16
Fómhar 2008 Is páirtnéireacht í an tSeirbhís Thacaíochta OSPS idir an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, An Roinn Sláinte agus Páistí agus Feidhmeanacht na Seirbhíse Sláinte in éineacht le hInstitiúd Oideachais Marino le maoiniú ón bPlean Forbartha Náisiúnta. Fócas ar Leith ar Úsáid Substaintí OIDEACHAS SÓISIALTA, PEARSANTA AGUS SLÁINTE

Fócas ar Leith ar Úsáid Substaintí - SPHE | Welcome JOURNAL... · Ní féidir a shéanadh gur láidir iad na naisc idir oideachas agu sláinte - go háirithe i rith na leanbaíochta

  • Upload
    others

  • View
    1

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: Fócas ar Leith ar Úsáid Substaintí - SPHE | Welcome JOURNAL... · Ní féidir a shéanadh gur láidir iad na naisc idir oideachas agu sláinte - go háirithe i rith na leanbaíochta

mh

ar

20

08

Is páirtnéireacht í an tSeirbhís Thacaíochta OSPS idir an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, An Roinn Sláinte agus Páistí agusFeidhmeanacht na Seirbhíse Sláinte in éineacht le hInstitiúd Oideachais Marino le maoiniú ón bPlean Forbartha Náisiúnta.

Fócas arLeith ar ÚsáidSubstaintí

O I D E A C H A S S Ó I S I A LT A , P E A R S A N T A A G U S S L Á I N T E

Page 2: Fócas ar Leith ar Úsáid Substaintí - SPHE | Welcome JOURNAL... · Ní féidir a shéanadh gur láidir iad na naisc idir oideachas agu sláinte - go háirithe i rith na leanbaíochta

A Chomhleacaithe

Tá súil agam gur thaitin saoire an tsamhraidh libhagus go bhfuil sibh ag tnúth le dúshláin agusluaíochaí na bliana amach romhainn.

Fáilte go dtí an tríú eagrán den Nuachtlitir OSPS(Iarbhunscoileanna). Baineanna an t-eagrán seoleis an téama Úsáid Substaintí agus tá réimsealtanna, fíricí agus áiseanna ranga ann chomhmaith leis an eolas is deireannaí maidir le cúrsaíOSPS agus Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta(OCG).

Ní féidir a shéanadh gur láidir iad na naisc idiroideachas agu sláinte - go háirithe i rith naleanbaíochta agus na hógántachta nuair a bhíonndaoine óga ag déanamh roghanna a mbeidhtionchar acu ar an gcaoi ina gcaitheann siad a saolmar dhaoine fásta. Le go n-iompróidh ógánaighamach mar an leagan is fearr díobh féin caithfidhsiad páirt iomlán a ghlacadh san oideachas. Aguschun páirt iomlán a ghlacadh san oideachascaithfidh sláinte fhisiciúil, slándáil mhothúchánachagus scileanna maithe sóisialta a bheith acu.

Is é príomhaidhm Sheirbhís Tacaíochta OSPS tacúle scoileanna agus le pobal na scoile trí chéile chunforbairt phearsanta, fhisiciúil, shóisialta agusmhothúchánach na ndaoine óga faoina gcúram aspreagadh agus a chothú. Is iomaí cuma agus crutha bhíonn ar an tacaíocht agus ar an gcabhair athairgimid. Tá sonraí ar an réimse tacaí chomhmaith le sonraí teagmhála le fáil ar ár suíomhgréasáin - www.sphe.ie

Cén fáth nachrachfa i dteagmháille d'fhoireannréigiúnach agusliosta iomlán dábhfuil le tairiscintagainn a fháil?

Sharon McGrath

02

Tuairisc Ollscoilna hÉireannGaillimh archur i bhfeidhmOSPS

Rinne Coiste Bainistíochta Seirbhís TacaíochtaOSPS (Iarbhunscoileanna) tuairisc dár teideal Cur ibhFeidhm OSPS ag leibhéal na hIarbhunscoile: Curchuige cás-staidéar, a choimisiúniú agus sheol antAire Stáit Mary Wallace TD an tuairisc i Meitheamh,2008.

Is é príomh-aidhm an staidéir scrúdú a dhéanamhar mar a chuir OSPS le taithí daltaí na SraitheSóisearaí agus le Curaclam na Sraithe Sóisearaíagus déantar tuairimí dhá pháirtí leasmharatábhachtacha i bpróiséas an OSPS - daltaí agustuismitheoirí – a chuimsiú sa staidéar.

I measc cuid de na téamaí lárnacha a tháinig chuncinn tá:

• Tá OSPS dúshlánach, fiúntach, luachmhar aguscabhraitheach.

• Tá ról an Chomhordaitheora in OSPS fíor-thábhachtach.

• Tá tacaíocht agus oiliúnt do mhúinteoirí marbhunchloch i gcur i bhfeidhm rathúil OSPS.

• Tá polasaithe agus structúir, maraon le cuimsiúOSPS i bpleanáil scoile, riachtanach.

• Tá os cionn leath de thuismitheoirí den tuairim gobhfuil breis tacaíochta de dhíth ar scoileannachun clár rathúil OSPS a chur i bhfeidhm.

• Tá leibhéal feasachta i measc baill uile foirneriachtanach chun tionchar OSPS a mhéadú.

• Is beag teagmháil a déantar le tuismitheoirí ibpleanáil ná i bhforbairt OSPS.

• Is féidir le hÉascaitheoirí Seachtaracha, a bhfuiltuiscint shoiléir acu ar chlár an OSPS agus archreatlach polasaí, cur le hobair mhúinteoiríOSPS, seachas a n-áit a thógáil.

• Tá tionchar na Seirbhíse Tacaíochta OSPSríthábhachtach chun eolas faoi chlár OSPS agustacaíocht dó a mhéadú i measc múinteoirí eile.

