34
Roinn na Gaeilge An Cúrsa Céime Aononóra sa Luath- agus Nua-Ghaeilge (TR022) Lámhleabhar Bhliain a 3 2015–2016 Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí & na gCultúr Dámh na nEalaíon, na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta

Seomra 4056 - Trinity College Dublin, the University … · Web viewlabhairt agus scríobh san aimsir chaite, san aimsir fháistineach agus sa mhodh choinníollach (na briathra uilig

  • Upload
    others

  • View
    4

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: Seomra 4056 - Trinity College Dublin, the University … · Web viewlabhairt agus scríobh san aimsir chaite, san aimsir fháistineach agus sa mhodh choinníollach (na briathra uilig

Roinn na Gaeilge

An Cúrsa Céime Aononóra sa Luath- agus Nua-Ghaeilge (TR022)

Lámhleabhar Bhliain a 32015–2016

Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí & na gCultúrDámh na nEalaíon, na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta

Page 2: Seomra 4056 - Trinity College Dublin, the University … · Web viewlabhairt agus scríobh san aimsir chaite, san aimsir fháistineach agus sa mhodh choinníollach (na briathra uilig

ROINN NA GAEILGE 2015-2016

FOIREANN NA ROINNE

Ollamh na Gaeilge Folamh

Ollamh na Luath-Ghaeilge agus Ceann Roinne Damian McManus Seomra 4056

Léachtóirí Máire Ní Bháin Seomra 4061An Dr. Jürgen Uhlich Seomra 4062An Dr. Eoin Mac Cárthaigh Seomra 4063An Dr. Pádraig de Paor Seomra 4059

Léachtóirí Páirtaimseartha Audrey Mhic Úid Seomra 4060

Teagascóirí Chantal Kobel Seomra 4060Feena TóibínPhilip McGillEoghan Ó Ceannabháin

Rúnaí Caoimhe ní Bhraonáin Seomra 4055

Gheobhaidh tú eolas iomlán faoi Roinn na Gaeilge agus faoinár gcúrsaí ó Rúnaí na Roinne idir 10.00 agus 13.00, Luan go hAoine. (Iarrtar ar mhic léinn gan teacht chun na hoifige ag lorg eolais srl. lasmuigh de na hamanna sin, ach ar uair na géarphráinne amháin). Tá eolas faoin Roinn le fáil freisin ar láthair Choláiste na Tríonóide ar an idirlíon: www.tcd.ie/Irish

Uimhir theileafóin Rúnaí na Roinne: (896)1450, r-Phost: [email protected]

I gcás ar bith nach mbeidh Rialacha Ginearálta an Bhoird do mhic léinn mar atá foilsithe i bhFéilire an Choláiste agus a bhfuil sa Lámhleabhar seo ag teacht le chéile, is ag na Rialacha Ginearálta a bheidh an ceannsmacht.

Tá leagan leictreonach den lámhleabhar seo ar fáil go leictreonach ach r-phost a chur chuig [email protected].

2

Page 3: Seomra 4056 - Trinity College Dublin, the University … · Web viewlabhairt agus scríobh san aimsir chaite, san aimsir fháistineach agus sa mhodh choinníollach (na briathra uilig

LUATH-GHAEILGECÚRSA AN TRÍÚ BLIAIN

AN CLÁR TEAGAISC

IR3407 Stair na Gaeilge & Meán-GhaeilgeLéachtóir: Jürgen Uhlich (Stair na Gaeilge)Léachtóir: Damian McManus (Meán-Ghaeilge)Fad an chúrsa: Bliain iomlán (2 u/ch sa tseachtain) Creidiúintí ECTS: 10Measúnú: 100% Scrúdú scríofa

Leabhair (St.G.): D. McManus A Guide to Ogam (Maynooth)K. McCone Towards a Relative Chronology of Ancient and Medieval

Celtic Sound Change (Maynooth)P. Russell An Introduction to the Celtic Languages (London/New York)

Leabhair (MG): Seachadadh clóscríofaK. McCone The Early Irish Verb

Torthaí Foghlama:(Stair na Gaeilge)

I ndiaidh don mhac léinn obair an mhodúil seo a dhéanamh i gceart, beidh sé ábalta ar cur síos mionchúiseach a dhéanamh ar struchtúr, ar fhorbairt agus ar

úsáid na haibítre Ogam aon inscríbhinn Ogam a dhátú go teangeolaíoch príomhthréimhsí i bhforbairt na Luath-Ghaeilge (an Ghaeilge

phrimitíveach, an Ghaeilge ársa, an Luath-SheanGhaeilge ach go háirithe) a shainmhíniú go cruinn mionchúiseach

cuntas a thabhairt ar na príomhchlaochluithe fóineolaíocha idir na tréimhsí sin

an t-eolas seo a chur i bhfeidhm ar fhocail ón Laidin sa tSean-Ghaeilge chun dáta na hiasachta a mheas

Torthaí Foghlama:(Meán-Ghaeilge)

I ndiaidh don mhac léinn obair an mhodúil seo a dhéanamh i gceart, beidh sé ábalta ar cuntas a thabhairt ar fhoinsí na Meán-Ghaeilge míniú a thabhairt ar an ‘Mheán-Ghaeilge’ a bheith ar fáil i lámhscríbhinní

ó thréimhse na Sean-Ghaeilge príomhfhorbairtí na Meán-Ghaeilge, ó thaobh na foineolaíochta agus na

hortagrafaíochta de, a mhíniú cur síos a dhéanamh ar ainmfhocal na Meán-Ghaeilge i gcodarsnacht leis

an ainmfhocal sa tSean-Ghaeilge cur síos a dhéanamh ar agus míniú a thabhairt ar an simpliú a dhéantar

sa Mheán-Ghaeilge ar chomhbhriathar na Sean-Ghaeilge

3

Page 4: Seomra 4056 - Trinity College Dublin, the University … · Web viewlabhairt agus scríobh san aimsir chaite, san aimsir fháistineach agus sa mhodh choinníollach (na briathra uilig

IR3403 Téacsanna Meán-GhaeilgeLéachtóir: Damian McManusFad an chúrsa: Téarma 2 (1 u/ch sa tseachtain ) Creidiúintí ECTS: 5Measúnú: 100% scrúdú scríofa NÓ

66% scrúdú scríofa agus 34% aiste

Leabhair: Seachadadh clóscríofaTorthaí Foghlama: I ndiaidh don mhac léinn obair an mhodúil seo a dhéanamh i gceart, beidh sé

ábalta ar téacsanna roghnaithe Meán-Ghaeilge a léamh agus a aistriú óna

mbunleaganacha sna lámhscríbhinní seachadadh téacsanna Meán-Ghaeilge ó thréimhsí éagsúla a chur i

gcomparáid lena chéile saintréithe na Meán-Ghaeilge a aithint agus cuntas a thabhairt orthu cóipeanna difriúla d’aon téacs amháin a chur i gcomparáid lena

chéile agus argóint a dhéanamh ar son eagráin chriticiúil áirithe amháin a roghnú

na scileanna anailíse a foghlaimíodh le linn na gcúrsaí eile a chur i bhfeidhm ar théacsanna Meán-Ghaeilge d’fhonn anailís, idir theangeolaíoch is liteartha, a sholáthar

