28
Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 CISTE NA NDÉANMHAS I MBAOL CIORCLÁN SRF/2015 Eanáir 2015

CISTE NA NDÉANMHAS I MBAOL CIORCLÁN SRF/2015 · 2018-08-16 · Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais 1 1. Cúlra agus Cuspóir Chiste na nDéanmhas i mBaol Is éard

  • Upload
    others

  • View
    4

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: CISTE NA NDÉANMHAS I MBAOL CIORCLÁN SRF/2015 · 2018-08-16 · Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais 1 1. Cúlra agus Cuspóir Chiste na nDéanmhas i mBaol Is éard

Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015

CISTE NA NDÉANMHAS I MBAOL

CIORCLÁN SRF/2015

Eanáir 2015

Page 2: CISTE NA NDÉANMHAS I MBAOL CIORCLÁN SRF/2015 · 2018-08-16 · Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais 1 1. Cúlra agus Cuspóir Chiste na nDéanmhas i mBaol Is éard

Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais

Clár Ábhair

1. Cúlra agus Cuspóir Chiste na nDéanmhas i mBaol 1

2. Cáilitheacht, Oibreacha Cáilithíocha agus Neamh-Cháilithíocha 2

3. An Próiseas Iarratais 4

4. Nótaí Treorach maidir leis an Ráiteas Modha 6

5. Iarratais a Dhéanamh 7

6. An Próiseas Measúnaithe 8

7. Maoiniú a Aisghabháil 9

8. Faisnéis Ghinearálta 10

Foirmeacha Foirm A Foirm Iarratais Foirm B Foirm Aisghabhála Éilimh

Giorrúcháin LCA Limistéar Caomhnaithe Ailtireachta OCA Oifigeach Caomhantais Ailtireachta REOG An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta RCPRA An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil ÚA Údarás Áitiúil AEOG An tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta TSC Taifead ar Struchtúir Chosanta Ciste Struchtúir i mBaol 2015 SRF

Ciorclán SRF/2015

Page 3: CISTE NA NDÉANMHAS I MBAOL CIORCLÁN SRF/2015 · 2018-08-16 · Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais 1 1. Cúlra agus Cuspóir Chiste na nDéanmhas i mBaol Is éard

Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais

1

1. Cúlra agus Cuspóir Chiste na nDéanmhas i mBaol

Is éard atá sa treoir seo eolas d'údaráis áitiúla maidir le hoibriú agus riar Chiste na nDéanmhas i mBaol 2015.

1.1 Cúlra:

In 2011, bhunaigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (REOG) Ciste na nDéanmhas i mBaol (SRF) de bhrí gur cuireadh an Scéim Deontais Chaomhantais maidir le Déanmhais Chathartha agus an Scéim Deontais Chaomhantais Údaráis Áitiúil ar fionraí, mar gheall ar shriantacht bhuiséid. Bhí an SRF á reáchtáil go dtí 2013.

In 2015 bhunaigh REOG an SRF an athuair agus bhí maoiniú luach €624,000 ar fáil. Ó tharla nach bhfuil ach

acmhainní teoranta caipitil ar fáil d'oibriú SRF in 2015, ní dhéanfaidh REOG measúnú ar níos mó ná 2 iarratas ó gach údarás áitiúil (ÚÁ), a bhféadfaí foirgneamh amháin faoi úinéireacht phoiblí a áireamh ann.

Ní sháróidh luach iomlán an mhaoinithe a bheidh ar fáil go gach tionscadal aonair 80% de chostas iomlán an

tionscadail. Beidh an t-íosleibhéal maoinithe a bheidh ar fáil faoi SRF cothrom le €15,000 agus is é an t-

uasmhéid deontas ar fiú €60,000.

Cuirfidh REOG comhairle ar an Aire maidir le hiarratais a bhfuil cúnamh á lorg acu faoi SRF.

Ról na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta

Tá príomhréimsí freagrachta na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le hoidhreacht thógtha dírithe

ar bheartais agus ar reachtaíocht a fhorbairt, a chur chun cinn agus a chur i bhfeidhm chun an oidhreacht thógtha

a chosaint agus chun dea-chleachtas caomhantais a chur chun cinn.

Mar atá sonraithe sna hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt agus Rialacháin bainteach leo, feidhmíonn

REOG thar ceann an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (AEOG) agus é i mbun a chuid dualgas

mar chomhlacht forordaithe chun críocha cosaint na hoidhreachta ailtireachta, mar aon le ról mórán mar

a chéile a sholáthar i ndáil le cosaint na hoidhreachta sheandálaíochta agus nádúrtha.

Is iad na húinéirí agus áititheoirí príomhchoimeádaithe na struchtúr, atá á gcosaint faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, agus tá siadsan, i dteannta leis na húdaráis phleanála, freagrach as cosaint na struchtúr.

1.2 Scóip an Chiste: Is é atá mar aidhm le SRF an baol a bhaineann le meath oidhreacht ailtireachta na hÉireann a laghdú agus san am céanna tacú le fostaíocht a chruthú do ghairmithe caomhantais, conraitheoirí agus speisialtóirí. Is ann don chiste le tacú le húinéirí/áititheoirí lena dtiomantas fadtréimhseach do thodhchaí na hoidhreachta ailtireachta a chosaint. Dá réir sin, is ionann SRF agus modh chun tosaíocht a thabhairt do mhaoiniú d'fhonn a chinntiú go bhfuil airgead á chaitheamh ar an mbealach is éifeachtaí agus is féidir ar ghnéithe leochaileacha d'oidhreacht ailtireachta na hÉireann.

Is ann do SRF le cabhrú le hoibreacha atá dírithe ar struchtúir a chosaint sa todhchaí - struchtúir chosanta faoi Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú) sa chás go bhfuil, de réir thuairim REOG, géarghá le hoibreacha ar a leithéid de struchtúir agus léiriú a bheith tugtha ar an ngéarghá sin. I gcásanna áirithe, tá an scéim ar fáil do chaomhnú struchtúr laistigh de Limistéir Chaomhantais Ailtireachta (LCAanna) sa chás, gurb é tuairim REOG, gur léir gá a bheith le hoibreacha chun carachtar agus dreach LCA a fheabhsú.

Ní bheidh ach struchtúir atá i mbaol suntasach meatha i láthair na huaire cáilithe lena mbreithniú do mhaoiniú ó REOG. Ní ann do SRF chun cabhrú le cothabháil, athruithe nó feabhsúcháin laethúla a dhéanamh. Ní mór ná gur oibreacha caipitiúla iad na hoibreacha go léir a chuirtear i gcrích faoi SRF.

Page 4: CISTE NA NDÉANMHAS I MBAOL CIORCLÁN SRF/2015 · 2018-08-16 · Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais 1 1. Cúlra agus Cuspóir Chiste na nDéanmhas i mBaol Is éard

Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais

2

2. Cáilitheacht, Oibreacha Cáilitheacha agus Neamhcháilitheacha

2.1 Cineálacha na Struchtúr atá cáilithe: Seo a leanas catagóirí na struchtúr atá cáilithe chun cúnamh a fháil:

Struchtúir Chosanta i.e. na struchtúir sin atá luaite i dTaifead ar Struchtúir Chosanta (TSC) gach údarás pleanála; 1 Struchtúir Chosanta Bheartaithe i.e. na struchtúir atá beartaithe a chur san áireamh in RPS gach údarás pleanála ach nach bhfuil ceadaithe go foirmiúil lena gcur san áireamh go fóill. Ní mór gach struchtúr cosanta beartaithe a bhfuil maoiniú bronnta air faoin scéim seo a chuir leis an TSC faoin 31ú Nollaig 2015; Struchtúir i Limistéir Chaomhantais Ailtireachta (LCAanna), sa chás go measann an Roinn imthosca eisceachtúla a bheith i gceist.

