32
22.07.2011 €1.65 (£1.50) Uimh. 29 Ag Cothú Phobal na Gaeilge Fuath Léirithe don Teanga L. 5 www.gaelsceal.ie South Boston – an ceantar Éireannach as ar fáisceadh “Whitey”– agus cuimse daoine maithe freisin L. 16 Scáth na Scannal ar Ghaoth Dobhair Danny Brown, i dTír Chonaill IS cosúil nach bhfuil deireadh go fóill leis an scannal a bhris amach i nGaoth Dobhair maid- ir le hionsaithe gnéis ar ghasúir i bhfoirgneamh a bhí in úsáid mar Choláiste Samhraidh le blianta. Tháinig sé chun solais Dé Luain ag cás cúirte sa Phríomhchúirt Choiriúil i mBaile Átha Cliath go raibh Mícheál Ó Fearraigh as Carraig Uí Bhaoill i nGaoth Dobhair ag éigniú gasúr, á n-ionsaí go gnéasúil agus ag déanamh pornagrafaíochta san fhoirgneamh, Ardscoil Mhuire, ar feadh tréimhse idir 1990 agus 2005. Ag an chás cúirte sin, dúirt an breitheamh Paul Carney go raibh sé dochreidte go raibh cead ag Ó Fearraigh pilleadh ar a chuid oibre mar fhear faire ag an Ardscoil i ndiaidh pléadáil ciontach as ionsaí gnéis ar ghasúr san fhoirgneamh sa bhliain 2002. Cháin an breitheamh an Garda Síochána sa cheantar agus údaráis an Choláiste Samhraidh as ligean dó obair in aice le páistí nuair a bhí sé ar liosta ciontóirí gnéis. Céadaoin, d’eisigh Seosamh Ó Gallchóir, atá i gceannas ar Choláiste Cholm- cille, ráiteas ina ndúirt sé gur iarr siad eochracha an Choláiste ar Ó Fearraigh nuair a chuala siad go raibh sé le bheith os comhair na cúirte in 2002 agus nach raibh cead aige bheith san fhoirgneamh gan mhaoirseacht. Ar lean ar leathanach 5 An UVF ar an ionsaí EISIACH : Tá an eagraíocht ag cúlú ó obair thrasphobail, daoine óga ag iarraidh an eagraíocht “a choinneáil ag dul,” aidhm acu smacht a fháil ar a gceantair féin Anton Mac Cába D’EAGRAIGH an UVF dhá ionsaí i bPort an Dúnáin thar thréimhse an 12ú Lá. Lean seo ar na hionsaithe a rinne an eagraíocht chéanna ar chean- tar na Trá Giorra i mBéal Feirste. Bhí suas le 200 páirteach san ionsaí. Bhíodh an ceantar a ionsaíodh Caitliceach, ach is inimircigh is mó atá anois ann. Léiríonn na hionsaithe seo na hathruithe sa UVF. Le tamall, deir daoine atá bain- teach le hobair phobail go bhfuil an UVF ag cúlú ó obair thrasphobail. Tamall de bhlianta ó shin, bhíodh daoine bainteach leis an UVF á brú seo. Ar lean ar leathanach 2 Achainí i gCoinne Gáinneáil Ghnéis Gadaí na soinean- tachta - Micheál Ó Fearraigh, brúid!: Dónall Mac Giolla Chóill Leathanach 9 Derek Ó Maolagáin, an t-íobartach a lig don chúirt a ainm a fhuascailt, dearfa cinnte go bhfuil níos mó le teacht amach maidir leis na hion- saithe gnéis a rinne Mickey Ferry. Deireadh le roinnt eitiltí Aer Arann Katie McGreal CHUIR Aer Arann na heitiltí deireanacha idir Baile Átha Cliath agus Sligeach, Gaillimh, Cnoc Mhuire agus Doire san aer inné de bharr tarraingt siar ar mhaoiniú ón Rialtas. D’fhógair an t-iarAire Iom- pair, Noel Dempsey, i mí Eanáir, “Bheartaigh an rialtas deireadh a chur leis na conarthaí Oibleagáide Seirb- híse Poiblí (PSO) i mí Iúil do na heitiltí réigiúnacha idir Baile Átha Cliath agus Sligeach, idir Baile Átha Cliath agus Gail- limh, idir Baile Átha Cliath agus Cnoc Mhuire agus idir Baile Átha Cliath agus Doire.” De bharr an chinnidh sin, ní féidir le hAer Arann leanúint ar aghaidh leis na heitiltí réigiú- nacha seo mar níl inmharthana ar bhonn tráchtála. “Ní féidir linn na haerbhealaí seo a chlúdach gan cabhair ón rialtas,” a dúirt Aer Arann. Ar lean ar leathanach 2 Shínigh 165,000 duine achainí i gcoinne gáinneáil ghnéis an tseachtain seo. D’eagraigh The Body Shop Ireland i gcomhpháirtíocht leis an gComhghuaillíocht um Chearta Leanaí agus an comhlacht atá i gcoinne pornagrafaíocht agus gáinneáil leanaí, ECPAT Idirnáisiúnta, an achainí. Tá achainíocha den chineál céanna i 50 tír eile timpeall an domhain. Thug The Body Shop Ireland an achainí go dtí an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Frances Fitzgerald, inné. [PIC : EAMONN FARRELL/PHOTOCALL IRELAND]

Gaelscéal - 22.07.11

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: Gaelscéal - 22.07.11

22.07.2011•€1.65 (£1.50)Uimh. 29 Ag Cothú Phobal na Gaeilge

FuathLéirithe don TeangaL. 5

www.gaelsceal.ie

South Boston – anceantar Éireannachas ar fáisceadh“Whitey”– aguscuimse daoinemaithe freisin L. 16

Scáth naScannalar GhaothDobhair

Danny Brown, i dTír Chonaill

IS cosúil nach bhfuil deireadhgo fóill leis an scannal a bhrisamach i nGaoth Dobhair maid-ir le hionsaithe gnéis ar ghasúiri bhfoirgneamh a bhí in úsáidmar Choláiste Samhraidh leblianta.

Tháinig sé chun solais DéLuain ag cás cúirte saPhríomhchúirt Choiriúil imBaile Átha Cliath go raibhMícheál Ó Fearraigh as CarraigUí Bhaoill i nGaoth Dobhair agéigniú gasúr, á n-ionsaí gognéasúil agus ag déanamhpornagrafaíochta sanfhoirgneamh, ArdscoilMhuire, ar feadh tréimhse idir1990 agus 2005.

Ag an chás cúirte sin, dúirtan breitheamh Paul Carney goraibh sé dochreidte go raibhcead ag Ó Fearraigh pilleadh ara chuid oibre mar fhear faire agan Ardscoil i ndiaidh dópléadáil ciontach as ionsaígnéis ar ghasúr san

fhoirgneamh sa bhliain 2002.Cháin an breitheamh an

Garda Síochána sa cheantaragus údaráis an CholáisteSamhraidh as ligean dó obairin aice le páistí nuair a bhí sé arliosta ciontóirí gnéis.

Dé Céadaoin, d’eisighSeosamh Ó Gallchóir, atá igceannas ar Choláiste Cholm-cille, ráiteas ina ndúirt sé guriarr siad eochracha anCholáiste ar Ó Fearraigh nuaira chuala siad go raibh sé lebheith os comhair na cúirte in2002 agus nach raibh ceadaige bheith san fhoirgneamhgan mhaoirseacht.

Ar lean ar leathanach 5

An UVF ar an ionsaí EISIACH : Tá an eagraíocht ag cúlú ó obairthrasphobail, daoine óga ag iarraidh aneagraíocht “a choinneáil ag dul,” aidhm acusmacht a fháil ar a gceantair féinAnton Mac Cába

D’EAGRAIGH an UVF dháionsaí i bPort an Dúnáin tharthréimhse an 12ú Lá. Lean seoar na hionsaithe a rinne aneagraíocht chéanna ar chean-tar na Trá Giorra i mBéalFeirste.

Bhí suas le 200 páirteachsan ionsaí. Bhíodh an ceantara ionsaíodh Caitliceach, ach is

inimircigh is mó atá anoisann.

Léiríonn na hionsaithe seona hathruithe sa UVF. Letamall, deir daoine atá bain-teach le hobair phobail gobhfuil an UVF ag cúlú ó obairthrasphobail. Tamall debhlianta ó shin, bhíodhdaoine bainteach leis an UVFá brú seo.

Ar lean ar leathanach 2

Achainí i gCoinne Gáinneáil Ghnéis

Gadaí na soinean-tachta - Micheál ÓFearraigh, brúid!:Dónall Mac GiollaChóill

Leathanach 9

Derek Ó Maolagáin, an t-íobartach alig don chúirt a ainm a fhuascailt,dearfa cinnte go bhfuil níos mó leteacht amach maidir leis na hion-saithe gnéis a rinne Mickey Ferry.

Deireadh le roinnteitiltí Aer Arann Katie McGreal

CHUIR Aer Arann na heitiltídeireanacha idir Baile ÁthaCliath agus Sligeach, Gaillimh,Cnoc Mhuire agus Doire sanaer inné de bharr tarraingt siarar mhaoiniú ón Rialtas.

D’fhógair an t-iarAire Iom-pair, Noel Dempsey, i míEanáir, “Bheartaigh an rialtasdeireadh a chur leis naconarthaí Oibleagáide Seirb-híse Poiblí (PSO) i mí Iúil do naheitiltí réigiúnacha idir Baile

Átha Cliath agus Sligeach, idirBaile Átha Cliath agus Gail-limh, idir Baile Átha Cliathagus Cnoc Mhuire agus idirBaile Átha Cliath agus Doire.”

De bharr an chinnidh sin, níféidir le hAer Arann leanúint araghaidh leis na heitiltí réigiú-nacha seo mar níl séinmharthana ar bhonntráchtála. “Ní féidir linn nahaerbhealaí seo a chlúdachgan cabhair ón rialtas,” a dúirtAer Arann.

Ar lean ar leathanach 2

Shínigh 165,000 duine achainí i gcoinne gáinneáil ghnéis an tseachtain seo. D’eagraigh The Body Shop Ireland i gcomhpháirtíochtleis an gComhghuaillíocht um Chearta Leanaí agus an comhlacht atá i gcoinne pornagrafaíocht agus gáinneáil leanaí, ECPATIdirnáisiúnta, an achainí. Tá achainíocha den chineál céanna i 50 tír eile timpeall an domhain. Thug The Body Shop Ireland anachainí go dtí an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Frances Fitzgerald, inné.

[PIC : EAMONN FARRELL/PHOTOCALL IRELAND]

Page 2: Gaelscéal - 22.07.11

2 • GAELSCÉAL Dé hAoine, 22 Iúil, 2011

NUACHTNÁISIÚNTA

Ciarán Dunbar Eagarthóir

[email protected]

Patricia Ní ChonghaileComhordaitheoir Táirgíochta

[email protected]

Treasa BhreathnachIriseoir

[email protected]

Seosamh Ó RiainIriseoir

[email protected]

Katie McGrealIriseoir

[email protected]

Caroline Ní ChualáinComhordaitheoir Oideachais

[email protected]

Gráinne McElwainSoláthróir Ábhair Spóirt

[email protected]

Oifig an Spidéil: 00353-91-897766

Baineann Gaelscéal úsáid as Gaelspell agus Ceart,bogearraí a chabhraíonn le litriú agus gramadach na

Gaeilge, www.cruinneog.com

An UVF ar an ionsaí Ar lean ó leathanach a haonDeir foinsí dílseacha go

bhfuil glúin óg nua anois igceannas. “Ba mhaith leis nadaoine óga seo an eagraíocht achoinneáil beo,” arsa foinseamháin. “Tarlaíonn sin nuair abhíonn sean-dream i gcean-nas, gan próiseas acu chun fáilréidh leis an eagraíocht.”

Bhíodh an UVF ar aneagraíocht pharaimíleatadhílseach ab eagraithe. Sna90í, thug sé tacaíocht dophróiseas na síochána. Bhu-naigh sé an Páirtí AontachtachForásach (PUP), mar pháirtí

don lucht oibre Protastúnach. Ní raibh tacaíocht an UVF

ina iomláine riamh ag an PUP.B’shin go háirithe taobhamuigh de Bhéal Feirste. Thitan PUP as a chéile le bliainanuas. Le 13 mí, d’éirigh triúrceannaire as. Ba é Brian Ervinean duine deireanach.

Cúpla mí ó shin, rinnedílseoirí ionsaí le péint-bhua-maí ar theach pobailCaitliceach Naomh Maitiú inoirthear Bhéal Feirste. BhronnErvine airgead ar an sagartparóiste leis an damáiste aghlanadh suas. Chuir seo fearg

ar chuid den UVF. Tá lucht na polaitíochta

chun siúil ón UVF. Ach, agusan Tuaisceart mar atá, tá folúsann do ghrúpa paraimíleatadílseach. Níl dream ar bith eilesan iomaíocht leis an UVF.

Tá an LVF tite as a chéile. Táscoilteanna doimhne sa UDA.Thug sin seans don UVF bhei-th ag bailiú nirt – beart a rinne.Tá graifítí ag tabhairttacaíochta don UVF dá scríobhsuas i gcuid mhór áiteanna.

Ní fios an feachtas eagraitheseo. Nó an daoine óga atá dádhéanamh, mar go bhfuil an

UVF anois tarraingteach acu.Bhí an UVF ag bailiú nirt arís

agus aird na meán ar easaon-tóirí Poblachtacha. Tharthréimhse seacht mbliana goleith mharaigh siad ochtar, darleis an Choimisiún Idirnáisiún-ta Monatóireachta (IMC). Bhísin níos mó ná eagraíocht arbith eile.

Dar leis an tuarascáil dheire-anach ón IMC go raibh an UVFar shos cogaidh ar fad. Mar sinféin, bhí an eagraíochtgnóthach: “During the periodunder review we believe thatthere has been some gathering

of intelligence about peoplebelieved to be dissident repub-licans and that this has beenwith the sanction of the lead-ership.”

Leis, tá cuid den eagraíochtsáite sa choirpeacht.

Deir foinsí dílseacha nachbhfuil iomrá ar an UVF pil-leadh ar an chogadh. Is smachtar a gceantracha féin is mó atái gceist. Go fiú leis na hion-saithe seicteacha, tá cláráirithe ann; tá cuid acu annmar go bhfuil an UVF ag iar-raidh maoiniú a fháil do thion-scnamh áirithe.

Deireadh le roinnt eitiltí Aer Arann Ar lean ó leathanach a haonBeidh eitiltí idirnáisiúnta fós ag dul trí na haer-

foirt seo. Níl aon athrú tagtha ar na heitiltí goSasana, go hAlbain, go dtí an Bhreatain Bheag nágo dtí an Fhrainc ó na haerfoirt seo.

D’fhógair an tAire i mí Eanáir, “Leanfaimid araghaidh le tacaíocht PSO do na heitiltí réigiú-nacha idir Ciarraí agus Baile Átha Cliath agus idirDún na nGall agus Baile Átha Cliath.”

Ní raibh aon rud le rá inné ag an Aire Iompairatá ann faoi láthair, Leo Varadkar, mar gheall ardheireadh a bheith tagtha leis na heitiltí réigiú-nacha seo. Dúirt Aer Arann, “Táimid fós ag for-bairt na nasc aer idir Baile Átha Cliath agus naréigiúin ar fad in Éirinn.”

Pic: Photocall Ireland

Tacaíocht Fhine Gael thuas Seosamh Ó Riain

LÉIRIGH an phobalbhreith isdéanaí de chuid an Irish Timesgo bhfuil tromlach na vótóirímíshásta leis an gComhrialtas.

Tá, áfach, tacaíocht d’FhineGael suas dhá phointe go 38%,mar atá an rátáil sásaimh doEnda Kenny, suas 16 pointe go53%. Sin an ráta is airde d’aoncheannaire polaitíochta agus

an ceann is fearr riamh donTaoiseach ó ceapadh inacheannaire ar Fhine Gael é in2002. Tá an tacaíocht doPháirtí an Lucht Oibre agusFianna Fáil ag 18%, titimpointe amháin, agus ardú dháphointe, faoi seach.

Is in airde atá an sásamh donRialtas ag dul, suas 4% go 37%,ach tá tromlach (55%) nandaoine míshásta leis fós.

Fear cúisithe de bharr ‘Barney’a chaitheamh san abhainnTreasa Bhreathnach

CÚISÍODH fear 19 bliain d’aois as coinín, ar le fear gandídean é, a chaitheamh in abhainn na Life. Bhí GaryKearney as Baile Átha Cliath sa chúirt inné agus écúisithe faoin Acht um Chosaint Ainmhithe agus faoibheith ag briseadh na síochána. Chuir an breitheamh ancás ar fionraí go ceann seachtaine.

Deir úinéir an choinín darb ainm Barney, John PatrickByrne, go raibh sé ina shuí ar dhroichead Uí Chonaillnuair a tháinig ógánach agus rug sé greim ar chluasa Bar-ney agus chaith sé isteach san abhainn é. Láithreachbonn thug John Patrick Byrne faoin uisce fuar chun Bar-ney a tharrtháil. Rinne Aonad Dóiteáin Bhaile ÁthaCliath an bheirt acu a tharrtháil.

Tugadh aitheantas do John Patrick Byrne ní ba luaithean mhí seo nuair a bhronn an líonra Animal RightsAction Gradam an tSaoránaigh Thruachroíoch air.

Tá an tUasal Byrne ar thóir ionad dídine a ghlacfadhleis féin agus lena chuid ainmhithe, Barney agus amhadra Lilly. Tá John Patrick Byrne gan dídean le 22 bli-ain anuas, ó bhí sé 14 bliain d’aois. John Byrne agus a choinín Barney [PIC : SASKO LAZAROV/ PHOTOCALL IRELAND]

Poist NuaKatie McGreal

CHRUTHAIGH na comhlachtaíidirnáisiúnta Allianz agus Sangartpoist nua i gCorcaigh agus imBaile Átha Cliath inné.

Is comhlacht árachais sláinte éAllianz a chruthaigh 50 post nua imBaile Átha Cliath. Beidh na poistsna rannóga seo a leanas - seirb-híse do chustaiméirí, airgeadais,

teicneolaíocht fianaise, comhair-leoirí altraí agus margaíocht agusbeidh líofacht i dteanga eile agteastáil le haghaidh roinnt de napoist. Chruthaigh an comhlachtcógaseolaíoch Sangart 120 postdéantúsaíochta i gCarraigThuathail i gCorcaigh. Thug anrialtas agus GFT Éireann tacaíochtdon infheistíocht idirnáisiúntaseo.

Page 3: Gaelscéal - 22.07.11

NUACHT • 3GAELSCÉAL Dé hAoine, 22 Iúil, 2011

GLAOCH AR IARRATAIS

SCÉIM DO SHOLÁTHRÓIRÍ SAINCHÚRSAÍ OILIÚNA GAEILGE DON EARNÁIL PHOIBLÍ 2011–2014

Fáiltíonn Foras na Gaeilge roimh iarratais faoi Scéim do Sholáthróirí Sainchúrsaí Oiliúna Gaeilge don Earnáil Phoiblí 2011 – 2014. Tuilleadh eolais (Foirmeacha Iarratais, Critéir na Scéime agus eile) ón seoladh thíosluaite. Spriocdháta: Dé hAoine, 19 Lúnasa 2011 (roimh 17.00).

TUILLEADH EOLAIS & FOIRMEACHA IARRATAIS Gearóid Mag Uibhrín, Rannóg na hEarnála Poiblí, Foras na Gaeilge,

An Chrannóg, Na Doirí Beaga, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.

T: +353 (0)74 9558130 R: [email protected]

“Díbrítear an PapalNuncio”

Thug Enda Kenny ráiteas fíorláidir saDáil Dé Céadaoin faoi ThuarascáilChluana, an ráiteas is feargaí atátugtha ag Taoiseach i leith polasaithelofa na Vatacáine ó thaobh mí-úsáid

ghnéasach leanaí.Is athrú poirt ollmhór é seo ón rialtas deire-

anach – cuimhnigh gur chosain Brian CowenNuinteas an Phápa (Papal Nuncio) in 2009 nuaira nocht Tuarascáil Murphy nár chomhoibrigh anVatacáin le fiosruithe i leith ionsaithe ar pháistí imBaile Átha Cliath. Tá an rialtas reatha agfanacht ar fhreagra oifigiúil ón Vatacáin i leithThuarascáil Chluana agus tá moladh déanta agcathaoirleach Fhine Gael, Charlie Flanagan, gurcheart an Nuinteas an Phápa a dhíbirt ón tír.

An tseachtain seo rinne an tAire Dlí agus CirtAlan Shatter beag is fiú de ráiteas a rinneurlabhraí na Vatacáine faoi Thuarascáil Chluanaagus is cosúil nach mbeidh an freagra oifigiúilpioc níos sásúla. Scéal idirnáisiúnta a bheadhann dá ndeánfaí Nuinteas an Phápa a dhíbirt óntír agus ní bheadh an Vatacáin in ann cluas bhod-har a thabhairt dó.

Oifig Phoist naBáinsí ina hábharríthábhachtachnáisiúnta?

Nuair a chríochnaíonn Ceisteanna nagCeannairí sa Dáil gach maidinéalaíonn formhór na dteachtaí agusna n-iriseoirí ón seomra toisc gobhfuil ar an gCeann Comhairle

glacadh le hiarratais faoi Bhuanordú 32. 'Cac asail' an cur síos atá ag seanfhondúir ó

áiléar na n-iriseoirí ar an gcuid seo de ghnó naDála. Go teoiriciúil baineann Buanordú 32 leceisteanna náisiúnta olltábhachtacha, agus mághlactar leo cuirtear clár an lae ar fionraí chun ant-ábhar seo a phlé. Le fiche bliain anuas níorglacadh ach le dornán iarratas, ionradh SAM aran Iaráic, an ghéarchéim Crúib agus Béil agus anBinse Mairteola mar shampla.

Baineann teachtaí ó gach páirtí leas as an Ordúle hábhair eile a thógáil sa Dáil áfach, suas le 14

ceist sa seisiún. De ghnáth tosaíonn siad leráiteas gairid - “I wish to seek an adjournment ofthe Dáil under Standing Order 32 to raise a matterof national importance,” agus ansin luann siad pérud atá ag déanamh tinnis dóibh - liúntais bhre-osla, an HSE, an USC, Superquinn, conarthaítógála scoile ag dul thar an teorainn srl.

Bhain an 'cheist ríthábhachta náisiúnta' a bhíag Mattie McGrath an tseachtain seo le todhchaíOifig an Phoist ar an mBáinseach i ndeisceartThiobraid Árann. Diúltaítear do 99.9% de naceisteanna faoi Bhuanordú 32, agus tá sé seo areolas ag gach teachta roimh ré.

Cén fáth a gcuireann siad na ceisteanna marsin? Ionas gur féidir leo a rá leis na vótóirí satoghcheantar agus leis na nuachtáin áitiúla gur'thóg' siad an cheist sa Dáil.

Cleachtas ciniciúil dramhaíolach atá ann, achtá dea-scéal agam daoibh. Tá leasú le déanamhar ghnó na Dála agus tar éis an tsamhraidh níghlacfar le ceisteanna ó bhéal faoi Bhuanordú 32,scríobhfar iad i Leabharlann na Dála agus níchuirfear am amú orthu seachas sa chás fíor-eis-ceachtúil go nglactar le ceann.

Cuirfear tús le mír nua sa Dáil, CeisteannaTráthúla, chun deis a thabhairt do theachtaíbreis ceisteanna a chur faoi bhráid an rialtais.Glacfar le ceithre cheist in aghaidh an lae agusbeidh ar na hAirí iad a fhreagairt. Mar aon lei ssin tá an Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidíag machnamh ar am ar leith a chur ar aghaidhchun ceisteanna 'paróiste' a phlé. Má tharlaíonnsé sin seans go bhfaighidh Mattie McGrath frea-gra ar thodhchaí Oifig an Phoist iar an mBáin-seach.

Sinn Féin agus anGhaeilge sa Dáil

Bhí ceannairí na bpáirtithe ag pléghéarchéim fiachais na hEorpa sa Dáilan tseachtain seo. 'Thréaslaigh' GerryAdams leis an Taoiseach i nGaeilge DéMáirt as aithint nach raibh fiacha na

tíre 'inbhuanaithe'.“Tá mé an-sásta é a fheiceáil anseo inniu,” ar

seisean. “Ní raibh sé anseo an uair dheireanach achuireamar ceisteanna ar an Taoiseach. Caithfidhmé a rá go bhfuil mé sásta go bhfuil sé anseo anois.Caithfidh an Taoiseach a bheith soiléir nach bhfuilseo inbhuanaithe. Caithfidh sé a bheith á rá sin gohan-soiléir fosta.”

Tá sé de nós ag Adams abairt a rá i nGaeilge agusé ag cur ceisteanna ar an Taoiseach agus lenachead a thabhairt do Enda Kenny, bíonn abairt nódhó dá fhreagra i nGaeilge.

“Tá a fhios ag an Teachta Adams go maith céardatá mé a rá anseo le cúpla mí anuas faoindeacracht atá ag Éirinn,” arsa Kenny. “Tá a fhiosaige go maith freisin go ndearnadh cinneadh ag anchruinniú ar 11 Márta gur chóir go mbeadh laghdúráta úis do na tíortha atá sáite isteach sa chomh-lacht ESFS.” “Ach cad a tharla anseo?” arsa Adams.

“Ba chóir go mbeadh laghdú ar an ráta úis ansinach níor tharla an laghdú sin,” a dúirt anTaoiseach. “Is é an t-aon tír nach raibh sásta é sin adhéanamh ná an Fhrainc.”

Dá mbeadh comórtas don Ghaeilgeoir is mó saDáil an téarma seo bheadh géariomaíocht idirAdams agus Kenny don duais.

Bheadh an bua ag Adams áfach toisc gur seiseana thosaíonn an Ghaeilgeoireacht – rud a spreagannan Taoiseach chun abairt nó dhó a rá.

Ní bheidh fáilte ag gach duine do Ghaeil-

CLUAS SA CHEANNÁRASLenár gcomhfhreagraí polaitiúil i dTeach Laighean, Colm Ó Broin

geoireacht Adams dar ndóigh – beidh daoine ann adéarfaidh gur droch rud atá ann, go bhfuil sé ag'ceangail' na teanga le Sinn Féin agus le sceimh-litheoireacht an IRA.

De bharr an ansmachta a bhí ag an MacCárthachas in Éirinn ó thús na dTrioblóidí bíonndrogall ar dhaoine nach dtacaíonn le Sinn Féin aonrud dearfach a rá fúthu ar eagla go ndéarfaí gur'fellow travellers' iad. Ach tá sé thar am an chin-sireacht seo a chaitheamh i dtraipisí.

Níl páirtí ar bith ag déanamh go leor ar son naGaeilge, ach bheadh sé deacair a shéanadh gobhfuil an iarracht is láidre á déanamh faoi láthairag Sinn Féin an teanga a chur chun cinn sa Dáil.Maítear go ndéanann siad don Ghaeilge – ach israiméis é sin.

Formhór na ndaoine a deir go bhfuil siad 'put offIrish' de bharr Shinn Féin - bheadh leithscéal eileacu ón liosta gan chríoch de rudaí a chuireanndaoine ón nGaeilge mura mbeadh Gerry Adams agúsáid na teanga (ie, Gaeilge éigeantach, Peig, naBráithre Críostaí, costais aistriúcháin agus arailego síoraí). An chuid eile tá eagla orthu roimhbhiogóidí a ndéarfadh gur 'provos' iad dá mbeadhGaeilge acu. Cén fáth a leagann Sinn Féin níos móbéime ar an nGaeilge ná páirtithe eile?

Tá cúpla cúis leis sin, an phríomhcheannná...vótaí, an príomhchúis le gach rud a dhéanannpolaiteoirí.

Mar aon leis sin, measann siad ar chúis áisteachéigin go gcabhróidh cothú na Gaeilge le haontú natíre, ach ní fheicimse aon fhianaise gur “urchar arson na saoirse” é gach focal Gaeilge a fhogh-laimítear. Is féidir le duine ar bith Gaeilge a lab-hairt, níl cosc ar éinne.

Is féidir le Sinn Féin 'Tiocfaidh ár lá' a rá agus isféidir le hArm na Breataine 'Faugh a Ballagh' a rá,ní stopfaidh sé sin mise nó duine ar bith eile aglabhairt na Gaeilge má tá fíormhian acu é sin adhéanamh.

Mattie McGrath TD - is ceist thábhachtach dophobail áitiúla go mbíonn Oifig an Phoist ann -ach an ceist náisiúnta é a Mattie?[PIC : LEON FARRELL/PHOTOCALL IRELAND]

Tá Enda (thuas) agus Gerry (thíos) i gcomórtasgéar do dhuais, ‘Gaeilgeoir na míosa’ sa Dáil. níbheadh mórán díospóireacht ann faoi Endaach an ndéanann Gerry dochar don teanga?

Page 4: Gaelscéal - 22.07.11

4 • NUACHT GAELSCÉAL Dé hAoine, 22 Iúil, 2011

Macallaí Agóidí na ‘H-Blocks’le mothú in Maigh gCabraíPríosúnach amháin ar stailc ocrais, 25-30 ar ‘agóid shalach’Anton Mac Cába

Tá idir 25 agus 30 cimepoblachtach ar agóidshalach sa sciathánpoblachtach i bpríosúnMhaigh gCabraí ó

thuaidh. Tá an agóid cosúil leis anagóid sna H-Blocanna 30 éigeanbliain ó shin. Bhris na cimí nadoirtil agus na leithris sna cillínímar chuid den agóid. Tá múinagus eiscréid dá ndoirteadh ar ancheann staighre, agus dá spré arna ballaí.

Tá na cimí ag éileamh gombeadh deireadh leis annochtchuardach, agus leis anghluaiseacht rialaithe. Ag anbhomaite, tá na cimí faoi ghlas 24uair sa lá.

Dúirt Josephine Hayden ó Cab-hair (Eagraíocht ar son na bpríosú-nach seo) nach raibh na cimí ábal-

ta dul chuig an chlós aclaíochta ón5ú Iúil.

Dar leis na cimí, rinneadh socrúidir iad agus Seirbhís PríosúnThuaisceart Éireann mí Lúnasaseo caite. De réir doiciméid atá arshuíomh na Seirbhíse – “No ran-dom full body searching will takeplace on the way to domestic andlegal visits and the videolink orfrom the SSU.” Dar le luchttacaíochta na gcimí, briseadh ansocrú sin.

Bhí ‘Shane’, urlabhraí tharceann Chumann Fóirthinte nagCimí Poblachtacha (IRPWA), archuairt sa phríosún seachtain óshin. Dúirt sé go mbíonn nahúdaráis ag iarraidh ar na fir agcuid éadaigh a bhaint díobh donchuardach: “Ansin, bíonn orthusuí síos ar a ngogaide, tógtar cosamháin, ansin an chos eile. Fir adhiúltaíonn dó seo, stróictear na

héadaí díobh.” Mar chuid den socrú anuraidh,

socraíodh go mbeadh “combina-tion of the latest technologieswhich will remove the require-ment for routine full-body search-ing of separated prisoners withinthe prison.” Mhínigh Shane: “Bhísiad le dhá ‘BOSS chair’ a churisteach. Tá saghas x-gha ann.”Níor cuireadh ach ‘BOSS chair’

amháin isteach.Ciallaíonn gluaiseacht rialaithe

go gcaithfidh leath-dhosaenbairdéir bheith le cime atá taobhamuigh dá chillín. Fágann sin ganach an t-aon chime amháin bheithtaobh amuigh dá chillín ag an aonam amháin. “Ní fheiceann fir achéile,” arsa Shane.

Dúirt Josephine Hayden gobhfuil na cimí ag éileamh nagcearta céanna agus atá ag cimí ibPort Laoise. “Tig leo meascadhlena chéile ansin,” ar sise.“Osclaítear na cillíní ag a leath indiaidh a hocht nó a naoi. Bíonnsiad faoi ghlas ar feadh uaire nuaira bhíonn na bairdéirí ag ithe andinnéir sa cheaintín.”

Ní fios an mbeidh géarú ar anagóid, ach tá an baol ann. “Déan-faidh siad an rud a chaithfidh siada dhéanamh,” dar le Shane.

Ní sin an t-aon fhadhb le cúrsaí

príosúin atá ann. Bhí stailc ocraisle toiseacht i mBéal Feirste aréir(Déardaoin) ag éileamh go scaoilfísaor Brendan Lillis. Tá Lillis faoighlas i Maigh gCabraí. Gearradhtéarma saoil air sna 70í, gur chaithsé 17 bliain faoi ghlas. Tá ankylos-ing spondylitis air.

Dhá bhliain ó shin, cuireadhfaoi ghlas arís é. Dúirt Gerard Hod-gins, cara le Lillis, gur cuireadhiarracht ar fhuadach tíogair inaleith. “Cuireadh an chúis ar cealmar nach raibh sé ábalta dul faoichúirt,” arsa Hodgins. “Ach coin-níodh faoi ghlas é leis an téarmasaoil a chríochnú. Níl ionchas saoilfada aige. Níl sé ábalta éirí ónleaba le dhá bhliain.”

Tá an Comhalta den TionólReachtach Colm Eastwood agéileamh go scaoilfí Lillis saor.Thug sé tacaíocht don fheachtasin agallamh leis an BBC.

An droichead nach dtógfar

Anton Mac Cába

BA i bhfreagra scríofa Dála anochtadh nach dtógfar droic-head idir Co. Lú agus an Dún.Bhí an droichead le bheith agan Chaol Uisce, ag béal Aibhnean Iúir. Bhí sé le bheith 0.5 cil-iméadar ar fad.

Shínfeadh sé ón mbótharidir an tIúr agus Ó Méith go dtían bóthar idir an tIúr agus anPointe. Bhí maoiniú €14m leteacht ón rialtas. Níorbh fhiosan maoiniú a bhí le teacht ónbhFeidhmeannas ó thuaidh.

Thug an tAire Iompair, LeoVaradkar, an t-eolas i bhfreagraa thug sé ar cheist ón TeachtaSéamus Kirk. Dúirt Varadkargo ndearna an tÚdarás umBóithre Náisiúnta measúnú ar

bhreithmheas eacnamaíochtaó Chomhairle Contae Lú. Bhísé le diúltú don tionscnamh arbhonn an bhreithmheasa eac-namaíochta, ar bhonn cúrsaíairgeadais mar atá, agus arbhonn an bhrú ó chomhairlíeile fá choinne tionscnaimheile a bheadh níosinmharthanaí.

Dúirt an Teachta JoeMcHugh ó Fhine Gael nachmbeidh impleachtaí ag ceist anChaol Uisce don débhealachA5, idir Co. Mhuineacháinagus Doire.

Tá an maoiniú fána choinneseo le teacht leath ar leath óndá rialtas. £820 milliún ar alaghad atá i gceist. “Iscomhaontú idirnáisiúnta é anA5-N2,” arsa McHugh. “Tá

tacaíocht Oifig an Taoisigh,Oifig an Chéad-Aire agus Oifigan LeasChéad-Aire aige.”

Díol suime ná gurb é DannyKennedy, an tAire ForbarthaRéigiúnaí ó thuaidh, atá imbun cúrsaí bóithre. Ceithrebliana ó shin, chuir sé síos aran droichead ag an Chaol Uiscemar "a misty-eyed project thathas no economic benefit forthe Newry area."

Is ball de Pháirtí Aontach-tach Uladh (UUP) é Kennedy.Dúirt foinsí sa pháirtí nármhiste leo dá gcuirfeadhVaradkar an maoiniú don A5 arceal. “Bheimis ábalta ansin anlocht a chur ar rialtas an deis-cirt, agus ní bheadh orainne ancinneadh a dhéanamh,” arsaan foinse.