IR3404 Filíocht na Sean-GhaeilgeLéachtóir: Jürgen UhlichFad an chúrsa: Téarma 1 (1 u/ch sa tseachtain ) Creidiúintí ECTS: 5Measúnú: 100% scrúdú scríofa NÓ

66% scrúdú scríofa agus 34% aiste

Leabhair: Seachadadh clóscríofaTorthaí Foghlama: I ndiaidh don mhac léinn obair an mhodúil seo a dhéanamh i gceart, beidh sé

ábalta ar filíocht shiollach na Sean-Ghaeilge a aistriú gan chabhair (meánleibhéal

deacrachta) anailís a dhéanamh ar mheadarachtaí siollacha na Luath-Ghaeilge (aiste

ríme, líon na siollaí, uaithne, aicill, uaim, rím inmheánach srl) leas a bhaint as torthaí na hanailíse ar mheadaracht chun dán a dhátú go

teangeolaíoch cuntas a thabhairt ar na critéir neamhtheangeolaíocha atá ann chun dán

a dhátú cuntas a thabhairt ar ábhar liteartha na filíochta faoi staidéar agus ar a

comhthéacs

4

Page 5: Seomra 4056 - Trinity College Dublin, the University … · Web viewlabhairt agus scríobh san aimsir chaite, san aimsir fháistineach agus sa mhodh choinníollach (na briathra uilig

IR3405 Prós EaglastaLéachtóir: Damian McManusFad an chúrsa: Téarma 1 (1 u/ch sa tseachtain) Creidiúintí ECTS: 5Measúnú: 100% scrúdú scríofa NÓ

66% scrúdú scríofa agus 34% aisteLeabhair: Seachadadh clóscríofaTorthaí Foghlama: I ndiaidh don mhac léinn obair an mhodúil seo a dhéanamh i gceart, beidh sé

ábalta ar na seánraí éagsúla den phrós eaglasta na seanlitríochta dúchais a

mhíniú agus a phlé príomhghnéithe na naomhbheathaisnéise a mhíniú téacsanna deacra próis eaglasta a aistriú óna mbunleagan faoi mar atá

siad sna lámhscríbhinní leaganacha éagsúla d’aon téacs amháin a chur i gcomparáid agus i

gcodarsnacht lena chéile agus argóint a dhéanamh chun roghnú aon eagráin chriticiúil áirithe amháin a chosaint

cuntas a thabhairt ar na bunchritéir teangeolaíochta chun téacs a dhátú cuntas a thabhairt ar ábhar liteartha agus ar chomhthéacs an téacs taighde neamhspleách a dhéanamh i réimse na critice téacsúla

IR3406 Scéalaíocht ShaoltaLéachtóir: Jürgen UhlichFad an chúrsa: Téarma 2 (1 u/ch sa tseachtain ) Creidiúintí ECTS: 5Measúnú: 100% scrúdú scríofa NÓ

66% scrúdú scríofa agus 34% aisteLeabhair: Rogha astu seo:

D. Greene Fingal Rónáin and Other Stories (DIAS)E. Knott Togail Bruidne Da Derga (repr.DIAS)T. Ó Cathasaigh The Heroic Biography of Cormac mac Airt (DIAS)M. Dillon ‘The Story of the Finding of Cashel’, Ériu 16 (1952)L. Nic Dhonnchadha Aided Muirchertaig Meic Erca (DIAS)D.A. Binchy Scéla Cano meic Gartnáin (DIAS)P. Ó Riain Cath Almaine (DIAS)C. O’Rahilly Táin Bó Cúailnge Recension I (DIAS)

Torthaí Foghlama: I ndiaidh don mhac léinn obair an mhodúil seo a dhéanamh i gceart, beidh sé ábalta ar

téacsanna próis sa Luath-Ghaeilge (meánleibhéal deacrachta) a aistriú óna mbunleaganacha sna lámhscríbhinní

leaganacha éagsúla d’aon téacs amháin a chur i gcomparáid agus i gcodarsnacht lena chéile agus argóint chosanta a dhéanamh chun an rogha ar aon eagráin chriticiúil áirithe amháin a úsáid

cuntas a thabhairt ar na critéir theangeolaíocha a úsáidtear chun téacs a dhátú

cuntas a thabhairt ar na critéir neamhtheangeolaíocha a úsáidtear chun téacs a dhátú

cuntas a thabhairt ar ábhar liteartha agus ar chomhthéacs an téacs taighde neamhspleách a dhéanamh i réimse na critice téacsúla

5

Page 6: Seomra 4056 - Trinity College Dublin, the University … · Web viewlabhairt agus scríobh san aimsir chaite, san aimsir fháistineach agus sa mhodh choinníollach (na briathra uilig

ACHOIMRE AR AN MEASÚNÚ:-Scrúduithe:Luath-Ghaeilge – Texts I (3 u/ch) IR3403 Téacsanna Meán-Ghaeilge*

IR3404 Filíocht na Sean-Ghaeilge*Luath-Ghaeilge – Texts II (3 u/ch) IR3405 Prós Eaglasta*

IR3406 Scéalaíocht Shaolta*Luath-Ghaeilge – History of the Language A (3 u/ch) (50% de) IR3407 (Stair na Teanga)Luath-Ghaeilge – History of the Language B (3 u/ch) (50% de) IR3407 (Meán-Ghaeilge)

Measúnú leanúnach:2 x Aiste (3,000 focal an ceann) (34% de) IR3403-6, pé dhá cheann a bhfuil

na haistí bunaithe orthu.

Tá an dá aiste (IR3403-6) le bheith istigh ar nó roimh an Mháirt i seachtain a 10 sa dara téarma – 22 Márta 2016.

* Cuirfear na marcanna ar an dá aiste san áireamh sna marcanna ar an dá mhodúl lena mbaineann siad. Bíonn luach 34% ag an aiste agus luach 66% ag an scrúdú sa dá mhodúl áirithe seo, ach luach 100% ag an scrúdú sna modúil eile nach ndéantar aiste iontu.

** Cuirfear an marc seo ón 3ú bliain sa Luath-Ghaeilge (as 250) leis an marc ón 3ú bliain sa Nua-Ghaeilge (as 250), le marc as 500 a thabhairt ar an 3ú bliain san iomlán. Cuirfear marc an 3ú bliain (as 500) le marc an 4ú bliain (as 500) le marc as 1,000 a thabhairt ar an gcéim san iomlán. Bronnfar marc as 750 ar an mór ábhar (an t-ábhar a leanann tú leis sa 4ú bliain) agus marc as 250 ar an mionábhar (an t-ábhar a gcríochnaíonn tú leis sa tríú bliain) sa chéim iomlán.

CUID DEN CHÉIM MARC AS…Bliain a 3

Mionábhar Mórábhar

500 250 250

Bliain a 4 Mórábhar

500 500

Céim Iomlán 1,000

6

Page 7: Seomra 4056 - Trinity College Dublin, the University … · Web viewlabhairt agus scríobh san aimsir chaite, san aimsir fháistineach agus sa mhodh choinníollach (na briathra uilig

NUA-GHAEILGECÚRSA AN TRÍÚ BLIAIN

AN CLÁR TEAGAISCNóta: Tá an modúl IR3448 éigeantach. Modúil roghnacha is ea an chuid eile. Ní mór do mhic léinn dhá mhodúl a roghnú as liosta Théarma 1 agus dhá mhodúl as liosta Théarma 2 (ceithre cinn sa iomlán).

