Upload
caroline-nolan
View
256
Download
2
Embed Size (px)
DESCRIPTION
Comórtas Bedell application
Citation preview
Seachtain Na Gaeilge
Scoil Ashton
Ceardlann Rince ar an Sean-Nós
Reachtáladh ceardlann rince ar an sean-nós do fiche dalta idirbhliana.
Lean an cheardlann 80 nóiméad. Dick Beamish ó Bhaile an Chollaigh a
bhí i mbun na ceardlainne. Tá taithí mhaith ag Dick ar mhúineadh an
rince. Labhair sé leo ar dtúis mar gheall ar rithim agus dhein se
cleachtaí beaga leo. Ansin mhúin sé steipeanna bunúsacha dóibh agus
bhí ionadh ar na daltaí ag an deireadh go raibh ar a gcumas rince a
dhéanamh leis an gceol. Bhí cúpla steip acu ag an deireadh agus bhí
siad an-shásta leo féin. Dhein sé rince an sciobóil chomh maith mar
athrú agus thaitin sé sin go mór leo. Oscailt súl a bhí ann. Tríd is tríd
tráthnóna an-thaitneamhach ar fad a bhí ann.
Comórtas Postaer
Musclaíodh féith na healaíne ins na daltaí leis an
gcomórtas postaer a eagraíodh le linn Seachtain na
Gaeilge 2013 i Scoil Ashton. Bhí féith na healaíne seo,
taobh le bua na samhlaíochta, le feiceáil go soiléir in sna
postaeir a rinne na daltaí chun Seachtain na Gaeilge a
cheiliúradh.
Bhí na postaeir tarraingteacha, ildaite seo le feiceáil ar
fud na scoile ar feadh seachtaine agus chuir said go mór
leis an atmaisféar ginearálta a bhí le mothú agus anuas
air sin, thug said spreagadh do na daltaí níos mó Gaeilge
a labhairt agus machnamh a dhéanamh ar stádas na
Gaeilge in san scoil agus sa tsochaí.
Bhí sceitimíní áthais ar na daltaí an Luan tar eís Seachtain
na Gaeilge nuair a fógraíodh buaiteoirí an chomórtais.
Bhí obair dheacair ag an múinteoir Ealaíne na postaeir is
fearr a roghnú.
Fuair na buaiteoirí uibheacha Cásca agus bhí said an-
sásta…ní nach ionadh!
Seomra Caidrimh
Le roinnt blianta anuas, bhí sé de nós againn an deis a thabhairt
do dhaltaí bheith ag caint as Gaeilge i rith an lá scoile timpeall na
scoile agus go háirithe ag am lóin. Bhíodh uibheacha Cásca le
buachan ag na daltaí de dheasca a gcuid n-iarrachtaí an
Ghaeilge a labhairt. Gan dabht ar bith thug na duaiseanna
spreagadh iontach do na daltaí páirt a ghlacadh agus triail a
bhaint as.
Tá club Gaeilge againn ar scoil, Cupán Tae an t-ainm atá air. Rith
smaoineamh leo an Seomra Caidrimh a chur ar bun i mbliana.
Bheartaíomar ar sheomra ranga ar leith a chur ar fáil ag am lóin
agus deis a thabhairt do na daltaí bualadh isteach, a lóin a
thabhairt leo, an Ghaeilge a labhairt in atmaisféar breá
taitneamhach réchúiseach.
Bhuail a lán daltaí isteach gach lá agus chaith siad a gcuid ama ag
caint is ag cómhrá agus bhí an-chraic acu. Bhí na múinteoirí
Gaeilge ina measc, ag spreagadh agus ag gríosadh na ndaltaí
agus ag deireadh gach am lóin roghaíodh buachaill is cailín
amháin mar Chainteoirí an Lae agus bronnadh ubh Chásca orthu
mar dhuais.
Chabhraigh Cupán Tae go mór leis na múinteoirí an imeacht seo
a eagrú agus a reachtáil. Gach lá d’fhógair daltaí ar an gcallaire
go mbeadh fáilte mhór roimh chách sa Seomra Caidrimh.
Chomh maith leis sin roghnaigh na daltaí seanfhocail oiriúnacha
agus thug siad ceann amháin do na daltaí chuile lá, ina measc
‘Tír gan teanga tír gan anam’ agus ‘Ní neart go cur lé chéile’.
D’éirigh go seoigh leis an imeacht seo agus bhain gach duine
taitneamh agus tairbhe as. Thug sé deis iontach dúinn go léir an
Ghaeilge a chur chun chinn agus íomhá dhearfach spreagúil dár
dteanga dhúchais a chothú agus a chéiliúradh ar fud na scoile,
mar a deir an seanfhocal ‘Beatha teanga í a labhairt’.
Tráth na gCeist
Ghlac ochtó dalta ón gcúigiú bliain páirt i dtráth na gceist
ollmhór.Bhí atmaisféar iontach ann le níos mó na fiche
foireann ag déanamh a seacht ndícheall chun na
huibheacha cásca a bhuachan. Bhí babhtaí eagsúla ann –
babhta ceoil, spóirt agus scannáin ina measc.
Bhí an-chraic go deo sa seomra agus bhain gach éinne sult
as an ócáid.