69

CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

  • Upload
    others

  • View
    1

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)
Page 2: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

CEACHT 1:MIOTAIS AGUS FINSCÉALTAÓ GACH CEARN DEN DOMHAN

Page 3: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

MIOTAIS AGUS FINSCÉALTA Ó GACH CEARN DEN DOMHAN...Tá a gcuid miotas agus finscéalta féin ag gach cultúr ar fud an domhain.Tá na scéalta seo cosanta mar abheadh taisce iontach luachmhar iontu ag na daoine a scríobh agus a chaomhnaigh iad.

Síos tríd an haoiseanna, cheol daoinefocail na scéalta seo ag tinte campaí,shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agusscríob siad ar phaipír, ar veilleam(craiceann ainmhí) agus ar pháipéar iad le cleití.

Tá a lán cultúr, amhail Ceiltigh na hIarannaoise, imithe ó shin ach maireann a gcuid déithe agus a gcuid laochra sna scéalta a bhíacu.

Is minic a bhíonn na téamaí céannasna miotais agus sna finscéalta ó gach cearn den domhan agus thar na mílte bliain; mar shampla, ‘Cárbh as ar tháinig muid?’ nó ‘Cad é mar a thosaigh an domhan’.

CÚ CHULAINN TÚR LÁCA

EARCAIL BEOWULF RÍ GILGAMESH

Page 4: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

CAD IS MIOTAS ANN - AGUS CAD IS FINSCÉAL ANN?

MIOTAS...

...is scéal é seo a cumadh le rud éigin faoin saolnádúrtha a mhíniú - mar shampla, cárb as a dtaganntoirneach nó cad chuige a dtiteann sneachta ón spéir.

Léitear go minic sna miotais déithe agus bhandéitheagus carachtair osnádúrtha eile a bhfuil an chumhachtacu rudaí osnádúrtha a dhéanamh. Tá dúil mhór agdaoine sna miotais fiú nuair a thuigeann siad an ceannfháth is cúis le teagmhais nádúrtha.

Tá miotais chomh sean leis an chine dhaonna. Rinnedaoine aithris orthu fadó le hiarracht a dhéanamh tabhairt faoi na ceisteanna móra a bhí ag daoine a fhreagairt, mar shampla, ‘cárbh as ar tháinig daoine?’ agus ‘cad é a tharlóidh nuair a gheobhaimid bás’?

Foghlaimímid faoi na creidimh reiligiúnacha a bhí ag cultúr ársa trí staidéar a dhéanamh ar na miotais a bhí acu.

FAIGHTEAR BEITHÍGH FANTAISEACHA I MIOTAIS

GO MINIC AMHAIL DEAMHAIN, DRAGAIN NÓ AONBHEANNAIGH

SCIATHÁNACHA.

THÁINIG AN FOCAL ‘MYTHOS’

Ó NA SEAN-GHRÉAGAIGH A ÚSÁIDIMID LE CUR SÍOS

AR NA SCÉALTA SEO.

Page 5: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

TIG LINN CUID MHÓR A FHÁIL AMACHFAOI SHAOL NA SEAN-CHEILTIGH ÓNA FINSCÉALTA FAOI CHÚ CHULAINN.

FINSCÉAL...

Is finscéalta iad na scéalta a bhaineann le stair daoine ón aimsir fadó.

Tháinig na finscéalta chugainn mar oidhreacht ó sheanchaithe san am a chuaigh thart, le heachtra stairiúil a mhíniú, le ceacht a theagasc, nó go simplí, le siamsaíocht a thabhairt don lucht éisteachta.

Cé gur minic a inístear finscéalta mar “fhíorscéalta”, de ghnáth meascannsiad fíricí stairiúla le scéalta fantaiseacha, ag meascadh fíoreachtraí agusfíoráiteanna le hócáidí samhailteacha agus le saol na mbrionglóidí.

CAD É AN DIFRÍOCHTEATARTHU?

Baineann miotais, de ghnáth, le rudaí anaithnideagus osnádúrtha ach is minic a dhéanann finscéaltacur síos ar shaol agus ar eachtraí fíordhaoine.

PARABAL NÓ FABHALSCÉAL...

...scéal atá gearr agus simplí de ghnáth, a léiríonn ceacht (bíonn ainmhithe mar charachtair ann),mar shampla ‘An Buachaill a scaip Scéal Chailleach an Uafáis’ ('The Boy Who Cried Wolf’).

Faightear parabail sa Bhíobla agus is iad Fabhalscéalta Aesop na fabhalscéalta is cáiliúla, a thagann ón tSean-Ghréig.

Page 6: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

COMHPHÁIRTEANNA DE MHIOTAS...Tá go leor cosúlachtaí sna miotais éagsúla ó gach cearn den domhan agus ó thréimhsí éagsúla.

Dealraíonn sé go bhfuil an t-oideas céanna ag an chuid is mó de mhiotais agus d’fhinscéalta margo mbíonn na ‘comhpháirteanna’ nó gnéithe an scéil seo a leanas mar an gcéanna acu go minic.

Tá laochra de gach cuma agus de gach sórt ann, ach is fir agus daoine daonna iad an chuid is mó acu.

Tagann na laochra le cultúr a shábháil de ghnáth, le deamhan nó arracht amharú, le bua nua (tine mar shampla) a thabhairt do dhaoine nó le pobal athreorú chuig tír tairngire.

Ní bhíonn laochra foirfe agus bíonn laige de chineál éigin acu. Fágann sé seogo bhfuil turas an laoich níos suimiúlaagus tugann sé an deis don léitheoirpáirt a bheith aige ina bhuanna agus inathubaistí. Ní bheadh cathanna an laoichchomh corraitheach sin dá mbeadh anlaoch foirfe agus go mbeadh a fhiosagat nach dtiocfadh leis cailleadh in amar bith!

De ghnáth bíonn laochra ag troid armhaithe le grá, le glóir agus le dualgas.A bhuíochas don chinniúint, bíonn an buaag an laoch de ghnáth, cé go mbíonncostas mór leis de ghnáth.

Page 7: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

Bíonn cumhacht speisialta áirithe ag laochra de ghnáth. Thiocfadh gur réad speisialta é seo,cosúil le claíomh draíochta, a fuair siad ó dhia nó ó neach osnádúrtha eile.

Is féidir go bhfuil bua nádúrtha ag an laoch, as siocair go bhfuil baint acu le déithe de ghnáth.Is coitianta iad na laochra ar leathdhuine agus leathdhia iad.

Agus laochra i mbun toisce, tugtar tascanna dóibh atá dodhéanta de réir dealraimh agus tugann siad faoi thurais chontúirteacha le réad beannaithe a aimsiú nó leis an lámh in uachtar a fháil ar namhaidscanrúil.

Bíonn trialacha ag an laoch de ghnáth a thugann go dtía phointe briste é agus is minic a mbíonn cuidiú breisede dhíth air lena sprioc a bhaint amach.

CUMHACHTAÍ SPEISIALTA NA LAOCHRA

TOSCA LAOCHRA

Page 8: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

Bíonn ainmhithe miotasacha sa chuid is mó de na miotais agus de na finscéalta, amhailarrachtaí scanrúla, a gcaithfidh an laoch an lámh in uachtar a fháil orthu. Bíonncruthanna éagsúla ar na hainmhithe miotasacha. Is féidir le cuid acu a bheith scanrúilcosúil le fathach na dtrí cinn a bhíonn ar aire ag geata Ifrinn, agus tig le cuid acu a bheith cineálta. I gcás cuid de na créatúir seo, tá leath amháin acu ina ainmhí nó ina dhuine agus is ainmhí de chineál eile é an leath eile; An Ceinteár ó mhiotaseolaíochtna Gréige, mar shampla, ar leathdhuine agus leathchapall é.

Tá bithiúnach riachtanach i ngach miotas nó finscéal maith. Is é an bithiúnach an namhaidnó an carachtar olc i scéal go minic. Is féidir leis seo a bheith ina dhuine cruálach, duineatá tugtha don olc nó a dhéanann coireanna, nó go simplí duine atá ina mhaistín.

CHREID NA SEAN-CHEILTIGH GUR ÓN BHANDIA DANÚ A SAOLAÍODH GACH RUD BEO.

AN CEINTEÁR

An cheist ba mhó a bhí ag daoine fadó ná ‘cárbh asar tháinig na chéad daoine?’

Is é ‘Dia an cruthaitheoir’ an freagra de ghnáth a mhúnlaíonn daoine as cré, as adhmad nó as ábharnádúrtha eile.

Is féidir le déithe atá feargach scrios a bhagairt ar phobal iomlán, le tuile mhór mar shampla.

BITHIÚNAIGH FHEALLTACHA

DÉITHE NEARTMHARA

AINMHITHE MIOTASACHA

Page 9: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

I MIOTASEOLAÍOCHT NA GCEILTEACH,THIOCFADH LEIS AN MORRIGAN 3 CHRUTHÉAGSÚLA A GHLACADH: CAILLEACH,MAIGHDEAN NÓ FIACH DUBH.

LOKI

Bíonn ‘cleasaí’ nó duine nó rud éigin a bhriseann na gnáthrialachaiompair i gcuid mhór de na miotais. Is dia é an cleasaí go minic,amhail Láca i miotaseolaíocht Ioruach.

Tig leis na cleasa a imríonn siad ceachtanna luachmhara a theagascagus cuireann siad i gcuimhne do dhaoine nach mbíonn rudaí i gcónaímar a shíltear.

Is féidir le cleasaithe áirithe a gcruth a athrú agus foirmeachaéagsúla a ghlacadh nó a mhalartú ó fhear go bean.

De réir na miotas agus na bhfinscéalta, ba dhéithe iad na daoine fadó agus bhí siadneamhbhásmhar (ní bhfuair siad bás). Go minic bhí an mhiotaseolaíocht ag iarraidhfreagra a thabhairt ar an cheist, ‘cad é a tharlaíonn do dhaoine nuair a fhaigheannsiad bás?’ Tá an creideamh ag a lán cultúr go bhfuil saol spioradálta ann do dhaoinemaithe agus do dhaoine dona - parthas agus an domhan thíos de ghnáth.

Déanann a lán laochra triall ar an domhan thíos, áit a ndéanann siad iarracht an lámhin uachtar a fháil ar an bhás agus teagmháil a dhéanamh leis na daoine a tugadh óshaol na mbeo.

AN BÁS AGUS AN DOMHAN THÍOS (IFREANN)

CLEASAITHE

Page 10: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

MIOTAIS AGUS FINSCÉALTA ARFUD AN DOMHAIN...TÚR AGUS LÁCA

Ba é Túr dia Gearmánach na láidreachta agusdia na toirní agus na tintrí (amhail Iúpatar nóSéas). D’iompraíodh sé casúr mór. De bhrí goraibh Túr chomh láidir sin, shíl na Gearmánaighin amanna go raibh sé rud beag bómánta, achba í a chuid láidreachta a chosain na déitheagus na daoine ar na fathaigh chontúirteachasna miotais Ghearmánacha.