An droichead nach dtógfar, íomhá den droichead a bhí beartaithe á thógáil ag Bád an Chaoil.

Bhí stailc ocrais letoiseacht i mBéal Feirstearéir (Déardaoin) agéileamh go scaoilfí saorBrendan Lillis.

Page 5: Gaelscéal - 22.07.11

NUACHT • 5GAELSCÉAL Dé hAoine, 22 Iúil, 2011

GLAOCH AR IARRATAIS

SCÉIMEANNA SCRÍBHNEOIREACHTA 2011

Cuirfear fáilte roimh iarratais do na scéimeanna seo a leanas:

Scéim na nOidí

Scéim na gCoimisiún

Spriocdháta: Roimh 17:00, Dé Céadaoin, 31 Lúnasa 2011.

TUILLEADH EOLAIS & FOIRMEACHA IARRATAIS

Foras na Gaeilge, Ráth Chairn, Baile Átha Buí, Co. na MíT: 046 943 0419 F: 046 943 0420

R: [email protected] I: www.leabhar.ie

Scáth na Scannal ar Ghaoth Dobhair Ar lean ó leathanach a haon

Tagann an míniú sin salachar fhianaise Derek Uí Mhao-lagáin, duine de na híobar-taigh a dúirt sa chúirt gur éig-nigh Ó Fearraigh é sanfhoirgneamh sa tréimhse indiaidh 2002.

Tharla casadh eile ar anscéal Dé Céadaoin nuair ad’fhógair Concos, an scáth-eagraíocht do na ColáistíSamhraidh, gur iarr siad arCholáiste Cholmcille aneagraíocht a fhágáil.

Ní fios go fóill an bhfuil andá Choláiste Cholmcille eileatá faoi stiúir na foirne céannai nDún na nGall san áireamhsa chinneadh sin ach meastargo mbeidh impleachtaíárachais leis an chinneadh archúrsaí sa Choláiste amachanseo.

Tá fiosrú á dhéanamh fostaag Foróige, an eagraíochtnáisiúnta do chlubanna óige,go bhfeice siad an raibh ÓFearraigh fostaithe sa chlubóige a bhíodh lonnaithe inArdscoil Mhuire snahochtóidí.

Is cinnte go raibh sé ag fei-dhmiú mar cheannaire sachlub ach meastar gur arbhonn deonach a bhí sé aggabháil dó.

Tá ceisteanna le freagairtfosta ag Pobalscoil GhaothDobhair mar tá sé soiléiranois go raibh sé fostaitheidir 1984 agus 1985 i gcaifé na

scoile agus gur reachtáil sé ansiopa ansin fosta.

Ní amháin sin achtuairiscítear go mbíodh sé agmúineadh Teagasc Críostaímar mhúinteoir ionadaíochtasa scoil le linn na tréimhsesin.

Tuigtear do Gaelscéal gondeachaigh sé thar sáile archúpla ócáid le daltaí arthurasanna scoile, cé go raibhmúinteoirí i gcuideachta na

ndaltaí ar na turasanna sin.Tá fiosrúchán ar bun

cheana féin ag an GhardaSíochána maidir leis an chásseo ó d’iarr Alan Shatter TD,an tAire Dlí agus Cirt, orthutuarascáil a chur chuige faoina fáthanna go raibh cead agÓ Fearraigh pilleadh chuig achuid oibre cé gur cuireadh arliosta ciontóirí gnéis é.

Dúirt Piaras Ó DochartaighTD Dé Céadaoin go raibh sé idteagmháil le Feidhmean-nacht na Seirbhíse Sláinteagus gur dheimhnigh siadsango mbeadh seirbhísí comhair-liúcháin ar fáil do na daoine ad’fhulaing na hionsaithe gnéisag Ó Fearraigh.

Meastar anois go mbeidhfiosrúchán na nGardaí níosleithne ná sin agus go mbeidhsiad ag iarraidh fáil amach anraibh níos mó íobartach annná an cúigear a luadh snacásanna cúirte agus an raibhníos mó ná Ó Fearraigh bain-teach leis na hionsaithe gnéis.

Sin an imní atá ar dhaoinefá Ghaoth Dobhair anois, goraibh i bhfad níos mó daoineóga a d’fhulaing ionsaithegnéis agus go raibh níos móná Ó Fearraigh páirteach snahionsaithe sin.

Tá Derek Ó Maolagáin, an t-íobartach a lig don chúirt aainm a fhuascailt, dearfa cin-nte go bhfuil níos mó le teachtamach maidir leis an scéal seoagus tá sé deacair gan aontúleis.

Cúlrá an ScéilDanny Brown

BHÍ Ardscoil Mhuire sna Doirí Beaga ag fei-dhmiú mar mheánscoil sa cheantar go dtí1980 nuair a bhog na daltaí go dtí an suíomhúr ag Pobalscoil Ghaoth Dobhair ar an Luin-neach. Bhí sí ina luí folamh ar feadhtréimhse go dtí lár na n-ochtóidí nuair a dío-ladh í le Coláiste Cholmcille, an ColáisteSamhraidh a bhí lárnach sa chás cúirte agusi gcáineadh an bhreithimh Carney antseachtain seo. I dtrátha an ama chéanna,bhí sí in úsáid ag Foróige mar chlub óige sacheantar. Ag an am sin, bhí Mícheál Ó Fear-raigh ina cheannaire deonach sa chlub óige.

Meastar gur thart ar an am sin a thosaighsé a stopadh san fhoirgneamh.

Ag an am céanna, bhí sé ag obair sa chaifé

ag an Phobalscoil agus bhí cúram an tsiopaair fosta sa scoil. Tuairiscítear fosta gombíodh sé ag múineadh Teagasc Críostaí dona daltaí mar mhúinteoir ionadaíochta idir1984 agus 1985. Sa tréimhse sin is cosúil gondeachaigh sé thar sáile ar chúpla ócáid ledaltaí ón Phobalscoil ar thurasanna scoile.

Deir bainistíocht Choláiste Cholmcillenach raibh conradh ag Ó Fearraigh leo agusgo mbíodh sé ag obair san fhoirgneamh marfheighlí ach gur briseadh as a phost é in2001 sula bhfuarthas ciontach é as ionsaígnéis ar ghasúr. Deir siad fosta gur iarr siad,agus go bhfuair siad, eochair ArdscoilMhuire uaidh. Ach tugadh fianaise sa cháscúirte i mBaile Átha Cliath go raibh teacht agÓ Fearraigh ar an fhoirgneamh suas go dtí 15mí ó shin agus go raibh leaba aige istigh ann.

Tugadh fianaise go raibh leapa ag Ó Fearraigh sa scoil

Ard Scoil Mhuire, Gaoth Dobhair, áit ar oibrigh Michael 'Mickey' Ferry d'ainneoin gurciontaíodh é as chion ghnéasach [PIC : EOIN MCGARVEY].

Micheal Ferry [PIC : RTÉ]

Joe Gallagher, stiúrthóir dechuid Cholaiste Cholmcille.

Athbheochan anRiadaigh ag Féilena LaochSeán Ó Loingsigh

BEIDH athbheochan luachan-na an náisiúin Ghaelaigh arbun i gCúil Aodha andeireadh seachtaine seochugainn mar chomóradhspeisialta ar an gcumadóirSeán Ó Riada.

Féile na Laoch a bheidh annagus tá laochra ó réimsíéagsúla an tsaoil chultúrthachun cur i láthair ealaíonta adhéanamh ag Aeraíocht coisAbha an tSuláin ó oíche gomaidin Lae Lúnasa.

Tá Christy Moore, GlenHansard, Seán Ó Sé, PhilCoulter, Martin Hayes,Micheál O’Rourke agus Tony

McMahon ar an gclár chomhmaith le Barry McGovern,Michael D Higgins, Nuala RuaNí Dhomhnaill, Paul Mul-doon, Micheál Ó Muirc-heartaigh agus Charlie Bird.

Rinneadh an seoladhnáisiúnta ar chlár na féile inAmharclann na Mainistreachi mBaile Átha Cliath inné. Basan amharclann chéanna achuir Seán Ó Riada an grúpaas a dtáinig CeoltóiríChualann ar bun nuair a bhídráma á stiúradh ansan aige50 bliain ó shin.

Beidh an scór ceoil a chumSeán Ó Riada don scannánréabhlóideach Mise Éire ásheinnt ag ceolfhoireann le

héirí na gréine i gCúil Aodhaar Lá Lúnasa, lá breithe anRiadaigh. Beifear ag guí ar sonna haimsire nuair a bheidh acheol Aifrinn á chur i láthairan lá roimhe sin i SéipéalChúil Aodha.

Tá sé socraithe gurb é antOllamh le Ceol Micheál ÓSúilleabháin a thabharfaidhléacht chomóradh Sheáin UíRiada ag Féile na Laoch.

Rugadh Seán Ó Riada 80bliain ó shin ar an 1 Lúnasa1931 agus fuair sé bás in aois a40 ar an 3 Deireadh Fómhair1971. Beidh deireadh seach-taine eile d’imeachtaí cuimh-neacháin i gCúil Aodha i dtúsmhí Dheireadh Fómhair.

Page 6: Gaelscéal - 22.07.11

An FicheBliain atáRomhainn:

6 • NUACHT GAELSCÉAL Dé hAoine, 22 Iúil, 2011

Bille Navarro maidir le Mionteangacha na FrainceDiarmuid Johnson

I NDEIREADH na míosa seocaite, chuir an tUasal RobertNavarro, feisire as Languédoc-Roussillon i gCatalóin naFraince, bille faoi bhráid Phar-laimint na Fraince maidir lebreis aitheantais a thabhairt dotheangacha réigiúnda na tíre.Arsa an tUasal Navarro: “Tean-ga atá forleathan i gceantarfaoi leith, tá sé de chuspóiragamsa cead a thabhairt dodhaoine an teanga sin a úsáid,agus [tá sé de chuspóir agam]an teanga sin a chur ar fáildóibh, ní hamháin i gcásmhuintir na Briotáine agus nahOcsatáine, ach i gcás luchtlabhartha gach uile theangaatá beo [sa tír seo] chomhmaith leis an bhFraincis féin.

Tá na teangacha seo i mbaola múchta, agus mura ndéan-faidh muide beart [ar a son], isorainne a bheas an milleánnuair a rachas an dúchas, ansaibhreas agus an éagsúlachtseo i léig,” ar sé.

Is rí-bheag an géilleadh dona teangacha réigiúnda atá imbunreacht na Fraince iláthair na huaire. In 1951, is fíorgur admhaigh dlí Deixonne gobhfuil a leithéid á labhairt satír. Agus is ceart a rá nach raibhaon stádas faoi leith ag anbhFraincis féin an uair sin achmar rud de facto. In 1991 áfach,

dhiúltaigh an stát tagairt do ‘lepeuple corse’, ‘pobal na Cor-saice’ sa mbunreacht. As sin godtí deireadh na naochaidí,cuireadh bonn daingean gohoifigiúil faoin bhFraincis deréir a chéile, agus séanadhaitheantas ar gach teanga eile.Go dtí 1994, is prionsabail pho-laitíochta a bhí i gceist lePoblacht na Fraince – liberté,fraternité, égalité – ach i nDlíToubon an bhliain sin luadhteanga na Fraincise go sonrachle tréithe na Poblachta. Dhiúl-taigh an Fhrainc Cairt naMionteangacha a shíniú in1999, agus leasaíodh an bun-reacht ionas go bhfuil prionsa-

bal an aonteangachaispréamhaithe in Alt a 2 dencháipéis sin feasta. In 2008,bhí tuar ann faoi mhalairt poirtnuair a ceadaíodh clásal sambunreacht a d’admhaigh gurcuid de shaibhreas agusd’oidhreacht na Fraince atásna teangacha réigiúnda. Achní raibh sa méid sin ach sop indiaidh na scuaibe.

Ag cur an bhille faoi bhráidna Parlaiminte dó, mhe-abhraigh an tUasal Navarrotuilleadh den stair do na feisirí.Is mionteanga a bhí sabhFraincis féin aimsir naRéabhlóide in 1789 ar sé. An t-am sin, bhí 28 milliún duine satír, ach níor de lucht labharthana Fraincise ach trí mhilliúndíobh sin. Bhí Bascais, Briotái-nis, Ocsatáinis agus teangachanach iad á labhairt ag formhórna ndaoine.

Chuir sé an bhéim ar nadualgaisí atá ar an bhFrainc:“In 2006, shínigh Poblacht naFraince comhaontú maidir lecaomhnú na hoidhreachtacultúrtha. Shínigh sícomhaontú UNESCO in 2008maidir le cúnamh agus cosaintdon éagsúlacht chultúrtha. Isdona an teist uirthi gan géil-leadh do na comhaontuithesin.”

Chuir an Coimisiún umChultúr, Oideachas agus Chu-marsáid in iúl áfach go bhfuil

ceisteanna bunreachta annmaidir leis an mbille, agusmaíonn siad go mbeadh costasmór i gceist leis na moltaí atáann a chur i bhfeidhm. Bhídíospóireacht maidir leis anmbille sa bParlaimint ar an 30úMeitheamh seo caite, agus bachúis díomá don eite chlé aneaspa dea-mhéine a bhí leis anmbille i measc na bhfeisirí ibpáirtí an rialtais.

Ar an 7ú Iúil más ea, bhí cru-inniú ag toscaireacht ón eagras‘Langues et culturesrégionales de France’ le Par-laimint na hEorpa agus leComhairle na hEorpa. Is éEblul-France (Biúró na dTean-gacha Neamhfhorleathana) ad’eagraigh an cruinniú. ArsaTangi Louarn, uachtaránEblul-France: “Tháinig muidgo Strasbourg le tacaíocht aiarraidh ar na feisirí Eorpacha,agus tá muid tar éis cás nadteangacha réigiúnda sabhFrainc a chur ar a súiledóibh.” Dar le Tangi Louarn, isléargas maith ar anneamhshuim iomlán atá agstát na Fraince ina chuid mion-teangacha a bhí sadíospóireacht Pharlaiminte an30ú Meitheamh seo caitemaidir le bille Navarro.

Déanfaidh an Pharlaimintan dara léamh ar bhille Navar-ro sa bhfómhar. Níl ann achcaolseans go n-achtófar é.

Is rí-bheag an géilleadhdo na teangacharéigiúnda atá i mbun-reacht na Fraince iláthair na huaire. I 1951,is fíor gur admhaigh dlíDeixonne go bhfuil a lei-théid á labhairt sa tír.Agus is ceart a rá nachraibh aon stadas faoileith ag an bhFraincisféin an uair sin ach marrud de facto.

Taighde agus Teagasc na Gaeilgei Meiriceá ThuaidhCOMHDHÁIL idirnáisiúntaa thionólfar ag Institiúid nadTeangacha Oifigiúla agusan Dátheangachais (OLBI),Ollscoil Ottawa, Ceanada,27-28 Deireadh Fómhair,2011.

Le hardú stádas naGaeilge san Aontas Eor-pach in 2007, na míltecainteoir líofa ina gcónaí ingach cearn den domhan,agus borradh mór ar úsáidna Gaeilge ar an idirlíon leblianta anuas, is teangaidirnáisiúnta í an Ghaeilgeanois gan dabht.

I mí na Nollag 2010d’fhoilsigh Rialtas nahÉireann Straitéis 20 Bliaindon Ghaeilge, agus sacháipéis sin, cuireadh béimar leith ar mhúineadh naGaeilge in institiúidí tríúleibhéal thar lear, chun anGhaeilge a chur ar aonchéim leis na teangachaEorpacha eile a mhúintearsna hinstitiúidí sin. Tá dulchun cinn mór déanta iMeiriceá Thuaidh goháirithe, áit ina bhfuil níosmó ná 40 milliún duine debhunadh Éireannach inagcónaí, agus dea-thoilmhór i leith na Gaeilgeagus chultúr na hÉireann imeasc an tslua chéanna.

Is í príomhaidhm nacomhdhála seo ná físfhadtéarmach a fhorbairtdon Ghaeilge i MeiriceáThuaidh, fís a réitíonn agusa thacaíonn leis an Straitéis20 Bliain a d’fhaomh rialtasna Poblachta anuraidh.

Beidh ceithre sheisiúnann, le linn dhá lá nacomhdhála, Dáthean-gachas, Teicneolaíochtagus Oideolaíocht, Taighdeagus Scríbhneoireacht naGaeilge i Meiriceá Thuaidh,Comhoibriú: InstitiúidíTríú Leibhéal agus Comh-phobal na Gaeilge

Spreagchainteoirí:SylvieLamoreaux, Institiúid nadTeangacha Oifigiúla agusan Dátheangachais,Ollscoil Ottawa, Joe Lee,Glucksman Ireland House,Ollscoil Nua-Eabhrac,Brian Ó Conchubhair, Insti-tiúid Mhic Eochaidh-UíNeachtain um an LéannÉireannach, Ollscoil NotreDame, Trevor Ó Clochar-taigh, Seanadóir, Seanadna hÉireann

Suíomh idirlín:http://www.ilob.uottawa.ca/20bliain

Gorta Eile sa tSomáilSeosamh Ó Riain

THUG na Náisiúin Aontaithe (UN) lefios go mbeidh gorta ann sna ceithrehairde den tSomáil sula i bhfad murandéantar cabhair éigeandála asheachadadh thart timpeall na tíre arluas lasrach.

Fógraíodh gorta cheana féin in dháréigiún den tír le laethanta beagaanuas, i ndeisceart an Bakool agusShabelle íochtair.

De bharr an triomaigh gan stad ganstopadh ag Corn na hAfraice – anceann is measa le breis is leathchéadbliain - tá ganntanas mór millteachtragóideach de bhia sa tír agus is inolcas, faraor, atá an scéal ag dul. Dúirturlabhraí de chuid an UN, Mark Bow-den, Dé Céadaoin go bhfuair na míltemílte duine bás cheana de thoradheaspa bia.

Sna ceantair a buaileadh is measa gonuige seo tá leath de na páistí agfulaingt go trom mar gheall ar dhroch-chothú.

Chun iarraidh dul i ngleic leis anngorta, teastóidh $300 milliún (€212

milliún) sa bhreis ón UN sa dá mhí atáromhainn. D’impigh an eagraíochtchabhrach, Oxfam, ar an gcomh-phobal idirnáisiúnta cúnamh a chur arfáil níos sciobtha de thoradh nagéarchéime daonna. De réir eolais óOxfam, cailleadh suas le 90% de natáinte eallaí i roinnt réigiún sa tír dedheasca an triomaigh.

“Tá an ghéarchéim is measa dáraibh ann le fiche bliain anuas debharr ganntanas bia roimh antSomáil”, dúirt Bowden. “Éilíteargníomh láithreach bonn i ngeall ar nacúinsí éadóchasacha.”

Ach, fiú sa chás go raibh cúnamh lecur ar fáil, bhí sé an-deacair nasoláthairtí a thabhairt isteach satSomáil. Tá cuid mhór de thuaisceartagus lár na Somáile faoi smacht ag namíleataigh Ioslamacha a bhfuil nascacu le al Qaeda.

Sa bhliain 2010, chuir al Qaeda coscar chabhair bhia, rud a ghéaraigh anghéarchéim go mór, dar leis an UNagus le Stáit Aontaithe Mheiriceá.Tharraing na reibiliúnaigh an cosc siarníos luaithe sa mhí seo.

Beirt Shomálach ag iompar agcuid páistí atá ag fulaingt ingeall ar dhroch-chothú óchampa dídeanaithe i dtreoospidéil i Mogadishu, antSomáil, Dé Luain, 18 Iúil.

Somálaigh ag fanacht faoinnGrian ar bhia a cuireadh arfáil i rith Operation Provide

Relief, an tSomáil. Is in olcasatá an gorta agus an triomach

ag dul.

Teangacha tráidisiúnta na Fraince.

Page 7: Gaelscéal - 22.07.11

NUACHT • 7GAELSCÉAL Dé hAoine, 22 Iúil, 2011

“Cuirígí Cosc ar Arbhar Géinathraithe”Moladh na Náisiún Aontaithe do MheicsiceoTomás Mac Síomóin

Ní cogadh na ndrugaíamháin atá ag bagairt arMheicsiceo faoi láthair.Óir tá príomhfhoinsebhia bhunáite phobal

na tíre úd i mbaol, dar le Comhair-leoir um Chearta Bia de chuid naNáisiún Aontaithe, Olivier De Schut-ter. An t-arbhar Indiach traidisiúntaan bia atá i gceist. Tá an chuid isboichte de phobal Mheicsiceo – agusní na bochtáin amháin – ag brath air.Ach tá an t-arbhar céanna faoi bha-gairt anois ag síolta géinathraithe(genetically modified) ó SAM. Muran-éireofar as an arbhar eachtrach seoa chur, d'fhéadfadh tubaist, ar aondul le loiceadh an fhata in Éirinn sa19ú céad, a bheith i ndán do phobalbundúchasach Mheicsiceo, a deir DeSchutter.

Tá a chonclúid seisean bunaithe arfhiosrú a rinne sé i gceantairthalmhaíochta Mheicsiceo an mhíseo caite. Fuair sé amach go bhfuilan t-arbhar dúchasach á thruailliú aséadan ag crosphórú leis an arbhargéinathraithe seo ón iasacht. Tá naNáisiúin Aontaithe ag iarraidh arMheicsiceo, dá réir, bac a chur arúsáid arbhair ghéinathraithe idtalmhaíocht na tíre údan. Is é sin lerá, an bac ar shíolta géinathraithe, abhíodh ann go dtí 2009, a chur ibhfeidhm aríst.

Brú ó na mórchomhlachtaítrasnáisiúnta, ar nós Montsanto, Pio-neer agus DuPont a bhfuil síolta géi-nathraithe de phlandaí éagsúla ándíol acu ar fud na cruinne, a thug arMheicsiceo úsáid na síolta con-spóideacha arbhair seo a cheadú sambliain 2009. Cháin gníomhaithecomhshaoil, saineolaithetalmhaíochta, feilméaraí aguseagraíochtaí cearta daonna an cin-neadh seo ag an am sin. Agus anoistá siad ag seasamh le moladh seo naNáisiún Aontaithe.

Tá imní na n-easaontóirí seobunaithe ar an eolaíocht. Tuigeannsiad go mbíonn tréithre fisiceacha arleith na n-orgánach uilig — idirphlandaí agus ainmhithe etc – á n-eagrú ag aonaid cheimiceacha abhíonn i láthair iontu: na géinte.Bíonn cruth agus tréithre eile dechuid orgánach ar leith a n-eagrú agan gcnuasach ar leith de ghéinte isdual don orgánach céanna. Angéinitíopa a thugtar ar an gcnuasachseo. Cinntíonn an géinitíopa sa síolarbhair, cuir i gcás, gur arbhar lesaintréithre ar leith a fhásfas as ansíol agus ní arbhar le tréithre eile.

Le blianta beaga anuas, tágéinitíopaí á n-athrú agus orgánaigh“nua”, le tréithre nua, á gcruthú agmórchomhlachtaí trasnáisiúnta.Orgánaigh ghéinathraithe a thugtarar a leithéide seo. Mar sin,chruthaigh eolaithe cineálacha nuaarbhair.

I measc bhuanna an arbhair nuaseo, moltar a thorthúlachtmhéadaithe agus a fhriotaíocht

inbheirthe in aghaidh galair agus fei-thidí. Mar sin, ní bhíonn péistmhar-fóirí ná fungasnimeanna de dhíth aran arbhar “nua” le theacht slán asionsaithe na mbitheog seo.

Bíonn síolta na gcineálacha nuaseo aimrid go minic, áfach, sa gcaoiis go bhfágtar an curadóir spleách aran soláthraí le síol nua a fháil. Agussúann na cineálacha sárthorthúlaseo mianraí as an ithir sa gcaoi is gogcruthaíonn siad gá le leasú breise.Loiteann sé seo struchtúr nahithreach agus laghdaítear atorthúlacht, dá réir.

Bunfhadhb nach féidir a shárú,áfach, ná go dtaistealaíonn géinte nagcineálacha nua arbhair seo, viapailín agus micrea-bhitheoga, chuigplandaí eile. Nascann siad legéinitíopaí na bplandaí seo agusathraíonn siad a dtréithre.

Sampla den truailliú seo: ceangalgéinte a chuireann ar chumas plandagéinathraithe cruithneachta é féin achosaint ar fhiailnimh le géinitíopafiailí.

An toradh? “Sárfhiailí” nach féidira mharú le gnáth-fhiailnimh.Baineann craobhscaoileadh seo nagcodanna seo de ghéinitíopaínuachruthaithe cothromaíocht ársabhitheoga an dúlra dá dtreoir. Táeolaithe go mór in amhras faoi tho-radh na hútamála seo.

Ní teoiric gan bhunús atá sa ngéin-taisteal seo. Chomh fada siar le 2001,chuir an iris ghradamúil eolaíochta,Nature, truailliú cineálachadúchasacha cruithneachta i StátOaxaca ar an taifead.

Chuir sé sin na húdaráis ar an aird-eall. Fuarthas amach go raibh arbhargéinathraithe á chur gomídhleathach sa gceantar. Léirighfiosrú breise go raibh arbhar truail-lithe ag fás i gcúig stát de chuid Mhe-icsiceo, Michoacán – croílárthalmhaíocht Mheicsiceo – san

áireamh. Bhí cáil ar Michoacán go dtísin as niamhghlaine ghéinitípeachna gcineálacha arbhair a bhíodh agfás ann. Imirceoirí Meicsiceacha snaStáit Aontaithe a chuir síolta géi-nathraithe, go neamhurchóideach,chuig a ngaolta ba chúis le cuid dentruailliú seo. Ach anois tá fianaiseshoiléir ann gur scaipeadh síolta géi-nathraithe de dhéantús Monsanto,Pioneer agus DuPont, i dTuaisceartMheicsiceo roimh 2009, fiú má bhían cosc ar úsáid táirgí dá leithéid ibhfeidhm fós.

Cé na himpleachtaí atá ag a lei-théid de thruailliú don 59 cineál arb-hair atá á gcur i Meicsiceo? Tharla gobhfuil arbhar á chur i Meicsiceo le5000 bliain, ar a laghad, tá ardluachcultúrtha, siombalach agus spio-radálta, fiú, ag baint leis don chuid ismó de mhuintir na tíre údan.

Chuirfeadh an éagsúlacht ghéinití-peach a ionchollaíonn siad – aguséagsúlacht a dtréithre dá réir – archumas churadóirí Mheicsiceocineálacha a aimsiú a bheadh i bhfeild'aon athrú aeráide, a d'athródhcoinníollacha fáis an phlanda.

Ach bhainfeadh laghdú arghéinitíopaí neamhthruaillithe dágcumas cineálacha arbhair a aimsiúagus a chur ag fás a bheadh in anndon téamh domhanda, cuir i gcás.Agus dá réir sin, ar a gcumas bia achur ar bhoird na bpobal a mbíonnsiad ag freastal orthu.

Tharla go bhfuil Meicsiceo archeann de na láithreacha as ar eas-cair an t-arbhar, is ann atá “bancgéiniteach” an phlanda úd. Dágcaillfí cineál amháin arbhair i Meic-siceo, ba chailliúint é don domhanuilig, mar a mheabhraíonn tuarascáila foilsíodh sa mbliain 2004 dúinn(Maíz y biodiversidad: Efectos delmaíz transgénico en México) agus ad'fhoilsigh an Coimisiún umChomhoibriú Comhshaoil, atá faoi

choimirce rialtais Mheicsiceo, SAMagus Cheanada.

Ar an drochuair, fuair cumhachtna mórchomhlachtaí trasnáisiúntaatá ag plé le síolta géinathraithe anceann is fearr in 2009 ar chiall chean-naithe na n-eolaithe agus ar rialtasMheicsiceo.

Ba dhea-shampla do phobail

talmhaíochta an domhain é, dá lean-fadh Meicsiceo treoir na NáisiúnAontaithe i leith cheist seo na síoltagéinathraithe. Óir tá todhchaí anchine dhaonna fhéin ag brath ardheireadh ar an mbithéagsúlacht údatá á lot ag na comhlachtaí barr-shaibhre mífhreagracha úd atá áscaipeadh.

Page 8: Gaelscéal - 22.07.11

8 • NUACHT GHAEILGE GAELSCÉAL Dé hAoine, 22 Iúil, 2011

Fuath Léirithe don TeangaGraifítí Béarla ar Chomharthaí Bóthair Ghaeltacht Mhaigh EoSeosamh Ó Riain

NÍ i nGaeltacht Chiarraíamháin, go háirithe saDaingean, atá fadhbannamaidir le logainmneacha. Táan rud ceannann céanna agtitim amach i gContae MhaighEo, laistigh agus lasmuigh denGhaeltacht oifigiúil ann.

Tuairiscíodh do Gaelscéal gobhfuil daoine ag dul i mbungraifítí ar na comharthaíbóthair Gaeilge sa chontae, goháirithe idir Baingear aguspríomhbhaile GhaeltachtMhaigh Eo, Béal an Mhuirt-head.

Dúradh le Gaelscéal go raibhloitiméireacht déanta fiú arleaganacha Gaeilge archomharthaí bóthair chomhfada agus 70 míle ón

nGaeltacht, thart ar BhaileÁtha na Muice, rud a thabhar-fadh le fios nach duine aonairin aon cheantar amháin atá igceist leis seo.

Scríobhtar an leagan Béarlain áit an leagain Ghaeilge – anleagan Gaeilge scriosta amach,nó cuirtear an leagan Béarlataobh le taobh leis an leaganGaeilge i mórlitreacha chuntús áite a thabhairt don Bhéar-la.

Ní annamh a théitear níosfaide ná sin, agus tugtar maslaamach is amach do lucht naGaeilge agus muintir naGaeltachta – chonacthas“R.I.P.” scríofa ar chomharthaíar a bhfuil ‘An Ghaeltacht’,agus fiú a leithéid de mhal-lachtaí agus ‘F*** Off’ curthago neamhbhalbh tur ar

chomharthaí Gaeilge ar an teo-rainn idir Maigh Eo agus Co. naGaillimhe.

Chuir Gaelscéal ceist ar roin-nt daoine atá ag obair nó inagcónaí i nGaeltacht Mhaigh Eochomh maith le daoine taobhamuigh di i dtaobh nagcúiseanna leis an ngraifítí uileseo.

Bhí an tromlach den tuairimgur le turasóireacht agus cuair-teoirí ar an gceantar abhaineann an scéal seo.

Dúradh go bhfuil faitíos ardhaoine nach mbainfeadh siadsiúd nach lucht na háite iad agceann sprice amach de bharrnach ionann ainmneacha ar nacomharthaí bóthair, atá saGhaeilge, agus ainmneachabailte nó bailte fearainn atá saBhéarla ar na léarscáileanna.

“Chuirfí isteach ar an lucht gnósa cheantar dá thoradh,” adúradh linn.

Sa bhreis air sin, luadh fuathdon teanga leis an bhfadhbseo.

Ní hea, dar le daoine eile,bheadh gach rud ina cheartarís ach comharthaí dáthean-gacha a bheith ann nó fiú gombeadh na comharthaí agusna léarscáileanna ar aon dullena chéile.

Ní haon ráiteas polaitiúil inaghaidh na teanga atá ann, darleis an dream seo.

Ag labhairt dó le Gaelscéal,dúirt Greg Whelan, RúnaíBhord ShuirbhéireachtOrdanáis Éireann, go bhfuil agcuid léarscáileanna dothurasóirí nó do thiomáinttimpeall na tíre dátheangachden chuid is mó.

“Más féidir an dá leagan delogainm a chur isteach, déan-tar amhlaidh, ach is féidirscaití nach gcuirtear ach lea-gan amháin isteach de tho-radh easpa spáis,” a dúirt sé.

Dar leis an Uasal Whelan, isamhlaidh go minic nachmbíonn logainmneachadátheangacha don tír seo arléarscáileanna ó thíortha eile,ná ar loingseoireacht satailíte(satnav) ach an oiread, agusseans gur sin an bhunchúis ledaoine bheith ag dul ar strae,más ann dó.

Ó tháinig Acht na dTean-gacha Oifigiúla 2003 ar ansaol, lena gcuirtear anlogainm Gaeilge amháin argach áit sa Ghaeltachtoifigiúil, ní beag an chonspóida chothaigh sé. Dar le daoinenach bhfuil ar son comharthaísa Ghaeilge amháin, níl an nósseo cothrom do chuairteoirí athagann go hÉirinn ó i gcéinagus i gcóngar agus atá dall ar

an nGaeilge, agus tugtarfanaicigh go mion minic arlucht na Gaeilge dá bharr.

Níl i gceist ach cearta teangaá gcur i gcrích de réir chain-teoirí Gaeilge, agus nach deasdo thurasóirí blaiseadh a fháilden chultúr Gaelach ársa.

Tugtar le fios nach sa Bhéar-la a bhíonn comharthaí armhór-roinn na hEorpa, achfós féin is annamh a bhíonndeacrachtaí ag cuairteoirí.Leithéidí München (Munich),Köln (Cologne), Wien (Vien-na), Praha (Prague), nó Firen-ze (Florence), gan ach roinntbheag acu a lua.

Is ann do dhaoine eile atá agiarraidh tuilleadh comharthaíGaeilge sa Ghalltacht.

Thug duine in earnáil naGaeilge le fios do Gaelscéal gobhfuil suaitheantais ar ascríobhtar ‘As Gaeilge anois’ ágcur ar chomharthaí bóthairin oirthear Chontae na Gail-limhe le roinnt míonna anuas.

Glactar leis go háitiúil nachar son na Gaeilge amháin atána suaitheantais seo á gcursuas, ach chun an teanga achur chun cinn ar nacomharthaí bóthair freisin.

Dúradh go bhfuilfaitíos ar dhaoinenach mbainfeadh siadsiúd nach lucht naháite iad a gceannsprice amach de bharrnach ionann ainm-neacha ar nacomharthaí bóthair,atá sa Ghaeilge, agusainmneacha bailte nóbailte fearainn atá saBhéarla ar naléarscáileanna.“Chuirfí isteach ar anlucht gnó sa cheantardá thoradh,” a dúradhlinn. Sa bhreis air sin,luadh fuath don tean-ga leis an bhfadhb seo.

Bás tuartha don Ghaeilge i nGaeltachtMhaigh Eo.

Leaganacha Béarla i gceannlitreacha scríofa faoi leaganachaGaeilge ar chomharthaí bóthair i nGaeltacht Mhaigh Eo.

Page 9: Gaelscéal - 22.07.11

• 9GAELSCÉAL Dé hAoine, 22 Iúil, 2011

TRÁCHTAIREACHT

Gadaí na soineantachta Dónall Mac Giolla Chóill

Micheál Ó Fearraigh,brúid! MickeyFerry, mar ab fhearraithne air, ainm amhairfidh anois sa

tsochaí seo ar feadh na sío-raíochta, ainm a bheas go deoceangailte le huafáis agus sceoin.Mickey Ferry a bheas uaidh seoamach mar thaibhse an chnádáinar oícheanta dorcha geimhridh.

Tá Ferry anois le cuidiú Dé áshocrú féin i gcillín dá dhéantúsféin, agus 18 bliain gearrtha air asucht buachaillí óga, ceathrar acugo bhfios dúinn, a éigniú.

Tá na buachaillí seo anois agdéanamh iarrachta éalú ó chillínuafáis de chuid dhéantús Ferry.

Tá ceithre bliana de phianbhrei-th Ferry ar fionraí, agus má bhíonnmúineadh air, seans go mbeidh séinár measc arís i gceann deichmbliana.

Ar a laghad tá teorainn lepianbhreith Ferry. Níor bhronnseisean aon teorainn, aon chin-nteacht saoirse ar na híospartaighseo ar imir sé an bhrúidiúlachtorthu thar 15 bliain.

Tá duine acu siúd a d’ionsaighFerry, Derek Mulligan, i ndiaidhgníomh gaiscíoch a dhéanamh,agus cead tugtha aige a ainm ascaoileadh amach mar dhuine dena híospartaigh.