2.3 I measc Oibreacha Cáilitheachta áirítear: Díonta: Oibreacha chun cobhsaíocht struchtúrtha agus/nó doichte aimsire imchlúdach foirgnimh a chinntiú trí ábhair agus mionsonraí cuí a úsáid; ba chóir tosaíocht a thabhairt do tarrthálas agus sclátaí atá ann cheana féin agus ábhair eile ón struchtúr a athúsáid. Oibreacha chun díonta tuí a dheisiú agus úsáid á baint as ábhair agus mionsonraí oiriúnacha traidisiúnta. Oibreacha chun mionsonraí bratra miotail damáistithe nó ar lár, líniú agus fleascadh gáitéir (ábhair úsáidte cosúil le luaidhe, copair nó sinc) a athnuachan. Sa chás go bhfuil baol ann go ngoidfear miotalóireacht ó dhíon, d'fhéadfadh go mbeadh sé inghlactha úsáid a bhaint as ábhair ionadacha mar réiteach eatramhach. Diúscairt uisce báistí: Oibreacha chun earraí uisce báistí a dheisiú nó a athsholáthar d'fhonn diúscairt éifeachtach uisce ón bhfoirgneamh a chinntiú. Ba chóir luaidhe agus iarann teilgthe a úsáid san áit a raibh luaidhe agus iarann teilgthe in úsáid. Sa chás gur ann do bhaol gada nó loitiméireachta, áfach, d'fhéadfadh go mbeadh sé inghlactha úsáid a bhaint as ábhair ionadacha mar réiteach eatramhach Ballaí seachtracha: Oibreacha chun cobhsaíocht struchtúrtha agus/nó doichte aimsire an imchlúdaigh foirgnimh a chinntiú. Oibreacha chun lochtanna nó fadhbanna a d'fhéadfadh damáiste tromchúiseach a dhéanamh d'ábhair amach anseo má fhágtar gan chóireáil iad a chur ina gceart, leithéidí socrú bunsraithe, titim simléir, fungas ar adhmad nó aistriú salainn laistigh den ábhar. Fuinneoga, doirse agus eilimintí gaolmhara: Oibreacha chun uisce isteach a chosc Oibreacha chun eilimintí suntasacha de shiúinéireacht sheachtrach a dheisiú. Inmheánaigh: Oibreacha chun eilimintí struchtúracha inmheánacha a dheisiú. Oibreacha chun gnéithe maisiúla suntasacha a chaomhnú. Oibreacha sealadacha: Oibreacha chun an baol a bhaineann le titim iomlán nó páirteach struchtúir a laghdú, faoi réir chothabháil aeráil oiriúnach an struchtúir agus cosaint ghnéithe suntasacha an fhoirgnimh ó chontúirt. In imthosca eisceachtúla, sa chás go meastar é a bheith riachtanach daingneáin nó gnéithe ar díol spéise iad a bhaint

1 Áirítear sa sainmhíniú ar ‘struchtúr’ i ndáil le struchtúr cosanta nó struchtúr cosanta beartaithe an struchtúr féin agus an chuid inmheánach, an talamh laistigh de chúirtealáiste an struchtúir agus aon struchtúr eile laistigh den chúirtealáiste sin agus an chuid inmheánach, agus gach daingneán agus gné arb ionann iad agus páirt de chuid inmheánach nó sheachtrach aon cheann de na struchtúir seo (Alt 2, An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú)).

Page 5: CISTE NA NDÉANMHAS I MBAOL CIORCLÁN SRF/2015 · 2018-08-16 · Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais 1 1. Cúlra agus Cuspóir Chiste na nDéanmhas i mBaol Is éard

Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais

3

anuas ar mhaithe lena slánchoinneáil, déanfar a leithéid ar an gcoinníoll go mbeidh tograí inghlactha maidir le stóráil dhaingean san áireamh ionas go mbeifear in ann iad a athchuir ina dhiaidh sin laistigh d'amfhráma sonraithe Fothracha stairiúla: Oibreacha chun saoirseacht nó eilimintí eile i mbaol a chobhsú. Oibreacha eile: Féadfaidh an t-iarratasóir agus/nó an t-údarás áitiúil cás a dhéanamh maidir le hoibreacha eile a measann siad go bhfuil sé fíorthábhachtach go ndéanfadh REOG iad a bhreithniú.

2.4 Áirítear na nithe seo a leanas i measc Oibreacha Neamh-Cháilitheacha: Cothabháil rialta, athruithe agus miondeisiúcháin: Glactar leis gur dualgas de chuid an úinéara/an áititheora oibreacha den chineál seo agus gur chóir a leithéid d’oibreacha a dhéanamh go rialta ar mhaithe le struchtúr a chosaint ó chontúirt

Ailtéarnuithe agus feabhsuithe: Oibreacha nua ar struchtúr, suiteáil nó athnuachan seirbhísí tógála, insliú teirmeach, taisdíonadh, athchóiriú lochta agus síntí mar shampla. Oibreacha chun carachtar struchtúir a athchóiriú.

Scartáil: Works to demolish or remove any part or element of a structure except where it involves careful dismantling in advance of an agreed scheme of repair and reinstatement.

Athchóiriú agus Atógáil: Oibreacha a bhfuil athchóiriú agus atógáil iomlán nó pháirteach d'eilimintí de struchtúr d'fhothrach stairiúil caillte nó scriosta san áireamh iontu.

Oibreacha nach bhfuil riachtanach chun caomhnú an struchtúir a chinntiú.

Oibreacha a bhfuil tús curtha leo gan cigireacht a bheith déanta ag an údarás áitiúil. Ní mór go mbeadh na hoibreacha cáilitheacha ar fad ag teacht leis na caighdeáin dea-chleachtais a bhfuil cur síos

déanta orthu i dTreoirlínte na nÚdarás Pleanála maidir le Cosaint na hOidhreachta Ailtireachta (2011) ó REOG agus sna himleabhair ábhartha i Sraith Comhairle ó REOG.

Page 6: CISTE NA NDÉANMHAS I MBAOL CIORCLÁN SRF/2015 · 2018-08-16 · Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais 1 1. Cúlra agus Cuspóir Chiste na nDéanmhas i mBaol Is éard

Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais

4

3. An Próiseas Iarratais 3.1 Léargas Ní dhéanfaidh REOG níos mó ná 2 iarratas ó gach údarás áitiúil a bhreithniú (ÚÁ), agus ní fhéadfar ach foirgneamh amháin faoi úinéireacht phoiblí a chur san áireamh. Moltar go ndéanann gach ÚÁ fógra maidir le SRF a chur ar a láithreán gréasáin, mar aon le sonraí teagmhála agus eolas faoin bhfoirm iarratais. Tá gach ÚÁ freagrach as tosaíocht a thabhairt do na hiarratais atá le breithniú mar chuid den chiste. Moltar go ndéanfadh gach ÚÁ gach foirm iarratais a mheas agus úsáid á baint as na critéir atá curtha ar fáil ag REOG (féach Roinn 6). Nuair a bhíonn iarratais á meas ba chóir d'Údaráis Áitiúla cibé breithiúnas is cuí a thabhairt d'iarratais a bhaineann le struchtúir atá faoi úinéireacht phoiblí agus phríobháideach. Ainneoin go ndéanfaidh REOG gach iarratas a chuireann ÚÁanna (féadfar dhá iarratas a dhéanamh) faoina bráid a bhreithniú, ní gá go n-éireodh le gach iarratas. Ba chóir do ÚÁanna a chinntiú gur dócha go gcabhróidh an maoiniú atáthar tar éis a lorg go suntasach le deireadh a chur leis an mbaol agus chun tuilleadh meatha an struchtúir a chosc, agus ar an tslí sin a chinntiú go mairfidh an struchtúr sna blianta atá le teacht. Níor chóir do ÚÁanna iarratas a dhéanamh ar shuim mhór dhíréireach den chiste SRF mura bhfuil práinn ar leith ag baint leis an tionscadal. Is é atá mar aidhm le SRF an baol a bhaineann le meath oidhreacht sheandálaíochta na hÉireann a laghdú agus ag an am céanna tacú le fostaíocht sna tionscail chaomhantais agus tógála. Dá réir sin, is den tábhacht é go soláthraíonn iarratasóirí sonraí don ÚÁ maidir le buntáiste fostaíochta na scéime lena n-áirítear an líon laethanta fostaíochta ar dócha a bheidh i gceist (is ionann lá agus 8 n-uair an chloig chun críocha na scéime seo) i rith thréimhse an tionscadail (lena n-áirítear oibrithe tógála, oibrithe gairmiúla agus oibrithe eile). Ní mór don iarratasóir sonraí a sholáthar maidir leis an mbuntáiste fostaíochta a bhainfidh leis an gcéim aisghabhála. Is é atá mar aidhm leis an tuarascáil seo eolas a sholáthar maidir le fostaíocht bhreise a cruthaíodh. Dá réir sin, sa chás go bhfuil oibrithe san earnáil phoiblí ag obair ar thionscadal níor chóir iad a chur san áireamh chun críocha na fostaíochta cruthaithe. Sa chás go bhfuil téarmaí agus coinníollacha an chiste á gcomhlíonadh ag iarratais, déanfaidh an tOifigeach Caomhantais Ailtireachta (OCA) cigireacht ar an struchtúr cáilithe nó, sa chás nach bhfuil OCA fostaithe, déanfaidh ball d'fhoireann ghairmiúil inniúil an ÚA an fheidhm seo a chur i gcrích.

Chomh maith leis sin, ba chóir go gcinnteodh ÚAanna go mbeidh oibreacha caomhnaithe beartaithe ag na

hiarratasóirí á maoirsiú ag gairmithe caomhantais atá cáilithe go cuí. Tuigeann REOG go bhféadfadh eisceachtaí áirithe a bheith i gceist sa chás gur ag an gcleachtóir atá an saineolas, e.g. díonadóir.