Dia Gearmánach na gcleas a bhí i Láca. Bhí sé rud beag cosúil leis an dia GréagachHeirméas. Lena chuid cleasaíochta a éascú,thiocfadh leis é féin a thiontú i gcuid mhórcruthanna éagsúla, a raibh cruth cailín inameasc, dá mba mhian leis.

TÚR LÁCA

Page 11: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

Ghoid an fathach, Thrym, casúr Thúir agus ní thabharfadh séar ais dó é. “Tabharfaidh mé do chasúr ar ais,” arsa Thrym,“nuair a chuirfidh tú do bhean chéile, Freya, chugam le bheithmar bhean chéile agam. Bhuel, bhí Túr sásta go leor leis sin,ach ní rachadh Freya. I ndáiríre, “chroith an halla” mar gheallar an fhearg a bhí uirthi. Mar sin de, ghléas Túr é féin inéadaí Freya, agus chuir Láca éadaí ghiolla Freya air féin, agus thug siad aghaidh ar Thír na bhFathach.

Nuair a bhain Túr agus Láca an áit amach, chreid Thrym agus na fathaigh eile gur Freya agus a giolla a bhí iontu, cé nach ndearna Túr iarracht mhaith ar ghothaí Freya a chur air féin.

Sa chéad dul síos, ag an dinnéar d’ith Túr damh iomlánagus d’ól sé trí stópa meá (cosúil le beoir)! Bhí na fathaighgiota beag amhrasach ansin ach go gasta mhínigh Láca, “Ó, tá Freya ar sceitimíní le bheith ag pósadh Túir agussin an fáth a bhfuil sí ag ithe an oiread sin!”

Ansin d’amharc Thrym faoi chaille Freya (cé gur Túr a bhí ann i ndáiríre), ag iarraidh í a phógadh, achtháinig eagla air nuair a chonaic sé súile dearga Thúir. Arís léirigh Láca, “Ó, tá Freya chomh tógtha sinnár chodail sí le hocht n-oíche!” “Sin an fáth a bhfuil a súile dearg.”

Ach i rith na bainise, thug Thrym casúr Thúir amach agus lig sé dó greim a bheith aige air (ag smaoineamhgur Freya a bhí ann). Ar an toirt rug Túr greim ar a chasúr agus rinne sé smidiríní de na fathaigh. Ansinbhí sé féin agus Láca ábalta éalú leis an chasúr.

Page 12: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

MIOTAIS AGUS FINSCÉALTA ARFUD AN DOMHAIN...

EARCAIL

Ba mhac le bean darbh ainm Alcmene agusan dia Séas é Earcail.

Bhí sé ina laoch mór, agus bhí sé iontachláidir. Fiú agus é ina leanbh óg, bhí neartan-mhór ann.

Bhí fearg ar an bhandia Héire mar gurbhé Séas a fear céile agus ní raibh sí agiarraidh go mbeadh páistí aige le mná eile.Chuir sí dhá nathair chuig an leanbh lenamharú. Ach is é rud a rinne Earcail nád’éirigh sé ina shuí agus rug sé ar nanathracha sin agus thacht sé iad!

AN GHRÉIG

Page 13: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

Nuair a d’fhás Earcail aníos, ba é anfear ba láidre ar an domhan é. Phóssé bean darbh ainm Meigeara agusbhí beirt pháistí acu, a raibh grámór aige dóibh. Ach bhí fearg arHéire le hEarcail go fóill. Lean sí ar aghaidh ag iarraidh díoltas abhaint amach agus mar gheall ar acuid iarrachtaí chuir sí Earcail armire glan sa deireadh. Lá amháin,mharaigh sé a pháistí féin agus abhean chéile Meigeara fosta.

Nuair a lig Héire d’Earcail teacht ar ais chuige féin, scread sé, “Cad éatá déanta agam?” Bhí air bealachéigin a fháil le maithiúnas a fháil óna déithe as an choir uafásach seo.Chuaigh Earcail go Deilfe agus d’iarrsé comhairle ó Apalló maidir le cad é ba cheart dó a dhéanamh. D’inisApalló dó go dtabharfadh na déithemaithiúnas dó dá ndéanfadh sé dháthasc déag d’Eoraistéas, rí Argas -tugaimid an dá shaothar déag dechuid Earcail orthu seo.

Chuidigh Héire le hEoraistéas leis na tascanna a chumadh agus gachuair a thug siad tasc d’Earcail, bhí siad cinnte nach dtiocfadhEarcail slán beo as.

Ach chuir Earcail iontas orthu. Ní amháin gur mhair sé, ach tharla eachtraíiontacha dó; rinne sé cairdeas le daoine, agus dhíbir sé an domhan ó roinntarrachtaí fíorghránna.

Nuair a bhí an dá shaothar déag curtha i gcrích ag Earcail, dúirt Apalló go raibh sé saor arís. Bhí brón air as a bhean chéile agus a pháistí a mharú.Chomh maith leis sin, bhí sé le bheith ina dhia nuair a gheobhadh sé bás margheall ar na saothair uilig a rinne sé!

Page 14: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

MIOTAIS AGUS FINSCÉALTA AR FUD AN DOMHAIN...

GILGAMESHDuine fíorstairiúil a bhí in GILGAMESH, rí Uruk a rialaigh timpeall 2700RCh. Ba dheamhan éa athair a ghlac foirm rí Uruk, agus ba í an bandia Ninsun (spéirbhean bó allta) a mháthair.Bhí neart osdaonna ag Gilgamesh agus bhí dhá thrian de ina dhia agus trian amháin de inadhuine daonna.

Tosaíonn an eipic le Gilgamesh agus é ina rí ar chathair Uruk, ach níl ag éirí go rómhaith leis.Tá gach duine ar buile leis mar bíonn cuid mhór cailíní aige ag an aon am amháin, caitheann séa chuid ama ar fad ag cóisireacht in áit a bheith ag obair, agus tugann sé drochmheas do naseanóirí sa chathair.

Lá amháin, insíonn teachtaire do Gilgamesh go bhfuil fear fiáin ina chónaí sna cnoic in aiceleis an chathair. Enkidu is ainm don fhear fiáin seo. Tá sé an-láidir. Measann Gilgamesh go bhfuil sé seo suimiúil, mar sin leagann sé gaiste d’Enkidu lena mhealladh go dtí an chathairagus le bheith ina chara dó.

Cuireann Gilgamesh bean álainn chuig Enkidu agus nuair a fheiceann sé í tugann sé póg di. Feidhmíonn an phóg go draíochtach lena cheansú: leanann Enkidu an bhean ar ais go dtí an chathair agus éiríonn sé sibhialta.

Anois, agus cara nua ag Gilgamesh, níl sé chomh dubh dóite a thuilleadh agus stadann sé de bheith suarach le gach duine agus de bheith ag crá na gcailíní. Mar mhalairt air sin,beartaíonn Gilgamesh agus Enkidu turas mór laochais chuig an Iarthar le hadhmad tógála a fháil (mar ní raibhmórán adhmaid ag fás in Measpatáim). Téann siad ansin agus troideann siad leis an arracht ollmhór Humbaba.

Nuair a bhaineann an bheirt laochra an baile amach, áfach, tosaíonn a gcuid fadhbanna. Tá Gilgamesh chomhtarraingteach sin anois go dtiteann an bandia Ishtar i ngrá leis, ach nuair a iarrann sí air siúl amach léi, diúltaíonn Gilgamesh (agus tá sé an-dímhúinte agus é ag caint léi). Tá fearg ar Ishtar agus tugann sí fiabhrasd’Enkidu agus faigheann sé bás. Tá an-bhrón ar Gilgamesh agus é go mór trína chéile faoi bhás a charad.Agus tá eagla air go bhfaighidh sé bás lá éigin chomh maith.

Sa deireadh téann Gilgamesh go Tír na Marbh lena fháil amach an bhfuil dóigh éigin ann ar féidir leis fanachtbeo go deo. Faigheann Gilgamesh amach gur féidir leis fanacht beo go deo má thig leis fanacht múscailte arfeadh seachtaine agus súil a choinneáil ar phlanda áirithe. Titeann sé ina chodladh faoi dheireadh, áfach. Filleann sé ar a chathair arís agus brón air go fóill ach tuigeann sé go gcaithfidh gach duine bás a fháil améigin, agus leanann sé air de bheith ina rí maith.

AN TSEAN-MHEASPATÁIM (AN IARÁIC SA LÁ ATÁ INNIU ANN)

RÍ GILGAMESH

Page 15: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

MIOTAIS AGUS FINSCÉALTA AR FUD AN DOMHAIN...

BEOWULF

Insítear scéal in BEOWULF faoi rudaí a tharla sna luath-AD500 ta -beagnach 500 bliain sular scríobhadh an dán. Titeann an scéal amachsa Danmhairg agus sa tSualainn agus baineann sé le fíordhaoine a bhíbeo sna luath-AD500 ta, a bhfuil eolas againn orthu ó scéalta eile ascríobhadh i Sualainnis agus ón tseandálaíocht.

Sa scéal seo, is laoch mór é Beowulf. Seolann sé chun na Danmhairgechun Rí Hrothgar, fear atá muinteartha dó, a shábháil ar arrachtuafásach a dtugtar Grendel air.

Agus iad ag troid stróiceann Beowulf lámh de Grendel, mar sin imíonnGrendel abhaile agus leanann sé air ag cur fola go dtí go bhfaigheannsé bás.

CRÍOCH LOCHLANN

Page 16: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

Leanann Beowulf ar aghaidh le tuilleadh eachtraí. Tugann sé cuidiú i ruatharLochlannach ar Frisia, a raibh Rí Hygelac i gceannas air. Faoi dheireadh, ceaptar ina rí é ar Mhuintir Geat agus rialaíonn sé iad go dtí go bhfuil sé ina sheanduine - ar feadh caoga bliain.

Ach ansin cluineann sé faoi arracht nua atá ag cur eagla ar gach duine - is dragan éan t-am seo . Cé go bhfuil sé iontach aosta faoin am seo, is laoch go fóill é Beowulf,mar sin imíonn sé leis agus maraíonn sé an dragan. Ach an t-am seo éiríonn leis andragan Beowulf a ghortú chomh holc sin go bhfaigheann Beowulf bás chomh maith.

An oíche dar gcionn, tagannmáthair Grendel agus déanannsí scrios ar halla Rí Hrothgar.Mar sin, tosaíonn Beowulf agtroid léi agus maraíonn sé íchomh maith le claíomhdraíochta.

Tá gach duine an-sásta agusfaigheann Beowulf cuid mhórféiríní.

Page 17: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

RÉABÓIR MIOTAIS GNÍOMHAÍOCHT

NA 6 C

CAD É AN MIOTAS NÓ AN FINSCÉAL IS FEARR LEAT?Sa tasc seo iarrtar ort anailís a dhéanamh ar an mhiotas nó ar an fhinscéal is fearr leat. Le tosú, freagair na sé C den scéal - Cé? Cad é? Cá háit? Cá huair? Cad chuige? agus Cén dóigh?An chéad chéim eile, cá mhéad comhpháirt miotais atá ann i do scéal.