• Tá tromlach múinteoirí i bhfábhar leanúint lehOSPS sa tSraith Shinsearach.

Cuirfear cóipeanna den Tuairisc chuig nascoileanna dara leibhéal go léir.

CUR I BHFEIDHM AN OSPS AG LEIBHÉAL NA HIAR-BHUNSCOILE:CUR CHUIGE AR BHUN CÁS-STAIDÉIR

Achoimre Feidhmiúcháin

Taighdeoirí:Siobhán O’Higgins,

Marie Galvin &Catríona Kennedy

Príomhiniúchóirí:Dr. Saoirse Nic Gabhann &An tOllamh Margaret Barry

|Ionad Taighde um Chothú SláinteAn Rannóg um Chothú SláinteOllscoil Náisiúnta na hÉireann,

Gaillimh

Oideachas, Sóisialta,

Pearsanta agus Sláinte

SEIRBHÍS THACAÍOCHTA

iarbhunscoile

NATIONAL DEVELOPMENT PLAN 2007 - 2013

Is páirtnéireacht idir an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, an Roinn Sláinte agus Leanaí agus Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte igcomhar le hInstitiúid Oideachais Marino le maoiniú ón bPlean Forbartha Náisiúnta.

Có-ordaitheoir Náisiúnta den

tSeirbhís Tacaíochta OSSP

Dialann OSSP eagraithe ag Nodlaig O’Grady agusMarthy Sweeny OFR (Oifigeach Forbairt Réigiúnach)

Page 3: Fócas ar Leith ar Úsáid Substaintí - SPHE | Welcome JOURNAL... · Ní féidir a shéanadh gur láidir iad na naisc idir oideachas agu sláinte - go háirithe i rith na leanbaíochta

Is duine de na laochra spóirt is cáiliúla in Éirinn é SeánÓg Ó hAilpín. Tá cúig bhonn Mumhan san iománaíochtbuaite aige, ceann amháin sa pheil, trí bhonn Uile-Éireannagus chomh maith leis sin toghadh mar dhuine deshárimreoirí na bliana é trí huaire. Sa bhliain 2005 bhuaighSeán Óg Gradam Spoirt na Bliana Vodafone, Texaco agusCumann Imreoirí Gael san iomáint. Sa bhliain sin bhuaighsé Gradam Imreoir Spóirt na Bliana RTE chomh maith – ant-aon amaitéarach ar an ngearrliosta. Chuaigh sé ar scoilsa Mhainistir Thuaidh i gCorcaigh áit a bhfuil sé ag obairanois le Banc Ulaidh. Seachas é seo go léir is duine gleoite,cúirtéiseach agus fíor-álainn amach is amach é. Agus níólann sé alcól.

Seán Óg ÓhAilpín

Ba i ndiaidh chluiche a chuir Seán Óg Ó hAilpín aithne ar anól don chéad uair. Bhí Corcaigh tar éis an bua a fháil arGhaillimh i gCraobh-Chluiche Mionúr Iománaíochta nahÉireann 1994 agus thug duine éigin pionta Guinness dósa teach tábhairne i ndiaidh an chluiche. Seacht mblianadéag d'aois a bhí sé, é críochnaithe le hiománaíocht mionúragus ba é a uaillmhian a áit a fháil ar fhoireannshinsear Chorcaí. An lá dár gcionn, agus é ar a bhealachabhaile ar an traein, bheartaigh sé go mbeadh air íobairtí adhéanamh chun a mhian a leanúint; ní ólfadh sé,thiomnódh sé é fein don traenáil, don Ardteistiméireacht afháil agus dul chuig an Ollscoil. Deir sé go raibh tioncharnach beag ag a chinneadh gan alcól a ól ar an rath spóir-tiúil a bhí aige agus go dtreisíonn an rath seo lenachinneadh alcól a sheachaint.

Bhí sé deacair cultúr an óil a sheachaint san ollscoil agusadmhaíonn Seán Óg go raibh sé deacair, sna blianta luathadó i DCU, a chur ina luí ar a chairde glacadh leis nár ól sé -Céard atá i gceist agat le ní ólaim? - ach ar deireadhchuaigh siad i dtaithí air agus gheobhaidís a ghnáth-phionta uisce dó gan focal a rá. Anois, agus é 31 bliaind'aois, braitheann sé go bhfuil sé bogtha ar aghaidh ó shaolan tábhairne agus bíonn de nós aige a am saor achaitheamh lena chailín Siobhán, ag dul go dtí an phictiúr-lann nó á ghlacadh go réidh ag baile. Dá bhféadfadh séteachtaireacht amháin a chur amach ansin os comhairdaoine óga is é nach gá duit ól le bheith faiseanta. Nuair achuirtear ar a shúile dó gur éasca dó-san é sin a rá mar gurduine de na réalta spóirt is cáiliúla sa tír é agus gurainmnigh an t-iris Social and Persona é mar an t-ochtú fearis gnéasúla in Éirinn i mbliana freagraíonn sé "Ceart go leor,ach ní raibh mé sa bhfaisean dhá bhliain déag ó shin nuaira bheartaigh mé gan ól agus is ceann de na héachtaí is móa bhfuilim bródúil as." "Dá mbeinn ag ól ní hé an t-imreoircéanna a bheadh ionam inniu." Ceann de na nithe issuntasaí faoi is ea a umhlaíocht. Dearbhaíonn sé go bhfuilgo leor imreoirí níos cumasaí ná é féin ach nach bhfuil siad

chomh tiomnaithe leis. "Is gnáth-iománaí mé ach de bharrmo thiomantais, de bharr nach n-ólaim agus de bharr goraibh an t-ádh orm sár-oiliúnt faoi aois a fháil táim níos fearrná an gnáth-dhuine". Creideann sé freisin go gcuireann sélena chorpacmhainn gan bheith ag tógáil na calraí go léiratá sa deoch agus gur chabhraigh sé leis fanacht níos faideag barr a réime. "Táimse ceithre bliana déag ag imirtiománaíochta idir-chontae anois. Bíonn roinnt imreoirícríochnaithe in aois tríocha bliain."

