2
Eochair i gcomhair na bhfeamainní coitianta 1. Enteromorpha compressa Líneáil ghorm 20cm 2. Enteromor- pha intestinalis Líneáil ghorm 20cm 6. Enteromorpha linza Líneáil ghorm 20cm 3. Ulva lactuca Glasán 15cm 4. Cladophora rupestris Slobán 10cm 5. Catenella caespitosa 1cm 7a. Pelvetia canaliculata Caisíneach (Dúlamán) 15cm úr 7b. Pelvetia canaliculata 15cm triomaithe 8a. Fucus spiralis Casfheamainn 15cm úr 9. Porphyra umbilicalis Sleabhcán 15cm 11. Osmundea pinnatifida 8cm 12. Mastocarpus stellatus Clúimhín cait 10cm 18. Gracilaria gracilis 20cm 25. Dumontia contorta 10cm 26. Halidrys siliquosa Crúba préacháin 70cm 27. Fucus serratus Míoránach 30cm 24. Acrochaetium sp. 1cm 28. Chondrus crispus Carraigín 10cm 30. Palmaria palmata Duileasc 12cm 34. Saccharina latissima Rufa 100cm 35. Laminaria hyperborea Scothach 150cm 36. Laminaria digitata Coirleach 100cm 32. Alaria esculenta Láracha 100cm 33. Chorda filum Ruálach 300cm 31. Ralfsia sp. 0.1cm (screamh) 20a. Ceramium virgatum 10cm 21a. Lomentaria articulata 8cm 22a. Halurus flosculosus 8cm 29a. Corallina officinalis Feamainn choiréalach 8cm 22b. H. flosculosus gar-amharc 29b. C. officinalis gar-amharc 21a. L. articulata gar-amharc 20b. C. virgatum gar-amharc 19. Scytosiphon lomentaria 20cm 13. Bryopsis plumosa 5cm 14. Codium sp. Beanna veilbhite 15cm 15. Fucus vesiculosus Feamainn bhoilgíneach 20cm 16. Polysiphonia lanosa Feamainn dhearg chleiteach 5cm 17. Ascophyllum nodosum Feamainn bhuí 100cm 10. Leathesia difformis Bolgach 2cm 8b. Fucus spiralis 15cm triomaithe gar-amharc gar-amharc gar-amharc 23. Gelidium spinosum 5cm Nóta: Níl sna méideanna a thugtar ach treoir gharbh. Is féidir éagsúlacht mhór a bheith ann de bharr dálaí éagsúla comhshaoil. Tá na faid a thugtar bunaithe ar thaithí an údair féin. coitianta i locháin charraige.

bhfeamainní coitianta compressaEochair i gcomhair na bhfeamainní 1. Enteromorpha coitianta compressa Líneáil ghorm 20cm ≈ 2. Enteromor-pha intestinalis Líneáil ghorm 20cm ≈6

  • Upload
    others

  • View
    2

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Eochair i gcomhair na bhfeamainnícoitianta1. Enteromorpha