Modúl Éigeantach:

IR3448 Teanga (Gaeilge & Gaidhlig)Léachtóirí: Máire Ní Bháin (Gaeilge - Téarma 1)

Eoin Mac Cárthaigh (Gaeilge & Gàidhlig - Téarma 2)Fad an chúrsa: Bliain iomlán:

1 u/ch Gaeilge sa tseachtain don bhliain ar fad agus 2 u/ch Gàidhlig sa tseachtain i dtéarma 2

Creidiúintí ECTS: 10

Measúnú: 35% scrúdú scríofa & 15% scrúdú béil sa Nua-Ghaeilge50% scrúdú scríofa sa Ghàidhlig

Leabhair (Gaeilge): T. de Bhaldraithe English-Irish DictionaryN. Ó Dónaill Foclóir Gaeilge-BéarlaGraiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí (Mac an Ghoill)

Leabhair (Gaidhlig): Seachadadh clóscríofaB. Robertson &I. Taylor

Gaelic: A complete course for beginners (Hodder & Stoughton)

Torthaí Foghlama(Gaeilge):

I ndiaidh don mhac léinn obair an mhodúil seo a bheith déanta go dílis díograiseach aige, is éard a bheidh curtha i gcrích aige (ag tógáil dó ar IR2027) ná

a scileanna scríbhneoireachta a bheith forbartha go mór sárthuiscint a bheith bainte amach aige ar an ghaol idir cuspóir

scríbhneora, a stíl agus a lucht léitheoireachta scileanna cumasacha aistriúcháin a bheith forbartha aige (Ó Bhéarla

go Gaeilge agus ó Ghaeilge go Béarla) tuiscint chríochnúil ar an aidiacht agus ar an mhír choibhneasta.

Torthaí Foghlama(Gaidhlig):

I ndiaidh don mhac léinn obair an mhodúil seo a bheith déanta go dílis díograiseach aige, beidh an mac léinn (ag tógáil dó ar IR2026) ábalta ar

na cosúlachtaí agus éagsúlachtaí idir Gaeilge na hÉireann agus Gaeilge na hAlban a aithint ag leibhéal níos doimhne

foghair agus fuaimeanna Ghaeilge na hAlban a thuiscint ar shlí níos leithne agus aithris a dhéanamh orthu ar shlí níos cumasaí

comhrá líofa go leor a bheith aige as Gaeilge na hAlban labhairt agus scríobh san aimsir chaite, san aimsir fháistineach agus sa

mhodh choinníollach (na briathra uilig idir rialta is neamhrialta) téacsaí níos dúshlánaí a léamh agus a thuiscint (litríocht agus saothar

iriseoireachta san áireamh) nuacht an raidió a thuiscint (le treoir).

7

Page 8: Seomra 4056 - Trinity College Dublin, the University … · Web viewlabhairt agus scríobh san aimsir chaite, san aimsir fháistineach agus sa mhodh choinníollach (na briathra uilig

Téarma 1 - Modúil Roghnacha (Roghnaigh 2 cheann):

IR4370 BéaloideasLéachtóir: Máire Ní Bháin (1 uair an chloig sa tseachtain )Fad an chúrsa: LEATHBHLIAIN 1 (M) Creidiúintí ECTS: 5Measúnú: 100% scrúdú NÓ

66% scrúdú agus 34% aisteLeabhair: Seachadadh clóscríofaTorthaí Foghlama: I ndiaidh don mhac léinn obair an mhodúil seo a bheith déanta go dílis

díograiseach aige, beidh sé (ag tógáil dó ar IR2024) ar an eolas faoin taighde scolártha i dtaobh fhorbairt an bhéaloidis in ann staidéar mionsonraitheach téamúil a dhéanamh ar an seanscéal

traidisiúnta eolach faoi nósanna traidisiunta na hÉireann faoi mar a léirítear iad sa

bhéaloideas eolach ar shaothar na mbailitheoirí móra tábhachtacha béaloidis eolach ar na slite éagsúla atá ann chun teacht ar fhoinsí béaloidis,

cartlann Choláiste na hOllscoile san áireamh

IR3484 An DírbheathaisnéisLéachtóir: Padraig de Paor (1 uair an chloig sa tseachtain )Fad an chúrsa: LEATHBHLIAIN 1 (M) Creidiúintí ECTS: 5Measúnú: 100% scrúdú NÓ

66% scrúdú agus 34% aisteLeabhair: Téacsanna a ainmneofar sa rang.Torthaí Foghlama: I ndiaidh don mhac léinn obair an mhodúil seo a bheith déanta go dílis

díograiseach aige: Beidh cur amach ag an mhac léinn ar shaothair thábhachtacha

dírbheathaisnéise na Gaeilge agus é in inmhe ar thaitneamh a thabhairt do na seodaibh seo;

labhairt go heolgaiseach agus go léannta ar na coinbhinsiúin agus ar na nósanna a bhaineann leis an seánra;

Beidh an mac léinn ábalta ar na ceisteanna coigilteacha seo a leanas a phlé go tomhaiste: Cad é an rud is dírbheathaisnéis Ghaeltachta ann? Cad é ról an eagarthóra sa dírbheathaisnéis Ghaeltachta? Cad é an luach liteartha atá leis an dírbheathaisnéis? Cén fáth a scríobhann daoine saothair dhírbheathaisnéise? Cad is ‘fírinne’ ann i gcás na dírbheathaisnéise?

Beidh an mac léinn ábalta tagairt a dhéanamh d’fhoinsí difriúla taighde agus leas a bhaint as sainfhoclóir an chriticis agus na léirmheastóireachta.

IR3485 An Fhilíocht ChomhaimsearthaLéachtóir: Pádraig de Paor (1 uair an chloig sa tseachtain )Fad an chúrsa: LEATHBHLIAIN 1 (M) Creidiúintí ECTS: 5Measúnú: 100% scrúdú NÓ

66% scrúdú agus 34% aisteLeabhair: Téacsanna a ainmneofar sa rang.Torthaí Foghlama: I ndiaidh don mhac léinn obair an mhodúil seo a bheith déanta go dílis

díograiseach aige, beidh sé, ag tógáil dó ar IR2021, ábalta ar saothar le filí éagsúla a mheas, a thuiscint agus a mhionléamh; taitneamh a thabhairt do roinnt dánta agus freagairt go híogair, go

tuisceanach, go neamhspleách agus go pearsanta dóibh i gcur i láthair ó bhéal agus in aiste scríofa

