÉireannacha a insint dóibh.

Aithriseann sé dóibh scéal Shéadanta (Cú Chulainn, mar is fearr aithneair) a chaith óige shona, saor ón scoil, nó go mothaíonn sé gogcaithfidh sé aghaidh a thabhairt ar a chinniúint.Iolar a thugann le fios don ghasúr gur duine ar leith atá ann agus gobhfuil páirt laoich beartaithe dó ag Lúgh Lámhfhada. Caithfidh ségabháil go hEamhain Mhacha le hoiliúint agus le scileanna cogaidh afhoghlaim. Ábhar imní do na foghlaimeoirí eile é teacht ina measc.Glacann Conchúr Rí leis ach iarrann sé gealltanas air go ndéanfaidh séfreastal ar na daltaí eile. “Déanfaidh,” a deir Séadanta, “má dhéanannsiad freastal orm.” Agus is mar sin a thosaigh sé ar a ghairm, gaiscíochagus finscéal.

Eochairfhocail/-choincheapa

Finscéal, gaol, dílseacht, cinniúint, béaloideas.

Roimh an chlár:

♦ Ullmhaigh na daltaí trí na smaointe sna heochairchoincheapa aphlé.

♦ Iarr ar na daltaí súil in airde a choinneáil d’éin agus d’ainmhithe abhíonn le feiceáil, más gairid féin é, sa chlár.

I ndiaidh an chláir:

♦ Pléigí an eachtra ag tarraingt aird ar cheisteanna ms: oideachas,spórt, cinniúint, comhoibriú.

2

Clár 1Clár 126 D. Fómhair26 D. FómhairÓige an LaoichÓige an Laoich

Cú Chulainn

BB BB CC education onlineNorthern Ireland

♦ Ba mhór an fear spóirt é Séadanta. Fiosraígí trí léitheoireacht,scríbhneoireacht, ealaín nó cheol, gaiscígh spóirt an lae inniu.

♦ Cruthaígí leagan stiallghreannáin ranga den scéal go dtí seo (leleanúint feasta más maith libh).

♦ Tá daltaí cleachta ar scoileanna mar áiteanna foghlama. Fiosraighina gcuideachta modhanna agus ionaid eile foghlama.

♦ Bileog Oibre a hAon: Marcáil Eamhain Mhacha ar an Léarscáil, (táEamhain Mhacha in aice le Cathair Ard Mhacha)

♦ Bileog Oibre a Dó: Liostaigh na créatúir a chonaic tú in eachtra ahaon.Liostraigh na hainmneacha éan agus ainmhithe a chonacthas ar anfhíseán.Liostraigh na hainmneacha éan agus ainmhithe a chonacthas ar anfhíseán.

Cuimhnigh go gcuirfear leis na bileoga oibre sna cláir inadhiaidh seo.

3

Clár 1Clár 126 D. Fómhair26 D. FómhairÓige an LaoichÓige an Laoich

Clár 1Clár 1Bileog Oibre 1Bileog Oibre 1Óige an LaoichÓige an Laoich

Cú Chulainn

BB BB CC education onlineNorthern Ireland

I ndiaidh duit an clár a fheiceáil, líon isteach na háiteanna a luaíodh ann:

4

Clár 1Clár 1Bileog Oibre 2Bileog Oibre 2Óige an LaoichÓige an Laoich

Cú Chulainn

BB BB CC education onlineNorthern Ireland

1. Óige an Laoich

2. Mar a fuair sé a ainm

3. Grá agus Cath

4. An Dúshlán Mór

5. Bás an Laoich

Déan liosta d’ainmneacha éan agus ainmhithe a chonacthas ar anfhíseán:

5

Clár 2Clár 29 Samhain9 SamhainMar a fuair sé a ainmMar a fuair sé a ainm

Cú Chulainn

BB BB CC education onlineNorthern Ireland

Coileán madaidh a tháinig chun tí agus a ainmníodh, spreagann séDaidió le tuilleadh de scéal Chú Chulainn a aithris. Cuirtear cuireadh arShéadanta agus a chairde chuig cóisir mhór ach tosaíonn sé ar anaislingeacht agus fágtar chun deiridh é. Tá an chóisir ar siúl nuair abhaineann sé amach í, tá na geataí faoi ghlas agus, rud is measa arís,ionsaíonn an gadhar faire é. Maraíonn Séadanta an gadhar nuair athiomáineann sé sliotar isteach síos ina scornach. Tá fear an tí, Culanngabha, le báiní gur chaill sé an madadh ab fhíochmhaire in Éirinn.Tairgeann Séadanta seasamh in áit an chú agus tugtar athainm air, CúChulainn.