Sa chás nach bhfuil tús curtha le tionscadal faoin 28ú Lúnasa 2015, coimeádann REOG an ceart, i ndiaidh

comhairliúcháin leis an ÚÁ ábhartha, maoiniú a leithdháileadh de réir mar is cuí.

3.2 An Próiseas Iarratais d’Úinéirí/Áititheoirí

Ní mór do na húinéirí (nó na háititheoirí le toiliú an úinéara) iarratais ar mhaoiniú faoin SRF a chur faoi bhráid an ÚÁ ábhartha (ar Fhoirm A-Roinn a hAon) faoi spriocdháta a bheidh sonraithe ag an ÚÁ.

Sna cásanna sin ina bhfuil an struchtúr faoi úinéireacht ÚA, nó sa chás go bhfuil cúnamh airgeadais á sholáthar ag ÚA d’oibreacha ar stuchtúr atá i gcontúirt faoi Alt 59 d’ Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú) nó sa chás go bhfuil oibreacha á ndéanamh nó socrú chun oibreacha a dhéanamh ar struchtúr i gcontúirt faoi Alt 69

Page 7: CISTE NA NDÉANMHAS I MBAOL CIORCLÁN SRF/2015 · 2018-08-16 · Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais 1 1. Cúlra agus Cuspóir Chiste na nDéanmhas i mBaol Is éard

Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais

5

agus/nó Alt 70 den Acht sin, féadfaidh oifigeach ainmnithe an ÚA sin an t-iarratas a dhéanamh agus é a bheith comhshínithe ag Stiúrthóir Seirbhíse cuí ÚA. Ní mór don úinéir/áititheoir Ráiteas Modha chuimsithigh a sholáthar le gach iarratas (féach Roinn 4). Ba chóir go mbeadh cur síos sa Ráiteas Modha ar an struchtúr agus ar na hoibreacha atá beartaithe agus ba chóir go mbeadh sé oiriúnach do nádúr agus do scála na n-oibreacha beartaithe e.g., ní bheidh an oiread céanna sonraí le fáil i Ráiteas Modha a bhaineann le díon tuí nua a chur ar theach mar shampla agus a bheidh ag teastáil do dheisiúcháin struchtúracha nó saoirseachta. Ba chóir cur síos agus léiriú iomlán a thabhairt ar oibreacha beartaithe de réir na gcaighdeán dea-chleachtais atá sonraithe ag REOG i dTreoirlínte na nÚdarás Pleanála maidir le Cosaint na hOidhreachta Ailtireachta(2011) agus, i bhfoilseacháin Shraith Comhairle REOG, áit ar cuí. I measc na n-áiseanna amhairc a d'fhéadfaí a chur ar fáil tá pleananna, líníochtaí, gearrthóga físe agus/nó léirithe eile (íomhánna digiteacha ardtaifigh). Ní mór léarscáil de shuíomh an láithreáin ar scála agus ar chaighdeán cuí agus é marcáilte go soiléir a sholáthar. Tabhair faoi deara go gcoimeádann REOG an ceart úsáid a bhaint as aon cheann de na híomhánna nó as na híomhánna ar fad curtha ar fáil ag an iarratasóir nó ÚÁ chun fógraíocht nó poiblíocht a dhéanamh ar SRF. Moltar d'iarratasóirí agus do ÚÁanna cead a fháil íomhánna a úsáid (más gá) sula gcuireann siad a leithéid d'íomhánna faoi bhráid REOG. Má tá plean caomhantais nó ráiteas modha do thionscadal coimisiúnaithe ag iarratasóir nó ag ÚÁ do thionscadal cheana féin, glacfaidh REOG le codanna ábhartha den cháipéisíocht seo mar chuid d'iarratas fad is go bhfuil na critéir atá sa cháipéis seo á gcomhlíonadh. Glacfaidh REOG le hábhar forlíontach leis an bhfoirm iarratais MÁ TÁ tionchar díreach aige ar iarratas (i.e. tuairiscí deindreacroineolaíochta, tuairiscí seandálaíocha, taighde teicniúil, siúinéireacht agus anailís ábhar, líníochtaí anailíseacha agus tríthoiseacha, miontaighde stairiúil, etc). Ba chóir iarratais a measann an ÚÁ iad a bheith incháilithe agus a bhfuil na critéir á gcomhlíonadh acu a chur faoi

bhráid REOG (uasmhéid de dhá iarratas) lena mbreithniú faoin spriocdháta 4pm Dé hAoine 20ú Márta 2015.

Page 8: CISTE NA NDÉANMHAS I MBAOL CIORCLÁN SRF/2015 · 2018-08-16 · Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais 1 1. Cúlra agus Cuspóir Chiste na nDéanmhas i mBaol Is éard

Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais

6

4. Nótaí Treorach maidir le Ráitis Mhodha 4.1 Ráiteas Modha Ní mór go mbeadh Ráiteas Modha le gach iarratas deontais a chuirtear faoi bhráid na Roinne, Ráiteas ina ndéanfar cur síos ar riocht an struchtúir agus ina dtabharfar sonraí maidir leis an tslí a gcuirfear na hoibreacha caomhantais/deisiúcháin i gcrích. Ní gá gur cáipéis fhada a bheadh ann ach ní mór go mbeadh sí oiriúnach do nádúr agus do scála na n-oibreacha beartaithe. Níor chóir go mbeadh níos mó ná DEICH LEATHANACH A4 i gceist. Ba chóir go mbeadh aon oibreacha beartaithe ag teacht le dea-chleachtas caomhantais agus ba chóir go mbeadh sé mar aidhm modhanna idirghabhála nach ndéanfaidh mórán damáiste a úsáid. Ba chóir go mbeadh oibreacha bunaithe ar thuiscint cheart ar an struchtúr, agus ba chóir úsáid a bhaint as ábhair chuí. Ba chóir gurb é an aidhm a bheadh ann stop a chur le tuilleadh meatha trí dhéileáil leis an rud atá ag cruthú baoil don struchtúr. Níor chóir athsholáthar a dhéanamh ar ábhar bunaidh ach amháin nuair is gá agus níor cheart a leithéid a dhéanamh ach amháin nuair nach bhfuil rogha ar bith eile ann. Ba chóir go mbeadh oibreacha beartaithe á ndéanamh ag cleachtóirí caomhantais atá cáilithe go cuí agus a bhfuil taithí acu ar ábhair agus ar theicnící stairiúla. Ba chóir go mbeadh na nithe seo a leanas san áireamh i Ráiteas Modha:

1. Cur síos achomair ar an struchtúr reatha Ba chóir gurb ionann é seo agus cur síos achomair ar an struchtúr atá ann faoi láthair, mar aon le tagairt do ghnéithe suntasacha, dreach, suíomh, foirm, feidhm faoi láthair, suntas, cúlra gairid ailtireachta (má tá a leithéid ar fáil) agus na hábhair a bhfuil sé déanta astu.

2. Cur síos achomair ar na hoibreacha beartaithe Ba chóir go mbeadh tagairt ann do shaincheisteanna ar baol iad, na hoibreacha deisiúcháin atá beartaithe, conas a dhéanfar an obair, na hábhair a bheidh in úsáid agus an bealach a dhéanfar ábhar an fhoirgnimh a chaomhnú. Ní mór go mbeadh pleananna, líníochtaí agus meáin amhairc thacaíochta cosúil le gearrthóga físe, grianghraif nó léaráidí eile san áireamh ann agus ba chóir go ndéileálfaí leis na nithe seo a leanas (ach ní gá go mbeadh an liosta seo a leanas eisiach):

a) An oibreacha sealadacha nó buana atá i gceist? b) Cén cineál deisiúcháin atá beartaithe agus ag cén láthair? c) Cén cineál cóireála/athsholáthair d'ábhar damáistithe a bhfuiltear ag súil leis? d) Cén cineál ábhar athsholáthair (más ann dá leithéid) a bheidh i gceist? e) Sonraí maidir le maoirseacht agus monatóireacht ar an suíomh f) Sceideal gairid nó seicheamh oibreacha g) Costas measta an tionscadail.

3. Ráiteas tionchair agus bearta maolaithe beartaithe (más infheidhme)

Ba chóir go ndéileálfadh sé seo le haon tionchar ar dócha a bheidh ag oibreacha ar struchtúr mar aon le cur síos a dhéanamh ar bhealaí chun tionchar díobhálach a mhaolú. D’fhéadfadh go mbeadh dearadh, uainiú agus modheolaíocht (i.e. díon á dheisiú ag tráth nach mbeifear ag cur isteach ar choilíneacht ialtóg nó oibreacha rindreála á ndéanamh nuair a bheidh moirtéal aoil socraithe), inaisathraitheacht, ábhair á roghnú go cúramach, etc. mar shampla san áireamh i mbearta maolaithe.