8

Page 9: Seomra 4056 - Trinity College Dublin, the University … · Web viewlabhairt agus scríobh san aimsir chaite, san aimsir fháistineach agus sa mhodh choinníollach (na briathra uilig

stíleanna, móitífeanna agus ciútaí liteartha a aithint agus a phlé dánta aonair a chur i gcomhthéacs an traidisiúin cuntas a thabhairt ar na príomhléamhanna a dhéantar ar nualitríocht

na Gaeilge sainfhoclóir an chriticis a ionramháil

IR4378 Ficsean na LinneLéachtóir: Pádraig de Paor (1 uair an chloig sa tseachtain )Fad an chúrsa: LEATHBHLIAIN 1 (M) Creidiúintí ECTS: 5Measúnú: 100% scrúdú NÓ

66% scrúdú agus 34% aisteLeabhair: Téacsanna a ainmneofar sa rang.Torthaí Foghlama: I ndiaidh don mhac léinn obair an mhodúil seo a bheith déanta go dílis

díograiseach aige, beidh sé ábalta, ag tógáil dó ar IR2052 ar mhionléamh a dhéanamh ar mhórthéacs nó ar mhórthéacsaí de chuid

nualitríocht na Gaeilge ón 20ú / 21ú céad labhairt go heolgaiseach agus go léannta ar na coinbhinsiúin agus ar

na nósanna a bhaineann le seánra áirithe amháin próis / nó le seánraí éagsúla próis

tagairt a dhéanamh d’fhoinsí difriúla taighde leas a bhaint as sainfhoclóir an chriticis agus na léirmheastóireachta tuiscint ar ionad an téacs / na dtéacsaí sa traidisiún cuntas a thabhairt ar na príomhléanna a dhéantar ar nualitríocht na

Gaeilge stíleanna, móitífeanna agus ciútaí liteartha a aithint agus a phlé ag

ardleibhéal

IR3492 Filíocht Ghaeilge na hAlbanLéachtóir: Eoin Mac Cárthaigh (1 uair an chloig sa tseachtain )Fad an chúrsa: LEATHBHLIAIN 1 3473 Creidiúintí ECTS: 5

Measúnú: 100% scrúdú NÓ66% scrúdú agus 34% aiste

Leabhair: Seachadadh clóscríofaTorthaí Foghlama: I ndiaidh don mhac léinn obair an mhodúil seo a bheith déanta go dílis

díograiseach aige, is éard a bheas sealbhaithe aige ná: beidh cur amach maith acu ar shaothar roinnt de na filí Gàidhlig is fearr le

céad bliain anuas, agus tuiscint ar leith ar dhánta ar leith; beidh tuiscint acu ar fhorbairt na nuafhilíochta sa Ghàidhlig agus ar na

príomhcheisteanna is cás leis na filí; beidh siad in ann an ceol a chloisteáil i ndánta na bhfilí seo agus iad a

léamh os ard ar bhealach a léiríonn sin; beidh siad in ann labhairt agus scríobh go muiníneach, tuisceanach ar na

nithe seo uile; beidh tuilleadh forbartha déanta acu ar a n-inniúlacht sa Ghàidhlig agus

ar a gcumas anailíse agus cumarsáide.

Téarma 2 - Modúil Roghnacha (Roghnaigh 2 cheann):

9

Page 10: Seomra 4056 - Trinity College Dublin, the University … · Web viewlabhairt agus scríobh san aimsir chaite, san aimsir fháistineach agus sa mhodh choinníollach (na briathra uilig

IR3491 Stair na GaeilgeLéachtóir: Damian McManus (1 uair an chloig sa tseachtain )Fad an chúrsa: LEATHBHLIAIN 2 (B) Creidiúintí ECTS: 5Measúnú: 100% scrúdú NÓ

66% scrúdú agus 34% aisteLeabhair: Seachadadh clóscríofaTorthaí Foghlama: I ndiaidh don mhac léinn obair an mhodúil seo a bheith déanta go dílis

díograiseach aige; beidh tuiscint mhaith acu ar chúlra Ind-Eorpach na Gaeilge beidh tuiscint mhaith acu ar an ngaol idir an Ghaeilge agus teangacha

Ceilteacha eile beidh cur amach acu ar fhorás na teanga ó na foinsí is sine go dtí tréimhse

na NuaGhaeilge beidh ar a gcumas Gaeilge an lae inniu a shuíomh ina chomhthéacs

stairiúil beidh tuiscint mhaith acu ar fhorás ainmneacha baiste agus sloinnte na

Gaeilge beidh forbairt déanta acu ar a gcuid scileanna taighde agus láithrithe trí

dhul i ngleic leis an ábhar seo

IR3489 Filíocht Aogáin Uí RathailleLéachtóir: Eoin Mac Cárthaigh (1 uair an chloig sa tseachtain )Fad an chúrsa: LEATHBHLIAIN 2 (B)3473 Creidiúintí ECTS: 5

Measúnú: 100% scrúdú NÓ66% scrúdú agus 34% aiste

Leabhair: Seachadadh clóscríofaTorthaí Foghlama: I ndiaidh don mhac léinn obair an mhodúil seo a bheith déanta go dílis

díograiseach aige, is éard a bheas sealbhaithe aige ná: beidh siad faoi dhraíocht ag saothar an fhile fhíorthábhachtaigh seo; beidh na scileanna teanga acu atá de dhíth chun a chuid filíochta a léamh

gan mórán dua; beidh tuiscint acu ar mheadarachtaí na ndánta agus ar an tslí len iad a

léamh os ard; beidh eolas acu ar bheathaisnéis an fhile agus ar chomhthéacs stairiúil a

chuid dánta; beidh ar a gcumas na príomhthéamaí agus na príomhíomhánna ina chuid

filíochta a aithint agus a phlé; beidh forbairt déanta acu ar a gcuid scileanna taighde agus láithrithe trí

dhul i ngleic leis an ábhar seo.

10

Page 11: Seomra 4056 - Trinity College Dublin, the University … · Web viewlabhairt agus scríobh san aimsir chaite, san aimsir fháistineach agus sa mhodh choinníollach (na briathra uilig

IR3486 Caoineadh Airt Uí LaoghaireLéachtóir: Eoin Mac Cárthaigh (1 uair an chloig sa tseachtain )Fad an chúrsa: LEATHBHLIAIN 2 (B)3473 Creidiúintí ECTS: 5

Measúnú: 100% scrúdú NÓ66% scrúdú agus 34% aiste

Leabhair: Seachadadh clóscríofaTorthaí Foghlama: I ndiaidh don mhac léinn obair an mhodúil seo a bheith déanta go dílis

díograiseach aige, beidh sé ábalta ar Na scileanna teanga atá de dhíth chun ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’ agus

véarsaíocht mhacasamhalach eile a léamh gan mórán dua Tuiscint ar mheadracht an dáin Eolas an-mhaith focal-ar-fhocal ar an dán féin Tuiscint chruinn ar an gcomhthéacs stairiúil inar cumadh an dán Tuiscint mhaith ar thraidisiún na caointeoireachta i gcoitinne An cumas chun na príomhthéamaí agus íomhánna a aithint agus a phlé Scileanna ginearálta teanga, scileanna taighde agus scileanna

láithrithe a bheith forbartha trí ghabháil i ngleic leis an ábhar seo.

