10
Seosamh Céitinn don Mheánscoil Graiméar MENTOR 25. 95

Graiméar - Mentor Books · 2017-06-14 · 22 3 Caibidil 3 - An Aimsir Fháistineach Úsáideann tú an Aimsir Fháistineach nuair atá tú ag caint nó ag scríobh faoi rudaí a

  • Upload
    others

  • View
    4

  • Download
    1

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: Graiméar - Mentor Books · 2017-06-14 · 22 3 Caibidil 3 - An Aimsir Fháistineach Úsáideann tú an Aimsir Fháistineach nuair atá tú ag caint nó ag scríobh faoi rudaí a

SeosamhCéitinn

don MheánscoilGraiméar

MENTOR

25.95

Page 2: Graiméar - Mentor Books · 2017-06-14 · 22 3 Caibidil 3 - An Aimsir Fháistineach Úsáideann tú an Aimsir Fháistineach nuair atá tú ag caint nó ag scríobh faoi rudaí a

Téarmaíocht na gramadaí 05

Caibidil 1 An Aimsir Chaite 07

Caibidil 2 An Aimsir Láithreach 15

Caibidil 3 An Aimsir Fháistineach 22

Caibidil 4 An Modh Coinníollach 30

Caibidil 5 An Aimsir Ghnáthchaite 38

Caibidil 6 Claoninsint/Caint Indíreach 46

Caibidil 7 Má agus Dá 52

Caibidil 8 An Chopail ‘Is’ 57

Caibidil 9 Séimhiú agus Urú 63

Caibidil 10 An Aidiacht Shealbhach 71

Caibidil 11 Na Réamhfhocail 77

Caibidil 12 Na hUimhreacha 85 Caibidil 13 Céimeanna Comparáide na hAidiachta 92

Caibidil 14 An tAinm Briathartha 97

Caibidil 15 An Aidiacht Bhriathartha 103

Caibidil 16 An tAinmfhocal agus An Tuiseal Ginideach 109

Caibidil 17 Ainmfhocal agus Aidiacht 122

Clár

Page 3: Graiméar - Mentor Books · 2017-06-14 · 22 3 Caibidil 3 - An Aimsir Fháistineach Úsáideann tú an Aimsir Fháistineach nuair atá tú ag caint nó ag scríobh faoi rudaí a

2222

3Caibidil 3 - An Aimsir Fháistineach

Úsáideann tú an Aimsir Fháistineach nuair atá tú ag caint nó ag scríobh faoi rudaí a tharlóidh sa todhchaí, mar shampla i gceann tamaill, ar ball, anocht, amárach, an tseachtain seo chugainn, an mhí seo chugainn, an bhliain seo chugainn, srl.

An Aimsir Fháistineach: An Chéad RéimniúRialacha le foghlaim: ‰ Briathra leathana: Cuir -faidh mé/tú/sé/sí, -faimid, -faidh sibh, -faidh siad agus -far leis an bhfréamh. ‰ Briathra caola: Cuir -fidh mé/tú/sé/sí, -fimid, -fidh sibh, -fidh siad agus -fear leis an bhfréamh.

Briathra leathana

Mol Glan Fan Iarrmolfaidh mé glanfaidh mé fanfaidh mé iarrfaidh mémolfaidh tú glanfaidh tú fanfaidh tú iarrfaidh túmolfaidh sé/sí glanfaidh sé/sí fanfaidh sé/sí iarrfaidh sé/símolfaimid glanfaimid fanfaimid iarrfaimidmolfaidh sibh glanfaidh sibh fanfaidh sibh iarrfaidh sibhmolfaidh siad glanfaidh siad fanfaidh siad iarrfaidh siad

molfar glanfar fanfar iarrfarní mholfaidh mé ní ghlanfaidh mé ní fhanfaidh mé ní iarrfaidh mé an molfaidh mé? an nglanfaidh mé? an bhfanfaidh mé? an iarrfaidh mé?

