Upload
others
View
5
Download
0
Embed Size (px)
Citation preview
Siobhán Patten
Gníomhaíocht Chumarsáide DON RANG GAEILGE60
GastaGníomhaíochtaí
iii
Clár Ábhair
Buíochas
Réamhrá
iv
v
Aonad 1: Mé Féin
Aonad 2: Sa Bhaile
Aonad 3: Bia
Aonad 4: Siopadóireacht
Aonad 5: An Teilifís
Aonad 6: Caitheamh Aimsire
Aonad 7: An Aimsir
Aonad 8: Éadaí
Aonad 9: An Scoil
Aonad 10: Ócáidí Speisialta
Innéacs TopaicíInnéacs Gramadaí
Gníomhaíocht 1: Mo theaghlachGníomhaíocht 2: Cur síos a thabhairt ar dhuine
Gníomhaíocht 3: Sa chistinGníomhaíocht 4: Obair an tí
Gníomhaíocht 5: Bia agus béilíGníomhaíocht 6: Sa bhialann
Gníomhaíocht 7: SiopadóireachtGníomhaíocht 8: San ionad siopadóireachta
Gníomhaíocht 9: Cláracha teilifíseGníomhaíocht 10: Tuairimí faoi chúrsaí teilifíse
Gníomhaíocht 11: Mo chaitheamh aimsireGníomhaíocht 12: An deireadh seachtaine
Gníomhaíocht 13: Aimsir agus pleanannaGníomhaíocht 14: Réamhaisnéis na haimsire
Gníomhaíocht 15: Cur síos ar éadaíGníomhaíocht 16: Éadaí caillte
Gníomhaíocht 17: Ar scoilGníomhaíocht 18: Sa seomra ranga
Gníomhaíocht 19: Féilte agus breithláGníomhaíocht 20: Cuireadh a thabhairt
17
1521
2733
3947
5561
6773
7785
9399
107117
125133
139141
??dasdadasdasda
Gníomhaíocht 2: Cur síos a thabhairt ar dhuine
7
Aidhmeanna:Cur ar chumas na ndaltaí labhairt faoi chuma daoine agus faoi mhothúcháin Cuspóirí:
− gníomhaíocht chumarsáide a dhéanamh faoi chuma daoine− gníomhaíocht chumarsáide a dhéanamh faoi mhothúcháin
Feidhmeanna teanga: Eolas a thabhairt agus a lorg (ceisteanna a chur agus a fhreagairt)
Le bheith múinte roimh ré:− dathanna− na forainmneacha réamhfhoclacha ag agus ar
Aonad 1: Mé Féin
Gníomhaíocht 2: Cur síos a thabhairt ar dhuine
1. Cuma an duine
(a) Tabhair cóip den bhileog ‘Cur síos a thabhairt ar dhaoine’ do na daltaí. Iarr orthu féachaint ar gach pictiúr ar feadh tamaill agus ansin déan cleachtadh leo ar roinnt den stór focal a bhaineann le cur síos a thabhairt ar dhuine, e.g. súile, féasóg, gruaig, ard, beag, tanaí, ramhar, etc. Ansin múin roinnt focal eile dóibh, e.g. croiméal, gruaig chatach, maol, bricíní.
(b) Mínigh do na daltaí go ndeirtear go bhfuil súile ag duine ach go bhfuil gruaig nó féasóg ar dhuine. Úsáidtear ar i gcás mothúchán agus tinnis chomh maith.
(c) Déan cur síos ort féin ansin, e.g. Tá gruaig fhada dhubh orm agus tá súile glasa agam. Tá spéaclaí orm freisin. Tarraing aird na ndaltaí ar an séimhiú ar an aidiacht tar éis gruaig agus ar an leagan iolra den aidiacht tar éis súile.
(d) Iarr ar na daltaí dathanna súl agus gruaige a chur ar na daoine atá ar an mbileog. Cuir ceisteanna orthu chun cleachtadh a dhéanamh ar na dathanna a fhad is a bheidh siad ag dathú na bpictiúr, e.g. Cén dath atá tú a chur ar ghruaig an fhir sin i mbosca 5, a Chiara?
