20
...Pléimis gnó European Union European Regional Development Fund Údaráis Áitiúla Éireann Local Authorities Ireland Foirm Iarratais ar Dheontas Staidéar Féidearthachta Saoráil Faisnéise Ní scaoilfidh an Oifig Fiontair Áitiúil aon fhaisnéis a fhaightear mar chuid den iarratas seo ach amháin faoi cheangal dlí, lena n-áirítear an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014. Má fhaighimid iarraidh ar Shaoráil Faisnéise, cuirfimid ar an eolas thú fúithi ionas go mbeidh tréimhse réasúnach ama agat chun cur in aghaidh nochta, más mian leat déanamh amhlaidh. Cosaint Sonraí Déanfar aon fhaisnéis phearsanta a thugann tú dúinn a fháil agus a phróiseáil ar aon dul leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003. Bainfimid úsáid as an bhfaisnéis san fhoirm iarratais chun d’iarratas a phróiseáil agus le haghaidh cumarsáid leanúnach eadrainn. Tabhair faoi deara Má fhaigheann tú cúnamh deontais, cuirfear san áireamh thú sa liosta tairbhithe faoi Airteagal 115 (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 (Rialachán Forálacha Coiteanna). Nuashonrófar an liosta sin gach sé mhí agus is féidir rochtain a fháil air ar shuíomhanna Gréasáin na dTionól Réigiúnach.

Foirm Iarratais - Local Enterprise Eform... · Do cháilíochtaí (CV nó próifíl phearsanta) Deimhniú ar chúnamh deontais arna iarraidh ó ghníomhaireachtaí eile Deimhniú

  • Upload
    others

  • View
    0

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: Foirm Iarratais - Local Enterprise Eform... · Do cháilíochtaí (CV nó próifíl phearsanta) Deimhniú ar chúnamh deontais arna iarraidh ó ghníomhaireachtaí eile Deimhniú

...Pléimis gnó

European UnionEuropean RegionalDevelopment Fund

European UnionEuropean RegionalDevelopment Fund

European UnionEuropean RegionalDevelopment Fund

Údaráis Áitiúla Éireann Local Authorities Ireland

Foirm Iarrataisar Dheontas Staidéar Féidearthachta

Saoráil FaisnéiseNí scaoilfidh an Oifig Fiontair Áitiúil aon fhaisnéis a fhaightear mar chuid den iarratas seo ach amháin faoi cheangal dlí, lena n-áirítear an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014. Má fhaighimid iarraidh ar Shaoráil Faisnéise, cuirfimid ar an eolas thú fúithi ionas go mbeidh tréimhse réasúnach ama agat chun cur in aghaidh nochta, más mian leat déanamh amhlaidh.

Cosaint Sonraí

Déanfar aon fhaisnéis phearsanta a thugann tú dúinn a fháil agus a phróiseáil ar aon dul leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003. Bainfimid úsáid as an bhfaisnéis san fhoirm iarratais chun d’iarratas a phróiseáil agus le haghaidh cumarsáid leanúnach eadrainn.

Tabhair faoi deara

Má fhaigheann tú cúnamh deontais, cuirfear san áireamh thú sa liosta tairbhithe faoi Airteagal 115 (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 (Rialachán Forálacha Coiteanna). Nuashonrófar an liosta sin gach sé mhí agus is féidir rochtain a fháil air ar shuíomhanna Gréasáin na dTionól Réigiúnach.

Page 2: Foirm Iarratais - Local Enterprise Eform... · Do cháilíochtaí (CV nó próifíl phearsanta) Deimhniú ar chúnamh deontais arna iarraidh ó ghníomhaireachtaí eile Deimhniú

Conas a chabhraíonn Oifigí Fiontair Áitiúla le gnóthais ó thaobh an airgeadais de?

Is féidir le hOifigí Fiontair Áitiúla (LEOnna) cabhrú le fiontair nua agus fiontair atá ann cheana a bhunú agus a fhorbairt ar choinníoll go bhfuil an fiontar in ann a bheith inmharthana ó thaobh na tráchtála de. Is ann do chritéir eile le comhlíonadh agus tá siad liostaithe sna pointí urchair thíos.

Ní mór don fhiontar:

• gan níos mó ná deichniúr a bheith á bhfostú aige;

• bheith bunaithe agus cláraithe agus oibriú laistigh de limistéar na hOifige Fiontair Áitiúla;

• oibriú i réimse na tráchtála;

• a thaispeáint go bhfuil margadh ann le haghaidh an táirge nó na seirbhíse;

• acmhainneacht a bheith aige le haghaidh fáis i margaí intíre nó i margaí onnmhairiúcháin; agus

• acmhainneacht a bheith aige le haghaidh poist a chruthú gan dul i bhfeidhm ar ghnóthais áitiúla atá ann cheana.