Briathra caola

Caith Bris Fill Éistcaithfidh mé brisfidh mé fillfidh mé éistfidh mécaithfidh tú brisfidh tú fillfidh tú éistfidh túcaithfidh sé/sí brisfidh sé/sí fillfidh sé/sí éistfidh sé/sícaithfimid brisfimid fillfimid éistfimidcaithfidh sibh brisfidh sibh fillfidh sibh éistfidh sibhcaithfidh siad brisfidh siad fillfidh siad éistfidh siad

caithfear brisfear fillfear éistfearní chaithfidh sí ní bhrisfidh sí ní fhillfidh sí ní éistfidh sían gcaithfidh sí? an mbrisfidh sí? an bhfillfidh sí? an éistfidh sí?

2222

Page 4: Graiméar - Mentor Books · 2017-06-14 · 22 3 Caibidil 3 - An Aimsir Fháistineach Úsáideann tú an Aimsir Fháistineach nuair atá tú ag caint nó ag scríobh faoi rudaí a

2323

2: An Aimsir Láithreach3: An Aimsir Fháistineach

Cleachtadh ginearálta Cuir na briathra seo a leanas san Aimsir Fháistineach:caill – cas – díol – fág – goid – íoc – mill – seas – tuig – tuill

Briathra a chríochnaíonn le -gh

Suigh Léigh Buaigh Glaoighsuífidh mé léifidh mé buafaidh mé glaofaidh mésuífidh tú léifidh tú buafaidh tú glaofaidh túsuífidh sé/sí léifidh sé/sí buafaidh sé/sí glaofaidh sé/sísuífimid léifimid buafaimid glaofaimidsuífidh sibh léifidh sibh buafaidh sibh glaofaidh sibhsuífidh siad léifidh siad buafaidh siad glaofaidh siad

suífear léifear buafar glaofarní shuífidh sé ní léifidh sé ní bhuafaidh sé ní ghlaofaidh séan suífidh sé? an léifidh sé? an mbuafaidh sé? an nglaofaidh sé?

Cleachtadh ginearálta Cuir na briathra seo a leanas san Aimsir Fháistineach:guigh – luigh – fuaigh – pléigh

An Aimsir Fháistineach: An Dara Réimniú Rialacha le foghlaim: ‰ Briathra leathana: Bain an -aigh den bhriathar agus cuir -óidh mé/tú/sé/sí, -óimid, -óidh sibh, -óidh siad agus -ófar leis an bhfréamh. ‰ Briathra caola: Bain an -igh den bhriathar agus cuir -eoidh mé/tú/sé/sí, -eoimid, -eoidh sibh, -eoidh siad agus -eofar leis an bhfréamh.

Page 5: Graiméar - Mentor Books · 2017-06-14 · 22 3 Caibidil 3 - An Aimsir Fháistineach Úsáideann tú an Aimsir Fháistineach nuair atá tú ag caint nó ag scríobh faoi rudaí a

242424 2524

Graiméar don Mheánscoil

Briathra leathana

Ceannaigh Tosaigh Ullmhaighceannóidh mé tosóidh mé ullmhóidh méceannóidh tú tosóidh tú ullmhóidh túceannóidh sé/sí tosóidh sé/sí ullmhóidh sé/síceannóimid tosóimid ullmhóimidceannóidh sibh tosóidh sibh ullmhóidh sibhceannóidh siad tosóidh siad ullmhóidh siad

ceannófar tosófar ullmhófarní cheannóidh mé ní thosóidh mé ní ullmhóidh méan gceannóidh mé? an dtosóidh mé? an ullmhóidh mé?

Briathra caola

Cóirigh Dúisigh Éirighcóireoidh mé dúiseoidh mé éireoidh mécóireoidh tú dúiseoidh tú éireoidh túcóireoidh sé/sí dúiseoidh sé/sí éireoidh sé/sícóireoimid dúiseoimid éireoimidcóireoidh sibh dúiseoidh sibh éireoidh sibhcóireoidh siad dúiseoidh siad éireoidh siad

cóireofar dúiseofar éireofarní chóireoidh sé ní dhúiseoidh sé ní éireoidh séan gcóireoidh sé? an ndúiseoidh sé? an éireoidh sé?