Page 9: CISTE NA NDÉANMHAS I MBAOL CIORCLÁN SRF/2015 · 2018-08-16 · Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais 1 1. Cúlra agus Cuspóir Chiste na nDéanmhas i mBaol Is éard

Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais

7

5. Iarratais a Dhéanamh - Forbhreathnú

TÁBHACHTACH

1. Ba chóir don ÚÁ iarratais a sheoladh chuig REOG faoi 4pm, Dé hAoine 20ú Márta 2015

2. Ní gá ach cóip AMHÁIN d'Fhoirm A a sheoladh i bhfoirm rphoist le gach iarratas ceadaithe mar aon le hábhar forlíontach chuig [email protected]. Níor chóir go mbeadh níos mó ná 15MB sa rphost

3. Ba chóir ‘SRF 2015’ a chlóscríobh i líne ábhair an rphoist mar aon le hainm an tionscadail agus ainm an ÚÁ

Ní ghlacfaidh REOG le hiarratais chruachóipe nó FORMÁID AR BITH EILE gan SOCRÚ A BHEITH DÉANTA ROIMH RÉ

Úinéir/Áititheoir Comhlánaítear Foirm A-Roinn a hAon

Seoltar an fhoirm agus faisnéis ábhartha eile chuig údarás áitiúil

Údarás Áitiúil Tugtar tús áite do agus déantar measúnú ar

iarratais Comhlánaítear Foirm A-Roinn a Dó

Seoltar iarratais cheadaithe chuig REOG faoi

Dé hAoine 20ú Márta 2015

Roinn Déanann painéal saineolaithe na hiarratais a

mheas agus cuirtear na hiarratais rathúla faoi bhráid an Aire lena gceadú

Cuirtear an dea-scéala in iúl do na hiarratasóirí rathúla

Cuireann an Roinn in iúl d'údaráis áitiúla go bhfuil

scéim SRF fógartha Feabhra 2015

Page 10: CISTE NA NDÉANMHAS I MBAOL CIORCLÁN SRF/2015 · 2018-08-16 · Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais 1 1. Cúlra agus Cuspóir Chiste na nDéanmhas i mBaol Is éard

Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais

8

6. An Próiseas Measúnaithe

Déanfaidh painéal saineolaithe laistigh den Roinn iarratais a bheidh faighte faoin spriocdháta 4pm, Dé hAoine 20ú Márta 2015 a mheas, bunaithe ar na critéir chothrom-ualaithe seo a leanas:

Suntas an Struchtúir

An Phráinn atá leis na hOibreacha

Caighdeán an Ráitis Modha

Éifeachtúlacht na nOibreacha Suntas: is ar an ÚÁ atá an dualgas suntas struchtúr a mheas. Éilíonn an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000, leasaithe, gur chóir go mbeadh struchtúr cosanta sainspéise san áireamh faoi na catagóirí seo a leanas: ailtireachta, stairiúil, seandálaíochta, ealaíonta, cultúrtha, eolaíoch, sóisialta agus teicniúil. Práinn: glactar leis práinn a bheith le hoibreacha nuair is ann do bhaol sábháilteachta, dóiteáin nó slándála, sa chás go bhfuil baol d'uisce isteach agus/nó críonlobhadh, sa chás go bhfuil fianaise ann ar dhamáiste géarchéimneach a bheith déanta d'ábhar stairiúil (lena n-áirítear aon ghnéithe suntasacha, maisiú, nó déantúsáin, etc), sa chás go bhfuil gluaiseacht struchtúir i gceist, sa chás go bhfuil méadú luathaithe easpónantúil tagtha ar an ráta lobhaidh nó sa chás go bhfuil imthosca maolaitheacha eile i gceist. Ráiteas Modha: baineann sé seo le hábharthacht agus caighdeán an ráitis modha a cuireadh ar fáil - an nóta treorach, na hoibreacha beartaithe, scála an tionscadail agus caighdeán thaithí an duine nó na foirne atá freagrach as an tionscadal a sheachadadh. Éifeachtúlacht na nOibreacha: baineann sé seo le luach na n-oibreacha atá á ndéanamh i gcomhthéacs fhadsaol an struchtúir a chinntiú sa mheántréimhse nó san fhadtréimhse nó chun cuspóirí sonracha athnuachana ceantar-bhunaithe an ÚÁ a chomhlíonadh. Ba chóir d'iarratasóirí míniú a thabhairt ar an gcaoi a chuirfidh an maoiniú atáthar tar éis a lorg go suntasach le deireadh a chur leis an mbaol agus tuilleadh meatha an struchtúir a chosc, agus ar an tslí sin a chinntiú go mairfidh an struchtúr sna blianta atá le teacht. D'fhéadfadh REOG teagmháil a dhéanamh leis na ÚÁanna chun soiléiriú a fháil maidir le hábhar éigin i bhfoirm iarratais sular gcuirtear tús le próiseas measúnaithe an phainéil. I ndiaidh na n-iarratas a mheas, cuirfidh an painéal liosta de thionscadail cháilitheachta faoi bhráid an Aire lena gceadú. Tá cinneadh an Aire maidir le bronnadh deontas críochnaitheach. Cuirfidh REOG toradh an phróisis measúnaithe in iúl do gach údarás áitiúil a bhfuil iarratais déanta acu. Chomh maith leis sin, foilseofar liosta de na tionscadail ar bronnadh maoiniú orthu faoi SRF 2015 ar láithreán gréasáin REOG ww.ahg.gov.ie agus ba chóir na sonraí céanna a fhoilsiú ar láithreán gréasáin an ÚÁ freisin. Tabhair faoi deara, go bhféadfadh REOG cigireachtaí a dhéanamh ar struchtúir atá á mbreithniú do mhaoiniú nó cigireachtaí struchtúr a bhfuil maoiniú ceadaithe ina leith má mheastar gá a bheith lena leithéid.

Page 11: CISTE NA NDÉANMHAS I MBAOL CIORCLÁN SRF/2015 · 2018-08-16 · Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais 1 1. Cúlra agus Cuspóir Chiste na nDéanmhas i mBaol Is éard

Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais

9

7. Maoiniú a Aisghabháil Ní mór do aon deontas a cheadaítear faoin scéim seo maoiniú comhfhreagrach arb ionann é agus 20% ar a laghad de chaiteachas iomlán an tionscadail a sholáthar. Sa chás nach féidir leis an iarratasóir maoiniú comhfhreagrach ar fiú 20% é a sholáthar, ní mór é sin a chur in iúl do REOG tráth déanta an iarratais, mar aon le fírinniú don mhaoiniú os cionn 80% de chostas iomlán an tionscadail a sholáthar. Ba chóir a thabhairt faoi deara nach féidir maoiniú ó iarrachtaí deonacha a úsáid chun an ceanglas a bhaineann le caiteachas comhfhreagrach a chomhlíonadh. Sa chás go bhfuil iarratas déanta ag iarratasóir ar, nó go bhfuil maoiniú faighte ó scéimeanna eile atá maoinithe ag an Státchiste nó ag an AE do na hoibreacha i gceist, níor chóir go sáródh iomlán carnach a leithéid de mhaoiniú agus an deontas faoin scéim seo 80% den chostas iomlán, ach amháin in imthosca eisceachtúla. Ní chuireann an teorainn seo bac, áfach, ar ÚÁ deontais SRF a fhorlíonadh lena acmhainní féin. Tá Cáin Bhreisluacha (CBL)* incháilithe d'aisíoc faoin scéim seo, don chuid sin de na hoibreacha a bhfuil deontas á fáil agus sna himthosca sin nach féidir leis an tairbhí a leithéid de CBL a aisghabháil ar bhealach ar bith eile. Ní hionann cánacha agus muirir eile (cánacha díreacha agus ranníocaíochtaí slándála sóisialaí ar phánna agus ar thuarastail go háirithe) agus caiteachas incháilithe ach amháin sa chás go bhfuil siad á n-íoc ag i ndáiríre agus go deifnídeach ag tairbhí an deontais. Tá Táillí Gairmiúla incháilithe d'aisíoc faoin scéim seo, don chuid sin de na hoibreacha a bhfuil deontas á fáil, a bhféadfadh suirbhéanna agus ráitis mhodha, maoirseacht agus monatóireacht ar an suíomh, costais réasúnta taistil agus chothabhála agus ainm a chur leis an tionscadal a bheith i gceist leis. Ní mór don ÚÁ na hoibreacha comhaontaithe a chríochnú agus a dheimhniú sular féidir leis an iarratasóir íocaíocht maoiniú deonatais a lorg. Tá na ÚÁanna freagrach as íocaíocht na ndeontas leis na húinéirí/áititheoirí thionscadail cheadaithe SRF roimh aisghabáil a lorg ó REOG. Ní mór aon mhaoiniú deontais a sholáthraítear do ÚA a dhéantar a aisghbháil ina dhiaidh sin faoi Alt 70 d'Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú), ó úinéir/áithitheoir an struchtúir mhaoinithe, a aisíoc le REOG. Nuair a bheidh íocaíocht déanta le hiarratasóirí, ní mór don ÚÁ Foirm B a chomhlánú agus a sheoladh ar ais faoin