Cad is Deontas Staidéar Féidearthachta ann?

Is é aidhm an Deontais Staidéar Féidearthachta ná cabhrú le cuideachtaí nuathionscanta agus le fiontraithe aonair maidir leis an gcostas a bhaineann le taighde a dhéanamh ar a ngnó beartaithe nó ar a smaoineamh gnó bheartaithe chun a fháil amach an mbeadh sé inmharthana agus inbhuanaithe nó nach mbeadh. Ba cheart go gcabhródh an staidéar leis an tionscnóir teacht ar chonclúidí cinnte faoina smaoineamh gnó agus go dtabharfadh sé dóibh an fhaisnéis a theastaíonn uathu chun plean gnó iomlán a dhréachtú. Breithneoidh Oifigí Fiontair Áitiúla deontais féidearthachta a dhámhachtain d’iarratasóirí a bhféadfadh a ngnó féideartha nua nó a seirbhís fhéideartha nua a bheith incháilithe le haghaidh iarratas a dhéanamh ar thuilleadh cúnamh deontais ón Oifig Fiontair Áitiúil má leantar ar aghaidh leis an ngnóthas.

Cé a fhéadann iarratas a dhéanamh ar Dheontas Staidéar Féidearthachta?

Ní fhéadann ach gnóthais nó daoine aonair a bheartaíonn a fhéideartha atá gnóthas in earnáil na déantúsaíochta nó in earnáil na seirbhísí a thrádáiltear go hidirnáisiúnta a scrúdú iarratas a dhéanamh.

Cad a chlúdaítear leis an Deontas Staidéar Féidearthachta?

Is é aidhm na nDeontas Staidéar Féidearthachta cabhrú leis an tionscnóir taighde a dhéanamh ar an éileamh margaidh ar tháirge nó ar sheirbhís agus a inbhuanaithe atá an táirge nó an tseirbhís sin a scrúdú. Cabhraíonn an deontas le costais nuálaíochta, lena n-áirítear sainriachtanais chomhairleachta, saineolaithe ó choláistí tríú leibhéal a fhostú, speisialtóirí príobháideacha, dearadh, costais phaitinne agus forbairt fréamhshamhla.

Féadfar caiteachas deontais a bhreithniú faoi na ceannteidil seo a leanas:

· Costais Taighde Margaidh – chun an tairiscint ghnó a fhorbairt

· Costais Chomhairleachta – lena n-áirítear táillí dearaidh, táillí ailtire agus táillí dlí

· Forbairt Theicniúil/Fréamhshamhail/Nuálaíocht – lena n-áirítear forbairt fréamhshamhla, dearadh nuálach, costais taighde agus comhairleacht coláiste tríú leibhéal

· Tuarastal/Taighde Shaothar an Iarratasóra Féin – áirítear le costais saothar an iarratasóra féin atá i gceist leis an Staidéar Féidearthachta a dhéanamh. Is é €400 sa tseachtain an tsuim uasta inmhuirearaithe, faoi réir an tsuim uasta iomlán gan a bheith níos mó ná 20% de tharraingt anuas an deontais iomláin.

· Costais Ilghnéitheacha – lena n-áirítear costais teileafóin, costais mhíleáiste ag €0.26 sa chiliméadar, costais chothaithe agus thar oíche, aerthaisteal agus mar sin de. Baineann costais sa chatagóir sin go sonrach le Deontais Féidearthachta. Ní féidir leis an tsuim uasta le haghaidh na gcostas sin a bheith níos mó ná 20% de leibhéal an deontais iomláin.

Conas a dhéanaim iarratas ar an deontas?

Más mian leat iarratas a dhéanamh ar Dheontas Staidéar Féidearthachta, beidh ort dul i dteagmháil leis an Oifig Fiontair Áitiúil is gaire duit. Déanfaidh sí measúnú ar cé acu atá tú incháilithe nó nach bhfuil. Agus iarratas á dhéanamh ar an deontas sin agat, ba cheart duit a thaispeáint:

• go bhfuil go leor réamhthaighde déanta agat chun a thabhairt le tuiscint go mbaineann fiúntas le staidéar féidearthachta iomlán; agus

• go bhfuil seans réasúnach ann go mbeadh acmhainneacht fhíor cruthú fostaíochta ag baint le smaoineamh gnó ar bith a d’eascródh as an staidéar.