Deir Seán Óg gur féidir le heachtraí áirithe sóisialta ambíonn an t-ól lárnach iontu "a bheith pianmhar mar bíonndaoine eile ag ól agus is féidir go mbraitheann tú ar animeall". Déileálann sé leis trí fhanacht thart go dtí go"dtosaíonn ar an gcacamas cainte sin agus ansin bailímliom". Nuair a chuirtear ceist air an mbraitheann sé riamhgurb eisean an t-aon fhear in Éirinn nach n-ólannfreagraíonn sé ar an bpointe nach n-ólann cuid dá chéilíimeartha ach an oiread agus nach n-ólann a bhformhór eilenuair a bhíonn siad ag traenáil.

Tosaíonn an comhrá ag plé leis na deacrachtaí a bhaineannle cailín a fháil mura mbíonn baint agat le saol an tábhairnenó an chlub. Creideann Seán Óg go láidir go bhfuil duineéigin amuigh ansin do chách. Tá go leor deiseanna chunbualadh le daoine agus b'fhuath leis a cheapadh gurb é anteach tábhairne an t-aon láthair sóisialta do dhaoine ógaan lae inniu. "Ní hé; tá áiteanna eile ann, obair, clubannaóige, eagraíochtaí pobail agus (gan amhras) spórt". Bhuailsé le Siobhán sé bliana ó shin tríd and spórt – is céileimeartha dá chuid a deartháir. Admhaíonn Seán Óg gobhfuil cultúr mór óil ag baint le cúrsaí spóirt agus cé godtéann sé amach go sóisialta leis an bhfoireann i ndiaidhchluiche – cabhraíonn sé chun naisc a shnaidhmeadh idirbhaill foirne – imíonn sé tar éis deoch amháin a ól, téann séabhaile, níonn a fheisteas, glanann a bhuataisí, breath-naíonn ar thaifeadadh an chluiche, glacann nótaí dá chuidbotúin agus téann a chodladh. "Sin mise – soilse múchta!"

Tá go leor deiseanna chun bualadh le daoine agusb'fhuath leis a cheapadh gurb é an teach tábhairne

an t-aon láthair sóisialta do dhaoine óga an lae inniu.

Page 4: Fócas ar Leith ar Úsáid Substaintí - SPHE | Welcome JOURNAL... · Ní féidir a shéanadh gur láidir iad na naisc idir oideachas agu sláinte - go háirithe i rith na leanbaíochta

Rólanna a Ghlacann Páistí...agus iad ag Iarraidh Déileáil le hAndúileacht ina dTeaghlach

Nuair a bhíonn andúil i dteaghlach bíonn a fhios ag páistí go bhfuil rud éigin cearr agusis minic a chuireann siad anmilleán orthu féin. Tugann sé bréag-mhothú smachta dóibha cheapadh dámba iadsan ba chúis leis an bhfadhb gur féidir leo oibriú níos crua ar iadféin a dheisiú agus ina dhiaidh sin an tuismitheoir a bhfuil an fhadhb aige nó an córassuaite teaghlaigh iomlán a dheisiú. Oibríonn baill teaghlaigh go crua ina rólanna chun anteaghlach a shábháil ainneoin a sláinte mhothúchánach nó fhisiciúil féin a bheith i mbaol.Ba í Virginia Satir duine de na ceannródaithe ba luaithe i gcur chun cinn cóireáil do pháistí

alcólach agus d'fhorbair sí tíopeolaíochtaí iompraíochtaí rólanna. I measc na rólanna a ghlacann páistí tá:Laoch an Teaghlaigh, an Ceap Milleáin, an Páiste Caillte agus an tSonóg. Eiríonn na hiompraíochtaírólanna seo dolúbtha i dtréimhsí strusmhara agus feidhmíonn siad mar iarrachtaí chun marthana.

Na páistí is sinne sateaghlach a bhíonn i

gceist anseo. Glacannsiad freagracht orhtu féin

as dioscaireacht tí, astógáil deartháireacha nódeirfiúracha óga agus as

feidhmiú os cionn anmheáin ar scoil. Bíonn anlaoch faoi thiomáint agan náire agus is é an róllárnach a bhíonn aige achruthú gur féidir le ballamháin den teaghlach

déanamh go maith i súilean tsaoil, agus mar sin

déantar ardghnóthachtálaíde. Go hinmheánach

mothaíonn siaduireasach. Is minic abhíonn saol an laoichan-uaigneach agus

pianmhar, ag déanamhdaoine eile spleách orthuagus iad féin an-chean-

nasach. Gan cabhairdéantar andúiligh oibredíobh no fanann siad

amhlaidh. Ní bhíonn siadriamh mí-cheart, síleann

siad go bhfuil siadfreagrach as gach ní.

Le cabhair foghlaimíonnsiad le suaimhneas a

ghlacadh agus consasglacadh le teip .

(An Ceap Milleáin/Reibiliúnach).

Tarraingíonn na páistí seoaird ó fhadhb ólacháin antuismitheora trí 'bheith inachrann leis an dlí nó lebaill d'údaráis na scoile.Bíonn siad dúshlánach

agus troideann siad agussáraíonn siad a n-eagla le

fearg. Taobh istighmothaíonn siad gortuithe.

Ní théann siad saniomaíocht. Gan cabhair is

féidir go ndéanfarógchiontóirí díobh, no go

n-éireoidh siad torrachgan coinne nó

tarraingeoidh siadachrann ar scoil nó sanoifig. Teipeann orthu sasaol i gcónai beagnach

agus bíonn cáil anchoilínigh orthu.