IR3467 Dán DíreachLéachtóir: Damian McManus (1 uair an chloig sa tseachtain )Fad an chúrsa: LEATHBHLIAIN 2 (B)3473 Creidiúintí ECTS: 5

Measúnú: 100% scrúdú NÓ66% scrúdú agus 34% aiste

Leabhair: Seachadadh clóscríofaTorthaí Foghlama: I ndiaidh don mhac léinn obair an mhodúil seo a bheith déanta go dílis

díograiseach aige, beidh sé ábalta ar rogha dánta sa NuaGhaeilge Chlasaiceach a léamh agus a thuiscint meadarachtaí na ndánta leagtha síos a thuiscint agus a mhíniú saintréithe na Gaeilge Clasaicí a aithint agus a phlé tábhacht na hoiliúna i scoileanna na mbard do ghairm na filíocht sa

tréimhse a thuiscint, a mheas agus a phlé cuntas a thabhairt ar théamaí móra an dána dhírigh cur síos a dhéanamh ar nádúr an ghaoil idir an file agus a phátrúin dul i mbun eagarthóireachta ar théacs

_______________________________________

TEAGMHÁIL

Is an Dr. Pádraig de Paor an ball foirne teagmhála le haghaidh iníonacha/mac léinn na Nua-Ghaeilge sa tríú is sa cheathrú bliain.

11

Page 12: Seomra 4056 - Trinity College Dublin, the University … · Web viewlabhairt agus scríobh san aimsir chaite, san aimsir fháistineach agus sa mhodh choinníollach (na briathra uilig

DÁILEADH NA MARCANNA SA NUA-GHAEILGE

Measúnú Modú(i)l Creidiúintí ECTS

Scrúdú scríofa (3 u/ch)“Teanga: Gaeilge”

(35% de) IR3448 Teanga 3.5=3.5

Scrúdú scríofa (3 u/ch) “Teanga: Gàidhlig”

(50% de) IR3448 Teanga 5=5

Scrúdú scríofa (3 u/ch)“Roghanna I”

2 rogha as:IR3491 Stair na GaeilgeIR3489 Filíocht Aogáin Uí RathailleIR3486 Caoineadh Airt Uí LaoghaireIR3467 Dán Díreach

5555

=10Scrúdú scríofa (3 u/ch)“Roghanna II”

2 rogha as:IR4370 Litríocht an BhéaloidisIR3484 Prós na Linne: An DírbheathaisnéisIR4378 Ficsean GearrIR3485 An Fhilíocht ChomhaimsearthaIR3492 Filíocht Ghaeilge na hAlban

55555

=102 x Aiste(3,000 focal an ceann)

1 rogha as Téarma 1,1 rogha as Téarma 2.

*

Scrúdú Béil (c.10 nóim.) (15% de) IR3448 Teanga 1.5Iomlán** 30

* Cuirfear na marcanna ar an dá aiste san áireamh sna marcanna ar an dá mhodúl lena mbaineann siad. Bíonn luach 34% ag an aiste agus luach 66% ag an scrúdú sa dá mhodúl áirithe seo, ach luach 100% ag an scrúdú sna modúil eile nach ndéantar aiste iontu.

** Cuirfear an marc seo ón 3ú bliain sa Nua-Ghaeilge (mar mharc as 250) leis an marc ón 3ú bliain sa Luath-Ghaeilge nó ábhar eile MDÁ (as 250), le marc as 500 a thabhairt ar an 3ú bliain san iomlán. Cuirfear marc an 3ú bliain (as 500) le marc an 4ú bliain (as 500) le marc as 1,000 a thabhairt ar an gcéim san iomlán. Bronnfar marc as 750 ar an mór ábhar (an t-ábhar a leanann tú leis sa 4ú bliain) agus marc as 250 ar an mionábhar (an t-ábhar a gcríochnaíonn tú leis sa tríú bliain) sa chéim iomlán.

CUID DEN CHÉIM MARC AS…Bliain a 3

Mionábhar Mórábhar

500 250 250

Bliain a 4 Mórábhar

500 500

Céim Iomlán 1,000

12

Page 13: Seomra 4056 - Trinity College Dublin, the University … · Web viewlabhairt agus scríobh san aimsir chaite, san aimsir fháistineach agus sa mhodh choinníollach (na briathra uilig

NÓTAÍ TÁBHACHTACHA DO MHIC LÉINN SA TRÍÚ BLIAIN

a. FREASTAL

Ní mór do mhic léinn freastal ar léachtaí agus ar ranganna an chúrsa, agus ceachtanna agus aistí an chúrsa a scríobh. Má bhíonn siad faillíoch, féadtar é sin a thuairisciú don Léachtóir Sinsearach, agus má dhéantar é sin ag deireadh an chéad dá théarma sa bhliain chéanna, féadann an Léachtóir Sinsearach cead a dhiúltú dóibh na scrúduithe cinn bhliana a sheasamh. Ní mór do gach mac léinn freastal ar, ar a laghad, dhá dtrian de na léachtaí agus na ranganna in aon mhodúil ar leith, agus dhá dtrian den obair scríofa a bhaineann le haon mhodúl a dhéanamh leis na pointí creidmheasa a bhaint amach don chúrsa agus le nach measfar an iníon / mac léinn a bheith faillíoch.

b. MIONÁBHAR & MÓRÁBHAR

Roimh an lá deiridh teagaisc de Théarma na Féile Michíl (Téarma 1), ní mór do mhic léinn a chur in iúl do Cheann Roinn na Gaeilge cé acu ábhar ar mian leo leanúint leis mar mhórábhar sa 4ú bliain: an Nua-Ghaeilge nó an Luath-Ghaeilge, nó ábhar eile MDÁ.

Faoi dheireadh Théarma na Féile Bríde (Téarma 2), ní mór do mhic léinn a bhfuil rogha den Nua-Ghaeilge sa cheathrú bliain déanta acu, na haonaid ar mian leo staidéar a dhéanamh orthu sa cheathrú bliain a chur in iúl do Cheann Roinn na Gaeilge. Ní mór dhá aonad a roghnú as an liosta do Théarma 1 agus dhá cheann as an liosta do Théarma 2. Cuirfear sonraí na modúl ar fáil cúpla seachtain roimh an sprioc.

c. TEANGEOLAÍOCHT:

Ní bhíonn ar na mic léinn a roghnaíonn an teangeolaíochta ach aiste amháin a dhéanamh sa 3ú bliain, agus bíonn siad saor ó leath-pháipéar ‘Roghanna’ amháin (saor ó pé modúl a bhí mar mhalairt ar an teangeolaíocht).

d. AISTÍ

Beidh ar na mic léinn 2 aiste (faoi bhun 3000 focal in gach ceann acu), a scríobh i rith na bliana. Tá an chéad aiste bunaithe ar na hábhair sa chéad téarma, agus tá an dara aiste bunaithe ar na hábhair sa dara téarma. Moltar na haistí bunaithe ar an gcéad téarma a thabhairt isteach chomh luath i ndiaidh dheireadh an téarma sin agus is acmhainn daoibh. Ach tá na haistí ar fad le bheith istigh ar nó roimh an 22 Márta 2016.