Breithnítear iarratais ar bhonn cáis.

Ní mór d’aon duine nó d’aon ghnóthas ar mian leis iarratas a dhéanamh foirm iarratais shínithe agus chomhlánaithe ar Dheontas Staidéar Féidearthachta a chur isteach i dteannta na nithe seo:

Foirm Iarratais ar Dheontas Staidéar Féidearthachta | 2

Page 3: Foirm Iarratais - Local Enterprise Eform... · Do cháilíochtaí (CV nó próifíl phearsanta) Deimhniú ar chúnamh deontais arna iarraidh ó ghníomhaireachtaí eile Deimhniú

• CV (le haghaidh an phríomhiarratasóra),

• meastachán le haghaidh na bpríomhchostas,

• 3 mheastachán le haghaidh aon mhíre caiteachais ar mó a costas ná €5,000. (I gcás aon mhíre caiteachais ar lú a costas ná €5,000, teastaíonn meastachán amháin ó bhéal); agus

• na cuntais dheimhnithe is déanaí (i gcás gnóthais atá ann cheana).

Déan cinnte go bhfuil d’fhoirm iarratais comhlánaithe go hiomlán.

Cad a tharlaíonn tar éis d’iarratas a fháil?

Scríobhfaidh d’Oifig Fiontair Áitiúil chugat lena admháil go bhfuarthas d’iarratas agus buailfidh feidhmeannach ón Oifig Fiontair Áitiúil leat chun é a phlé. Is féidir go n-iarrfar ort tuilleadh faisnéise a chur ar fáil.

Tar éis don Oifig Fiontair Áitiúil an fhaisnéis ar fad a theastaíonn uaithi a fháil, measfar d’iarratas ag an gcéad chruinniú eile de chuid Choiste Meastóireachta agus Ceaduithe na hOifige Fiontair Áitiúil. Tabharfar eolas i scríbhinn duit faoin gcinneadh ansin.

Tabhair faoi deara nach ionann cur isteach d’iarratais ná an admháil oifigiúil go bhfuarthas d’iarratas agus léiriú gurb incháilithe atá an t-iarratas nó go ndámhfar cúnamh deontais dó. Is é an Coiste Meastóireachta agus Ceaduithe de chuid na hOifige Fiontair Áitiúla a dhéanfaidh an cinneadh deiridh ar cé acu a dhámhfar cúnamh deontais nó nach ndámhfar.

Féach www.localenterprise.ie chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na tacaí airgeadais atá ar fáil ón Oifig Fiontair Áitiúil, faisnéis faoi incháilitheacht san áireamh.

Cén uair a bheidh mé in ann rochtain a fháil ar na cistí deontais?

Má cheadaítear d’iarratas, beidh tú in ann do chistiú a tharraingt anuas tar éis duit fianaise ar an gcaiteachas a chur isteach. Caithfear cistiú ar bith a cheadaítear a éileamh laistigh de 12 mhí ón dáta ceadaithe.

Is é 50%/60% de do chaiteachas incháilithe nó €15,000, cibé acu is lú, an Deontas Staidéar Féidearthachta uasta atá iníoctha. Tabhair faoi deara gurb ionann agus 60% an deontas i Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair agus gurb ionann é agus 50% i ngach réigiún eile.

Chun aon chúnamh airgeadais a cheadaítear a éileamh, ní mór duit na nithe seo a leanas a chur isteach:

• glacadh sínithe leis an tairiscint

• sonraisc bhunaidh

• fianaise ar íocaíocht

• Tuarascáil scríofa ar an staidéar féidearthachta

• Deimhniú iniúchóra (más gá)

• foirm éilimh

• deimhniú imréitigh cánach bailí reatha

• aon doiciméid eile, faoi mar atá leagtha amach sa litir thairisceana

Tabhair faoi deara go bhfuil deimhniú imréitigh cánach bailí reatha ag teastáil chun deontas a éileamh. Tabhair faoi deara freisin nach ceadmhach duit an deontas a úsáid chun íoc as caiteachas ar bith a tabhaíodh sula ndearna tú an t-iarratas.

Cad is cúnamh De Minimis ann?