An príomhcharachtar/ na príomhcharachtair?

Cuir síos ar an charachtar seo/ar na carachtair seo...cé acu atá ann, duine nó dia?

CÉ?

An tír as a dtagann an scéal seo is ea...

Cá huair a tharlaíonn an scéal?

CÁ HÁIT?

CÁ HUAIR?

Ainm an mhiotais nó an fhinscéil is fearr liom... Tarraing pictiúr den phríomhcharachtar/ de na príomhcharachtair.

Page 18: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

Tabhair achoimre ghairid ar a dtarlaíonn sa scéal. An dtéann an príomhcharachtar ar turas?

An miotas nó finscéal é an scéal seo? Mínigh do fhreagra.

CAD É?

Cad é a spreag an príomhcharachtar tabhairt faoin turas? An ndearna sé é ar mhaithe le grá, le honóir, le glóir?

CAD CHUIGE?

Cén dóigh ar thug an príomhcharachtar faoina sprioc a bhaint amach. An raibh cuidiú ar bith eile acu?CÉN DÓIGH?

Page 19: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

RÉABÓIR MIOTAIS...

COMHPHÁIRTEANNA MIOTAISCÉ ACU DE NA COMHPHÁIRTEANNA SEOA LEANAS ATÁ SA MHIOTAS AGAT?

An bhfuil laoch sa scéal? Cuir síos ar an laoch agus ar an chúlra atá aige.LAOCHRA EIPICIÚLA

CUMHACHTAÍ SPEISIALTA NA LAOCHRA

TOSCA LAOCHRA

BITHIÚNAIGH FHEALLTACHA

An bhfuil cumhachtaí speisialta, scileanna, nó réad speisialta, mar shampla,claíomh draíochta ag an laoch? Déan cur síos air.

An bhfuil bithiúnaigh ar bith ann? Thiocfadh gur namhaid, rógaire, nó duine olc é an bithiúnach,nó duine a dhéanann coireanna, nó go simplí duine atá ina mhaistín. Déan cur síos air.

An dtugann an laoch faoi thasc atá dodhéanta nó an dtéann sé ar thuras contúirteach le réad beannaithe a aimsiú nó leis an lámh in uachtar a fháil ar namhaid scanrúil. Déan cur síos air.

Page 20: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

Ainm an dé nó an bhandé:

Ainm an dé nó an bhandé:

Cad é an cúram a luaitear leo mar dhéithe?

Cad é an cúram a luaitear leo mar dhéithe? Cur síos:

Cur síos:

DÉITHE NEARTMHARA An bhfuil dia nó bandia sa scéal?

Ainmhí: Feidhm an ainmhí: Saintréithe neamhghnácha ar bith:

AINMHITHE MIOTASACHA An bhfuil ainmhí fantaiseach sa scéal?

Ainm an chleasaí: An bhfuil scileanna nó cleasa speisialta aige? Cur síos:

CLEASAITHE An bhfuil carachtar ann is maith leis cleasaí a imirt nó is féidir leis a chruth a mhalartú?

TEACHTAIREACHT AN SCÉILCad chuige ar insíodh an scéal seo, dar leat? An bhfuil teachtaireacht ann? An dtugann an scéal míniú ar fheiniméan nádúrtha, an insíonn sé dúinn an dóigh le muid féin a iompar, an dteagascann sé ceacht dúinn nó an gcuireann sé ar an eolas muid faoi shochaí fadó?

Page 21: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

CEACHT 2:MIOTASEOLAÍOCHT AGUS

FINSCÉALAÍOCHT CHEILTEACH

Page 22: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

MIOTASEOLAÍOCHT AGUS FINSCÉALAÍOCHTTá an mhiotaseolaíocht

Cheilteach lán de scéalta faoieachtraí na laochra Ceilteacha, faoi na Ríthe, na Banríonacha, na cailleacha agus na fathaigh

fadó.

Cuireann na scéalta seo ‘léargas ar an Iarannaois’

ar fáil dúinn, a thugann faisnéisdúinn ar chultúr agus ar

chreidimh na gCeilteach.

Táan mhiotaseolaíocht

sna teangacha Ceilteachaar na miotaseolaíochtaí isspreagúla san Eoraip.

Page 23: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

SRAITHEANNA MIOTAS CEILTEACHIs féidir an mhiotaseolaíocht Éireannach a rangú ina ceithre ghrúpa:

• SCÉALTA MIOTASEOLAÍOCHTA• AN RÚRAÍOCHT

• SCÉALAÍOCHT NA RÍTHE• AN FHIANNAÍOCHT

NA SCÉALTA MIOTASEOLAÍOCHTASna scéalta miotaseolaíochta tá tagairt déanta do na hionraí a rinne clanna ó shaolta eile ar Éirinn. Tá cur síos déanta ar na hionraí seo sa Lebor Gabála.

Tháinig na déithe agus na bandéithe, Clann Danú, go hÉirinn ócheithre chathair sa saol eile leis na Fir Bolg a threascairt agusÉire a fháil dóibh féin. Ba shinsearaigh fhicseanúla na nGael iad na daoine osnádúrtha a chuir fúthu go luath in Éirinn. Threascairsiad na Tuatha Dé Danann ag cath Thailteann, agus bhí seilbh acuar Éirinn ina dhiaidh sin. Roinn siad an tír ina dhá chuid, agus fágadh Éireamhóin ag rialú sa Tuaisceart agus Éibhear sa Deisceart.

Insíonn an scéal tragóideach “Clann Lir” an dóigh ar tiontaíodh páistí Lir ina n-ealaí ar feadh900 bliain nuair a roghnaíodh rí úr ar na Tuatha Dé Dannan.

DANÚ, OLLMHÁTHAIR NA HÉIREANN, ÓNA

SAOLAÍODH GACH RUD BEO.

Page 24: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

CLANN LIRFadó, bhí rí ann darbh ainm Lir agus bhí sé ina chónaí lena bhean chéile Aoibh agus a cheathrar páistí - cailín amháin,

Fionnuala, agus triúr mac, Aodh agus cúpla, Fiachra agus Conn.Nuair a fuair bean chéile Lir bás bhí siad uilig an-bhrónach.

I ndiaidh cúpla bliain phós Lir arís. Phós sé bean éadmhar darbh ainm Aoife.

D’éirigh an t-éad in Aoife mar gheall ar an ghrá a bhí ag na páistí dá chéile agus dá n-athair mar sin shocraigh sí

fáil réitithe de na páistí. Ar thuras leis na paistí go teach a seanathar d’úsáid sí a draíocht leis na páistí

a thiontú ina n-ealaí. Nuair a chuala Lir faoin eachtra seo, thug sé ar a dhraoithe Aoife a thiontú ina deamhan aeir

go deo na ndeor.

Agus iad ina n-ealaí, bhí ar na páistí 300 bliain a chaitheamh arLoch Dairbhreach (loch a bhí cóngarach do chaisleán a n-athar),

300 bliain ar Shruth na Maoile, agus 300 bliain ar Iorras Domhnann in aice le hInis Gluaire. Le deireadh a chur leis an gheis, bheadh ar mhanach iad a bheannú. Nuair a bhí na páistí in n-ealaí, thiontaigh Naomh Pádraig Éire chun na Críostaíochta. Go luath maidin amháin chuala

siad clog Críostaí.

Bhí áthas an domhain orthu gur dhaoine daonna arís. Dhoirt an manach uisce naofa orthu agus ansin chuir Fionnuala

a lámha thart ar a deartháireacha agus leis sin thit an ceathraracu go talamh. Chuir an manach sa talamh iad agus an oíche sin

bhí brionglóid aige go bhfaca sé ceithre eala ag eitilt suas trí na néalta. Bhí a fhios aige go raibh Clann Lir

lena máthair agus lena n-athair.

SCÉAL Ó NA SCÉALTA MIOTASEOLAÍOCHTA...

Page 25: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

AN RÚRAÍOCHTCnuasach mór de scéalta laochta i litríocht na hÉireann a chuireann síos ar eachtraí na nUladh, muintir ársa óna bhfuair Cúige Uladh a ainm. Déanann na scéalta seoathinsint ar eachtraí laochra na Craoibhe Rua - arm denscoth i gCúige Uladh - a raibh Cú Chulainn ina chranncosanta acu.

Tá na heachtraí is suntasaí de chuid Chú Chulainn sa Táin.Is é an Táin an miotas Éireannach is faide agus iscumhachtaí.

Sa Rúraíocht, tá duine de nalaochra Ceilteacha is mó ann, Cú Chulainn, mac leis an dia Lugh.

CÚ CHULAINN

LUGH, AN DIA MÓR

Page 26: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

Bhí Cú Chulainn iontach láidir agus iontach cróga. Setanta ab ainm dó ar dtús ach tugadh Cú Chulainn airnuair a mharaigh sé madadh cosanta an ghabha Culann.

Bhí Cú Chulainn ar an laoch is móde Chúige Uladh. Fuair sé oiliúintin ealaíona an chomhraic faoinlaoch mór, Scathach.

Tá sraith iomlán cathanna agus triallacha nirt agus misnighle fáil sa Rúraíocht mar a leanann Cú Chulainn an rud atá i ndán dó, le bheith ar an laoch is mó in Éirinn.

AN LAOCH MÓR, SCATHACH

Page 27: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

TÁIN BÓ CUAILGNESCÉAL ÓN FHIANNAÍOCHT...

Téann Banríon Méabha i gceannas ar a harm mór in éadan laochra Chúige Uladh, a bhfuil mallachtorthu a fhágann nach féidir leo troid sa chath.

Is é Cú Chulainn, agus é seacht mbliana déagd’aois, an t-aon laoch nach ndeachaigh an mhallacht i bhfeidhm air agus mar sin caithfidh sé Cúige Uladh a chosaint ina aonar.

MÉABHA, BANRÍON CHONNACHT

Táin Bó Cuailgne a thugtar ar an scéal is cáiliúlasa Rúraíocht.

Scéal atá ann faoi Mhéabha, Banríon cheannasachChonnacht, agus a feachtas le Donn Cuailgne aghabháil ó na hUltaigh.

DONN CUAILGNE: TARBH DONN CHÚIGE ULADH

Page 28: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

Is í an choimhlint idir Cú Chulainn agus a chara Firdhia ar cheann de na sleachtais cáiliúla i luathlitríocht na hÉireann.

Sa deireadh, maraíonn fórsaí Chonnacht Cú Chulainn sa chath.

I ndiaidh dó buille ó shleá a fháil, ceanglaíonn séé féin do chuaille sa dóigh go dtig leis aghaidh a thabhairt dá naimhde agus é ina sheasamh.Mar atá an claíomh ag titim dá lámh, gearrannsé an lámh dá mharfóir.