Céim chróga cinnte seo, aguscéim a thabharfaidh i dtreodóchais, i dtreo faoisimh inteacht,é. Caithfear Derek a mholadh agusa ardmholadh.

D’fhulaing sé uafáis, mar ad’fhulaing an triúr eile a ion-saíodh. Ach labhair sé amach gofearúil.

Anois dúirt Coláiste Cholmcille inGaoth Dobhair gur briseadhFerry as a phost in 2001, roimh dóbheith cúisithe as ionsaithe gnéisagus roimh dó pianbhreith sé mhíar fionraí agus fínéail de €500 afháil. Tá ráiteas eisithe ag ancholáiste ag rá go raibh aireochracha na scoile a ghéilleadhagus nach raibh aon fháil aige aran fhoirgneamh ina aonar i ndi-aidh 2001. Tá aithne agam arFerry, tá cuimhne agam air a bhei-th ag crochadh thart ar Choláiste

Cholmcille sna 1980í nuair a bhímise i mo pháiste.

Tá cuimhne agam go raibh baintaige le cúrsaí oideachais aosaigh,chéad chúram agus a leithéidí.

Agus tá cuimhne agam gur roinnsé tacsaí go rialta liom, agus misear mo bhealach chuig oifig annuachtáin Lá, idir 2005 agus 2008.

Bhí mise ar mo bhealach chunna hoibre, agus eisean ag dul gohArdscoil Mhuire, foirgneamhCholáiste Cholmcille, ionad agusbunáit a chuid uafás.

Anois bhí scéalta agus ráflaí annfaoi, ach níor thug mé mórán airdeorthu, go dtí ócáid amháin a thugábhar machnaimh dom.

Eanáir na bliana 2006, bhí colúnagam ar An tUltach, ag déanamhcur síos ar an gcaoi ar chaith méoíche na seanbhliana i m’aonar,mar ba mhian liom.

Cúpla seachtain i ndiaidh donalt a bheith foilsithe, fuair mé litir,sa bhaile, agus mo sheoladh baileair, litir lámhscríofa ag fear darbhainm Micheál, ag moladh an ailtagus mo chuid scríbhneoireachta.

Litir a bhí ag maíomh fosta gurchóir dom leabhar a scríobh, aguslitir a chuir in iúl gur mhór an trua

go raibh fear óg deas cosúil liomsa,liom féin ar oíche na seanbhliana.

Litir a dúirt gur bhreá leis anMhicheál seo dul ar thuras liom ingluaisteán, agus comhrá breá abheith eadrainn.

Ní raibh aon seoladh fillte ar anlitir, ná aon sloinne leis an ainm.

Bhí rud inteacht aisteach,saoifiúil faoin litir seo, ach ar dtúsníor mhothaigh mé a dhath, achgo raibh an mórtas ag borradhionam, go raibh duine inteacht indiaidh alt liom a léamh, iontachdeas, dar liom, litir mhóidíneach ódhuine de mo lucht léitheoireach-ta. Bhí mé iontach sásta liom féinan lá sin, ag an bhomaite sin, go

dtí gur smaoinigh mé ar na cúinsíseo a leanas:

seoladh an litir chuig mo sheo-ladh baile, mar sin de bhí aithne agan scríbhneoir seo orm agus fiosaige cá raibh cónaí orm.

Dúirt an scríbhneoir liom gurbuachaill deas óg mé agus gurbhreá leis comhrá liom agus anbheirt againn dul thart faoincheantar ag tiomáint agus agcaint. Thug mé an litir liom lá arnamhárach chun na hoifige, agusthaispeáin mé do mo chuidcomhoibrithe é.

Mhothaigh siadsan an méidcéanna a mhothaigh mise, goraibh sé aisteach.

Faoi dheireadh ní litirmhóidíneach a bhí ann a thuil-leadh, ach ábhar agus údarmíshuaimhnis.

Thaispeáin mé an litir do shean-chara liom a bhí ag obair sanfhoirgneamh, agus dúirt sí dháfhocal liom, luaigh sí ainm ad’fhuaródh an fhuil ionat anois.

D’amharc sí ar an litir agus dúirtsí, “Mickey Ferry!”

Tá ceathrar óga nach raibh an t-ádh orthu is a bhí ormsa, agdeireadh na dála, ní bhfuair miseach litir uaidh, ach iad seo,ceathrar óga ar a laghad agusduine eile lena gcois ó phianbhrei-th 2002, agus go leor eile ganaithne, gan ainm go dtí seo,agusiarracht á déanamh acu anoistheacht slán ó ghreim salach, óghreim suarach na brúidiúlachta,agus ón ainspiorad seo, MickeyFerry. Agus mé ag éisteacht an láfaoi dheireadh le Derek Mulliganagus an ráiteas láidir sin uaidh,ghuigh mé go dtaga sé féin agusgach duine eile ar leag an bhrúidseo Mickey Ferry lámh orthu, godtaga siad slán.

Mickey Ferry, ní bheidh ifreannlán go mbeidh sé ann.

Caithfear Derek a mholadh agus a ardmholadh. D’fhulaingsé uafáis, mar a d’fhulaingan triúr eile a ionsaíodh.Ach labhair sé amach gofearúil.

Derek Ó Maolagáin

Coláiste Cholmcille nó Ard Scoil Mhuire mar a bhí air. [PIC : DANNY BROWN]

Page 10: Gaelscéal - 22.07.11

10 • TRÁCHTAIREACHT GAELSCÉAL Dé hAoine, 22 Iúil, 2011

Úps… ar leanPáidí Ó Lionáird

Caithfear a thuiscint, le gachmoladh a thugtar sa cholúnseo, tá caviat. Tá lán-cheadag an údar a intinn a athrúgo huile agus go hiomlán

thar achar ama ar bith, thar oíche fiú. An tseachtain seo caite, bhíos ag cur

díom faoi chinntí éagsúla an rialtais,James Reilly go háirithe agus Enda agfágaint gheata na cosanta ar leathadhoscailte.

Go dtí seo, bhí sé le rá ag an rialtas,nuair a chuir an freasúra faoi bhrú iad,gurb iadsan, an freasúra anois, a chaithgach ní i dtraipisí nuair a bhíodar san igceannas. Sea, ach ní féidir an leith-scéal sin a úsáid de shíor. Caithfearteacht ar réiteach seachas milleán.

Tá na laigí seo mar ábhar buartha agan dTaoiseach agus é ag tnúth le saoirean tsamhraidh i ndiaidh bliain chrua,d’ainneoin a chuid buanna ar fad. Achb’fhearr leis go mbeadh líne eile tar-raingte aige faoi cheist náisiúnta eile,ceist a mhairfidh ar feadh seachtmbliana ar a laghad.

Conas a tharla sé, go raibh triúr iar-rthóir seasta os comhair an pháirtí

d’ainmniúchán uachtarántachta agusgur piocadh an duine mícheart? Iomlánmícheart!

Ní dóigh liom go bhfuil a fhios agEnda fhéin agus, más fíor, gur theip aira dhíomá a cheilt. “Ní féidir meangadhan chait a bheith ort gach lá!” a dúirt sénuair a fiosraíodh a thuairim faoinrogha. Conas a d’fhéadfadh sé seotarlú? I ndiaidh na n-uile ní a bhí déan-ta agus bainte amach aige?

Bua ollmhór san olltoghchán, cruthan státaire bainteamach le cuairt naBanríona Eibhlísagus an UachtaráinObama? An tslí gurglacadh go fonnmharlena ainmniúcháinspreagúla Seanaidd’aon ghuth: ÉamonCoughlan, Marie-LouiseO’Donnell, Fiach MacConghail, Mary-AnnO’Brien agus an t-ain-mniúchán is suimiúlaagus is spreagúla, anDr. Martin McAleese,fear céile anUachtaráin.

Ach Gay Mitchell? Níl aithne faoin

spéir agam air agus deréir na dtuairiscí arfad, is TD an-mhaitha bhí ann agus sheassé an fód le gnáth-

mhuintir Bhaile Átha Cliath in aghaidhna bochtaineachta agus in aghaidhmangairí drugaí. Scéal iontach atá aigeféin le gradaim arda na polaitíochta abhaint amach ó chúlra measartha. Achón méid atá feicthe agam de thar nablianta, taobh istigh agus, go deimhin,taobh amuigh de Dháil Éireann,admhaím go raibh áthas orm nuair abhuaigh sé a shuíochán san Eoraip. Ara laghad ní bheadh orainn éisteacht leisag spochadh agus ag tabhairt amach.

Ar ndóigh, cé as a mbíodh sé de shíorag spochadh agus cé fúthu a mbíodh séde shíor ag tabhairt amach? Fianna Fáilagus, ar an bhformhór, bhí lán-cheartaige san do dhéanamh agus tuigimídanois, agus é ró-dhéanach, cén fáth.Ach tá slite ann leis an tabhairt amach

seo do dhéanamh. Tá greannMhichael Noonan ann nó

tá searbhas Phat Rabbittenó tá deisbhéalachtMhichael D.

Ach Gay Mitchell?Cuireann sé brocaire igcuimhne dom. Bro-caire agus é diongb-háilte go mbáfaidh sé achuid fiacla go smior sa

rúitín sula ngéillfidh sé. Agus tuigeann Enda é

sin. Tuigeann sé nach deasan íomhá é sin in intinn nái gcuimhne na ndaoine.An é sin an t-aon locht atáagam air? Bhuel is é i

ndáiríre agus tá a fhios agam nach leorsan, nach leor go mbeadh íomhá an fhirseo trodach agus feargach. Ach cuimh-nigh, seo an íomhá a bheadh áseachadadh ag Éire Inc. ar fud fad andomhain ar feadh seacht mbliana ar alaghad.

Bhí an toghchán seo le cailliúint agFine Gael. Bhí gach ní déanta goslachtmhar agus go cruinn ceart go dtíseo acu. Seachas, ar ndóigh, cás na n-oispidéal ar fud na tíre. Ó, agus namúinteoirí feabhais agus cúntóiríriachtanas speisialta ar fud na tíre agusar ndóigh, na ciorruithe cruálacha atábeartaithe don mbuiséad roimh Nol-laig, buiséad a chuirfidh Scrooge arardán na carthanachta i gcomparáidleis. Anois, n’fheadar d’éinne cé abhuafaidh an rás chuig an Áras. TáDavid Norris fós mar rogha nacoitiantachta ach níl ainmniúchánfaighte aige agus tá amhras orm gobhfaighidh sé ceann. Tá Michael D goláidir sa rás ach is láidre é i measc aicmeagus eite ar leith den tsochaí nachbhfuil an gnáth-dhuine ina measc. Ésin ráite, tá ainmniúchán aige agus b’f-hearr an íomhá a bhronnfadh sé ar anÁras agus thar ceann na ndaoine náMitchell.

Ní bheinn dóchasach faoi sheansSheáin Gallagher ná Mary Davis ach anoiread d’ainneoin go bhfuil tacaíochtláidir faighte ag Gallagher ó Chomhair-lí Contae.

Tá ainm Phádraic Uí Chéidigh cloiste

agam luaite. Uaidh féin go príomha.Faoi mar a sheasann sé, níl sé fógarthago hoifigiúil aige go mbeidh sé ar thóirainmniúcháin chun seasamh. Deir ségo nglacfaidh sé cinneadh roimhdheireadh na míosa seo agus mábheartaíonn sé ar sheasamh, gur óChomhairlí Contae a lorgóidh sé deisainmniúcháin. Tá súil agam go lor-gaíonn sé agus go mbeidh sé de chiallag Micheál Martin agus Fianna Fáil tre-abhadh isteach taobh thiar de.

Tá cáilíochtaí fíor-oiriúnacha aigedon bpost. Dlíodóir, cuntasóir, iar-mhúinteoir, Ollamh Taca Fiontraíochtain OÉ Gaillimh, fear gnó, fear teagh-laigh, Gael go smior. Cad eile a bheadhuait? Tá sé fuinniúil agus mear-intin-neach. Tá aithne an-mhaith aige ar anÁras óna chairdeas leis an UachtaránMhic Ghiolla Íosa agus tuiscint dá réirar na dualgais agus an saothar crua abhaineann leis an oifig. Chuirfeadh ségo mór leis an dtoghchán dá seasfadhsé agus ní chuirfeadh sé iontas ar bithorm dá n-éireodh leis. Inniu an 22ú,mar sin tá seachtain eile machnaimh ledéanamh aige.

Idir an dá linn, bígí ag faire amach dona pictiúir ar fad a bheidh á bhfoilsiútaobh le scéalta faoin Taoiseach. Bí agsúil le cinn ina mbeidh sé ag tochas achinn, a chuid gruaige, a bhíonn néataagus in áit de ghnáth, beagán as altagus míshlachtmhar. Agus an cheist siná cur aige arís is arís eile, ‘conas a tharlasé seo?’

Cá bhfios nach fada go mbreacfaidh an lá go mbeidhmeáin na Gaeilge agus an Bhéarla ar comhchéim?

Concubhar Ó Liatháin

Tháinig deireadh leis andomhan beagnach coicís óshin! Ar an ‘News of TheWorld’ atáim ag trácht, arndóigh, agus cé gur tubais-

teach an scéal é d’iriseoirí is fostaitheeile an nuachtáin, leanann an saol araon nós.

Is eol do chuid agaibh gur chaitheasféin seal ag obair do nuachtán, Lá/LáNua. Tá sé sin imithe anois le cúplabliain. Roimhe sin, thosnaigh mé moshaol oibre in Eanáir 1990 le ‘TheKingdom’ i gCiarraí. Dúnadh annuachtán sin cúpla mí ó shin. Mar adúirt an té a dúirt, má chailltearnuachtán amháin le do linn, is mí-ádh atá ann , má chailltear beirt, isionann sin agus míchúram!

Ní hé gur bhuail tubaist gachfoilseachán a raibh baint agam leo – tá

BBC News Online ag dul ó neart goneart agus tá an Sunday Independ-ent, a d’fhoilsigh corr-alt liom, fós agardú bhrú fola na nGael gach Domh-nach. Tá súil agam go dtiocfaidhGaelscéal slán ón mallacht atá ‘moleanúint!

Is mó seans, áfach, gur athrúbunúsach ar an tslí a bhfhaighimídeolas ná aon draíocht dhorcha ó mopheann is cúis le Lá an Luain a bheithag breacadh do ré na nuachtán arfuaid na cruinne, an News of theWorld, an Sunday Tribune (ní raibhaon alt ó mo pheann i gceachtar dendá fhoilseachán sin) agus Lá/Lá Nuasan áireamh.

Is fearr le daoine a gcuid eolais afháil anois i 140 carachtar nó ar chur iláthair ilmheán, le físeáin, nascannaidirlín gaolmhara agus comhaidfuaime, ná in alt cuimsitheach inuachtán.

Is éan corr é an News of the Worldar shlí. Ní raibh aon titim ar dhío-lachán an nuachtáin sa Bhreatain nása tír seo mar thaitin an tablóideachasa chleachtaigh an nuachtán le lei-theoirí. Thaitin sé leo sa tslí chéannaa dtaitníonn toitíní leo nó bia ó

McDonalds. Bhí a fhios acu go raibhsé go holc dóibh – ach cheannaighsiad an nuachtán mar sin féin.

Is cuimhin liom suirbhé a rinne clárRonáin Mhic Aodha Bhuí i nGaothDobhair uair amháin – agus ba é anNews of the World an nuachtán bamhó díol. Chuir sé fearg orm ná raibh‘Lá’ fiú luaite ar an liosta mar gheall aran easpa suime a bhí ag léitheoirí naGaeltachta ann. Ní an Ghaeltacht sinamháin ach Gaeltachtaí eile ar fuaidna tíre freisin, ba bheag suim a bhíacu inár nuachtán fiú go rabhamar agobair go dian chun nuachtán a thait-neodh leo a chur ar fáil.

De bhrí go raibh ag éirí chomhmaith leis an News of the World, bhísiad ar snámh le hairgead, bhí siadábalta breabanna a íoc le póilíní chuneolas rúnda a fháil agus bhí siad ábal-ta bleachtairí a fhostú chun briseadhisteach ar bhoscaí guthphoist ar fhóinphóca. Ní raibh aon teora leis nacleasanna a bhí ar bun acu chunteacht ar eolas a thabharfadh bun-táiste dóibh sa choimhlint lenuachtáin Domhnaigh eile. Táimcinnte go bhfuil go leor nach bhfuilcloiste againn go fóill faoi chleasanna

eile a bhí ar bun acu. Is féidir liom a rágo cinnte ná raibh an acmhainnriamh ag Lá ná ag aon nuachtánGaeilge eile bheith ag gabháil de nacleasanna sin atá luaite le cliseadh anNews of the World. Táim chomh cin-nte is nach féidir bheith nach raibh nahacmhainní sin ag aon mheánGaeilge!

An oiread is go bhfuil smál ar angCléir mar gheall ar ainghníomharthana sagart a rinne íonsaithemígheanasacha ar pháistí, agus gurcuireadh na hionsaithe seo faoicheilt, tá smál ar thionscal nanuachtán ar fad anois mar gheall aran méid atá tagtha chun solais faoidhroch-chleachtais an News of theWorld.

Ní hé nach bhfuil a dhóthain tri-oblóidí ag an dtionscal ar aon nós. Táan cúlú eacnamaíochta ag ceilt ion-caim fograíochta orthu agus tá an dulchun cinn teicneolaíochta ag curléitheoirí i dtreonna eile. Is fáinne fí ésin féin. Cuireann an easpa ioncaimó fhogróirí isteach ar chumas annuachtáin leitheoirí a mhealladh lehabhar suimiúil.

Is minic a dúirt mé go raibh tionscal

na meán clóite Gaeilge céad bliain archúl na nuachtán Béarla. Ní margheall ar easpa scileanna nó cumaisach mar gheall ar chultúr ina raibh nameáin chlóite Ghaeilge beo ar anmbeagán. Anois tá tionscal na meánclóite Béarla tar éis an bhuaic ashroichint agus tá sé anois ag titimchun talaimh, níos tapúla b’fhéidir námar a shamhlaíomar.

Ag an am céanna tá na meáinGhaeilge ag déanamh dul chun cinn,leis an nuachtán seo, le Foinse, agusle fás agus forbairt na tráchtaireachtai nGaeilge ar an idirlíon, m.sh. Nuacht24 agus Beo.ie. Cá bhfios nach fada gombreacfaidh an lá go mbeidh meáinna Gaeilge agus an Bhéarla arcomhchéim?

B’fhéidir gur aisling fhánach é sin ómo leithéidse, nó is duine mé nachbhfuil dúil na haislinge ionam báiteag tuile na soiniciúlachta go fóill. Agan am céanna tá deis ann do na meáinGhaeilge dul chun cinn a dhéanamhanois, ná raibh ann roimhe seo.

An dtapófar an deis sin? Agus, mádheintear, conas a thapófar é? Sin iadna ceisteanna a fhágfaidh mé fúibhse,a léitheoirí!

Pádraig Ó Ceidigh - an mbeidh sé sa rásdon Uachtaránacht?[Pic : Mark Stedman/Photocall Ireland]

Page 11: Gaelscéal - 22.07.11

TRÁCHTAIREACHT • 11GAELSCÉAL Dé hAoine, 22 Iúil, 2011

Beidh sé gránna, an-ghránnamá chliseann ar an EuroFoláireamh - Má tá tú íogaireach agus tú á léamh seo mholfainn duit an nuachtán a chur as do lámha anois!

Conall Ó Móráin

An t-ábhar ba mhó athaitin liom agus mé agsuí sa rang fisice agus méar scoil na blianta fada óshin ná nuair a phléigh

muid Teoiric na Coibhneasachta achuir Albert Einstein agus achomhghleacaithe chun cinn céadbliain ó shin. Chuireadh an múin-teoir an cheist orainn dá mbeadhmuid inár suí ar thraein, cupán taesa lámh againn, agus an traein agtaistil 100 míle san uair an raibh ancupán tae ag taistil 100msu fiúmunar bhog muid féin ná an cupánónár suíocháin. An freagra, arndóigh, go mbrathann sé go hiom-lán ar an bpointe óna bhfuil muid agbreathnú ar chúrsaí.

Tá an choibhneasacht idir córaisairgid díreach mar a chéile. Má tá túag tuilleamh in Euro agus agcaitheamh in Euro amháin ní cóir gogcuirfeadh athrú ar luach an Euroisteach ort. Ach ar ndóigh ní mar sinatá an saol.

Ceannaíonn muid ola i nDollair,cruach agus earraí eile déan-túsaíochta i Steirling agus beagnachgach fearas leictreonach i Renminbina Síne. Tá sé ríthábhachtach, dábharr sin, cén luach a chuirtear ar anEuro againne i gcomparáid lehairgeadra eile.

Ach coibhneasacht atá i gceist idir

na córais airgeadais agus cé go bhfuilsé dearfach má tá an Euro láidir mátú ag ceannach breosla chun tú féina choimeád te sa gheimhreadh, tá anrud céanna diúltach má tú ag iar-raidh do chuid earraí a dhíol las-muigh de réigiún an Euro mar gombeidh margadh i bhfad níos deacrale déanamh. Níl freagra simplí leisan luach ceart gur chóir bheith arairgeadra amháin i gcomparáid leceann eile agus in ainneoin na n-iar-rachtaí a dhéanann polaiteoirí aladar a shá isteach i gcúrsaí, is é anmargadh domhanda airgeadra ashocraíonn an luach i ndeireadhbáire.

Ach anois tá seans ann, seans atá

ag fás in aghaidh an lae mar nachféidir le polaiteoirí na hEorpa aontúis cosúil, go bhféadfadh ollchliseadhairgeadais tarlú trasna na hEorpa, godtitfidh córas an Euro as a chéileagus go n-imeoidh muidne ar ais godtí córas an sean-Phuint a bhíodhagainn. Mar, má tharlaíonn a lei-théid, agus seans maith faoi láthairgo dtarlóidh mura dtiocfaidh ciall arár gceannairí, beidh cúrsaí gránna,an-ghránna.

Seo a d’fhéadfadh titim amach. Idtosach aontófar go bhfágfaidhroinnt tíortha, muidne ina measc,córas an Euro agus stopfaidh roinnttíortha, is dócha, dá úsáid, an Ghear-máin go mórmhór. Cúpla seachtainó shin déarfainn go mbeadh anFhrainc ceangailte leis an Eurofreisin ach níl fiú an méid sin cinntea thuilleadh.

Dá bhfágfadh muid an Euro thit-feadh luach an airgeadra nua abheadh againn go mór agus gotobann, i mo thuairimse. Ní mise,ach an margadh, a shocródh luachan Phuint ina dhiaidh sin ach chunmíniú simplí a thabhairt ar an scéaldéarfaidh mé go bhféadfadh luachan Phuint titim 50%. Chiallódh sésin go mbeadh earraí a bheadh á n-easpórtáil againn an-saor agusbheadh méadú suntasach sa gheil-leagar.

Nach maith an scéal é sin? Ismaith, seachas go ndúblódh ár gcuidfiachais freisin, agus dhúblódhcostas gach rud a dhéanann muid aiompórtáil – ola, carranna, bunear-raí, bia, fiú do chuid Cornflakes.

Ar an mbeagán rud a bheadhdeimhneach faoi seo, bheadhdúbailt sa luach ar shócmhainní atá

ag daoine thar lear. An drochscéal námá tá teach nó árasán agat sa Bhul-gáir nó in Florida agus morgáisteagat air, dhúblódh an morgáiste sin igcoibhneas leis an bPunt againne.

Ach an rud ba mheasa a tharlódhná go gcaillfeadh muid gach bun-táiste a thug an Euro dúinn. In ain-neoin gach drochruda atá tar éistarlú, agus is féidir roinnt denmhilleán a chur ar Bhanc Ceannaisna hEorpa agus a gcuid polasaithemaidir leis an Euro, agus an méid athit amach sa tír seo, bhí, agus tá, anEuro an-tairbheach dúinn mar thír adhéanann an-chuid easpórtála. Lon-naigh na comhlachtaí móraMeiriceánacha iad féin anseo lenagcuid earraí a dhíol le cuid eile nahEorpa.

De bharr an Euro níl costaisaistrithe ar chomhlachtaí agus muidag seoladh earraí nó seirbhísí gotíortha eile an Euro, rud a sháb-hálann b’fhéidir 1-2% ar chomhlach-taí – méid suntasach i gcúrsaí gnó.Buntáiste mór eile ná go bhfuil afhios ag comhlacht go mbeidh méidáirithe Euro á thuilleamh acu mádhéanann siad margadh inniu agusan Íocaíocht a bhailiú i gceann sémhí in Euro, rud nach féidir bheithcinnte faoi más leis an Ríocht Aon-taithe nó na Stáit Aontaithe atá siadag déanamh a ngnó.

Agus mé á scríobh seo tá cruinniúmór ag an AE faoin Euro. Ní féidirliom dóthain béime a chur ar céchomh tábhachtach atá sé dobheatha agus sláinte na tíre seo gobhfanann muidne i gcóras an Euro.Má theipeann orainn an méid sin aghnóthú, ollchliseadh núicléach abheidh sa gheilleagar.

Conall Ó Móráin

Níos luaithe sa tseachtainbhí alltacht agus ansináthas ar an 2,800 duineatá ag obair doSuperquinn nuair a

d’imigh an comhlucht as gnó agusansin nuair a cheannaigh Supervalué. Ní raibh an dúch fiú tirim ar anmargadh áfach sular dtáinig JohnBryan, Uachtarán ar Chumann nabhFeirmeoirí, amach ar an raidió aggearán faoin mhéid cumhacht atá

anois ag trí cinn dos na hollmhar-gaidh móra, Dunnes, Tesco agusSupervalu, le suas le 70% den mhar-gadh siopadóireacht sa tír acu.

Tá an scéal níos measa i ndáiríremar go bhfuil claonadh níos mó ag andtrí shreinge siopaí sna réigiúin issaibhre sa tír agus breis cumhacht leceannaitheoirí dá réir.

Tá an ceart ag Bryan nuair a deir ségo bhfuil na sreanga seoróchumhachtach. Is muidne, natomhaltóirí, atá thíos leis de bharrpraghsanna arda agus gan comórtas

ceart eatarthu. Ach tá bealach simplí muidne,

Bryan agus feirmeoirí na tíre ashásamh. Is féidir leis na feirmeoirí asreang siopaí féin a bhunú. Bheadhmise, go cinnte, sásta dul agus mochuid feoil, bainne, glasraí agus arána cheannach go díreach ós nafeirmeoirí má an costas ceart agus dámbeadh fhios agam gurb iad nafeirmeoirí atá ag fáil íocaíochtdhíreach sa lámh acu – gan dul tríd antríú páirtí - a bheadh níos airde námar atá dá fháil acu ós na hollmhar-

gaidh faoi láthair. Horace Plunkett a rinne ceannró-

daíocht ar chomharchumainn nablianta siar agus d’éirigh go geal leo.Ach b’iad na feirmeoirí gur leo nacomharchumainn a dhíol iad agus isastu a tháinig Kerry Group agus Glan-bia. Ghlac na feirmeoirí an tairgeadéasca ag an am agus anois tá siad agcaoineadh faoi. Ní luann Bryan anmhéid sin.

Tá tobar mór dea-thola ar fáil d’aondream a ísleoidh costais dúinn. Táan-fhonn ar dhaoine fios a bheith acu

cad as atá a gcuid bia ag teacht. Tácíosanna chomh híseal agus a bhísiad le cúig bhliain déag agus siopaí,beag agus mór, folamh ar gach aonsráid bhaile sa tír. Ní raibh am níosfearr ann chun cinneadh réabh-lóideach a ghlacadh agus sreangsiopaí feirmeoirí a bhunú.

Tá sé ró éasca a bheith ag gearán.Seo seans mór ag Bryan agusCumann na bhFeirmeoirí rud dear-fach a dhéanamh dóibh féin agusdon tír. Mura ndéanann bíodh siadina dtost.

Agus mé á scríobh seo tácruinniú mór ag an AEfaoin Euro. Ní féidir liomdóthain béime a chur ar céchomh tábhachtach atá sédo bheatha agus sláintena tíre seo go bhfanannmuidne i gcóras an Euro.Má theipeann orainn anméid sin a ghnóthú, ollch-liseadh núicléach a bheidhsa gheilleagar

Sreang Siopaí Chumann na bhFeirmeoiríag iomaíocht le Tesco agus Dunnes?

Page 12: Gaelscéal - 22.07.11

12 • TRÁCHTAIREACHT GAELSCÉAL Dé hAoine, 22 Iúil, 2011

GaelscéalAn Chuasnóg, Baile ArdAn Spidéal, Co. na Gaillimhe

Eagarfhocal

LITREACHA chuig an Eagarthóir

Faigh réidhleis an FSSA Eagarthóir, a chara,Thug mé rud éigin suntasach faoi deara agusna nuachtáin á léamh agam an Aoine seocaite. Seachas ailt ghearra san Irish Timesagus san Irish Examiner, is ar éigean gurluadh an scannal maidir leis an FSS agus Ard-Mhúseam na hÉireann ag sárú a ndualgasreachtúil teanga sna meáin Bhéarla ar chor arbith. Scríobh Treasa Bhreatnach alt cuim-sitheach air a bhí mar leathanach tosaigh deGhaelscéal, áfach.

Tuigim go mbíonn níos mó béime curthaar an nGaeilge i nuachtáin atá scríofa trímheán na Gaeilge, ar ndóigh, ach measaimgo bhfuil sé soiléir gur cuma leis an gcuid ismó d'Éireannaigh faoin scannal seo muradtuairiscíodh go forleathan sna meáin Bhéar-la é freisin.

Ní cheaptar gur rud tábhachtach,luachmhar í an Ghaeilge i sochaí an lae inniu.Mar sin, ní cheapann eagarthóirí na nuachtánBéarla gur cheart dóibh scéal dá leithéid aáireamh agus a gcuid nuachtán á gcur i gcló.Is cosúil go bhfuil cúrsaí airgid i bhfad níostábhachtaí ná cúrsaí cultúrtha do mhuintir nahÉireann sa lá atá inniu ann.

Feictear dom nach féidir nuachtán ar bith aléamh gan na giorrúcháin IMF, EU nó ECB afheiceáil ar chuile leathanach iontu a thuil-leadh! Tuigim go bhfuil na rudaí seo táb-hachtach, ach nach ceart dúinn díriú ar chúr-saí cultúrtha agus teanga ionas go bhforbrófaíiad fad is atá cúrsaí eacnamaíochta na tírefaoi stiúir na n-eachtrannach?

Faoi dheireadh, ba cheart dúinn fáil réidhleis an FSS amach is amach i mo thuairimse.Murar éirigh leo ae nua a fháil don déagóirbocht sin Meadbh McGivern an tseachtainseo caite, ní dóigh liom go mbeidh siad in anntreoreacha simplí an Coimisinéir Teangamaidir leis an nGaeilge a chur i bhfeidhm achan oiread!

Le meas,Ross O'BriainBaile Átha Cliath

Éilím mochearta teangaA chara,Leigh mé litir Pheadair Uí Chasaide (15 Iúil,

2011) agus chuir sé an-fhearg go deo orm. Isléir míthuiscint bhunúsach inti. Is gá gombeidh an Ghaeilge le feiceáil agus in-úsáidemá tá seans le bheith aici maireachtáil in aonchor. Tá dul amú air leis; tá roinnt bheagGaeilgeoirí sa tír nach bhfuil Béarla acu agusníos mó ann a bhfuil drochBhéarla acu.Anuas air sin, ní ag caint ar thuarascálachaamháin atáimid ach fógraí poiblí, suímhidirlín agus rudaí dá leithéid. De réir mar abhrúfaí an Ghaeilge amach ó fhoilseacháin anstáit is araile is ea is mó a thiocfadh brú uirthisa chóras oideachas, agus sa phobal trí chéile.Tugann an t-Uasal Ó Casaide le fios gur ar sonna Gaeilge atá sé. Bheadh iontas an domhainmhóir orm dá n-aontódh aon saineolaí tean-ga go mbeadh beartais mar a luaigh sé ar leasaon teanga.

Pé scéal é, mar Ghael agus mar Éireannachéilím mo chearta teanga agus íocaim astu (gopointe ar a laghad), is ní éilím aon leaganBéarla. Cuimhnítear chomh maith gur fíorb-heagán de fhoilseacháin is dechomharthaíocht a aistrítear go Gaeilge. Dároghnódh an stát é, d’fhéadfaidís seirbhísíiomlán dátheangacha a chur ar fáil is gan aonchostas breise a bheith leis. Aithním nachmolann an t-uasal Ó Casaide an costas aghearradh, ach go dtéann sé muinín naseanghairme úd 'Is ar an nGaeilge an lucht'.Ba bhoichte ár náisiún dá gcuirfí a mholtaí-sei bhfeidhm.

Is mise, le mór-mheas,Eoghan Ó Murchadha,Gleann Cuilinn,BÁC 18

‘Mar dhuine leGaeilge aguscáiníocóir’A Chara,Ag léamh an dá litir a bhí i nGaelscéal antseachtain seo caite ‘Foyb le Gwalegguh nakathruk’ agus ‘Míchlú ar chúis na Gaeilge’cheap mise gur an chéad lá d’Aibreán a bhíann nó b’fhéidir tuairim mionlochmíshuntasach amaideach!

Maidir leis na dualgaisí ag na heagraisí stáitchun reachtúil teanga a chomhlíonadh agusan costas a bhaineann leis, dúirt Peadar ÓCasaide gur ‘cur amú airgid in am an ghatair’a bhí ann’. Mar dhuine le Gaeilge aguscáiníocóir ní aontaím le sin ar chor ar bith.

Ó bhunaíodh an stát seo, theip ar an rialtaiscáipéisí, foirmeacha agus seirbhísí a chur arfáil trí Ghaeilge. Is cinnte gur shábháil siad goleor airgid lena linn ach tá seans acu é sin a

“Is Poblacht í seo, ní an Vatacáin”TÁ an chríochdheighilt níos láidrená mar a bhí riamh roimhe, tá tod-hchaí na tíre i mbaol mar gheall aran ghéarchéim airgeadais – rud abhaineann le hamaideacht go cin-nte ach ní le cumas ná díograis oib-rithe na hÉireann – ach an tseach-tain seo d’fhógair an TaoiseachEnda Kenna neamhspleáchas anathuair.

Ní féidir aon chur síos eile a

dhéanamh air.Fiú cúig bliana ó shin, ní bheadh

sé de mhisneach ag polaiteoir arbith in Éirinn (taobh amuigh d’aon-tachtóirí) labhairt amach chomhdíreach sin in aghaidh na Vatacáine.

D’fhógair sé gur Poblacht í Éire (i.na 26 Contae) agus go bhfuil lámhin uachtar ag dlíthe na Poblachtasin. D’fhógair sé go sáraíonn dlíthePhoblacht na hÉireann an dlí canó-

nach nach bhfuil “aon dlisteanachtná áit aige i ngnóthaí na tíre seo.”

Leis na focail chumhachta sin,chuir sé deireadh le cibé cumhachtpholaitiúil a bhí fágtha ag an Eaglaisin Éirinn ar bhonn náisiúnta.

Ní hionann sin is a rá nach bhfuiltodhchaí ag an chreideamhCaitliceach in Éirinn ná go mbeidhan tromlach de Chaitlicigh na tíreseo ag caoineadh mar gheall air seo

ach an oiread. Tá deis ag an Eaglais Chaitliceach

tús úr a chur leo féin in Éirinn agusdíriú isteach ar chúrsaí creidimhagus spioradálta agus ligean donstát (stát nach bhfuil gan locht snacúrsaí seo ar chor ar bith) aire athabhairt do chúrsaí sóisialta.

Mar a deir sé sa Bhíobla : "Íocaigíle Céasar na nithe is le Céasar agusle Dia na nithe is le Dia."