Le cabhair foghlaimíonnsiad conas glacadh le

freagracht agus seans gombeidh baint acu lecomhairleoireacht.

Bíonn an páiste seotostach agus cúlántaagus bíonn an eagla á

thiomáint. Gohinmheánach mothaíonnsé uaigneach agus gantábhacht. Mothaíonn an

teaghlach faoiseamh marbíonn an páiste seodofheicthe nach mór

agus ní tharraingíonn séachrann. Bíonn sé ciúin,is leanúnaí é agus bíonn

deacrachtaí déantacinnidh aige. Gan cabhair

is beag taitneamh abhainfidh sé as an saol.D'fhéadfadh fadhbannaféiniúlacht ghnéasachagus deacrachtaí le

dílseacht i gcaidrimh abheith aige. Is é sprioc an

pháiste seo gondéanfaidh daoine eile

dearmad gurb ann dó inaon chor. Le cabhair

tiocfaidh fás ar anbpáiste seo i

neamhspleáchas agus imbuanna agus beidh sé

an-chruthaitheach.

Déanann an fuirseoirgáire faoi féin is faoidhaoine eile mar gan

gáire ní bheadh ann achpian agus deora. Don

teaghlach soláthraíonn séfaoiseamh grinn.

Mothaíonn sé eaglach gohinmheánach. Is féidir go

mbíonn sé neamhaibiagus leochaileach agus

go mbíonn gá aige lecosaint. Is féidir go

mbíonn sé imníoch nóhipirghníomhach agus go

mbíonn fadhbannafoghlama aige. Bíonn sé

éalúchach agusan-uaigneach. Gancabhair seans gondéanfar bobaide

neamhshrianta dé, nachbhfuil ábalta strus a

láimhseáil. Pósfaidh sélaoch agus beidh baol

ann go ndéanfar alcólachde nó go dtolgfaidh séspleáchas ceimiceach.Le cabhair ní bhíonn a

thuilleadh brú air bheithina bhobaide. Bíonn sé

ábalta strus a láimhseáil.Bíonn sé spraoiúil agus

bíonn féith an ghrinn ann.

Glacann an chuid is mó de pháistí meascán de na rólanna seo chucu féin, ach de gnáth bíonn príomh-ról amháinacu. Coinníonn an córas teaghlaigh an duine sa ról agus comhlíonann an ról riachtanas ar leith. Caithfear na rólannaseo a thuiscint agus úsáid a bhaint as curtha chuige éagsúla le gur féidir le páistí bogadh ó na rólanna seo agustimthriall an athdhéanta a bhriseadh.

The Satir Model: Family Therapy and BeyondSatir, V., Banman, J., Gerber, J. agus Gomori, M. 1991

Page 5: Fócas ar Leith ar Úsáid Substaintí - SPHE | Welcome JOURNAL... · Ní féidir a shéanadh gur láidir iad na naisc idir oideachas agu sláinte - go háirithe i rith na leanbaíochta

An bhfuil ólachánduine éigin eile ag curas duit? Má tá, níl túleat féin. Seo cuid demo thaithí – anmbaineann aon cuidde leat?

Ní bhínn ar mo chompord ag tabhairt cairde arais chunmo thí ar eagla go bhfeicfidís nó go gcloisfidís rud éigina chuirfeadh náire agus/nó aiféaltas níos mó fós orm námar a mhothaigh mé cheana féin mar gheall ar an bh-fadhb óil i mo theaghlach.

D'fhulaing mé uirísliú nuair a d'iompródh baill teaghlaigha bhfuil fadhb óil acu iad féin ar bhealach mí-chuí in áitphoiblí e.g. ag béicíl is ag screadaíl le freastalaí imbialann os comhair an tsaoil nó, níos measa fós, oscomhair cairde agus comharsana.

Ag iarraidh déileáil lena n-iompar guagach , go minic mé arbís mar nach mbínn riamh cinnte cathain a thiocfadh buileorthu nó fiú rudaí a rá nár cheart go ndéarfaí go poiblí nógo príobháideach (eg. taobh thiar de dhoirse dúnta).

Mé de shíor á díspeagadh agus comparáid diúltach ádhéanamh le daoine eile (e.g. Cén fáth nach féidir leatsa'bheith cosúil leis nó léi...?)

B'annamh a mhothaigh mé go raibh rud ar bith a rinne mésách maith. De shíor ag mothú nach raibh mé sách cliste,sách álainn, nach raibh corp sách maith agam etc. etc. Igcónaí ag déanamh comparáid neamhfhabhrach idir méfhéin agus daoine eile i mo rang. Bhí lagmheas agam ormféin i gcónaí mar gheall gur cáineadh mé sa bhaile. De bhrígur fhulaing mé mí-úsáid bhriathartha sa bhaile, chuir mésuas leis an iomarca de ar scoil mar go raibh taithí agamar ghlacadh leis ó bhaill de mo theaghlach.

Gan a bheith ábalta muinín a bheith agam as baill motheaghlaigh a bhfuil fadhb óil acu. Chuir an easpamuiníne seo isteach ar an gcaidreamh a bhí agam ledaoine eile. Bhí sé an-dheacair dom muinín iomlán a churi ndaoine eile.

Bhí ceist rúndachta ann. Bhraith mé nach bhféadfainn ainsint do dhaoine faobh amuigh de mo theaghlach céarda thiteadh amach sa bhaile agus dá bharr sin d'fhoghlaimmé go tapa conas mo chuid mothúcháin a thachtadh.

Bhíodh an fhaitíos go dtarlódh droch-rud éigin i gcónaífolaithe ar chúl m'intinne.

Go minic bhí sé ar nós bheith ag siúl ar bhlaoscauibheacha; bhíodh faitíos orm aon rud a dhéanamh nó ará a bheadh ina chúis le go mbéarfadh an fhearg bua arm'athair, mar shampla.