FIRDHIA AGUS CÚ CHULAINN

Page 29: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

AN FHIANNAÍOCHTBaineann an Fhiannaíocht leis na heachtraí a bhí ag Fionn Mac Cumhail agus a chuid laochra, na Fianna.Ba ghrúpa finscéalach laochra iad na Fianna a chosain Éire agus Albain agus a choinnigh an áit in ordagus faoi smacht.

Ba laoch agus sealgaire é Fionn Mac Cumhaill. Ba eisean an duine is fíréanta, is críonna agus is cineáltade na Fianna. Is leasainm i ndáiríre é Fionn a tugadh ar dhuine a raibh gruaig “fhionn” aige.

Tugadh aird air den chéad uair i ndiaidh an Bradán Feasa a cheapadh agus a ithe. I bhfinscéal tábhachtach eile, insítear dúinn faoin dóigh ar bhuail sé lena chéad bhean chéile, Sadbh, agus é amuighag seilg. Bhí draoi i ndiaidh í a thiontú ina fia agus i ndiaidh d’Fhionn í a ghabháil, tiontaíodh ina beanálainn í. Rug sí mac d’Fhionn, darbh ainm Oisín, sular thiontaigh sí ina fia arís agus d’fhan sí scartha ó Fhionn agus a mhac le blianta fada. Insíonn scéal eile faoin dóigh ar lean Fionn, agus é ar buille le héad, na leannáin Diarmuid agus Gráinne ar fud na hÉireann i ndiaidh dóibh éalú lena chéile.

Page 30: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

FIONN MAC CUMHAILL & CLOCHÁN AN AIFIR

Baineann an finscéal is cáiliúla de chuid Fhinn MhicCumhaill le Clochán an Aifir i gContae Aontroma.

De réir an scéil, thóg Fionn an clochán le fáil a fhadle hAlbain le troid in éadan fathach eile darbh ainm Benandonner. Nuair a fuair sé a fhad leis, fuair sé amach go raibh an fathach Albanach ina chodladh ach, chomh maith leis sin, go raibh séi bhfad níos mó ná é féin, mar sin tháinig Fionn ar ais abhaile ar an chlochán.

Nuair a mhúscail Benandonner tháinig sé trasna an chlocháin le Fionn a throid. Ghléas bean chéileFhionn a fear céile mar leanbh agus nuair a bhain Benandonner an teach amach dúirt sí nach raibh Fionn sa bhaile agus a bheith ciúin gan an leanbh a mhúscailt.

Nuair a chonaic Benandonner an leanbh mheas sé go gcaithfeadh Fionn a bheith iontach mór má bhí an leanbh chomh mór sin. Mar sin, thiontaigh séthart agus theith sé ar ais trasna an chlocháin, á scriosadh ar a bhealach.

Níl fágtha anois ach an dá thaobh, anseo ag Clochánan Aifir agus ar oileán Stafa in Albain, áit a bhfuilfoirmíochtaí carraige den chineál chéanna le feiceáil.

SCÉAL ÓN FHIANNAÍOCHT...

Page 31: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

SCÉALAÍOCHT NA RÍTHE

Is cnuasach de bhreis is céad scéal í Scéalaíocht na Ríthe, a dtugtar an tSraithStairiúil uirthi chomh maith, a bhaineann le rithe finscéalacha na hÉireann.

Bhí sé mar dhualgas ar na baird nó ar na filícúirte sna meánaoiseanna stair chlann an rí ar thug siad seirbhís dó a thaifeadadh. Rinne siad seo i ndánta ina raibh meascán den mhiotaseolaíocht agus de na scéalta stairiúla.

I gcomparáid leis na Sraitheanna miotas ceilteach eile, is féidir an chuid is mó de nacarachtair agus na príomheachtraí a gcuirtearsíos orthu i Scéalaíocht na Rithe, a cheangal le fíordhaoine stairiúla agus le fíoráiteanna stairiúla, cé go bhfuil na scéalta ornáidithe go forleathan le mionsonraí miotaseolaíochta.

Ar cheann de na scéalta is fearr aithne iScéalaíocht na Ríthe tá an scéal faoi Shuibhne,rí págánta.

Page 32: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

BUILE SHUIBHNESCÉAL Ó SCÉALAÍOCHT NA RÍTHE...

Músclaítear Rí Suibhne maidin amháin le cling chloig. Agus é míshásta, téann sé ar lorg an challaín atá ag cur isteach air, agus tagann sé ar eaglais atá an tEaspag Rónán Ó Finn i ndiaidh a thógáil. Tarraingíonn sé ar an eaglais faoi dheifir agus é lomnocht. Mharódh sé an t-easpag ach ab é gur scairteadh air díreach ag an bhomaite sin troid sa chath ag Mag Rath.

Roimh an chath, bheannaigh an tEaspag Rónán na saighdiúirí le huisce beannaithe. Shíl Suibhne go raibh an tEaspag Rónán ag magadh air leis seo, mar sin mharaigh Suibhne manach de chuid an easpaig le sleá agus chaith sé sleá leis an Easpag Rónán féin. Bhuail an tsleá clog Rónáin agus bhris sí an clog.

Leis seo, chuir Rónán mallacht gealtachta ar Shuibhne. Is é an rud a bhí i gceist lena mhallacht ná, as siocair go raibh fuaim chlog na heaglaise scriosta ag Suibhne, go gcuirfeadh fuaim ghéar ar bith ar buile é.Chomh maith leis sin, de bhrí gur mharaigh Suibhne manach de chuid Rónáin le sleá, b’amhlaidh a gheobhadhSuibhne bás le sleá.

Nuair a cuireadh tús le cath Mag Rath, chuaigh Suibhne ar mire glan. Thit na hairm a bhí aige, agus thosaigh sé ag ardú sa spéir mar a bheadh éan ann.

As sin amach, léim Suibhne ó áit go háit ar nós éin. Ní chuirfeadh sé muinín i ndaoine choíche. Chuir a luchtgaolta agus a chuid géillsineach ar mire le heagla é, agus b’éigean do teitheadh ó áit go háit, beo nocht agusocrach.

Tharla cor neamhghnách ar an scéal nuair a thug easpag cineálta darbh ainm Moling trua do Shuibhne agusthug sé cúram dó sna laethanta deiridh a bhí aige. Agus é briste agus aosta, fuair sé lóistín leis an easpagagus thug bean ó pharóiste an easpaig cúram do Shuibhne. Ar an drochuair, d’éirigh aoire, fear céile na mnásin, éadmhar agus mharaigh sé Suibhne le sleá, agus, ar an dóigh sin, comhlíonadh mallacht an Easpaig Rónán.

Page 33: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

• teideal an scéil• an tSraith Miotas lena mbaineann an scéal• léaráid de radharc ón scéal nó léaráid de charachtar nó de charachtair ón scéal.• cur síos ar an scéal i líne amháin.

BA CHEART NA RUDAÍ SEO A BHEITH SAN ÁIREAMH AR AN CHLÚDACH LEABHAIR...

Is féidir an clúdach leabhair a dhearadh le Comic Life, le Microsoft Word nó le bogearraí grafaicí eile.

Mar mhalairt air seo, is féidir an clúdach leabhair a tharraingt agus a dhathú de láimh ar phíosa páipéar A4.

Más ar an ríomhaire atá tú ag déanamh an chlúdaigh leabhair, is féidir leat íomhánna a íoslódáil ón Idirlíon, nó do líníochtaí féin a dhéanamh agus iad a scanadh.

AN DÓIGH LEIS AN CHLÚDACH LEABHAIR A DHÉANAMH...

SRAITHEANNA MIOTAS CEILTEACHCLÚDACH LEABHAIR LE MIOTAS CEILTEACH A DHEARADHIs é an tasc atá agat clúdach leabhair a dhearadh faoi choinne scéil ó na Sraitheanna Miotas Ceilteach ar fhoghlaim tú faoi. Seo samplaí de scéalta a thiocfadh leat a úsáid:

• TÁIN BÓ CUAILGNE• CLANN LIR

• FIONN MAC CUMHAILL & CLOCHÁN AN AIFIR• BUILE SHUIBHNE

MAR A FUAIRCÚ CHULAINN

A AINM SCÉAL ÓN RÚRAÍOCHT

MAR A TUGADH 'CÚ ULADH' AR SHETANTA

MAR A FUAIRCÚ CHULAINN

A AINM

Page 34: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

IS FÉIDIR LE DALTAÍ LITREOIREACHT AGUS OBAIRSHNAIDHME CHEILTEACH A ÚSÁID LE DEARADH CEILTEACH A CHUR AR AN CHLÚDACH LEABHAIR.

Page 35: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

CEACHT 3:TÁIN BÓ CUAILGNE

Page 36: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

TÁIN BÓ CUAILGNE

CÚLRA STAIRIÚIL AN SCÉIL...

Tarlaíonn scéalta na Rúraíochta ag am nuair nach raibh údarás lárnach nó riail lárnach in Éirinn, ach bhí an tír roinnte ina ríochtaí cúige a raibh rí nó banríon i gceannas ar gach ceann acu. Tá an dearcadh ann gur tharla na himeachtaí saRúraíocht thart faoin am a raibh Críost ar an saol.

Mhothaigh na daoine ag an am sin go raibh dlúthbhaint acu leis an nádúr agusd’adhradh siad a lán déithe agus bandéithe págánta éagsúla. Tá a gcuid scéalta lán de dhraíocht, de dhúcheisteanna agus de mhallachtaí.

B’fheirmeoirí iad a lán daoine san am sin a bhí beo ar an talamh. Ba mhór an measa bhí ar laochra, ar shaoir agus ar mhná sa tsochaí seo acu.

Ba de réir an líon eallaigh a bhí ag duine a cuireadh an mhaoin acu in iúl. Ba martháin bó a rinneadh an chogaíocht de ghnáth, nó mar chomhraic aonair ag áthanna idir laochra.

CONCHÚR MAC NEASA,RÍ CHÚIGE ULADH

CÚLRA STAIRIÚIL AN SCÉIL...

Chaith na seanscéalaithe seachtain agus an Táin á hinsint acusan oíche.

Is é Táin Bó Cuailgne an príomhscéal i gcogadh fada idir CúigeUladh agus Cúige Chonnacht. Thosaigh an cogadh de bhrí gurthréig Conchúr Mac Neasa, Rí Chúige Uladh, a bhean chéile,Méabh, Banríon Chonnacht. Ansin, phós sí Eochaid Dala, ach, sa deireadh, thit sí i ngrá lena garnia, Aillil. Mharaigh AillilEochaid sa dóigh go dtiocfadh leis a bheith ina fhear céile do Bhanríon Méabh.

TÁIN BÓ CUAILGNE

MÉABH, BANRÍON CHONNACHT

Page 37: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

Tá Táin Bó Cuailgne ar an scéal is tábhachtaí i stair na hÉireann, dar le go leor daoine.

