18

beatha le bua · 2019. 6. 26. · chum siad do shraith teilifíse darb ainm Harry’s Game i 1983 a tharraing clú agus cáil orthu. Ba é seo an chéad amhrán riamh i nGaeilge a

  • Upload
    others

  • View
    2

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

  • beatha le bua

  • Pictiúr Clúdaigh © Redferns/Getty Images.

    Pictiúr le © Getty Images agus RTÉ Stills Library.

    Arna tháirgeadh agus arna fhoilsiú ag CCEA.

    Gach ceart ar cosaint. Ní féidir cuid ar bith den leabhar seo a athfhoilsiú i gcruth ar bith nó ar dhóigh ar bith gan cead a fháil roimh ré ó CCEA.

  • MÁI

    RE N

    Í BH

    RAON

    ÁIN

    beatha le bua

  • ooooooooooooooooaooooofooooo

    0ooxooooooooowooooo

    >ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

    4

    Cúlra

    Tá Máire Ní Bhraonáin ar na ceoltóirí is clúití agus is so-aitheanta sa tír seo. Rugadh Máire i nGaeltacht Thír Chonaill ar 4ú Lúnasa 1952. Bhí sí ar an duine is sine sa teaghlach agus bhí ceathrar deirfiúracha agus ceathrar deartháireacha aici. Bhí an teaghlach seo iontach éirimiúil agus bhí siad sáite i gceol traidisiúnta na hÉireann ó bhí siad an-óg. Leo an t-ainm a bhí ar a hathair agus tá aithne ag leor daoine air, go háirithe má thug siad cuairt ar an tábhairne aige ‘Tábhairne Leo’ cóngarach do Ghaoth Dobhair. Ba ghnách le Leo ceol a sheinm sa tábhairne gach oíche. Tá aithne ag an saol mór ar a deirfiúr Eithne (Enya) a chuaigh leis an cheol fosta. Tá Eithne ar na mná is saibhre sa tír sa lá atá inniu ann.

    MAIRE NI BHRAONAIN

  • 5

    oooooooo

    0oooooooaooooofo0ooooxoooo

    <oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

    © RTÉ STILLS LIBRARY

    MAIRE NI BHRAONAIN

  • ooooooooooooooooaooooofooooo

    0ooxooooooooowooooo

    >ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

    6

    MAIRE NI BHRAONAIN

    Clannad

    Tá Máire so-aitheanta as a guth binn blasta, go háirithe as na hamhráin thraidisiúnta Ghaeilge a cheol sí leis an ghrúpa Clannad. Is leis an ghrúpa seo, ina raibh go leor dá muintir féin, a chaith sí an chuid is mó dá saol ceoil. Thosaigh Clannad amach i 1970. Rinne siad meascán de cheol comhaimseartha agus d’amhráin thraidisiúnta Ghaeilge ar dtús. Chuaigh siad leis an cheol go proifisiúnta i ndiaidh dóibh comórtas ceoil a bhaint i Leitir Ceanainn i 1973. Deirtear gurb é Clannad a mhúscail suim sa Ghaeilge i gcuid mhór daoine sa tír seo fosta. Foghlaimíonn daltaí a théann ar chúrsa Gaeltachta go fóill cuid de na hamhráin chéanna, mar shampla Níl sé ina lá nó Thíos cois na trá dom.

  • oooooooo

    0oooooooaooooofo0ooooxoooo

    <oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

    7

    Bhí Clannad so-aitheanta as an stíl ceoil a d’fhorbair siad. Bhí siad ábalta ceol agus amhráin thraidisiúnta a mheascadh le ceol nua-aimseartha leictreonach. ‘Ceol Ceilteach’ a bhí ann. Is é an t-amhrán a chum siad do shraith teilifíse darb ainm Harry’s Game i 1983 a tharraing clú agus cáil orthu. Ba é seo an chéad amhrán riamh i nGaeilge a bhain na cairteacha amach sa Bhreatain. Ba é an t-amhrán seo a chuir an grúpa ar a mboinn go hidirnáisiúnta mar is ceart. Chuaigh siad ó neart go neart ina dhiaidh sin ag taisteal an domhain agus ag déanamh albam. Tá 15 albam ar fad déanta acu. Scar Clannad i 1996 ach tagann siad le chéile corruair go fóill.