Gearrfar pionós 5% in aghaidh na seachtaine i ndiaidh an spriocdháta agus ní ghlacfar le haiste tar éis Aoine seachtain 12 i gceachtar den dá théarma gan cead speisialta ón gCeann Roinne. Ní mór don mhac / iníon léinn an aiste a thabhairt don Rúnaí agus foirm oifigiúil ceangailte leis. Ní féidir na haistí seo a thabhairt ar ais do na mic léinn faoin ghnáth sprioc toisc gur cuid den chéim iad agus nach mór don scrúdaitheoir seachtrach a bheith in ann iad a scrúdú ag scrúduithe an tsamhraidh.

13

Page 14: Seomra 4056 - Trinity College Dublin, the University … · Web viewlabhairt agus scríobh san aimsir chaite, san aimsir fháistineach agus sa mhodh choinníollach (na briathra uilig

Aistí – treoir ghinearálta:

Ní mór d’aistí a bheith slachtmhar agus soléite, bídís clóscríofa nó lámhscríofa. Má táthar ag clóscríobh bíodh spásáil 1.5 no 2 idir na línte; i gcás aistí lámhscríofa fágtar líne ghlan idir gach dá líne. Fágtar dóthain spáis sna himill le haghaidh nótaí srl.

Bíodh argóint leanúnach san aiste agus tús, lár agus deireadh leis an argóint sin. Abair ag an tús cén dearcadh atá agat nó mínigh go cruinn cad tá fút a dhéanamh. Bain úsáid as tagairtí do bhuntéacsanna / sleachta astu le cur ar son na hargóna; bain úsáid as aistriúcháin ar na sleachta sin más gá. Scríobh conclúid ag an deireadh.

Tabhair tagairtí (i bhfonótaí, nó i nótaí deiridh nó idir lúibíní i dtéacs na haiste féin). Bíodh leabharliosta ag deireadh na haiste le tagairtí in ord aibítre de réir shloinnte na n-údar.

Ní miste úsáid a bhaint as tuairimí scoláirí eile má thugann tú le fios go bhfuil sé sin á dhéanamh agat agus má chuireann tú tagairtí ar fáil; is iad do thuairimí féin is tábhachtaí sa mheasúnú, áfach. Ná fág athfhriotail ina ndílleachtaí uaigneacha i lár théacs na haiste; abair rud éigin fúthu agus figh isteach in argóint na haiste iad. Ná déan bradaíl (féach thíos).

Tagairtí: An córas is fearr ná ‘sloinne + dáta + leathanach’ agus na sonraí a chur ar fáil sa leabharliosta ag deireadh na haiste. Seo sampla dá leithéid:

Mar seo a leanas a mhíníonn Aisling Ní Dhonnchadha an forás sin sa ghearrscéal Gaeilge: ‘Blah, blah, blah’, (Ní Dhonnchadha, 1981, 135-6).

Sa liosta leabhar ag deireadh na haiste, bíodh sé, i gcás leabhair, mar seo :Ní Dhonnchadha, A. (1981): An Gearrscéal sa Ghaeilge.

Agus i gcás ailt acadúil i leabhar:Ó Háinle, C (1978): ‘Gnéithe d’ealaín Phádraic Uí Chonaire’, Promhadh Pinn (lgh. 22 – 31).

Achoimre ar an measúnú ar aistí:

Téis Taighde Argóint Cur i láthairCéad

onórachasmaointeoireacht nua,

forbartha go maith

foinsí príomhúla, éagsúlacht foinsí,

foinsí cuí

dea-eagraithe,conclúid

stíl shoiléir,gan aon bhotúin chló

Dara onóracha

forbartha go maith foinsí tánaisteacha,éagsúlacht

eagraithe,gan aon chonclúid

gá le cúram ó thaobh stíle, comhréire

Pas / Tríú onóracha

Doiléir gan ach foinse nó dhó measartha eagraithe easpa cúraim tríd síos

Teip gan téis a bheith ann éadomhain mí-eagraithe laigí substaintiúla

14

Page 15: Seomra 4056 - Trinity College Dublin, the University … · Web viewlabhairt agus scríobh san aimsir chaite, san aimsir fháistineach agus sa mhodh choinníollach (na briathra uilig

e. BRADAÍL LITEARTHA

Moltar do gach mac/iníon léinn polasaí na hOllscoile i dtaobh Bhradaíl Liteartha (“Plagiarism”) a léamh go cúramach. Gheofar an polasaí sin i bhFéilire na hOllscoile (The University of Dublin Calendar 2015-2016, General Regulations and Information, cóip de na leathanaigh cuí thíos). Is éard is bradaíl liteartha / scoláireachta ann, saothar nó tuairimí duine eile (mac léinn nó scoláire) a chur faoi bhráid na hOllscoile mar shaothar/thuairimí de do chuid féin (.i. gan foinse an tsaothair/na dtuairimí sin a lua, is gan aitheantas cuí a thabhairt don té ar leis/léi iad). Ní mór do Roinn na Gaeilge rialacha na hOllscoile a chur i bhfeidhm i gcás mar sin.Tá an cúrsa ar líne ‘Ready Steady, Write’ le comhlíonadh ag gach mac léinn agus beidh dearbhú ina leith sin le síniú ag gach mac léinn agus obair scríofa á cur isteach acu (ar fáil ag http://tcd-ie.libguides.com/plagiarism/ready-steady-write).

f. GRÁID:

I 70%-100% freagra/aiste den chéad scothII.1 60%-69% freagra/aiste an-mhaithII.2 50%-59% freagra/aiste mhaithIII 40%-49% freagra/aiste shásúil

F1 30%-39% freagra/aiste mhíshásúil (teip)F2 0%-29% freagra/aiste an-lag (teip)

Is iad seo a leanas na critéir a chuirtear san áireamh sa mheasúnú:

Aiste: feabhas na n-argóintí, cur i láthair (féach thíos), leithne léitheoireachta, cruinneas teanga, líofacht stíle, saibhreas foclóra, cruinneas litrithe.

Aistriúchán: dílseacht don bhuntéacs, cruinneas teanga, líofacht stíle, saibhreas foclóra, cruinneas litrithe.

Anailís: cruinneas na hanailíse, saibhreas sonraí; an anailís a bheith ag teacht leis an aistriúchán.

g. CÚITEAMH

Chun pas a fháil sa tríú bhliain ní mór, i dtosach, do gach mac léinn pasmharc (40%+) a fháil sa dá ábhar (Nua-Ghaeilge ), agus 60 creidiúint a thuilleamh (30 creidiúint sa Nua-Ghaeilge, 30 creidiúint san ábhar eile).

Bíonn 5, 10 nó 20 creidiúint ceangailte le modúl; gheofar na sonraí sa chlár teagaisc thuas. Tuilleann tú na creidiúintí má dhéanann tú freastal sásúil ar na ranganna a bhaineann leis na modúil chomh maith leis an obair ar fad a ghabhann leo (ceachtanna, aistí, srl.) a dhéanamh, agus pas a fháil sna scrúduithe.

Ní mór duit pasmharc (40%+) a fháil sna modúil ar fad sa dá ábhar ach is féidir cúiteamh a dhéanamh i gcás go mbeadh pasmharc (40%+) agat sa dá ábhar, comhdhéanta as pas (40%+) i modúil dar luach 20 creidiúint, agus 30-39% i modúil eile dar luach 10 gcreidiúint (in gach ábhar).