Sa scéal, ba le hAillil, fear céile Mhéabha, an Finnbheannach nó an tarbh mór bánadharcach. Bhí eallach an-luachmhar snalaethanta sin agus siombail ar shaibhreas a bhí iontu. Ba mhaith le Méabh a bheithchomh saibhir lena fear céile, mar sin d’ionsaigh sí Cúige Uladh le Donn Cuailgne a ghoid.

Cosnaíonn Cú Chulainn Cúige Uladh leis féin,mar bhí laochra Uladh faoi thionchar mhallacht Mhacha. Ghlac Méabh an DonnCuailgne ar ais go Connacht. Nuair a chonaic an Finnbheannach an Donn Cuailgne, throid siad agus mharaigh siad a chéile.

TÁIN BÓ CUAILGNE

CAOINEANN CÚ CHULAINN I NDIAIDH A DHEARTHÁIRALTRAMA, FIRDHIA, A MHARÚ I GCATH

Page 38: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

LEAGANACHA ÉAGSÚLA DEN SCÉAL CÉANNA A CHUR I GCOMPARÁID LENA CHÉILE

GNÍOMHAÍOCHT

Bhain an litríocht is luaithe in Éirinn le stair agus le filíocht. Cheol na chéad bhaird amhráin faoi fhinscéalta laochra agus Rithe. Cuireadh na scéalta seo ar aghaidh ó ghlúin go glúin ó bhéal sular scríobhadh síos iad. Sna sean-lamhscríbhinní Gaeilge tá scéalta mar ‘Táin Bó Cuailgne’, a scríobhadh i dtús báire ar veilleam a rinneadh de chraiceann lao.

Is iomaí leagan den ‘Táin Bó Cuailgne’ atá ann ó shin. Sna leaganacha luatha, tá stíl bhunúsach an phróisnó na filíochta a bhí in úsáid ag na baird le sonrú ann go fóill, ach sna leaganacha nua-aimseartha,úsáidtear teanga is fusa a thuiscint sa lá atá inniuann. Tugann teicneolaíocht beochana an lae inniu andeis dúinn na seanscéalta seo a thabhairt chunbeatha, agus iad á dtabhairt ó lámhscríbhinní ársa go dtí an scáileán mór. Ó na leaganacha éagsúla atáann de scéal, táimid ábalta sult a bhaint as an scéalar dhóigheanna éagsúla.

Cuir an leagan beoite de Tháin Bó Cuailgne i gcomparáid le leagan téacs chlasaicigh?

Amharc ar an chlár agus léigh sliocht asscript an scannáin ón tsraith bheoite, ansin cuir i gcomparáid leis an leagan níos clasaicí é a scríobhadh in 1912, a úsáideann stíl inste agus phróis.

DONN CUAILGNE: TARBH DONN CHÚIGE ULADH

Page 39: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

Cad iad na gnéithe atá mar an gcéanna sa dáleagan den scéal?

Cén leagan den scéal ina bhfuil na carachtairag labhairt lena chéile i stíl a bheadh cosúilleis an dóigh a mbeadh na luathCheiltigh aglabhairt?

Cad iad na difríochtaí idir an dóigh alabhraíonn na carachtair sa dá leagan?

12

3

Cén leagan is fusa duit a thuiscint?Cad chuige?

4

Page 40: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

Cad é mar a chuirtear sonraí an scéil i láthair don léitheoir i ngach scéal?

Cad é an difríocht sa dóigh ina samhlaíonn tú na carachtair agus na suíomhanna sa dáleagan?

Cad é an difríocht idir fad an radhairc sa dá leagan?

56

7

Cé acu is fearr leat scéal a léamh nó leaganscannáin a bhreathnú? Mínigh cad chuige.

8

Page 41: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

TÁIN BÓ CUAILGNE - SCRIPT SCANNÁIN

SLIOCHT AS CÚ CHULAINN, AN TSRAITH BHEOITE

RADHARC: AN LÁTHAIR CHATHA, ÁIT A BHFUIL CÚ CHULAINN INA AONAR AG TREASCAIRT FÓRSAÍ CHONNACHT NA BANRÍONA MÉABH

SCÉALAÍ: NÍ RAIBH AN LÁMH IN UACHTAR AG CEACHTAR DEN DÁ THAOBH. GACH AON LÁ CHUIRFEADH CÚ CHULAINN AGHAIDH AR LAOCH I GCOMHRAC AONAIR AGUS GACH AON LÁ BHEADH AN BUA AIGE AGUS LEAN CÚRSAÍ MAR SIN AR FEADH TAMAILL.

LÁ AMHÁIN, SCAIRT CÚ CHULAINN AMACH CHUIG FEARGHAS.

CÚ CHULAINN: CÉ ATÁ TÚ AG DUL A CHUR AMACH CHUGAM INNIU, A FHEARGHAIS?BUACHAILL ÓG EILE A GHEOBHAS BÁS LE SAINT MHÉABHA A SHÁSAMH. CÁ HUAIRA BHEIDH SÍ RÉIDH LEIS AN AMAIDÍ SEO.

FEARGHAS: TÁ SÉ AG BRATH ORTSA AMHÁIN. TIG LEAT SEASAMH AR LEATAOBHAGUS NÍ DHÉANFAR DOCHAR AR BITH DUIT.

CÚ CHULAINN: DOCHAR AR BITH? CÉN MHAITH DOM A BHEITH BEO MÁ LIGIM DAOIBH A DHUL THARAM? MISE, CÚ CHULAINN, A THUG MÓID GO NDÉANFAINN AN ÁIT SEO ACHOSAINT A FHAD IS GO BHFUIL DEOR AMHÁIN FOLA FÁGTHA IONAM.

SCÉALAÍ: LEAN AN CATH AR AGHAIDH.....................................................................................................

RADHARC: AR AIS AG DÚN NA BANRÍONA MÉABH

MÉABH: NACH BHFUIL ÉINNE A DTIG LEIS AGHAIDH A THABHAIRT AR AN CHÚ CHULAINN SEO?

FEARGHAS: TÁ LAOCH AMHÁIN ANN ATÁ LÁN CHOMH HOILTE LEIS.

MÉABH: AGUS CÁ BHFUIL SÉ? CAD CHUIGE NACH BHFUIL SÉ ANSEO?

FEARGHAS: NÍL FIRDHIA SÁSTA A BHEITH LINN. IS DEARTHÁIR ALTRAMA É DE CHÚ CHULAINN. TÁ GAOL EATARTHU ATÁ NÍOS LÁIDRE NÁ GAOL FOLA.

MÉABH: IMIGH LEAT ANOIS GO DTÍ AN MACHAIRE.

SCÉALAÍ: ANOIS BHÍ PLEAN AICI CHUN FIRDHIA A THARRAINGT ISTEACH I GCOMHRACAONAIR LE CÚ CHULAINN.

Page 42: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

RADHARC: AR BALL... AG DÚN BHANRÍON MHÉABHA

SCÉALAÍ: TUGANN BANRÍON MÉABH CUIREADH D’FHIRDHIA TEACHT CHUIG AN DÚN SEO AICIAGUS TUGANN SÍ FÍON AGUS FÉASTA DÓ. INSÍONN SÍ DÓ GUR LAOCH DEN SCOTH ATÁ ANNAGUS GO BHFUIL FÉASTA TOILLTE AIGE, FIÚ AGUS DAOINE EILE AG CUR DROCHCHLÚ AIR.

FIRDHIA: CÉ A BHFUIL SÉ DE DHÁNACHT ANN AS ANSEO A DHÉANAMH?

MÉABH: BHÁL ANOIS TÁ SIAD ANN A DEIR GURB É CÚ CHULAINN AN LAOCH IS FEARRIN ÉIRINN. GACH AON LÁ SEASANN SÉ AG AN ÁTH AGUS CLOÍONN SÉ NA LAOCHRA IS FEARR AGAM SAN ARM. CLUINIM Ó DHAOINE ÁIRITHE GO BHFUIL TÚ FÉIN ÁBALTA ÉA BHUALADH ACH DEIR DAOINE EILE LIOM GO BHFUIL EAGLA ORT ROIMHE.

FIRDHIA: BÍODH DEIREADH LEIS AN CHAINT SEO UILIG. LE HÉIRÍ NA GRÉINE TABHARFAIDH MISE, FIRDHIA, AN LAOCH IS FEARR IN ÉIRINN, AGHAIDH AR CHÚ CHULAINN AG AN ÁTH.

RADHARC: AN LÁ DÁR GCIONN AR AN LÁTHAIR CHATHA

SCÉALAÍ: AN LÁ DAR GCIONN TUGANN CÚ CHULAINN AGUS FIRDHIA AGHAIDH AR A CHÉILEAR DHÁ BHRUACH NA HABHANN.

CÚ CHULAINN: A DHEARTHÁIR LIOM, CAD CHUIGE AR MHAITH LEATSA TROID LIOM?

FIRDHIA: CAITHFIDH MÉ AGHAIDH A THABHAIRT ORT AR M’ONÓIR. CUIRIMIS TÚS LEIS AGUS BÍODH A FHIOS AG ÉIRINN IOMLÁN, AN TÉ A MBEIDH AN BUA AIGE, GUR EISEANAN LAOCH IS FEARR SA TÍR.

SCÉALAÍ: THROID SIAD AR FEADH TRÍ LÁ IOMLÁN MAR A BHEADH DEAMHAIN IONTU,IAD AG ÚSÁID NA SCILEANNA AGUS NA N-EALAÍONA UILIG A BHÍ AR EOLAS ACU. AGUS AG DEIREADH GACH AON LÁ, THUG SIAD AIRE DÁ CHÉILE.

OÍCHE: AMHÁIN I NDIAIDH AN CHATHA BHÍ SIAD IAN SUÍ LE CHÉILE AGUS MHÓIDIGHSIAD GUR DEARTHÁIREACHA A BHEADH IONTU GO DEO, BA CHUMA CAD É A THARLÓDH.AN LÁ DAR GCIONN MHARAIGH CÚ CHULAINN FIRDHIA LE SLEÁ A SHÁ INA BHROLLACH.

CÚ CHULAINN: CUIREANN AN GNÍOMH SEO NÁIRE ORM. IS GEARR GO LEANFAIDH MÉFÉIN THÚ. TCHÍM CEO AN BHÁIS OS COMHAR MO SHÚILE.

SCÉALAÍ: FUAIR MÉABH AN DONN CUAILGNE SA DEIREADH ACH IS BEAG A BHÍ AICI DÁ BHARR.BHÍ AN DONN AG TROID LE TARBH EILE AGUS FUAIR SÉ FÉIN BÁS. MAR SIN COGADH IN AISCEA BHÍ ANN.

AN CHRÍOCH

Page 43: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

TÉACS INSINTE AGUS PRÓS SLIOCHT AS TÁIN BÓ CUAILGNE

Tá an dréacht seo a leanas ar cheann de na haistriúcháin a rinneadh den scéal.Glactar an sliocht as an chath idir Cú Chulainn agus Firdhia agus cuireann sé síos ar an bhomaite a mharaíonn Cú Chulainn Firdhia le caitheamh marfach dá shleádraíochta, An ‘Ga Bolga’.