Cuirtear Deontais Staidéar Féidearthachta ar fáil faoin Rialachán ón gCoimisiún Eorpach maidir le cúnamh De Minimis. Is é is cúnamh De Minimis ann ná suimeanna teoranta de Státchabhair dar luach €200,000 ar a mhéad don aon fhiontar amháin in aon tréimhse trí bliana. Meastar cúnamh De Minimis a bheith róbheag maidir le tionchar suntasach a imirt ar thrádáil nó ar iomaíocht sa chómhargadh. Meastar suimeanna na ndeontas a bheith lasmuigh den chatagóir um Státchabhair, rud a thoirmisctear leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, féadfar iad a dhámhachtain gan sin a tharchur chuig an gCoimisiún Eorpach.

Mar sin féin, ní mór do Bhallstát cúnamh De Minimis a rianú agus a chinntiú go ndéanann íocaíochtaí comhcheangailte cúnaimh a dhéantar ó na foinsí uile leis an aon fhiontar amháin in aon tréimhse trí bliana cloí leis an uasteorainn €200,000.

Dá bhrí sin, ní mór duit sonraí a chur ar fáil faoin gcúnamh deontais ar fad eile a dámhadh duit nó a dámhadh do do chuideachta le trí bliana anuas. Tabhair faoi deara go bhféadfadh go mbeadh ort an cúnamh deontais a aisíoc mar aon le hús má dhéanann tú dearbhú bréagach chun críche figiúr faoin tairseach €200,000 a thaispeáint.

Foirm Iarratais ar Dheontas Staidéar Féidearthachta | 3

Page 4: Foirm Iarratais - Local Enterprise Eform... · Do cháilíochtaí (CV nó próifíl phearsanta) Deimhniú ar chúnamh deontais arna iarraidh ó ghníomhaireachtaí eile Deimhniú

Seicliosta iarratais

Foirm iarratais a bheith comhlánaithe

Iarratas a bheith sínithe agus dátaithe

Trí mheastachán le haghaidh trealaimh a bhfuiltear ag iarraidh cúnamh deontais ina leith (i gcás caiteachas ar bith a mheastar a bheith níos mó ná €5,000)

Na Cuntais Dheimhnithe is déanaí má táthar i mbun gnó cheana féin (ní mór cuntais bhainistíochta a chur ar fáil i gcás gnóthas atá i mbun trádála ar feadh níos lú ná 18 mí)

Deimhniú Corpraithe, Uimhir CRO nó Deimhniú Clárúcháin Ainm Gnó, más ann

Fianaise ar an bhfáil ar chistiú meaitseála ó d’acmhainní féin, ó infheisteoir(í) nó ó mhaoiniú iasachta

Do cháilíochtaí (CV nó próifíl phearsanta)

Deimhniú ar chúnamh deontais arna iarraidh ó ghníomhaireachtaí eile

Deimhniú Imréitigh Cánach

Ná déan dearmad - má fhaighimid an fhaisnéis ar fad a theastaíonn uainn, beimid in ann d’iarratas a phróiseáil níos tapa. Tiocfaidh moilleanna as faisnéis neamhiomlán.

Foirm Iarratais ar Dheontas Staidéar Féidearthachta

Foirm Iarratais ar Dheontas Staidéar Féidearthachta | 4

Page 5: Foirm Iarratais - Local Enterprise Eform... · Do cháilíochtaí (CV nó próifíl phearsanta) Deimhniú ar chúnamh deontais arna iarraidh ó ghníomhaireachtaí eile Deimhniú

1. Sonraí teagmhála

Sonraí teagmhála an phríomhiarratasóra

Ainm(neacha):

Ainm an ghnóthais: (Cuideachta Theoranta nó ag trádáil mar)

Seoladh cláraithe an ghnóthais

Seoladh baile

Uimhreacha teileafóin Fón póca: Líne thalún:

Seoladh ríomhphoist

Suíomh Gréasáin

Facebook

Twitter

Ardáin eile mheán sóisialta (tabhair sonraí)

Stádas reatha an iarratasóra/na n-iarratasóirí: Cuir tic leis an mbosca cuí

Ainm(neacha) Féinfhostaithe Fostaithe Dífhostaithe Oiliúint/oideachas

Foirm Iarratais ar Dheontas Staidéar Féidearthachta

Foirm Iarratais ar Dheontas Staidéar Féidearthachta | 5

Page 6: Foirm Iarratais - Local Enterprise Eform... · Do cháilíochtaí (CV nó próifíl phearsanta) Deimhniú ar chúnamh deontais arna iarraidh ó ghníomhaireachtaí eile Deimhniú

2. Sonraí na cuideachta (má bhaineann)

Réamh-nuathionscanta Nuathionscanta - níos lú ná 18 mí ó shin

Dáta tosaigh na trádála, má táthar i mbun gnó cheana féin:

Cineál an ghnó:

Cuir tic leis an gcolún cuí agus cuir Uimhir Chláraithe Gnó nó Uimhir CRO ar fáil, má bhaineann

Trádálaí Aonair/Duine Aonair

Comhpháirtíocht

Cuideachta Theoranta

Eile (tabhair sonraí)

Más Cuideachta Theoranta atá san iarratasóir, comhlánaigh an chuid thíos

I gcás Cuideachta Theoranta, liostaigh na stiúrthóirí uile agus céatadán na scairsheilbhe

Ainm agus seoladh baile an stiúrthóra

(1)

(2)

(3)

Céatadán na scairsheilbhe

Uimhir Chánach na Cuideachta

Foirm Iarratais ar Dheontas Staidéar Féidearthachta

Foirm Iarratais ar Dheontas Staidéar Féidearthachta | 6

Page 7: Foirm Iarratais - Local Enterprise Eform... · Do cháilíochtaí (CV nó próifíl phearsanta) Deimhniú ar chúnamh deontais arna iarraidh ó ghníomhaireachtaí eile Deimhniú

3. Cúlra/cáilíochtaí agus taithí an iarratasóra

Tabhair taithí agus cáilíochtaí ábhartha gach duine de na tionscnóirí a bhfuil baint acu leis an ngnóthas. (Tá fáilte romhat formáid pointí urchair a úsáid.)

Cuir oideachas scoile / oideachas iar-bhunoideachais, oiliúint eile, stair oibre agus stair féinfhostaíochta (má bhaineann) san áireamh.

Oideachas/oiliúint

Taithí ábhartha ghnó: (150 focal ar a laghad)

Foirm Iarratais ar Dheontas Staidéar Féidearthachta

Foirm Iarratais ar Dheontas Staidéar Féidearthachta | 7

Page 8: Foirm Iarratais - Local Enterprise Eform... · Do cháilíochtaí (CV nó próifíl phearsanta) Deimhniú ar chúnamh deontais arna iarraidh ó ghníomhaireachtaí eile Deimhniú

4. Sonraí an ghnóthais (má bhaineann) Má tá tú i mbun gnóthais atá ann cheana, tabhair sonraí - mar shampla, láthair, táirgí a sholáthraítear agus seirbhísí a thairgtear, margaí a bhfreastalaítear orthu, príomhchustaiméirí, líon fostaithe agus mar sin de.

Foirm Iarratais ar Dheontas Staidéar Féidearthachta

Foirm Iarratais ar Dheontas Staidéar Féidearthachta | 8

Page 9: Foirm Iarratais - Local Enterprise Eform... · Do cháilíochtaí (CV nó próifíl phearsanta) Deimhniú ar chúnamh deontais arna iarraidh ó ghníomhaireachtaí eile Deimhniú

5. Sonraí faoin earnáil ina bhfuil an tionscadal

Cén cineál gnó a bhfuil baint agat leis nó a bhfuil súil agat baint a bheith agat leis?*

(Cuir tic leis na cineálacha go léir atá i gceist agus tabhair sonraí sa bhosca faoin liosta seo.)

Seirbhísí a chuirtear ar fáil do ghnóthais eile

Éadach/faisean a dhearadh agus a dhéanamh

Meáin dhigiteacha, cumarsáid gan sreang, leathanbhanda, beochan, ríomhfhoghlaim, meáin agus siam-saíocht

Seirbhísí a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí eile nó don phobal i gcoitinne

Táirgí ceardaíochta a dhéanamh

Comhpháirteanna a dhéanamh/fosholáthar

Déantúsaíocht aerspáis, innealra talmhaíochta, innealra uathghluaisneach, umair agus soithí, déanamh uirlisí agus plaistic

Seirbhísí/táirgí comhshaoil agus teicneolaíochtaí glasa a dhéanamh agus a sheachadadh

Bia a dhéanamh agus a phróiseáil

Táirgí éadroma tomhaltais a dhéanamh

Feistí leighis a dhéanamh

Déantúsaíocht eile nach rangaítear thuas

Pacáistiú a dhéanamh

Bogearraí agus seirbhísí TF a fhorbairt agus a sheachadadh

Ríomhthráchtáil

Déan cur síos ar an smaoineamh gnó a bhfuil taighde á dhéanamh agat air tríd an staidéar féidearthachta.