Fear Óg Misniúil – Derek Ó MaolagáinNÍ féidir go bhfuil sé éasca teachtamach agus a rá os comhair na cúirteagus, níos tábhachtaí arís, os comhairdo phobail féin agus a fhógairt gopoiblí go ndearnadh drochíde ghnéisort.

Ach sin an rud a rinne Derek Ó Mao-lagáin nuair a tháinig sé amach agusnuair a chuir sé a chuid fianaise oscomhair na cúirte i gcoinne Mhichíl Uí

Fhearraigh.Mar gheall ar an fhianaise sin, tá

Micheál Ó Fearraigh i bpríosún, áit ambeidh sé le fada amach anseo.

Tá ard-mholadh agus ardbhuíochastuillte ag an Uasal Ó Maolagáin.

Faraor, is furasta a thuigbheáil céndóigh a n-oibríonn ‘cumhacht anchiúnais’ i bpobail, agus i bpobailbheaga go háirithe.

Ach is mar gheall ar an chultúr seo,atá beo in Éirinn i bhfad ro-fhada, atádaoine ar nós Mhichíl Uí Fhearraighábalta oibriú, ionsaithe gnéis adhéanamh i gcoinne páistí ar feadh namblianta, gan mórán eagla orthu gondéanfaidh duine ar bith a dhath faoi.

Léirigh misneach Derek áfachgurbh fhiú teacht amach agus fianaisea thabhairt do na húdaráis go bhfuil

coiriúlacht mar seo ar siúl agus gurféidir níos mó a dhéanamh faoi.

Táthar ag súil go dtiocfaidh níos módaoine amach anois cé nár cheart brúa chur ar dhuine ar bith chun a lei-théid a dhéanamh.

Tá go leor ceisteanna á gcur agus lecur go fóill i dtaca leis an chás seo agustáthar ag súil go bhfaighfear freagraígo luath.

Page 13: Gaelscéal - 22.07.11

Cuirtear litreacha chuig [email protected]. Iarrtar oraibh a bheith chomh gonta agus is féidir.

CEIST na Seachtaine

chur i gceart anois le cúnamh an CoimisinéirTeanga.

Dúirt sé freisin ‘tarraingíonn an feachtasteanga seo míchlú ar chúis na Gaeilge’. déar-fainn ach a mhalairt ar fad. Ceapann go leorBéarlóirí go bhfuil cothrom na féinne ag naGaeilgeoirí atá ag déileáil leis na heagraisístáit tríd an chéad theanga oifigiúil. Tais-peánann an feachtas seo agus an méidpoiblíocht a bhaineann leis os comhair anphobail an dearcadh diúltach agus annaimhdeas ag an rialtas ar an Gaeilge.

Mar focal scóir, dúirt bean ó Cardiff a bhíar saoire in Éirinn ‘In Wales we considerourselves to be educated when we canspeak our own language’. Tá géarghá ledaoine mar í sa tír seo.

Mise le measDeasún Ó SeanáinGaillimh

MoltaíA chara, Thaitin mé an nuachtán seo. Ach níl a lán

Gaeilge agam. Níl mé líofa. So can I makethe following points:

1. In my opinion, is é mo thuairim, thatthere should be a short translation or sometranslations at the end of each story. Thisis to help beginners and learners. This isdone in the magazine Foinse and also theIrish Times Gaeilge.

2. How about an article in Béarla orSpanish or even Welsh? Every now andagain.

3. The website, www.gaelscéal.ie. Itshould have an English translation avail-able. This is available on for examplewww.tg4.ie. If you buy the "Gaelscéal" anddo not understand an article, you could goto the Gaelscéal website, click the Englishtranslation, and read the English version.You could say this in the magazine, so as tohelp learners and non Irish speakers, saveslooking up a dictionary! ach ceapaim gobhfuil Gaelscéal ins an nuachtán Éireannmaith. Níl neart le chur le chéile,

Is miseDéaglán O AinleCluain DolcainBAC 22

TRÁCHTAIREACHT • 13GAELSCÉAL Dé hAoine, 22 Iúil, 2011

Tá an fhírinne searbh ach ní mór í a insint

Eoghan Ó Néill

Faoin am ar imigh macallaan scaoilte bhí 136 cás piléiró raidhfilí Armalite, M1 Car-bine, Sten-ghunna agusgunnán Magnum carnaithe

ar an talamh in aice le deichniúr corp. James McWhirter (63), Kenneth

Worton (24), Joseph Lemmon (49),Reginald Chapman (29), Walter Chap-man (29), Robert Samuel Walker (46),Robert Chambers (18), JohnMcConville (20), John Bryans (50) agusRobert Freeburn (56).

Bhí 18 piléar i gcorp Alan Black achmhair seisean beo in ainneoin na n-ain-neoin.

Bhí an sléacht a rinne Poblachtaigh,baill den IRA faoi lipéad amháin nó eiledéarfainn, ag Kingsmill i gContae ArdMhacha ar 5 Eanáir 1976, ar na huafáisba mheasa a tharla i stair fhuilsmearthana dTrioblóidí.

Nuair a shocraigh rialtas na Breatainean tseachtain seo gan leanúint d’fhios-rú shléacht Kingsmill ba cheart doPhoblachtaigh cur ina gcoinne. Bacheart dóibh a rá gur gá leanúint denfhiosrúchán sin agus níos fearr arís gobhfuil an tIRA sásta cuidiú lena leithéidd’fhiosrúchán.

Nó caithfidh Poblachtaigh tosú ar anathmhuintearas.

Agus is é an tús-phointe donathmhuintearas sin ná a aithint gopoiblí an dochar a rinne siad donphobal Protastúnach sa Tuaisceart lelinn na dTrioblóidí.

Ag Kingsmill nuair a imríodh díoltasar oibrithe Protastúnacha asgníomhartha nach raibh baint ná páirtacu leo. Ag La Mon nuair a tharla‘meancóg’ agus dódh 12 Protastúnachina mbeatha.

Cén duine nach mothódh fearg arsmaoineamh ar dhúnmharú JoanneMathers, (29), máthair óg Phrotastú-

nach a fuair jab páirtaimseartha ag dulthart ar thithe i nDoire in 1981 ag scai-peadh foirmeacha daonáirimh.

Agus í ag teacht amach as teach igceantar náisiúnach tháinig ball denIRA suas chuici agus scaoil sachloigeann í.

Ní fhaca Joanne céad lá a mic ar scoil,ní dhearna sí ceiliúradh leis ar bhaint achéime ollscoile dó ná tacú leis an am araibh na fadhbanna aige is atá ag gach

déagóir. Cuimhníonn go leor againn arbhás Bobby Sands ach níl ach líon beagagainn a chuimhníonn ar bhás beirte atharla roinnt uaireanta an chloig níosmoille. B’fhear seachadta bainne é EricGuiney, Protastúnach ó Ráth Cúil.

Bhí a mhac Desmond (14) sa fhlótabainne leis nuair a shroich siad barrBhóthar an Lóiste Nua i dtráth a sé achlog an mhaidin sin.

Chaith scaifte a bhí ag fuadach car-ranna clocha orthu agus chaill Ericsmacht ar an fhlóta. Bhuail sé cuaillesolais.

Caitheadh Desmond tríd an fhuin-neog agus baineadh barr a chloiginnde. Gortaíodh Eric Guiney chomh donasin is go bhfuair sé bás cúpla lá níosmoille. Tá liosta fada léanmhar dePhrotastúnaigh sa Tuaisceart armharaigh Poblachtaigh nó Náisiúnaighiad. Tá liosta fada fosta deghníomhartha gránna a rinne daoine asan phobal náisiúnach am na dTri-oblóidí.

Agus anois go bhfuil na Trioblóidíthart, go bhfuil an meon a lig dúinn aleithéid de ghníomhartha a cheadú nóa dhéanamh in ainm is a bheith á churtaobh thiar dínn, tá sé in am a rá goraibh siad mícheart agus leithscéal aghabháil.

Is cuma nach bhfuil rialtas naBreataine sásta a aithint go raibh siad-san ag reáchtáil cogadh salach sa Tuais-ceart a ba chúis le marú na gcéadta sib-hialtach.

Is cuma nach bhfuil bunús aontach-tach sásta a aithint go raibh stát Oráis-teach ann le 50 bliain gan trácht ar aaithint gur ar a shon a bhí Búistéirí na

Seanchille ag déanamh feolmhaigh deChaitlicigh.

Go fiú ina éagmais sin ar fad bacheart don IRA, do Phoblachtaigh agusdo Náisiúnaigh tosú ar an phróiseasathmhuintearais.

Tosú ar an éagóir a rinne siad aaithint agus leithscéal a ghabháil.

Ba cheart déanamh amhlaidh margur mhór linn an fhírinne. Searbh isatá. Gur mhór linn freagracht a ghla-cadh as na rudaí a rinne daoine óphobal s’againne in ainm s’againne.

Agus ba cheart an fhírinne a rá faoinchogadh. Mar níor chogadh laochraché i gcónaí. Bhí éachtaí agus daoine mis-niúla ann i gcogadh s’againne mar a bhíi gcogaí eile.

Ach den chuid is mó bhain sé le marúis le doirteadh fola, le caoineadh deor isle heagla, le marú agus le céasadhdaoine nach raibh baint ná páirt acu lehaon éagóir.

Ní bheidh próiseas aimsiú na fírinneann sa Tuaisceart go gceann i bhfad.

Tá an chumhacht ag rialtas naBreataine agus níl siadsan ag dul aligean d’aon dream an fhírinne a insintfaoi na hainghníomhartha a rinne siad-san feadh na dTrioblóidí.

Ach ní hionann sin is a rá nár cheartdo Phoblachtaigh an fhírinne a rá.

Sin tús ar phróiseas a thabharfaidhníos cóngaraí ná riamh iad go cuspóirbunaidh an Phoblachtachais.

Faoi mar a dúirt Wolfe Tone, ‘Chunpobal na hÉireann a aontú agus chuncuimhní na sean-aighneas a dhíbirt.Agus seachas Protastúnach, Caitliceachná Easaontóir go dtabharfaimis Éirean-nach orainn féin.’

Ní mór díriú ar an obair atá idir lámha seachascúrsaí faisin sa Dáil: Lucht léite GaelscéalTÁ tromlach mór dár léitheoirí - 67.4% - dentuairim nach bhfuil tábhacht ag baint le feis-teas na dTeachtaí Dála. Ní chuireann sé isteachná amach orthu a fhad is go bhfuil napolaiteoirí ag dul i mbun na hoibre. Os achoinne sin, léirigh 26.9%, áfach, gur cheart dona polaiteoirí an feisteas cuí ceart achaitheamh agus iad ar dualgas sa Dáil.

Ba iad na torthaí go sonrach ná:Tá – Ní mór do pholaiteoirí meas a léiriú ar

obair na Dála agus feisteas ceart a chaitheamh- 26.9%

Tá – Tá sé tábhachtach go mbeadh na Teach-taí in ann rogha éadaí a chaitheamh sa Dáil -5.8%

Níl – Is cuma liom cad a chaitheann siad,chomh fada is atá siad ag obair ar son leas nandaoine - 21.2%

Níl – Tá rudaí i bhfad níos tábhachtaí le pléfaoi láthair agus níor chóir am a chur amú ar anamaidíocht seo! - 46.2%

Ceist na Seachtaine seo:Is mór an méid cainte a tharraing an chon-

spóid a bhain le ‘News of the World’ le seach-tainí beaga anuas. An gcuirfidh a leithéidlagmhisneach ort nuachtán a cheannachamach anseo?

• Cuirfidh! Cuirfidh sé isteach orm, agusbeidh an-drogall orm nuachtán a cheannachamach anseo

• Cuirfidh! Chuir an méid a tharla déistinorm, agus ní cheannóidh mé nuachtáin chomhminic sin

• Ní chuirfidh! Glacaim leis mar chorr-fhad-hb a thagann aníos ó am go ham sna meáin,agus leanfaidh mé orm ag ceannach nuachtán

• Ní chuirfidh! Ní chuireann sé isteach náamach orm ó thaobh nuachtán a cheannach

Alan Black, a scaoileadh 18 uair ach amhair. Ba é an t-aon duine a tháinigbeo as an slad a rinneadh ag Kingsmillseachas Caitliceach a ligeadh chinbealaigh sular thosaigh na gunnadóiríag marú na bProtastúnach.

26.9%

21.2%

46.2%

5.8%

Page 14: Gaelscéal - 22.07.11

14 • GAELSCÉAL Dé hAoine, 22 Iúil, 2011

TEICNEOLAÍOCHT & GNÓ

Tús maith, leath na hoibre do Google+Diarmuid Ó Muirgheasa

Tá Google+ ar an bhfódanois níos lú ná ceithreseachtaine. Tá sé róluathgo fóill, b’fhéidir, níos móná tuairisc ghinearálta a

thabhairt air, ach cheana féin is cin-nte go bhfuil lucht Facebook rudbeag buartha mar gheall air. Rud eilear féidir a rá go cinnte ná go bhfuildaoine ag caint mar gheall air. Téighar Twitter, déan cuardach ar“Google+” agus breathnaigh ar natweets atá ag teacht nach mór ganstad.

Breathnaigh ar aon cholún teicne-olaíochta, aon iris, aon nuachtán,agus tá caint air. Cheana féin tá 10milliún daoine ag baint úsáide as.Sin i bhfad níos lú ná an 750 milliúnnó mar sin atá ag Facebook, ach mara deir an seanfhocal, tús maith, agusmar sin de.

Cé gur rud mór é do Google, áfach,tá daoine áirithe ag éirí rud beagróchorraithe mar gheall air. Chonaicmé alt amháin a dúirt go raibh tod-hchaí iomlán Google ag brath air.Níor mhaith liom argóint a thosú lepé duine a dúirt é sin, ach rinneGoogle brabús $2.5 billiún sa chéad

ráithe i mbliana. Más féidir leo é sina dhéanamh gan cabhair ar bith óGoogle+, ní bheinn róbhuartha dámbeinn i mo scairshealbhóir.

Lasmuigh de Google+, baineannGoogle fós leis an gcuid is mó denmhórnuacht teicneolaíochta letamaillín anuas. Tá scata mórtaibléad nua ann, ceann amháin goháirithe ar fiú trácht a dhéanamh air,ach sula dtiocfaimid chomh fada leissin tá argóint mhór os comhair nagcúirteanna i Meiriceá idir HTC agusApple. Deir Apple go bhfuil HTC, atháirgeann timpeall ar 25 milliúnguthán in aghaidh na bliana,gutháin Android an chuid is mó acu,ag sárú paitinní luachmhara ar leApple iad.

Den chuid is mó tugaimneamhaird ar na scéalta seo, agusdéanaim iarracht gan iad a chur osbhur gcomhair, a léitheoirí. Isannamh a bhíonn siad suimiúil,agus is annaimhe arís a tharlaíonnrud ar bith mar gheall orthu seachascúpla punt ag dul ó chuntas lánamháin go cuntas lán eile. (Táim indáiríre ansin. Tá os cionn $20 bil-liún sa bhanc ag Google, beagnachan dá oiread sin ag Apple agusMicrosoft. Is beag rud atá níos lead-

ránaí ná $50 milliún ag eitilt anonnagus anall idir na cuntaisí sin margheall ar an iliomad cásanna cúirte).

An uair seo tá rudaí éagsúil. TáApple i ndiaidh an chéad bhabhta abhuachan, le Coimisiún TrádálaIdirnáisiúnta na Stát Aontaithe(United States International TradeCommission, nó ITC) ag tabhairtbreithiúnais go bhfuil HTC ciontachin dhá phaitinn a shárú. An ghné

shuimiúil de seo ná nach bhfuilApple ag lorg conradh ceadúnaithe –tá siad ag cur brú ar an ITC cosc iom-lán a chur ar allmhairiú gutháinHTC. Ní bheidh eifeacht dhíreach agcinneadh an ITC orainn anseo inÉirinn, ach má éiríonn le Apple a lei-théid de bhua a bhaint amach tágach seans ann go dtiocfadh a lei-théid de chás trasna an Atlantaighchugainn anseo san Eoraip. Má táHTC Desire, nó HTC Incredible, nóHTC ar bith eile agat faoi láthair,bain taitneamh as. B’fhéidir nachmbeadh a leithéid ar fáil arís.

Tá nuacht níos dearfaí ann óndomhan teicneolaíochta soghluaistechomh maith, is deas liom rá. Táléirmheasanna den scoth á dtuil-leadh ag an Asus Eee Pad Trans-former, atá ar fáil anois ar phraghas€400 nó mar sin. Tá sé an-chosúilleis an iPad, ach an rud eisceachtúilná an méarchlár. Cosnaíonn anméarchlár timpeall €100 sa bhreis,ach cuir an méarchlár agus antaibléad le chéile agus fágtar leríomhaire glúine breá tú.

Ós rud é go bhfuil cadhnra sabhreis mar chuid den mhéarchlár,maireann an Transformer suas le 16uair an chloig gan athluchtú! Gan an

méarchlár, mairfidh sé suas le 9 n-uaire nó mar sin, achar ama athugann fós lá iomlán úsáide duit.

Tá an gléas go deas ann féin, iscinnte. Ní thabharfaidh mé liostaiomlán na gcrua-earraí atá laistighde, ach tá sé ar comhchéim leis nataibléid eile uilig ar an margadh. Anrud atá iontach suimiúil ná an tslí arthóg Asus ríomhaire glúine agustaibléad, agus iad a bhrú le chéile satslí áirithe ar bhrúigh siad le chéileiad. Tá ceisteanna á gcur ag mórándaoine faoi conas a mhairfidhríomhairí glúine, go háirithe Net-books, taobh le taibléid ar an mar-gadh. Ní cinnte go fóill, ach tá anchosúlacht ann go mb’fhéidir gobhfuil freagra anois ag Asus ar angceist.

Níl sé foirfe, caithfear a admháil.Níor dearadh Android do ríomhaireglúine, agus gach seans go moth-óidh daoine cláir Windows uathu.Níl sé iontach saor ach oiread. €490nó mar sin atá ar an leagan is saoireleis an méarchlár; is féidir anois Net-book a cheannach ar €200. Beidh lefeiceáil an é seo todhchaí naríomhairí soghluaiste. Sílim nachbhfeicfear dul chun cinn níosciallmhaire ná seo go ceann i bhfad.

Cé gur rud mór é do Google,áfach, tá daoine áirithe agéirí rud beag róchorraithemar gheall air. Chonaic méalt amháin a dúirt go raibhtodhchaí iomlán Google agbrath air. Níor mhaith liomargóint a thosú le pé duine adúirt é sin, ach rinne Googlebrabús $2.5 billiún sa chéadráithe i mbliana. Más féidirleo é sin a dhéanamh gancabhair ar bith ó Google+, níbheinn róbhuartha dámbeinn i mo scairshealbhóir.

‘Paddy Parcels’Seosamh Ó Riain

AN cuimhin leat an t-am sin siar sna bliantaagus tú thar lear, aimsir bhrothallach bhreámheirbh agus an ghrian ag scoilteadh is agglioscarnach na gcloch. Bhí gach uile rudthart timpeall ort a bhí tú a iarraidh seachasan t-aon rud amháin ar an saol seo a shásóidhdo thart – Barry’s Tea, ar ndóigh! Uireasa amhéadaíonn cumha mar a déarfá.

Bhuel, bí ar do sháimhín só as seo amachtoisc go bhfuil comhlacht Éireannach darbainm Paddy Parcels ag tabhairt faoinseanfhadhb seo. Seolann an comhlachtbeartáin de sneaiceanna de bhunadh Éirean-nach chuig a gcuid custaiméirí uilig thart tim-peall an domhain, an tír seo san áireamh.

Is iad na sneaiceanna is mó éilimh orthu námilseáin, brioscáin agus taenna éagsúla Éire-annacha, lena n-áirítear Barry’s Tea, darndóigh!

Agus dóibh Éireannaigh siúd ar a bhfuilcumha i ndiaidh na seanlaethanta maithe, nílle déanamh acu ach ceann de na beartáinreitreo a ordú.

Tá cuma shuimiúil ar an ‘Retro CrispCombo’ agus an ‘Retro Sweet Box’. Is deasagus simplí an smaoineamh é, ach an-

éifeachtach. De réir shuíomh Idirlín PaddyParcels (www.paddyparcels.ie), is é an ‘RetroSweet Box’ atá ar barr an liosta is mó díoltáirgí i láthair na huaire.

Mar a deir an seanfhocal, is olc an ghaothnach séideann maitheas do dhuine éigin. Inaimsir seo an chúlaithe eacnamaíochta, is

dóichí ná a mhalairt go mbeidh an-tóir ar nabeartáin seo ó na mílte Éireannach nach raibh

an dara rogha acu ach dul thar sáilechun teacht ar obair, gan tráchtorthu siúd a oibríonn ar an

seanfhód.Táthar ag iarraidh dlús a chur

leis an ngeilleagar sa chomhlachttrína gcuid táirgí agus pacáistithe a

fhoinsiú ó ghnólachtaí Éireannachaamháin. Ní amháin sin ach is earraí iad

atá neamhdhíobhálach don timpeal-lacht.

Céard a thug orthu an comhlacht achur ar bun? “Thangthas ar an

smaoineamh chun Paddy Parcels abhunú tráth a ndeachaigh roinnt cairde

thar lear ach a chronaigh uathu a roghasneaiceanna ó bhaile.

Chaith cara amháin dhá uair a’ chloig agtiomáint chuig an siopa ba chongaraí araibh brioscáinTayto acu. Cheapamardúinn féin, is cinnte go gcaithfidh gobhfuil bealach níos éasca d’Éireannaighteacht ar sneaiceanna Éireannacha i dtír

choimhthíoch. Saolaíodh Paddy Parcels, dábharr. ”

An-smaoineamh! Go n-éirí leo go deo!

Comhlacht chun cinntiú go bhfaighidh tú tae ‘Barry’s’ thar lear!

Page 15: Gaelscéal - 22.07.11

• 15GAELSCÉAL Dé hAoine, 22 Iúil, 2011

FOLÚNTAIS / CÚRSAÍ

Gníomhairíag teastáil

Tá fás ag teacht ar ár bhfoireannagus muid ag iarraidh cur leis an

méid gníomhairí timpeall natíre. Is post i do chuid ama féin abheadh anseo, ag ardú phróifílGaelscéal i do cheantar féin ar

bhun coimisiúin.

Má tá am agat agus airgeadbreise uait déan teagmháil le

Patricia ag [email protected]

chun tuilleadh eolais a fháil.

Oifigeach Forbartha RéigiúnChonnacht/LaigheanTá Óige na Gaeltachta ag lorg Oifigeach Forbartha i réigiúnChonnacht/Laighean. Beidh an tOifigeach freagrach as seirb-hísí óige a chur chun cinn I bpobail Ghaeltachta i réigiún Chon-nacht/Laighean. Beidh na cúraimí seo a leanas ar an té acheapfar:

• Tacú le seirbhísí óige agus clubanna óige a bhunú. • Tacaíocht a thabhairt do phobail go réir éileamh freastal ar

an óige.• Imeachtaí óige a reáchtáil mar a oireann.• Seirbhís eagrúcháin agus eolais a chur ar fáil do

chlubanna/eagraíochtaí óige.• Cúrsaí oiliúna agus oideachais a eagrú mar a oireann.• Deacrachtaí, fadhbanna a aithint sna pobail éagsúla maidir

le cúrsaí óige.• Comhairle agus tacaíocht a thabhairt do cheannairí óige sa

phobal.

Riachtanais an Phoist• Ardchaighdeán i labhairt agus i scríobh na Gaeilge.• Taithí agus eolas ar chúrsaí óige.• Scileanna maithe cumarsáide agus idirphearsanta.• Sárscileanna i riaradh tograí óige agus pobail.• Ardscileanna ríomhaireachta agus riaracháin.• Taithí ar obair phobail agus coistí deonacha.• Ceadúnas glan tiomána reatha agus gluaisteán a bheith

aige/aici.

Beidh an té a cheapfar freagrach don Bhainisteoir agus donBhord Stiúrtha. Is conradh lánaimseartha bliana atá i gceist.Beidh an té a cheapfar lonnaithe in oifig Óige na Gaeltachta igCasla, Co na Gaillimhe. Íocfar ráta caighdeánach tuarastail.

Is fostóir comhionannais é Óige na Gaeltachta Teo.

Seol d’iarratas mar aon le CV roimh an Céadaoin 3ú Lúnasa,2011 chuig:

An BainisteoirÓige na Gaeltachta

CaslaConamara

Co. na Gaillimhe

Teil: 091 506014 R-phost: [email protected]

Tá an Coiste ainmnithe thuas ag earcú múinteoirí faoi láthair le haghaidhfolúntais a d'fhéadfadh a bheith i gceist sa seisiún acadúil 2011/2012.Chun sonraí iomlána na bpost seo a fháil, téigh chuig ár suíomh gréasáinwww.countygalwayvec.com

Sínithe: Seosamh Mac Donncha, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin

COISTE GAIRMOIDEACHAIS CHONTAE NA GAILLIMHE

www.oegalway.ie

Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialtaagus an Léinn CheiltighColáiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblíagus an DlíColáiste na hInnealtóireachta agus naFaisnéisíochtaColáiste an Leighis, an Altranais agus nanEolaíochtaí SláinteColáiste na hEolaíochta

Le tuilleadh eolais a fháil agus le hiarratas a dhéanamhtéigh chuig www.publicjobs.ieIs fostóir comhionannas deiseanna í Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Fáiltítear roimh iarratais ar phoist acadúla sna Coláistí seo a leanas:

www.oegaillimh.ie

Spéis agat i bpost maith leGaeilge?

Tapaigh do dheis agus baincáilíocht aitheanta ollscoile

amach!Tá na cúrsaí iarchéime seo a leanas le fáil inOllscoil na hÉireann, Gaillimh in 2011-2012: • MA / Dioplóma Iarchéime (Ateangaireacht

Chomhdhála) • MA / Dioplóma Iarchéime (Aistriúchán

Reachtaíochta agus Dlí) • MA (Léann an Aistriúcháin) • Ard-Dioplóma (Léann an

Aistriúcháin) Eolas: 091 869 022 / 595101 [email protected] www.oegaillimh.ie/acadamh

LÉACHTÓIR LE GAEILGETá Coláiste San Aingeal ag lorg duine a bhfuil na cáilíochtaí cuí aige/aici don phostthuasluaite. Tá Coláiste San Aingeal mar Choláiste d’Ollscoil na hÉireann, Gaillimhagus tá gach cúrsa ann creidiúnaithe ag an Ollscoil. Beidh an duine a cheapfar donphost seo ag obair ar chúrsaí do réamh-fhochéimithe, d’fhochéimithe agusd’iarchéimithe i Roinn an Oideachais i gColáiste San Aingeal le dualgais ar leith maidirleis an nGaeilge.

Tuarastal: €50,159 - €81,403

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó: www.stangelas.nuigalway.ie nó [email protected]

Caithfidh iarratais don phost a bheith istigh roimh 5.00 i.n. Déardaoin, 4 Lúnasa 2011.

Do dhaoine a bheas ag dul i mbun grád earcaíochta den chéad uair, is ag an mbun-scála a bheas an pá tosaigh agus ag an ráta laghdaithe de 10% a bheas sé inchurtha ibhfeidhm ó 1. Eanáir 2011. Is féidir go n-athrófar an ráta pá ó am go ham de réirbheartas pá an Rialtais.

Fostóir comhionannais is ea Coláiste San Aingeal.An bhfuil folúntas agat?Tóg fógra le Gaelscéal, lascaine le fáil ar leathanach folúntais.

Déan teagmháil le Patricia ag 086–0234251 nó [email protected] Ag Cothú Phobal na Gaeilge

Page 16: Gaelscéal - 22.07.11

16 • GAELSCÉAL Dé hAoine, 22 Iúil, 2011

CÚRSAÍ SAOIL

Máirtín Ó Catháin

Cuimhní cinn an ghasúir.Seanaintín liom ag caintfaoi Broadway. “Bhí mé láeile ag siúl síos Broadway…”

Mar sin a thosaíodh sí na scéalta,Nan Phádraig Mháirtín as Fínis.

Bhí scathamh ann agus shíl mégurbh é Broadway mór Nua-Eabhrac– an áit a mbíonn na drámaí agus nascannáin - a bhí i gceist aici. Ach lehimeacht aimsire thuig mé gurb éBroadway in South Boston a bhíodhfaoi chaibidil.

Tháinig an t-am nuair a shiúil méféin Broadway - go minic - sráidfhada na siopaí, na bpubanna agusna dtithe gnó in South Boston. Bhílorg a gcos fágtha ag go maith óscionn leathscór seanaintíní agus sea-nuncailí liom ann sna blianta a cait-headh. D’fhéadfadh cuimse daoineas Conamara agus as Éirinn uilig anrud céanna a rá.

Bhí – agus tá fós ar bhealaí – SouthBoston ar an gceantar is láidre Éire-annach i Stáit Aontaithe Mheiriceá.Daoine as leath thiar na hÉireann bamhó uilig a chuaigh ann. Ach nítaobh leo a bhí South Boston.

Duine de shliocht oirdheisceart nahÉireann is mó atá ag tarraingt airdear South Boston faoi láthair – WhiteyBulger.

Sna tithe sóisialta san Old Harbourin South Boston a tógadh Whitey.Gar go maith dó a rugadh agus atógadh John J Connolly, an fear FBI achuaigh in aimhréidh in imeachtaíWhitey freisin. Tá Connolly agcríochnú téarma príosúin faoi láthairach tá téarma eile 40 bliain amach

roimhe. Ba as Maigh Cuillin i nGaillimh

athair fhear an FBI. Tá go leor daoineann a déarfadh nár cheart gombeadh an ceangal idir Connollyagus Whitey ceadaithe; tá dílseachtthar na bearta ag dream SouthBoston dá chéile go traidisiúnta.D’fhéadfadh sé gurb shin é andílseacht a chothaigh an ceangal idirConnolly agus Whitey; go mbathreise an ceangal comharsanachtaagus cine sa deireadh ná riar an dlí.Tá inseacht fhada ar scéal SouthBoston.

Dream deisiúil agusÉireannaigh bhochta

Nuair a bhuail an Gorta Mórtubaisteach Éire cuireadhathrú ollmhór ar SouthBoston. Bhí 6,000 duine

sa gceantar in 1835. Mhéadaigh singo dtí 10,000 in 1845 agus faoinmbliain 1855 bhí an daonra gaibhtego dtí 16,000.

Bhí imirceoirí na hÉireann tugthadon ól freisin. Bhí 250 teach óil inBoston in 1846; d’ardaigh sin go dtí1200 faoin mbliain 1849. Éirean-naigh a bhí i mbun a bhformhór.

Cuireadh cáil an óil agus an drabh-láis ar na hÉireannaigh. “No Irishneed apply” a deireadh nacomharthaí.

Ach threisigh na hÉireannaigh inSouth Boston agus faoin am a raibhNan Phádraig Mháirtín ag siúl síosagus aníos Broadway (tuairim 1920)bhí tromlach láidir acu sa gceantar.

Mhéadaigh an daonra go dtí30,000. Éireannaigh agus a sliocht a

bhí in uachtar ach bhí pobail Pholan-nacha, Arméineacha, Liotuánachaagus Iodálaigh (riar acu) ann freisin.Bhí ceangal creidimh eatarthu uilig,Caitlicigh. Bhí gach a raibh go maithagus go dona i bpobal dlúth ar bith lefeiceáil in South Boston ach denchuid ba mhó bhí daoine réasúntasásta.

Mar seo a scríobh an tOllamhThomas H O Connor ina leabharSouth Boston – My Home Town:“Well into the twentieth century,people in neighbourhoods such asSouth Boston grew up with theknowledge and the reassurance thatthis was the way it ought to be…theywould live in separate neighbour-hoods designed for different people,different nationalities, differentraces, different religions – all livingtogether happily, peacefully andharmoniously – but always separate-ly”. Ach ní mar sin a bheadh gobrách.

Athraíonn na busannaan saol

Bhí Nan Phádraig Mháirtínina cónaí i sléibhte Chona-mara nuair a toghadh JohnF Kennedy ina uachtarán.

Ba mhór an t-athrú é ón am a shiúilsí Broadway agus Carson Beach. Achba as aicme eile in Boston é Kennedyagus bhíodh cineál coimhthís agdream South Boston leo sin. “LaceCurtain Irish” a thugaidís orthu;bhíodar faighte saibhir no ard-nósach! Agus bhí muintir Kennedyliobrálach agus bhíodar i bhfabharchuile chine a bheith ar comhchéim.

South Boston – anceantar Éireannachas ar fáisceadh“Whitey”– aguscuimse daoinemaithe freisin

Page 17: Gaelscéal - 22.07.11

CÚRSAÍ SAOIL • 17GAELSCÉAL Dé hAoine, 22 Iúil, 2011

Bhí gaol ag an rud ar ar tugadh“bussing” leis an bpolasaí sin.Chuirfí gasúir den chine dhubh agusden chine bhán chun na scoile inéineacht. Agus chaithfí gasúir a churar bhusanna as ceantar amháin goceantar eile. Roghnaíodh SouthBoston agus ceantar an chinedhuibh in Roxbury le gasúir amhalartú idir an dá áit. D’éirighpobal South Boston amach. BhíSouth Boston trí lasadh i 1974.

Scéal as féin é conspóid na busálain South Boston i lár na 1970idí.Cuireadh an branda ar South Bostongo mba cheantar é a bhí i bhfabhardeighilte idir daoine bána agusdubha, go mba phobal cúngaigeantaagus seanaimseartha a bhí ann.

Ba ansin a tháinig William (BillyBulger) chun cinn. Is deartháir éWilliam Bulger leis an gcoirpeachWhitey. Ach ba sa bpolaitíocht a bhíWilliam, scoláire cumasach, fear dlífreisin agus cainteoir den scoth.

Dúirt Bulger nach cúrsaí cine a bhíi gceist. Dúirt sé gur cheart gobhféadfadh na gasúir dul chun nascoile ina gceantar féin agus dúirt gomba chrann taca an scoil le traidis-iúin agus cultúr na comharsanachtaa choinneáil beo agus bríomhar.

Lean an chaismirt ar aghaidh agusfágadh fuil ar shráideanna SouthBoston. Baineadh siar as anSeanadóir Edward Kennedy féinnuair a rugadh air sa gconspóid.Scríobh sé faoi ina dhírbheathaisnéisTrue Compass. Admhaíonn sé goraibh an t-ádh air na cosa a thabhairtleis in eachtra amháin nuair a chru-innigh lucht agóide in aghaidh nabusála air.

Sa deireadh cuireadh an bhusáil ibhfeidhm ach d’imigh go leor daoineas South Boston de réir a chéile. BhíSouth Boston High School ar aninstitiúid oideachais mhór áitiúil sanaimsir a caitheadh. Níl ach dornánbeag gasúr bán ag dul ann anois;isteach as ceantar Roxbury a tha-gann na céadta eile ar bhusanna.

Cúpla bliain tar éis conspóid mhórna busála a rinne fear an FBI, JohnConnolly, ceangal lena chomharsa asSouth Boston, Whitey Bulger.Beagán blianta ina dhiaidh sinfreisin a rinne fear Ros Muc, Pat Nee,ceangal le Whitey. Déanann ÓNiaidh cur síos ar na buíonta inSouth Boston ina leabhar A Criminaland an Irishman agus tráchtann sé ardhílseacht go láidir; bhí dílseacht dodo bhuíon féin agus do mhuintir féini gcroílár do shaoil uilig.

Polaitíocht ghéar agusdílseacht cine

Bhí William Bulger ag dul gobarr dhréimire napolaitíochta - uachtarán arSheanad an Stáit in Massa-

chusetts i 1978. Ach muna raibh afhios aige cheana é fuair sé amachmaidin i nGlinsce i bpobal Charna goraibh na ceangail le South Boston godomhain i gConamara.