15

Page 16: Seomra 4056 - Trinity College Dublin, the University … · Web viewlabhairt agus scríobh san aimsir chaite, san aimsir fháistineach agus sa mhodh choinníollach (na briathra uilig

Ní cheadófar cúiteamh i gcás go dteipfeadh duine sa mhodúl IR3448 Teanga: Gaeilge & Gàidhlig.

Níl aon athscrúdú sa tríú bliain.

Eolas faoi chúiteamh mar atá leagtha síos i bhféilire an Choláiste

To pass the Junior Sophister year (moderatorship examination, part I), students must achieve an overall credit-weighted average mark in each component and accumulate 60 credits by (a) passing all modules outright or (b) passing by compensation. To pass by compensation students must achieve a credit-weighted average mark of at least 40 per cent (grade III) in each component, pass outright modules totalling at least 20 credits in each component, and achieve a mark of at least 30 per cent in any failed module(s). The designation of certain modules or module components as non-compensatable may reduce the level of compensation permitted. There are no supplemental examinations in the Junior Sophister year. ‘component’ = ábhar (Luath-Ghaeilge nó Nua-Ghaeilge)‘module component’ = cuid den mheasúnú; aiste, scrúdú, scrúdú béil, srl.

h. DUAISEANNA

(i) Duais an Leas-Seansailéara: bronntar duais (nach fiú níos mó ná €80 an ceann iad) ar an té is fearr aiste a scríobh agus ar an té is fearr dán a chumadh ar theidil a fhoilseofar ag tús na bliana acadúla. Ní mór na hiarrachtaí a chur chuig an Léachtóir Sinsearach roimh 1 Nollaig, 2015.

(ii) Duais Chuimhneacháin Ferguson: Bronntar an duais seo (ar fiú €1,270 í) ar an té is fearr aiste taighde a scríobh ar ghné de fhorbairt na Gaeilge nó ar fhoinsí litríochta na Gaeilge, nó is fearr téacs a chur in eagar. Gach tríú bliain a bhronntar an duais seo agus is i 2017 a bhronnfar í den chéad uair eile.

16

Page 17: Seomra 4056 - Trinity College Dublin, the University … · Web viewlabhairt agus scríobh san aimsir chaite, san aimsir fháistineach agus sa mhodh choinníollach (na briathra uilig

NÓTAÍ EILE DO MHIC LÉINN I ROINN NA GAEILGE

Foinsí úsáideacha: Acadúil

An Leabharlann – féach www.tcd.ie/library le teacht ar an gcatalóg www.focal.ie – foclóir téarmaíochta ar-líne, foinse maith do théarmaí nua-aoiseacha, ach

bheadh gá le Ó Dónaill / de Bhaldraithe don ghnáth-fhoclóir laethúil (www.focloir.ie). WinGléacht / Niall Ó Dónaill – leagan leictreonach den bhfoclóir, le treoir ar an ngramadach

(briathra sna haimsirí éagsúla, ainmfhocail sa tuiseal ginideach uatha / iolra, srl.) www.dil.ie eDil – Dictionary of the Irish Language, leagan in chuardaigh ar-líne, úsáideach do

lucht na Luath-Ghaeilge go háirithe. Gaeilge na hAlban: Féach www.smo.uhi.ac.uk agus www.bbc.co.uk/scotland/alba le teacht ar

ábhar bhreise.

Foinsí Úsáideacha: Saol an Choláiste

Do thiúitéir: Is é/í do thiúitéir nó d’oide an nasc idir tú agus oifigí an Choláiste. Má bhíonn nótaí tinnis agat, fadhbanna pearsanta nó fadhbanna acadúla, cuirfidh an tiúitéir tacaíocht ar fáil duit ar bhonn rúnda. Féach www.tcd.ie/Senior_Tutor/your_tutor le teacht ar thuilleadh eolais.

Comhairleoireacht: Tá comhairleoirí ar fáil sa Choláiste le cuidiú le mic léinn ar bhealaí éagsúla, nuair a bhíonn deacrachtaí pearsanta nó deacrachtaí acadúla acu. Féach www.tcd.ie/Student_Counselling le teacht ar thuilleadh eolais. Agus féach http://student2student.tcd.ie/ le treoir níos ginearálta a fháil ó mhic léinn eile sa choláiste. Pléann an dá dhream seo le réimse leathan ábhar; strus, aistí a scríobh (in am!), lionn dubh, nótaí a ghlacadh, srl.

Seirbhísí do mhic léinn le míchumais: Cuireann an oifig seo tacaíocht agus réimse seirbhísí ar fáil do mhic léinn a bhfuil míchumas de chineál ar bith acu, agus dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí foghlama acu. Féach an suíomh www.tcd.ie/disability/ le teacht ar eolas eile.

Oifig Treoirghairme: Tá píosa ar leith thall faoin oifig seo. Is í Orlaith Tunney an príomhdhuine a bhíonn ag plé le mic léinn i Roinn na Gaeilge. Féach www.tcd.ie/careers/ le teacht ar aon eolas eile.

Aontas na Mac Léinn: Cuireann Aontas na Mac Léinn réimse seirbhísí ar fáil, idir seirbhísí leasa an mhic léinn agus cúrsaí siamsaíochta. Féach www.tcdsu.org.

An Cumann Gaelach: Eagraíonn an Cumann céilithe, grúpaí amhránaíochta, ranganna rince seite, bunranganna Gaeilge d’eachtrannaigh, deirí seachtaine as baile agus Féile mhór na hÉigse. Féachwww.cumann.ie

Oifig na Gaeilge: Tá Oifig na Gaeilge ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa Choláiste, i measc na foirne agus i measc na mac léinn. Cuireann an Oifig seirbhísí agus eolas ar fáil do phobal an Choláiste – scéimeanna cónaithe Gaeilge na mac léinn ina measc. www.tcd.ie/gaeloifig

17

Page 18: Seomra 4056 - Trinity College Dublin, the University … · Web viewlabhairt agus scríobh san aimsir chaite, san aimsir fháistineach agus sa mhodh choinníollach (na briathra uilig

Careers Advisory Service

TCD Careers Advisory Service helps students and recent graduates of the College make an implement informed decisions about their future.

Useful information and advice is available on www.tcd.ie/Careers and in the Careers Library, East Chapel, Front Square.

- The Guide : Get started by reading the Trinity Careers Service Guide available in the Careers Library.

- Guidance Software : Two electronic guidance software programmes that we suggest you try are Prospects Planner and Pathfinder, both are available on the College PC network and in the Careers Library. These will help you to reflect on yourself and suggest career areas for investigation.

- Contacts database : A new alumni contact database has been launched and is available in the Careers Library.

- Face to face guidance : Staff are available to answer quick queries and to provide career counselling.

Details of all services can be found at www.tcd.ie/Careers.

Contact us at:Careers Advisory Service

East Chapel, Trinity College, Dublin 2, [email protected]

Céard is brí le ECTS?