    MAIRE NI BHRAONAIN

  • MAIRE

  • © REDFERNS/GETTY IMAGES

    NI BHRAONAIN

  • ooooooooooooooooaooooofooooo

    0ooxooooooooowooooo

    >ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

    1 0

    An saol neamhspleách

    Is le Clannad is mó a aithníonn daoine Máire. Ach tá go leor déanta aici ina haonar chomh maith. D’eisigh sí a céad albam aonair i 1992 dar teideal ‘Máire’. Léirigh sí go raibh sí breá ábalta saol ceoil aonarach a bhaint amach di féin. Lean sí ar aghaidh leis an stíl agus leis an fhuaim chéanna, nua-aoiseach agus Ceilteach, agus anois tá 12 albam déanta aici. Cheol sí le go leor daoine clúiteacha fosta, mar shampla Bono, Shane MacGowan, Ronan Keating, Van Morrison agus Robert Plant. Sa bhliain 2000 cheol sí os comhair scaifte de 2 mhilliún duine sa Róimh, an Pápa Eoin Pól ina measc, ag ócáid dar teideal ‘Lá Óige an Domhain’. Chum sí ceol fosta do scannáin mhóra, mar shampla Titanic, King Arthur agus To end all wars.

    MAIRE NI BHRAONAIN

  • 1 1

    oooooooo

    0oooooooaooooofo0ooooxoooo

    <oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

    MAIRE NI BHRAONAIN

    © RTÉ STILLS LIBRARY

  • ooooooooooooooooaooooofooooo

    0ooxooooooooowooooo

    >ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

    1 2

    Saol pearsanta

    Sa bhliain 2000 scríobh Máire féinbheathaisnéis dar teideal The Other Side of the Rainbow inár chuir sí síos ar an tógáil agus ar an saol aici i dTír Chonaill. Chuir sí síos fosta ar an saol dorcha a bhí aici agus í ag streachailt le drugaí agus le halcól. Tháinig sí tríd sin uilig, áfach, agus anois tá sí ina Críostaí déanta agus a teaghlach féin aici. Déanann sí obair charthanach fosta, go háirithe do dhaoine óga atá tugtha do dhrugaí agus d’alcól. Ar a bharr sin, taistealaíonn sí an domhan ar son na mbocht.

    MAIRE NI BHRAONAIN

  • 1 3

    oooooooo

    0oooooooaooooofo0ooooxoooo

    <oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

    © REDFERNS/GETTY IMAGES

    MAIRE NI BHRAONAIN

  • ooooooooooooooooaooooofooooo

    0ooxooooooooowooooo

    >ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

    1 4

    MAIRE NI BHRAONAIN

    Oidhreacht

    Gan dabht, tá cuid mhór bainte amach ag Máire ina saol. Tá guth ar leith aici atá so-aitheanta ar fud an domhain. Tá go leor ceoil déanta aici le Clannad agus ina haonar. Tá go leor gradam mór bainte aici féin agus ag Clannad. Tá a cuid ceoil le cluinstin sna scannáin is mó. Ach thar rud ar bith eile b’fhéidir, is é an méid atá déanta aici ar son na Gaeilge an rud is tábhachtaí ar fad agus an teanga dhúchais le cluinstin go beo beathach sa cheol sin.

  • 1 5

    oooooooo

    0oooooooaooooofo0ooooxoooo

    <oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

    MAIRE NI BHRAONAIN

    © REDFERNS/GETTY IMAGES