Bhí sé ag siúl siar le Cuan na BeirtríBuí nuair a d’fhógair bean air:“You’re Bulger, get my sister a housein South Boston?”

Bhí polaitíocht South Boston crua.Fuair Ray Flynn amach é sin gar dádhoras féin. Ba as South BostonFlynn. Bhuaigh sé post an Mhéara

sa gcathair uilig i 1983. Scuab sé faoiagus thairis sa gcéad toghchán eile i1987, ach amháin i gceantar amháin– South Boston. Bhí na vótaí gann;dúradh gur tharla sin de bharr achuid tacaíochta do mheascándaoine i scéimeanna sóisialtatithíochta sa gceantar.

D’fhéadfaí pictiúr dubh a phéin-teáil de South Boston ach tá pictiúreile ann freisin. Arsa an t-údarclúiteach Gael-Mheiriceánach, antAthair Andrew Greeley: “Itsstrengths were unique, its weak-nesses no worse than those of anyother neighbourhood – only morepublicized and more Irish.”

Tá athrú mór ag teacht ar SouthBoston agus an pobal dúchasach aglaghdú. Ach fós féin tá lorg láidirÉireannach ar an gceantar.

Meas tú céard a déarfadh NanPhádraig Mháirtín anois? Bhí sí ardhuine de na mílte den dream sinagainne in iarthar na hÉireann abhain píosa den tsaol amach inSouth Boston. Daoine maithe agusfiúntacha a bhí iontu. Ní inseofar agcuid scéalta chomh forleathan lescéal Whitey Bulger, fear a dhíreoidhaird lucht nuachta ar South Boston igcásanna cúirte anois.

Beidh scéal John Connolly, fear anFBI de bhunú Mhaigh Cuillindúisithe arís. Déarfar gur cuid de‘dhílseacht’ South Boston a thar-raing an coirpeach agus an póilínisteach san eangach chéanna.

Ach más ea is dílseacht amú a bhíann. Bhí, agus tá, samplaí níos fearrde dhílseacht cine agus teaghlaigh sagceantar stairiúil ar a dtugtar SouthBoston.

Whitey ar ais sa ChúirtSeosamh Ó Riain

Gabhadh James ‘Whitey’ Bulger (81) agusa páirtí Catherine Greig (60) ar 22Meitheamh ina n-árasán in Santa Moni-ca, California tar éis dó a bheith ar teit-

headh ar feadh 16 bliana.Tugadh an lánúin, duine ar dhuine, os comhair

beirt bhreithiúna fheidearálacha i dteach cúirte imBostún ar 24 Meitheamh. Cuireadh coireannaéagsúla i leith Bulger: dúnmharú, drugaí, camb-heartaíocht agus sracaireacht (racketeering andextortion). Is mór an líon lucht slándála a bhí tim-peall an tí chúirte, agus bhí an garda cósta agusbáid de chuid na bpóilíní ar patról i gcuanBhostún.

I rith an dara héisteacht diúltaíodh dlíodóir acheapadh do Bulger. “Bhí tuilleadh agus $800,000in airgead tirim aige,” a dúirt dlíodóirí ó Oifig Ard-Aighne na Stát Aontaithe.

De réir mar a thuigtear, nuair a d’iarr an Bre-itheamh Bowler ar Bulger an mbeadh séd’acmhainn aige dlíodóir a íoc, d’fhreagair sé,“Bhuel d’fhéadfainn, dá dtabharfá mo chuid airgid

ar ais dom.”Ar 30 Meitheamh lig breitheamh feidearálach do

na hionchúisitheoirí scaoileadh leis an gcás camb-heartaíochta in aghaidh Bulger. Dúradh gurciallmhaire díriú ar chás eile ón mbliain 2000maidir le baint a bheith ag Bulger le 19 ndún-

mharú.In imeacht eile sa chúirt, dúirt an Breitheamh

Bowler gur cháiligh Bulger do dhlíodóir saor inaisce, agus ceapadh JW Carney Jr lena chás athógáil.

Chuaigh Bulger ar a sheachaint in 1994, agusceaptar gurbh é ceannaire ar an mbruíon Gael-Mheiriceánach Winter Hill Gang. Bhí sé ar liostaden deichniúr is mó a bhí á lorg ag an FBI agustáthar in amhras air go raibh lámh aige i 19 ndún-mharú sna 1970í agus 1980í.

De thoradh feachtais sna meáin le gairid adhírigh ní ar Bulger féin, ach ar a bhean, CatherineGreig, thángthas ar Bulger in Santa Monica. Fuairgníomhairí de chuid an lucht slándála 60 arm,sceana agus armlón in árasán Bulger, agus breisagus $800,000 in airgead tirim, roinnt de folaithesna ballaí.

Dúirt beirt bhainisteoirí réadmhaoine ag angcoimpléasc árasán in Santa Monica, áit ar chó-naigh Bulger, gur bhog Bulger agus Greig isteach 15bliana ó shin, gur thóg siad an t-árasán ar cíos faoiainmneacha bréige, Charles agus Carole Gasko,agus gur íoc siad as in airgead tirim.

Page 18: Gaelscéal - 22.07.11

Conamara - Ceantarna nOileán

Cúrsa FETAC iMacasamhlúHúicéirí naGaillimheCaroline Ní Chualáin

D’ÉIRIGH le hIonad OidhreachtaLeitir Mealáin dhá thaispeántasphoiblí den obair a rinne na mic léinnar chúrsa FETAC i MacasamhlúHúicéirí na Gaillimhe a reachtáil legairid. Is féidir cuid de na múnlaí arinneadh a cheannach in Oifig

Turasóireachta na Ceathrún Rua faoiláthair.

Is i dtús mhí Feabhra na bliana seo acuireadh tús le Cúrsa FETAC iMacasamhlú Húicéirí na Gaillimhe,cúrsa a reáchtáil Coiste Gair-moideachais Chontae na Gaillimhe ibpáirtíocht le Muintearas agus IonadOidhreachta Leitir Mealláin agus

Gharumna. Bhí éileamh mór ar anchúrsa agus rinne breis is tríochaduine iarratas ar an chúrsa, idir sheanagus óg as gach ceantar i gConamara.Deir Caitlín Nic Dhonnacha, Bainis-teoir Ionad Oidhreachta Leitir Meal-láin, “Bhí Jim Horgan, an saor bádaitheanta, ag teagasc ar chúrsaamháin agus Patrick Connolly a bhfuil

an cheird go cumasach aige féin agteagasc ar an dara cúrsa. B’éigean dogach rannpháirtí ceann desheanbháid aitheanta Chonamara aroghnú agus múnla a dhéanamh di.Ní hamháin gur thug an cúrsa seo deisdo dhaoine barr feabhais a chur ar nascileanna agus an cheird a chleacht asinsir i bhfad rompu ach le linn anchúrsa chuir na rannpháirtithe fill-teán le chéile faoi stair agus eolas abhí bailithe ó dhaoine éagsúla acu faoina báid seo. Gné thábhachtach denchúrsa ab ea an t-eolas seo uile abhailiú le chéile agus is maith annanois é mar beidh sé againn ar taifeadgo deo.” Rinne foireann an IonaidOidhreachta taifeadadh ar roinntmhaith den cheird agus den scil acleachtadh ag na cúrsaí oíche. DeirCaitlín Nic Dhonnacha, “Ba mhaithlinn buíochas a ghlacadh le CoisteGairmoideachais Chontae na Gail-limhe agus le Muintearas as ucht agcuid tacaíocht leanúnach i rith nagcúrsaí. Déanann seanchaí FhoirniseJohn Bhaba Jeaic Ó Confhaola obairna gcapall i gcur chun cinn cúrsaíoidhreachta agus cultúir mórthim-peall cheantar Chonamara agus ismaith againn a thacaíocht i reáchtáilan chúrsa seo chomh maith. Gabhaimbuíochas le Muintearas i dTír an Fhiaagus foireann Leabharlann naCeathrún Rua as ucht spás a thabhairtdúinn do na taispeántais. D’éirigh tharbarr leis an gcúrsa agus tá súil againné a rith arís an geimhreadh seochugainn.”

Scéalta Mhaigh EoCaroline Ní Chualáin

40 km de chóstaMhaigh Eo lárnach do thionscnamhtaighde EorpachTÁ 40 km de chósta i Maigh Eo agimirt ról lárnach i dtionscnamhtaighde Eorpach atá ag fiosrú nambagairtí do réigiúin chósta debharr athrú aeráide. Saineolaithe ónEoraip, a bhfuil baint acu leis antionscnamh, thug siad cuid dethorthaí an taighde aréir i Cathair naMart. Na torthaí a bhí i gceist,baineann siad leis an gceantar ó Cor-rownasheha go dtí Baile an Fhi-acháin. Bhí an t-imeacht dhá óstáilag páirtithe na hÉireann, OÉ Gail-limh, Comhairle Contae Mhaigh Eoagus Údarás na Gaeltachta. Rogh-naíodh an chuid seo de Mhaigh Eode bharr gur micreacosma é debhord farraige an iarthair, le cuainoscailte agus fhoscaithe, inbhir,dumhcha agus ceantair uirbeacha.

Tá an tionscnamh GréasánAtlantach do Bhainistíocht RioscaCósta ag díriú ar chúrsaí creimthe, archaighdeán uisce agus ar phleanáil.Tá an dreasacht €1.9 milliún

18 • GAELSCÉAL Dé hAoine, 22 Iúil, 2011

NUACHTRÉIGIÚNACHCONNACHTA

NUACHT

Seoltar scéalta chuig:[email protected]

Rása roimh na rásaí agusrása idir chalaphoirt Máirtín Ó Catháin

BEIDH an t-iarratas ar chead pleanála lehaghaidh forbairt mhór ar chalaphort na Gail-limhe dá chur faoi bhráid an Bhoird Phleanála láar bith feasta. Dúirt bainisteoir chomhlachtstiúrtha an chalaphoirt, Éamonn Bradshaw, gobhfuil siadsan ag coimhlint leis an iarratas uiliga bheith réitithe “roimh Rásaí na Gaillimhe”.Ach más rása é leis an obair chasta ar an iarrataspleanála a chríochnú sula scaoilfear an chéadchapall chun siúil i mBaile an Bhriota…tá rásaeile ann freisin.

Tá súil ghéar dá caitheamh ar an ghnío-maíocht i nGaillimh i measc an dreama atá agsúil go ndéanfar forbairt mhór ag Calaphort Rosa’ Mhíl; bhíothas ag súil le blianta beaga anuasgo dtosódh obair ar chéibh dhomhainmhara iRos a’ Mhíl sula dtosódh aon fhorbairt i nGail-limh. Tá tuairimí ann nach fiú a bheith ag for-bairt dhá chalaphort mhóra gar dá chéile san

iarthar agus d’fhéadfadh an ghaoth a bheith iseolta dhream na Gaillimhe má ghlactar leis aniarratas pleanála seo.

Seo í an chéad chéim de thrí scéim forbarthaatá beartaithe do Chalaphort na Gaillimhe. Tásé i gceist sa gcéad chéim seo go n-aistreofaí nagnóthaí lastais agus tráchtála uilig amach as andug atá ann faoi láthair chuig céibh nua 900meadar ó dhéas de Pháirc Fiontraíochta an Cha-laphoirt. Bheadh an chéibh nua seo gar donOileán Caorach agus chaithfí go leor líonadhagus múnlú a dhéanamh ar an gcéibh nua agusan spás ina thimpeall. Meastar go gcosnódh anchuid seo de phlean forbartha an Chalaphoirttuairim is €50m. Níl aon airgead Stáit ar fáilanois; tá comhlacht an Chalaphoirt ag súil gobhfaighfear cuid mhaith den airgead as díolacmhainní agus talún. Ach caithfear ceadpleanála a fháil i dtosach.

Díreach chuig an mBord Pleanála a bheidh ant-iarratas seo ag dul mar go bhfuil glactha leis

gur infreastruchtúr tábhachtach náisiúnta é seo.Tuigtear go mbeidh Coiste Tacaíochta Cha-laphort Ros a’ Mhíl ag cur aighneachta chuncinn chuig an mBord Pleanála. Ní déarfaramach díreach gur agóid a bheidh ann inaghaidh na forbartha i nGaillimh ach beifear agmeabhrú don Bhord Pleanála gurb é – i dtuairimna saineolaithe atá ag réiteach na haighneachta– Ros a’ Mhíl an áit is feiliúnaí le forbairt marChalaphort mór seirbhísí agus domhainmharasan iarthar; cuirfear eolas agus fianaise ar fáil aléireoidh é sin, a deirtear. Lena chois sin míneo-far don Bhord Pleanála gur féidir an obair atheastódh a dhéanamh i Ros a’ Mhíl adhéanamh i bhfad níos saoire ná mar a dhéanfaíé i nGaillimh. Beidh an rása seo idir Calaphortna Gaillimhe agus Calaphort Ros a’ Mhíl ar bun ibhfad níos faide ná Rásaí na Gaillimhe. Achd’fhéadfadh an toradh a bheith fíor-tháb-hachtach do dheisceart Chonamara sa deireadhthiar thall.

Jim Horgan i mbun teagaisc ar chúrsa FETAC i Macasamhail Húicéirí na Gaillimhe. Is féidir cuid de na múnlaí acheannach in Oifig Turasóireachta na Ceathrún Rua faoi láthair.

Page 19: Gaelscéal - 22.07.11

RÉIGIÚNACH • 19GAELSCÉAL Dé hAoine, 22 Iúil, 2011

LAIGHINNUACHT

Seoltar scéalta chuig:[email protected]

maoinithe ag an Aontas Eorpachagus is é a aidhm ná an bhearna alíonadh idir eolaithe athrú aeráideagus cinneadóirí zón cósta. Tá imníann faoin méid a chuirtear rioscaínádúrtha san áireamh i gcinntípleanála,” a deir an Dr Kevin Lynchde chuid Institiúid Uí Riain OÉ Gail-limh. “Tá muid ag fáil amach gogceapann an pobal go bhfuil siadslán ó riosca nuair a thugann údaráisáitiúla cead pleanála, ach ní gá gurmar sin atá.”

Rioscaí atá ceangailte le hathrúaeráide ná tuilte, gaoithe láidre,creimeadh cósta, truailliú uisce agustinte coille. Tá súil ag an tionscnamhGréasán Atlantach do BhainistíochtRiosca Cósta tacaíocht a thabhairtdo bhainisteoirí agus pleanálaithecósta maidir le modhanna chunréamh-mheas a dhéanamh ar rioscaíagus imeachtaí pleanála agusnádúrtha.

Ag déanamh tagairt dó seo, ghrío-saigh an tOllamh Micheál Ó Cin-néide, OÉ Gaillimh, údaráisphleanála chun tagairt a dhéanamhdo rioscaí ina gcuid cinnteoireachtaagus rinne sé an pointe go raibh anGréasán Atlantach do BhainistíochtRiosca Cósta ag ullmhú acmhainníeolaíochta agus lámhleabhar chunéascú a dhéanamh ar áiseanna.

Deontais umFheasachtFrithbhruscair2011 CUIREANN Comhairle ContaeMhaigh Eo fáilte roimh iarratais óeagraíochtaí pobail, cumainncónaitheoirí, scoileanna, coistí na

mbailte slachtmhara nó eagraíochtaíeile ar mhaith leo maoiniú a fáilchun tionscnaimh um fheastachtfrithbhruscair agus frith-ghraifítí achur ar bun.

Caithfear iarratais chomhlánaithea chur ar ais chuig RannógComhshaoil Chomhairle ContaeMhaigh Eo roimh Dé hAoine 9úMeán Fómhair 2011.

Tuilleadh eolais agus foirm iar-ratais chomh maith le treoirlínteagus moltaí le fáil uaidh SharonCameron, Rannóg Comhshaoil,

Comhairle Contae Mhaigh Eo, Árasan Chontae, Caisleán an Bharraigh,Co. Mhaigh Eo, T: 094 904 7360 nóR: [email protected]

Co. Liatroma

Aisteoirí á lorgTÁ an comhlacht drámaíochta Spló-dar ag lorg aisteoirí, fir agus mná, 17-24 bliain d’aois chun páirt a ghla-cadh in éisteachtaí a rachaidh ar

chamchuairt tíre ag deireadh mhíDheireadh Fómhair/tús mhí naSamhna seo chugainn.

Tá an comhlacht lonnaithe inIonad na nGleannta, Cluainín, Co.Liatroma agus tá idir dhráma Gaeilgeagus drámaí Béarla léirithe acu tharna blianta, ina measc Damhsa agLughnasa agus Ag Claí na MuiceDuibhe i nGaeilge agus Eclipsedagus The Factory Girls i mBéarla.

Tuilleadh eolais nó má tá suimagat páirt a ghlacadh cuir glaoch ar087-2109060.

Oifig Nua Turasóireachtaoscailte ag Ceardlann an Spidéil

Áine Ní Chuaig

BHAILIGH scata deas daoine ag Ceardlann anSpidéil tráthnóna Déardaoin seo caite, 14ú Iúil, áit araibh an Comhairleoir Contae Seosamh Ó Laoi asLeitir Mealláin i láthair chun an Oifig Turasóireachtanua a oscailt go hoifigiúil.

Bhí Aodán Mac Donncha ó Chomhlacht Forbarthaan Spidéil Teo. i láthair, chomh maith le Morgan ÓConchubhair, Bainisteoir ChomharchumannSailearna Teo. Is comhfhiontar atá san OifigTurasóireachta seo idir an dá eagraíocht, a bheidh árith ar bhun píolótach as seo amach go mí MheánFómhair. Ba lá eolais a bhí ann freisin don phobalagus bhí Aodán Mac Donncha ag plé agus ag glacadhle moltaí nua maidir le gnáthimeachtaí an Chomh-lacht Forbartha.

Iarrtar ar ghnóthaí turasóireachta, ceardaithe agustithe lóistín ar fud Chonamara a gcuid bileog eolais asheoladh chomh fada leis an Oifig Turasóireachta igCeardlann an Spidéil. Is féidir teagmháil adhéanamh le Mairéad Ní Chualáin nó Nickita Dillionsan oifig fáilte ag an uimhir 091-897705.

Bhí an Taoiseach, Enda Kenny TD, in OÉ Gaillimh Dé hAoine seo caite leis an bhFoirgneamh Innealtóireachta is módá shórt in Éirinn a oscailt go hoifigiúil. Is ré nua don Innealtóireacht san Ollscoil an áis teagaisc agus taighde seo denchéad scoth. I gcuideachta an Taoisigh sa ghrianghraf, tá Uachtarán OÉ Gaillimh, Dr. James J. Browne, agus Dr MaeveDuffy.

An Comhairleoir Seosamh Ó Laoi ag oscailt an Oifig Turasóireachta i gCeardlann an SpidéilDéardaoin, 14 Iúil. Ina chuideachta tá Bainisteoirí an chomhfhiontair, Bainisteoir ChomhlachtForbartha An Spidéil, Aodán Mac Donnachadha agus Morgan Ó Conchubhair, BainisteoirChomharchumann Shailearna.

Scéalta Bhaile ÁthaCliathKatie McGreal

SeaimpínGaelachCraobh-chomórtasClárshe-oltóireachtaSruthaBHUAIGH David Ó Caoimh ó ChillIníon Léinín bonn airgid sa Chraobh-chomórtas ClársheoltóireachtaSrutha san Iodáil le déanaí.

Bhuaigh sé an duais i rannóg nabhfear sóisearach ar an Luan agusbronnadh an duais air ar an Domh-nach seo caite. Bhí an comórtas agan loch de dhéantús an duine agIdroscalo i Milano. Thosaigh sé ar an13 Iúil agus lean go dtí 17 Iúil. Ghlacníos mó ná 250 duine ó 38 tír páirtann. Bhí sé ar an gcéad chraobh-chomórtas sa spórt seo san Iodáilriamh.

Níl David ach 17 bliain d’aois achthosaigh sé ag clársheoltóireachtsrutha nuair a bhí sé cúig blianad’aois.

Tháinig Éire sa seachtú háit sachomórtas iomlán.

Muintir Ráthan Dúin agdéanamhbrústo-caireachta DÉ Luain na seachtaine seo, bhí 15duine taobh amuigh d’oifig EamonGilmore i mBaile Átha Cliath le cur iniúl nach bhfuil siad sásta leis nahathruithe ar liosta tithíochta

Page 20: Gaelscéal - 22.07.11

20 • RÉIGIÚNACH GAELSCÉAL Dé hAoine, 22 Iúil, 2011

Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin.

Tháinig scéim nua i bhfeidhm saChomhairle Contae sin le déanaí achiallaíonn nach féidir leis na daoinea chuaigh ar an liosta tithíochta indiaidh mhí an Mheithimh i mblianafanacht ar an liosta. Tá lóistín ar cíosacu go príobháideach ar tháinig siadair ina n-aonar agus tá an Chomhair-le ag íoc as. Ciallaíonn an t-athrúnach bhfaighidh siad tithíochtcomhairle áitiúla. Is féidir leis nadaoine a bhí ar an liosta tithíochtaroimhe sin cinneadh a dhéanamh:fánach san áit ar cíos ina bhfuil siadnó dul ar liosta eile chun tithíochtcomhairle áitiúla a fháil.

Dar leis an gComhairleoir MelisaHalpin ón gComhaontas Pobalseachas Brabús, “Chaill 400 duine aspás ar an liosta tithíochta saChomhairle Contae sin de bharr anathraithe seo.” Dúirt an RoinnTithíochta sa Chomhairle Contae,“Tá níos lú ná sin i gceist.” Ní raibhfigiúr ceart acu.

Ní raibh Eamon Gilmore i láthair

ar an Luan seo caite ach labhair angrúpa le Stephen Fitzpatrick. Dúirtsé go ndéanfaidh sé iarracht cruin-niú a eagrú don ghrúpa ionas gurféidir leo labhairt le Willie Penrose,an tAire Tithíochta agus Pleanála.

Rachaidh siad ar ais an Luan seochugainn le fáil amach conas atá agéirí leis.

MúsaemNáisiúnta ClóDÉ Máirt na seachtaine seo, d’oscailan tAire Ealaíon, Oidhreachta,Gaeltachta agus Oileán, JimmyDeenihan, an t-athchóiriú iomlán afuair an Músaem Náisiúnta Cló idTor an Bhacaigh i mBaile ÁthaCliath.

Léiríonn an taispeántas stair anchló in Éirinn agus timpeall andomhain. Tá macasamhail dechlóphreas Gutenberg ann chomhmaith leis an mbun-fhorógra ó 1916

agus meaisín díreach cosúil leis anmeaisín lenar cuireadh i gcló denchéad uair é.

Thosaigh an taispeántas gri-anghraf de chlódóirí ag obair, Ana-logue le Fiona McCann, ar an Máirtfreisin. Tá an músaem ar oscailt ó 9 –5, Luan – Aoine agus ó 2 – 5, Satharnagus Domhnach. Is féidir turas treo-raithe a fháil agus bíonn ceardlannaagus léachtaí ar siúl freisin. Tá caiféagus siopa ann freisin.

Féile FlamencoBhaile ÁthaCliathCUIRFEAR tús le Féile FlamencoBhaile Átha Cliath amárach sa Helix imBaile Átha Cliath.

Beidh roinnt léirithe le ceol agusdamhsa flamenco ar siúl agus tá tuil-leadh eolais ar fáil ówww.thehelix.ie.

Beidh an-chuid ranganna ar siúl irith na féile.

Is féidir le gach duine damhsa fla-menco a fhoghlaim ó ghlanto-saitheoirí go daoine atá an-mhaith.Beidh na ranganna ar siúl ar anSatharn agus an Domhnach seo saHelix chomh maith leis an Domh-nach seo chugainn in Ionad an LiffeyTrust sa Cheantar Dugaí. Caithfidhtú áit a chur in áirithe roimh ré agusis féidir é sin a dhéanamh arwww.flamencoindalo.com.

Is féidir giotár don damhsa fla-menco chomh maith le rithim dondamhsa a fhoghlaim freisin.

Beidh an múinteoir ceoil ó Sevillasa Spáinn, Jerónimo Utrilla, ag lab-hairt in Ionad an Liffey Trust saCheantar Dugaí ón Luan go hAoineag 8.30in faoi stair agus traidisiún anflamenco. Tá fáilte roimh chách.

Fearg faoiphríobháidiúdramhaíola ibhFine GallColm Ó Broin

TÁ fearg léirithe ag ComhairleoiríContae i bhFine Gall faoin bpríob-háidiú atá le déanamh agdeireadh na bliana ar an tseirbhísbhailiúcháin drámhaíola sacheantar.

D'fhógair an Bainisteoir Contae,David O'Connor, le déanaí gombeadh deireadh ag teacht leseirbhís na Comhairle toisc nachraibh sé “inmharthana” a thuil-leadh. De réir tuairisce a rinneAmpersand Consultants donChomhairle, chaillfeadh an tseirb-hís €7m in 2012 dá leanfaí leis.

Tá roinnt comhlachtaí príob-háideacha ag bailiú bruscair sacheantar faoi láthair, ach níl orthutarscaoileadh bruscair a thabhairtdo theaghlaigh ar ioncam íseal.

Fágtar na teaghlaigh seo faoichúram na Comhairle agus tá aseirbhís ag cailleadh airgid dábharr.

“Tá an chuid is luachmhaireden mhargadh tógtha ag na comh-lachtaí príobháideacha,” arsaPatrick Nulty, Comhairleoir dechuid an Lucht Oibre ó BhaileBhlainséir.

“Ní raibh orthu tarscaoileadh athabhairt do dhaoine ar ioncamíseal agus bhí siad in ann praghasníos ísle a ghearradh ar chus-taiméirí eile ná an Chomhairle.”

Is faoin mBainisteoir Contae atásé polasaithe dramhaíola a shocrúagus níl aon chumhacht ag

Comhairleoirí Contae ina leith.Nuair a stopfaidh an Chomhair-

le a seirbhís bhailiúcháin agdeireadh na bliana beidh ar nateaghlaigh ar ioncam íseal afhaigheann tarscaoileadh faoiláthair an ghnáththáille a íoc chungo mbaileofaí a gcuid bruscair.

Tá rabhadh tugtha ag angComhairleoir Nulty go bhféad-fadh na comhlachtaí príob-háideacha a bpraghsanna a ardúgan smacht amach anseo.

Dheimhnigh urlabhraí naComhairle do Gaelscéal nachbhfuil socrú beartaithe go fóill lecinntiú nach n-ardóidh praghsan-na as cuimse ó 2012 ar aghaidhach go raibh idirbheartaíocht fósar bun faoin gcóras nua.

Dúirt Comhairleoir de chuid anPháirtí Shóisialaigh ó MhullachEadrad, Ruth Coppinger, “Anbhunchúis leis an athrú seo nárialacha de chuid an Aontais Eor-paigh a dúirt go gcaithfí an bail-iúchán dramhaíola a oscailt gocomhlachtaí príobháideacha.Dúirt muid ag an am gur príob-háidiú iomlán ar sheirbhísídramhaíola a bheadh mar thoradhair seo agus gur cuir i gcéil l a bhísa tarscaoileadh bruscair, ach nícúis sásaimh dúinn a rá anois goraibh an ceart againn.”

Dúirt urlabhraí na Comhairle gon-aistreofaí na hoibrithe atá agobair sa tseirbhís dramhaíola faoiláthair go rannóga eile de chuid nan-údarás áitiúil.

Daoine i mbun foghlamtha ag an gCeardlann arRíomhaireacht do Ghlanto-saitheoirí, ag an gCaife Idirlín Nethouse, CéWellington, Baile Átha Cliath aran Aoine 15 Iúil ar 3in.D'fhreastail dosaen (an t-uasmhéid) ar an gceardlann abhí á mhúineadh ag OisínMac Fhearaí, agus bhain gach aoinne an-sult as angCeardlann.

Seastán de chuid Chomhluadar ag Fleadh Laighean (cuid de Fhleadh Cheoilna hÉireann 2011), i bPort Laoise 2011.

Sa ghrianghraf tá roinnt de na 40 damhsóir a rinne trialacha do Riverdance Dé Máirt in amharclann Gaiety. Is éStiúrthóir Damhsa agus iar-Phríomh-Dhamhsóir Riverdance Breandán de Gallaí atá i mbun na dtrialacha damhsóirí.Déanfar áiteanna a thairiscint do na damhsóirí a cheapfar le dhá chomhlacht de chuid Riverdance a rachaidh ar cam-chuairt san Fhómhair. GRIANGHRAF: SASKO LAZAROV/PHOTOCALL IRELAND

Page 21: Gaelscéal - 22.07.11

Scéalta Chorca DhuibhneBreandán Mac Gearailt

Réabhlóidbheag ‘ar siúil’“IS dócha go bhféadfá a rá gur sórtréabhlóid bheag í nuair a smaoiníonn túar an líon siúlóidí atá forbartha le cúplabliain,” arsa Aíne Ní Churráin ónDaingean. Tá baint le blianta ag Áineagus a cairde le siúlóidí i gCorca Dhuib-hne agus go príomha ag iarraidhturasóirí a mhealladh go dtí an ceantartrí mhogalra siúlóidí ar chaighdeán ard abheith réitithe.

“Caithfear,” a dúirt sí, “moladh athabhairt do na feirmeoirí achomhoibríonn leis na coistí forbarthasiúlóidí a fhorbairt,” agus thug símoladh faoi leith do Údarás naGaeltachta agus Meitheal Forbartha naGaeltachta, Clár Leader.

“Cúpla bliain ó shin ní raibh againnach cúpla siúlóid agus bhí an iliomadfadhb againn le roinnt úinéirí talún agusa gcearta féin acu. Cinnte, tá méadú tharna bearta tagtha ar an dea-obair atádéanta, rud a bhí riachtanach le cur leháiseanna don turasóir agus don phobaláitiúil,” arsa Áine.

An rud is suimiúla dar léi ná an líondaoine ón gceantar a bhíonn ag siúl gorialta anois. Luaigh Áine trí rannógsiúlóirí: iad siúd a shiúlann an-tapa, níosmoille agus iad siúd a thógann breá bogé.

“Tá daoine ann a mheasann gur sórtcos anairde a bhíonn ar bun ag an gcéaddream agus nach mbíonn aga acu sólás abhaint as an timpeallacht. Ach má táfonn ar dhaoine bheith ag cnáimhseántá dhá rogha eile acu,” arsa Áine.

“Is dócha go bhféadfá é a rá go bhfuila iomard féin ar gach aon duine, ach gobhfuil san beagán rógharbh,” ar sí.

“Slua iontach iláthair” doThaispeántasBliantúilTalmhaíochtaChorca Dhuibhe“CREID nó ná creid, bhí slua iontach iláthair don ócáid,” arsa CathaoirleachThaispeántas Bliantúil TalmhaíochtaChorca Dhuibhne, Diarmaid Ó Murchú.Bhí an taispeántas ar bun i bhfaiche

Mharglann an Daingin Dé Domhnaighseo caite. “Níor ghabh chugainn ach cithamháin báistí ó thosach deireadh,” ar sé.Bhí ionadh air an méadú thar cuimse abhí ar an líon glasraí a bhí ar taispeáint imbliana: “i bhfad níos mó ná aon bhli-ain le mo chuimhne,” dar leis.

Is liosta le háireamh na rannógaéagsúla agus an líon a bhí istigh ar nacomórtais, pé acu capaill, caoirigh nóbeithígh. Bhain an slua an-taitneamh asna madraí cliste agus, gan amhras, as tri-alacha na madraí caorach. Den chéaduair bhí taispeántas dressage capall ad’eagraigh Maindí Ní Shuibhne.

“Nílim ach cúpla bliain ós na ceithrefichead,” arsa Pádraig Ó Cíobháin óRáthanáin, Fionntrá, ball den choiste,“ach is é seo an lá is mó a chuireannardú croí orm.” Bhí Pádraig ar an ngeatamar is gnáthach leis.

Bhí an Cathaoirleach an-bhuíoch deChomhairle Contae Chiarraí, agus doDhiarmaid Ó Súilleabháin, fear gnó, as agcomhoibriú, rud a chabhraigh go mórleis an gcoiste. Orthu siúd a bhí i láthairbhí an TD Tomás Pléamonn ó Scartachan Ghleanna agus Síle Ní Dheargáin ónMin Aird, Lios Póil, Rós Chiarraí. Is íMáire Ní Shúilleabháin Uí Fhoghlú óBhaile an Phléamannaigh agus Caisleánna Mainge a bhuaigh an duais donbhean ba ghléasta. Níor bacadh leis angcomórtas don fhear ba ghléasta - na firbhochta. Bhuaigh Lilí Ní Dhúbhshláineón nGráig agus Baile Átha Cliath ancomórtas don Bhaibín Gleoite agus ba íGrannaí Gaelach na bliana ná Máire UíGhrifín ó Chill Fhiontain.

Slua Mór annd’adhlacadhPhádraig UíChocháinBHÍ slua mór ó chian is ó chóngar iláthair an deireadh seachtaine seo caitedo thórramh agus adhlacadh an che-oltóra Pádraig Ó Cochláin, ó Arda Mór.Bhí cáil an cheoil ar athair Phádraig,Seán, fear go raibh stíl an-taitneamhachar an mbosca ceoil aige. Fuair deartháirdo Phádraig, Tomás, bás cúig bliana óshin. Boscadóir ab ea Tomás leis.

Chaith Pádraig blianta maithe agobair do Chomhairle Contae Chiarraí.Scoir sé cúpla bliain ó shin de thoradhbhreoiteacht na hailse.

Bhaineadh Pádraig an-sásamh asbualadh amach sa Dreoilín nó bualadhle ceoltóirí eile agus ba bhreá leis ceol, iscuma cá mbeadh sé. Bhain sé an-sásamh as a chuairt ar Oireachtas nanGael i Ros Muc i 1970, mar ar bhuail séle scata ceoltóirí Gaeltachta. “Bhíodargo diail,” arsa Pádraig, “agus bhí an-spi-orad ag baint leis an ócáid. Fuaireasscanradh agus sinn ag filleadh abhaile aran Luan tar éis na féile nuair a chuir bó ahadharc trí ghloine tosaigh ár ngluais-teáin. Bhíos i mo chodladh agusdúisíodh de phreab mé. Bhí gainnígloine ar fud mo chuid éadaí. Mheasasgo rabhas marbh. Ní raibh aon mharc aréinne, ach nár thosnaigh sé ag séideadhbáistí. Shroicheamar an baile inár lipíníach bhí ‘an ceol’ tirim.”

‘An ceol’ a thugadh Pádraig ar anmbosca ceoil.

Thagair an tAth. Tomás Ó hIcí, acheiliúir Aifreann na sochraide dochineáltacht Phádraig agus don sluaollmhór a d'fhreastail ar a shochraid. TáPádraig an cheoil agus na portaireachtacurtha i gcré na cille i reilig ChillMaoilchéadair.

Aimsir fhuarbhriste i ndánar feadh daichead lá:Fear Feasa TÁ Lá San Suítín, an 15ú Iúil gafa

tharainn agus más fíor a deirtear beidhaimsir fhuar bhriste againn ar feadhdaichead lá. Labhraíos le Dónal Ó Bric óna Gorta Dubha ach atá ag cur faoi saDaingean le blianta beaga. Dar le Dónal,fear ilcheirde, fealsúnaí, fear feasa agusfear seoigh, go bhféadfadh athrú óbhonn a bheith ag teacht ar an aimsir.Chuala fadó an fháistine i dtaobh nagaoithe aduaidh agus an fuacht i gcor-plár an tsamhraidh,” ar sé. Nílim agtagairt go mbeidh bliain seaca againnmar a bhí 1739 –40 nuair a deineadhsléacht ar an bpobal. Fuair breis agus45,000 den daonra 2.4 milliún bás denfhiabhras agus den ocras.

Dar le Dónal go bhféadfadh sé bheithisteach go maith i Meán Fómhair sarabhfaighfimid aon bhlaiseadhsamhraidh.