Foirm Iarratais ar Dheontas Staidéar Féidearthachta

Foirm Iarratais ar Dheontas Staidéar Féidearthachta | 9

Page 10: Foirm Iarratais - Local Enterprise Eform... · Do cháilíochtaí (CV nó próifíl phearsanta) Deimhniú ar chúnamh deontais arna iarraidh ó ghníomhaireachtaí eile Deimhniú

6. Faisnéis arna bailiú go dtí seo

Tabhair faisnéis anseo faoina bhfuil déanta agat go dtí seo. Cuir san áireamh na nithe atá faighte amach agat maidir le méid an mhargaidh, le fás, le treochtaí, le hiomaitheoirí, le straitéis mhargaíochta agus mar sin de.

7. Sonraí an togra - raon an staidéir

Déan cur síos ar an táirge nó ar an tseirbhís ar a bhfuil taighde á dhéanamh agat agus luaigh cén fáth ar mian leat é/í a scrúdú mar smaoineamh gnó.

Foirm Iarratais ar Dheontas Staidéar Féidearthachta

Foirm Iarratais ar Dheontas Staidéar Féidearthachta | 10

Page 11: Foirm Iarratais - Local Enterprise Eform... · Do cháilíochtaí (CV nó próifíl phearsanta) Deimhniú ar chúnamh deontais arna iarraidh ó ghníomhaireachtaí eile Deimhniú

8. Clár beartaithe oibre agus amscála beartaithe

Tabhair sonraí faoi na tascanna agus na gníomhaíochtaí a dhéanfar mar chuid den staidéar. Luaigh freisin do dháta tosaigh ionchais, do mhodheolaíocht agus d’amscála foriomlán le haghaidh na hoibre:

9. Acmhainneacht mheasta fostaíochta má leanann an tionscadal ar aghaidh

Tabhair sonraí faoi na tascanna agus na gníomhaíochtaí a dhéanfar mar chuid den staidéar. Luaigh freisin do dháta tosaigh ionchais, do mhodheolaíocht agus d’amscála foriomlán le haghaidh na hoibre:

Fostaíocht Reatha (más gnóthas reatha atá ann)

Lánaimseartha Páirtaimseartha

Fir

Mná

Iomlán

Potential Year 1 if the project go ahead

Lánaimseartha Páirtaimseartha

Iomlán

Foirm Iarratais ar Dheontas Staidéar Féidearthachta

Foirm Iarratais ar Dheontas Staidéar Féidearthachta | 11

Page 12: Foirm Iarratais - Local Enterprise Eform... · Do cháilíochtaí (CV nó próifíl phearsanta) Deimhniú ar chúnamh deontais arna iarraidh ó ghníomhaireachtaí eile Deimhniú

10. Tosca tábhachtacha ratha

Cé na tosca nach mór aghaidh a thabhairt orthu? Mar shampla, teicneolaíocht; ceadúnú; margadh; maoiniú; caighdeáin cháilíochta; scileanna; maoin intleachtúil; brandáil; forbairt/dearadh fréamhshamhla agus mar sin de.

11. Cé a dhéanfaidh an obair?

Luaigh cáilíochtaí agus taithí ábhartha an taighdeora/na dtaighdeoirí. Tabhair cóip de thograí ó sholáthraithe ina leagtar amach raon na hoibre a dhéanfar agus an mhodheolaíocht bheartaithe.

Foirm Iarratais ar Dheontas Staidéar Féidearthachta

Foirm Iarratais ar Dheontas Staidéar Féidearthachta | 12

Page 13: Foirm Iarratais - Local Enterprise Eform... · Do cháilíochtaí (CV nó próifíl phearsanta) Deimhniú ar chúnamh deontais arna iarraidh ó ghníomhaireachtaí eile Deimhniú

12. Costais infheistíochta*

Sonraí Deontais

Caiteachas measta - tabhair breac-chuntas air thíos € gan CBL a

áireamh

Taighde margaidhCuir costais a tabhaíodh san áireamh chun an tairiscint ghnó a bhailíochtú - is costais tríú páirtí iad sin

Costais chomhairleachta(D’fhéadfadh táillí dearaidh táirge/seirbhíse a bheith i gceist leo)

Forbairt theicniúil/fréamhshamhail/costais nuálaíochtaCuir san áireamh costais a bhaineann le forbairt fréamhshamhla agus costais dearaidh nuálaíochta

Tuarastal/saothar an iarratasóra féin Is iad sin costais shaothar an iarratasóra féin atá bainteach leis an tionscadal. Is é €400 sa tseachtain an tsuim uasta. Is é 20% den iomlán atá ceadaithe nó atá tarraingthe anuas, cibé acu is lú, an tsuim uasta is féidir a leithdháileadh le haghaidh na catagóire sin.