Eochairfhocail/-choincheapa:

Culann, gabha, Cú, aislingeacht, féinchosaint.

Roimh an chlár:

♦ Mínigh an scéal-líne agus eochairfhocail.

I ndiaidh an chláir:

Fiosraígí:♦ gadhar faire♦ peataí agus ainmhithe oibre♦ gaol agus dualgas an duine i dtaca le hainmhithe♦ ainmhithe clóis, feirme, fiáine♦ gairdíní ainmhithe - ina leith agus ina n-éadan

♦ Déanaigí liosta de scéalta faoi ainmhithe sa bhéaloideas, litríocht,scannán, cartún, teilifís, físeáin nó i gcluichí ríomhaire.

♦ Ba Ghabha é Culann. Aimsigh ainmneacha eile a tháinig ó cheird anduine; ms: Ó Táilliúir, Ó Muilleoir, Ó Tiománaí srl ....

6

Clár 2Clár 29 Samhain9 SamhainMar a fuair sé a ainmMar a fuair sé a ainm

♦ Cú Chulainn a thugtar anois ar Shéadanta.Scrúdaígí tábhacht ainmneacha,

Ainmneacha dílse,Céadainmneacha,Sloinnte,Ainmneacha ceana,Leasainmneacha,Ainmneacha ardáin,Ainmneacha branda,Athruithe in ainmneacha ms Cassius ClaySíomón/PeadarSól/Pól

♦ Marcáil ar Bhileog Oibre a Dó - créatúir a chonacthas in Eachtra aDó.

♦ Bileog Oibre a Trí: Script d’agallamh nuachta raidió a rinneadh leSéadanta.

7

Clár 2Clár 2Bileog Oibre 3Bileog Oibre 3Mar a fuair sé a ainmMar a fuair sé a ainm

Cú Chulainn

BB BB CC education onlineNorthern Ireland

Agallóir: A Shéadanta, cluinim gur CúChulainn an t-ainm a bheas ort feasta.

Cú Chulainn: Ceart, sin m’ainm úr.

Agallóir: Cad chuige?

Cú Chulainn: ........

Críochnaigh gí script d’agallamh raidió le Séadanta/Cú Chulainn:

8

Clár 3Clár 316 Samhain16 SamhainGrá agus CathGrá agus Cath

Cú Chulainn

BB BB CC education onlineNorthern Ireland

Titeann Cú Chulainn i ngrá le hEimhear, duine de na mná is áille inÉirinn. Geallann siad bheith dílis dá chéile ach ar ball caithfidh siadscaradh nuair a leanfaidh sé féin dá oiliúint mhíleata in Albain leScáthach. Tugann Eimhear geall grá dó a gheallann sé a choinneáil igcónaí. Le dua baineann sé amach campa Scáthaí sa deireadh agusfeabhsaíonn a scileanna in aghaidh an lae. Agus í á thástáil éilíonnScáthach an dealg grá. Diúltaíonn sé di agus cuirtear i gcomhrac é lenamhaid ilghruanna. Agus a gheall grá caillte aige filleann sé faoighruaim ar Éirinn. Tuigeann Eimhear go dtiocfaidh a chuid oibrechoíche idir é agus í agus ín éadan a dtola scarann siad.

Eochairfhocail/-choincheapa:

rómánsaíocht, gealltanais ‘mhaoithneacha’, geallta, cinniúint, roghanna.

Roimh an chlár:

♦ Achoimrigh plota na heachtra.

♦ Pléigh téamaí an ghrá, na rogha, an cheangaltais.

I ndiaidh an chláir:

♦ Déan liosta d’fhíorcharachtair nó de charachtair bhréige a bhí I ngráms: Romeo agus Juliet, Ken agus Barbie, Tony agus Cherie, Poshagus Becks.

♦ Cuardaígí geallta grá i gcatalóga agus in irisí ms: fáinní Cladaigh,fáinní cleamhnais, bréagáin Chairde Choíche srl. Déanaígí colláis.

♦ Cá mhéad amhrán grá a thig libh a liostú nó a chanadh?