16ú Deireadh Fómhair 2015 chun an deontas a aisghabháil ó REOG. Ní mór don Oifigeach Caomhantais Ailtireachta (OCA) nó do bhall d'fhoireann ghairmiúil an ÚA atá freagrach as an tionscadal an fhoirm seo a shíniú agus ní mór don Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin nó don Stiúrthóir Seirbhísí an fhoirm seo a chomhshíniú. Ní mór fianaise ar íocaíocht a bheith leis an bhfoirm e.g., asphrionta ó Agresso nó ó chóras airgeadais dá leithéid agus áiseanna amhairc cosúil le grianghraif nó gearrthóga físe chun deis a thabhairt do REOG comparáid a dhéanamh idir na híomhánna a tógadh roimh agus i ndiaidh na n-oibreacha críochnaithe.

Forghéillfear aon mhaoiniú nach bhfuil éilithe faoin dáta dlite

Úinéir/Áititheoir Déanann iarratas ar

íocaíocht an mhaoinithe

deontais leis an údarás áitiúil nuair a

bhíonn na hoibreacha

críochnaithe

Údarás Áitiúil Cuirtear Foirm B

faoi bhráid na Roinne faoi Dé hAoine 16ú

Deireadh Fómhair 2015 chun maoiniú

deontais a aisghabháil

Roinn Eisítear íocaíocht chuig an údarás

áitiúil faoi dheireadh na bliana féilire

Page 12: CISTE NA NDÉANMHAS I MBAOL CIORCLÁN SRF/2015 · 2018-08-16 · Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais 1 1. Cúlra agus Cuspóir Chiste na nDéanmhas i mBaol Is éard

Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais

10

8. Faisnéis Ghinearálta Soláthar: ní mór Treoirlínte Náisiúnta agus AE don Soláthar Poiblí na Roinne Airgeadais a leanúint agus deontais á riar. Tá eolas cuimsitheach maidir le gach gné den soláthar poiblí le fáil ar www.procurement.ie. I ndáil le tionscadail tógála san earnáil phoiblí, is é an LA a bheidh freagrach as a aimsiú cibé an ionann nó nach ionann oibreacha agus tionscadail tógála san earnáil phoiblí agus an bhfuil nó nach bhfuil a leithéid faoi cheangal ag prionsabail Chiorclán 6/10 na Roinne Airgeadais: Creat Bainistíochta Oibreacha Caipitiúla 2010. Ceanglais Bhainistíochta Airgeadais: Ní mór go mbeadh Ciorclán 13/13 á chomhlíonadh ag gach nós imeachta: An Cód um Chaiteachas Poiblí: Pleanáil Caiteachais, Breithmheas & Measúnacht i Seirbhís Phoiblí na hÉireann – Caighdeáin, Rialacha & Nósanna Imeachta, a chiallaíonn go bhfuil dualgas ar gach comhlacht poiblí in Éirinn cistí poiblí a láimhseáil go cúramach agus a chinntiú go bhfuil an luach is fearr is féidir ar airgead á fháil cibé áit a bhfuil airgead poiblí á chaitheamh nó á infheistiú. http://publicspendingcode.per.gov.ie Ba chóir don ÚÁ cloí lena fhreagrachtaí, mar Dheontóir agus mar Dheontaí, i ndáil le Ciorclán 13/2014: Bainistíocht

agus Cuntasacht Deontas ó Chistí Státchiste, i ndáil le caiteachas cistí poiblí trí íocaíocht amach maoiniú deontais chuig gach comhlacht, lena n-áirítear gníomhaireachtaí, cuideachtaí, coistí, grúpaí comhairleacha, carthanais, nó daoine aonair, cibé an ndéantar a leithéid go díreach ó Vótaí na Ranna/Oifigií Rialtais nó trí chomhlacht idirghabhála nó sraith comhlachtaí. http://circulars.gov.ie/pdf/circular/per/2014/13.pdf Nósanna Imeachta Imréitigh Cánach*: ní mór cloí leis na nósanna imeachta ábhartha imréitigh cánach a bhaineann le híocaíochtaí deontais na hearnála poiblí atá leagtha síos ag na Coimisinéirí Ioncaim. Tá tuilleadh sonraí le fáil ag www.revenue.ie Ar aon dul le hAlt 4(1) de Chiorclán 44/2006 na Roinne Airgeadais: Nósanna Imeachta Imréitigh Cánach: Deontais, Fóirdheontais agus Íocaíochtaí Cosúla, beidh gach ÚA freagrach as a chinntiú go mbeidh na hiarratasóirí, conraitheoirí agus fochonraitheoirí ag cloí leis na nósanna imeachta cearta imréitigh cánach, agus go mbeifear ag cloí chomh maith céanna le nósanna imeachta rialaithe airgeadais na n-údarás áitiúil freisin.

Iarratasóir a bhfuil Faoiseamh Cánach gaolmhar á fháil aige: i gcás na n-úinéirí sin a bhfuil cinneadh déanta ina leith faoi Alt 482 d' Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 (arna leasú) (Alt 19 d'Acht Airgeadais 1982 tráth) agus/nó sa chás go bhfuil faoiseamh cánach faighte ag an úinéir/áititheoir faoin Scéim um Fheabhsúcháin Tí nó faoin Tionscnamh Living City, is ar an úinéir/áititheoir a bhfuil na faoisimh chánach seo á bhfáil aige a bheidh an dualgas, áfach, na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas maidir le haon mhaoiniú a fhaightear tríd an scéim seo. Soláthróidh DAHG liosta de na hiarratasóirí ar éirigh leo faoin scéim seo do na Coimisinéirí Ioncaim. Aistriú Úinéireachta/Díliostú: má scriostar an struchtúr a bhfuil maoiniú deontais á fháil aige ón TSC, má dhíoltar é, nó má aistrítear an úinéireacht laistigh de thréimhse 5 bliana ó dháta íocaíochta an deontais, tá an ceart ag an ÚÁ cuid den airgead deontais a “aisghlámadh” nó an t-airgead deontais ar fad a “aisghlámadh”. Sa chás go n-aistrítear úinéireacht sula n-íoctar deontas, féadaidh an ÚÁ socrú a dhéanamh an deontas a aistriú chuig úinéir nua na maoine. I ndáil le struchtúir chosanta bheartaithe a bhfuil maoiniú bronnta orthu agus nach bhfuil curtha leis an RPS faoin 31 Nollaig, 2015, coimeádann REOG an ceart aisíoc an mhaoinithe a lorg ón ÚA. Ceanglais Reachtúla : ní mór go mbeadh na ceanglais reachtúla uile lena n-áirítear an gá atá le cead pleanála á gcomhlíonadh ag oibreacha a bhfuil deontas ceadaithe ina leith. Sa chás go bhfuil sé beartaithe oibreacha a dhéanamh ar shuíomhanna/séadchomharthaí atá á gcosaint faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930-2004, ní mór fianaise a sholáthar go bhfuil na ceanglais reachtúla a bhaineann le fógra a thabhairt nó le toiliú an Aire faoi na hAchtanna thuas comhlíonta ag an iarratasóir. Ní mór d’iarratasóir fógraí riachtanacha, toilithe an Aire agus/nó cead pleanála a dhaingniú nuair a bhíonn deontas á éileamh.

Sa chás go lorgaíonn iarratasóir dearbhú faoi Alt 5 nó Alt 57 d’ Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú), chun oibreacha sonracha a dhíolmhú ó rialú pleanála atá faoi réir iarratais ar dheontas, ba chóir don údarás pleanála iomchuí an t-iarratas a phróiseáil chomh tapa agus is féidir. Ní féidir ach oibreacha nach mbeadh difear

Page 13: CISTE NA NDÉANMHAS I MBAOL CIORCLÁN SRF/2015 · 2018-08-16 · Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais 1 1. Cúlra agus Cuspóir Chiste na nDéanmhas i mBaol Is éard

Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais

11

ábhartha acu ar charachtar an struchtúir, nó aon eilimint dó a chuireann lena sainspéis, a dhíolmhú ó cheanglas cead pleanála a fháil ar an mbealach seo.