compressa Líneáil ghorm 20cm ≈

2. Enteromor-pha intestinalisLíneáil ghorm20cm ≈

6. Enteromorpha linza Líneáil ghorm 20cm ≈

3. Ulva lactuca Glasán 15cm ≈

4. Cladophora rupestris Slobán 10cm ≈

5. Catenella caespitosa 1cm 7a. Pelvetia canaliculata

Caisíneach (Dúlamán) 15cm úr

7b. Pelvetia canaliculata

15cm triomaithe

8a. Fucus spiralis Casfheamainn 15cm úr

9. Porphyra umbilicalis Sleabhcán 15cm

11. Osmundea pinnatifida 8cm

12. Mastocarpus stellatus Clúimhín cait 10cm

18. Gracilaria gracilis 20cm ≈

25. Dumontia contorta 10cm ≈

26. Halidrys siliquosa Crúba préacháin 70cm

27. Fucus serratus Míoránach 30cm

24. Acrochaetium sp. 1cm

28. Chondrus crispus Carraigín 10cm

30. Palmaria palmata Duileasc 12cm

34. Saccharina latissima Rufa 100cm

35. Laminaria hyperborea Scothach 150cm

36. Laminaria digitata Coirleach 100cm

32. Alaria esculenta Láracha 100cm

33. Chorda filum Ruálach 300cm

31. Ralfsia sp. 0.1cm (screamh)

20a.Ceramiumvirgatum 10cm ≈

21a.Lomentariaarticulata 8cm ≈

22a.Halurusflosculosus 8cm ≈

29a. Corallina officinalis Feamainn choiréalach 8cm

22b.H. flosculosus gar-amharc

29b.C. officinalis gar-amharc

21a. L. articulata gar-amharc

20b.C. virgatum gar-amharc

19. Scytosiphon lomentaria 20cm ≈

13. Bryopsis plumosa 5cm ≈

14. Codium sp. Beanna veilbhite 15cm ≈

15. Fucus vesiculosus Feamainn bhoilgíneach 20cm

16. Polysiphonia lanosa Feamainn dhearg chleiteach 5cm

17. Ascophyllum nodosum Feamainn bhuí 100cm

10. Leathesia difformis Bolgach 2cm

8b. Fucus spiralis 15cm

triomaithegar-amharc

gar-amharc

gar-amharc

23. Gelidium spinosum 5cm ≈

Nóta: Níl sna méideanna a thugtar ach treoirgharbh. Is féidir éagsúlacht mhór a bheith ann de

bharr dálaí éagsúla comhshaoil. Tá na faid a thugtarbunaithe ar thaithí an údair féin.

≈ coitianta i locháin charraige.

Téacs le Steve Morrell

Léaráidí le Carol Roberts

Cén chaoi leis an treoirchárta seo a úsáid

Is iad na chéad cheisteanna a chaithfimid a churchun feamainn ar bith a ainmniú:

1 An bhfuil dath gléghlas ar nós féir air? ................................téigh go dtí Eochair na bhfeamainní glasanó dath éigin eile air? ............................................ 2

2. An bhfuil dath donn air? .................................................... téigh go dtí Eochair na bhfeamainní donnanó dath éigin eile air? ............................................ 3

3. An bhfuil dath dearg nó bándearg nó dearg an-dorcha air (beagnach dubh) nó é tuartha ar fad nóbeagán bán? ............................................................. .......téigh go dtí Eochair na bhfeamainní dearganó dath éigin eile air? ............................................. 1

Níl sé seo chomh simplí is a cheapfá mar gur féidir lesolas láidir na gréine damáiste a dhéanamh do nalíocha sna feamainní donna agus go háirithe snafeamainní dearga nó d’fhéadfadh go mbeadh líochabreise cosanta de dhathanna éagsúla iontu. Nuair amheasctar na dathanna éagsúla leis an gclóraifillghlas bíonn éagsúlacht mhór ann fiú i speiceas arleith. De ghnáth bíonn feamainní glasa gléghlas;feamainní donna donn nó buíghlas (má cheapann túnach bhfuil sé fíorghlas is é is dóigh gur ceann donnatá ann); bíonn imreacha éagsúla idir chródheargagus bhándearg éadrom agus dhubh nach beag agusghlas fiú, sna feamainní dearga. Tríd is tríd, maireannna cinn ghlasa thuas ard ar an gcladach, na cinndhonna i lár cladaigh agus na cinn dhearga in íochtarcladaigh. Ach tá roinnt mhaith eisceachtaí ann.

Tá sé tábhachtach a thuiscint, mar sin, gur i gcomhairtríocha speiceas coitianta atá an eochair seo. Tá níosmó ná 500 speiceas feamainne in Éirinn. Tá eochrachaníos forbartha liostaithe san Ábhar BreiseLéitheoireachta thíos.