Trí Alateen d'éirigh liom bualadh le daoine óga eile a bhí,ar nós mé féin, ag iarraidh déileail le ball amháin teagh-laigh nó níos mó, nó cairde etc. a raibh fadhb óil acu.Thug sé sólás dom fios a bheith agam nár mise an t-aonduine amháin leis an bhfadhb seo. Bhí sé suimiúil a scéala chloisteáil agus b' fhaoiseamh dom faoi dheireadh abheith ábalta mo scéalsa a roinnt le daoine a thuig céarda bhí á fhulaingt agam. Aisteach go leor, bhí an-chuidcosúileachtaí idir ár scéalta agus d'fhoghlaim mé go tapanach ndéanann alcól aon idirdhealú – goilleann sé argach aicme, saibhir nó daibhir, is cuma faoi chine ná faoichreideamh. Déanann sé an damáiste agus an scrioscéanna nach mór, pé áit a mbíonn sé.

Mar dhuine óg cheadaigh Alateen – agus níos déanaí Al-Anon – dom bualadh le daoine óga eile a mhothaighsuaite agus trína chéile ar nós mé féin (gan ach dhácheann de na mothuithe a bhí á aireachtáil againn a lua).D'éirigh liom an t-aonrú a dhíbirt agus d'fhoghlaim mébealaí éifeachtacha le mo shaol a fheabhsú.

Sna grúpaí Alateen agus Al-Anon bhuail mé le daoine arnós mé féin a bhí ag streachailt le go leor de na fad-hbanna céanna agus a bhí ag teacht ar réitighchruthaitheacha, nár smaoinigh mise orthu, nó ardhearcaidh a rinne cásanna comhchosúla ina saol féinníos infhulaingthe. (Gan Ainm)

Má bhaineann aon cuid den scéal thuas leat tá fáilte romhatdul i dteagmháil le hionad eolais Al-Anon

Ionad Eolais Al-Anon, 5 Sráid Capel, Baile Átha Cliath 1.Fón: 01-8732699 Ríomh-phost: [email protected]íonn an t-ionad ar oscailt Luan go hAoine ó 10.30am go 2.30in.

Glanfaidh alcól smáil as éadaí

Bainfidh sé an t-earrach, an samhradh, an fómharagus an geimhreadh d'fhear, dá bhean agus dápháistí

Má úsáidtear go leor deglanfaidh alcól troscán den teach, bia den bhord,rugaí den urlár, radharc de na súile, líneáil den bholgagus breithiúnas ón intinn.

Tógfaidh sé an carr ón doras tosaigh freisin, anceadúnas as an vallait agus seic an phá as an sparán.

Tógfaidh alcól cáil, féin-mheas, ciall, saoirse, jabannamaithe, cairde maithe agus sonas ó chroíthe leanaí.

Is féidir leis an fonn maireachtála lenár gcomhdhaoinea bhaint uainn agus fiú an bheatha féin.

Mar ghlantóir, níl a shárú le fáil.

An bhfuil ólachán duine éigin eile ag cur as duit?

Page 6: Fócas ar Leith ar Úsáid Substaintí - SPHE | Welcome JOURNAL... · Ní féidir a shéanadh gur láidir iad na naisc idir oideachas agu sláinte - go háirithe i rith na leanbaíochta

Bíonn soirbhi mícheartchomh minic céannale doirbhíoch, ach is éan difríocht mhórná go mbíonn i bhfadníos mó spraoi aige.

Níl ach dhá ní gurféidir linn a thiomnú go

buan ar ár bpáistí:ceann acu fréamhacha

agus sciatháin anceann eile.

Uaireanta bíonn tuismitheoiríina gcúis díomá dá bpáistí.

Ní chomhlíonann siad gealltanasa mblianta luatha.

Anthony Powell.

Ní dúirt éinne riamhar leaba a bháis

"Trua nár chaith méníos mó ama i mo

phost".

Tá sé ráite go bhfuil dháchineál oideachas ann –ceann a mhúineann dúinnconas ár mbeatha ashaothrú agus an ceanneile a mhúineann dúinnconas maireachtáil.A.D. Robertson

Tionchar Fógraíocht an Óil arDhaoine Óga Joseph Treacy

Saineolaí Cliniciúil in AndúilíochtFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Réigiún an Iarthair

Moltaí:

Page 7: Fócas ar Leith ar Úsáid Substaintí - SPHE | Welcome JOURNAL... · Ní féidir a shéanadh gur láidir iad na naisc idir oideachas agu sláinte - go háirithe i rith na leanbaíochta

Arda Malartacha!

Page 8: Fócas ar Leith ar Úsáid Substaintí - SPHE | Welcome JOURNAL... · Ní féidir a shéanadh gur láidir iad na naisc idir oideachas agu sláinte - go háirithe i rith na leanbaíochta

Úsáid Substaintí agus an Dlí

Is ó theanga na hAraibise a dhíorthaíonnan focal "alcól" ach ní léir an tsanasaíocht

bheacht áfach. Is é al-huhūl an t-ainm reathaArabais ar alcól, ach is é "spiorad",

go litriúil, an focal san Araibis Chlasaiceach.Is é an focal al-�awl bunús an fhocailBhéarla "ghoul" ar ghúl nó deamhan.

18

Séanadh: Ta na dlithe a bhaineann lehúsáid alcóil agus drugaí, a dtáirgeadh

agus a soláthar in Éirinn ilchasta, igcásanna áirithe ad dul siar na céadtabliain. Ba chóir go lorgófaí comhairle

dlithiúil i gconaí faoi eachtraí ar bhonngach cás ar leith. Ní comhairleoir dlí athiomsaigh an t-eolas a soláthraítearanseo agus is mar treoir amháin é.