Is ar an iarratasóir atá an dualgas gach riachtanas reachtúil eile a chomhlíonadh, Treoracha Gnáthóga ón Aontas Eorpach (más infheidhme), ceadúnais urthrá (más infheidhme), reachtaíocht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas, agus reachtaíocht comhshaoil agus fostaíochta mar shampla. Tarraingítear aird an údaráis áitiúil ar: (DAHG 2012) Dianchosaint Speiceas Ainmhithe: Treoir d’údaráis áitiúla maidir le feidhmiú Airteagal 12 agus 16 den Treoir

Gnáthóga ón Aontas Eorpach i ndáil le forbairt /oibreacha curtha i gcrích ag nó thar ceann údarás áitiúil. Tá an foilseachán ar a dtugtar Bat Migration Guidelines for Ireland le fáil ar láithreán gréasáin REOG ag: www.npws.ie/publications/irishlifemanuals Tuarascáil Bhliantúil agus Poiblíocht: Ba chóir go mbeadh faisnéis maidir le feidhmiú a chiste san áireamh ag ÚA ina Thuarascáil Bhliantúil mar a ndéantar foráil dó in Alt 221 d’ Acht Rialtais Áitiúil 2001. Ba chóir aitheantas poiblí a thabhairt don tacaíocht atá faighte ó REOG i ngach fógra agus ábhar poiblíochta a bhaineann leis an scéim seo.

Nósanna Cros-Seiceála: i gcásanna áirithe d'fhéadfadh tionscadail áirithe a bheith incháilithe chun maoiniú a fháil ó níos mó ná scéim deontais amháin maoinithe go poiblí. D'fhonn a chinntiú nach sáraítear an teorainn 80% de chostas iomlán an tionscadail ó mhaoiniú poiblí, CBL san áireamh, ach amháin in imthosca eisceachtúla, ba chóir don ÚÁ faisnéis a cuireadh ar fáil i Roinn 1 d'Fhoirm A a chros-seiceáil i ndáil le deontais fhéideartha eile a d'fhéadfadh a bheith ar fáil do thionscadal ar leith in 2015. Ba chóir an fhaisnéis seo a chros-seiceáil leis na scéimeanna seo a leanas:

(a) An Scéim Deontais Tuíodóireachta arna riar ag an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil (RCPRÁ) (más cuí); (b) Deontais chaomhantais á riaradh ag an gComhairle Oidhreachta, agus (c) Aon scéim deontais phoiblí ábhartha eile.

Sa chás go bhfuil iarratas déanta ag iarratasóir ar, nó go bhfuil maoiniú faighte ó scéimeanna eile atá maoinithe ag an Státchiste nó ag an AE do na hoibreacha i gceist, níor chóir go sáródh iomlán carnach a leithéid de mhaoiniú agus an deontas faoin scéim seo 80% den chostas iomlán, ach amháin in imthosca eisceachtúla. An tAcht um Shaoráil Faisnéise: d’fhéadfadh go mbeadh iarratais ar mhaoiniú faoi SRF faoi réir na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise. Déan teagmháil le: Má theastaíonn tuilleadh eolais faoin scéim seo uait, téigh i dteagmháil le Polasaí um Oidhreacht Thógtha & Ailtireacht, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Teil. 01 888 2428 nó 01 888 2149 nó rphost [email protected] *D’fhéadfadh na Coimisinéirí Ioncaim ceanglais chánach a athrú

Page 14: CISTE NA NDÉANMHAS I MBAOL CIORCLÁN SRF/2015 · 2018-08-16 · Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais 1 1. Cúlra agus Cuspóir Chiste na nDéanmhas i mBaol Is éard

Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais

12

FOIRM IARRATAIS A

ROINN A HAON-LE COMHLÁNÚ AG AN IARRATASÓIR

ROINN A DÓ-LE COMHLÁNÚ AG AN ÚDARÁS ÁITIÚIL

Page 15: CISTE NA NDÉANMHAS I MBAOL CIORCLÁN SRF/2015 · 2018-08-16 · Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais 1 1. Cúlra agus Cuspóir Chiste na nDéanmhas i mBaol Is éard

Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais

13

FOIRM A - ROINN A HAON – FAISNÉIS

TABHAIR AN MÉID SEO DO D'AIRE LE DO THOIL SULA GCOMHLÁNTAR AN FHOIRM SEO

Foirm A, Ní mór Roinn an hAon agus a Dó a chomhlánú ina n-iomláine - ní ghlacfar le hiarratais neamhiomlána

Ní mór don iarratasóir Roinn a hAon a chomhlánú agus ní mór don údarás áitiúil an fhoirm a dheimhniú

Ní mór don údarás áitiúil Roinn a Dó a chomhlánú

Clóscríobh an fhaisnéis chuí más féidir

Más i bhfoirm lámhscríofa atá an fhaisnéis, úsáid BLOCLITREACHA nó cinntigh go bhfuil an cló inléite

Ba chóir gach iontráil dáta a iontráil san fhormáid seo a leanas DD/MM/YYYY

Mura bhfuil úsáid á baint as an struchtúr i láthair na huaire, ní mór an úsáid dheireanach a baineadh as an struchtúr a shonrú ar Fhoirm A -Roinn 1b, leathanach A4

Má tá an struchtúr á chosaint ag aon reachtaíocht eile seachas na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt (e.g.

Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta), ní mór é sin a shonrú ar Fhoirm A -Roinn 1d, leathanach A4

Sa chás go bhfuil iarratas déanta ar chead pleanála ach nach bhfuil cinneadh déanta fós, nó sa chás go bhfuil

an cinneadh faoi achomharc, sonraigh é sin mar aon le dáta an iarratais nó an achomhairc i bhFoirm A -Roinn 1d, leathanach A4

Sa chás go dteastaíonn fógra faoi Alt 12 (3) d’Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú) 1994 (Séadchomharthaí Taifeadta) nó faoi Alt 5 (8) d’Acht Leasaithe 1987 (Clár na Séadchomharthaí Stairiúla) ba chóir sonraí maidir leis an dáta ar seoladh an fógra chuig REOG a sholáthar i bhFoirm A- Roinn 1d, leathanach A4

Sa chás go bhfuil iarratas déanta ar thoiliú an Aire, faoi Alt 14 d'Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 (arna leasú), ach nach bhfuil aon chinneadh déanta nuair a chuirtear an t-iarratas chuig SRF, ní mór é seo a shonrú ar Fhoirm A - Roinn 1d, lena n-áirítear uimhir thagartha an cháis eisithe ag an tSeirbhís Náisiúnta Séadchomharthaí, leathanach A4

Ní mór sonraí maidir le conas a chomhlíonfar costas na n-oibreacha, seachas méid an deontais a lorgaíodh, a

shonrú ar Fhoirm A -Roinn 1f, leathanach A6. Ní mór don iarratasóir iomlán na gcistí comhfhreagracha agus foinse na gcistí comhfhreagracha a shonrú

Chomh maith leis sin, ní mór don iarratasóir faisnéis a thabhairt i bhFoirm A -Roinn 1f, leathanach A6maidir

le haon deontais, fóirdheontais nó cúnamh faighte nó lorgtha ó chomhlachtaí reachtúla, nó urraíocht nó cúnamh faighte ó fhoinse neamhreachtúil.

Chomh maith leis sin, ní mór don iarratasóir a chur in iúl cibé an bhfuil nó nach bhfuil cinneadh faighte faoi Alt 482 d'Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 (ar a tugadh Alt 19 d'Acht Airgeadais 1982) roimhe seo ar Fhoirm A -Roinn 1f, leathanach A6

Mura bhfuil, ní mór don iarratasóir a chur in iúl an bhfuil sé i mbun an phróisis a bhaineann le hiarratas a dhéanamh ar fhaoiseamh cánach faoi Alt 482 d'Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 (Alt 19 d'Acht Airgeadais 1982 roimhe seo) ar Fhoirm A -Roinn 1f, leathanach A6

Page 16: CISTE NA NDÉANMHAS I MBAOL CIORCLÁN SRF/2015 · 2018-08-16 · Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais 1 1. Cúlra agus Cuspóir Chiste na nDéanmhas i mBaol Is éard

Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais

14

Ba chóir go leanfadh na hoibreacha na prionsabail chaomhantais atá sonraithe i dTreoirlínte na nÚdarás Pleanála maidir le Cosaint na hOidhreachta Ailtireachta (2011) REOG agus na himleabhair ábhartha i bhfoilseacháin Shraith Comhairle REOG (www.ahg.gov.ie/en/Publications/HeritagePublications/BuiltHeritagePolicyPublications/)

Page 17: CISTE NA NDÉANMHAS I MBAOL CIORCLÁN SRF/2015 · 2018-08-16 · Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais 1 1. Cúlra agus Cuspóir Chiste na nDéanmhas i mBaol Is éard

Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais

15

FOIRM A - ROINN A HAON - LE COMHLÁNÚ AG AN ÚINÉIR/IARRATASÓIR 1a. Sonraí an Iarratasóra (Úinéirí)

Ainm an Úinéara:

Seoladh:

Uimh. Teileafóin/Fón Póca:

Rphost:

Uimhir Charthanachta: (más infheidhmithe)

Uimhir Deimhnithe Imréitigh Cánach:

Dáta Éaga:

1a. Sonraí an Iarratasóra (mura úinéir é)

Ainm:

Seoladh:

Uimh. Teileafóin/Fón Póca:

Rphost:

Uimhir Charthanachta: (más infheidhmithe)

Uimhir Deimhnithe Imréitigh Cánach:

Dáta Éaga:

Sonraigh, le do thoil, cibé an bhfuil nó nach bhfuil toiliú an úinéara faighte chun iarratas a dhéanamh faoin scéim seo agus ceangail an toiliú leis an bhFoirm seo.