The European Credit Transfer and Accumulation System (ECTS) is an academic credit system based on the estimated student workload required to achieve the objectives of a module or programme of study. It is designed to enable academic recognition for periods of study, to facilitate student mobility and credit accumulation and transfer. The ECTS is the recommended credit system for higher education in Ireland and across the European Higher Education Area.

The ECTS weighting for a module is a measure of the student input or workload required for that module, based on factors such as the number of contact hours, the number and length of written or verbally presented assessment exercises, class preparation and private study time, laboratory classes, examinations, clinical attendance, professional training placements, and so on as appropriate. There is no intrinsic relationship between the credit volume of a module and its level of difficulty.

The European norm for full-time study over one academic year is 60 credits. The Trinity academic year is 40 weeks from the start of Michaelmas Term to the end of the annual examination period 1 ECTS credit represents 20-25 hours estimated student input, so a 10-credit module will be designed to require 200-250 hours of student input including class contact time and assessments.

ECTS credits are awarded to a student only upon successful completion of the course year . Progression from one year to the next is determined by the course regulations. Students who fail a year of their course will not obtain credit for that year even if they have passed certain component courses. Exceptions to this rule are one-year and part-year visiting students, who are awarded credit for individual modules successfully completed.

18

Page 19: Seomra 4056 - Trinity College Dublin, the University … · Web viewlabhairt agus scríobh san aimsir chaite, san aimsir fháistineach agus sa mhodh choinníollach (na briathra uilig

Eolas faoi ‘Bhradaíl Liteartha’faoi mar atá leagtha síos i bhFéilire an Choláiste

Calendar Statement on Plagiarism for Undergraduates - Part II, 82-91Plagiarism

82 General It is clearly understood that all members of the academic community use and build on the work and ideas of others. It is commonly accepted also, however, that we build on the work and ideas of others in an open and explicit manner, and with due acknowledgement. Plagiarism is the act of presenting the work or ideas of others as one’s own, without due acknowledgement. Plagiarism can arise from deliberate actions and also through careless thinking and/or methodology. The offence lies not in the attitude or intention of the perpetrator, but in the action and in its consequences. It is the responsibility of the author of any work to ensure that he/she does not commit plagiarism. Plagiarism is considered to be academically fraudulent, and an offence against academic integrity that is subject to the disciplinary procedures of the University.

83 Examples of Plagiarism Plagiarism can arise from actions such as:(a) copying another student’s work;(b) enlisting another person or persons to complete an assignment on the student’s behalf;(c) procuring, whether with payment or otherwise, the work or ideas of another;(d) quoting directly, without acknowledgement, from books, articles or other sources, either in printed, recorded or electronic format, including websites and social media;(e) paraphrasing, without acknowledgement, the writings of other authors. Examples (d) and (e) in particular can arise through careless thinking and/or methodology where students: (i) fail to distinguish between their own ideas and those of others; (ii) fail to take proper notes during preliminary research and therefore lose track of the sources from which the notes were drawn; (iii) fail to distinguish between information which needs no acknowledgement because it is firmly in the public domain, and information which might be widely known, but which nevertheless requires some sort of acknowledgement; (iv) come across a distinctive methodology or idea and fail to record its source. All the above serve only as examples and are not exhaustive.

84 Plagiarism in the context of group work Students should normally submit work done in co-operation with other students only when it is done with the full knowledge and permission of the lecturer concerned. Without this, submitting work which is the product of collusion with other students may be considered to be plagiarism. When work is submitted as the result of a group project, it is the responsibility of all students in the group to ensure, so far as is possible, that no work submitted by the group is plagiarised.

85 Self plagiarism No work can normally be submitted for more than one assessment for credit. Resubmitting the same work for more than one assessment for credit is normally considered self-plagiarism.

86 Avoiding plagiarism Students should ensure the integrity of their work by seeking advice from their lecturers, tutor or supervisor on avoiding plagiarism. All schools and departments must include, in their handbooks or other literature given to students, guidelines on the appropriate methodology for the kind of work that students will be expected to undertake. In addition, a general set of guidelines for students on avoiding plagiarism is available on http://tcd-ie.libguides.com/plagiarism.

87 If plagiarism as referred to in §82 above is suspected, in the first instance, the Director of Teaching and Learning (Undergraduate), or their designate, will write to the student, and the student’s tutor advising them of the concerns raised. The student and tutor (as an alternative to the tutor, students may nominate a representative from the Students’ Union) will be invited to attend an informal meeting with the Director of Teaching and Learning (Undergraduate), or their designate, and the lecturer concerned, in order to put their suspicions to the student and

19

Page 20: Seomra 4056 - Trinity College Dublin, the University … · Web viewlabhairt agus scríobh san aimsir chaite, san aimsir fháistineach agus sa mhodh choinníollach (na briathra uilig

give the student the opportunity to respond. The student will be requested to respond in writing stating his/her agreement to attend such a meeting and confirming on which of the suggested dates and times it will be possible for them to attend. If the student does not in this manner agree to attend such a meeting, the Director of Teaching and Learning (Undergraduate), or designate, may refer the case directly to the Junior Dean, who will interview the student and may implement the procedures as referred to under conduct and college regulations §2.

88 If the Director of Teaching and Learning (Undergraduate), or designate, forms the view that plagiarism has taken place, he/she must decide if the offence can be dealt with under the summary procedure set out below. In order for this summary procedure to be followed, all parties attending the informal meeting as noted in §87 above must state their agreement in writing to the Director of Teaching and Learning (Undergraduate), or designate. If the facts of the case are in dispute, or if the Director of Teaching and Learning (Undergraduate), or designate, feels that the penalties provided for under the summary procedure below are inappropriate given the circumstances of the case, he/she will refer the case directly to the Junior Dean, who will interview the student and may implement the procedures as referred to under conduct and college regulations §2.

89 If the offence can be dealt with under the summary procedure, the Director of Teaching and Learning (Undergraduate), or designate, will recommend one of the following penalties:(a) Level 1: Student receives an informal verbal warning. The piece of work in question is inadmissible. The student is required to rephrase and correctly reference all plagiarised elements. Other content should not be altered. The resubmitted work will be assessed and marked without penalty;(b) Level 2: Student receives a formal written warning. The piece of work in question is inadmissable. The student is required to rephrase and correctly reference all plagiarised elements. Other content should not be altered. The resubmitted work will receive a reduced or capped mark depending on the seriousness/extent of plagiarism;(c) Level 3: Student receives a formal written warning. The piece of work in question is inadmissible. There is no opportunity for resubmission.

90 Provided that the appropriate procedure has been followed and all parties in §87 above are in agreement with the proposed penalty, the Director of Teaching and Learning (Undergraduate) should in the case of a Level 1 offence, inform the course director and where appropriate the course office. In the case of a Level 2 or Level 3 offence, the Senior Lecturer must be notified and requested to approve the recommended penalty. The Senior Lecturer will inform the Junior Dean accordingly. The Junior Dean may nevertheless implement the procedures as referred to under conduct and college regulations §2.

91 If the case cannot normally be dealt with under the summary procedures, it is deemed to be a Level 4 offence and will be referred directly to the Junior Dean. Nothing provided for under the summary procedure diminishes or prejudices the disciplinary powers of the Junior Dean under the 2010 Consolidated Statutes.

20