20
Cuimhneachán Céad Bliain Bhás Sheáin Réamainn Centenary Programme commemorating the death of John Redmond 03.03.2018 – 14.03.2018

Cuimhneachán Céad Bliain Bhás Sheáin Réamainn Centenary Programme commemorating ... · 2020-01-23 · The Parnell Split in 1890 – when Irish MPs had to choose between supporting

  • Upload
    others

  • View
    1

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: Cuimhneachán Céad Bliain Bhás Sheáin Réamainn Centenary Programme commemorating ... · 2020-01-23 · The Parnell Split in 1890 – when Irish MPs had to choose between supporting

Cuimhneachán Céad Bliain Bhás Sheáin RéamainnCentenary Programmecommemorating the death of John Redmond03.03.2018 – 14.03.2018

Page 2: Cuimhneachán Céad Bliain Bhás Sheáin Réamainn Centenary Programme commemorating ... · 2020-01-23 · The Parnell Split in 1890 – when Irish MPs had to choose between supporting

Grianghraf de Réamann, a bhean chéile Ada, agus a mac William Archer Redmond (An grianghraf faoi úinéireacht phríobháideach;

le caoinchead ón úinéir).

Photograph of Redmond, his wife Ada and their son William Archer Redmond (Photograph in private ownership; and

reproduced with permission).

Clúdach tosaigh Seán Réamann, Teachta Parlaiminte (1856-1918), Ceannaire Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann, John George Day, 1854-1931 Grianghraf © Gailearaí Náisiúnta na hÉireann.

Front cover John Redmond, MP (1856-1918), Leader of the Irish Parliamentary Party. John George Day, 1854-1931. Photo © National Gallery of Ireland.

Clúdach cúil Corp Sheáin Réamainn faoin mBrat Glas in Ardeaglais Westminster – An Sphere (an 16 Márta 1918), le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Back cover The body of John Redmond lying under the Green Flag in Westminster Cathedral – The Sphere (16 March, 1918), courtesy of the National Library of Ireland.

Tá an Siompóisiam ar Sheán Réamann agus Páirtí Parlaiminteach na hÉireann á chomheagrú ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, OÉ, ARÉ agus Scoil na Staire, COBÁC.

John Redmond and the Irish Parliamentary Party: A Centenary Symposium is co-organised by the Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht, the NUI, the RIA and the School of History, UCD.

Page 3: Cuimhneachán Céad Bliain Bhás Sheáin Réamainn Centenary Programme commemorating ... · 2020-01-23 · The Parnell Split in 1890 – when Irish MPs had to choose between supporting

John Redmond wa s widely expected to become the first Prime Minister of an Irish Home Rule Parliament. The centenary of his death on 6 March 1918 is an opportunity to reflect on the legacy of Irish parliamentary nationalism at Westminster; the contribution of Irish soldiers in the Great War, and an alternative vision of an Ireland that would have remained an active member of the British Commonwealth.

Redmond was a member of a Catholic landed family from Wexford, with a strong political tradition. His grand-uncle, father and his younger brother Willie served as MPs for Wexford borough. In 1881 he became MP for New Ross at the age of 24; from 1891 until his death he was MP for Waterford City.

The Parnell Split in 1890 – when Irish MPs had to choose between supporting their leader and retaining Liberal Party support for Home Rule – was a defining moment in Irish politics and in Redmond’s life. Senior members of the party deserted Parnell; Redmond was among the minority that remained loyal to him and he was responsible for organising Parnell’s funeral in 1891. This Parnellite tradition left him with a distrust of the Liberals and a willingness to co-operate with unionist efforts to improve conditions in Ireland.

He was a member of Horace Plunkett’s Recess Committee, which led to the formation of an Irish Department of Agriculture and Technical Instruction in 1900 and he was involved in the negotiations with Irish landlord leaders, that resulted in the 1903 Wyndham Land Act and a major transfer of landownership to Irish tenant farmers.

Bhíotha s ag súil go forleathan le Seán Réamann a bheith ina chéad Phríomh-Aire i bParlaimint Rialtais Dúchais na hÉireann. Is deis é cuimhneachán céad bliain a bháis ar an 6 Márta 1918 machnamh a dhéanamh ar oidhreacht an náisiúnachais pharlaimintigh Éireannaigh in Westminster, ar an tairbhe a rinne saighdiúirí Éireannacha sa Chogadh Mór, agus ar an bhfís ailtéarnach i leith na hÉireann dá bhfanfadh sí mar bhall gníomhach den Chomhlathas Briotanach.

Ba de shliocht teaghlach Caitliceach as Loch Garman é Réamann a raibh go leor talaimh acu agus traidisiún láidir polaitíochta. Rinne a sheanuncail, a athair agus a dheartháir óg, Willie, seirbhís mar Theachtaí Parlaiminte do bhuirg Loch Garman. In 1881 bhuaigh sé suíochán mar Theachta Parlaiminte le haghaidh Ros Mhic Thriúin agus é 24 bliain d’aois, agus ó 1891 do dtí go bhfuair sé bás ba Theachta Parlaiminte é do Chathair Phort Láirge. Ba uair chinniúnach i bpolaitíocht na hÉireann agus i saol Réamainn í Scoilt Parnell in 1890, tráth a raibh ar Theachtaí Parlaiminte Éireannacha rogha a dhéanamh idir tacaíocht a thabhairt dá gceannaire agus tacaíocht an Pháirtí Liobrálaigh do Rialtas Dúchais a choinneáil. Thug baill shinsearacha de chuid an pháirtí cúl do Parnell; bhí Réamann i measc an mhionlaigh a d’fhan dílis dó, agus is é a bhí freagrach as sochraid Parnell a eagrú in 1891. D’fhág thraidisiún na bParnellíteach go raibh easpa iontaoibhe aige as na Liobrálaigh, agus go raibh an toil aige comhoibriú le hiarrachtaí na n-aontachtach na cúinsí in Éirinn a fheabhsú. Ba bhall é de Choiste Sosa Horace Plunkett a raibh sé de thoradh

Seán RéamannJohn Redmond(1856 – 1918)

Page 4: Cuimhneachán Céad Bliain Bhás Sheáin Réamainn Centenary Programme commemorating ... · 2020-01-23 · The Parnell Split in 1890 – when Irish MPs had to choose between supporting

In 1900, Redmond was unanimously chosen as leader of the reunited Irish Party – a compromise candidate and he retained that role until his death, despite political and personality divisions within the party.

In 1910, a political crisis in Britain, caused by the House of Lords’ rejection of the Liberal government’s budget, gave the Irish Party the balance of power in Westminster. Redmond successfully bargained Irish support in return for Home Rule and an end to the House of Lords veto.

He was less adroit at dealing with Ulster Unionism. He had worked in the past with southern unionists but like many Irish nationalists, he failed to comprehend the emotional and political strength of Ulster Unionism and the threat that this posed to Irish Home Rule. Unlike Ulster Unionist leader Edward Carson, he failed to build effective alliances with the British political elite, though he succeeded in gaining control of the Irish Volunteers in the summer of 1914.

The outbreak of war interrupted talks on a Home Rule settlement that would involve some form of partition. Nevertheless Home Rule became law in September 1914, though its introduction was postponed until the war (expected to be short) had ended. Two days after the Home Rule Act was signed, Redmond pledged that Irish Volunteers would fight ‘wherever the firing line extends in defence of right and freedom and religion’. This resulted in a split in the Irish Volunteers, though the majority sided with Redmond. Redmond’s brother Willie (MP for Clare), and his son William Archer (MP for

air gur bunaíodh Roinn Talmhaíochta agus Ceardoideachais na hÉireann. Bhí páirt aige freisin san idirbheartaíocht le ceannairí thiarnaí talún na hÉireann a raibh sé de thoradh uirthi gur achtaíodh Acht Talún Wyndham i 1903 agus gur aistríodh mórán úinéireachta talún chuig feirmeoirí tionóntacha Éireannacha.

I 1900, roghnaíodh d’aon ghuth é mar cheannaire ar Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann athmhuinteartha – b’iarrthóir comhréitigh é, agus choinnigh sé an ról sin go dtí go bhfuair sé bás, in ainneoin na scoilte polaitiúla agus pearsantachta laistigh den pháirtí.

Bhí géarchéim pholaitiúil sa Bhreatain i 1910 mar gheall ar bhuiséad rialtas na Liobrálach a bheith diúltaithe ag Teach na dTiarnaí, rud a thug cothromaíocht chumhachta do Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann in Westminster. D’éirigh le Réamann margadh a dhéanamh go dtabharfadh na hÉireannaigh tacaíocht mar chomhar ar Rialtas Dúchais agus deireadh le cros Theach na dTiarnaí.

Ní raibh sé chomh hábalta céanna ag déileáil le hAontachtas Uladh. D’oibríodh sé roimhe sin le haontachtaithe an deiscirt, ach ar nós mórán náisiúnach Éireannach, theip air tuiscint a fháil ar chumhacht mhothúchánach, pholaitiúil Aontachtas Uladh agus an bhagairt a chuir sé seo ar Rialtas Dúchais Éireannach. Murab ionann agus ceannaire na nAontachtach, Edward Carson, theip air comhghuaillíochtaí éifeachtacha a thógáil le haicme pholaitiúil na Breataine, ach d’éirigh leis smacht a fháil ar Óglaigh na hÉireann i samhradh 1914.

Chuir an cogadh isteach ar an

Page 5: Cuimhneachán Céad Bliain Bhás Sheáin Réamainn Centenary Programme commemorating ... · 2020-01-23 · The Parnell Split in 1890 – when Irish MPs had to choose between supporting

Tyrone and later Waterford) both served in the British army; Willie was killed in 1917.

Redmond misread the Irish mood in the weeks after the 1916 Rising, perhaps because he spent little time mingling with the Irish people, dividing his time between a London house and his remote shooting lodge at Aughavannagh in the Wicklow mountains. But the Rising offered Redmond another opportunity to secure Home Rule, when the British government reopened talks on a settlement in the summer of 1916. That initiative ended in failure, as did the Irish Convention (1917-18), in which Redmond also took part.

John Redmond died just over a month before the Irish Party withdrew from Westminster in protest against the threat of conscription in Ireland. He was also spared the Sinn Féin landslide in the general election of December 1918. While this appeared to herald the death of parliamentary nationalist politics, January 1919 saw the establishment of Dáil Éireann – an Irish parliament to carry out the legacy of 1916.

Irish nationalist parliamentary politics, from the days of O’Connell, extended beyond elections and Westminster. Redmond was active in the Plan of Campaign – a civil disobedience campaign against Irish landlords – and he had Fenian contacts. He was a supporter of the Gaelic League, but he and his party opposed votes for women, and he feared that a Home Rule Ireland would be unable to afford the cost of old age pensions. The difficulties that the Irish Party faced in negotiating a settlement with Britain and Ulster Unionism are reminiscent of

idirbheartaíocht i leith comhréiteach ar Rialtas Dúchais a mbeadh críochdheighilt de chineál éigin i gceist leis. Ina ainneoin sin, rinneadh dlí den Rialtas Dúchais i mí Mheán Fómhair 1914, cé gur cuireadh ar athlá é a thabhairt isteach go dtí go raibh deireadh leis an gcogadh (bhíothas ag súil leis nach mairfeadh sé i bhfad). Dhá lá tar éis an tAcht Rialtais Dúchais a bheith sínithe, gheall Réamann go dtroidfeadh Óglaigh na hÉireann in cibé áit ar son an chirt, na saoirse agus an chreidimh. Mar thoradh air seo, tharla scoilt in Óglaigh na hÉireann, cé gur thacaigh an tromlach le Réamann. Rinne deartháir Réamainn, Willie, (ar Theachta Parlaiminte é don Chlár), agus a mhac William Archer (Teachta Parlaiminte do Thír Eoghain agus Port Láirge ina dhiaidh sin) seirbhís in airm na Breataine; maraíodh Willie i 1917.