Costais ilghnéitheachaD’áireofaí leo sin teileafón, mótarthaisteal ag 26c ar a mhéad sa chiliméadar, costais aerthaistil, cothú thar oíche ag €50 ar a mhéad san oíche. Is é 20% den iomlán atá ceadaithe nó atá tarraingthe anuas, cibé acu is lú, an tsuim uasta is féidir a leithdháileadh le haghaidh na catagóire sin.

Costas measta iomlán an staidéir féidearthachta

Tabhair faoi deara: más mó ná €5,000 ceann ar bith de na costais aonair thuas, tabhair trí mheastachán le haghaidh gach míre den saghas sin.

Foirm Iarratais ar Dheontas Staidéar Féidearthachta

Foirm Iarratais ar Dheontas Staidéar Féidearthachta | 13

Page 14: Foirm Iarratais - Local Enterprise Eform... · Do cháilíochtaí (CV nó próifíl phearsanta) Deimhniú ar chúnamh deontais arna iarraidh ó ghníomhaireachtaí eile Deimhniú

Conas a bheartaíonn tú an staidéar a chistiú?* Comhlánaigh an miondealú atá curtha i láthair anseo.

Infheistíocht sa tionscadal ó acmhainní an iarratasóra é féin**

Foinsí eile - tabhair breac-chuntas orthu

Suim an chúnaimh dheontais atáthar ag iar-raidh (60% ar a mhéad i Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair; 50% ar a mhéad in áiteanna eile)* Is é €15,000 an deontas uasta atá ar fáil

Costas measta iomlán an staidéir/an tion-scadail (d’infheistíocht féin san áireamh) €

* Féach na nótaí treorach nó an rannán um Thacaí Airgeadais ar www.localenterprise.ie/, áit a dtugtar breac-chuntas ar incháilitheacht le haghaidh cúnamh deontais, ar theorainneacha leis an tacaíocht ar fáil agus ar choinníollacha a ghabhann le cúnamh deontais agus mar sin de.

** Tabhair fianaise ar an bhfáil ar chistiú meaitseála ó d’acmhainní féin agus/nó ó mhaoiniú iasachta.

Tabhair faoi deara nach bhféadfar cúnamh deontais a éileamh, má cheadaítear é, ach ar bhonn caiteachas deimhnithe.

Foirm Iarratais ar Dheontas Staidéar Féidearthachta

Foirm Iarratais ar Dheontas Staidéar Féidearthachta | 14

Page 15: Foirm Iarratais - Local Enterprise Eform... · Do cháilíochtaí (CV nó próifíl phearsanta) Deimhniú ar chúnamh deontais arna iarraidh ó ghníomhaireachtaí eile Deimhniú

13. Faisnéis ábhartha eile

a) Tabhair anseo aon fhaisnéis eile a chuirfidh le d’iarratas, dar leat. Mar shampla, cruthú fostaíochta, tairbhí geilleagracha maidir le Taighde agus Forbairt, acmhainneacht onnmhairiúcháin, allmhairí laghdaithe, breisluach agus mar sin de.

b) Costas a tabhaíodh go dtí seo, más ann:

c) Ar phléigh tú an togra seo le gníomhaireacht ar bith eile? Má phléigh, tabhair sonraí, freagra na gníomhaireachta eile san áireamh. (Mar shampla, ar smaoinigh tú riamh ar iarratas a dhéanamh ar Dhearbhán Nuálaíochta ó Fhiontraíocht Éireann le haghaidh na hoibre céanna?)

Foirm Iarratais ar Dheontas Staidéar Féidearthachta

Foirm Iarratais ar Dheontas Staidéar Féidearthachta | 15

Page 16: Foirm Iarratais - Local Enterprise Eform... · Do cháilíochtaí (CV nó próifíl phearsanta) Deimhniú ar chúnamh deontais arna iarraidh ó ghníomhaireachtaí eile Deimhniú

14. Stair dheontais

a) An bhfuil sé amhlaidh go leanfaidh an tionscadal seo ar aghaidh mar atá beartaithe d’uireasa cúnamh deontais?

Tá Níl

b) Dearbhú Cúnamh De Minimis - tacaíocht Stáit roimhe sin (más ann)

An bhfuil aon tacaí eile Stáit nó aon tacaí eile AE ó ghníomhaireachtaí ar bith eile faighte ag an ngnóthas nó ag duine ar bith dá thionscnóirí roimhe seo?

Tá Níl

Más é ‘Tá’ an freagra a thug tú ar an gceist thuas, tabhair sonraí, lena n-áirítear dáta, suim agus cuspóir na tacaíochta:

Cúnamh De Minimis Gníomhaireacht Suim € Dáta

Cineál cúnaimh arna cheadú (mar shampla, dearbhán oiliúna / nuálaíochta / deontais síolchaipitil / staidéar féidearthachta / chaipitil / fostaíochta nó eile)

Iomlán:

Is é is Cúnamh De Minimis ann ná suimeanna beaga de Státchabhair a thugtar d’fhiontar. Ní féidir leis a bheith os cionn €200,000 do ghnóthas ar bith i dtréimhse trí bliana fioscacha, beag beann ar mhéid agus ar láthair.

Is féidir le ceann ar bith de na comhlachtaí, na gníomhaireachtaí agus na ranna Stáit Cúnamh De Minimis a thabhairt. Má tá cuideachta ina cuid de ghrúpa, beidh feidhm ag an teorainn €200,000 maidir leis an ngrúpa.

Tabhair faoi deara go bhféadfadh go mbeadh ort an cúnamh deontais a aisíoc mar aon le hús má dhéanann tú dearbhú bréagach chun críche figiúr faoin tairseach €200,000 a thaispeáint.

Foirm Iarratais ar Dheontas Staidéar Féidearthachta

Foirm Iarratais ar Dheontas Staidéar Féidearthachta | 16

Page 17: Foirm Iarratais - Local Enterprise Eform... · Do cháilíochtaí (CV nó próifíl phearsanta) Deimhniú ar chúnamh deontais arna iarraidh ó ghníomhaireachtaí eile Deimhniú

15. Faisnéis Bhreise

a) An bhfuil tacaíocht Leasa Shóisialaigh á fáil agat i leith d’fhosaíochta féin nó fhostaíocht d’fhostaí nó an bhfuil sé beartaithe agat iarratas a dhéanamh uirthi ina leith sin?

Tá Níl

b) Caithfear an t-iarratas seo a chur faoi bhráid comhlachtaí eile (ar bhonn rúnda) mar chuid de nós imeachta próiseála na nOifigí Fiontair Áitiúla. An bhfuil sé amhlaidh go n-aontaíonn tú leis sin?

Tá Níl

c) An bhfuil sé amhlaidh go n-aontaíonn tú le faisnéis ón Oifig Fiontair Áitiúil a fháil ar bhonn leanúnach?

Tá Níl

d) An bhfuil tú (nó an chuideachta) cláraithe le haghaidh CBL?

Tá Níl

Foirm Iarratais ar Dheontas Staidéar Féidearthachta

Foirm Iarratais ar Dheontas Staidéar Féidearthachta | 17

Page 18: Foirm Iarratais - Local Enterprise Eform... · Do cháilíochtaí (CV nó próifíl phearsanta) Deimhniú ar chúnamh deontais arna iarraidh ó ghníomhaireachtaí eile Deimhniú

16. Síniú

Dearbhaímse gur fíor agus cruinn atá na sonraí a thugtar san iarratas seo mar aon le faisnéis fhorlíontach ar bith a sholáthraítear.

Sínigh anseo:

Ainm:

Dáta:

Sínigh an Fhoirm Iarratais seo agus seol ar ais í chuig an Oifig Fiontair Áitiúil.

See www.localenterprise.ie for contact details

Úsáid Inmheánach Amháin

Tag. an Chomhaid

Dáta ar a bhFuarthas an tIarratas

Earnáil

Cód NACE

Cód GMIS

Feidhmeannach

Foirm Iarratais ar Dheontas Staidéar Féidearthachta

Foirm Iarratais ar Dheontas Staidéar Féidearthachta | 18

Page 19: Foirm Iarratais - Local Enterprise Eform... · Do cháilíochtaí (CV nó próifíl phearsanta) Deimhniú ar chúnamh deontais arna iarraidh ó ghníomhaireachtaí eile Deimhniú
Page 20: Foirm Iarratais - Local Enterprise Eform... · Do cháilíochtaí (CV nó próifíl phearsanta) Deimhniú ar chúnamh deontais arna iarraidh ó ghníomhaireachtaí eile Deimhniú

Sonraí teagmhála

localenterprise.ie

European UnionEuropean RegionalDevelopment Fund

European UnionEuropean RegionalDevelopment Fund

European UnionEuropean RegionalDevelopment Fund

Údaráis Áitiúla Éireann Local Authorities Ireland