“An cuimhin leat cad a deir FáistineMhic Amhlaoidh,” ar sé?

“Tréigfidh an fhéile agus imeoidh angrá,

tuilte tréana is feanaid aduaidh.Tiocfaidh cogadh gan eagla, gorta gan riachtanas,seanóirí gan chion, mná óga gan náiresaint gan ghá."

Cruitirí anChláir chuncinn ag FleadhCheoil naMumhanSeán Ó Loingsigh

BHÍ ard-chaighdeán ceoil sna comórtaisgur ghlac líon mór ceoltóirí óga páirtiontu ag Fleadh Cheoil na Mumhan imBaile an Chollaigh an deireadh seach-taine seo caite.

Meastar gur ghlac suas le 3,000iomaitheoir páirt sna comórtais a bhí arbun i gColáiste Choilm agus in ÓstánOriel House.

Do léirigh comórtais na cruite gobhfuil glúin cruitirí óga tagtha chun cinni gCo. an Chláir - bhuaigh Gerard Cough-lan an comórtas cruite sinsearach agusbhí a dheirfiúr Eimear sa dara háit sachomórats faoi 18. Ba í an cruitire Ivan-na Nic Mhathúna ó chraobh ChomhaltasCeoltóirí Éireann (CCÉ) Dhúire-GortLomán a bhí sa chéad áit.

Bhuaigh Alisha McMahon óMhuileann Uí Cheallacháin comórtas nabhfonn mall ar an gcruit d’iomaitheoirífaoi 18, agus bhí Eimear Coughlan sadara háit. Ba í Alisha McMahon abhuaigh an comórtas cruite faoi 18 agFleadh Cheoil na hÉireann anuraidh.

Is gar-leanaí iad Eimear agus GerardCoughlan leis an veidhleadóir cáiliúilPaddy Canny, agus chomh maith leis angcumas teicniúil atá foghlamtha acu óngcruitire iomráiteach Janet Harbison, tátraidisiún saibhir oirthear an Chláir lecloisint ina gcuid ceoil.

Cé gurb é Gerard Coughlan an t-aoniomaitheoir a bhí ina chomórtas cruite,bhí sé le rá ag an moltóir AileenKennedy dá mbeadh 50 cruitire eile saniomaíocht ina theannta go mbeadh ancomórtas fós buaite aige, mar a d’aon-taigh an lucht éisteachta le bualadh bos

RÉIGIÚNACH • 21GAELSCÉAL Dé hAoine, 22 Iúil, 2011

MUMHAINNUACHT

Seoltar scéalta chuig:[email protected]

Bagairt idir báid na mBlascaod réititheBreandán Mac Gearailt

TÁ trí bhád farantóireachta ag tar-rac ar an mBlascaod Mór faoiláthair ó Ché Dhún Chaoin agus táan t-achrann a bhí ag bagairt idirdhá bád acu réitithe. An fhadhb ismó anois ná an drochaimsir agus alaghad laethanta gur féidir le haonbhád taisteal isteach go dtí anBlascaod Mór.

Dúirt Bainisteoir Ionad anBhlascaoid, Mícheál de Mórdha,

go raibh cúrsaí farantóireachtascriosta go dtí seo ag an drochaim-sir. Ach bhí dea-scéala ag Mícheál,is é sin go raibh beartais á réiteachag BOP (OPW) le tithe an Bhlas-caoid a chóiriú mar a bhí, rud achinnteodh nach mbeadh na titheatá ann ina bhfothraí fuara.

Tá saineolaithe le dul i mbunoibre ar conas is fearr an caomhnúseo a dhéanamh, arsa Mícheál.

Bhí dea-scéala eile ag Mícheálgo bhfuil socrú déanta ag Ionad an

Bhlascaoid agus Oidhreacht Chor-ca Dhuibhne le tacaíocht ó FáilteIreland, coirmeacha ceoil areáchtáil ag tosnú ar an Domhnach3ú Lúnasa in Ionad an Bhlascaoidagus i láthair na hOidhreachta aran mBuailtín ar an 10ú lá, gach reDomhnach go deireadh na míosa.

Iarracht é seo le turasóirí achoimeád níos sia sa cheantar. Is íÁine Ní Chatháin ó Dhún Chaoin abheidh i mbun eagrú an cheoil.

An bodhránaí Daniel Wade, an fliúiteadóir Zara Wade agus an veidhleadóir agus an cruitire Margaret Anne Geehan,Caiseal na Mumhan, a bhí mar bhaill d'ollghrúpa Ceol na Leanaí ina raibh 50 ceoltóir óg a sheinn ar stáitse ag Ceol-choirm sa Chearnóg ag Fleadh Cheoil na Mumhan i mBaile an Chollaigh, Co. Chorcaí. GRIANGHRAF: Ó LOINGSIGH

Page 22: Gaelscéal - 22.07.11

22 • RÉIGIÚNACH GAELSCÉAL Dé hAoine, 22 Iúil, 2011

ULAIDHNUACHT

Seoltar scéalta chuig:[email protected]

bríomhar d’ard-thaispeántas ceoil. Tácomórtas cruite faoi 12 agus faoi 15Fhleadh Cheoil na hÉireann buaitecheana ag a dheirfiúr Eimear.

Bhuaigh an cruitire Déirdre NíGhrainbhil, de chlann cháiliúil ceoil ónnDaingean i gCiarraí, comórtas nabhfonn mall d’iomaitheoirí sinsearacha.Cé gurb í Déirdre an t-aon iomaitheoir asheinn sa chomórtas, ba bhabhtaícáilithe do Fhleadh Cheoil na hÉireannsa Chabhán an mhí seo chugainn a bhí igceist leis na comórtais seo ag FleadhCheoil na Mumhan, mar ar cháilíodarsiúd a bhí sa chéad agus sa dara háit.

Bhí Colm Ó Meachair ó Chúil Aodhasa chéad áit i gcomórtas amhránaíochtaGaeilge do bhuachaillí faoi 12 agus ba éMáirtín Ó Cathasaigh ó chraobh CCÉ anÁghasaigh, An Daingean, a bhí sa daraháit. Bhain Colm Ó Meachair an daraháit i gcomórtas na bhfonn mall ar anbhfeadóg mhór.

Bhuaigh Nicole Ní Dhubhsháine óchraobh an Ághasaigh comórtas nabhfonn mhalla ar an bhfeadóg stáind’iomaitheoirí faoi 12 agus bhí Ellie NíSheighin ó Réidh na nDoirí sa dara háit igcomórtas amhránaíochta Ghaeilge dochailíní faoi 15.

Bhí Caitríona Ní Luasa ó Chúil Aodhasa chéad áit i gcomórtas fonn mhalla doveidhleadóirí sinsearacha agus bhain adeirfiúr Maighréad an dara háit sachomórtas sinsear don bhosca ceoil.Bhuaigh a ndeartháir Conchubharcomórtas amhránaíochta Ghaeilge faoi15 agus b’é Diarmuid Ó Meachair ó ChúilAodha a bhí sa dara háit.

Bhí Liam Ó Conaill ó Chill na Martra imeasc cúigir a cháiligh i gcomórtascomhrá Gaeilge faoi 13 agus cháilighMáirtín Ó Cathasaigh ó chraobh anÁghasaigh sa rannóg comhrá faoi 11.

Bhí Nóra de Búrca ó chraobh LachtaínNaofa CCÉ Chill na Martra i measc cúigirchomh maith a cháiligh i gcomórtascomhrá Gaeilge faoi 9 agus bhuaighGobnait Ní Chrualaoi ón gcraobh chéan-na an comórtas amhránaíochta Ghaeilgedo mhná. B’í Muireann Ní Luasa óngclann cheolmhar úd i gCúil Aodha a bhísa dara háit.

Chomh maith leis na comórtais bhíceolchoirmeacha faoin aer eagraithe agan gcraobh áitiúil de CCÉ - Craobh NiallÓ Cathasaigh - a d’eagraigh FleadhCheoil na Mumhan i mBaile an Chol-laigh.

Bhi blas den chomóradh a bheidh igCúil Aodha an deireadh seachtaine seochugainn i gcuimhne ar an gcumadóirSeán Ó Riada, mar go raibh a mhacPeadar i láthair ag taispeáint speisialtaden scannán Mise Éire i rith na Fleadhchun cur síos ar an scór ceoil cáiliúl achum a athair. Bhí imeacht amhrá-naíochta ar leith inar ghlac Cór ChúilAodha, a bhunaigh Seán Ó Riada, agusamhránaithe iomráiteacha ó GhaeltachtMhúscraí páirt ann i dteannta an amhrá-naí Seán Ó Sé, iar-bhall den ghrúpaCeoltóirí Chualann a bhunaigh anRiadach chomh maith.

Ba é seo an chéad uair a reachtáladhFleadh Cheoil na Mumhan i mBaile anChollaigh – reachtáladh Fleadh anChontae ann cheana in 2009 agus in1992. Ceiliúradh ar leith a bhí sabhFleadh i mbliana mar gurb í seo an50ú bliain den Fhleadh chúige óbunaíodh Comhaltas Ceoltóirí Éireann60 bliain ó shin.

Thug Oifigeach Caidrimh Phoiblí anchoiste eagraithe Nóirín Mhic Cárthaighle fios go rabhadar i mbun ullmhúcháin

le haghaidh na Fleidhe ó mhí Aibreánanuraidh agus ba mhian léi a mbuíochasa chur in iúl dos na hurraithe áitiúla,Comhairle Chontae Corcaí san áireamh,a chabhraigh chun an t-imeacht seo, guréirigh go seoigh leis, a reachtáil i mBailean Chollaigh.

Múscraí

Molann GerryAdams spiorad nameithle ibhFéile naLaochSeán Ó Loingsigh

B'É Uachtarán Shinn Féin, an TeachtaDála Gerry Adams, a rinne an seoladháitiúil sa Mhuileann i mBaile Bhúirne archlár imeachtaí fhéile chomórthaSheáin Uí Riada a bheidh ar siúl i gCúilAodha 29 Iúil-1 Lúnasa.

Tharla sé go raibh Gerry Adams agfreastal ar Scoil Samhraidh na Saoirse,an dara bliain as a chéile go raibh scoildíospóireachta dá leithéid á reáchtáil agpáirtí Shinn Féin i mBaile Bhúirne.

"Bhí mise an-tógtha le Seán agus tágrá mór agamsa fós dá chuid ceoil," adúirt Gerry Adams.

Chuir sé síos ar an tráth sna 1960ínuair a eisíodh an ceirnín Ó Riada saGaeity (le Ceoltóirí Chualann) agus an t-ardú meanman a thug sé dó féin marbhall den phobal a bhí faoi ionsaí nuair abhíodar ag lorg a gceart sibhialta.

"Chuaigh muid isteach 'behind thebarricades' chun gramafón a fháil chuna bheith ag éisteacht le Ó Riada sa Gae-ity." Chuir sé síos ar an tábhacht óthaobh ceol traidisúnta an lae inniu abhain leis an oíche úd in amharclann anGaeity, leis na "supergroups" go léir atháinig chun cinn ina diaidh.

Mhol ceannaire Shinn Féin agusghabh sé buíochas le lucht eagraithe naféile. Orthu-san a bhí i láthair ag anócáid bhí léiritheoir na féile Peadar ÓRiada agus cathaoirleach an choisteeagraithe, Concubhar Ó Liatháin.

"Mo chomhghairdeachas do nadaoine a chuir an fhéile speisialta seo lechéile agus mo bhuíochas díbh. Caith-fidh daoine a bheith ag déanamh rudaímar sin, rudaí inár gcroíthe agus inár n-anam; sin obair thírghrách," a dúirtGerry Adams.

Do luaigh Peadar Ó Riada nahimeachtaí sráide, paráidí, na himeach-taí ceol eaglaise sa séipéal i gCúil Aodha,taispeántas de chartlann ghrianghrafan-na de laochra áitiúla agus náisiúnta abheidh ar siúl in ionad óige Dhónaill UíLiatháin mar chuid d'Fhéile seo naLaoch, agus seacht réimse ealaíne abheidh ar bun maidir le reacaireacht,rince, filíocht, ceol, amhránaíocht, ais-teoireacht agus spórt sa pháirc imearthai gCúil Aodha ón oíche 31 Lúnasa go dtímaidin Lae Lúnasa, breithlá Sheáin UíRiada (1931 - 1971).

Bhí Peadar ag gríosadh an phobailchun páirt a ghlacadh sna meithleacha abheidh ag teastáil chun na himeachtaí, a

bheidh saor in aisce don phobal, areáchtáil le linn na féile.

Bhí Gerry Adams an-tógtha chomhmaith le spiorad na meithle atá á chothúleis an bhféile agus thagair sé donfhlaithiúlacht a bhain le laochra eile achur san áireamh i dteannta Sheáin UíRiada.

D'fhill Uachtarán Shinn Féin ar théa-ma na meithle agus na hoibre deonaíarís ina óráid ag Scoil Samhraidh naSaoirse an mhaidin dár gcionn saMhuileann. Bhí sé ag déanamhbolscaireachta chomh maith maidir leFéile an Phobail a bheidh ar siúl i mBéalFeirste ag an tráth céanna, 28 Iúil-7Lúnasa.

"Sin sampla eile de dhaoine ag teachtle chéile uaireanta deacra chun seasamha dhéanamh, agus ceol agus craic, drá-maíocht agus rudaí eile mar sin adhéanamh. Volunteerism is very muchalive across this island," a dúirt GerryAdams. Tá breis eolais ar na suíomhan-na idirlín féilenalaoch.com agus féile-belfast.com

GaeilgeoiríCois LaoiTÁ cúpla ócáid speisialta á eagrú ag annGrúpa "Gaeilgeoirí Cois Laoi" atá lon-naithe in Óstán Clarion, Corcaigh agusa bhíonn ag bailiú le chéile gach reLuan. Beidh an chéad chruinniú eilear an Luan, 25 Iúil ar 8in, agus fáilte isfiche roimh óg agus fásta!

Aoine, 22 Iúil: Teach tábhairne"Seanchaí" sa Rinn – tá an Ciorcal agbailiú le chéile i dteannta a gcairde saRinn. Cabriní De Barra agus a CiorcalGaeilge atá ag cur fáilte le haghaidhócáid shóisialta anocht ag 8 in.

Satharn, 6 Lúnasa : Tá GaeilgeoiríCois Laoi ag dul go hÓstán 'OuvaneFalls' i mBeanntraí le haghaidh OícheGhaelach, ceoltóirí (Comhaltas) áitiúladen scoth ag seinnt ann agus amhrá-naíocht is rince tar éis dinnéir fhíor-bhlasta san óstán cháiliúil seo (BéalÁtha Leice, Beanntraí). Ar an nDomh-nach beidh turas ar an mbád timpeallBhá Bheanntraí agus treoraí ag tab-hairt léachta faoi Oileán Faoide(Whiddy Island). Gach eolas faoi nahócáidí seo ó Eilís (087-1235203).

Cúrsaí Gaeilgei nGaeltachtna nDéise Seosamh Ó Riain

BHÍ dhá chúrsa Gaeilge den scoth arsiúl i Meánscoil San Nioclás, An Rinnle déanaí a bhí eagraithe ag Comh-lucht Forbartha na nDéise Teoranta idteannta le Coiste GairmoideachaisChontae Phort Láirge.

Dúirt Cabríní de Barra, an Bainis-teoir Forbartha do Ghaeltacht nanDéise go raibh áthas mór uirthi guréirigh chomh maith leis anmBunchúrsa agus an MeánchúrsaGaeilge, agus cé chomh díograiseachis a bhí gach duine a bhí páirteach.“D’imigh gach éinne abhaile le níosmó muiníne agus cumas teanga acu

ag deireadh na seachtaine, agus táómós mór ag dul don dá mhúinteoir,Silvia Uí Sheanlaoich, a mhúin anMeánchúrsa agus Séamús Ó Diollúin,a mhúin an Bunchúrsa Gaeilge, dábharr.” Tá an chomhpháirtíochtrathúil seo idir Comhlucht Forbarthana nDéise Teoranta agus Coiste Gair-moideachais Chontae Phort Láirge ageagrú cúrsaí Gaeilge Samhraidh agusGeimhridh ar leibhéil éagsúla tar éisdul chun cinn le cúpla bliain anuas, letacaíocht curtha ar fáil ag Údarás naGaeltachta chomh maith.

Dúirt Cabríní de Barra go raibh nacúrsaí le déanaí cosúil leis na NáisiúinAontaithe le daoine i láthair ó StáitAontaithe Mheiriceá , Ceanada, anBhreatain,an Eilvéis, agus an Spáinn,chomh maith le muintir na hÉireannden chéad agus an dara glúin! Bhí an-áthas uirthi maidir leis seo agus bhísúil aici go rachadh níos nó daoine saseans chun an Ghaeilge a fhoghlaim iMí Mheán Fómhair, nuair a bheas anchéad sraith eile de ranganna agtosnú. Tá gach eolas faoi ranganna inGaeltacht na nDéise ar fáil ó [email protected] nó 087-6532044.

Tionscnaimhá gcur chuncinn ag aneagraíocht Suicide AwareSeán Ó Loingsigh

REACHTÁLFAR féile lae speisialta igCill na Martra Dé Domhnaigh armhaithe le tacaíocht a thabhairt dothionsnaimh atá á gcur chun cinn agan eagraíocht Suicide Aware.

Beidh na himeachtaí atá eagraithe igcomhar le Cumann Peile Chill naMartra ar bun i bPáirc Uí Chuana óna2.00 ar aghaidh. Lá siamsaíochta dochlanna a bheidh ann, le go leorimeachtaí spóirt eagraithe, rásaí doleanaí ina measc. Tá díolachán as búitgluaisteáin le bheith ann chomhmaith chun roinnt airgid a bhailiú lehaghaidh na seirbhísí a chuireann aneagraíocht ar fáil.

Cuireadh an eagraíochtcharthanach Suicide Aware (Éire) arbun i gCorcaigh in 2009 chun eolas achur chun cinn maidir leis an ngalardubhach agus chun teacht i gcabhairorthu siúd atá i mbaol féinmharaithe.Tá sé mar aidhm ag an eagraíocht cláiroideachais a chur ar bun ionas gombeadh tuiscint níos fearr ag daoinear mheabhairshláinte, ar an ngalardubhach agus ar fhéinmharú. Tá cúr-saí comhairleoireachta á gcur ar fáil igCorcaigh faoi láthair dóibh siúd gurmhaith leo cabhrú le daoine atá thíosleis agus, mar cheann des na straitéisíatá ag an eagraíocht, tá coistídeonacha á mbunú i measc an phobaili gcontaetha Chorcaí agus Chiarraí.

Is féidir dul i dteagmháil leis aneagraíocht ach ríomhphost a sheoladhchuig [email protected][email protected] nó is féidirglaoch a chur ar an uimhir ghutháin087-9454202.

Aisling Óir agFleadh CheoilUladhÁine Ní Chuaig

TÁ Fleadh Cheoil Uladh ar bun i nDúnGeimhin, Co. Dhoire i gcaitheamh naseachtaine seo agus leanfar ar aghaidhleis na himeachtaí go dtí an Domhnach24 Iúil. Seo an chéad uair do FhleadhCheoil Uladh a bheith i nDún Geimhinagus tá neart ceoil, amhránaíochta agusdamhsa ar fud an bhaile, chomh maithle scéalaíocht, ceardlanna agus tais-peántais ealaíne. Amárach an Satharn,beidh Comhrá Caife ar bun thuas anstaighre sa leabharlann ó 10-11rn. Cuir-fear fáilte agus fiche roimh Ghaeilgeoiríagus foghlaimeoirí, idir óg agus aosta.Déanfar ceiliúradh ar an Aifreann tríGhaeilge sa Teach Pobail ag 7.00in. Tána himeachtaí seo eagraithe ag GlórDhún Geimhin le maoiniú ó Fhoras naGaeilge, do phobal labhartha Gaeilge ancheantair agus chun an Ghaeilge a churchun cinn le linn Fhleadh Cheoil Uladh.

I measc na ngrúpaí a bheidh le clois-teáil ag glacadh páirte sa tsiamsaíocht arfeadh an deireadh seachtaine, beidhAisling Óir. Ceathairéad cláirsí atá in Ais-ling Óir, grúpa nua atá curtha le chéileag Nodlaig Brolly, atá ina stiúrthóir ceoilar an ghrúpa chomh maith. Is as ceantarthiar thuaidh na tíre an ceathrarcláirseoir ar fad agus tá beocht fhuin-niúil ina gcóiriú comhaimseartha archláirseoireacht na hÉireann. Is iad baillan ghrúpa Nodlaig Brolly (DúnGeimhin), Maria & Sianíne Nic Gabhann(Baile an Chaistil) agus Caoimhe NíChuaig (Aird Mhic Giollagáin).

Tá Aisling Óir ag tarraingt as tobar ancheoil ina gceantar dúchais féin, áit andearna siad athaimsiú ar angcláirseach cháiliúil ‘Drum Bó’. Bhí beirtas an ngrúpa (Nodlaig agus Caoimhe)páirteach sa chlár faisnéise ‘Banríon anCheoil’ a craoladh ar BBC2. Rinne anfear ceirde áitiúil Séamus Ó Catháinmacasamhail de chláirseach Drum Bóagus, in éineacht leis an bhfoinse ceoilshaibhir a bhailigh an bailitheoir ceoilEdward Bunting in Aird Mhic Giol-lagáin, léiríodh an clár faisnéise a bhaingradam amach. Is féidir teagmháil adhéanamh leis an Oifigeach CaidrimhPhoiblí i nGlór Dhún Geimhin ag anuimhir 07834905651. Lean a gcuidgníomhaíochtaí ar fad ar an suíomh

Page 23: Gaelscéal - 22.07.11

RÉIGIÚNACH • 23GAELSCÉAL Dé hAoine, 22 Iúil, 2011

25 Iúil - 31 Iúil 2011 • 25 July - 31 July 2011

Bí linn i dTuaisceart Bhéal Feirste ag Scoil Samhraidh Mhic Reachtain 25ú – 31ú Iúil. Áit a mbeidh imeachtaí Gaelacha agus ranganna Gaeilge ar fáil don Óige agus don Aosaithe!

Buaicphointí na seachtaine

Oíche Chéadaoin Ceolchoirm le John Spillane

Oíche Dhéardaoin Oíche na Scríobhaithe agus Oíche ceol na mBan le Blasta

Oíche Aoine Eispéireas Ceol Gaeilge sa Chéad Eaglais Phreispitéireach agus OícheAirneál le fonnadóirí agus damhsóirí ó Chonamara

Oíche Shatharn Ceilí Mór sa Europa ar son na Gaelscolaíochta, le Patsy Dan Mac Ruairíagus Micheál Ó Muircheartaigh mar aoi cainteoir

Beidh ranganna Gadhlig na hAlbaine saor in aisce ar siúl i rith na seachtaine ag bunagus ard leibhéal.

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le: Caitlín @ 02890 749688 nó [email protected]

www.facebook.com/glor.dhungeimhinnó téigh chuigwww.ulsterfleadh2011.com le haghaidhimeachtaí na fleidhe ar fad a fháil.

Campaísamhraidh áreachtáil agÓgrasDanny Brown

TÁ campaí samhraidh á reachtáil agÓgras ar fud na tíre le tamall anuas inarcuireadh meascán imeachtaí ar fáil legach páiste a shásamh. Bhí ealaín, spórt,cluichí, cócaireacht, ceol, drámaíochtagus comórtaisí talainne ar fáil sna cam-paí a reachtáladh i nDún na nGall an mhíseo. Eagraíodh ceardlanna éagsúla agusturais lae chomh maith, agus iad uiligtré mheán na Gaeilge.

Deis atá anseo do na páistí teacht lechéile i dtimpeallacht thaitneamhach,shábháilte, chun scileanna nua a fhogh-laim agus chun aithne a chur ar Ghaeil-geoirí óga eile. Reachtáladh dhá cham-pa an samhradh seo sa chontae, ceann imBaile Dhún na nGall agus an ceanneile i mBéal Átha Seannaigh.

“Tá méadú tagtha ar an méid campaíatá á n-eagrú againn agus ag na cluban-na atá cláraithe linn, a bhuíochas sind’Fhoras na Gaeilge agus Roinn naGaeltachta a chuireann deontaisí ar fáildúinn,” arsa Ríonach Ní Scolaí,Oifigeach Forbartha Uladh, "Níor chóirgo mbeadh páiste ar bith ag gearán nachbhfuil tada le déanamh acu!”

Is féidir tuilleadh eolais a fháil archampaí samhraidh Ógras i gCúigeUladh ach glaoch ar 07495 60436 nócuairt a thabhairt ar www.ogras.ie

Béal Feirste

Féile PrideBhéal FeirsteKatie McGreal

TOSÓIDH an 21ú Féile Pride Bhéal

Feirste amárach, le lainseáil oifigiúil ag8in san óstán Eoropa agus ina dhiaidhsin beidh an fuirseoir David Hoyle ar anstáitse ag 9.30in. Beidh taispeántasealaíne ar siúl i gColáiste na Cúirte (Col-lege Court) le healaín ó Bhéal Feirste, óBheirlín agus ó Mhanchain agus úsáid-fear físeáin agus grianghraif sa taispeán-tas a bheidh ar siúl go dtí 9 Lúnasa.

Beidh siúlóid urraithe ar siúl maidinDé Domhnaigh ag 11.45rn, ag tosú agcarrchlós Mynt. Rachaidh an t-airgeadgo ‘Aware’ chun dul i gcoinne dúlagair.Ag an am céanna beidh seirbhíséacúiméineach san eaglais All Souls arAscaill Choill an Leamháin agus satráthnóna beidh urlabhraí ag caint faoidhaoine aeracha sa Bhíobla.

Beidh deis ann ar an Luan chun bual-adh leis na polaiteoirí ó na páirtithe ismó i dTuaisceart Éireann agus labhairtleo san fhoirgneamh Stormont.

Ar an gCéadaoin agus an Déardaoin,beidh dráma ar siúl faoi dhúnmharúuafásach buachalla aeraigh in Wyoming

sna Stáit Aontaithe. Cuirfear deireadhleis an bhféile ar an 30 Iúil. Beidh paráidag tosú ag Cearnóg Theach an Chustaimagus ag dul trí shráideanna BhéalFeirste. Aonach siamsaíochta agus carn-abhal téama na paráide. Ina dhiaidh sinbeidh ceolchoirm faoin aer sa chearnógle himeachtaí do na páistí freisin.

Doire

Cóireáil Fiaclóireachtado Pháistí ónBhealarúisKatie McGreal

THUG seacht bhfiaclóir aire do 25 páiste

ón Bhealarúis i nDoire le déanaí.Sa Bhealarúis, ní théann na páistí go

dtí an fiaclóir go minic agus nuair athéann siad ní bhíonn ainéistéiseach inúsáid ag an bhfiaclóir. Nuair a chuala anfiaclóir i nDoire, Mary Mooney, é seobheartaigh sí cabhair a thabhairt do napáistí nuair a bheadh siad in Éirinn.

Tháinig na páistí go Doire agus InisEoghain leis an mbrainse áitiúil denchomhlacht carthanachta, ChernobylChildren’s Project ar an 5 Iúil agusrachaidh siad abhaile ar an 30 Iúil. Faoinam sin, beidh siad i ndiaidh dhá choinnea bheith acu le fiaclóir. I rith na gcoinníseo, déanfar na cóireálacha ar fad – líon-adh agus stoitheadh san áireamh.

Bhí ionadh ar na fiaclóirí cé chomhglan is a bhí fiacla na bpáistí. Ceapannsiad gurb é an bia éagsúil a itheann siadis cúis leis sin. Bhí ar The ChernobylChildren’s Project ullmhúcháin adhéanamh leis na páistí roimhe.

“Bhí siad an-bhuartha faoin chuairt,”a dúirt Patsy McLoughlin ón eagraíocht.

“Ach, ag an deireadh, b’eachtra dhear-fach é do gach duine.”

Gheall na fiaclóirí go ndéanfaidh siadan rud céanna an bhliain seo chugainn,nuair a bheidh na páistí ar ais in Éirinn.

Mic léinn Choláiste Hibernia ag cur borradh mór fá cheantar Ghaoth DobhairTÁ scaifte mór de 260 mac léinn ó Choláiste Hiber-nia, Baile Átha Cliath i ndiaidh tús a chur le cúrsatrí seachtaine i nGaoth Dobhair mar pháirt denArd-Dioplóma sna Dána (Bunoideachas).Bunaíodh Coláiste Hibernia deich mbliana ó shinagus is é an t-aon choláiste ar líne atá creidiúnaitheag Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachaisagus Oiliúna (HETAC). Díríonn Coláiste Hibernia archúrsaí iarchéime do dhaoine gairmiúla ar fud nacruinne.

Cuireadh tús leis an Ard-Dioplóma sna Dána(Bunoideachas) sa bhliain 2003 agus tá an cúrsa agdul ó neart go neart ó shin i leith. Deirtear go bhfuilníos mó múinteoirí bunscoile ag cáiliú frídCholáiste Hibernia anois ná fríd institiúid ar bitheile sa tír.

Seo an chéad uair a d’eagraigh Coláiste Hiberniacúrsa i nGaoth Dobhair. Tá siad ag obair i gcomharle Coláiste Cholmcille, eagraíocht a bhfuil taithí namblianta aici ar chúrsaí samhraidh a reáchtáil inGaoth Dobhair. Dúirt Diarmaid Ó Tuama óCholáiste Cholmcille go raibh lúcháir air bheithábalta an cúrsa a reáchtáil in ionad for-rochtanaOÉ, Gaillimh (Acadamh na hOllscolaíochtaGaeilge) i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair.

“Tá muid an-sásta bheith ag reáchtáil an chúrsa i

nGaoth Dobhair. Tá na mic léinn ag baint an-suiltas agus tá siad ag foghlaim neart Gaeilge. Tá naháiseanna san Acadamh thar barr.”

Labhair Riarthóir Acadamh na hOllscolaíochtaGaeilge (Gaoth Dobhair), Éamonn Mac Niallais,faoin tionscnamh agus thug sé le fios go raibh sébreá sásta an cúrsa a éascú:

“Tá áthas orainn fáilte a chur roimh CholáisteHibernia. Is tógáil croí atá ann an oiread sin daoineóga a fheiceáil, a bhfuil suim acu sa Ghaeilge agussa chultúr, ag caitheamh seala i nGaoth Dobhair.”

Mhínigh Mac Niallais an dóigh a n-éascaíonnAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (Gaoth Dob-hair) imeachtaí éagsúla le linn an tsamhraidh:

“Bíonn muid i gcónaí ag iarraidh an úsáid is fearra bhaint as ár n-áiseanna le linn an tsamhraidh.Mar shampla, beidh Gael Linn ar ais arís roimh ibhfad fá choinne cúrsa eile agus, den chéad uair, táComhar na Múinteoirí Gaeilge ag tabhairt grúpamúinteoirí chuig an ionad fá choinne dianchúrsa imí Lúnasa.”

Chuir Cathaoirleach Chumann Tráchtála GhaothDobhair, Éamonn Mac Giolla Bhríde, béim ar nabuntáistí eacnamaíochta a bhaineann le cúrsaísamhraidh don gheilleagar áitiúil:

“Tá na mic léinn seo ag cur go mór le roinnt

mhaith gnónna áitiúla. Tá mná tí, óstáin, tithe táb-hairne, bialanna, comhlachtaí tacsaithe srl. agbaint tairbhe as iad bheith sa taobh seo tíre. Tá anGhaeilge agus an cultúr Gaelach an-luachmharmar acmhainní. Tá an turasóireacht chultúrthariachtanach do Ghaoth Dobhair le linn an lag tráeacnamaíochta seo.”

As gach cearn den tír iad na mic léinn ar an Ard-Dioplóma de chuid Choláiste Hibernia. Seo anchéad uair do roinnt mhaith acu bheith inGaeltacht Dhún na nGall. Is léir go bhfuil siad agbaint an-suilt as. Chuir Seán Ó Néill, arb as CillDara dó, síos ar an dóigh a mothaíonn an grúpa arfad:

“Seo bealach iontach deas le trí seachtaine achaitheamh! Cúrsa den scoth in ionad den scoth igceann de na ceantair is deise sa tír! Is breá linnGaoth Dobhair!”

Thug Éamonn Mac Niallais le fios go mbeadh antAcadamh ag tabhairt faoina phríomhról arís iMeán Fómhair agus ag cur réimse leathan cúrsaítríú leibhéal ar fáil. Tá na cúrsaí ar fad lánchreidiú-naithe ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Má tá níosmó eolais de dhíth ar dhaoine, is féidir bualadhisteach san ionad, cuairt a thabhairt arwww.acadamh.ie nó scairt a chur ar (074) 95 31919.

Imeachtaí UladhRanganna Gàidhlig i dTeachMhic Reachtain do dhaoinefásta ar an Luan seo go dtí anAoine. Tuilleadh eolais ó[email protected] comhrá ar an gCéadaoinag 8in, Óstán Fearnáin, An Cab-hán.Oíche na Scríobhaithe i LaBoca, Sráid an Fhuartáin, BéalFeirste, an Déardaoin seo ag7.30in. Tuilleadh eolais ó[email protected]

Page 24: Gaelscéal - 22.07.11

24 • GAELSCÉAL Dé hAoine, 22 Iúil, 2011

I MEASC AN PHOBAILBa bhreá linn pictiúir leatsa in Gaelscéal agus ar ár suíomh idirlín. Má tá ócáid nó imeacht pobail nó sóisialta ar siúl agat, is féidir grianghraif de a sheoladh chugainn ag [email protected] Ní mór go mbeadh caighdeán réasúnta ins na pictiúir agus cead faighte agat chun iad a fhoilsiúó na daoine atá le feiceáil iontu. Cuirfidh muid na cinn is fearr i gcló anseo agus ar www.gaelsceal.ie

Na haisteoirí óga Christina Nic Dhonnacha, An Trá Bháin agus GráinneBleasdale, Baile an tSléibhe a fuair an deis páirt a ghlacadh i míreannaidirlín “ Na Rúin - Filleann an Feall” ar sheit an tsobalchláir Ros na Rún, saSpidéal an tseachtain seo caite.

An tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, an scríbhneoir Aingeal Ní Chualáin, iníon Thomás Bhairéad, Treasa Mhic Mhathúnaagus a mac Eoghan Mac Mathúna ag seoladh an leabhair "Tomás Bairéad: Rogha Scéalta" in Áras Uilinn i Maigh Cuilinn,Co. na Gaillimhe ar an Aoine 15 Iúil. Grianghraf: Peadar Mac Fhlannchadha.

Ryan Tubridy, an chéad duine ar bronnadh "Saoirse Bhaile AnChlocháin"air in éineacht le Máirtín Davy oíche Shathairn seo caite.

An t-ealaíontóir Seán Ó Flaithearta, an tAire Stáit le freagracht speisialta air maidir le Gnóthaí Gaeltachta, Donnchadh MacFhionnlaoich T.D, agus Celine Harron ag an oscailt de 'Talamh Dóite', taispeántas ealaíne ag an Uasal Ó Flaithearta inGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall ag an Deireadh Seachtaine.

Tony O'Mahony agus a bhean chéile Mary, agus a gcairde Máire Forde agus a fear céile, an t-ealaíontóir agus an ceoltóir Liam Ó Fuartháin ó Bhaile Bhúirne, go raibh taispeántas ealaínetorthúil aige i gcaife Nosh 'n Coffee i mBaile an Chollaigh, Co. Chorcaí i rith Fhleadh Cheoil naMumhan. PIC: Ó LOINGSIGH

Ag Scoil Shamhraidh na Saoirse i mBaile Bhúirne, bhí Rúnaí Chumann Shinn Féin Chill Orglan,Co, Chiarraí, Jacqo Le Bourhis, an t-aoichainteoir Jimmy Barry Murphy - iar-imreoir agus iar-bhainisteoir iománaíochta Chorcaí, agus Carol Ní Chaoimh, Gleann Beithe, Co. Chiarraí. GRIANGHRAF: Ó LOINGSIGH

Page 25: Gaelscéal - 22.07.11

Is iomaí scéal agus dán atá scríofa agusfoilsithe agatsa, a Phroinsias, agus foil-síodh úrscéal nua leat, Rún an Bhon-náin, le déanaí. Abair liom, cad a sprea-gann chun pinn thú? Cén fáth a mbíonntú ag scríobh?Bhí suim agam riamh anall i scéalta. Agusmé i mo ghasúr bhí samhlaíocht fhiántaagam, bíonn ag gach páiste is dócha, achi mo chás-sa is dócha gur mhair mé indomhan beag samhlaíoch de mo chuidféin níos faide ná daoine eile. Scríobhaimmar bainim sult as agus is beag rud nachdtugann spreagadh de chineál inteachtdomh.

An i nGaeilge amháin a scríobhann tú?Ar mhaith leat scríobh i mBéarla nó idteanga eile amach anseo? Go dtí seo, is i nGaeilge amháin a scríobhmé. Bhain mé triail as a bheith ag scríobhi mBéarla uair nó dhó, ach ar chúisinteacht níor oibrigh sé go rómhaithdomh. Sin ráite, tá mé cinnte go mbain-fidh mé triail as arís am inteacht.

Cén bharúil atá agat ar an aistriúchán –ar mhaith leat go mbeadh do chuidscríbhneoireachta aistrithe go Béarla,mar shampla?Gné thábhachtach de litríocht na mion-teangacha atá san aistriúchán. Níl adhath agam in éadan aistriúchán a bhei-th déanta ar mo shaothar.

Is múinteoir tú chomh maith le scríbh-neoir – ach is léir go gcuireann tú am arleataobh don scríbhneoireacht. Anmbíonn tú ag scríobh go moch ar maidinnó mall san oíche nó am ar bith afhaigheann tú an deis?Tá sé fíordheacair orm an t-am a fháildon scríbhneoireacht. Ní hamháin gobhfuil mé ag obair go lánaimseartha marmháistir scoile, ach tá trí pháiste an-ógagam, agus i láthair na huaire is acusan abhíonn an chéad shout ar mo chuid ama.De ghnáth, déanaim iarracht suí síos leisan ríomhaire san oíche ar feadh uair nódhó nuair a bhíonn an chlann ina gcod-ladh.

Cad é an rud is fearr leat faoi bheith agscríobh? An bhfuil athrú tagtha air sinthar am?Bainim sult mire aisti mar scríbh-neoireacht. Bheireann an ficsean seansdomh éalú ar feadh tamaill bhig ónghnáthshaol agus domhan beag de mochuid féin a chruthú. Is breá liom carach-tair a chumadh agus mothúcháin, stairagus pearsantachtaí a bhronnadh orthu.Níl a fhios agam ar athraigh sin móránthar na blianta. Thaitin an chu-madóireacht liom riamh.

Tá tú ag scríobh le blianta anois, nachbhfuil, agus neart duaiseanna agusaitheantas bainte amach agat thar nablianta. Cé chomh tábhachtach agus atána duaiseanna agus an t-aitheantas sinduit mar scríbhneoir? Is deas an t-aitheantas a fháil, ach ní sin anfáth a scríobhaim. Ba bhocht an rud doscríbhneoir ar bith a bheith ag scríobh armhaithe le haitheantas; gníomh baoise abheadh ann, tchítear domh. Scríobhaimar mhaithe leis an phléisiúr den chuid ismó. Cuid de na scéalta is mó a thugpléisiúr domhsa agus mé i mbun agcumtha fríd na blianta ní bhfuair siadaitheantas ar bith.

Cén chomhairle a thabharfá do scríbh-neoirí nua?Cuireadh an cheist chéanna sin orm legairid. Chaithfinn a rá gurb é an rud is táb-hachtaí, i mo thuairimse, do scríbhneoirná a bheith ag smaoineamh ar anléitheoir. Thiocfadh le duine a bheith agscríobh dó féin agus tá sin go breá, ach indeireadh na dála ní bheadh ann achcineál de dhialann. Más maith leis an údargo bhfeicfidh a shaothar solas an lae,caithfidh sé nó sí a bheith ag smaoineamhar an duine atá chun an leabhar a léamh.Cén dóigh leis an léitheoir a mhealladhisteach. Nuair atá sin déanta ag an údar tásaoirse aige aon teachtaireacht nó tuairima chur trasna nó cibé rud eile a ba mhaithleis a dhéanamh a chur i gcrích.

Bíonn tú ag léirmheastóireacht fosta – andtaitníonn sé sin leat?Is maith liom an deis a thugann sé domhleabhair a léamh. Le bliain anuas, creidimgo bhfuil 20 – 25 leabhar Gaeilge léiteagam, níos mó ná mar a léigh mé le fada.Cé go mbainim taitneamh as, thig leis abheith deacair fosta. Is saol beag é saol naleabhar Gaeilge agus tá aithne ag cuidmhór de na scríbhneoirí ar a chéile. Níormhaith leat titim amach le duine ar bith,ach ag an am chéanna níor mhaith leatléirmheas bréagmholtach a scríobh. Níchuidíonn sin le duine ar bith. Tá conairchaol ann ar a gcaithfidh an léirmheastóirGaeilge siúl.

An bhfuil tú ag obair ar úrscéal nó togranua i láthair na huaire?Ag am ar bith, bíonn ceithre nó cúigsmaoineamh fá choinne leabhair, scéil nódáin ag rith thart fá m’intinn. De ghnáthfanann siad i mo chloigeann tamall maithsula bhfeiceann siad dúch ná pár. Is maithan rud é sin áfach. Is maith liom cónaí adhéanamh le scéalta ar feadh tamaillínsula dtugaim fána scríobh. Fásann agusforbraíonn carachtair agus eachtraí im’intinn agus nuair a thig an t-am lena

gcur ar pháipéar, bíonn an oiread sin curamach agus aithne agam orthu go dtig anscríbhneoireacht féin go réidh liom. Tásmaoineamh measartha forbartha agamd’úrscéal nua. Tá mé i mbun taighde dó iláthair na huaire ach níl a dhath scríofaagam. Creidim go mbeidh bliain nó dhóeile ann sula bhfeicfidh sé solas an lae!

Cad a cheapann tú faoi leabhair Ghaeilgena linne seo agus faoin líon léitheoirí atáann?Mar a dúirt mé, tá an-chuid leabharGaeilge léite agam le tamall anuas, agustugann caighdeán na leabhar an-mhis-neach domh. Is é an dúshlán mór atáromhainn ar fad ná tuilleadh léitheoirí amhealladh, rud nach bhfuil furasta.

Is as Árainn Mhór i dTír Chonaill duit agusis léir go bhfuil dlúthcheangal agat le docheantar dúchais. An mbíonn tioncharaige sin, agus ag do shaol agus do chúlraféin, ar do chuid scríbhneoireachta?Bíonn, níl maith domh é a shéanadh.Tugann an t-oileán inspioráid domh i gcó-naí agus tugann caint na ndaoine guth domo chuid dánta. Bhí m’aithreacha móra,arbh as an oileán dóibh beirt, fíormhaithag scéalaíocht agus ba ghnách leo scéaltaa inse domh agus mé ag dul a luí sanoíche. D’fhan na scéalta sin liom idtólamh agus níl dabht ar bith ach godteachaigh siad i bhfeidhm go mór orm.Tá leabhar amháin de mo chuid, leabhardo pháistí, bunaithe a bheag nó a mhór arscéal a d’inis m’athair mór, Joe MhicíNeid, dom scór go leith bliain ó shin.

Cé dó a mbíonn tú ag scríobh? Duit féin,do dhaoine eile, nó meascán den dá rud?Scríobhaim filíocht domh féin, scríob-haim scéalta do dhaoine eile!

Tá filíocht difriúil ón bprós, ar ndóigh,agus bíonn sí iontach pearsanta, gominic. An bhfuil sé doiligh duit tú féin anochtú, ar bhealach, do na léitheoirí?Bhí ag an tús, ach téann tú i dtaithí air. Bhílochtanna go leor ar na chéad dánta ascríobh mé. Bhí siad i bhfad róphearsanta.Rinne siad ciall domhsa ag an am achdéarfainn gur beag ciall a bhainfeadhdaoine eile astu. Ní raibh siad uilíoch sadóigh sin. Cuireann drochfhilíocht ascríobh mé sna blianta a chuaigh thartníos mó náire orm anois ná aon eolas anocht mé fúm féin sna dánta céanna.

Céard é an dúshlán is mó atá romhat mardhuine a scríobhann trí Ghaeilge?Tá sé nach mór dodhéanta airgead ar bitha dhéanamh ar an scríbhneoireachtGhaeilge. Fágann sin go mbím ag obair golánaimseartha ar thograí eile chun beathamo theaghlaigh a thabhairt i dtír. Ba bhreáliom a bheith ábalta luí isteach ar an scríb-hneoireacht go lánaimseartha ach nílbealach ar bith go dtig liom é sin adhéanamh san am i láthair. Mar sin is rudan-pháirtaimseartha í, caitheamh aimsirede shórt i ndáiríre. Ach mar is eol dodhuine ar bith a rinne iarracht leabhar ascríobh, is caitheamh aimsire é a thógannsuas cuid mhór mhór ama. An dúshlán ismó atá romhamsa mar scríbhneoir marsin ná an t-am a fháil chuici mar scríbh-neoireacht.

Cén cineál leabhair a léann tú féin i dochuid am saor? An bhfuil údar ar leith nóleabhar ar leith a thaitníonn go mór leat?Am saor? Cad é sin? Na leabhair a léimsefá choinne an phléisiúir, léim sa leaba iad.Is breá liom scéinséirí, úrscéalta bleach-taireachta agus ficsean stairiúil. TaitníonnCJ Sansom go mór liom.

Tá blag agat fosta, nach bhfuil? Cén fáthar thosaigh tú an blag? Agus cad a chea-pann tú faoi na meáin shóisialta ar nósFacebook, Twitter srl. An bhfuil siad agdéanamh maithis nó dochair donlitríocht nó an bhfuil tionchar ar bith acuar an líon léitheoirí atá ann inniu?Thosaigh mé an blag cúpla bliain ó shinnuair a bhí muid inár gcónaí i LeitirCeanainn. Thosaigh sé mar thaifead armar a bhí ag éirí linn ár gcuid páistí athógáil le Gaeilge taobh amuigh denGhaeltacht agus fosta mar fhóram inadtiocfadh liom teagmháil a dhéanamh ledaoine a bhí sa bhád chéanna linn. Níscríobhaim ann chomh minic sin anois.Maidir le Facebook agus Twitter. Níl méróthógtha leo. Is maith liom YouTube.Sílim go bhfuil féidearthachtaí iontachaansin d’fhilí lucht éisteachta leathan amhealladh. Níl a dhath curtha suas agamair go fóill, ach is maith liom an meánáirithe sin. Is dócha go mbeidh ar luchtlitríochta gach aon teanga dul i ngleic leisna meáin nua seo feasta. Feicim é marmháistir scoile ach chuirfeadh sé iontasar dhaoine eile a laghad leabhar i dteangaar bith a léann cuid mhór daoine ógainniu. Tá an t-aos óg cleachtaithe leis ansoundbyte, an t-eolas gasta, mothúcháinphacáistithe go proifisiúnta. Is beag suimatá ag cuid mhór acu an t-infheistiú amaa ghlacann sé leabhar a léamh a thab-hairt.

Cad faoi e-leabhair, cén bharúil atá agatorthu siúd?Yip, tá mise ar a son. Sílim gur chóir dogach leabhar Gaeilge a foilsíodh le céadbliain anuas a bheith ar fáil go leictre-onach saor in aisce. Maidir le saotharnuafhoilsithe, sílim gur bealach iontachseachadta atá ann, agus gur chóir do nafoilsitheoirí a bheith ag cur na leabhar arfáil go leictreonach!

Is fear Gaeltachta thú. An síleann tú féingo bhfuil go leor léitheoirí ann saGhaeltacht? Nó an lasmuigh denGhaeltacht atá dul chun cinn ádhéanamh i dtaobh léitheoirí Gaeilgede?Taobh amuigh den Ghaeltacht is mó atáléitheoirí Gaeilge, déarfainn. Léifidhmuintir na Gaeltachta leabhar Gaeilgemás leabhar é a bhaineann lena gceantarféin, leabhar fán stair áitiúil etc nó má táaithne phearsanta acu ar an scríbhneoir,ach déarfainn go bhfuil an margadhtaobh amuigh den Ghaeltacht.

Dá mbeifeá in ann dán, úrscéal nó drámaar bith a scríobh (atá scríofa cheana),céard a roghnófá?‘Epic’ le Patrick Kavanagh. Ceann de nadánta is mó a chuaigh i bhfeidhm ormriamh.

Go raibh míle maith agat as do chuidama a Phroinsias!Go raibh maith agat féin!

•25GAELSCÉAL Dé hAoine, 22 Iúil, 2011

BEATHA NUACHT Litríochta

Domhan beag samhlaíoch an scríbhneoraAn tseachtain seo, cuireann MeadhbhNí Eadhra cúpla ceist ar an scríbhneoirclúiteach, Proinsias Mac an Bhaird

Proinsias Mac a' Bhaird

Page 26: Gaelscéal - 22.07.11

26 • BEATHA GAELSCÉAL Dé hAoine, 22 Iúil, 2011

TEILIFÍS agus RAIDIÓLe Katie McGreal

Féach ar:RTE 1: For One NightOnly...Bob GeldofIs sraith shiamsaíochta lesé chlár é seo agus sa daraclár cuirfidh Gay Byrne BobGeldof faoi agallamh.Labhróidh sé faoi na rudaítábhachtacha ina shaolagus na hamhráin a théannleis na hamanna sin.Anocht @ 9.30in.

RTE 2: The CommitmentsScannán faoin iarracht adhéanann Jimmy Rabbitte

banna ceoil a bhunú agusanamcheol a sheinnt domhuintir Bhaile ÁthaCliath. Dé Sathairn @ 9in.

TG4: Bastoy PrisonIsland/Oileán GéibhinnBastoyLéargas ar Phríosún OileánBastoy atá suite amach óchósta Oslofjord san Iorua.Tá 115 fear sa phríosún annagus níl aon chillín ar anoileán ná ceamaraí slándálaná sconsa féin inamórthimpeall. Dé Máirt @10.30in.

‘The Guard’LéirmheasBHUAIGH an scannán dúghrinn ‘The Guard’ anduais don fhadscannán Éireannach is fearr ibhFleadh Scannán na Gaillimhe le déanaí.Scríobh agus stiúraigh John Michael McDonaghan scannán atá lonnaithe i gConamara agusd’éirigh go hiontach leis i bhféilte idirnáisiúntafreisin – féilte i mBeirlín agus sna Stáit Aontaithe.

Is scannán faoi bheirt atá ann – an Garda GerryBoyle (Brendan Gleeson) ó Chonamara, agusMeiriceánach ón FBI, Wendell Everett (DonCheadle). Tá siad ag lorg agus ag iarraidh stop achur le grúpa idirnáisiúnta atá ag smuigleáil dru-gaí. Ní duine a ghlacann le tuairimí de réir nadtuairimí ‘cearta’ poiblí é Boyle agus téann sé igcoinne na ngnáthrudaí a dhéanann anMeiriceánach atá ag iarraidh cloí leis na rialachaagus na dlíthe. Tá comparáid ghreannmhardéanta idir na Meiriceánaigh agus na hÉirean-naigh sa bhealach seo.

Ag tús an scannáin, tá an chuma ar an scéal gombeadh sé díreach cosúil le ‘Hot Fuzz’, an scan-nán dúghrinn Sasanach faoi bheirt phóilíní achathraíonn an scéal agus tá sé soiléir go bhfuil ségo hiomlán difriúil.

In ionad scannán greannmhar le hábhar gre-annmhar, is scannán greannmhar é le hábhardáiríre. Tagann an greann trí na haisteoirí – anbealach a dhéanann agus a deir siad rudaí. Tá sélán le searbhas agus imeachtaí agus eachtraí gre-annmhara atá fite fuaite sa phríomhscéal.

Is scríbhneoir scripte den scoth é JohnMichael McDonagh. An píosa is fearr liom ná andóigh ar chuir sé in iúl nach nglacann muintir ócheantair bheaga le daoine ón taobh amuigh. Babhreá liom an Ghaeilge agus an bealach aúsáideann muintir na háite í chun fáil réidh leisan duine gorm seo a bhí ag an doras.

Tá comparáid iontach déanta idir an dáphearsantacht atá ag an bpríomhcharachtar. TáGerry searbh agus é ag obair agus ag leanúint araghaidh lena shaol. Is cuma leis faoina phostagus an grúpa smuigleálaithe – b’fhearr leis an lásaoire a thógáil in ionad cabhair a thabhairt donMheiriceánach.Ach nuair a bhuailimid lenamháthair (Fionnuala Flanagan) is duine iomlándifriúil atá ann: duine deas, bog agus lán le grádi.

Aisteoireacht den scoth atá le feiceáil sa scan-nán ar fad go háirithe idir Gleeson agus Flana-gan. Tá nasc agus splanc iontach eatarthu agustríd sin faighimid níos mó eolais ar phearsan-tacht Gerry.

Scannánaíocht in Éirinnag fás go hidirnáisiúntaSHÍNIGH an tAire Ealaíon,Oidhreachta, Gaeltachta agusOileán, Jimmy Deenihan anchéad chonradh comhléir-iúcháin (co-production) idir Luc-samburg agus Éirinn leis an AireCumarsáide agus Meán, Fran-cois Biltgen ó Lucsamburg ledéanaí. Aidhm an chonartha nácur le líon na léiriúchán leis andá thír agus acmhainní agusdreasachtaí an dá rialtas a roinntlena chéile.

Dúirt Deenihan, “Is rudríthábhachtach comhléiriúchánd’Éirinn ó thaobh maoinitheagus fáis de. Níl bealach níosfearr dúinn chun infheistiúidirnáisiúnta a fháil – tá sé

indéanta airgead a sholáthardúinn féin de bharr mhéid natíre.”

Rinneadh an scannán ‘TheRunway’ i gcomhar le comhlach-taí as Lucsamburg le déanaí agusbhuaigh sé duais ón AcadamhScannán agus Teilifíse in Éirinnagus faoi láthair tá an t-aisteoirÉireannach Brendan Gleeson imbun ‘At Swim Two Birds’ astiúradh leis na léiritheoirí Éire-annacha, Parallel Films agus anléiritheoir Jani Thiltes ó Luc-samburg. Nuair a chríochnaighan léiritheoir Dúitseach, San FuMaltha taifead ar an scannán‘Milo’ i mBaile Átha Cliath agus igCill Mháintain le déanaí, dúirt

sé, “Is tír álainn í Éire...creidimgo bhfuil todhchaí mhaith dochomhléiriú scannán Dúit-seach-Éireannach.”

D’oibrigh na comhlachtaíSamson Films, comhlacht Éire-annach, agus Fu Works, comh-lacht Dúitseach, ar an scannánseo a thiocfaidh amach i míFeabhra 2012. Chomh maithleis sin, tá an comhlachtMeiriceánach, HBO ag taifead andara sraith de ‘Game of Thrones’i dTuaisceart na hÉireann agusbhí ‘The Guard’ le Brendan Glee-son i bhféilte scannán Tribecaagus Bheirlín chomh maith leisan bhFéile Sundance sna StáitAontaithe i mí Eanáir.

Scéim Nua Ghearrscannán fógartha ag TG4Áine Ní Chuaig

D’FHÓGAIR TG4 an scéim nuagearrscannán ‘SCÉAL’ i rith naseachtaine, scéim spreagúil abhfuil cúnamh maoiniúcháinfaighte lena reáchtáil ó Ghréasánna Meán agus Údarás Crao-lacháin na hÉireann.

Ag leanacht leis na scéimean-na ‘Síol’ agus ‘Údar’, inarléiríodh dhá cheann déag dedhrámaí rathúla, is scéim for-bartha atá i gceist anseo athugann deis do scríbhneoirí

agus stiúrthóirí nua saotharaitheanta ó litríocht nó óbhéaloideas na Gaeilge aathchóiriú don teilifís.

Beidh deis ag na hiarrthóiríbunscéal a roghnú as gearrscéal,dán, scéal béaloidis nó aonsaothar a léiríonn scéalaíocht naGaeilge agus déanfar an scéal afhorbairt ansin céim ar chéim,ón mbunscript go dtí an léir-iúchán craolta.Tá an scéim seooscailte do scríbhneoirí Gaeilgeas gach aon áit agus ní gá gombeadh aon taithí scáileáin acu.

Fáilteofar roimh stiúrthóirí armhaith leo taithí a fháil ar dhrá-maíocht teilifíse freisin. Gnéamháin atá riachtanach ná gombeadh na rannpháirtithe ar fadlíofa sa Ghaeilge agus gombeadh siad in ann feidhmiú gohiomlán sa teanga trí chuilechéim den scéim.

Caithfear iarratais a sheoladhisteach roimh mheán lae ar 26úLúnasa ach má tá tuilleadheolais uait, cuir glaoch ar 091-505070, seol ríomhphost [email protected].

Éist le:RTÉ Raidió 1: Docu-mentary on One: TheUntold Story of Char-lie ChaplinIs clár faisnéise é seofaoi scéal CharlieChaplin i gCiarraí.Faighimid léargas ódhaoine áitiúla ar anuair a chaith CharlieChaplin a laethantasaoire ann. DéSathairn @ 2in

Raidió na Gaeltach-ta: An Liathróid ArdClár seachtainiúilspóirt atá spleodrachle hagallaimh agusaicsean. Déantar é 'aran mbóthar' lecuairteanna seach-tainiúla orthu siúd atápáirteach in imeachtaí spóirtan chúige. Dé Céadaoin @1.30in

Dundalk FM: Town TalkClár nuachta agus agallaimhle daoine éagsúla gach maid-in. Luan – Aoine @ 10rn

Page 27: Gaelscéal - 22.07.11

BEATHA • 27GAELSCÉAL Dé hAoine, 22 Iúil, 2011

Comórtas Atlantic Steps

Ar mhaith leat dhá thicéad luach€25 a bhuachan le haghaidh seónua sean-nóis Atlantic Steps ag anRoyal Theatre i gCaisleán anBharraigh?

Níl le déanamh ach an cheist seo a leanas afhreagairt:

Cé hé an príomhdhamhsóir sa seónua sean-nóis Atlantic Steps?

Seol an freagra, d’ainm agus do sheoladhchuig: Gaelscéal, Baile Ard, An Spidéal, Co. na Gaillimhe.

Ainm :

Seoladh :

Freagra :

Nó trí ríomhphost [email protected]

Draíocht an Photaire Amharcann Seán Mac Dhonnagáin ar fheiniméan ‘Harry Potter’

Sa bhliain 1990, agusJK Rowling ar thurastraenach ó Londaingo Manchain, chuirsí tús le turas eile –

turas draíochta. Turas achruthaigh cáil agus saibhreasdi féin agus turas draíochta doléitheoirí uile an domhain. Aran turas sin chruthaigh síHarry Potter – buachaill óg abhí ina dhraíodóir.

Thuig sí láithreach go raibhábhar a céad úrscéil aimsitheaici, ach is cinnte nár cheap sígo mbeadh Harry ar andraíodóir is cáiliúla ar domhanbreis agus fiche bliain araghaidh.

Aithníonn gach páiste ainmHarry Potter. Tá breis agus 450milliún leabhar Harry Potterdíolta. Tá cuid de na leabhairaistrithe go 67 teanga eagsúil(Gaeilge san áireamh). Chomhmaith leis an seacht leabhar satsraith, tá trí leabhar ghairidescríofa ag Rowling abhaineann le domhandraíochta na sraithe – Quid-ditch through the Ages, Fan-tastic Beasts agus Tales of Bea-dle the Bard. Tá leaganachaeile den tsraith cumtha freisin,ina measc Potter Puppet Palsagus A Very Potter Musical –scannáin ghearra gur féidir iada fheiceáil ar Youtube. Anuasair sin is iomaí páiste a ghlacpáirt i ndráma bunscoile a bhíbunaithe ar cheann de scéaltaHarry Potter. (Is cuimhin liomféin páirt Dumbledore a ghla-cadh i ndráma scoile Rang a Sé

- Harry Potter agus an SeomraRúnda!) Agus, ar ndóigh, tá nascannáin faoi Harry agus achairde níos cáiliúla ná naleabhair fiú.

Agus an scannán deireanachsna pictiúrlanna faoi láthairagus gach taispeántas lán godoras, cén fáth go bhfuil ancháil dhochreidte seo ar antsraith? Céard a mheallannléitheoirí, idir shean agus óg, idtreo na scéalta seo?

Freagra na ceiste seo, darliomsa, ná domhan draíochtana scéalta, agus an chaoi a

gcruthaítear é. Sa domhan seofeicimid saol agus spraoi nachmbaineann le gnáthshaol lead-ránach an ghnáthdhuine – nóan ghnáthmhugail mar athugann Rowling ar an duinebocht nach bhfuil draíochtaige! Táimid go léir meallta agan draíocht seo. An bhfuilpáiste ar domhan nár mhaithleis freastal ar Scoil Hogwarts,draíocht a chleachtadh, Quid-ditch a imirt?

Cé gur domhan draíochtasamhailteach é domhan Harry,is domhan an-réalaíoch é ar a

bhealach féin. Agus naleathanaigh á gcasadh againncreidimid go huile is go hiom-lán gurb ann do Hogwarts,gurb ann do na draíodóirí seoar fad. Creidimid sa domhanseo mar go bhfuil a cuidtaighde déanta ag an údar –taighde teangeolaíochta sachaoi go mbaineann sí úsáid astéarmaí ón Laidin agusdraíocht á cur i bhfeidhm. Isléir go ndearna sí go leortaighde miotaseolaíochtafreisin. Is créatúir ón miotase-olaíocht iad an chuid is mó de

Féile Cheoil Idirnáisiúnta san IoruaÁine Ní Chuaig

IS féile bhliantúil í TelemarkFestivalen atá ar an bhfód ó bhí1990 ann in áit darb ainm Bøatá suite i gcroílár cheantarTelemark. Tá sé ráite go minicsa nualitríocht go bhfuil Bø archeann de na háiteanna is áillesa domhan, in ‘En glad Gut’mar shampla a scríobh Bjørn-stjerne Bjørnson.

Tá os cionn cúig mhíle duineina gcónaí in Bø, atá thart ar100km ón bpríomhchathairOsló. Ceantar mór sciála arfeadh cuid den bhliain é, achceantar saibhir ceoil, cultúiragus traidisiúin leis na ciantaatá ann.

Reáchtálfar féile na blianaseo 21-24 Iúil. Is féile í athugann cuireadh do che-oltóirí traidisiúnta as timpeallan domhain a theacht chun

casadh agus meascadh lenagceoltóirí traidisiúnta féin ónIorua. Bhí ceangal an-láidir agan bhféile le hÉirinn riamh. Táan fhéile ar cheann de napríomhimeachtaí ceoil thrai-disiúnta sa tír agus meallann sísuas le 10,000 duine.

Tá cáil mhór ar an mbaileseo de bharr an traidisiúinláidir ceoil atá ann agus mar áita ndéantar táirgeacht ar nabhfidil Hardanger. Tugtaruirlis ceoil náisiúnta na tíre gominic ar an ‘hardingfele’ mar athugann siad féin air, veidhlínálainn le hocht gcinn de shre-anga agus maisiúchán gleoite.Téann go leor ceoltóirí sun-tasacha anonn thar lear chuncastáil le mórlaochra na hIoruai saol an cheoil, an damhsaagus na hamhránaíochta agusgo minic chun an uirlis ceoilspeisialta seo a fheiceáil agus a

chloisteáil ó na máistrí. Ceann de na

príomhaidhmeanna atá agTelemark Festivalen náteagmháil ceoil a spreagadhidir ceoltóirí agus traidisiúindhifriúla agus cuirtear béimláidir ar chaighdeán.Cruthaíonn an fhéile seodlúthatmaisféar, áit ambuaileann na seantraidisiúinLochlannacha leis an gceolagus leis an damhsa atá níosnua-aimseartha.

Tá cáil mhór bainte amachag an bhféile seo mar gurláthair an-tábhachtach í inandéantar athbheochan láidir archultúr agus ceol na tíre.

Cuirtear suas le 20 ceol-choirm, taispeántas agusimeachtaí damhsa ar bun cei-thre lá na féile. Chomh maithleis sin, reáchtáltar ceardlannaceoil agus damhsa i stíl thrai-

disiúnta na hIorua. I measc nan-aíonna as Éirinn a ghlac páirtsan fhéile thar na blianta bhíSeán agus Dolores Keane, Boysof the Lough, Liam Ó Floinn,Arty McGlynn, Len Graham,Four Men and a Dog, DéDanann, Danú agus MichoRussell, nach maireann. Imbliana, is iad na Dubliners abheidh ag seasamh an fhóid dona Gaeil. Cé gur minic donbhanna céanna a bheith arcamchuairt san Iorua, seo é anchéad uair acu a bheith agglacadh páirte sa TelemarkFestivalen.

Beidh na Dubliners ag ceil-iúradh leathchéad bliain ar anmbóthar an bhliain seochugainn agus tá clár leathanbeartaithe acu don cheiliúradhspeisialta, ina measc clár fais-néise don scáileán. www.tele-markfestivalen.no

na hainmhithe draíochta a fhe-ictear sa tsraith agus tá cuid dephríomhscéalta na sraithebunaithe ar an miotaseo-laíocht.

Baineann Rowling úsáid asteicnící éagsúla chun anléitheoir a chur ar an eolasfaoin domhan draíochta. Cleasamháin atá aici ná nuair atáeolas nua le tabhairt aici,tugann sí an t-eolas seo donléitheoir ag tús na caibidle.Faighimid an t-eolas seo arbhealach chomh séimh sin gonglacann muid leis gan cheist.Cuir i gcás an leabharliostascoile a fhaigheann Harry óHogwarts. Ar dtús cloisimidfaoi na nithe aisteacha a bhei-dh in úsáid aige do na hábhairéagsúla. Ar ball téann Harry goDiagon Alley chun na leabhaira cheannach agus ceannaíonnsé a chéad slat draíochta.Ceannaíonn sé Hedwig, an t-ulchabhán a chuidíonn leis gominic sna scéalta. Diaidh arndiaidh tarraingítear anléitheoir isteach i saol andraíodóra.

Ón gceathrú leabhar araghaidh, glacann Rowling leisgo bhfuil an léitheoir imithe i

dtaithí ar an domhan atácruthaithe aici. Éiríonn nascéalta níos faide agus níoscasta ag an bpointe seo. Isminic a fheicimid fo-scéaltasna leabhair seo, scéalta grá goháirithe. Deirtear go minic gobhfuil an scannán atá bunaithear an séú leabhar cosúil le‘Rom-com’ nó scéal éadromrómánsúil do dhéagóiríseachas scannán do pháistí!

Ach an bua is mó abhaineann le scéalta HarryPotter ná go dteastaíonn ógach duine iad a chreidiúint.Spreagann na scéalta seogliondar sa léitheoir. Táimidtaobh le Harry agus é ag troidin aghaidh Voldemort.Déanaimid ceiliúradh leisnuair a éiríonn leis. Airímidagus tuigimid ar fad a bhrónaon uair a theipeann air. Seoarís bua agus scil JK Rowling –mothúcháin Harry a mhúscailtsa léitheoir. Ní haon ionadh gogcuireann an tsraith seo namilliúin duine faoi dhraíocht.Ní haon ionadh go bhfuil namilliúin chéanna i scuainí arfud na tíre agus iad ag iarraidhHarry Potter and the DeathlyHallows, Cuid a Dó a fheiceáil.

Page 28: Gaelscéal - 22.07.11

28 • GAELSCÉAL Dé hAoine, 22 Iúil, 2011

OIDEACHAS

NODANNATRASNA2 Gníomh a dhéanann draíodóir - nó madra b’fhéidir (5)6 Duine a rialaíonn tír ar son an rí nuair atá an rí féin ró-óg

(6)7 An scéal a luíonn taobh thiar de dhuine (5)8 Básaithe, gan beocht ann (5)9 Téad déanta as féar (5)12 I dtreo, chuig (2)14 Dúnadh, druidim (4)15 Bíonn sé i gcónaí faoi do chosa sa bhaile (5)16 Teocht, mothúchán a choinníonn an fuacht uait (4)18 Easpa solais (6)21 Ábhar a choinníonn inneall ag tiontú, nó a chuireann blás

le bia friochta (3)24 Ní a bhfuil an mhéad céanna ann, in airde, i

ndoimhneacht agus i leithne (3)26 Ó Néill nó Ó Domhnaill mar shampla (5)28 Cloch réidh, cloch chuimhneacháin mar shampla (4)29 Trí phointe sa chluiche (3)30 Oideachas, foghlaim, staidéar ollscoile (5)31 Rudaí á ndó (4)32 Gluaiseacht na farraige ag teacht i dtír ar an trá (6)

SÍOS

1 Ábhar a bhailítear ar an trá atá úsáideach do leasachán (8)

3 Freagracht, milleán (5)4 Grúpa, slua (5)5 Gan aon uisce ná taise air(5)6 Tá go leor acu i (31 trasna) ach níl ach ceann amháin i

gcoinnle mar shampla (6)10 Réimír don rud coitianta, caighdeánach (5)11 Cheannófá cairpéad, nó páipéar don bhall sa chruth seo

(5)13 Bia na mara.. ach b’fhéidir go bhfaighfeá péarla ann? (5)17 Aoin rud a choinníonn thú mall do choinne (5)19 Foraois, áit a mbíonn crainn ag fás (5)20 Madra, gadhair (2)22 Óráid faoi ábhar áirithe (6)23 Gan aon mhaoin nó airgead (5)24 Labhair, úsáid do ghuth (5)25 Bailiú bainne ón mbó (5)27 Lorg, nó smál atá fágtha i do dhiaidh (4)

Crosfhocal 22.07.2011

Duais na seachtaineBronnfar dearbhán €20 urraithe ag Cló Iar Chonnacht ar bhuaiteoir na seachtaine.Ní mór iarratais a bheith ar ais roimh 27.07.2011 chuig: Crosfhocal, Gaelscéal, An Chuasnóg, An Spidéal, Co na Gaillimhe.

Ainm ....................................................................................................

Seoladh ................................................................................................

..............................................................................................................

Fón...................................... Rphost..................................................

Crosfhocal15.07.2011Buaiteoir na Seachtaine seo: Bairbre Uí MhullaoidhAn Cheathrú RuaCo na Gaillimhe

Indreabhán, Conamara, Co. na Gaillimhe. Tel. +353-91-593307www.cic.ie

Bíodh Eolas agat ar do Chearta:Scéim Náisiúnta IntéirneachtaCeist: Bronnadh céim ollscoile orm anuraidh agus táim ag éileamh LiúntasCuardaitheora Poist mar nílim in ann post a fháil. Chuala mé gur fhógraigh anRialtas scéim a chuideodh le daoine taithí oibre a fháil. An bhfuil sé seo fíor? Freagra : B’FHÉIDIR go bhfuil tú agtagairt do Scéim NáisiúntaIntéirneachta nua a sheol anRialtas le déanaí. Soláthróidhan scéim deiseanna thaithíoibre do 5,000 duine atádífhostaithe sna hearnálachadeonacha, príobháideachaagus poiblí.

Gheobhaidh rannpháirtithena scéime intéirneacht arfeadh tréimhse 6 nó 9 mí leheagraíocht óstaigh. Faoin

scéim seo, má thugann tú faoiintéirneacht, coinníonn túd’íocaíocht leasa shóisialaighagus gheobhaidh tú €50 breisesa tseachtain.