Rinne Réamann míléamh ar fhonn na nÉireannach sna seachtainí tar éis Éirí Amach 1916, seans toisc nár chaith sé mórán ama i measc mhuintir na hÉireann, agus roinn sé a chuid ama idir teach i Londain agus a lóiste iargúlta lámhaigh in Achadh Mheánach i sléibhte Chill Mhantáin. Ach bhí an tÉirí Amach ina dheis eile do Réamann Rialtas Dúchais a chinntiú, nuair a d’atosaigh rialtas na Breataine an idirbheartaíocht i leith socrú i samhradh 1916. Theip ar an iarracht sin, agus theip ar Chomhdháil na hÉireann (1917-18), ar ghlac Réamann páirt inti chomh maith.

Fuair Seán Réamann bás díreach os cionn míosa tar éis do Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann tarraingt siar ó Westminster mar agóid i gcoinne bhagairt an choinscríofa in Éirinn. Ní fhaca sé ollbhua Shinn Féin in olltoghchán

Page 6: Cuimhneachán Céad Bliain Bhás Sheáin Réamainn Centenary Programme commemorating ... · 2020-01-23 · The Parnell Split in 1890 – when Irish MPs had to choose between supporting

the difficulties that the Irish delegation faced during negotiations on the 1921 Anglo-Irish Treaty.

Redmond visited Australia as a young man – his first wife was Australian. The apparent success of Australia and Irish-Australians, as members of the British Empire, influenced his vision for Ireland as an active member of the Empire. There is some continuity between Redmond’s imperial vision and the involvement of the Cumann na nGaedheal government in Dominion conferences during the 1920s, which proved an effective means of enhancing Irish independence. The strength of Irish parliamentary democracy since independence reflects an even stronger continuity with the Irish Party.

His son, William Archer Redmond, represented Waterford in Dáil Éireann until his death in 1932, when he was succeeded by his widow Brigid.

In 1914 Ireland’s future appeared to lie in Home Rule, with John Redmond as Prime Minister – a settlement apparently achieved by peaceful means. Redmond’s story is a reminder that historical outcomes – positive or negative – are not inevitable and that events beyond an individual’s or a country’s control can determine the future.

Professor Mary E. Daly (UCD) Member of the Expert Advisory Group on Commemorations

Nollaig 1918. Cé go raibh an chuma ar an scéal go raibh deireadh á fhógairt le polaitíocht pharlaiminteach náisiúnach, bunaíodh Dáil Éireann i mí Eanáir 1919 – parlaimint Éireannach chun oidhreacht 1916 a bhaint amach.

Bhí níos mó ná toghcháin agus Westminster i gceist le polaitíocht pharlaiminteach náisiúnach na hÉireann ó aimsir Uí Chonaill i leith. Bhí Réamann gníomhach sa Phlean Beartaíochta – feachtas easumhlaíochta sibhialta i gcoinne thiarnaí talún na hÉireann – agus bhí teagmhálacha sna Fíníní aige. Thacaigh sé le Conradh na Gaeilge, ach bhí sé féin agus a pháirtí i gcoinne vótaí do mhná, agus bhí eagla air nárbh acmhainn do Rialtas Dúchais Éireannach costas na bpinsean seanaoise a sheasamh. Mheabhródh na deacrachtaí seo a bhí roimh Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann chun idirbheartaíocht a dhéanamh ar shocrú le Breatain agus Aontachtas Uladh na deacrachtaí céanna a bhí roimh thoscaireacht na hÉireann le linn na hidirbheartaíochta ar Chonradh Angla – Éireannach 1921.

Thug Réamann cuairt ar an Astráil agus é ina fhear óg – b’Astrálach a chéad bhean chéile. D’imir rath dealraitheach na hAstráile, agus na nÉireannach-Astrálach, mar bhaill d’Impireacht na Breataine, tionchar ar a fhís d’Éirinn mar bhall gníomhach den Impireacht. Bhí nasc áirithe idir fís impiriúil Réamainn agus rannpháirtíocht rialtas Chumann na nGaedheal i gcomhdhálacha Tiarnais le linn na 1920í, rud a bhí ina bhealach éifeachtach chun neamhspleáchas na hÉireann a bhrú chun tosaigh. Léiriú ar nasc níos láidre fós le Páirtí Parlaiminteach na hÉireann is ea cumhacht

Page 7: Cuimhneachán Céad Bliain Bhás Sheáin Réamainn Centenary Programme commemorating ... · 2020-01-23 · The Parnell Split in 1890 – when Irish MPs had to choose between supporting

dhaonlathas parlaiminteach na hÉireann ó baineadh an neamhspleáchas amach.

Bhí a mhac, William Archer Redmond, ina ionadaí do Phort Láirge i nDáil Éireann go dtí go bhfuair sé bás i 1932, tráth ar tháinig a bhaintreach mná, Brigid, ina comharba air.

In 1914 bhí an chosúlacht ar an scéal go raibh Rialtas Dúchais i ndán d’Éirinn, agus Seán Réamann ina Phríomh-Aire – comhshocrú is cosúil a baineadh amach ar bhealach síochánta. Meabhraíonn scéal Réamainn dúinn nach dosheachanta a bhíonn torthaí stairiúla – cibé dearfach nó diúltach – agus gur féidir le himeachtaí, nach bhfuil smacht ag duine ná tír orthu, a bhfuil i ndán dúinn a chinneadh.

An tOllamh Mary E. Daly (COBÁC) Ball den Sainghrúpa Comhairleach ar Chuimhneacháin

Póstaer EarcaíochtaEisithe ag an gComhairle Láir um Eagrú Earcaíochta in Éirinn(Íomhá le caoinchead ó Leabharlann

Náisiúnta na hÉireann).

Recruitment PosterIssued by the Central Council for the Organisation of Recruiting in Ireland(Image courtesy of the National Library of Ireland).

Page 8: Cuimhneachán Céad Bliain Bhás Sheáin Réamainn Centenary Programme commemorating ... · 2020-01-23 · The Parnell Split in 1890 – when Irish MPs had to choose between supporting

Réamann ag caint ag cruinniú poiblí ar an mBille Rialtais Dúchais, 1912.

Redmond addressing a public meeting on the Home Rule Bill, 1912.

Page 9: Cuimhneachán Céad Bliain Bhás Sheáin Réamainn Centenary Programme commemorating ... · 2020-01-23 · The Parnell Split in 1890 – when Irish MPs had to choose between supporting

Grianghraf a glacadh i 1914 de Réamann agus a dheartháir, an Maor William Hoey Redmond, a fuair bás ar pháirc an áir sa Fhrainc i mí an Mheithimh 1917, agus a mhac, an Captaen William Archer Redmond, DSO.Grianghraif le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na

hÉireann – Bailiúchán Independent Newspapers (Éire)

John Redmond pictured in 1914 with his brother, Major William Hoey Redmond, who was killed in action in France in June 1917, and his son Captain William Archer Redmond, DSO.Photographs courtesy of the National Library of Ireland

– The Independent Newspapers (Ireland) Collection

Page 10: Cuimhneachán Céad Bliain Bhás Sheáin Réamainn Centenary Programme commemorating ... · 2020-01-23 · The Parnell Split in 1890 – when Irish MPs had to choose between supporting

03/03/2018 14:00Taispeántas Sheáin Réamainn agus Áis Fuaime Chliste Talking HistoryJohn Redmond Exhibition and Talking History Smart Audio Facility

15:00Turas coisíochtaWalking Tour

Ionad: Leabharlann Bhaile Loch Garman. Seoladh Thaispeántas Sheáin Réamainn agus na háise fuaime cliste Talking History.Féach www.wexfordcoco.ie le tuilleadh eolais a fháil.

Turas coisíochta (saor in aisce) ar áiteanna a bhfuil baint acu le Seán Réamann. Féach www.wexfordcoco.ie le tuilleadh eolais a fháil.

Venue: Wexford Town Library. Launch of: – John Edward Redmond – The National Leader Exhibition; and – Talking History Smart Audio Facility. See www.wexfordcoco.ie for more information.

Walking tour (no charge) of locations associated with John Redmond. See www.wexfordcoco.ie for more information.

04/03/2018 09:30Seimineár Sheáin RéamainnJohn Redmond Seminar

15:00Searmanas Comórtha ShibhialtaCivic Commemoration Ceremony

Ionad: Leabharlann Bhaile Loch Garman Clárúchán ag 09:30. Is gá áit a chur in áirithe roimh ré. Saorchead isteach. Cainteoirí: Dermot Meleady (Beathaisnéisí), Ronan McGreevy (An Irish Times) agus an Dr. Martin O’Donoghue (OÉ Gaillimh). Féach www.wexfordcoco.ie le tuilleadh eolais a fháil.

Searmanas Comórtha agus Fleascleagain ag Reilig Shráid Eoin, Loch Garman. Féach www.wexfordcoco.ie le tuilleadh eolais a fháil.

Venue: Wexford Town Library. Registration at 09:30. Booking is essential. Admission free. Speakers; Dermot Meleady (Biographer), Ronan McGreevy (The Irish Times) and Dr. Martin O’Donoghue (NLI/NUIG). See www.wexfordcoco.ie for more information.

Ceremony of Remembrance and Wreath Laying at John Street Graveyard, Wexford. See www.wexfordcoco.ie for more information.

09/03/2018 18:00Seoladh leabhair, leis an Dr. Pat McCarthyLaunch of Book, by Dr. Pat McCarthy

Ionad: An Seomra Mór, Halla na Cathrach, Port Láirge. Seoladh leabhair: The Redmonds and Waterford: A Political Dynasty 1891-1952, leis an Dr. Pat McCarthy.Féach www.waterfordcouncil.ie le tuilleadh eolais a fháil.

Venue: The Large Room, City Hall, Waterford. Book launch: The Redmonds and Waterford: A Political Dynasty 1891-1952, by Dr. Pat McCarthy.See www.waterfordcouncil.ie for more information.

10/03/201809:00Comhdháil: Traidisiún Réamainn i bPort LáirgeConference: The Redmondite Tradition in Waterford

Ionad: An Seomra Mór, Halla na Cathrach, Port Láirge. I measc na gcainteoirí a bheidh i láthair tá an tOll. Roy Foster; an Dr. Pat McCarthy; an Dr. Eugene Broderick; an Dr. Martin O’Donoghue; Claire McGing; Emmet O’Connor agus John Bruton. Féach www.waterfordcouncil.ie le tuilleadh eolais a fháil.

Venue: The Large Room, City Hall, Waterford. Speakers include, Prof. Roy Foster; Dr. Pat McCarthy; Dr. Eugene Broderick; Dr. Martin O’Donoghue; Claire McGing; Emmet O’Connor and John Bruton. See www.waterfordcouncil.ie for more information.

14/03/201819:00Scoil Scairte Sheáin RéamainnJohn Redmond Hedge School

Ionad: Bialann na nOifigeach, Beairic Custume, Baile Átha Luain John Redmond: his life and legacy; Cathaoirleach: Eagarthóir History Ireland, Tommy Graham, Cainteoirí: Conor Mulvagh (COBÁC), Brian Hanley (Dún Éideann), Margaret O’Callaghan (OnaB), agus Dermot Meleady (Beathaisnéisí). Féach www.historyireland.com le tuilleadh eolais a fháil.

Venue: The Officers’ Mess at Custume Barracks, Athlone. John Redmond: his life and legacy; Chair: History Ireland editor, Tommy Graham, Speakers: Conor Mulvagh (UCD), Brian Hanley (Edinburgh), Margaret O’Callaghan (QUB), and Dermot Meleady (Biographer). See www.historyireland.com for more information.

ClárProgramme

Page 11: Cuimhneachán Céad Bliain Bhás Sheáin Réamainn Centenary Programme commemorating ... · 2020-01-23 · The Parnell Split in 1890 – when Irish MPs had to choose between supporting

03/03/2018 14:00Taispeántas Sheáin Réamainn agus Áis Fuaime Chliste Talking HistoryJohn Redmond Exhibition and Talking History Smart Audio Facility

15:00Turas coisíochtaWalking Tour

Ionad: Leabharlann Bhaile Loch Garman. Seoladh Thaispeántas Sheáin Réamainn agus na háise fuaime cliste Talking History.Féach www.wexfordcoco.ie le tuilleadh eolais a fháil.

Turas coisíochta (saor in aisce) ar áiteanna a bhfuil baint acu le Seán Réamann. Féach www.wexfordcoco.ie le tuilleadh eolais a fháil.

Venue: Wexford Town Library. Launch of: – John Edward Redmond – The National Leader Exhibition; and – Talking History Smart Audio Facility. See www.wexfordcoco.ie for more information.

Walking tour (no charge) of locations associated with John Redmond. See www.wexfordcoco.ie for more information.

04/03/2018 09:30Seimineár Sheáin RéamainnJohn Redmond Seminar

15:00Searmanas Comórtha ShibhialtaCivic Commemoration Ceremony

Ionad: Leabharlann Bhaile Loch Garman Clárúchán ag 09:30. Is gá áit a chur in áirithe roimh ré. Saorchead isteach. Cainteoirí: Dermot Meleady (Beathaisnéisí), Ronan McGreevy (An Irish Times) agus an Dr. Martin O’Donoghue (OÉ Gaillimh). Féach www.wexfordcoco.ie le tuilleadh eolais a fháil.

Searmanas Comórtha agus Fleascleagain ag Reilig Shráid Eoin, Loch Garman. Féach www.wexfordcoco.ie le tuilleadh eolais a fháil.

Venue: Wexford Town Library. Registration at 09:30. Booking is essential. Admission free. Speakers; Dermot Meleady (Biographer), Ronan McGreevy (The Irish Times) and Dr. Martin O’Donoghue (NLI/NUIG). See www.wexfordcoco.ie for more information.

Ceremony of Remembrance and Wreath Laying at John Street Graveyard, Wexford. See www.wexfordcoco.ie for more information.

09/03/2018 18:00Seoladh leabhair, leis an Dr. Pat McCarthyLaunch of Book, by Dr. Pat McCarthy

Ionad: An Seomra Mór, Halla na Cathrach, Port Láirge. Seoladh leabhair: The Redmonds and Waterford: A Political Dynasty 1891-1952, leis an Dr. Pat McCarthy.Féach www.waterfordcouncil.ie le tuilleadh eolais a fháil.

Venue: The Large Room, City Hall, Waterford. Book launch: The Redmonds and Waterford: A Political Dynasty 1891-1952, by Dr. Pat McCarthy.See www.waterfordcouncil.ie for more information.

10/03/201809:00Comhdháil: Traidisiún Réamainn i bPort LáirgeConference: The Redmondite Tradition in Waterford

Ionad: An Seomra Mór, Halla na Cathrach, Port Láirge. I measc na gcainteoirí a bheidh i láthair tá an tOll. Roy Foster; an Dr. Pat McCarthy; an Dr. Eugene Broderick; an Dr. Martin O’Donoghue; Claire McGing; Emmet O’Connor agus John Bruton. Féach www.waterfordcouncil.ie le tuilleadh eolais a fháil.

Venue: The Large Room, City Hall, Waterford. Speakers include, Prof. Roy Foster; Dr. Pat McCarthy; Dr. Eugene Broderick; Dr. Martin O’Donoghue; Claire McGing; Emmet O’Connor and John Bruton. See www.waterfordcouncil.ie for more information.

14/03/201819:00Scoil Scairte Sheáin RéamainnJohn Redmond Hedge School

Ionad: Bialann na nOifigeach, Beairic Custume, Baile Átha Luain John Redmond: his life and legacy; Cathaoirleach: Eagarthóir History Ireland, Tommy Graham, Cainteoirí: Conor Mulvagh (COBÁC), Brian Hanley (Dún Éideann), Margaret O’Callaghan (OnaB), agus Dermot Meleady (Beathaisnéisí). Féach www.historyireland.com le tuilleadh eolais a fháil.

Venue: The Officers’ Mess at Custume Barracks, Athlone. John Redmond: his life and legacy; Chair: History Ireland editor, Tommy Graham, Speakers: Conor Mulvagh (UCD), Brian Hanley (Edinburgh), Margaret O’Callaghan (QUB), and Dermot Meleady (Biographer). See www.historyireland.com for more information.

10:00 Clárúchán Registration

10:30 Aitheasc Fáiltithe: an Dr Maurice Manning (Seansailéir OÉ)

Welcome Address: Dr Maurice Manning (Chancellor NUI)

10:40 Aitheasc Tosaigh: An Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl, TD

Opening Address: An Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl, TD

Seisiún 1 – Páirtí Parlaiminteach na hÉireannCathaoirleach: An tUasal John Bruton (iarThaoiseach)

Session 1 - The Irish Parliamentary PartyChair: Mr John Bruton (Former Taoiseach)

11:00 Eochairpháipéar leis an Dr Margaret O’Callaghan (OnaB)Seán Réamann agus stair na hÉireann

Keynote Paper by Dr. Margaret O’Callaghan (QUB)John Redmond and the Irish past

11:40 An Dr Conor Mulvagh (COBÁC): Ceannaireacht, umhlaíocht agus gníomhaíocht pholaitiúil

Dr. Conor Mulvagh (UCD): Leadership, obedience and political activity

12:10 An Dr Martin O’Donoghue (LNÉ/OÉG): Páirtí Parlaiminteach na hÉireann agus a chomharbaí

Dr. Martin O'Donoghue (NLI/NUIG): The Irish Parliamentary Party and its successors

Seisiún 2 – Éachtaí Polaitiúla agus BunreachtaCathaoirleach: An Dr. Mary McAuliffe (COBÁC)

Session 2 - Political and Constitutional AchievementsChair: Dr Mary McAuliffe (UCD)

14:00 Eochairpháipéar leis an Dr Margaret Ward (OnaB)Cearta Vótála do Mhná, Seán Réamann agus Páirtí Parlaiminteach na hÉireann

Keynote Paper by Dr. Margaret Ward (QUB)Women’s Suffrage, John Redmond and the Irish Parliamentary Party

14:40 An Dr Colin Reid (Ollscoil Sheffield): Oidhreacht Isaac Butt: Páirtí Parlaiminteach na hÉireann 1879-1918

Dr. Colin Reid (University of Sheffield): Isaac Butt's legacy: the Irish Parliamentary Party 1879-1918

15:10 An Dr Michael Wheatley (Scoláire Neamhspleách): Páirtí Parlaiminteach na hÉireann agus an Cogadh Mór

Dr. Michael Wheatley (Independent Scholar): The Irish Party and the Great War

Seisiún 3 – Seán RéamannCathaoirleach: An tOllamh Marianne Elliott (Ollscoil Learphoill)

Session 3 - John RedmondChair: Prof. Marianne Elliott (University of Liverpool)

16:00 Eochairpháipéar leis an Ollamh Paul Bew (OnaB)Bréagnuithe an Réamannachais

Keynote Paper by Prof. Paul Bew (QUB)The Contradictions of Redmondism

18:00 Dioscúrsa Acadamh Ríoga na hÉireann – An tOllamh Alvin Jackson (Ollscoil Dhún Éideann):Redmond agus Carson: doirteadh fola, teorainneacha agus níos faide anonn (ag Acadamh Ríoga na hÉireann, 19 Sráid Dhásain; urraithe ag Mason Hayes & Curran)

RIA Discourse – Prof. Alvin Jackson (University of Edinburgh): Redmond and Carson: bloodshed, borders and beyond (at the Royal Irish Academy, 19 Dawson Street; sponsored by Mason Hayes & Curran)

Baile Átha Cliath, Dé Máirt, an 6 Márta 2018 Seán Réamann agus Páirtí Parlaiminteach na hÉireann: Siompóisiam Cuimhneacháin Céad Bliain

Dublin, Tuesday, 6 March 2018 John Redmond and the Irish Parliamentary Party: A Centenary Symposium

Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, Cearnóg Mhuirfean Thiar, Baile Átha Cliath 2

The National Gallery of Ireland, Merrion Square West, Dublin 2

Page 12: Cuimhneachán Céad Bliain Bhás Sheáin Réamainn Centenary Programme commemorating ... · 2020-01-23 · The Parnell Split in 1890 – when Irish MPs had to choose between supporting

100 yeaR s af teR John Redmond’s death, the National Library is working to digitise the Redmond papers and make this record of his long and active political career available online.

This initiative is part of the Library’s major cataloguing and digitisation project entitled Towards a Republic which is supported by the Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht. It marks the second phase of the Decade of Centenaries from 1917 – 1923, by opening up the personal papers of key figures from the period. The collection shows Redmond’s emergence as a Parnellite, his chairmanship of the reunited Irish Parliamentary Party, campaigns for peasant proprietorship and later for Home Rule, World War I, the 1916 Rising, and the Irish Convention, through to his death in 1918 at 61.

The digitised papers will be available to researchers everywhere through the www.nli.ie site. Selected items will also be used across the National Library’s social media platforms to reflect on Redmond’s life and career, showcasing the importance of archives in understanding the events and the legacy of 100 years ago.

100 Bliain taR éis bhás Sheáin Réamainn, tá Leabharlann Náisiúnta na hÉireann i mbun oibre ar pháipéir Réamainn a dhigitiú, agus an taifead seo ar a ghairm bheatha fhada agus ghníomhach a chur ar fáil ar líne.

Tá an tionscnamh seo mar chuid de mhórthionscadal catalógaithe agus digitithe dar teideal Towards a Republic a bhfuil tacaíocht faighte aige ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Is ceiliúradh é ar an dara céim de Dheich mBliana na gCuimhneachán ó 1917–1923 trí pháipéir phearsanta mhórphearsa na tréimhse a oscailt don phobal. Léirítear sa bhailiúchán seo Réamann ag teacht chun cinn mar Pharnellíteach, a chathaoirleacht ar Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann, feachtais ar son dhílseánacht na dtuathánach agus ina dhiaidh sin ar son an Rialtais Dúchais, An Chéad Chogadh Domhanda, Éirí Amach 1916, Comhdháil na hÉireann, suas go dtí a bhás i 1918 agus é 61 bliain d’aois.

Beidh na páipéir dhigitithe ar fáil do thaighdeoirí i ngach áit tríd an suíomh idirlín www.nli.ie. Bainfear úsáid as míreanna roghnaithe ar ardáin meán sóisialta na Leabharlainne Náisiúnta chun léiriú a thabhairt ar shaol agus ar ghairm bheatha Réamainn, agus chun tábhacht na cartlainne ó thaobh tuiscint a fháil ar imeachtaí agus ar oidhreacht ar tharla 100 bliain ó shin a chur os comhair an phobail.

Digitiú pháipéir Sheáin Réamainn ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann Digitisation of John Redmond’s papers by the National Library of Ireland

Page 13: Cuimhneachán Céad Bliain Bhás Sheáin Réamainn Centenary Programme commemorating ... · 2020-01-23 · The Parnell Split in 1890 – when Irish MPs had to choose between supporting

‘I, for one, believe in the brotherhood of nations, and bitter as the memory is of past wrongs and present injustice inflicted upon our people by alien rulers, I assert the principle underlying our movement is not the principle of revenge for the past, but of justice for the future. When a question of that principle arises there can be no such thing as compromise. The Irish leader who would propose to compromise the national claims of Ireland, who would even incline for one second to accept as a settlement of our demand any concession short of the unquestioned recognition of that nationality which has come down to us sanctified by the blood and tears of centuries, would be false to Ireland’s history, and would forfeit all claims upon your confidence or support’.

Seán Réamann, an 18 Lúnasa 1886Comhdháil Náisiúnta na nÉireannach, ChicagoJohn Redmond, 18 August, 1886 Irish National Convention, Chicago

Seán Réamann – Ina Fhocail Féin John Redmond – In His Own Words

Seán agus Ada Réamann, ó Bhailiúchán Ghrianghraif Poole ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

John and Ada Redmond, from the Poole Photographic Collection at the National Library of Ireland.

Page 14: Cuimhneachán Céad Bliain Bhás Sheáin Réamainn Centenary Programme commemorating ... · 2020-01-23 · The Parnell Split in 1890 – when Irish MPs had to choose between supporting

Seán Réamann – An Ceangal le Port Láirge John Redmond – The Waterford Connection

a s mP foR Waterford and leader of the Irish Parliamentary Party, John Redmond was a very popular figure in Waterford. He was first elected MP for Waterford on 23 December 1891 and served until his death in 1918. He was supported, in particular, by the Ballybricken Pig Buyers’ Association, a powerful association of local businessmen who were very influential in the social and political life of Waterford.

A much needed new bridge across the River Suir in Waterford City was named in John Redmond’s honour and was opened by him on 10 February 1913. Huge crowds attended to support him and he was given a number of addresses of welcome over the years by Waterford Corporation.

Such was the support for John Redmond, that his son, Captain William Archer Redmond, was elected in the by-election in Waterford following his death and was one of the few Irish Parliamentary Party representatives elected in the December 1918 elections. The Redmond connection continued after his son’s death with the election of his daughter-in-law, Bridget Redmond, continuing the Waterford and Redmond connection until her death in 1952.

Joanne Rothwell Waterford City and County Archivist

maR theachta PaRl aiminte do Phort Láirge agus mar cheannaire ar Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann, ba phearsa mór le rá é Seán Réamann i bPort Láirge. Toghadh ina Theachta Parlaiminte do Phort Láirge den chéad uair é ar an 23 Nollaig 1891 agus rinne seirbhís go dtí go bhfuair sé bás i 1918. Tugadh tacaíocht dó, go háirithe ó Chomhlachas Cheannaitheoirí Muc Bhaile Bhricín, comhlachas láidir d’fhir ghnó áitiúla a raibh an-tionchar acu i saol sóisialta agus polaitiúil Phort Láirge.

Ainmníodh in onóir Sheáin Réamainn droichead nua a raibh an-ghá leis thar an tSiúir i gCathair Phort Láirge, agus is é a d’oscail é ar an 10 Feabhra 1913. Tháinig na sluaite móra chun tacaíocht a thabhairt dó agus thug Bardas Phort Láirge roinnt mhaith aitheasc tosaigh dó thar na blianta.

Bhí an méid sin tacaíochta ann do Sheán Réamann gur toghadh a mhac, an Captaen William Archer Redmond, i bhfothoghchán i bPort Láirge tar éis a bháis, agus bhí sé ar dhuine den bheagán ionadaithe de chuid Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann i dtoghcháin Nollaig 1918. Leanadh de cheangal Réamainn tar éis bhás a mhic – toghadh a iníon chéile Bridget Redmond agus an ceangal le Port Láirge agus Réamann á choinneáil aici go dtí go bhfuair sí bás i 1952.

Joanne Rothwell Cartlannaí Chathair agus Chontae Phort Láirge

Page 15: Cuimhneachán Céad Bliain Bhás Sheáin Réamainn Centenary Programme commemorating ... · 2020-01-23 · The Parnell Split in 1890 – when Irish MPs had to choose between supporting

Muintir Réamainn – An Ceangal le Loch Garman The Redmond family – The Wexford Connection

the Redmond family were of Norman descent. In the 18th century many of the family went into military service on the continent. Those who remained in Ireland became part of a new class of Catholic merchants, bankers and ship owners.

In 1799 Walter Redmond purchased Ballytrent House in south County Wexford where John Edward Redmond was to spend his formative years.

A granduncle of John Edward Redmond, of the same name, was a Liberal MP for Wexford town from 1859 to 1865. His nephew and John’s father, William Archer Redmond, sat for Wexford from 1872 to 1880. In 1881 John Redmond became MP for New Ross. He later won a seat in Waterford which he retained until his death in 1918. His brother Willie served as an MP for Wexford borough.

John Edward was a proud Wexford man and on the occasion of receiving the Freedom of Wexford in 1907, he spoke in an uncharacteristic show of emotion, of his deep pride in being from County Wexford.

Jarlath Glynn Wexford Library Service

Ba de shlio cht na Normannach iad muintir Réamainn. San 18ú céad, d’imigh mórán den teaghlach le seirbhís mhíleata a thabhairt ar an mór-roinn. Díobh siúd a d’fhan in Éirinn, d’éirigh siad mar chuid den aicme nua de cheannaithe, baincéirí agus úinéirí bád ar Chaitlicigh iad.

I 1799 cheannaigh Walter Redmond Teach Bhaile Threaint i ndeisceart Chontae Loch Garman, áit a raibh John Edward Redmond (Seán Eadbhárd Réamann) lena luathbhlianta a chaitheamh.

Bhí seanuncail le Seán Réamann, a raibh an t-ainm céanna air, ina Theachta Parlaiminte de chuid na Liobrálach ó 1859 go 1865. Bhí a nia agus athair Sheáin, William Archer Redmond, ina ionadaí do Loch Garman ó 1872 go 1880. Toghadh Seán Réamann ina Theachta Parlaiminte do Ros Mhic Thriúin in 1881. D’éirigh leis suíochán a bhuachan i bPort Láirge ina dhiaidh sin agus choinnigh sé é go dtí go bhfuair sé bás i 1918. Thug a dheartháir, Willie, seirbhís mar Theachta Parlaiminte do bhuirg Loch Garman.