RéamhráIs orgánaigh ar nós plandaí móra a mhaireann ar an

gcladach iad na feamainní atá faoi chaibidil san eochair

seo. Is iondúil go n-aithnítear feamainní go héasca agus

an t-aon rud a chuirfeadh amú thú go bhfuil siad cosúil

le léicin (orgánaigh screamhacha den chuid is mó). Is

féidir léicin chladaigh a shainaithint agus eochracha eile

á n-úsáid agat (féach ábhar breise léitheoireachta). Ach

an oiread leis an gcuid is mó de na plandaí atá ar eolas

againn, is uatrófaigh iad feamainní; déanann siad a

mbia féin ó sholas na gréine, carbón agus uisce. Ní mór

d’fheamainní fuinneamh solais a cheapadh ón ngrian sa

chéad chéim den phróiseas (fótaisintéis). Baintear sin

amach le comhdhúile daite ceimiceacha a dtugtar líocha

orthu. Is é clóraifill an ceann is aitheanta díobh sin, tá

dath glas air agus faightear i ngach planda talaimh

fótaisintéiseach agus i bhfeamainní é. Tá clóraifill

amháin i bhfeamainní áirithe; tá dath gléghlas orthu

agus tugtar feamainní glasa orthu. Tá clóraifill chomh

maith le líocha breise i bhfeamainní eile. Tá comhdhúil

dhonn sa bhreis a dtugtar fúcaxaintin air i bhfeamainní

donna agus comhdhúil dhearg sa bhreis a dtugtar

fíceiritrin air i bhfeamainní dearga.

Eochair na bhfeamainní glasa ��� ����� �������

G1 An bhfuil sé leata agus tanaí mar a bheadh duilleleitíse sleabhctha? ...... Ulva spp Glasán (e.g. Fíor 3)

- Níl sé cosúil le duille leitíse? .............................. G2

G2 An bhfuil sé déanta de shnáithíní tanaí, mar abheadh ribí gruaige nó dorú níolóin (breathnaighgo cúramach, d’fhéadfaidís a bheith fite ina chéile)?.................................................................................... G4

- Níl siad tanaí agus snáithíneach? ......................... G3

G3 An feadán cuasach flapach atá ann? .................................. Enteromorpha intestinalis Líneáil ghorm Fíor 2

- An bhfuil sé cosúil le féar flapach i.e. níl sé tanaíagus snáithíneach? ................................. speicis eileEnteromorpha Líneáil ghorm (e.g. Fíoracha 1, 6)

G4 An bhfuil sé craobhach? ........................................ G5

- An bhfuil sé neamhchraobhach agus sách garbhfaoi do lámh? ............................ Chaetomorpha spp.

G5 An n-airíonn sé spúinsiúil (déanta de go leorsnáithíní fite ina chéile)? .......................................................... Codium spp. Beanna veilbhite (e.g. Fíor 14)

- Níl sé spúinsiúil? ................................................ G6

G6 An bhfuil sé cosúil le go leor crann beag Nollagclúmhach, fíneálta ag fás as ais lárnach os comhaira chéile? ............................ Bryopsis plumosa (Fíor 13)

- An bhfuil snáithíní garbha dúghlasa air agus iad agfás amach as ais lárnach os comhair a chéile nó fássnáithíneach níos neamhrialta ná sin? .......................................... Cladophora spp. Slobán (e.g. Fíor 4)

Eochair na bhfeamainní donna ��������������������������������

B1 An screamh dhonn nó dhubh atá ann agus é ag fásmar scraith? ............................... Ralfsia spp. (Fíor 31)

- An bhfuil sé ceartseasmhach, ag éirí aníos ó nacarraigeacha? (Ná dearmad go bhféadfadh sé abheith sínte mura bhfuil sé faoi uisce) .......... B2

B2 An ngreamaíonn sé de na carraigeacha le struchtúircosúil le rútaí (mar a bheadh mionsamhail de rútaícrainn ollmhóir i bhforaois)? (féach Fíor e) ...... B3

- An bhfuil sé greamaithe de na carraigeacha lestruchtúr ar dhéanamh diosca? (féach Fíor f) ...... B6

B3 An brat leacaithe neamhroinnte atá sa fhronn(féach gluais)? ....................................................... B4

- An bhfuil an fronn roinnte nó scoilte ina strapaí?................................................................................ B5

B4 An bhfuil meánfhéith thiubh air? ..................................................... Alaria esculenta Láracha (Fíor 32)

- Gan mheánfhéith air? .............................................. ...................... Saccharina latissima Rufa (Fíor 34)

B5 An bhfuil an gas (stíp) mín agus lúbach? ............................ Laminaria digitata Coirleach (Fíor 36)

- An bhfuil an gas garbh agus righin? ................................. Laminaria hyperborea Scothach (Fíor 35)

B6 An bhfuil sé craobhach? ................................... B7

- An bhfuil sé neamhchraobhach? ......................... B12

B7 An bhfuil gach craobh roinnte ina dhá chuidchomhionanna? (féach Fíor a) ............................... B8

- An bhfuil craobhacha os comhair a chéile arthaobhanna na príomh-aise agus an bhfuilstruchtúir fhada thanaí cosúil le cochaill air? ....................... Halidrys siliquosa Crúba préacháin (Fíor 26)