Cleachtadh ginearáltaCuir na briathra seo a leanas san Aimsir Fháistineach:brostaigh – ceistigh – diúltaigh – gortaigh – imigh – mothaigh – ordaigh – náirigh

Page 6: Graiméar - Mentor Books · 2017-06-14 · 22 3 Caibidil 3 - An Aimsir Fháistineach Úsáideann tú an Aimsir Fháistineach nuair atá tú ag caint nó ag scríobh faoi rudaí a

2524 2524

3: An Aimsir Fháistineach

Briathra a chríochnaíonn le -air, -ir, -ail, -is, -il, -ain agus -inRialacha le foghlaim: ‰ Bain amach an guta nó na gutaí deireanacha den bhriathar agus cuir an riail leathan le leathan, caol le caol i bhfeidhm agus tú ag cur leis an bhfréamh, m.sh. codlóidh mé ach imreoidh sí. ‰ Cuir -óidh mé/tú/sé/sí, -óimid, -óidh sibh, -óidh siad, ófar leis an bhfréamh i gcás na mbriathra leathana agus -eoidh mé/tú/sé sí, -eoimid, -eoidh sibh, -eoidh siad, -eofar leis an bhfréamh i gcás na mbriathra caola.

Codail Freagair Imir Taitin…lecodlóidh mé freagróidh mé imreoidh mé taitneoidh…liom codlóidh tú freagróidh tú imreoidh tú taitneoidh…leatcodlóidh sé/sí freagróidh sé/sí imreoidh sé/sí taitneoidh…leis/léicodlóimid freagróimid imreoimid taitneoidh…linncodlóidh sibh freagróidh sibh imreoidh sibh taitneoidh…libhcodlóidh siad freagróidh siad imreoidh siad taitneoidh…leo

codlófar freagrófar imreofar taitneoidh… lení chodlóidh sé ní fhreagróidh sé ní imreoidh sé ní thaitneoidh sé le. . . an gcodlóidh sé? an bhfreagróidh sé? an imreoidh sé? an dtaitneoidh sé le…?

Cleachtadh ginearáltaCuir na briathra seo a leanas san Aimsir Fháistineach:aithin – bagair – ceangail – fógair – inis – labhair – oscail

An Aimsir Fháistineach: Na Briathra Neamhrialta

Abair Beir Bí Cloisdéarfaidh mé béarfaidh mé beidh mé cloisfidh médéarfaidh tú béarfaidh tú beidh tú cloisfidh túdéarfaidh sé/sí béarfaidh sé/sí beidh sé/sí cloisfidh sé/sídéarfaimid béarfaimid beimid cloisfimiddéarfaidh sibh béarfaidh sibh beidh sibh cloisfidh sibhdéarfaidh siad béarfaidh siad beidh siad cloisfidh siad

déarfar béarfar beifear cloisfearní déarfaidh sé ní bhéarfaidh sé ní bheidh sé ní chloisfidh séan ndéarfaidh sé? an mbéarfaidh sé? an mbeidh sé? an gcloisfidh sé?

Page 7: Graiméar - Mentor Books · 2017-06-14 · 22 3 Caibidil 3 - An Aimsir Fháistineach Úsáideann tú an Aimsir Fháistineach nuair atá tú ag caint nó ag scríobh faoi rudaí a

2626

Graiméar don Mheánscoil

Déan Faigh Feic Ithdéanfaidh mé gheobhaidh mé feicfidh mé íosfaidh médéanfaidh tú gheobhaidh tú feicfidh tú íosfaidh túdéanfaidh sé/sí gheobhaidh sé/sí feicfidh sé/sí íosfaidh sé/sídéanfaimid gheobhaimid feicfimid íosfaimiddéanfaidh sibh gheobhaidh sibh feicfidh sibh íosfaidh sibhdéanfaidh siad gheobhaidh siad feicfidh siad íosfaidh siad

déanfar gheofar feicfear íosfarní dhéanfaimid ní bhfaighimid ní fheicfimid ní íosfaimidan ndéanfaimid? an bhfaighimid? an bhfeicfimid? an íosfaimid?