Ferdia heard the Gae Bulga called for. He thrust his shielddown to protect the lower part of his body. Cuchulain grippedthe short spear, cast it off the palm of his hand over the rim ofthe shield and over the edge of the corselet and horn-skin, sothat its farther half was visible after piercing his heart in hisbosom. Ferdia gave a thrust of his shield upwards to protectthe upper part of his body, though it was help that came toolate. The gilla set the Gae Bulga down the stream, and Cuchulain caught it in the fork of his foot, and threw the Gae Bulga as far as he could cast underneath at Ferdia, sothat it passed through the strong, thick, iron apron of wroughtiron, and broke in three parts the huge, goodly stone the sizeof a millstone, so that it cut its way through the body's protection into him, till every joint and every limb was filledwith its barbs.

"Ah, that now sufficeth," sighed Ferdia: "I am fallen of that!But, yet one thing more: mightily didst thou drive with thyright foot. And 'twas not fair of thee for me to fall by thy hand."And he yet spake and uttered these words:

"O Cu of grand feats, Unfairly I'm slain! Thy guilt clings to me; My blood falls on thee!

"No meed for the wretch Who treads treason's gap. Now weakis my voice; Ah, gone is my bloom!

"My ribs' armour bursts, My heart is all gore; I battled notwell; I'm smitten, O Cu!

TÁIN BÓ CUAILGNESEANLEAGAN BÉARLA

ARMOUR: COVERING WORN TO PROTECT THE BODY AGAINST WEAPONSBARBS: SHARP POINT OF A WEAPONBOSOM: THE CHEST AREA OF A HUMANCAST: TO THROWCORSELET: BODY ARMOUR, ESPECIALLY A BREAST PLATEFEATS: EXCEPTIONAL ACTS, SUCH AS COURAGEOUS OR SKILLFUL DEEDS GAE BULGA: A DEADLY MAGICAL SPEAR CÚ CHULAINN OWNED WHICH OPENED UP INSIDE THE BODY INTO MANY SHARPBARBSGILLA: SERVANTGORE: TO PIERCE OR STAB, BLOOD FROM A WOUNDHORN-SKIN: TOUGH SKINMEED: A MERITED GIFT OR WAGEMILLSTONE: A HEAVY WEIGHT OR BURDENSLAIN: KILLED VIOLENTLYSMITTEN: ATTACKED OR DESTROYED BY BLOWS FROM A WEAPONSPAKE: SPOKESUFFICETH: IS ENOUGH TO ACCOMPLISH THE TASKTREADS: TO WALK OR TRAMPLETREASON'S GAP: A BOUNDARY WHICH WHEN CROSSED MEANT A BETRAYAL OFTRUST AND LOYALTY'TWAS: IT WASUTTERED: TO SPEAK OR CRY OUTVISIBLE: CAN BE SEEN BY THE EYESWRETCH: A MEAN OR DESCPICABLE PERSON OR OPPONENTWROUGHT IRON: IRON WHICH WAS MADE TO BE EASY TO CARRY

FOCAIL NUA

Page 44: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

TÉACS INSINTE AGUS PRÓSSLIOCHT AS TÁIN BÓ CUAILGNE

Acus atchuala Fer diad in n-gae m-bolga d'imrád. Ra bert béim din scíath sís d'anacul íchtair a chuirp. Boruaraid Cuchulaind in certgae, delgthi do lár a dernainni dar bil insceíth & dar brollach in chonganchnis, gor boróen in leth n-alltarach de ar tregtad a chride nachlíab. Ra bert Fer diad béim din scíath súasd'anacul uactair a chuirp, giarb í in chobair iarn-assu. Da indill in gilla in n-gae m-bolga risinsruth, & ra ritháil Cuchulaind illadair a chossi &tarlaic rout n-urchoir de bar Fer nh-diad, co n-dechaid trisin fuathbhróic n-imdanhgin n-imdomain n-iarnaide do iurn athlegtha, gorróebris in muadchloich máir méiti clochimulind i trí, co n-dechaid dar timthirecht achuirp and, gor bho lán cach n-alt & cach n-ágede, dá forrindib.

Leor sain bhadesta ale, bar Fer diad, darochar-sa de sein. Acht atá ní chena, is t(r)énunnsi as do deiss, acus nír bo chóir dait mothuttimsea dot láim. Is amlaid ra bói ga rád & ra bert na briathra:

A Chú na cless cain, nír dess dait mo guin, lett in locht rom len, is fort ra fer mh'fuil.

Ni lossat na troich recait bernaid m-braith, as galar mo guth, uch doscarad scaith.

Mebait mh'asnae fuidb, mo chride-se is crú,nimath d'ferus baíg, darochar a Chú.

TÁIN BÓ CUAILGNESEANLEAGAN GAEILGE

Page 45: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

AN COSÁN SCÉIL

Cuir carachtair agus suíomh i láthair. Leag síos an mothú.

SUÍOMHCá huair a tharlaíonn an scéal?

Cá háit a dtarlaíonn sé?Cad iad na sonraí a tharraingíonn d’aird agus a leagann síos mothú an scéil?

CARACHTAIRCuir síos ar charachtair éagsúla an scéil,

cuir síos, mar shampla, ar chuma,ar aois agus ar iompar.

Cad é is féidir leo a dhéanamh?Cad iad na láidreachtaí agus na pointí maithe atá acu?

Cad iad na laigí agus na lochtanna atá orthu?Cad chuige ar mhaith leo an fhadhb a réiteach?

1. TÚS

Réamhimeachtaí don fhadhb.Scríobh faoi chuid de na himeachtaí a tharlaíonn.Tá na carachtair ag dul a dhéanamh rud éigin

a tharraingeoidh fadhb.

Tá fadhb ann.Téann rud éigin as ord.

Thiocfadh gur mistéir nó troid atá ann.An rud uafásach é?Déan cur síos air.

3. FADHB

Réitítear an fhadhb ar dhóigh éigin.Cé a bhuann an streachailt?Cuirtear gach rud i gceart.

Cuir síos ar cad é mar a dhéantar seo.

4. RÉITEACH

2. PLOTA

Smaoinigh ar gach rud a tharla.Cad é atá foghlamtha?

Ar athraigh na carachtair?

5. CLABHSÚR

Page 46: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

Cuir carachtair agus suíomh i láthair. Leag síos an mothú.

Cá huair a tharlaíonn an scéal?

Cá háit a dtarlaíonn sé?

Cad iad na sonraí a tharraingíonn d’aird agus a leagann síos mothú an scéil?

TÚS

SUÍOMH

TÁIN BÓ CUAILGNE -COSÁN SCÉILSa ghníomhaíocht seo, is é an tasc atá agat ná cosán scéil a chomhlánú don fhinscéal ‘Táin Bó Cuailgne’ .

Féach cláir an scéil ón tsraith bheoite, Cú Chulainnsula dtosaíonn tú ar an ghníomhaíocht seo.

Page 47: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

CUR SÍOS AR CHARACHTAIR AN SCÉIL.Cur síos, mar shampla, ar chuma, ar aois agus ar iompar. Cad é is féidir leo a dhéanamh? Cad iad na láidreachtaí agus na pointí maithe atá acu? Cad iad na laigí agus na lochtanna atá orthu? Cad chuige ar mhaith leo an fhadhb a réiteach? An bhfuil siad maith nó olc, ina laoch nó ina mbithiúnach? An gcuidíonn siad le carachtar eile? An mórcharachtar nó mioncharachtar iad?

PRÓIFÍLÍ CARACHTAIR

CÚ CHULAINN

MÉABH, BANRÍON CHONNACHT

FEARGHAS

CAILLEACH

IS FIACH DUBH É RÍ LÚGH FAOI BHRÉAGRIOCHT

FIRDHIA

Page 48: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

Scríobh faoi chuid de na himeachtaí a tharlaíonn. Tá na carachtair ag dul a dhéanamh rud éigin a tharraingeoidh fadhb.

1. PLOTA

Tá fadhb ann. Téann rud éigin as ord. Thiocfadh gur mistéir nó troid atá ann. An rud uafásach é? Déan cur síos air.

Réitítear an fhadhb ar dhóigh éigin. Cé a bhuann anstreachailt? Cuirtear gach rud i gceart. Cuir síos arcad é mar a dhéantar seo .

3. RÉITEACH

Smaoinigh ar gach rud a tharla. Cad é atá foghlamtha?Ar athraigh na carachtair?

4. CLABHSÚR

2. FADHB

Page 49: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

CEACHT 4:SEANCHAÍ AGUS EALAÍN

NA SCÉALAÍOCHTA

Page 50: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

Níor scríobh na ceiltigh ársa a gcuid staire ná a gcuid dlíthe. Ina áit sin, d’fhoghlaimsiad de ghlanmheabhair iad i ndánta liriciúla fada a bhíodh á n-aithris ag na baird(filí), i dtraidisiún a lean na Seanchaithe. Cuireadh a lán scéalta ar aghaidh ó Sheanchaí go Seanchaí gan iad a scríobh síos ar chor ar bith.

Ba scéalaí an tsráidbhaile é an Seanchaí a chaomhnaigh scéalta agus traidisiúin na hÉireann. Bhí an bua aige scéalta agus traidisiúin a athinsint go beacht agus iad a chur i láthair an lucht éisteachta ar dhóigh thaitneamhach.

In amanna b’imeachtaí stairiúla iad na scéalta a cuireadh ar aghaidh ó ghlúin go glúinnó, ó am go ham, scéalta bréagacha a bhí iontu a cumadh díreach ar an toirt.

Ba ghiollaí iad na seanchaithe i seirbhís thaoisigh na treibhe agus thaifead siad faisnéis thábhachtach ar son a gclainne. Ba mhór an meas a bhí orthu ina gclann.Rinne siad aithris ar a gcuid scéalta agus finscéalta ag searmanais agus ar ócáidíspeisialta.

Ní raibh baint ag cuid de na seanchaithe le clann ar bith agus thaistil siad ó phobalgo pobal, ag insint scéalta agus finscéalta ar luach béile nó ar lóistín oíche. Tháinigna comharsana ó na feirmeacha agus ó na pobail in aice láimhe agus thug siad bia leole cruinniú le chéile le héisteacht leis na scéalta draíochta. Scéalta a raibh go leorden fhírinne iontu lena ndéanadh sochreidte agus a raibh glóir an tsaoil fhantaisighiontu lena ndéanamh siamsúil.

Baineann an Seanchaí agus an ról speisialta agus an bua atá aige le saol na Gaeltachtaden chuid is mó.

AN SEANCHAÍ& EALAÍN NA SCÉALAÍOCHTA

Ciallaíonn an focal ‘seanchaí’ duine a bhfuil seanscéalta (seanchas) aige.Is é an focal a thugtar ar an té a insíonn scéalta é.

Is é Seanchaithe an focal a úsáidtear nuair atá níos mó ná Seanchaíamháin ann.

Coinníonn an carachtar, an Seanathair, finscéalta Chú Chulainn beo trínachuid scéalaíochta.