(e) Nuair a bheidh an méid sin déanta ag na daltaí, iarr orthu na bearnaí a líonadh. Bí thusa ar fáil le cabhrú leo. Abair leo go mbeidh deis acu a gcarachtar féin a chruthú sa dá bhosca dheireanacha – gruaig, súile agus tréithe a tharraingt agus dath a chur orthu. Ansin, beidh siad ábalta cur síos a thabhairt orthu mar a rinne siad i gcás na samplaí eile.
(f) Nuair a bheidh na bearnaí líonta acu, iarr ar dhaltaí éagsúla a gcuid freagraí a léamh amach os ard. Samplaí: 1) Seo é Tom. Tá gruaig ghearr rua* air agus tá súile donna aige. Tá croiméal agus spéaclaí air chomh maith. 2) Seo í Síle. Tá gruaig fhada fhionn uirthi agus tá súile gorma aici. 3) Seo é Seosamh. Tá gruaig ghearr spíceach air agus tá súile glasa aige. Tá bricíní air.*Bí cinnte go dtuigfidh na daltaí go ndeirtear rua seachas dearg agus trácht á dhéanamh ar dhath gruaige!
2. Mothúcháin an duine
(a) Tarraing an tábla thíos ar an gclár.
Tá sé/sí ...
brónach
Tá
fearg
air/uirthi.sona eagla
ionadhmearbhall
(b) Iarr ar dhaltaí na mothúcháin éagsúla a léiriú ar a n-aghaidh os comhair an ranga. Cabhraigh leo leis na
cinn nach mbeidh ar eolas acu.
(c) Imir cluiche míme ansin leis na daltaí maidir le mothúcháin. Lig ort go bhfuil mothúcháin faoi leith ort trí mhímeáil a dhéanamh. Má shíleann dalta go bhfuil an freagra aige, is féidir leis an cheist seo a chur: An bhfuil tú [mothúchán]? nó
Aonad 1: Mé Féin
Gníomhaíocht 2: Réamhchumarsáid
8
(a) Cuir na daltaí i bpéirí agus abair leo go mbeidh siad ag imirt cluiche. Tabhair cóip den bhileog ‘Aimsigh an duine ceart’ do gach duine acu.
(b) I gcás gach péire, ba cheart do Dhalta A agus do Dhalta B duine a roghnú ón mbileog ‘Aimsigh an duine ceart’ agus uimhir an bhosca ina bhfuil an duine sin a scríobh síos ar phíosa páipéir, e.g. 22. Níor cheart dóibh an uimhir a thaispeáint don duine eile. Tabhair cóip den bhileog ‘Aimsigh an duine ceart – tábla’ do gach dalta ansin ionas go mbeidh sé in ann taifead a choinneáil de fhreagraí an dalta eile tríanó x a scríobh sna boscaí.
(c) Le cinneadh a dhéanamh cé a ghlacfaidh an chéad seal, caithfidh an bheirt acu dísle uair amháin agus glacfaidh an té a gheobhaidh an scór is airde an chéad seal, i.e. cuirfidh sé an chéad cheist.
(d) An sprioc a bheidh acu ná tomhas cén duine atá roghnaithe ag an duine eile. Chun é sin a dhéanamh, beidh orthu ceisteanna a chur ar a chéile maidir le cuma an duine agus ba cheart dóibh babhtáil a dhéanamh tar éis gach seala. Scríobh an comhrá seo thíos ar an gclár chun treoir a thabhairt do na daltaí: Dalta A: An bean t(h)ú? Dalta B: Ní hea. An fear t(h)usa? Dalta A: Is ea. An bhfuil tú sona? Dalta B: Níl. An bhfuil tusa? Dalta A: Níl. An bhfuil gruaig chatach ort?
(e) Má shíleann dalta go bhfuil a fhios aige cén duine atá i gceist, is féidir leis an cheist seo a chur: ‘An bhfuil tú i mbosca [uimhir]?’ Déarfaidh an dalta eile leis cé acu an bhfuil an ceart aige nó nach bhfuil.
(f) Beidh an bua ag an gcéad duine a thomhaisfidh an uimhir atá scríofa ar an bpíosa páipéir ag an duine eile.
(g) Ba cheart do na daltaí suas le sé bhabhta a imirt.
Gníomhaíocht 2: Fíorchumarsáid
Gníomhaíocht 2: Cur síos a thabhairt ar dhuine
An bhfuil [mothúchán] ort?
(d) Iarr ar dhaltaí éagsúla teacht amach os comhair an ranga ansin agus mímeáil a dhéanamh ar an dóigh chéanna. Beidh ar dhaltaí eile sa rang tomhas cén mothúchán atá i gceist.
(e) Abair leis na daltaí go bhfuil tú chun duine de na daoine sna pictiúir ar an mbileog ‘Aimsigh an duine ceart’ a roghnú anois agus go mbeidh orthusan ceisteanna a chur ort le fáil amach cé atá i gceist. Sula gcuirfear tús leis an gcluiche, scríobh na ceisteanna agus na freagraí seo a leanas ar an gclár mar chabhair do na daltaí.
An buachaill é?/An cailín í? Is ea*./Ní hea. An bhfuil gruaig ghearr air/uirthi? Tá./Níl. An bhfuil sé/sí brónach? Tá./Níl.
An bhfuil gruaig chatach air/uirthi? Tá./Níl.An bhfuil spéaclaí air/uirthi? Tá./Níl.An bhfuil súile gorma aige/aici? Tá./Níl.An bhfuil sé i mbosca uimhir 13? Tá./Níl.
*Mínigh do na daltaí gur Sea a deirtear sa chaint.
9
Aonad 1: Mé Féin
(a) Roinn an rang i ngrúpaí de thriúr nó ceathrar agus iarr ar gach grúpa smaoineamh ar dhuine cáiliúil amháin a thaitníonn leo. Mínigh dóibh go bhfuil sé tábhachtach nach bhfeicfeadh aon ghrúpa eile an té a bheidh roghnaithe acu.
(b) Nuair a bheidh duine cáiliúil roghnaithe ag gach grúpa, iarr orthu cuntas (5–6 abairt) a scríobh faoin duine sin: inscne, gruaig, súile, tréithe fisiciúla suntasacha ar bith eile. Bí thusa ar fáil chun cabhrú leo.
(c) Tabhair ainmneacha ar na grúpaí (e.g. Grúpa 1, Grúpa 2, etc.) agus tabhair leathanach lannaithe bán agus marcóir do gach ceann acu.
(d) Mínigh do na daltaí conas an cluiche a imirt:
(i) Iarrfaidh an múinteoir ar ghrúpa amháin teacht aníos go barr an tseomra agus léifidh urlabhraí an ghrúpa a chur síos amach os ard.
(ii) I ndiaidh dó an chéad abairt a léamh, beidh ar na grúpaí eile sa rang an cur síos a phlé agus buille faoi thuairim a thabhairt maidir leis an duine atá i gceist. Beidh tríocha soicind acu chun é sin a dhéanamh. [Nóta: B’fhéidir go mbeadh sé riachtanach dhá abairt a léamh sa chéad bhabhta seo.]
(iii) Beidh orthu a bhfreagra a scríobh ar an leathanach lannaithe agus é a thaispeáint don rang ar fad nuair a iarrfaidh an múinteoir orthu é sin a dhéanamh.
(iv) Mura n-éireoidh le haon ghrúpa an freagra ceart a thomhas, ba cheart don urlabhraí an chéad abairt eile a léamh agus ansin déanfaidh na grúpaí plé arís.
(v) Beidh an bua ag an ngrúpa a thomhaisfidh an freagra ceart.
(e) Mura mbeidh an freagra ceart ag grúpa ar bith ag an deireadh, tabhair thusa leideanna breise don rang, i.e. slí bheatha an duine, cé as é/í, etc.
(f) Ba cheart go mbeadh deis ag urlabhraí ó gach grúpa a chur síos a léamh.
Gníomhaíocht 2: Iarchumarsáid
10
© Gaelchultúr 2013
Cur síos a thabhairt ar dhaoine
Seo é Liam. Tá gruaig __________ __________ air agus tá súile __________ aige. Tá sé __________.
Seo í Mairéad. Tá gruaig __________ __________ uirthi agus tá súile __________ aici.
Seo é Eoin. Tá gruaig __________ air agus tá súile __________ aige. Tá sé __________.
_____________________________________________________________________________________________________________________________
Seo í Síle. Tá gruaig __________ uirthi agus tá súile __________ aici.