Leanfaidh an scéim araghaidh ar feadh dhá bhliain,mar sin glacfar le hiarrataisintéirneachta go dtíMeitheamh 2013. Mairfidh nahintéirneachtaí féin idir 6 agus9 mí, ar a mhéid.

Chun a bheith i dteideal áit afháil ar Scéim NáisiúntaIntéirneachta, ní mór duit a

bheith dífhostaithe agus ag fáilSochar Cuardaitheora Poist nóLiúntas Cuardaitheora Poist arfeadh trí mhí nó ag síniú lehaghaidh creidmheasanna arfeadh trí mhí.

Tá FÁS freagrach as bainistiúa dhéanamh ar an scéim, igcomhpháirtíocht leis anRoinn Coimirce Sóisialaí. Má táspéis agat leat iarratas adhéanamh ar cheann de nahintéirneachtaí, seol ríomh-phost [email protected] nó déan

teagmháil le d’oifig FÁS áitiúil.Tá tuilleadh eolais le fáil ón

Ionad Faisnéise do Shaorá-naigh thíos.

Chuir Ionad Faisnéise doShaoránaigh Bíodh Eolas agatar do Chearta’ le chéile. Cuire-ann an tIonad seo seirbhísshaor in aisce agus faoi rún arfáil don phobal.

Tá faisnéis le fáil freisin arlíne ag citizensinformation.ieagus ón tSeirbhís Teileafóinum Fhaisnéis do Shaoránaigh,Íosghlao 1890 777 121.

Gairmeacha le Gaeilge ó Thuaidh agus ó DheasPatricia Uí Fhlaithearta,Comhairleoir Gairmthreorach

MA tá súim agat oibriú tríd annGaeilge amháin bíonn réimseleathan deiseanna ag céimithea bhfuil Gaeilge líofa acu. Níamháin le haistriúchán agusna meáin agus b’fhéidir snareimsí níos traidisiúnta cosúille múinteoireacht, ach inearnálacha na healaíne agusan chultúir; mar shampla,ealaíona sa phobal, bain-istíocht imeachtaí agus nahilmheáin. Sna heagraíochtaísan earnáil phoiblí tá postannariaracháin agus teicniúla aggrádanna éagsúla ó leibhéaliontrála go bainistíocht shin-searach. Sna sainréimsí tádeiseanna iontacha, goháirithe múinteoireacht nóoideachas trí Ghaeilge ag leib-héal ar bith ón réamhscoil godtí an tríú leibhéal. Postannaeile freisin a bhfuil fás mórorthu na postanna sna naíon-raí agus sna Gaelscoileanna.

Sna meáin is féidir a bheithag obair sna meáin chraolta,sna meáin chlóite nó snaméain dhigiteacha. Chomhmaith leis sin tá forbairt theic-neolaíocht na faisnéise agusna cumarsáide tar éis tairbhe a

dhéanamh do gach miontean-ga. Chuidigh sé leis an bhfás arbhogearraí, suíomhannagréasáin agus leiriúcháin achraoltar trí mheán naGaeilge. Tá dearcadh agdaoine i leith na Gaeilge maruirlis iontach ghnó agus mhar-gaíochta.

Tá an t-aitheantas donGhaeilge mar theanga oibreoifigiuil den Aontas Eorpachagus Acht na dTeangachaOifigiúla tar éis cur leis nadeiseanna atá ar fáil agus támeadú tagtha ar an méidpostanna san aistriúchán agussan ateangaireacht. Tá anateangaireacht difriúil leis anaistriúchán sa mhéid is gobhfuil sí bunaithe ar chu-marsáid bhéil seachas ar chu-marsáid scríofa. Tá deiseannaoibre sa léamh profaí, sanfhotheidealú, sa bhainistíochttionscadal agus sa chomhordúteanga. Freisin tá fostaíocht lefáil i gcomhlachtaí rialtais, ininstitiúidí na hEorpa agus ineagraíochtaí príobháideacha.

Cuireann Foras na Gaeilge, idtuaisceart agus i ndeisceartna hÉireann, tacaíocht ar fáild’eagraíochtaí ealaíon Gaeilgetrí mhaoiniú tionscadail agusd’ealaíontóirí aonair trí spará-

nachtaí. Is é Foras na Gaeilgean comhlacht atá freagrach asan Ghaeilge a chur chun cinnar fud na hÉireann. Mar chuidde Chomhaontú Aoine anChéasta bunaíodh “An ForasTeanga, Comhlacht Forfhei-dmithe Thuaidh/Theas”,chun an Ghaeilge agus anUltais a chur chun cinn. Faoichoimirce an chomhlachtasin, déanann Foras na Gaeilgena freagrachtaí uilig i dtacaleis an nGaeilge a chur i bhfei-dhm. I measc na bhfreagrach-taí sin tá labhairt agus scríobhna Gaeilge sa saol poiblí agussa saol príobháideach ibPoblacht na hÉireann.Tá anfhreagracht chéanna ann doThuaisceart na hÉireann sachás go mbíonn an t-éileamhann. Tá ról acu freisincomhairle a chur ar lucht rial-tais ó thuaidh agus ó dheas,agus ar chomhlachtaí poiblíagus deonacha i ngach gnó abhaineann le Gaeilge. Is é anmisean atá acu ná “Tacú lemúineadh na Gaeilge agusmúineadh trí Ghaeilge” Táoifigí acu i mBéal Feirste agusi mBaile Átha Cliath.

Ó thaobh an oideachais de isiad na freagrachtaí atá orthuná an Ghaeilge a chur chun

cinn i ngach gné den réimseoideachais mar phróiseas fadsaoil. Ionadaíocht a ghlacadhar choistí agus fóraim rialtais abhfuil téarmaí tagartaoideachasúla acu agus aigh-neachtaí a chur faoina mbráid,agus tacú agus cabhrú le curchun cinn, foghlaim agusúsáid na Gaeilge.

Oibríonn roinnt céimithemar chleachtóirí ealaíon, achfreisin tá deiseanna d’fhoire-ann theicniúil, oideachaisagus riaracháin taobh istighd’eagraíochtaí tacaíochta.

Tá go leor deiseanna fos-taíochta ar scéimeanna ar nósna gCampaí Samhraidh agusScéim na nImeachtaí Óige. Irith na bliana freisin arndóigh, agus go mór mór sasamhradh, bíonn go leorturasóirí ag teacht ar cuairt,mar sin tá deiseanna fos-taíochta ann do choimeá-daithe, do threoraithe agusbainisteoirí turas, do riarthóiríag músaeim agus do dhaoinear mhaith leo a bheith ag obairin aon cheann de nasuíomhanna oidhreachta arfud na tíre.

Tá an chuid eile den phíosaseo le léamh arwww.gaelsceal.ie

Page 29: Gaelscéal - 22.07.11

SPÓRT • 29GAELSCÉAL Dé hAoine, 22 Iúil, 2011

Fíor-choimhlint an TourPáidí Ó Lionáird, tráchtaire TG4 ar an Tour de France ar rás na bliana

Ag tús Tour de France nabliana seo ní raibh achceist amháin á cur: cénfarasbarr a bheadh agAlberto Contador

(Saxobank) agus é ag tarrac an phele-ton go críoch an ráis ar an ChampsElysée ar an nDomhnach deireanachden Tour. Bhuel anois níl ann ach dhálá eile rásaíochta le go mbeidh freagrana ceiste sin ar eolas againn ach gurbaolach gur ar éigean gur Contador abheidh ag iompar an gheansaí cháil-iúil bhuí sin in aon chor i ndeireadhthiar.

Tá Tour na bliana seo tar éis bheithfíor-shuimiúil agus spleodrach i slitenach bhféadfaí a shamhlú roimh ré.Tá éagsúlacht mhaith cúiseanna legur mar sin a bhí agus an formhór acude bharr an chúrsa a leag ChristianPrudhomme, stiúrthóir an Tour,amach agus corrleasú ar na rialacha.

Ar an gcéad dul síos, chinn Prud-homme seachtain iomlán ráibeanna achur chun tosaigh, seachtain inambeadh an choimhlint ghéar agusspleodrach sin idir na rábálaithe agus‘Usain Bolt’ na rothaíochta, MarkCavandish (HTC Highroad) as OileánMhanann. D’oibrigh sé mar chleas, gofoirfe. Ina dhiaidh sin, tugadhaghaidh ar na cnoic sa Massif Centralagus ar shléibhte na bPiréiní, deisdúinn cumas na ndreapadóirí afheiscint. B’ait linn áfach cé a thioc-fadh chun solais mar laoch na drea-padóireachta ach tuilleadh faoi sin igceann tamaillín.

Chomh maith leis an gcúrsa, bhíathrú ar an ráib idirmheánach amhailis gur bronnadh i bhfad níos mó táb-hachta air agus pointí da réir. Chin-nteodh sé seo go mbeadh suim á léiriú

ag na rábálaithe agus a bhfoirne sastaid ina iomláine; an ráib sa lár agusarís ar deireadh. Arís, d’oibrigh sé.

Ach cé a bheadh chun cinn? Bhuel, indiaidh don Lochlannach ThorHushovd (Garmin Cervelo) seachtain a

chaitheamh sa ngeansaí buí, thiocfadhFrancach ceanndána chun solais. Indiaidh droch-thúis ina gceantar bailesa Vendée, bheadh an fhoireannEuropcar agus a gceannaire, ThomasVoeckler, ag taispeáint sála glana dágcéilí comhraic agus do na hainm-neacha móra, Contador, Basso(Liquigas), Evans (BMC) agus fiú nadeartháireacha Shleck (Leopard Trek).

Tá dhá áit sa Tour áfach a deirtearnach féidir leat dul i bhfolach, ar nasléibhte agus sa triail ama aonair. Táéirithe le Voeckler a chumas sna sléib-hte a léiriú ach le triail ama aonairamárach thart ar Ghrenoble, bíodh isgo bhfuil Contador fhéin cumasachaige, beidh sé deacair ar éinne dul ingiorracht scread asail don AstrálachEvans. Ní bhuafaidh sé ach déanfaidh

sé a dhóthain. Chonaiceamar an comhrac idir Con-

tador agus na deartháireacha Shleckag tús na seachtaine seo ach ba léir goraibh an triúr acu ag ionsaí na bhfearmícheart. Is é Evans is contúirtí agusag an bpointe seo, beidh sé deacair ardhuine ar bith é a chloí.

Cadel Evans mar sin (Rogha Phádra-ic Uí Chuinn ón tús) dá chéad bhuaden Tour De France, Frank Shleck sadara háit agus Thomas Voeckler sa tríúháit.

Maidir leis na geansaithe eile, beidhan-choimhlint idir JJ Rojas (Movistar)agus Cavandish don ngeansaí uaithneagus buafaidh Cavandish ar an líne ibPáras agus sílim gur ag SamuelSanchez (Euskatel-Euskadi) a bheidhgeansaí Ridire na Sléibhte. BeidhRigoberto Uran (Sky) na Colóime slánsa ngeansaí bán agus Rein Taaramae(Cofidis) gar dó.

Ní fada an sos a bheidh ag AlbertoContador i ndiaidh an ráis nuair a bhei-dh breithiúnas á thabhairt ag an UCImaidir lena thástáil dhearfach do clen-buterol le linn an dara lá sosa sa Touranuraidh. Bhí tuairimíocht ann gurseo ba chúis lena Tour ciúin ach indeireadh thiar, bhí an mí-ádh air gurthit sé agus gur chaill sé am dá bharragus ina theannta sin, le bua iontachsa Giro, is ciallmhaire an tuairimíochtgur seo a ghoid óna thobar fuinnimh.

Bhí Tour fíor-spéisiúil ann imbliana. Bhí go leor cúiseanna leis,timpistí go tréan, imeartas taicticí ion-tacha, ionradh na Lochlannach ibhfoirm Thor Hushovd (GarminCervelo) agus Edvald Boassen-Hagen(SKY) agus breith Hinault nua ibhfoirm Thomas Voeckler. Allez leTour!

Workforce chun an duais mhór a bhuachanSEACHT gcapall a bheas san iomaíocht in aghaidha chéile i rás mór an tSathairn in Ascot, Sasana, anKing George VI agus Queen Elizabeth Stakes agusmilliún punt a bheas ar fáil don bhuaiteoir. Is éWorkforce rogha na n-údar, go háirithe máfhanann an aimsir fluich, ach más talamh crua abheidh ann, ní bheidh Workforce ag rith, a deirtraenálaí an chapaill Michael Stoute. Níor éirighgo maith le Workforce sa rás seo anuraidh cé gurbhuaigh sé an Investec Derby agus Prix de L’Arcde Triomphe níos luaithe sa bhliain. Capall eileatá ag iarraidh rudaí a chur ina gceart ná St.Nicholas Abbey a bhí ina réalta mhór in 2009 achnár rith go maith in Ascot anuraidh ach an oiread.Is iad Rewilding agus Debussy, ó stáblaí Godol-phin i Sevilla, atá á dtraenáil ag Aidan O’Brien,Midday (Henry Cecil) agus Nathaniel le John Gos-den mar thraenálaí, na capaill eile a bheidh sa rás.Tosnóidh an rás mór ag 4.30in.

Spórt na mBanGráinne McElwain

BEIDH aicsean craoibhe i gcamó-gaíocht agus peil na mban andeireadh seachtaine seo. Sa chamó-gaíocht beidh Cill Chainnigh ag tab-hairt aghaidh ar Chorcaigh, BaileÁtha Cliath atá ar íochtar an tábla sabhaile in aghaidh Loch Garman,Uíbh Fhailí sa bhaile in aghaidh anChláir agus Tiobraid Árann as bailein aghaidh na Gaillimhe atá sa tríúháit ar chlár na bpointí.

Cuirfear tús leis na babhtaí cáilitheamárach i bpeil na mban chomhmaith. Beidh Ard Mhacha ag tabhairtaghaidh ar Shligeach agus ansinBaile Átha Cliath in aghaidh ChillDara. Baineadh geit as go leor mar gobhfuil Baile Átha Cliath, a bhuaighCraobh na hÉireann anuraidh agusroinn a dó na sraithe i mbliana, ar adícheall fanacht sa chraobh imbliana mar níl siad ag imirt gomaith. Beidh Peil na mBan le feiceáilar TG4 amárach, ag tosnú ag a5.00in.

SEO muid leath bealaigh frídan chomórtas Formula 1 imbliana agus reáchtálfar andeichiú rás sa Grand Prix i Nür-burgring na Gearmáine DéDomhnaigh seo. Tá an Gear-mánach Sebastian Vettel atá leRed Bull i bhfad chun cinn ar204 pointe. Beidh sé an-dea-cair dul gar dó agus máfhaigheann sé an bua arís mara bheifeá ag súil leis is féidir ará go mbeidh comórtas an-aontaobhach againn amachanseo.

Ach is é Mark Webber atá sadara háit ar chlár na bpointí ar124 pointe agus cúis dóchaisdó ná gur bhuaigh sé a chéadrás sa chomórtas Formula 1 saGhearmáin in 2009. Ach níor

bhuaigh sé i mbliana go fóillagus ar ndóigh ní féidir leis anmilleán a chur ar an charr margo bhfuil sé ag tiomáint ancharr chéanna agus atá Vettel.Cé go bhfuil Lewis Hamilton sanuacht mar gheall ar achrannidir é féin agus McLaren, is sacheathrú háit atá sé ar 109pointe le Jenson Button ar napointí céanna ach áit amháintaobh thiar de.

Thug Fernando Alonso óFerrari seans do na tiomá-naithe eile nuair a bhuaigh séGrand Prix na Breataine coicísó shin ach arís beidh sé deacairVettel a stopadh.

Is breá leis na Gearmánaigha mótarspórt agus bí cinnte gogcuirfear fearadh na fáilteroimh an bheirt Ghearmánach,Sebastian Vettel agus MichaelSchumacher a bhuaigh ancomórtas Formula 1 seacht n-uaire. Seo an chéad deis abheas ag Schumacher dul tim-peall na gcúinní ar an ráschúr-sa atá ainmnithe in ómós dó:Schumacher S - casadh a hochtagus a naoi. Tosnóidh an rás aran Domhnach ag a haon achlog.

Buntáiste Baile chuncuidiú le Vettel

Thomas Voeckler

Alberto Contador

Page 30: Gaelscéal - 22.07.11

30 • SPÓRT GAELSCÉAL Dé hAoine, 22 Iúil, 2011

Ar an gclaí Níl againn ach 5 chluichefágtha san Iomáint ...John Allen

Is deacair a shamhlú nach bhfuilach cúig chluiche fágtha igcraobh iomána 2011. Ag tosachna bliana, sular buaileadh aonsliotar, bhíomar ag tuar go

mbeadh Tiobraid Árann agus CillChainnigh fós ar bharr an dréimire agdeireadh an tséasúir.

Ach ansin sheas BÁC suas le cúplataispeántas suntasach sraithe agusiad ar an tslí chun an chraobh sin athabhairt leo . Agus creid é nó nácreid bhíomar ag ceapadh gomb’fhéidir go raibh na Cait ag sleamh-nú .

Sna chéad bhabhtaí craoibhe thugLuimneach agus an Clár le fios go rab-hadar ag déanamh dul chun cinn.Bhíomar amhrasach faoi Ghaillimh indiaidh a gcluiche leathchraoibheLaighean i gcoinne BÁC.

Anois táimid ar ais lenár gcéadtuairimí i ndiaidh an-taispeántas ósna Cait i gcraobhchluiche Laigheanagus seó na bliana ó Thiobraid Áranni gcoinne na nDéise bocht.

Mar a sheasann cúrsaí faoi láthair(agus mé ag scríobh le háilleacht InisMeáin thart timpeall orm) tá Tio-braid Árann agus Cill Chainnigh níosfaide chun tosaigh ná mar a bhíodarag tosach na bliana agus pé foirne abhuann na cluichí an deireadhseachtaine seo tá an chuma ar anscéal go mbeidh siad mar iobairtídon “dó mór “ sna cluichíleathchraoibhe.

Ach tá dul chun cinn déanta agBÁC agus Luimneach ó thosach nabliana agus seans ag ceachtar díobhcluiche an Domhnaigh a bhuachaint.

Bhíomar ag ceapadh go raibhLuimneach ar ais i measc na bhfoirneis láidre i ndiaidh an tsárthaispeán-tais a thugadar i gcoinne na nDéisesa chéad chluiche craoibhe ach i ndi-aidh theip fhir na nDéise coicís óshin nílimid chomh cinnte faoi sin inaon chor anois.

Sa chluiche deireanach a bhí acu,d’imir Aontroim le ceathrar déag arfeadh an dara leath ar fad, rud achiallaíonn nach féidir linn breithiú-nas ceart a dhéanamh orthu arís.Mar sin nílim cinnte cé chomh maithis atá siad . Ach táim cinnte de rudamháin agus sin go mbeidh siadullamh don chluiche agus go mbeidhplean acu mar ní théann foirne ambainisteora, Dónal O’Grady, riamhar pháirc na himeartha gan phlean .

Tá scata tosaithe óga atá ar ard-form acu ó thosach na gcluichí

craoibhe . Léirigh Kevin Downes gurféidir leis cúil a scóráil máfhaigheann sé a dhóthain den sliotaragus is ardfhear é an t-ógánachDeclan Hannon ón imirt agus ó pho-canna saoire. Is tosaí maith é Gra-ham Mulcahy freisin agus tá anseanfhondúir Niall Moran ar ais ar asheanléim arís i mbliana.

Cá seasann BÁC anois? Bhuel isfoireann mhór fhisicúil iad agusnílim ró-chinnte go mbeidh Luim-neach ullamh don neart atá acu .Imríonn siad stíl dheas iomána anoisagus cé gur chailleadar i gcoinne nagCat leanadar leo ag imirt go dtídeireadh an chluiche. Ba chailliúintmhór é Ryan O’Dwyer don chluichesin ach ar an Domhnach ba cheart gombeadh an-choimhlint idir é fhéinagus Brian Geary.

Tríd is tríd ceapaim go bhfuil BÁCníos fearr ná Luimneach i láthair nahuaire agus ceapaim gurb iad a bhei-

dh ag dul tríd mar an chéad íobairteile do Thiobraid Árann ach ní dóighliom go mbeidh mórán eatarthu.

Sa dara cluiche ar an Domhnachtéann an Ghaillimh isteach sachoimhlint mar rogha na n-údaragus an ceart san acu marchríochnaíodar go láidir i gcoinneChorcaí coicís ó shin . Níl aon dabhtach go bhfuil siad ag feabhsú achbeimid ag súil le taispeántas iomlánfoirne nuair a thugann siad aghaidhar na Déise an tráthnóna Domhnaighseo . Go minic ní imríonn foirne naGaillimhe mar aonad agus darndóigh is cluiche foirne é an iomáint(cuimhnigh ar an taispeántas ion-tach foirne a thug Tiobraid Árann ledéanaí). Nílim cinnte go bhfuil fhiosag John McIntyre cad é a fhoireann isláidre fós ach seans go mbeidh níosmó eolais aige ar a sé a chlog ar anDomhnach.

Conas a thosnófá ag fáil leighis ar

thrioblóidí na nDéise i ndiaidh antaispeántais bhoicht a thugadar igcraobhchluiche na Mumhan. Bhuelchuala go rabhadar amuigh ar anpháirc thraenála arís go luath anmhaidin dár gcionn.

Taispeántas thar a bheith saonta abhí ann ós na roghnóirí, gur fhág siadan oiread sin spáis ón líne daichead acúig isteach, agus na cúil ag seoladhisteach thar Clinton Hennessy bocht.An Domhnach seo tá an dainséarcéanna ann le Canning, Hayes agusFarragher sa fhreasúra. Má thugannsiad an iomad spáis don triúr sanbeidh an cluiche seo thart freisinroimh leath ama.

Ach níl Port Láirge chomh donaleis an taispeántas deireanach. Cuir-fidh siad ceisteanna ar an Ghaillimhmá tá cuid den mhuinín ar ais iontuach is dóigh go bhfuil an momentumle leaids an Iarthair na laethanta seo.

Beir Bua.

Cá seasann BÁC anois?Bhuel is foireann mhórfhisicúil iad agus nílim ró-chinnte go mbeidh Luim-neach ullamh don neartatá acu . Imríonn siad stíldheas iomána anois aguscé gur chailleadar igcoinne na gCat leanadarleo ag imirt go dtídeireadh an chluiche. Bachailliúint mhór é RyanO’Dwyer don chluiche sinach ar an Domhnach bacheart go mbeadh an-choimhlint idir é fhéinagus Brian Geary.

Beidh Baile Átha Cliath agus Luimneach ag tabhairt aghaidhe ar a chéile arís Dé Domhnaigh ag 2in i mbabhta ceathrú ceannais den Chraobh i Staid Semple.

Page 31: Gaelscéal - 22.07.11

SPÓRT • 31GAELSCÉAL Dé hAoine, 22 Iúil, 2011

Súil ar an Pheil

Le Gráinne McElwain

Babhta 4 - BabhtaíCáilithe

Doire v CillDaraPáirc an Chrócaigh @ 4.00inBhí John Brennan, bainisteoirDhoire, spréachta le cúpla cinneadha rinne an réiteoir i gCluiche Cean-nais Uladh in aghaidh Dhún na nGallan tseachtain seo caite, ina measc ancic éirice a fuair Dún na nGall agusan ceann nach bhfuair siad féin.Táim ag déanamh amach go dtu-igeann Kieran McGeeney a chás. Tásé uafásach nach bhfuil ach sé lá agDoire chun ullmhú don chluiche seoagus mar a chonaic muid anuraidhníor éirigh le haon cheann de natánaistí cúige dul chun cinn sna bab-htaí cáilithe agus ní dóigh liom go n-athróidh sé sin i mbliana.

Ní bheidh Eoin Bradley ar fáil doDhoire an uair seo ach an oireadagus is mór an chailliúint é. Níor imirsiad go maith in aghaidh Dhún nanGall agus cé go raibh Joe Diver agusMichael Friel i gceannas i lár napáirce, ní raibh siad in ann an bun-táiste sin a thapú.

Bhí Cill Dara ciontach arís as neartseansanna a chur amú in aghaidh naMí an tseachtain seo caite i mbabhtaa trí de na babhtaí cáilithe agus bhíionadh orm nár thosaigh JamesKavanagh a bhí an-fheiceálach sachluiche nuair a tháinig sé isteach sa21ú nóiméad. Ba chóir go dtosnódhsé amárach. Tá cosaint fhíor-mhaith

acu agus bhí Emmet Bolton ar dóighle 1-2 aige ón imirt. Tá Cill Dara agfeabhsú i ngach cluiche agus ní bhei-dh Doire in ann an díomá a churtaobh thiar díobh amárach.

Bua: Cill Dara

Corcaigh vAn DúnPáirc an Chrócaigh @ 6.00inBeo ar TV3Athimirt de Chluiche Ceannais nahÉireann anuraidh a bheas againnamárach ach deacair a rá cé chomhmaith is atá an dá fhoireann seo imbliana. D’úsáid Corcaigh na taicticíiomlán mí-cheart in aghaidh Chiar-raí i gCluiche Ceannais na Mumhansa chéad leath agus cé gur fheabh-

saigh siad go mór sa dara leath níraibh a ndótháin acu. Níl cluicheimeartha acu ó thús mhí Iúil agus tácinneadh le déanamh ag ConorCounihan an dtosnóidh sé captaenna foirne ó anuraidh Graham Canty?Seans maith go n-imreoidh EoinCadogan agus Eoin Cotter ach cé achaillfidh amach? Canty, PaudieKissane nó Jamie O’Sullivan?

Níl an Dún ag imirt go maith. Bhían t-ádh leo an lámh in uachtar afháil ar an Chlár agus cé gur bhuaighsiad in aghaidh Liatroma agus Aon-troma, ní hiad sin na foirne is mó sachraobh. Ní raibh siad ach cuilínchun cinn ar Aontroim ag leath amaach d’aimsigh Marty Clarke, CaolanMooney agus Conor Laverty trí chúltaobh istigh de naoi nóiméad agusb’shin an difear ag deireadh anchluiche. Tá easpa muiníne le sonrúsan fhoireann seo faoi láthair agus tájab mór le déanamh ag JamesMcCartan chun a fhoireann a sprea-gadh in aghaidh Chorcaí amárach.

Bua: Corcaigh

Luimneachv Loch GarmanPort Laoise @ 7.00inNíor thóg Loch Garman a ndeis chunCraobh Laighean a bhuachan achbeidh siad níos láidre ná Luimneachamárach. Tá tosaithe den scoth acuar nós Ben Brosnan, Ciarán Lyngagus Redmond Barry agus tá feabhasmór tagtha ar an chosaint. ChasLuimneach agus Loch Garman lechéile sa tsraith i mí Aibreáin agus ligLoch Garman dhá chúl isteach. Óthús na craoibhe níl ach dhá chúlaimsithe ag an fhreasúra ina n-aghaidh agus b’shin iad Baile ÁthaCliath i gCluiche Ceannais Laighean.

Fuair Luimneach an lámh inuachtar ar Phort Láirge agus UíbhFhailí chun teacht chomh fada leisseo ach ba chóir go mbeadh an lá agLoch Garman.

Bua: Loch Garman.

Babhta 3 - BabhtaíCáilithe Peile

Tír Eoghainv ArdMhachaAn Ómaigh @ 7.00inBaineadh geit uafásach as ArdMhacha nuair a chríochnaigh ancluiche i mbabhta a dó de na babhtaícáilithe le Cill Mhantáin ar comhscóri bpáirc Morgan Athletic ach bhí an t-ádh leo comhscór a fháil an lá sin.

Níor tharla an botún céanna nuair achas an dá fhoireann in aghaidh achéile in Eachroim an tseachtain seocaite le hArd Mhacha ag teachtamach 2-09 le 0-10 chun cinn agusJamie Clarke ag aimsiú 2-2. Cluichesa bhreis mar sin ag Ard Mhacha achan leor é sin in aghaidh ThírEoghain?

Is féidir a rá nach bhfuil an cumaspeile céanna ag an dá fhoireann seoagus a bhí cúpla bliain ó shin ach fósbeidh coimhlint ghéar fhisiciúileatarthu. Ba iad Peter Harte agusMark Donnelly, beirt leaids óga, asheas amach sa chluiche in aghaidhan Longfoirt i mbabhta a dó de nababhtaí cáilithe agus a d’aimsigh 1-8

eatarthu ón imirt. D’fhág Owen Mul-ligan an fhoireann an tseachtain seocaite mar gheall ar easpa cluichí achtháinig sé ar ais i rith na seachtaineagus beidh sé suimiúil a fheiceáil anmbeidh sé ag imirt san oícheamárach. Ní bheidh Stephen O’Neillar fáil mar go bhfuil teannán nahioscaide fós ag cur as dó.

Taobh amuigh de Jamie Clarke, tádeacrachtaí ag Ard Mhacha nascóranna a fháil ach ní bheidh faitíosar bith orthu roimh Thír Eoghain. Níbheidh mórán idir na foirne seo achmothaím go mbeidh níos mó ag TírEoghain, go háirithe agus iad sabhaile.

Bua: Tír Eoghain

Ciaran Lyng, Loch Garmáin [PIC : MATT BROWNE / SPORTSFILE]

Conleth Gilligan, Doire. [PIC : CAROLINE QUINN / SPORTSFILE] Jamie Clarke, Ard Mhacha [PIC : RAY MCMANUS / SPORTSFILE]

Daniel Goulding, Corcaigh Pic : Stephen McCarthy/ SPORTSFILE

Page 32: Gaelscéal - 22.07.11

SPÓRTwww.gaelsceal.ie

22.07.2011•Déan teagmháil linn ag [email protected]

Dhá chontae ag iarraidhiad féin a shlánúCluiche Ceathrú Ceannais Iomána na hÉireann, Gaillimh v Port Láirge, Dúrlas Éile @ 4.00in

Gráinne McElwain

Tá rudaí an-chiúin sna campaí inGaillimh agus i bPort Láirge antseachtain seo agus iad ag imirt inaghaidh a chéile i gCluiche CeathrúCeannais Iomána na hÉireann Dé

Domhnaigh. Níl mórán agallamh ná ráiteas agteacht amach ó cheachtar campa ach an oireadagus ní féidir leat a rá go bhfuil John McIntyrenó Davy Fitzgearld cúthaileach nó faiteachroimh na meáin. Ach tá a fhios agJohn agus Davy gurb é seo an seansdeireanach ag na foirne fanacht sachraobh agus seans maith gurb éseo an deis dheireanach ag an dábhainisteoir sna jabanna atá acumá chailleann siad. Cibé foireann athitfidh ar an Domhnach, sílim gombeidh athrú bainisteora ann anbhliain seo chugainn.

Braitheann go leor i gcúrsaí spóirt armheon an duine agus an dearcadh atá agfoireann roimh chluiche. Gach bliainceaptar gur féidir le Gaillimh Craobhna hÉireann a bhuachan ach níl anfhoireann tar éis dul chomh fada leCluiche Leathcheannais na hÉireannó 2005. D’imir siad gohuafásach inaghaidh BhaileÁtha Cliath igCluicheLeathcheannaisLaighean aguscáineadh iad go géarroimh an chluiche agus arndóigh ina dhiaidh. Bhí anchuma ar an scéal arís i mbliana goraibh Gaillimh mar a bhíonn siad i gcó-naí..ag tachtú ar an lá mór.

Bhuaigh Port Láirge Craobh naMumhan anuraidh ach buaileadh godona iad in aghaidh Thiobraid Árann igCluiche Ceannais na Mumhan i mbliana.D’aimsigh na Tiobradaigh 7-19 agus níor éirighle Port Láirge ach 0-19 a scóráil ina n-aghaidh.Ach cuireadh go leor ceisteanna i ndiaidh anchluiche faoi na taicticí a bhí acu an lá sin agusgo speisialta ar cheart leaid óg mar JeromeMaher a bhí ag tosnú amach den chéad uair ingeansaí Phort Láirge a chur ag márcáil iomá-naí na bliana anuraidh Lar Corbett? Beidh sé

suimiúil a fheiceáil an dtiocfaidh imreoirí letaithí ar nós Aidan Kearney, Declan Prender-gast nó Liam Lawlor isteach sa líne lánchúil?Seans go dtosnóidh Michael “Brick” Walshmar lánchúlaí chun jab a dhéanamh ar JoeCanning ach is amuigh sa líne leathchúil an áitis fearr dó siúd. Cé nach bhfuil tosaithe na Gail-limhe chomh maith le tosaithe ThiobraidÁrann, tá siad in ann scóráil le 6-48 aimsitheacu le dhá chluiche anuas.

Mar sin, cén sórt taispeántais a fheicfimid óPhort Láirge? Tá muintir Phort Láirge bródúilagus bhí sin le feiceáil in agallamh John Mul-lane agus na deora leis agus é ag gabháil a lei-thscéil as an taispeántas a thug siad in aghaidhna dTiobradach. Ní féidir le Port Láirge a bhei-th chomh dona arís agus is é an chontúirt do

Ghaillimh ná go bhfuil pointe lecruthú ag na Déise. Níl Port Láirge

tar éis cailleadh in aghaidh naGaillimhe i gComórtas na Craoib-

he go fóill agus bhuaigh siadgach ceann de na naoi gcluiche

inar chas siad ar a chéile. FuairPort Láirge an lámh in uachtar ar

Ghaillimh dhá bhliain ó shin imbabhta Ceathrú Cean-

nais na hÉireann le cúilín (1-16 le 0-18) agusbeidh siad muiníneach gur féidir leo sin adhéanamh arís.

Tar éis an chluiche in aghaidh Bhaile ÁthaCliath, chuir John McIntyre an fhoireann faoiscian agus rinne sé cúig athrú. Tháinig Ger Far-ragher agus Iarla Tannion isteach sna tosaithe

chomh maith le Alan Kerins agus bhogDonal Barry siar go dtí an líneleathchúil le Andy Smith ag dulamach go lár na páirce. ThosaighShane Kavanagh mar lánchúlaí aguschuaigh David Collins go dtí ancúinne. D’éirigh leis na hathruithesin in aghaidh an Chláir (4-25 le 0-

20) agus in aghaidh Chorcaí (2-23le 1-14) agus d’imir Joe Canning

agus Damien Hayes an-mhaith sa dá chluiche sin

chomh maith. Mothaím go mbeidh

neart athruithe

ar fhoireann Phort Láirge, go háirithe sa cho-saint, agus bheifeá ag súil le níos mó paisinagus bróid a fheiceáil ó imirt na nDéiseach. Táimní faoi Maurice Shanahan (teannán nahioscaide) ach seo scrúdú ar charachtar PhortLáirge agus deireadh sn tséasúir ag druidimleo.

Maidir le Gaillimh, tá daoine ag caint fúthuarís do Liam Mac Cárthaigh ach seo an-scrúdúdóibh siúd chomh maith agus feicfidh muid céchomh hocrach is a bheidh siad. Ba chuma faoina torthaí in aghaidh Chorcaí agus an Chláirmuna mbeidh na Gaillimhigh in ann iad féin amhúscailt agus ard-taispeántas eile a thab-

hairt. Le Gaillimh, bíonn sédeacair a rá cén sort

foirne a thiocfaschun páirce. Táimféin ag súil le han-chluiche agus nídóigh liom go

mbeidh móráneatarthu. Seans go

bhfuil níos mómuiníne ag Gail-limh agus sílim go

gcuideoidh sé sinleo.

Mothaím go mbeidh neartathruithe ar fhoireannPhort Láirge, go háirithe sachosaint, agus bheifeá agsúil le níos mó paisin agusbróid a fheiceáil ó imirt nanDéiseach. Tá imní faoiMaurice Shanahan (tean-nán na hioscaide) ach seoscrúdú ar charachtar PhortLáirge agus deireadh sntséasúir ag druidim leo.

John Mullane, Port Láirge PIC : STEPHEN MCCARTHY / SPORTSFILE

Joe Canning, Gaillimh PIC : STEPHEN MCCARTHY / SPORTSFILE