Rannpháirtithe: Seirbhís Phobail Drugaí agus Alcóil Co. an Chláir, na Gárdaí

Page 9: Fócas ar Leith ar Úsáid Substaintí - SPHE | Welcome JOURNAL... · Ní féidir a shéanadh gur láidir iad na naisc idir oideachas agu sláinte - go háirithe i rith na leanbaíochta

Déanann alcól an corp a théamh Fíor Bréagach

Bíonn daoine níos cáirdiúla nuair a bhíonn siad ar meisce Fíor Bréagach

Táim inniúil chun tiomána i ndiaidh deoch amháin Fíor Bréagach

Níl beoir chomh meisciúil le saghasanna Fíor Bréagacheile deochanna meisciúla

Beidh mé go breá má ólaim neart uisce Fíor Bréagachsula dtéim a chodladh

Ní bhaineann sé liom má ólann Fíor Bréagachmo chairde an iomarca

Má athraíonn tú ó bheoir go fíon go biotáille Fíor Bréagachbeidh meisce níos mó ort

Cabhraíonn ceatheanna fuara, aer úr nó Fíor Bréagachcaifé te chun an mheisce a bhaint de dhuine

Ní bheidh meisce ort má itheann tú béile mór sula n-ólann tú Fíor Bréagach

(Freagraí thall)

Bain triail as an gQuizseo faoi Mhiotais anAlcóil le do rang

Page 10: Fócas ar Leith ar Úsáid Substaintí - SPHE | Welcome JOURNAL... · Ní féidir a shéanadh gur láidir iad na naisc idir oideachas agu sláinte - go háirithe i rith na leanbaíochta

Suirbhé ar Úsáid AlcóilGrúpa Bliana ____________ An Fireann□ nó Baineann□ tú?

1 Conas a ólann tú alcól de gnáth?□ Ní ólaim alcól□ Bolgam nó dhó amháin□ Go leor chun é a bhrath beagán□ Go leor chun é a bhrath go measartha□ Go dtí go mbraithim go mór é nó go mbím go mór ar meisce

2 Cé mhéad uair i do shaol ar thaistil tú i gcarr a bhí á thiomáint agduine a raibh alcól á ól aige?□ Riamh □ Uair amháin□ Dhá uair □ 3 – 6 huaire □ 7 n-uaire nó níos mó

3 An cuid is mó de na daoine óga a bhfuil aithne agat orthu agusa ólann alcól, conas a fhaigheann siad an t-alcól?(Cuir marc le gach ceann a oireann)

□ Ar scoil□ Ag cóisirí nó ócáidí taobh amuigh den scoil□ Ag a mbaile féin□ Ó dhaoine fásta i dtithe cairde□ Ó chairde nó ó dhéagóir eile□ Iarrann ar dhaoine fásta é a cheannach dóibh□ Ceannaíonn siad féin é in ollmhargadh,

in eischeadúnas nó i ngrósaeireacht□ I mbeáir, i gclubanna□ Eile□ Níl fhios agam

4 Le dhá mhí dhéag anuas ar labhair tú le ar a laghad duine amháinde do thuismitheoirí [nó caomhnóirí] faoi chontúirtí thobac, alcóilnó úsáid drugaí?□ Labhair □ Níor labhair

5 Le dhá mhí dhéag anuas ar chuala tú, ar léigh tú nó ar fhéach tuar theachtaireachtaí ar bith i dtaobh gan úsáid a bhaint as alcól,tobac nó drugaí?□ Sea □ Ní hea

Go raibh maith agat as an suirbhé seo a chomhlánú.Cóirithe ó

Shuirbhé Daltaí California 2007-2008

Suirbhé a chur ar siúl ar ScoilDeir Curaclam na Roinne Oideachais agus Eolaíochtado OSPS go gcaithfidh scoileanna riachtanais áitiúlaa chur san áireamh agus modúl Úsáid SubstaintíOSPS á phleanáil. Is féidir go mbeidh tionchar ag aneolas a bhailítear i suirbhéanna ar ábhar an mhodúilÚsáid Substaintí. Ba chóir i gcónaí gur ar bhonndeonach a bheadh daltaí rannpháirteach i suirbhé nascoile agus gur faoi rún a bpléifí le ceistneoirí.Seans gur gá a chinntiú an bhfuil toiliú tuismitheoiríriachtanach roimh tabhairt faoin suirbhé.

Is féidir le ragús óili rith na hógántachtadochar a dhéanamh

do dhá eochair-limistéarsan inchinn,an choirtéis

réamhthosaighatá freagrach as féin-rialú,

breithiúnas, réasúnú,réiteach fadhbanna agus

smachtú taighdagus an hippocampus

atá bainteach le foghlaimagus le cuimhne.

Is féidir leis an dámáisteseo a bheith fadtéarmach

agus do-athraithe.

Curtha in oiriúint ó"The Impact of Excessive

Alcohol Use on ProspectiveMemory: A Brief Review"

Current Drug Abuse Review.2008. 1. 36-41

Page 11: Fócas ar Leith ar Úsáid Substaintí - SPHE | Welcome JOURNAL... · Ní féidir a shéanadh gur láidir iad na naisc idir oideachas agu sláinte - go háirithe i rith na leanbaíochta

Déanann alcól an corp a théamh Fíor Bréagach

Airíonn an t-óltóir níos teo de bharr an alcóil mar is é is cúis le fuil teacht go dromchla an chraicinn.Nuair a tharlaíonn sé seo áfach, is amhlaidh go n-íslítear teocht an choirp mar cailltear teas dromchla.

Bíonn daoine níos cáirdiúla nuair a bhíonn siad ar meisce Fíor Bréagach

Cé gur féidir le roinnt daoine a bheith níos cáirdiúla agus iad ar meisce, bíonn daoine eile níos ionsaithí agus níosnaimhdí. Tá seans níos mó go mbeidh siad i mbun gníomhaíochta coiriúla, níos dúnbhásaithe, agus go ngníomhóidhsiad ar chlaonta féinmharfacha.