Tá na scéalta a bhí ag na Seanchaithefadó scríofa síos anois agus tá siad foilsithe i leabhair agus ar shuíomhannaidirlín. Sna laethanta seo, baineanndaoine ar fud an domhain sult as a gcuidscéalta.

Sa lá atá inniu ann, ag ócáidí amhailFéile na gCleamairí ag Cnoc Breac, Contae na Gaillimhe agus ag FleadhCheoil na hÉireann, bíonn scéalaithe anna insíonn na miotais agus na finscéalta ón sean-ám ag úsáid stíl speisialta nascéalaíochta ar nós na Seanchaithe.Glacann cuid acu páirt i gcomórtais leduaiseanna a bhaint.

NA SEANCHAITHE SA LÁ ATÁ INNIU ANN

Page 51: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

AR CHUALA TÚ AN CEANN SEO?GNÍOMHAÍOCHT SCÉALAÍOCHTA Ó BHÉALAG OBAIR I MBEIRTEANNA, IARR AR DO CHARA RUD ÉIGIN GREANNMHAR A INSINT DUIT, SCÉAL GRINN MAR SHAMPLA.Inis an scéal grinn ar bhealaí atá siamsúil, mar shampla:Úsáid comharthaíocht choirp le cuidiú leis an scéal a insint,Úsáid gothaí gnúise le mothúcháin éagsúla na gcarachtar a chur in iúl,Úsáid blasanna nó guthanna difriúla do na carachtair éagsúla,Athraigh ton an ghutha le mothú an scéil a athrú.

Ainm do charad:

Aois do charad:

Cad chuige a bhfuil an scéal grinn greannmhar?

Scríobh an scéal grinn ANSEO...

CAD É AN DIFRÍOCHT IDIR SCÉALTA A INSINT Ó BHÉAL AGUS SCÉALTA A SCRÍOBH I LEABHAIR?

Cad iad na dóigheanna a bhfuil na scéalta á n-insint mar an gcéanna?

Cad iad na dóigheanna a bhfuil na scéalta á n-insint ar bhealaí éagsúla?

Cé acu stíl scéalaíochta is fearr leat agus cad chuige?

Page 52: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

STÍL INSTEIs é an scéalaí an té a “insíonn” an scéal. Ba é an carachtar, an Seanathair, ón tsraithbheoite, Cú Chulainn an scéalaí sa scéal.

Nuair atá carachtar ón scéal féin ag insint anscéil, tá INSINT SA CHÉAD PHEARSA ANN.Ligeann seo don léitheoir a bheith ar an eolas faoicad é atá in intinn carachtair. Scríobhtar gachdírbheathaisnéis sa chéad phearsa. Faightear ‘mé’agus ‘muid’ go coitianta mar fhorainm in insint sachéad phearsa.

Nuair atá an scéalaí ag cur síos ar an phríomhcharactar le forainm sa dara pearsa, amhail ‘tú’, tá INSINT SA DARA PEARSA ANN.

Nuair atá duine nach bhfuil sa scéal féin ag insintan scéil, tá INSINT SA TRÍÚ PEARSA ANN. Insíonn sé nó sí an scéal. Is é seo an cineálscéalaíochta is coitianta sa lá atá inniu ann.

In amanna. scríobhtar leabhar ó dhearcadh carachtair.

I bhfocail eile, is é an carachtar atá ag insint an scéil,amhail is gur scríobh sé féin é, mar a scríobhadh an leabharsa chéad phearsa, i.e. mé, muid, sinn srl.

INSINT SA CHÉAD PHEARSA:Throid mé an cath. Throid mo chomhlaochra in éineacht liom.

INSINT SA DARA PEARSA:Throid tú an cath. Throid do chomhlaochra in éineacht leat.

INSINT SA TRÍÚ PEARSA:Throid Cú Chulainn an cath. Throid a chomhlaochra inéineacht leis.

Page 53: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

Thug mé ar mo dhraoithe briocht a chur le chéile a chuirfeadh suan codlata ar airmUladh.

Thit gach duine ina chodladh mar gheall ar an bhriocht ach amháin tusa.

Throid Cú Chulainn ina aonar i gcoinne an airm ionsaithigh.

Chuaigh tú a fhad le Méabh lena insint di go raibh a fhios agat an dóigh leis an lámh inuachtar a fháil ar Chú Chulainn.

Níl laoch ann atá chomh hoilte liomsa in ealaíona na cogaíochta.

Fuair Méabh an tarbh ar deireadh ach ní bhfuair sí tairbhe ar bith as mar throid antarbh le tarbh eile agus fuair sé féin bás.

Scríobh cén cineál insinte atá in úsáid sna habairtí thíos. 1ú pearsa? 2ú pearsa? nó 3ú pearsa? Scríobh an uimhir sa bhosca.

Cleacht abairtí a scríobh ar leathanach páipéir sa chéad phearsa, sa dara pearsaagus sa tríú pearsa. Scríobh 3 abairt i ngach stíl.

CLEACHTADH STÍL INSTE

Page 54: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

Lig do dhuine de na carachtair seo an scéal a insint óna dhearcadh féin. Smaoinigh ar a leagan siúd de na himeachtaí. Cad iad na smaointe agus na mothúcháin a bhí ag an charachtar? Cad iad na rudaí a spreag ancarachtar? Cad iad na tréithedá phearsantacht nach bhfacamuid go fóill?

TAOBH EILE AN SCÉIL... DÉANAMH GREANNÁIN GNÍOMHAÍOCHT TFCAthinis an scéal ‘Táin Bó Cuailgne’ ó dhearcadh na banríona Méabh nó ó dhearcadh mioncharachtair.Smaoinigh faoi cén stíl inste a úsáidfidh tú.

BANRÍON MÉABH CAILLEACH

DO THASC

RÍ LÚGH FAOI RIOCHTFIACH DUBH

Is féidir greannáin a dhéanamhar ríomhaire le bogearraíamhail Comic Life nó MicrosoftWord. Is féidir go gcuirfidh anmúinteoir íomhánna ar fáil duit,nó is féidir leat iad a íoslódáilón idirlíon, nó iad a tharraingtagus a scanadh ar an ríomhaire.Is féidir greannáin a dhéanamhfosta ar pháipéar le teimpléadgreannáin.

ÚSÁID NA RUDAÍ SEO FAOICHOINNE UAILLBHREASA

GLÓRACHA!

Úsáid do bhileog oibrechomhlánaithe Cosán Scéil

mar chuidiú le do ghreannán...

Cinntigh go bhfuil nacomhpháirteanna seo sanáireamh i do ghreannán

TÚSPLOTAFADHB

RÉITEACHCLABHSÚR

FIRDHIA FEARGHAS

ÚSÁID BOLGÁIN SMAOINTELENA LÉIRIÚ CAD É ATÁ IN

INTINN CARACHTAIR.

ÚSÁID BOLGÁINCHAINTE FAOI CHOINNE

COMHRÁ.

ÚSÁID BOSCAÍ TÉACS AMHAIL AN CEANN SEO LE HINSINT A CHUR LEIS AN SCÉAL AGUS LE TUILLEADH EOLAIS A THABHAIRT DON

LÉITHEOIR FAOIN SCÉAL.

Page 55: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

CEACHT 5:LAOCHRA CEILTEACHAAGUS SÁRLAOCHRA

Page 56: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

CÚ CHULAINN: LAOCH CEILTEACHIs minic go mbíonn a lán cosúlachtaí leis na laochra a fhaightear i miotais agus finscéalta ó gach cearn den domhan. Is gnáchbreith neamhchoitianta a bheith acu, go minic le máthair saoltaagus athair diaga. Go luath ina saol de ghnáth a thaispeánannsiad go bhfuil cumhachtaí osdaonna acu. De ghnáth, bíonn anbua acu ina gcoimhlintí, agus amanna mealltar iad le feall nó le cleasaíocht. Is minic a bhíonn mistéir mhór ag baint le cérbh iad tuismitheoirí an laoich, agus faigheann sé básde ghnáth agus é i mbláth a mhaitheasa. Féiníobairt uasal a bhíonn i gceist de ghnáth.

Is é Cú Chulainn, b’fhéidir, an sampla is fearr de laoch Ceilteach dá raibh ann riamh. Agus iad ag ceapadh laochCeilteach ina dhiaidh, d’úsáid scríbhneoirí arís agus arís eile go leor de na tréithe a d’fhág gur laoch mór a bhí ann.

LAOCHRA GAISCIÚLA Sochaí treibhe agus gaiscígh a bhí sa tsochaí Cheilteach. Bhí ardmheas ar laochra, agus chruthaighsiad a bhfiúntas i gcathanna. Dá bharr sin tá cáil armhiotais Cheilteacha as a laochra a léiríonn uaisleacht,scil agus mórghníomhartha.

MISNEACH & LÁIDREACHTIs iad misneach agus láidreacht fhisiciúilpríomhthréithe an laoich Cheiltigh. Dhéanadhan laoch Ceilteach iarracht i gcónaí a chur in iúl go raibh sé gan eagla, go háirithe i rith catha. D’fhéadfadh mná Ceilteacha a bheith lán chomh cróga.

BREITH DHRAÍOCHTA Tá mistéir ag baint le scéal bhreith Chú Chulainn, agus cuntas ann ar a shliocht sa saol seo agus sa saol eile araon. D’imigh Dechtire, a mháthair dhaonna, as radharc le draíocht ag cóisir oíche amháin. Tugadh go domhanna ndéithe í, áit ar rugadh páiste di agus den mhórdhiaLugh. Bliain níos moille, agus Dechtire ag breith Shetanta,ar a dtabharfar Cú Chulainn ar ball, beirtear dhá shearrach de láir taobh amuigh. Is iad na searraigh seo a bheidh ina gcapaill charbaid ag Cú Chulainn.

CUMHACHTAÍ OSNÁDÚRTHAIs iomaí tréith agus cumhacht osnádúrtha ag Cú Chulainn. Dúradhgo raibh seacht mac imrisc i ngachsúil aige, agus seacht méar ar gachcos agus lámh. Agus an riastradh(buile chatha) air, bholgadhleathshúil leis amach as a cheann!

LUGH, ATHAIROSNÁDÚRTHA CHÚ

CHULAINN

Page 57: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

SMACHTINTINNE Is minic smacht mór ag laochra Ceilteacha ar a n-intinn. Sa scéal‘Táin Bó Cuailgne’ is é Cú Chulainn an t-aon Ultach nach dtéann mallacht Mhacha i bhfeidhm air.

DEA-CHLÚ Is ríthábhachtach lelaochra Ceilteacha a ndea-chlú féin,agus léiríonn siad an tábhacht seo trí iompar uasal, trí gheallúintí achomhlíonadh agustrí dhílseacht i leithcairde.

MÓRTAS Thaispeáin laochra an mórtas Ceilteachroimh chathanna nuaira bheadh siad agmaíomh lena chéilecomhraic as an neartagus an scil a bhí acuféin. Bheadh anmaíomh seo inachuidiú le muinín anlaoich Cheiltigh amhéadú agus le scanradh a chur ar a chéile comhraic.