B8 An bhfuil bolgáin aeir air? ................................... B11

- Gan bholgáin aeir? .............................................. B9

B9 Bhfuil imill an fhroinn fiaclach nó sábhfhiaclach?....................... Fucus serratus Míoránach (Fíor 27)

- An bhfuil imill an fhroinn mín? ................... B10

B10An bhfuil an fronn casta aníos nó cuma chainéalachair mar a bheadh gáitéar? ......................................... ........ Pelvetia canaliculata Caisíneach (Fíoracha 7a,b)

- Níl cuma chainéalach air (ach d’fhéadfadh a bheithcasta ... Fucus spiralis Casfheamainn (Fíoracha 8a,b)

B11 An bhfuil meánfhéith agus bolgáin aeir air? .............Fucus vesiculosus Feamainn bhoilgíneach (Fíor 15)

- Gan mheánfhéith? .....................................................Ascophyllum nodosum Feamainn bhuí (Fíor 17)

B12An bhfuil sé mar a bheadh daba, cosúil le liathróidpeile le drochpholl ann? .......................................... ................... Leathesia difformis Bolgach (Fíor 10)

- Níl sé mar sin! ....................................................... B13

B13Fada, caol, snáithíneach agus sách sleamhain? .......................... Chorda filum Ruálach (Fíor 33)

- Níl sé mar a luaitear thuas, ach níos cosúla lesreang craicne ispíní folmha? .................................... .................................. Scytosiphon lomentaria (Fíor 19)

Eochair na bhfeamainní dearga ��� ����� �������R1 An n-airíonn sé crua nó cailceach (d’fhéadfadh gur

screamh nó scraith atá ann)? ............................... R2

- Níl sé crua ná cailceach? ................................... R3

R2 An screamh ar na carraigeacha é? .............................................................. Speicis éagsúla d’fheamainníscreamhacha (e.g. Lithothamnion) Méarla

- An bhfuil sé ceartseasmhach, le cuma dheighilteair, mar a bheadh coiréal bándearg agus é tuarthaagus bán ar na foircinn go minic? ............... Corallinaofficinalis Feamainn choiréalach (e.g. Fíor 29)

R3 An bhfuil cuma leacaithe den chuid is mó air? ... R4Cuma chruinn den chuid is mó? ................. R12

R4 An bhfuil sé craobhach? .................................... R8

- An bhfuil sé neamhchraobhach? ......................... R5

R5 An bhfuil sé an-tanaí (agus sách sleamhain nuairatá fliuch), mar a bheadh scannán cumhdaithedeargdhonn? ... Porphyra spp. Sleabhcán (e.g. Fíor 9)

Níl sé mar sin? ..................................................... R6

R6 An bhfuil sé cosúil le caonach dubh, thuas ard archladaí a bhfuil a n-aghaidh ó thuaidh, i ngágaagus i scáintí? .............. Catenella caespitosa (Fíor 5).

- Níl sé mar sin? ..................................................... R7

R7 An bhfuil sé cosúil le leitís dhearg fhlapach, an-éagsúil ina chruth, íseal ar an gcladach ........................................ Palmaria palmata Duileasc (Fíor 30)

- Níl sé mar sin? ...................................................... R1

R8 An roinntear gach craobh ina dhá chuidchomhionanna? (féach Fíor a) ............................... R9

- Níl sé mar sin? ................................................. R10

R9 An bhfuil imill an fhroinn casta aníos (agus cumachainéalach air dá bharr)? ..................................... ............ Mastocarpus stellatus Clúimhín cait (Fíor 12)

- Níl sé mar sin? ... Chondrus crispus Carraigín (Fíor 28)

R10An bhfuil na craobhacha os comhair a chéile nóailtéarnach ar an bpríomh-ais? (féach Fíoracha bagus c) ................................................................ R11

- Níl sé mar sin? ...................................................... R2

R11 An bhfuil foircinn na bhfronn ar chuma lorgaí?D’fhéadfadh a bheith ina mhóin ar an gcarraig..................................... Osmundea spp. (e.g. Fíor 11).