Page 18: CISTE NA NDÉANMHAS I MBAOL CIORCLÁN SRF/2015 · 2018-08-16 · Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais 1 1. Cúlra agus Cuspóir Chiste na nDéanmhas i mBaol Is éard

Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais

16

Page 19: CISTE NA NDÉANMHAS I MBAOL CIORCLÁN SRF/2015 · 2018-08-16 · Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais 1 1. Cúlra agus Cuspóir Chiste na nDéanmhas i mBaol Is éard

Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais

17

FOIRM A - ROINN A HAON – LE COMHLÁNÚ AG AN ÚINÉIR/IARRATASÓIR 1b. Sonraí an Struchtúir

Ainm: Bliain Tógála: (más eol sin)

Seoladh:

Úsáid faoi láthair:

Úsáid atá beartaithe: (más difriúil)

1c. Rangúchán

Tá nó Níl Má roghnaigh tú Tá: iontráil an uimhir chlárúcháin

An bhfuil an struchtúr:

(a) cosanta faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta?

RMP:

(b) struchtúr cosanta?

RPS:

(c) in LCA?*

Ainm an LCA:

(d) san áireamh in FNOA?**

FNOA: Rátáil:

* LCA = Limistéar Caomhantais Speisialta ** FNOA = Fardal Náisiúnta na hOidhreachta Ailtireachta (http://www.buildingsofireland.ie)

1d. Fógraí Reachtúla

Tá nó Níl Má tá: iontráil dáta an iarratais/an dáta faighte

An dteastaíonn cead pleanála chun na hoibreacha beartaithe a dhéanamh nó an bhfuil cead pleanála deonaithe?

Dáta an iarratais:

Dáta faighte:

Uimhir Thagartha Pleanála:

An éilíonn na hoibreacha beartaithe fógra a chur faoi bhráid an Aire faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta?

Dáta an fhógra:

An éilíonn na hoibreacha beartaithe toiliú an Aire nó an bhfuil toiliú faighte acu faoi Alt 14 d’Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 (arna leasú)?

Dáta an iarratais:

Dáta faighte: Uimhir Thagartha:

Page 20: CISTE NA NDÉANMHAS I MBAOL CIORCLÁN SRF/2015 · 2018-08-16 · Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais 1 1. Cúlra agus Cuspóir Chiste na nDéanmhas i mBaol Is éard

Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais

18

An bhfuil aon Cheanglais Reachtúla eile le cur san áireamh?

Sonraí:

FOIRM A - ROINN A HAON – LE COMHLÁNÚ AG AN ÚINÉIR/IARRATASÓIR 1e. Achoimre ar an Tionscadal

Achoimre

Déan achoimre, ní gá dul thar 300 focal, ar na hoibreacha beartaithe ag féachaint do: (a) Suntas an struchtúir (b) Práinn na n-oibreacha (c) Éifeachtúlacht na n-oibreacha

Dátaí tosaithe agus críochnaithe na n-oibreacha beartaithe?

Tús:

Críoch:

Page 21: CISTE NA NDÉANMHAS I MBAOL CIORCLÁN SRF/2015 · 2018-08-16 · Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais 1 1. Cúlra agus Cuspóir Chiste na nDéanmhas i mBaol Is éard

Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais

19

FOIRM A - ROINN A HAON – LE COMHLÁNÚ AG AN ÚINÉIR/IARRATASÓIR 1f. Caiteachas a bhaineann leis na hoibreacha beartaithe

Costas Iomlán Measta na n-Oibreacha: € (gan CBL)

€ (le CBL)

Táillí Gairmiúla Measta: € (gan CBL)

€ (le CBL)

An deontas iomlán a lorgaíodh:

Méid na gcistí comhfhreagracha:

Foinse na gcistí comhfhreagracha?

An mbaineann cinneadh Alt 482 leis an struchtúr seo?*

An bhfuil iarratas déanta agat ar fhaoiseamh cánach faoi Alt 482?

An bhfuil CBL in-aisghabhála?

An bhfuil iarratas déanta acu ar mhaoiniú eile AE/Státchiste/Faoisimh Chánach?*

An bhfuil maoiniú eile AE/Státchiste/Faoisimh Chánach faighte/diúltaithe? **

* Alt 482 d’Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 (Alt 19 d’Acht Airgeadais, 1982 roimhe seo) ** Déanfar an t-iarratas seo a chros-seiceáil le sonraí deontais atá i seilbh gniomhaireachtaí stáit eile (i.e., An Chomhairle Oidhreachta agus

an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil) chun incháilitheacht don deontas seo a dheimhniú)

Page 22: CISTE NA NDÉANMHAS I MBAOL CIORCLÁN SRF/2015 · 2018-08-16 · Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais 1 1. Cúlra agus Cuspóir Chiste na nDéanmhas i mBaol Is éard

Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais

20

FOIRM A - ROINN A HAON – LE COMHLÁNÚ AG AN ÚINÉIR/IARRATASÓIR 1g. Pearsanra fostaithe ar an tionscadal seo Uimh. 1 Gairmí Caomhantais

Ainm: Post:

Seoladh:

Uimh. Teileafóin/Fón Póca: Rphost:

Uimhir Deimhnithe Imréitigh Cánach:

Dáta Éaga:

Uimh. 2 Gairmí Caomhantais

Ainm: Post:

Seoladh:

Uimh. Teileafóin/Fón Póca: Rphost:

Uimhir Deimhnithe Imréitigh Cánach:

Dáta Éaga:

Uimh. 3 Conraitheoir(í)/Ceardaí(Ceardaithe) más eol

Uimh. 3

Ainm: Post:

Seoladh:

Uimh. Teileafóin/Fón Póca: Rphost:

Uimhir Deimhnithe Imréitigh Cánach:

Dáta Éaga:

Leibhéal sásúil de chomhlíonadh cánach tugtha faoi deara i measc fochonraitheoirí: (más infheidhmithe)*

Tá: Níl:

*féach www.revenue.ie áit a bhfuil tuilleadh sonraí maidir le nósanna imeachta imréitigh cánach do chonraitheoirí/fochonraitheoirí

Más gá úsáid leathanach eile chun an roinn seo a chomhlánú

Page 23: CISTE NA NDÉANMHAS I MBAOL CIORCLÁN SRF/2015 · 2018-08-16 · Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais 1 1. Cúlra agus Cuspóir Chiste na nDéanmhas i mBaol Is éard

Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais

21

FOIRM A - ROINN A HAON - LE COMHLÁNÚ AG AN ÚINÉIR/IARRATASÓIR/ÚDARÁS ÁITIÚIL 1h. Dearbhú an Úinéara/Iarratasóra

Deimhnímse, an t-iarratasóir: 1. Tuigim agus comhlíonaim téarmaí agus coinníollacha uile na scéime deontais 2. Go bhfuil an fhaisnéis atá curtha ar fáil san fhoirm iarratais agus sna doiciméid tacaíochta ceart

agus go gcuirfidh mé an t-údarás áitiúil ábhartha ar an eolas má athraíonn rud ar bith 3. Go bhfuil mo chúrsaí cánach in ord 4. Tuigim nach bhfuil baránta intuigthe thar ceann an údaráis nó an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus

Gaeltachta i gceist le deontas a bheith á íoc ag údarás áitiúil i ndáil le hoiriúnacht nó sábháilteacht na n-oibreacha i gceist nó bailriocht nó riocht an struchtúir ar fad nó aon chuid den struchtúr i gceist nó a oiriúnacht chun úsáide.

5. Tuigim go bhféadfadh an t-údarás áitiúil nó an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta aon

fhiosrúcháin a measann siad a bheith riachtanach chun mo cháilitheacht do dheontas a aimsiú, agus go bhfuil cinntí an údaráis áitiúil agus an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta críochnaitheach.