9

Clár3Clár316 Samhain16 SamhainGrá agus CathGrá agus Cath

♦ ‘Ceithre lá agus ceithre oíche’ a bhain sé as Cú™ Chulainn Albain ashroicheadh. Fiosraígí bealaí agus ceangail idir Éire agus Albain sala inniu.

♦ Ní fios go cruinn cá bhfuil oileán Scáthaí. Déan léarscáil den oileánagus cuir lipéid uirthi. Marcáil láithreáin a d’oirfeadh do na scileannaéagsúla comhraic. Tabhair ainmneacha oiriúnacha ar na láithreáin.

♦ Dear bróisiúr do champa oiliúna Oileán Scáthaí; luaigh scileanna,teisteanna, bileoga aiste bia, trealamh srl...

♦ Marcáil ar Bhileog Oibre a hAon: An Eargail, Reachlainn, LochnEathach, Albain.

♦ Tabhair chun dáta ‘Ainmhithe agus Créatúir’ ar Bhileog Oibre a Dó.

♦ Déanaigí Bileog Oibre Thomhas Cuardach Focal daoibh féin d’fhocaila bhaineann leis an tsraith.

10

Clár 4Clár 423 Samhain23 SamhainAn Dúshlán MórAn Dúshlán Mór

Cú Chulainn

BB BB CC education onlineNorthern Ireland

Míníonn Daidió do na páistí a thábhachtaí a bhí an t-eallach ingeilleagar na hÉireann i bhfad ó shin agus go raibh an iomaíocht agusan t-éad chomh forleathan an t-am sin agus atá anois. Ba bhréa leMéabh, Banríon Chonnacht, seilbh a fháil ar an tarbh fhinscéalach, anDonn Chuailgne. Tairgeann sí é a cheannach ach nuair a dhiúltaítear datairiscint téann sí le báiní agus socraíonn sí go mbeidh an tarbh aici arais nó ar éigean. Cruinníonn Méabh arm cumhachtach in éadanChúige Uladh agus agraíonn sí draíocht in éadan na nUltach. Ó nachUltach ó dhúchas é Cú Chulainn tagann sé slán ar an gheis. Gan aonchabhair, téann an laoch i ndeabhaidh le fir Mhéibhe. Ach Méabh chlistechleasach, le barr glicis spreagann sí éad le Cú Chulainn i gcroíFhirdhia. In éadan a thola, mealltar Firdhia le haghaidh a thabhairt ar achara agus a fhear muinteartha, Cú Chulainn. Fágann Daidió an scéallena chríochnú níos moille.

Eochairfhocail/-choincheapa:

malartú, eallach mar airgead, asarlaíocht, geasa, onóir, éad, na CeithreCúigí.

Roimh an Chlár:

♦ Pléigh an scéal-líne leis na daltaí, agus mínigh nach bhfuil anseo achCuid a hAon.

♦ Luaigh na heochairfhocail agus na heochairchoincheapa.

I ndiaidh an chláir

♦ Pléigí an fáth ar shantaigh Méabh an tarbh. Ar chóir an tarbh a dhíolle cogadh a sheachaint? An raibh sé ceart déanta ag Méabh dulchuncogaidh lena fháil?

11

Clár 4Clár 423 Samhain23 SamhainAn Dúshlán MórAn Dúshlán Mór

♦ Ar bhur gcuid riomhairí cruthaígí roinnt geas agus díneach.

♦ Ar an fhíseán reoigh an fráma a léiríonn an Donn Chuailgne. Tarraingé agus déan fógra amhlaidh is dá mbeadh sé ar díol.

♦ Le cnaguirlisí, cruthaígí fuaimeanna a d’oirfeadh do na heachtraícogaidh ina bhfuil Cú Chulainn.

♦ Tosaigh ar leagan stiallchartúin faoi scéal an Donn Chuailgne go dtíseo.

♦ Marcáil ar Bhileog Oibre a hAon Ceithre Cúigí na hÉireann.

♦ Tabhair chun dáta Bileog Oibre a Dó le Créatúir ón Eachtra.

♦ Bileog Oibre a Ceathair : Samhail-leathanach de thuairisc nuachtafaoin chosaint chalma a rinne Cú Chulainn ar Chúige Uladh. Másféidir, déan an tuairisc nuachta ar an ríomhaire.