Táim inniúil chun tiomána i ndiaidh deoch amháin. Fíor Bréagach

Ag an teorainn dlithiúil óil bíonn seans trí huaire níos mó ag tiománaí 18 – 34 bliana a bheith gafa i dtuairteáil ná dámbeadh sé nó sí gan alcól ar bith a ól.

Níl beoir chomh meisciúil le saghasanna eile deochanna meisciúla. Fíor Bréagach

Tá thart ar dhá oiread an méid alcól i bpionta amháin beorach is atá i dtomhas amháin biotáille..

Beidh mé go breá má ólaim neart uisce sula dtéim a chodladh Fíor Bréagach

Is féidir le huisce comharthaí na póite a laghdú trí díhiodráitiú a chosc ach ní bheidh meisce níos lú ort dá bharr, nání chosnóidh sé d'ae ná na horgáin eile ó dhroch-éifeachtaí an alcóil.

Ní bhaineann sé liom má ólann mo chairde an iomarca. Fíor Bréagach

Tá tuairimí éagsúla faoi seo. Tá daoine ann a déarfadh go mbaineann sé leat cinnte más fíor-chara tú. Seans gur túan t-aon duine amháin atá in ann a chur ina luí ar do chara glacadh leis go bhfuil fadhb aige/aici agus cabhair a lorg.

Má athraíonn tú ó bheoir go fíon go biotáille beidh meisce níos mó ort. Fíor Bréagach

Má mheascann tú cineálacha éagsúla deochanna seans go gcuirfidh sé múisiam níos mó ort trí chur as do do bholg,ach ní bheidh meisce níos mó ort. Is alcól alcól.

Cabhraíonn ceathanna fuara, aer úr nó caifé te chun an mheisce a bhaint de dhuine. Fíor Bréagach

Ní bhainfidh aon rud seachas am alcól ón gcóras. Tógann sé thart ar uair an chloig ar an gcorp an t-alcól atá i ndeochamháin a dhíbirt. Bain triail as na "leigheasanna" seo agus is meisceoir fliuch, fuar i do lán-dhúiseacht a bheas ionat.

Ní bheidh meisce ort má itheann tú béile mór sula n-ólann tú. Fíor Bréagach

Ní dhéanann ól ar bholg lán ach moill a chur ar ionsú alcóil isteach i sruth na fola, ní choiscfidh sé é.

Freagraí ar an gQuizfaoi Mhiotas Alcóil

Page 12: Fócas ar Leith ar Úsáid Substaintí - SPHE | Welcome JOURNAL... · Ní féidir a shéanadh gur láidir iad na naisc idir oideachas agu sláinte - go háirithe i rith na leanbaíochta

Comhghairdeas leis na gasúir go léir a rugadh sna

Page 13: Fócas ar Leith ar Úsáid Substaintí - SPHE | Welcome JOURNAL... · Ní féidir a shéanadh gur láidir iad na naisc idir oideachas agu sláinte - go háirithe i rith na leanbaíochta

Cén Cineál Druga Mé? Ceacht Ranga Somplach

Cannabis Tobac Alcól Caiféin Hearóin Eacstais Cócaon Aspairín

Page 14: Fócas ar Leith ar Úsáid Substaintí - SPHE | Welcome JOURNAL... · Ní féidir a shéanadh gur láidir iad na naisc idir oideachas agu sláinte - go háirithe i rith na leanbaíochta

I gColáiste Chaisleán an Treoigh i gContae Luimní tá cúigear fear againn agmúineadh OSPS sa tSraith Shóisearach agus triúr fireannaigh ag múineadhScileanna Saoil do dhaltaí na Sraithe Sinsearaí. Thug fireannaigh na foirne anléargas seo a leanas ar mhúinteoir fireann OSPS.

PaulBainim taitneamh as 'bheith ag múineadh OSPS mar braithim go gcuirim aithne i bhfad níosfearr ar na daltaí. Is dóigh liom go mbíonn siad ar a suaimhneas níos mó i dtimpeallacht anOSPS agus bíonn dáimhiúlacht níos fearr acu leis an múinteoir. Cinnte tagann feabhas aran gcaidreamh fireannach-fireannach sa rang. Uaireanta bheinn in amhras faoin tuiscint atáagam ar roinnt de na ceisteanna a bhaineann le cúrsaí ban.

TrevorNí dóigh liom go bhfuil sé difriúil mórán d'fhir seachas do mhná a bheith ag múineadh OSPS.Tábuntáistí agus míbhuntáistí ag baint leis. Bíonn sé dúshlánach go leor daltaí a spreagadhar uaire. Braithim gurb é an bealach is éifeachtaí le dul i ngleic leis na daltaí úsáid a bhaint aséagsúlacht modheolaíochtaí agus 'bheith macánta leo. Uaireanta tagaim amach as an rangag ceapadh gur ceacht éifeachtach a bhí ann agus uaireanta eile ní tharlaíonn sé in aon chor.

LiamIs dóigh liom go bhfuil sé riachtanach go mbeadh idir fhir is mhná ag múineadh OSPS, goháirithe i scoil mheasctha. Is dóigh liom go dtugann sé seo cur chuige níos cothroime óthaobh curaclam a chlúdach agus modheolaíochtaí a mbaintear úsáid astu. Feiceannmúinteoirí fireannacha nithe ó thaobh na bhfear de agus dearann siad ceachtanna a bhfuilcothroime inscne ag baint leo. Braithim go dtéann OSPS mar ábhar go mór chun tairbhe nandaltaí, go háirithe lucht na céad bliana, mar go dtugtar i dtaithí ar thimpeallachtchomhbhách shábháilte iad.

DeclanCinnte ba chóir go mbeadh idir fhir is mhná ag múineadh OSPS i scoil mheasctha. Is dóighliom gur ceart go mbeadh deis ag daltaí múinteoirí fireanna is baineanna araon a bheith ámúineadh mar go gcloisfidh siad tuairimí difriúla uathu. Is é mo thaithí go bhfuil sétábhachtach a bheith oscailte agus macánta le daltaí; go minic éisteann siad níos fearr nuaira bhíonn tú ag plé le fíor-thaithí saoil a bhí agat féin.

PeterTá buntáistí agus míbhuntáistí ag baint le bheith i do mhúinteoir OSPS fireann i scoilmheasctha. Gan amhras, nuar a bhímid ag plé le modúil san Oideachas Caidrimh agusGnéasachta(OCG) bíonn dáimh agus ionbhá níos fearr agam leis na buachaillí sa rang agusis féidir liom tarraingt ar roinnt móimintí "pearsanta" chun faoiseamh éigin grinn a tharraingtisteach i scéal teannasach imníoch. Ar an taobh eile den scéal, bíonn sé beagán níos deacradomsa dearcadh mná aléiriú ar cheisteanna OCG. Mar shampla, ní bhraithim ar moshuaimhneas ag caint faoi mhíostrú os comhair an ranga, bíonn sé de nós agam é sin afhágáil don aoichainteoir.

Trevor Griffin, Declan Fitzgerald, Liam O'Mahonyand Stuart Borthwick

OIDEACHASÉIFEACHTACHDRUGAÍTosaigh roimh an am a gcrei-

dtear a thosaigh úsáid drugaí

Teigh i ngleic le guaiseanna,cothaigh tosca cosainteacha

Múinteoirí ranga / piar-cheannairí á threorú

Níl sé ag brath araoichainteoirí, ach baineannúsáid mhaith astu

Comhtháite le hoideachassláinte, forbairt phearsanta,ábha(i)r eile

Modhanna rannpháirtíocha:díospóireacht dhá-threo

Eolas ábhartha, cruinn asholáthar

Dírigh ar eolas, ar dhearcaidhagus ar thógáil scileanna

Dearfach, ag tógáil dearcaidhagus iompraíochtaí sláintiúla

Comhoiriúnaigh aois agusaibíocht daltaí

Cuir patrúin áitiúla úsáide sanáireamh

Spreag noirm réadúla

Curaclam bíseach

Deich seisiún ar a laghad,maraon le seisiúin threisithe

Dorn, N & Murji, K. (1992).

Drug Prevention: A Review of the English

Language Literature. London:

Institute for the Study of Drug Dependence

Riachtanais do OSPS

Page 15: Fócas ar Leith ar Úsáid Substaintí - SPHE | Welcome JOURNAL... · Ní féidir a shéanadh gur láidir iad na naisc idir oideachas agu sláinte - go háirithe i rith na leanbaíochta

Buachaillí na hIdirbliana ó Choláite Phobail Ros CréAr Chúl: Stephen Cullen, Michael Corbett, Conor Cleary, Seán Cleary, Marty Cleary and Edward Dwyer.Front Row: Francis Dollard, Barry Treacy, Dáire Brickley, Alan O'Brien, Darragh Shanahan

Page 16: Fócas ar Leith ar Úsáid Substaintí - SPHE | Welcome JOURNAL... · Ní féidir a shéanadh gur láidir iad na naisc idir oideachas agu sláinte - go háirithe i rith na leanbaíochta

Ádh mór ar John, Ancilla agus ar Áine

a d'fhág an tSeirbhís Thacaíochta i rith

na bliana seo caite.

Guímid dea-mhéin orthu agus

gabhaimid buíochas leo as a gcuidiú

suntasach do OSPS.John Lahiff,

Iar-chomhordaitheoir

Náisiúnta

Anne Potts

Oifigeach Forbartha

Réigiúnaí

Ancilla O’Reilly

OFR

//: BÍ SLÁN _ BÍ GRÉASÁN-GAOISEACH://

I Márta chuir an Roinn ciorclán chuig na scoileanna go léir

ag meabhrú dóibh go bhfuil dualgas orthu OCG Sraith

Shinsearach a mhúineadh, fiú ceal rang OSPS ar an

amchlár. Chun tacú le múinteoirí tá na Seirbhísí Tacaíochta

OCG agus OSPS ag obair leis an Ghníomhaireacht um

ThoirchisGhéarchéime agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse

Sláinte (FSS) chun DVD OCG agus pacáiste acmhainne

múinteoireachta don tSraith Shinsearach a fhorbairt.

Leanann an DVD scéal beirt ógánaigh – Mark agus Susan

– agus iad ag machnamh ar chaidrimh agus ar ghnéas.

Tá agallaimh le daltaí agus le saineolaithe agus giota ar

fhrithghiniúint agus ar ionfhabhtaithe gnéas-tarchurtha.

Ceadóidh na ceachtanna a ghabhann leis do mhúinteoirí

forbairt a dhéanamh ar na topaicí seo.

.

Tá aiseolas uait tábhachtach! Cuirimid fáilte roimh aiseolas ó dhaltaí, ó thuismitheoirí nó ó bhaill

foirne scoileanna. Más mian leat do thuairim nó moltaí a thabhairt, cuir ríomhphost chugainn le do

thoil chuig [email protected] nó sa phost chuig an Oifig Náisiúnta i Marino.

OSPS Iar-Bhunscoileanna, Institiúd Oideachais Marino, Ascail Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9

Fón (01) 805 7718 Facs (01) 853 5113 Ríomhphost [email protected] Gréasán www.sphe.ie

Nithe a Oibriú Amach trí OSPS

DVD chun Tacú le Múineadh OCG Sraith Shinsearach