Ainm an Iarrthóra Dáta:

1i. Seicliosta d’Úinéirí/d’Iarratasóirí/d'Údaráis Áitiúla (Iontráil Tá nó Níl)

Ní mór go mbeadh na rudaí seo a leanas le gach iarratas a chuirtear faoi bhráid údaráis áitiúla

Úinéir Tá/Níl

Údarás Áitiúil Tá/Níl

Foirm A - Roinn a hAon comhlánaithe ag an iarratasóir

Foirm A - Roinn a Dó le comhlánú ag an údarás áitiúil NB

Léarscáil de shuíomh an láithreáin ar a bhfuil láithreán na n-oibreacha marcáilte dearg

Deimhniú Imréitigh Cánach curtha faoi bhráid údarás áitiúil (Más infheidhme)

Toiliú úinéir na réadmhaoine i scríbhinn chun na n-oibreacha beartaithe a dhéanamh (más infheidhme)

Ráiteas modha i gceangal (ní gá níos mó ná 10 leathanach A4)

Deimhnithe ag an údarás áitiúil (ta síniú thar ceann an údaráis áitiúil le cur anseo thíos)

NB

Síniú thar ceann an údaráis áitiúil:* Dáta: Post:* * Ní mór d'Oifigeach Caomhantais Ailtireachta an údaráis áitiúil nó a chomhionann a dhearbhú go bhfuil Roinn a hAon ceart

Page 24: CISTE NA NDÉANMHAS I MBAOL CIORCLÁN SRF/2015 · 2018-08-16 · Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais 1 1. Cúlra agus Cuspóir Chiste na nDéanmhas i mBaol Is éard

Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais

22

FOIRM A - ROINN A DÓ – LE COMHLÁNÚ AG AN ÚDARÁS ÁITIÚIL 2a. Sonraí an Údaráis Áitiúil

Ainm an Údaráis Áitiúil:

Sonraí teagmhála agus seoladh:

Uimh. Teileafóin/Fón Póca:

Rphost:

Líon iarratas faighte:

Líon iarratas curtha faoi bhráid na Roinne:

2b. Breithmheas

Achoimre

Déan achoimre ghairid ar na cúiseanna go measann an t-údarás áitiúil go bhfuil an tionscadal seo incháilithe don scéim seo ag féachaint do: 1. Suntas an struchtúir

2. An phráinn atá leis na

hoibreacha

3. Ábharthacht agus caighdeán an Ráitis Modha

4. Déan cur síos ar éifeachtúlacht na n-oibreacha beartaithe.

Page 25: CISTE NA NDÉANMHAS I MBAOL CIORCLÁN SRF/2015 · 2018-08-16 · Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais 1 1. Cúlra agus Cuspóir Chiste na nDéanmhas i mBaol Is éard

Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais

23

FOIRM A - ROINN A DÓ – LE COMHLÁNÚ AG AN ÚDARÁS ÁITIÚIL

TÁBHACHTACH

Ní mór FOIRM A leis an ábhar forlíontach a sheoladh ar ais chuig an Roinn faoi 4pm, Dé hAoine 20ú Márta 2015

Cinntigh go soláthraíonn tú cóip AMHÁIN d'Fhoirm A do gach tionscadal ar mian leat é a chur faoi bhráid na Roinne

Ní mór Foirm A agus ábhar forlíontach ábhartha a sheoladh trí rphost chuig [email protected] i gcáipéis Word nó i bhfoirm pdf. Níor chóir go mbeadh níos mó ná 15MB sa rphost.

Ní mór gach tionscadal de chuid an údaráis áitiúil a sheoladh i rphost ar leith chuig an Roinn

Ba chóir ‘SRF 2015’ a chlóscríobh i líne ábhair an rphoist mar aon le hainm an tionscadail agus ainm an ÚÁ

Ní ghlacfaidh an Roinn le crua-chóipeanna d'iarratais NÁ FORMÁID AR BITH EILE ACH AMHÁIN MÁ DHÉANTAR SOCRÚ ROIMH RÉ

Má theastaíonn tuilleadh eolais faoin scéim seo uait, téigh i dteagmháil le Polasaí um Oidhreacht Thógtha & Ailtireacht, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, teil. 01 888 2428 nó 01 888 2149 nó rphost [email protected]

Page 26: CISTE NA NDÉANMHAS I MBAOL CIORCLÁN SRF/2015 · 2018-08-16 · Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais 1 1. Cúlra agus Cuspóir Chiste na nDéanmhas i mBaol Is éard

Ciste na nDéanamhas i mBaol 2015 Foirm Iarratais A

A1

FOIRM B - ÉILEAMH AISGHABHÁLA – LE COMHLÁNÚ AG AN ÚDARÁS ÁITIÚIL

FOIRM AISGHABHÁLA ÉILIMH B

LE COMHLÁNÚ AG AN ÚDARÁS ÁITIÚIL

Page 27: CISTE NA NDÉANMHAS I MBAOL CIORCLÁN SRF/2015 · 2018-08-16 · Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais 1 1. Cúlra agus Cuspóir Chiste na nDéanmhas i mBaol Is éard

Ciste na nDéanamhas i mBaol 2015 Foirm Iarratais A

A2

FOIRM B - ÉILEAMH AISGHABHÁLA – LE COMHLÁNÚ AG AN ÚDARÁS ÁITIÚIL

TÁBHACHTACH Comhlánaigh Foirm B ar leith do gach éileamh. Féadfar éileamh a dhéanamh am ar bith roimh an spriocdháta,

Dé hAoine 16ú Deireadh Fómhair 2015. Forghéillfear aon mhaoiniú nach bhfuil éilithe faoin dáta seo. Ní mór leagan cruachóipe d'Fhoirm B a sholáthar don Roinn. Ní mór go mbeadh fianaise fhíseach d'oibreacha críochnaithe leis an bhfoirm seo, e.g. grianghraif nó físeáin. Chomh maith leis sin, ní mór go mbeadh fianaise gur íocadh an deontas leis an iarratasóir leis an bhfoirm seo, e.g. íocaíocht Agresso nó córas airgeadais dá leithéid.

3a. Sonraí an Éilimh

Ainm an Údaráis Áitiúil: Uimh. Thag. SRF

Uimhir Deimhnithe Imréitigh Cánach:

Dáta Éaga:

Caiteachas iomlán ar an tionscadal:

€ I ndáil leis an gcabhair deontais

Méid íoctha ag an údarás áitiúil leis an iarratasóir:

€ Dáta na híocaíochta:

Deontas leithdháilte ag an Roinn:

Caiteachas Comhfhreagrach: € = % den chaiteachas foriomlán

Forchúiteamh lorgtha: €

Coigiltis: (más ann) €

3b. Cur síos gairid ar na hoibreacha críochnaithe

Page 28: CISTE NA NDÉANMHAS I MBAOL CIORCLÁN SRF/2015 · 2018-08-16 · Ciste na nDéanmhas i mBaol 2015 Treoir Iarratais 1 1. Cúlra agus Cuspóir Chiste na nDéanmhas i mBaol Is éard

Ciste na nDéanamhas i mBaol 2015 Foirm Iarratais A

A3

FOIRM B - ÉILEAMH AISGHABHÁLA – LE COMHLÁNÚ AG AN ÚDARÁS ÁITIÚIL 3c. Murab ionann na hoibreacha críochnaithe agus na hoibreacha a beartaíodh, mínigh an chúis atá leis sin

3d. Dearbhú an Údaráis Áitiúil

Dearbhaím go bhfuil cigireacht déanta agam ar na hoibreacha a bhfuil cur síos déanta orthu ar Fhoirm B 3b agus go bhfuil na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le híocaíochtaí deontais de réir Chiorclán SRF/2015 á gcomhlíonadh agus go bhfuil an deontas leithdháilte don tionscadal seo íoctha ag an údarás áitiúil leis an iarratasóir cheana féin.

Éileamh arna ullmhú ag* Éileamh arna dheimhniú ag*

Ainm (Bloclitreacha)

Post:

Guthán:

Seoladh Rphoist:

Síniú:

Dáta:

* Ní mór don Oifigeach Caomhantais Ailtireachta nó a chomhionann an t-éileamh a ullmhú ** Ní mór go mbeadh an t-éileamh deimhnithe ag Príomhoifigeach Feidhmiúcháin nó Stiúrthóir Seirbhísí

Seol Foirm B (LENA N-ÁIRÍTEAR FIANAISE FHÍSEACH D'OIBREACHA AGUS FIANAISE GUR ÍOCADH AN T-IARRATASÓIR) chuig: Polasaí um Oidhreacht Thógtha & Ailtireacht, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath 1. Téigh i dteagmháil le fón 01 888 2428 nó 01 888 2149 nó [email protected] má tá aon cheist agat.

D'úsáid oifigiúil amháin: