Upload
talon
View
95
Download
0
Embed Size (px)
DESCRIPTION
An Ghaeilge & mé féin Réamhobair. Cé leis a labhraíonn tú Gaeilge? Cuir in aice leis na daoine a leanas a labhraíonn tú Gaeilge leo, agus cuir in aice leis na daoine nach labhraíonn tú Gaeilge leo. Mo thuismitheoirí Mo dheirfiúracha & mo dheartháireacha Mo mhúinteoirí - PowerPoint PPT Presentation
Citation preview
Cé leis a labhraíonn tú Gaeilge?
Cuir in aice leis na daoine a leanas a labhraíonn tú Gaeilge leo, agus cuir in aice leis na daoine nach labhraíonn tú Gaeilge leo.
Mo thuismitheoiríMo dheirfiúracha & mo dheartháireacha
Mo mhúinteoiríMo chairde ar scoilMo chomharsana
Na daoine a oibríonn sna siopaí áitiúlaMo chol ceathracha
Cad atá ag an duine in aice leat?
An Ghaeilge & mé féin Réamhobair
Éist le Ciarán ag caint agus freagair na ceisteanna seo:
1. Cé leis a labhraíonn Ciarán Gaeilge?
2. Cad a deir sé faoi Ghaeilge na ndaoine a thagann isteach sa teach tábhairne?
3. Cad a deir sé faoi Ghaeilge a sheantuismitheoirí agus a thuismitheoirí?
4. Cad a deir sé faoi na canúintí eile?
5. An bhfuil sé bródúil as a bheith in ann Gaeilge a labhairt?
An Ghaeilge & mé féin Éisteacht 1
Éist le hEoin ag caint agus freagair na ceisteanna seo:
1. Cé leis a labhraíonn Ciarán Gaeilge?
2. Cad a deir sé faoi Ghaeilge a thuismitheoirí?
3. Cad a deir sé faoi na canúintí eile?
4. An mbuaileann sé le daoine ó Ghaeltachtaí eile agus an dtuigeann sé iad?
5. Cad a deir sé faoi na hábhair scoile ar fad a dhéanamh trí Ghaeilge?
An Ghaeilge & mé féin Éisteacht 2
Féach ar an léarscáil agus scríobh isteach na canúintí atá coitianta sna ceantair éagsúla.
CU:Canúint UladhCC:Canúint Chonnachta CM: Canúint na Mumhan
An labhraítear Gaeilgei dTuaisceart Éireann?Cén chanúint atá acu?
Scríobh isteach na canúintí ar an scála thíos maidir le cé chomh deacair is atá siad, i do thuairim féin.
Éasca Deacair
An Ghaeilge & mé féin Iarobair 1
An Ghaeilge & mé féin Iarobair 2
Féach ar na slite seo chun how are you? a rá sna canúintí éagsúla. Cén chanúint lena mbaineann siad?
Cén chaoi a bhfuil tú?Conas atá tú?
Cad é mar atá tú?
Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat:
1. Cén fáth a bhfuil leagan difriúil den bhriathar ‘tá’ sna samplaí?
2. Déan liosta de nathanna cainte nó focail atá ar eolas agaibh ó na canúintí eile.
An Ghaeilge & mé féin Iarobair 3
Dúirt Ciarán go raibh sé an-bhródúil as Gaeilge a bheith aige.
An bhfuil tú féin bródúil as Gaeilge a bheith agat?
Thug Ciarán sampla d’am nuair a bhí sé an-bhródúil as Gaeilge a bheith aige – an cuimhin leat é?
An féidir leat féin smaoineamh ar eachtra nó am nuair a bhí tú an-bhródúil as Gaeilge a bheith agat?