Tabhair Tar Téightabharfaidh mé tiocfaidh mé rachaidh métabharfaidh tú tiocfaidh tú rachaidh tútabharfaidh sé/sí tiocfaidh sé/sí rachaidh sé/sítabharfaimid tiocfaimid rachaimidtabharfaidh sibh tiocfaidh sibh rachaidh sibhtabharfaidh siad tiocfaidh siad rachaidh siad

tabharfar tiocfar rachfarní thabharfaidh tú ní thiocfaidh tú ní rachaidh túan dtabharfaidh tú? an dtiocfaidh tú? an rachaidh tú?

Page 8: Graiméar - Mentor Books · 2017-06-14 · 22 3 Caibidil 3 - An Aimsir Fháistineach Úsáideann tú an Aimsir Fháistineach nuair atá tú ag caint nó ag scríobh faoi rudaí a

2�

Leibhéal 1: CleachtaíA. Tá an cleachtadh seo bunaithe ar bhriathra sa Chéad Réimniú. Líon na bearnaí ag baint úsáide as na briathra seo a leanas.

Séidfi dh – An bhféachfaidh – Ní bhéicfi dh – Díolfaidh – An sciorrfaidh – Ní léifi dh – Cuirfi dh mé – Ní sciobfaidh – An gcuirfi dh – Ní chreidfi dh

1. ____________________ m’aintín a teach i gceann cúpla lá.2. ____________________ glaoch teileafóin ar mo chara níos déanaí.3. ____________________ an réiteoir an fheadóg agus tosóidh an cluiche.4. ____________________ mé an iris uafásach sin!5. ____________________ an carr ar an leac oighir anocht?6. ____________________ an múinteoir mar tá scornach thinn aici.7. ____________________ an príomhoide a cuid leithscéalta níos mó.8. ____________________ tú ar an gclár grinn sin anocht?9. ____________________ tú d’airgead póca i dtaisce sa bhanc?10. ____________________ éinne mo rothar mar cuirfi dh mé glas air.

B. Tá an cleachtadh seo bunaithe ar bhriathra atá sa Dara Réimniú.Scríobh amach na habairtí seo a leanas san Aimsir Fháistineach.1. (Deisigh) ____________________ mé an fhuinneog bhriste amárach.2. Ní (éirigh) ____________________ mé go luath amárach!3. (Críochnaigh sinn) ____________________ ár n-obair bhaile roimh a naoi a chlog.4. (Bailigh) ____________________ an múinteoir na ceachtanna amárach. 5. (Oibrigh) ____________________ mé sa ghairdín maidin amárach.6. (Airigh) ____________________ mé mo chairde scoile uaim sa samhradh.7. An (cuidigh) ____________________ tú liom sa chistin anocht?8. An (ceannaigh) ____________________ tú an dlúthdhiosca sin dom?9. Ní (scanraigh) ____________________ an scannán uafáis mé mar tá sé feicthe agam ceithre huaire.10. Ní (freagair) ____________________ mé na ceisteanna sin i mo chóipleabhar.

C. Tá an cleachtadh seo bunaithe ar Bhriathra Neamhrialta na Gaeilge san Aimsir Fháistineach.Ceap abairtí a mbeadh na briathra seo a leanas oiriúnach mar thús leo:Ní íosfaidh mé…/Feicfi dh sé…/Ní bheidh sibh…/An dtabharfaidh siad…?/Cloisfi dh tú …/Déarfaidh sí…/Tiocfaidh siad…/Déanfaimid…/Ní rachaimid…/Ní bhfaighidh tú…/An mbéarfaidh sí ar…?

3: An Aimsir Fháistineach

Page 9: Graiméar - Mentor Books · 2017-06-14 · 22 3 Caibidil 3 - An Aimsir Fháistineach Úsáideann tú an Aimsir Fháistineach nuair atá tú ag caint nó ag scríobh faoi rudaí a

2�2�

Leibhéal 2: CleachtaíA. Bhí tú ag caint le do chara faoin gcéad uair a bhuail tú leis an bpearsa spóirt is mó a bhfuil meas agat air. Seo mar a labhair tú.

Bhí átha s an domhain orm nuair a bhuail mé le Lionel Messi den chéad uair. Bhí mi se agus mo theaghlach ar saoire i mBarcelona agus thugamar cuairt ar an Nou Camp. Chuir mé mé féin in aithne dó tar éi s an chlui che in aghaidh Real Madrid agus d’iarr mé air mo gheansaí a shíniú.