- Níl róchuma lorgaí ar fhoircinn na bhfronn? ................................................ Gelidium spp. (e.g. Fíor 23)

R12An de shnáithíní fíneáilte ribíneacha atá sé déanta(mar a bheadh dorú tanaí níolóin)? ................ R13

- Níl sé mar sin (níos cosúla le feadáin ramhra) ... R15

R13An bhfuil na snáithíní stríocach? .......................................................................... Ceramium spp. (e.g. Fíor 20)

- Níl stríocach? ......................................................... R14

R14An ngabhann na snáithíní gaineamh mín, agus é aghreamú de na carraigeacha? ....................................................................... Acrochaetium spp. (e.g. Fíor 24)

- Nó an bhfásann sé greamaithe den fheamainnmhór dhonn Ascophyllum nodosum (feamainn bhuí)– féach B11 ............... Polysiphonia lanosa (Fíor 16)

R15An bhfuil sé cosúil le slabhra ispíní? ............................................................ Lomentaria articulata (Fíor 21)

- Níl sé mar sin? ...................................................... R16

R16An n-airíonn sé bog agus sleamhain? ....................................................... Dumontia contorta (Fíor 25)

- Níl sé mar sin? ...................................................... R17

R17Tá sé cosúil le scuab phéinte ealaíontóra nuair atásé fliuch agus amuigh as an uisce; foircinnbhioracha ar na froinn .............................................................................. Halurus flosculosus (Fíor 22)

- Nó an bhfuil sé solúbtha gan a bheithneamhtheann; d’fhéadfadh roinnt bheag ‘goiríní’ abheith air sa samhradh ............................................................................... Gracilaria gracilis (Fíor 18)

Gluais

Brainseáil Bíonn brainseáil éagsúil ar fheamainnícraobhacha, seo roinnt samplaí:

Déscartha Brainseálann ina dhá chuid gach uair, mar seo ...

Urchomhaireach Brainseálann os comhair a chéile ón bpríomh-ais, mar seo...

Urchomhaireach ailtéarnach Brainseálann ón bpríomh-ais go hailtéarnach, mar seo...

Neamhrialta Gan aon phatrún rialta, mar seo...

Screamhach/crústúil Ag fás mar scraith mar abheadh stroighin thanaí ar charraigeacha nó arfheamainní eile.

Filiméad/filiméadach Déanta de shnáithíní fíneáilteribeacha. Cosúil leis an dorú níolóin is tanaí.

Fronn Níl duillí ar fheamainní, d’fhéadfaidísstruchtúir dhuilleacha a dtugtar froinn orthu abheith orthu.

Greamachán Seo an chuid lena ngreamaíonn anfheamainn den charraig. Níl rútaí ar fheamainní achd’fhéadfadh cuma rútaí a bheith ar ghreamacháin(Fíor e), nó cuma dioscaí (Fíor f).

Lann Fronn leacaithe.

Stíp Is gas atá anseo nach bhfuil aon fhíochánsoithíoch ann.

Bíonn níos mó speiceas ar fáil i gcónaí ar chladaí foscúlaná ar chladaí rite (tá seo fíor maidir le hainmhithechomh maith le feamainní). Tá roinnt bheag speiceasann, áfach, a bhfuil an chuma orthu go maireann siad archladaí rite amháin. Teastaíonn rud éigin le greamú deó fhormór na bhfeamainní, mar sin gheofar níos módíobh ar chladaí carraigeacha foscúla ná ar bhunsraithghainmheach nó lábach. De dheasca éagsúlacht na dtaoidí cuirtear bealacháisiúil ar fáil leis an gcladach a roinnt de réir airdeingearaí os cionn na díthrá is ísle sa bhliain (DíthráRabharta is Ísle). Tugtar sampla anseo:

Ábhar breise léitheoireachta Más mian leat dul chun cinn ar an eochair shimplí seoagus feamainní a shainaithint, moltar iad seo a leanas:

Lámhleabhair/ treoirleabhair allamuigh

A Field key to the British Red Seaweeds (Rhodophyta), leSue Hiscock. 1986. Field Studies Council. OP13.

A Field Key to the British Brown Seaweeds, le SueHiscock. 1979. Field Studies Council. Offprint 125.

A Key to Genera of British Seaweeds, le W. Eifion Jones.1962. Field Studies Council. Offprint 23.

A Handbook of the British Seaweeds, le Lily Newton.1931. British Museum (Natural History).

Seaweeds of the British Isles, údair éagsúla. The NaturalHistory Museum.