12

Clár 4Clár 4Bileog Oibre 4Bileog Oibre 4An Dúshlán MórAn Dúshlán Mór

Cú Chulainn

BB BB CC education onlineNorthern Ireland

Nuacht UladhCú Chulainn i gCeann Cogaidh

Tuairisceoir

Aoine 23 Samhain 602

Cú Chulainn

Críochnaigh gí tuairisc nuachta faoin chosaint chalma a rinne CúChulainn ar Chúige Uladh:

13

Clár 5Clár 530 Samhain30 SamhainBás an LaoichBás an Laoich

Cú Chulainn

BB BB CC education onlineNorthern Ireland

Ní raibh dul ag arm Chonnacht mórán talaimh a dhéanamh in éadanChú Chulainn. Bhí sé ag leagan cuid fear Mhéibhe ina nduine is inanduine. Sa deireadh, cuirtear Firdhia, deartháir comhaltais ChúChulainn, i ndeabhaidh le laoch Uladh. Troideann siad leo ar feadhlaethanta agus san oíche cuidíonn siad lena chéile agus déanannbanaltracht ar a chéile. Geallann siad bheith ina ndeartháireachachoíche ag a chéile ach sa deireadh maraíonn Cú Chulainn Firdhia. Táan tarbh anois ag Méabh ach is é an bua le ró-dhua aici é (buaPiorrach) nó cailleann sí go gairid ina dhiaidh sin é. Ar an drochuair,éagann Cú Chulainn dá chneácha cogaidh.

Eochairfhocail/-choincheapa

Áth, leamhsháinn, ficheall, deartháir comhaltais, fear muinteartha,dúshlán, náire

Roimh an chlár:

♦ achoimrigh an scéal go dtí seo

♦ tabhair imlíne an scéil atá le teacht (ach fág an deireadh)

♦ mínigh eochairfhocail

I ndiaidh an chláir:

♦ Lean den leagan stiallchartúin de scéal an Donn Chuailgne.

♦ Déanaigí anfa inchinne faoi na gairmeacha a dhéanann cúram ardhaoine eile. Cruthaígí colláis de dhaoine ag tabhairt aire do dhaoineeile.

14

Clár 5Clár 530 Samhain30 SamhainBás an LaoichBás an Laoich

♦ Cuardaígí suímh ghréasáin ar an idirlíon ar lorg tuilleadh eolais faoiChú Chulainn agus faoi fhinscéalta eile Éireannacha.

♦ Cuirigí le chéile leabhar gearrthán ar Chú Chulainn ag úsáid eolais óshuímh ghréasáin, leabhair leabharlainne, leabhair eolais srl ....

♦ Críochnaígí Bileog Oibre a Dó le créatúir ó chlár an lae inniu.

♦ Críochnaígí an Bhileog Oibre Chuardach Focal.

15

Clár 5Clár 5Bileog Oibre 5Bileog Oibre 5Bás an LaoichBás an Laoich

Cú Chulainn

BB BB CC education onlineNorthern Ireland

16

Ta focail le haimsiú ó bhun go barr, ó choirneal go coirneal, ó thaobh go taobh.

A C F I N S C É A L É CT I R I B H R A L H R LÍ N G H R B U E B A N AÚ N U L A D H Ó A R G ÍG I O R B S H T I R É OC Ú C H U L A I N N M MD I S S A L O T A R B HE N L N I D A I D E O ÉA T I G T E C O G A D HR A O Ú E N I G A R G HT O T N O A R M B S Á EH H A E I S S É H Á N NÁ B R C R H O A A E G HI T R S É A D A N T A SR É H M A L A R T Ú Á R

CÚCHULAINN SÉADANTAULADH TARBHEIMHEAR GRÁFIRDHIA COGADHGABHA DEARTHÁIRALBAIN ÁTHSLIOTAR BUAITEOIRDAIDEO FINSCÉALCLAÍOMH CINNIÚINTMALARTÚ GEASA

LeabharliostaLeabharliosta

Cú Chulainn

BB BB CC education onlineNorthern Ireland

Irish Sagas and Folk Tales le Eileen Ó FaoláinWard River Press

Great Folk Tales of Ireland le Mary McGarryMuller, Blond & White

The Táin le Liam MacUistinThe O’Brien Press

Top Ten Irish Legends le Margaret SimpsonHippo

Myths and Legends of Ireland le G.M. GarnierHeinemann

Over Nine Waves le M.HeaneyFaber and Faber.

Legends of The Celts le Frank DelaneyHarper Collins.

Early Irish Myths and SagasPenguin Classics.

Irish Myth and Legend le Rónán CoughlanAppletree Press.

17