Cuir an píosa thuas san Aimsir Fháistineach. Tosaigh mar seo: ‘Beidh áthas an domhain orm nuair a …’

B. Turas scoile go PárasSeo sceideal don turas scoile sin.

Bhí orainn a bheith bailithe le chéile os comhair na scoile ag a sé a chlog maidin Déardaoin. Tháinig an bus agus chuaigh sé caol díreach go dtí Aerfort na Sionainne. Réab an scairdeitleán síos an rúidbhealach ag a leath i ndiaidh a hocht agus bhaineamar Pára s amach go gairid ina dhiaidh sin. Bhreathnaíomar ar iontai sí na cathrach sin ar feadh trí lá.

Cuir an píosa thuas san Aimsir Fháistineach. Tosaigh mar seo: ‘Beidh orainn a bheith…’

C. Bhí scrúduithe an tsamhraidh thart faoi dheireadh! Bhí tú ag caint le do chara faoi na rudaí a bheadh á ndéanamh agat i rith an tsamhraidh.

Bhí átha s an domhain orm nuair a fuair mé mo laethanta saoire. Chaith mé na laethanta áille ag déanamh bolg le gréin go dtí go ndúradh liom teacht i steach. D’fhéach mé ar na sobaldrámaí go léir sula ndeachaigh mé a chodladh arí s!

Cuir an píosa thuas san Aimsir Fháistineach. Tosaigh mar seo: ‘Beidh áthas an domhain orm…’

Graiméar don Mheánscoil

Page 10: Graiméar - Mentor Books · 2017-06-14 · 22 3 Caibidil 3 - An Aimsir Fháistineach Úsáideann tú an Aimsir Fháistineach nuair atá tú ag caint nó ag scríobh faoi rudaí a

2�

Leibhéal 3: CleachtaíA. Aimsigh dhá shampla den Aimsir Fháistineach atá san alt thíos:Is buíon bheag iarstátairí iad na Elders. Tá leithéidí Nelson Mandela, Jimmy Carter, Graca Michel agus Li Zhaoxing ina mbaill den ghrúpa seo. Tá sé mar aidhm acu aird a tharraingt ar áit ar bith ar domhan ina bhfuil an tsíocháin agus cearta an duine i mbaol. Faoi láthair tá na Elders ag obair le George Mitchel, Mahmoud Abass, Tony Blair agus le daoine eile ag iarraidh cainteanna síochána a chur ar siúl idir na Palaistínigh agus Iosrael. Cibé rud a tharlóidh ansin, tá rud amháin cinnte: ní chuirfear Máire Mhic Róibín ina tost; ní scanrófar í; mura gcaitear go cóir leis na Palaistínigh cloisfidh an domhan mór faoi.(An Ardteistiméireacht, Ardleibhéal, 2011 - ‘Máire Mhic Róibín – Duine de Laochra na hÉireann’)

Dúshlán breise duit! Aimsigh sampla amháin den Urú atá san alt thuas. (Caibidil 9)

B. Aimsigh dhá shampla den Aimsir Fháistineach atá san alt thíos:Ní fada anois go mbeidh Cluichí Oilimpeacha 2012 ag tosú i gcathair Londan. Beidh daoine ar fud an domhain ag déanamh iontais de na heachtraí iontacha agus de na curiarrachtaí nua a bheidh mar chuid de na cluichí seo, agus á gcur i gcomórtas le scéalta ó na blianta éagsúla ó rinne Baron de Coubertin na cluichí a thosú athuair san Aithin sa bhliain 1896. Mar is iondúil, cuirfear spéis ar leith sa Pheantatlan agus sa Deacatlan, dhá chomórtas a meastar fúthu gurb iad croí agus anam na gcluichí iad.

(An Ardteistiméireacht, Ardleibhéal, 2012 - ‘Curadh Oilimpeach a Dearmadadh’)

Dúshlán breise duit! Aimsigh Réamhfhocal agus Forainm Réamhfhoclach atá san alt thuas. (Caibidil 11)

3: An Aimsir Fháistineach