Carmanach bródúil ab ea Seán agus nuair a bronnadh Saoirse Loch Garman air i 1907, ba neamhghnách an mothúchán a bhí le haithint air nuair a labhair sé faoin mbród a bhí air gurbh as Contae Loch Garman dó.

Jarlath Glynn Seirbhís Leabharlainne Loch Garman

Page 16: Cuimhneachán Céad Bliain Bhás Sheáin Réamainn Centenary Programme commemorating ... · 2020-01-23 · The Parnell Split in 1890 – when Irish MPs had to choose between supporting

Judging REDMOND & CARSON: Comparative Irish lives

the Royal iRish Academy’s contribution to the Redmond centenary is the publication of Judging Redmond and Carson: Comparative Irish lives, by Alvin Jackson. This book uses new approaches and much new evidence to shed fresh light on John Redmond and Edward Carson: their private lives, their professional and political achievements, and their stands on violence and war. At the peak of their careers they had surprisingly much in common, but with the partition of Ireland and independence they have been disconnected, viewed wholly apart, and seen in political contexts scarcely imagined by contemporaries. This dual and comparative biography is a strikingly original reassessment of the two men and their legacies.

ionchuR ac adamh Río g a na hÉireann do Chomóradh Redmond is ea foilsiú Judging Redmond and Carson: Comparative Irish lives, le Alvin Jackson. Baintear úsáid sa leabhar seo as cineálacha nua cur chuige agus as mórán fianaise nua chun solas úr a chaitheamh ar Sheán Réamann agus Edward Carson: ar a saol príobháideach, a n-éachtaí gairmiúla agus polaitiúla, agus a ndearcadh ar an bhforéigean agus ar an gcogadh. Agus iad i mbarr a maitheasa ina ngairm bheatha, bhí mórán i gcoiteann eatarthu, ach le críochdheighilt na hÉireann agus an neamhspleáchas, caitheadh leo amhail nach raibh aon bhaint acu le chéile, breathnaíodh orthu go hiomlán ar leithligh óna chéile agus i gcomhthéacsanna polaitiúla ar éigean a shamhlaíonn comhaoisigh iad. Is athmhachnamh fíor-úrnua é an dé-bheathaisnéis chomparáideach seo ar an mbeirt fhear agus ar a n-oidhreacht.

Page 17: Cuimhneachán Céad Bliain Bhás Sheáin Réamainn Centenary Programme commemorating ... · 2020-01-23 · The Parnell Split in 1890 – when Irish MPs had to choose between supporting

An Post – Stampa Comórtha Céad BliainAn Post – Centenary Stamp

on 1 maRch, 2018, An Post issued a stamp to commemorate the centenary of the death of John Redmond. Designed by Post Studio, the stamp features a painting of John Redmond by Sir John Lavery, from Dublin City Gallery The Hugh Lane. The stamp and a special First Day Cover envelope is available at the GPO, Dublin, at all main post offices and online at irishstamps.ie.

Collection: Dublin City Gallery The Hugh Lane.

aR an 1 máRta 2018, d’eisigh An Post stampa chun cuimhneachán a dhéanamh ar chéad bliain ó bhás Sheáin Réamainn. Deartha ag Post Studio, is éard atá ar an stampa ná pictiúr de Sheán Réamann le Sir John Lavery, ó Dhánlann Chathair Bhaile Átha Cliath, The Hugh Lane. Tá an stampa agus clúdach litreach speisialta an Chéad Lae Eisiúna ar fáil ag Ard-Oifig an Phoist, Baile Átha Cliath, agus ag gach príomhoifig phoist agus ar líne ag irishstamps.ie.

Bailiúchán: The Hugh Lane, Dánlann Chathair Bhaile Átha Cliath

Page 18: Cuimhneachán Céad Bliain Bhás Sheáin Réamainn Centenary Programme commemorating ... · 2020-01-23 · The Parnell Split in 1890 – when Irish MPs had to choose between supporting

Litir ó Edward Carson chuig Seán Réamann Letter from Edward Carson to John Redmond

Litir dar dáta an 11 Meitheamh 1917, ina ndearna Edward Carson comhbhrón le Seán Réamann ar bhás a dhearthár, an Maor William Hoey Redmond, agus inar chuir sé in iúl go raibh ardmheas aige ar an gcrógacht agus an chalmacht a léirigh William.(An litir faoi úinéireacht phríobháideach; caoinchead ón úinéir).

Later dated 11 June 1917, expressing Edward Carson’s condolences on the death of John Redmond’s brother, Major William Hoey Redmond and his admiration for William’s courage and gallantry.(Letter in private ownership;

reproduced with permission)

Page 19: Cuimhneachán Céad Bliain Bhás Sheáin Réamainn Centenary Programme commemorating ... · 2020-01-23 · The Parnell Split in 1890 – when Irish MPs had to choose between supporting

Sliocht ó Óráid John Dillon, Téachta Parlaiminte, ag Sochraid Sheáin RéamainnExtract from John Dillon MP’s Oration at the burial of John Redmond MP

“Time will do justice to his work and to his statesmanship (hear, hear), and all the people of Ireland, even those who today misunderstand him, will in time to come understand the greatness of his life and of his work and of the unselfishness of his career”.

Freemans Journal, an 11 Márta 1918 – Leathanach 5Freemans Journal, 11 March 1918 – Page 5

An tUas. John Dillion, Teachta Parlaiminte, agus é ag tabhairt óráide i Reilig Shráid Eoin, Loch Garman, an 9 Márta 1918. An Sphere (an 16 Márta 1918). (le caoinchead ó Leabharlann

Náisiúnta na hÉireann.)

Mr John Dillon MP speaking in St. John’s Graveyard, Wexford on 9 March, 1918. The Sphere (16 March 1918) (courtesy of the National Library

of Ireland.)

Page 20: Cuimhneachán Céad Bliain Bhás Sheáin Réamainn Centenary Programme commemorating ... · 2020-01-23 · The Parnell Split in 1890 – when Irish MPs had to choose between supporting