DÓIGHIÚIL AGUS OILTE De ghnáth bhíodh an laoch Ceilteach dóighiúil, éirimiúil, oilte, deisbhéalach agus b’iomaí bua a bhíodh aige. Faigheann Cú Chulainn oiliúint ar bheith ina óráidí mór ó Shencha, file; foghlaimíonn séealaíona draíochta ó Amergin, draoi; agus téann sé a chónaí istighsan Eilean Sgitheanach, oileán le Scathach, banlaoch, le healaíonana cogaíochta a fhoghlaim.

SCATHACH, BANLAOCH

Page 58: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

PRÓIFÍL SÁRLAOICHDéan próifíl de dhuine de na sárlaochra is fearr leat.Luaigh a oiread rudaí agus is féidir leat sa chur síos.

AINM AN TSÁRLAOICH:

CUMHACHTAÍ SPEISIALTA ...

FÉINIÚLACHT RÚNDA ...

EACHTRA SÁRLAOICH IS IOMRÁITÍ ...FAOI DHEARGNAMHAIDAN TSÁRLAOICH ...

PICTIÚR DEN SÁRLAOCH

Page 59: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

CÚ CHULAINN V. SÁRLAOCH

Cé a bhainfeadh i gcomhraic idir do shárlaoch agus Cú Chulainn? Cad chuige?

Cad iad na difríochtaí idir do shárlaoch agus Cú Chulainn? Smaoinigh ar a dtuismitheoirí, ar a gcúlra, ar thréithe a bpearsantacht, ar a gcumhachtaí nó scileanna speisialta, ar réada nó airm dhraíochta.

Cad iad na cosúlachtaí idir do shárlaoch agus Cú Chulainn? Smaoinigh ar a dtuismitheoirí, ar a gcúlra, ar thréithe a bpearsantachta, ar a gcumhachtaí nó scileanna speisialta, ar réada nó airmdhraíochta.

Page 60: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

CEACHT 6:DO STIALLGHREANNÁN MIOTAISNÓ FINSCÉIL FÉIN A DHÉANAMH

Page 61: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

GREANNÁINMHIOTAIS AGUSFINSCÉIL

Is é an tasc atá agat miotas nó finscéal nua a scríobh agus leagan stiallghreannáin denscéal a dhéanamh. Tá cead agat scéal iomlánúrnua nó leagan nua-aimseartha de mhiotas nó d’fhinscéal traidisiúnta a chumadh.

CÉIM 1: Déan cinneadh cé acu miotas nó finscéal atá tú ag dul a scríobh. Tugann miotaisfaoi mhíniú a thabhairt ar fheiniméan nádúrthaagus is minic carachtair ón saol eile iontu. De ghnáth bíonn finscéalta bunaithe ar fhíricí stairiúla, amhail na Sean-Cheiltigh a mhair sadomhan i ndáiríre.

CÉIM 2: Cuir tús le pleanáil do scéil tríd anbhileog oibre Réabóir Miotais a chomhlánú lenachinntiú go mbeidh comhpháirteanna riachtanachamiotais san áireamh i do scéal.

CÉIM 3: Anois, comhlánaigh an bhileog oibrePróifíl Laoich le cuma agus le hiompar do laoich a phleanáil.

CÉIM 4: Ar deireadh, comhlánaigh an bhileogoibre Cosán Scéil le do scéal a scríobh agus déan cinnte go bhfuil tús, plota, fadhb, réiteachagus clabhsúr i do scéal. Úsáid an bhileog oibreseo le suíomh do scéil agus leis na carachtairéagsúla a phleanáil.

DO SCÉAL A PHLEANÁIL...

Page 62: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

Is féidir greannáin a dhéanamh ar ríomhaire le bogearraí amhail Comic Life nó Microsoft Word. Is féidir pictiúir a íoslódáil ón Idirlíon, a tharraingt agus a scanadh,nó an dá rud le chéile. Is féidir greannáin a dhéanamh fosta ar pháipéar agus teimpléad greannáin in úsáid agat.

DÉANAMH AN GHREANNÁIN

Úsáid céadlínte maithe le tús a chur le do scéal. Cuimhnigh go gcuirfidh cur síos mionsonraithe ar charachtair, áiteanna agus eachtraí leis an sult a bhainfidh léitheoiras an scéal.

CÉADLÍNTE MAITHE

Fadó, fadó, sula raibh aois mhór ag an domhan...

Bhí ré ann seal nuair...

Na blianta fada ó shin...

Sula raibh an domhan mar atá anois...

Seans gur chuala tú...

Is eachtra é seo...

Mar a Chuala Mise é...

LÍNTE LEANÚNA

Ansin, mar a bheadh draíocht air...

Gó díreach nuair a bhí cuma mhaith ar gach rud...

Bhí sé dochreidte...

Níorbh fhéidir leis na daoine an ruda thit amach a chreidiúint...

Is mar seo a bhí sé...

Aisteach go leor...

ROINNT LEIDEANNA DEIRIDH SCRÍBHNEOIREACHTA...

Page 63: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

RÉABÓIR MIOTAIS ...

COMHPHÁIRTEANNAMIOTAIS

CÉ ACU DE NA COMHPHÁIRTEANNA SEOA LEANAS ATÁ SA MHIOTAS AGAT?

An bhfuil laoch sa scéal? Cuir síos ar an laoch agus ar a chúlra.LAOCHRA EIPICIÚLA

CUMHACHTAÍ SPEISIALTA NA LAOCHRA

TOSCA LAOCHRA

BITHIÚNAIGH FHEALLTACHA

An bhfuil cumhachtaí speisialta, scileanna, nó réad speisialta, mar shampla, claíomh draíochta ag an laoch? Déan cur síos air.

An bhfuil bithiúnaigh ar bith ann? Thiocfadh gur namhaid, rógaire, nóduine olc é an bithiúnach, nó duine a dhéanann coireanna, nó go simplíduine atá ina mhaistín. Déan cur síos air.

An dtugann an laoch faoi thasc atá dodhéanta nó an dtéann sé ar thuras contúirteach le réadbeannaithe a aimsiú nó leis an lámh in uachtar a fháil ar namhaid scanrúil. Déan cur síos air.

Page 64: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

Ainm an dé nó an bhandé:

Ainm an dé nó an bhandé:

Cad é an cúram a luaitear leo mar dhéithe?

Cad é an cúram a luaitear leo mar dhéithe? Cur síos:

Cur síos:

DÉITHE NEARTMHARA An bhfuil dia nó bandia sa scéal?

Ainmhí: Feidhm an ainmhí: Saintréithe neamhghnácha ar bith:

AINMHITHE MIOTASACHA An bhfuil ainmhí fantaiseach sa scéal?

Ainm an chleasaí: An bhfuil scileanna nó cleasa speisialta aige? Cur síos:

CLEASAITHE An bhfuil carachtar ann ar breá leis cleasa a imirt nó ar féidir leis cló a mhalartú?

TEACHTAIREACHT AN SCÉIL Cad chuige ar insíodh an scéal seo, dar leat? An bhfuil teachtaireacht ann? An dtugann an scéal míniú ar fheiniméan nádúrtha, an insíonn sé dúinn an dóigh le muid féin a iompar, an dteagascann sé ceacht dúinn nó an gcuireann sé ar an eolas muid faoi shochaí fadó?

Page 65: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

CUMHACHTAÍ NÓ ÁBALTACHTAÍ SPEISIALTA...

Cad iad na tréithe atá ag an laoch? Mar shampla, an bhfuil sé uasal, láidir, uaibhreach, dóighiúil, éirimiúil? An cara maith é?

PEARSANTACHT DO LAOICH...

PRÓIFÍL LAOICHCé atá ag dul a bheith ina laoch i do mhiotas nó i d’fhinscéal?

AINM AN TSÁRLAOICH:

PICTIÚR DEN SÁRLAOCH

Page 66: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

An bhfuil féiniúlacht rúnda ag an laoch? An raibh tuismitheoirí diaga ag an laoch? An raibh taispeántas luath dá chumhachtaí aige?

CÚLRA DO LAOICH...

Má tá, déan cur síos uirthi ...

AN BHFUIL FÉINIÚLACHT RÚNDA AG AN LAOCH?

Claíomh draíochta, mar shampla. Cuir síos ar a mhodh oibre...

AN ÚSÁIDEANN AN LAOCH RÉADA SPEISIALTA AR BITH?

PICTIÚR DE RÉAD AR LEITH A ÚSÁIDEANN AN LAOCH.

Page 67: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

COSÁN SCÉIL

SUÍOMHCá huair a tharlaíonn an scéal?

Cá háit a dtarlaíonn sé?

Cad iad na sonraí a tharraingíonn d’aird agus a leagann síos mothú an scéil?

TÚS CUIR CARACHTAIR AGUS SUÍOMH I LÁTHAIR. LEAG SÍOS AN MOTHÚ.

ÚSÁID AN BHILEOG OIBRE SEO LE DO SCÉAL A PHLEANÁIL.

TEIDEAL AN SCÉIL:

TARRAING PICTIÚR DEPHRÍOMHSHUÍOMH AN SCÉIL.

Page 68: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

DRESS THE CUR SÍOS AR CHARACHTAIR AN SCÉIL.Cur síos, mar shampla, ar chuma, ar aois agus ar iompar. Cad é is féidir leo a dhéanamh? Cad iad na láidreachtaí agus na pointí maithe atá acu? Cad iad na laigí agus na lochtanna atá orthu? Cad chuige ar mhaith leo an fhadhb a réiteach? An bhfuil siad maith nó olc, ina laoch nó ina mbithiúnach?An gcuidíonn siad le carachtar eile? An mórcharachtar nó mioncharachtar iad?

PRÓIFÍLÍ CARACHTAIR

CUIR SÍOS AR CHARACHTAIR...

CÚ CHULAINN

PICTIÚIR AGUS AINM NA GCARACHTAR...

Page 69: CEACHT 1: Ó GACH CEARN DEN DOMHAN · focail na scéalta seo ag tinte campaí, shnoigh siad ar theampaill iad, thaibhsigh siad iad ag féilte, agus ... le bua nua (tine mar shampla)

Réamhimeachtaí. Scríobh faoi roinnt de na himeachtaí a tharlaíonn. Tá na carachtair ag dul a dhéanamh rudéigin a tharraingeoidh fadhb.

1. PLOTA

Tá fadhb ann. Téann rud éigin as ord. Thiocfadh gur mistéir nó troid atá ann. An rud uafásach é? Déan cur síos air.

Réitítear an fhadhb ar dhóigh éigin. Cé a bhuann anstreachailt? Cuirtear gach rud i gceart. Cuir síos arcad é mar a dhéantar seo...

3. RÉITEACH

Smaoinigh ar gach rud a tharla. Cad é atá foghlamtha? Ar athraigh na carachtair?

4. CLABHSÚR

2. FADHB