Seo é Peadar. Tá súile __________ aige. Tá sé __________ agus tá __________ __________air.
Seo é Seosamh. Tá gruaig __________ air agus tá súile __________aige. Tá __________ air.
_____________________________________________________________________________________________________________________________
1 2 3
4 5 6
7 8 9
Seo é Tom. Tá gruaig __________ air agus tá súile __________ aige. Tá __________ agus __________ air chomh maith.
© Gaelchultúr 2013
Aimsigh an duine ceart1. brónach 2. sona 3. ionadh
5. mearbhall 6. fearg 7. brónach 8. ionadh
9. eagla 10. sona 11. mearbhall 12. fearg
13. ionadh 14. fearg 15. mearbhall 16. sona
17. brónach 18. eagla 19. sona 20. brónach
21. fearg 22. mearbhall 23. ionadh 24. eagla
4. eagla
Aimsigh an duine ceart - tábla
© Gaelchultúr 2013
Babhta 1 2 3 4 5 6fear
bean
brónach
sona
ionadh
eagla
mearbhall
fearg
Gníomhaíochtaí GastaGNÍOMHAÍOCHTAÍ CUMARSÁIDE DON RANG GAEILGE
Is éard atá in Gníomhaíochtaí Gasta leabhar gníomhaíochtaí cumarsáide Gaeilge don mhúinteoir bunscoile. Is féidir fótachóip a dhéanamh de na gníomhaíochtaí atá le fáil sa leabhar agus tá siad oiriúnach do dhaltaí i ranganna 3–6 i scoileanna T1 agus T2 araon.
Tá fiche gníomhaíocht fíorchumarsáide in Gníomhaíochtaí Gasta ina ndírítear ar na deich dtéama atá sa churaclam Gaeilge: Mé Féin, Sa Bhaile, Bia, Siopadóireacht, An Teilifís, Caitheamh Aimsire, An Aimsir, Éadaí, An Scoil agus Ócáidí Speisialta.
Tá treoracha cuimsitheacha le fáil in aonaid an leabhair maidir leis na gníomhaíochtaí fíorchumarsáide, chomh maith le moltaí i dtaca le gníomhaíochtaí réamhchumarsáide agus iarchumarsáide. Cuirfidh sé seo ar chumas an mhúinteora plé le gach aonad mar cheacht iomlán, más mian leis/léi déanamh amhlaidh. Is féidir, dar ndóigh, na gníomhaíochtaí fíorchumarsáide a úsáid ina n-aonar, mar shúil siar ar ábhar a múineadh cheana féin nó go díreach mar chluichí spraíúla ranga. An cur chuige cumarsáideach atá i gceist tríd síos sa leabhar agus tá go leor de na feidhmeanna teanga atá leagtha síos sa churaclam Gaeilge le fáil ann.
Tá Gaelchultúr ag súil gur acmhainn luachmhar a bheidh in Gníomhaíochtaí Gasta do mhúinteoirí bunscoile agus iad ag iarraidh cabhrú lena ndaltaí líofacht agus cruinneas a bhaint amach sa Ghaeilge agus scileanna cumarsáide a fhorbairt ar shlí spraíúil, idirghníomhach.
Údar an leabhairIs as Acaill, Contae Mhaigh Eo, ó dhúchas í Siobhán Patten. Chaith sí roinnt mhaith blianta ag obair mar mhúinteoir bunscoile sular fhostaigh Gaelchultúr í, mar oiliúnóir i dtús báire agus mar Bhainisteoir Sainchúrsaí ina dhiaidh sin.
Tá taithí leitheadach ag Siobhán ar shiollabais, acmhainní teagaisc agus pleananna ceachta a fhorbairtd’fhoghlaimeoirí Gaeilge agus tá cúrsaí ag leibhéil éagsúla múinte aici i réimse leathan eagras.
An bhfuil gníomhaíochtaí taitneamhacha cumarsáide á lorg agat don seomra ranga?
Ar mhaith leat an Ghaeilge a mhúineadh ar bhealach níos éifeachtaí?
Ar mhaith leat cumarsáid nádúrtha a spreagadh agus a chothú sa seomra ranga?
Cabhróidh Gníomhaíochtaí Gasta leat NA SPRIOCANNA SIN a bhaint amach!
ISBN 978-0-9563614-5-5