Eolas ar algaí mara

Suíomh Gréasáin na bhfeamainní – www.seaweed.ie

Cairteanna infhillte

Lichens of rocky shores, le Frank Dobson. 2010. FieldStudies Council. OP132.

The rocky shore name trail: a key to common plants and

animals of rocky shores, le Clare Cremona, Andy Simmsagus Mark Ward. 2000. Field Studies Council. OP61.

Faoin Treoirchárta seoIs é Steve Morrell an tOifigeach Tionscadail ag Dale Fort Field Centre.

Feamainní a aimsiú

Is í an fhadhb is mó atá ag feamainní ar chladaí ancaillteanas uisce nuair a nochtar iad. Braitheann fad natréimhse nochta sin ar an airde ar an gcladach a bhfuilan fheamainn ag maireachtáil. Ag meánleibhéal nafarraige (airde mheánach na farraige ar an gcladach),caitear 50% den am nochta agus 50% den am faoisháile. Níos faide síos, caitear níos mó ama faoi sháile,go dtí an pointe ag an díthrá rabharta nach mbíonn ancladach nochta (agus ar fáil do lucht faire nabhfeamainní) ach níos lú ná 1% den bhliain - agus fiúansin ar feadh leathuaire an chloig ar a mhéad. Níosfaide suas, tarlaíonn a mhalairt. B’fhiú duit, mar sin,sraith táblaí taoide a cheannach agus do chuidcuardaigh a dhéanamh le linn thréimhsí na díthrárabharta. Is smaoineamh maith i gcónaí é an cladach ashroichint roimh an díthrá agus dul i mbun oibre agusan taoide ag trá. Ní smaoineamh maith riamh é dul ag obair i d’aonar aran gcladach. Cuimhnigh gur féidir le cladach a bheithsleamhain agus carraigeacha a bheith crua agus géar; bícúramach i gcónaí agus ná téigh i mbun oibre in áit abhféadfá a bheith i gcontúirt ó thonnta nó ó bhogadh.Má bhailíonn tú ábhar, bí spárálach, nó ná tóg achsnámhraic atá roghnaithe ag na tonnta duit. Fadhb mhór eile d’fheamainní is ea an riteacht (oibriúna dtonn). Tá aghaidh ag cladaí rite ar an bhfarraigeoscailte agus ar an ngnáthghaoth. Mar sin bíonntionchar níos mó ag oibriú na dtonn orthu ná a bhíonnar chladaí foscúla nach bhfuil a n-aghaidh ar anbhfarraige oscailte ná ar an ngnáthghaoth. Tá go leorfeamainní ann nach bhfuil in ann maireachtáil archladaí rite de bharr bhatráil na dtonn, triomú nagaoithe agus tréimhse níos faide faoin ngrian atá inathoradh ar a n-aghaidh a bheith ó dheas nó thiar-theas.

1

4

3

2

Díthrá Rabharta is Ísle(DTRI)

Meán-Díthrá Mhallmhara (MDTM)

Meánlán Mara Mallmhara (MLMM)

Lán Mara Rabharta is Airde (LMRA)

1 Crios steancála

2 Cladach uachtair

3 Cladach láir

4 Cladach íochtair

Tá na léaráidí san eochair in eagar garbh de réir nascéime airde sin.

������ ������

Eochair i gcomhair roinntfeamainnícoitianta

Is carthanas oideachais neamhspleách atá inFSC (Field Studies Council) atá tiomanta domhúscailt feasachta faoin dúlra. Oibríonn an t-eagras ar fud na Ríochta Aontaithe agus cúrsaíá soláthar aige do scoileanna agus do choláistí,

do chláir foghlama fóillíochta agusdo chúrsaí forbartha gairmiúla.Foilsíonn an FSC roinnt mhaith

teideal chun tacú lena chuid oibre,na treoirleabhair AIDGAP san

áireamh. Chun tuilleadh eolaisa fháil, déan teagmháil, le do

thoil, le:

FSC Publications, Unit C1,

Stafford Park 15,Telford, TF3 3BB, UK.

Teil: +44 (0)1952 208910Facs: +44 (0)1952 208919

R-phost: [email protected]éasán: www.field-studies-council.org

© FSC 2000, tríú heagrán 2010. OP58. ISBN: 978 1 85153 868 3.

TUISCINT AR AN gCOMHSHAOL

Á TABHAIRT DO CHÁCH